30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/6


RIALACHÁN (AE) 2023/1322 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘EMCDDA’) le Rialachán (CEE) Uimh. 302/93 ón gComhairle (3). Athmhúnlaíodh an Rialachán sin in 2006 le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

Bunaíodh EMCDDA chun faisnéis fhíorasach, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar don Aontas, do Bhallstáit agus do thríú tíortha rannpháirteacha faoi dhrugaí, faoi andúil i ndrugaí agus faoi na hiarmhairtí ar an leibhéal Eorpach chun cuidiú chun léargas foriomlán ar an bhfaisnéis sin a sholáthar dóibh chun ceapadh beartais a fhoirmiú agus chun tionscnaimh a threorú chun dul i ngleic le drugaí agus, ar an gcaoi sin, breisluach a chur le tionscnaimh den sórt sin nuair a dhéanann siad bearta nó nuair a chinneann siad beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí ina réimsí inniúlachta faoi seach. A bhuí le bunú agus feidhmiú EMCDDA, tá feabhas follasach tagtha ar infhaighteacht faisnéise faoi dhrugaí agus andúil i ndrugaí, agus ar na hiarmhairtí atá leo, ar fud an Aontais agus go hidirnáisiúnta.

(3)

Cé go bhfuil a chuspóir ginearálta fós bailí agus cé gur cheart é a choinneáil, ní sholáthraítear a thuilleadh le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 creat leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le drugaí. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú EMCDDA, chun é a ionadú agus a neartú, i measc nithe eile. Ba cheart EMCDDA a athainmniú mar ‘Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA)’ (‘an Ghníomhaireacht’). Ós rud é go bhfuil gá le leasuithe substaintiúla ar Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 chun freastal ar an gcur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012 agus chun forbairtí ar fheiniméan na ndrugaí a chur san áireamh, ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtúlacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, díríodh go príomha ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte. Cé gur den riachtanas an fócas sin a choimeád, ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir saincheisteanna sláinte agus saincheisteanna soláthair maidir le feiniméan na ndrugaí, ní mór freisin aghaidh a thabhairt ar sholáthar na ndrugaí chun laghdú a dhéanamh ar infhaighteacht drugaí san Aontas agus srian a chur leis an éileamh ar dhrugaí agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú leo siúd atá ag tabhairt aghaidhe ar naisc le bagairtí slándála eile. Chun sonraí agus anailís shuntasach atá fíorasach, oibiachtúil, iontaofa, inchomparáide agus uile-Aontais a sholáthar, ba cheart don Ghníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, agus cur chuige fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach a bheith aici le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird agus andúil úsáide drugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, ath-lánpháirtiú sóisialta agus téarnamh, margaí drugaí soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus na hiarmhairtí a eascraíonn astu. Le cur chuige na Gníomhaireachta, ba cheart gné chearta an duine, na hinscne agus comhionannais inscne, gné na haoise, na sláinte, an chothromais sláinte agus an gné sóisialta a chuimsiú.

(5)

Ba cheart obair na Gníomhaireachta a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar chumhachtaí an Aontais agus a Bhallstát faoi seach i réimse na ndrugaí. Ba cheart gnéithe éagsúla fheiniméan na ndrugaí agus na réitigh a chuirtear i bhfeidhm a chumhdach san obair sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht, go háirithe, féachaint ar gach gné a bhaineann leis an tsláinte a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear gnéithe fisiciúla agus meabhracha agus an tionchar féideartha ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart don Ghníomhaireacht féachaint freisin ar ghnéithe sóisialta, lena n-áirítear breithnithe a bhaineann le stiogmatú, imeallú agus ath-lánpháirtiú daoine a úsáideann drugaí. Ba cheart doiciméid straitéiseacha an Aontais a bhaineann le drugaí a bheith mar threoir ag an nGníomhaireacht agus é sin á dhéanamh aici.

(6)

Agus a cuid gníomhaíochtaí á saothrú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais faoi na sainorduithe atá acu faoi seach agus ba cheart di a gcuid gníomhaíochtaí a chur san áireamh chun dúbláil a sheachaint. Go háirithe, agus aird chuí á tabhairt ar a sainorduithe faoi seach, ba cheart don Ghníomhaireacht obair a dhéanamh i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun a áirithiú go mbaileofar sonraí, agus go ndéanfar faireachán ar threochtaí, maidir le soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach agus coireanna gaolmhara eile, maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua agus maidir le substaintí sícighníomhacha nua. Ba cheart don Ghníomhaireacht obair a dhéanamh i gcomhar le húdaráis agus comhlachtaí ábhartha i dtríú tíortha ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí, agus, le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát ar leibhéal na Náisiún Aontaithe. Is gá go gcomhlíonfadh comhar den sórt sin noirm maidir le cearta an duine.

