|
30.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 166/50 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1324 ÓN gCOMHAIRLE
An 29 Meitheamh 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (1) socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna a shocraítear le Rialachán (AE) 2023/194, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear ag nialas an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de Choiste Iascaigh an Atlantaigh Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach le haghaidh an stoic sin ar bhonn na comhairle eolaíche sin, ba cheart TAC sealadach a bhunú ar leibhéal 4 564 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin do ghabhálacha an stoic sin sa tríú ráithe de 2022. |
|
(3) |
An 12 Bealtaine 2023, bhí comhairliúcháin ag an Aontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua maidir le leibhéal na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin (Sprattus sprattus) i bhfolimistéar 4 agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024; chomh maith le leibhéal na TACanna le haghaidh an tsaláin don tréimhse sin in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe d’fholimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES. Rinneadh na comhairliúcháin sin ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 4 Bealtaine 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, na TACanna sin a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua. |
|
(4) |
An 4 Bealtaine 2023, bhí comhairliúcháin ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal an TAC le haghaidh an tsaláin in uiscí an Aontais agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i ranna 7d agus 7e ICES don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Rinneadh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagail 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (2) agus ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 27 Aibreán 2023. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC sin a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe. |
|
(5) |
Ós rud é, i ndáil le roinnt stoc, go bhfuil a mbithmhais faoi bhun an phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (‘Blim’) nó nach sainíonn ICES pointí tagartha caomhnaithe ach go moltar gabhálacha nialasacha nó an t-iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí, ba cheart toirmeasc a chur ar an tsolúbthacht ó bhliain go bliain de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (3) in 2023. |
|
(6) |
Maidir leis na cóid le haghaidh roinnt coinníollacha maidir le cuótaí na hIorua faoi TACanna a áirítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194, lena mbunaítear na limistéir ina bhféadfaidh an Iorua na cainníochtaí atá ar fáil di a iascach, tá siad in easnamh nó tá siad mícheart.Dá bhrí sin ba cheart Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. |
|
(7) |
Le hAirteagail 15 agus 17 de Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear toirmeasc ar aon siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) nó aon síodsiorc (Carcharhinus falciformis) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a stóráil ar shoitheach iascaireachta nó a thabhairt i dtír ina iomláine nó i bpáirt sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (WCPFC). Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, is iomchuí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh. |
|
(8) |
De bhun roinnt moltaí arna ndéanamh ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), féadfaidh an tAontas, arna iarraidh sin, céatadán den chuóta stoc atá aige nár úsáideadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thabhairt ar aghaidh ón mbliain leathdhéanach nó ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith, de réir rialacha maidir le gach stoc de chuid ICCAT arna leagan síos ag ICCAT. Le Rialachán (AE) 2022/109 agus Rialachán 2023/194 (AE) ón gComhairle (5), socraítear cuótaí an Aontais le haghaidh stoic ICCAT le haghaidh 2022 agus 2023 faoi seach i gcomhréir leis an toradh ar chruinniú bliantúil ICCAT na bliana roimhe sin, ina gcuirtear san áireamh cuótaí an Aontais nár úsáideadh agus a tugadh anonn, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart go bhféadfaí na cuótaí sin a tugadh anonn a chomhcheangal leis na haistrithe cuótaí faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ba cheart úsáid na n-aistrithe sin a thoirmeasc sa tréimhse sin. |
|
(9) |
Tharchuir cúig Bhallstát modhnuithe ar a bpleananna bainistíochta feirmeoireachta chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Bunaithe ar na modhnuithe sin, chuir an Coimisiún plean bainistithe feirmeoireachta modhnaithe an Aontais le haghaidh 2023 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT an 9 Bealtaine 2023 agus d’fhoilsigh ICCAT na modhnuithe sin ar phlean sin an Aontais an 11 Bealtaine 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, uas-ionchur agus uasacmhainn feirmeoireachta an Aontais a leasú i gcomhréir leis na modhnuithe sin. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2023/194 agus (AE) 2022/109 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht an 1 Iúil 2023 agus ina dhiaidh sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill. |
|
(12) |
Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo lena leasaítear forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2023/194 ón 1 Eanáir 2023, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe agus an tsaláin agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh ón 1 Iúil 2023. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le ICCAT agus lena leasaítear forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/109 ón 1 Eanáir 2022, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, ós rud é go méadaítear na deiseanna iascaireachta lena mbaineann leis na leasuithe sin nó nár aistríodh na cainníochtaí ábhartha go fóill faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:
|
(a) |
scriostar Airteagal 45; |
|
(b) |
leasaítear Iarscríbhinní IA agus ID i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109
Leasaítear Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin:
|
(a) |
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2022; |
|
(b) |
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (a) ón 1 Iúil 2023; |
|
(c) |
In Iarscríbhinn I, beidh feidhm pointe 1, fophointí (a) agus (b) ón 1 Iúil 2023. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
(2) An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(4) Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 276, 26.10.2022, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn IA:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn ID, sna táblaí i gcomhair an mhéid seo a leanas: (i) an tuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinnín colgach an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) an colgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) an colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach: ‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’. |
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:
|
‘6. |
Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma le haghaidh gach Ballstáit agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhfar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir Tábla A
Tábla B
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109, sna táblaí i gcomhair an mhéid seo a leanas: (i) tuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinnín colgach an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) an colgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) an colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach:
‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’.