(7)

Chun a oiread éifeachtúlachta is féidir a bhaint amach agus aghaidh á tabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, ba cheart don Ghníomhaireacht plé rialta a bheith aici leis na geallsealbhóirí ábhartha agus, go háirithe, leis an bpobal eolaíochta, lena n-áirítear an saol acadúil, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí daoine a úsáideann drugaí agus eagraíochtaí pobal a ndéanann tomhaltas agus díol drugaí nó coireacht a bhaineann le drugaí difear dóibh. I bhfianaise a ábhartha atá taithí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse inniúlachta na Gníomhaireachta, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den chomhar maidir lena gníomhaíochtaí le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, mar shampla, iad siúd atá gníomhach i ngrúpaí saineolaithe ábhartha an Choimisiúin maidir le drugaí atá comhdhéanta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart don Ghníomhaireacht na hacmhainní is gá a thiomnú chun dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin, faisnéis a mhalartú leo agus chun eolas a chomhthiomsú leo, lena n-áirítear i réimse na substaintí sícighníomhacha nua. i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ghníomhaireacht comhairliúcháin thiomnaithe a eagrú maidir leis na hábhair a thagann faoina sainordú.

(8)

D’fhonn faisnéis iontaofa maidir le drugaí agus staid na ndrugaí a scaipeadh, ba cheart don Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide maidir le hábhair a thagann faoina sainordú. Uaireanta, áfach, is féidir iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a bheith ag baint leis an gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne i réimse na ndrugaí. Mar chuid dá gníomhaíochtaí cumarsáide agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ghníomhaireacht machnamh a dhéanamh, dá bhrí sin, faoina cuid tuarascálacha a scaipeadh, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus tuarascálacha measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, chuig an bpobal eolaíochta agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn díobháil fhéideartha a bhaineann le drugaí a íoslaghdú. I gcás ina gcuirtear cosc ar an nGníomhaireacht a tuarascálacha a scaipeadh, go háirithe mar gheall ar fhaisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair neamhaicmithe a bheith ann, d’fhéadfadh sí machnamh a dhéanamh ar achoimrí ar na tuarascálacha sin a fhoilsiú d’fhonn díobháil fhéideartha a bhaineann le drugaí a íoslaghdú.

(9)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an aird chuí a thabhairt ar úsáid ilsubstaintí ina cuid oibre toisc go bhfuil úsáid den sórt sin ag éirí níos coitianta.

(10)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt maidir le trí phríomhréimse inniúlachta, eadhon faireachán, as a dtiocfaidh beartais a bhfuil bonn eolais níos fearr fúthu; ullmhacht, as a dtiocfaidh gníomhaíochtaí ar fearr an bonn eolais fúthu; agus forbairt inniúlachtaí, as a dtiocfaidh freagairtí níos láidre ón Aontas agus ó na Ballstáit ar fheiniméan na ndrugaí.

(11)

Ba cheart anailísiú agus scaipeadh sonraí fós a bheith ar phríomhchúram na Gníomhaireachta. Agus sonraí á mbailiú, á n-anailísiú nó á scaipeadh aici, ba cheart don Ghníomhaireacht an creat dlíthiúil maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus níor cheart di aon sonraí a scaipeadh nó a tharchur lena bhféadfaí daoine aonair nó grúpaí beaga daoine aonair a aithint. Bailítear sonraí trí phointí fócasacha náisiúnta agus ba cheart na pointí sin a bheith ina bpríomhsholáthraithe sonraí le haghaidh na Gníomhaireachta i gcónaí. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht foinsí breise a úsáid agus cruinnithe saineolaithe a eagrú freisin, lena n-áirítear cruinnithe fíorúla. Ina theannta sin, tá fáil níos mó ag teacht ar fhoinsí sonraí atá níos gaire d’fhíor-am trí mhodhanna nuálacha bailithe sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag an nGníomhaireacht ar na sonraí ábhartha atá ar fáil chun léargas iomlánaíoch a fháil ar fheiniméan na ndrugaí san Aontas agus ar na fachtóirí seachtracha a bhfuil tionchar acu air. D’fhonn a áirithiú go mbeidh gach pointe fócasach náisiúnta ar an eolas i gcónaí faoin staid ina Bhallstát, ba cheart eolas a thabhairt di ar bhonn rialta maidir le sonraí a bhaineann lena Ballstát, sonraí a bhailítear ó fhoinsí breise faisnéise agus gníomhaíochtaí líonra na saotharlann fóiréinseach agus tocsaineolaíoch a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(12)

Is gníomhaithe lárnacha iad na pointí fócasacha náisiúnta i gcóras faireacháin agus tuairiscithe an Aontais maidir le drugaí. Bailíonn siad faisnéis agus gineann siad sonraí inchomparáide atá fónta ó thaobh na heolaíochta de maidir le staid náisiúnta na ndrugaí, sonraí a chuireann leis an bhfaireachán ar an staid ar fud an Aontais. Tá na pointí fócasacha náisiúnta ríthábhachtach freisin sa phróiseas chun modheolaíochtaí agus uirlisí bailithe sonraí a fheabhsú agus chun treoirlínte ábhartha a fhorbairt chun iad a chur chun feidhme. Ina theannta sin, glacann na pointí fócasacha náisiúnta páirt i gcóras luathrabhaidh agus tuairiscíonn siad treochtaí nua in úsáid substaintí sícighníomhacha atá ann cheana. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh caidreamh comhthreisitheach idir an Ghníomhaireacht agus na pointí fócasacha náisiúnta. Ba cheart ceanglais sonraí na Gníomhaireachta a léiriú sna pointí fócasacha náisiúnta. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na pointí fócasacha náisiúnta laistigh de na Ballstáit na sonraí ábhartha uile a fháil ó na húdaráis náisiúnta éagsúla. Cé gur cheart, i sainordú na Gníomhaireachta, aon bhearta comhchuibhithe a sheachaint agus na cinntí maidir le rialachas, struchtúr nó bunchúraimí na bpointí fócasacha náisiúnta i ndáil le húdaráis inniúla náisiúnta eile a fhágáil ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart, mar sin féin, don sainordú sin cuíchóiriú a chumasú ar bhailiú sonraí sna Ballstáit a mhéid is féidir chun tuairisciú dúbailte agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint.

(13)

Ní mór bonn a chur faoi chaidreamh iontaoibhe frithpháirtí agus idirphlé leanúnaigh idir an Ghníomhaireacht agus na pointí fócasacha náisiúnta, bunaithe ar shásra feidhmiúil soiléir éifeachtach agus ar shraith rialacha. Ba cheart, dá bhrí sin, cumhacht a thabhairt don Ghníomhaireacht tacaíocht airgeadais a thabhairt do na pointí fócasacha náisiúnta agus rannchuidiú lena bhfeidhmiú éifeachtach, lena n-áirítear trí mheasúnú a sholáthar ar gach pointe fócasach náisiúnta a bhaineann go díreach lena rannchuidiú le gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais i réimse na ndrugaí.

(14)

D’fhonn tacú le gníomhaíocht éifeachtach de chuid an Aontais i réimse na ndrugaí agus rannchuidiú le hobair na Gníomhaireachta, ba cheart do na pointí fócasacha náisiúnta, inter alia, ról comhordúcháin a ghlacadh chucu féin i ngníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus faireachán comhleanúnach sonraí a bhaineann le drugaí a áirithiú, cumarsáid leis an nGníomhaireacht agus cinnteoireacht fianaisebhunaithe a chur chun cinn, dearcadh náisiúnta trasearnála agus cuimsitheach ar staid na ndrugaí a áirithiú, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha maidir le treochtaí agus dúshláin nua, agus rannchuidiú le táscairí ábhartha a bhunú. Ina theannta sin, agus i gcomhréir leis an inniúlacht náisiúnta, tá ról lárnach ag na pointí fócasacha náisiúnta maidir le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe a chur chun cinn agus tacú léi, tacú le córais chomhoibrithe, riachtanais faisnéise na ngeallsealbhóirí ábhartha a mheasúnú agus fardal cothrom le dáta de na foinsí náisiúnta faisnéise drugaí a chur le chéile.

(15)

Chun bailiú sonraí agus malartú faisnéise, idir cháilíochtúil agus chainníochtúil, a éascú agus a struchtúrú agus chun tacú le córas faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú lena gcumasófar faireachán fíor-ama, ba cheart don Ghníomhaireacht na réitigh digiteacha iomchuí a fhorbairt a bheidh ag teastáil chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh agus na réitigh sin a chur i bhfeidhm.

(16)

Chun é a chur ar cumas don Ghníomhaireacht úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil di, mar shampla bearta níos réamhghníomhaí a ghlacadh, mar shampla, measúnuithe ar bhagairtí, tuarascálacha agus foláirimh faisnéise straitéisí, agus chun feabhas a chur ar ullmhacht an Aontais i leith forbairtí amach anseo, ba cheart acmhainneacht faireacháin agus anailíse na Gníomhaireachta a neartú le hais acmhainneacht faireacháin agus anailíse EMCDDA.

(17)

Chun ullmhacht an Aontais a fheabhsú, is gá léargas iomlánaíoch a fháil ar fhorbairtí a d’fhéadfadh teacht ar fheiniméan na ndrugaí amach anseo. Chun í féin a ullmhú agus chun gur fearr a sholáthrófar do lucht déanta beartas le haghaidh forbairtí mar sin amach anseo, ba cheart don Ghníomhaireacht cleachtaí fadbhreathnaitheacha rialta a dhéanamh agus meigithreochtaí á gcur san áireamh, is é sin le rá treochtaí fadtéarmacha spreagthacha atá inbhraite faoi láthair agus gur dóichí go mbeidh tionchar suntasach acu ar an todhchaí, agus é d’aidhm aici dúshláin agus deiseanna nua a shainaithint chun freagairt d’fhadhbanna drugaí.

(18)

Is minice anois an teicneolaíocht ag cumasú an fheiniméin drugaí, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19, nuair a tugadh faoi deara gur baineadh úsáid níos mó as teicneolaíochtaí nua chun dáileadh drugaí a éascú. Meastar go bhfuil baint ag thart ar dhá thrian de na tairiscintí ar mhargaí an idirlín dhorcha le drugaí. Tá ardáin éagsúla á n-úsáid ag an trádáil i ndrugaí, lena n-áirítear líonraí meán sóisialta agus feidhmchláir mhóibíleacha. Léirítear an fhorbairt sin i bhfreagairtí d’fheiniméan na ndrugaí, agus úsáid níos mó á baint as cumarsáid ar líne agus idirghabhálacha ar líne, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha agus idirghabhálacha ríomhshláinte. Ba cheart don Ghníomhaireacht, in éineacht le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus dúbailt iarrachtaí á seachaint, faireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin mar chuid dá cur chuige iomlánaíoch maidir le feiniméan na ndrugaí.

(19)

Ba cheart aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar shubstaintí sícighníomhacha nua lena ngabhann rioscaí sláinte agus sóisialta ar fud an Aontais. Is gá faireachán a dhéanamh ar shubstaintí sícighníomhacha nua dá bhrí sin, chun gur féidir freagairt dóibh go tapa, chun an Córas Luathrabhaidh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a chothabháil. Rinneadh leasú le déanaí ar fhorálacha ábhartha den Rialachán sin a bhaineann leis an malartú faisnéise agus ar an gcóras luathrabhaidh maidir le substaintí sícighníomhacha nua, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus measúnuithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, agus ba cheart iad a fhágáil gan athrú sa Rialachán seo.

(20)

Bunaithe ar an bhfaireachán neartaithe a rinne an Ghníomhaireacht agus ar an taithí atá faighte aici sa mheasúnú riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, ba cheart don Ghníomhaireacht cumais ghinearálta a fhorbairt i ndáil le measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála. Tá géarghá le hacmhainneacht níos mó chun bagairtí nua a shainaithint go réamhghníomhach agus go gasta agus chun eolas a chur ar fáil chun frithbhearta a fhorbairt toisc go gciallaíonn cineál dinimiciúil reatha fheiniméan na ndrugaí gur féidir le dúshláin ghaolmhara leathadh go tapa thar theorainneacha.

(21)

Ós rud é go bhféadfadh substaintí contúirteacha agus patrúin tomhaltais áirithe díobháil a dhéanamh don tsláinte, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann foláirimh a eisiúint a chomhlánódh na córais náisiúnta foláirimh ábhartha gan dochar a dhéanamh dóibh. Chun tacú leis an bhfeidhm sin, ba cheart don Ghníomhaireacht córas foláirimh Eorpach a fhorbairt maidir le drugaí atáinrochtana ag údaráis náisiúnta air. Leis an gcóras sin, ba cheart mearmhalartú faisnéise a éascú a bhféadfadh gá a bheith le bearta tapa ina leith, chun an tsláinte, na gnéithe sóisialta, an tsábháilteacht agus an tslándáil a chosaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, córas foláirimh a fhorbairt chun faisnéis faoi rioscaí sainaitheanta a chur ar fáil do dhaoine a úsáideann drugaí sonracha nó a d’fhéadfadh drugaí sonracha a úsáid.

(22)

Is substaintí iad réamhtheachtaithe drugaí a bhfuil gá leo chun drugaí, mar shampla, amfataimíní, cócaon agus hearóin a tháirgeadh. Ba cheart an cosc ar atreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí ó bhealaí dleathacha go táirgeadh neamhdhleathach drugaí a neartú ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar tháirgeadh neamhdhleathach drugaí san Aontas. Chun tacú leis an iarracht sin, ba cheart ról a bheith ag an nGníomhaireacht i ndáil le faireachán a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil réamhtheachtaithe drugaí agus i ndáil le cúnamh a thabhairt don Choimisiún dlí an Aontais maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chur chun feidhme.

(23)

Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an ngá atá le sonraí fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha agus saineolas, agus, mar an gcéanna, comhordú níos fearr idir saotharlanna sna Ballstáit, ní mór líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú atá eolach ar réimse na ndrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann leo. Leis an líonra sin, ba cheart a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht rochtain a bheith aici ar fhaisnéis ábhartha, cur le hacmhainneachtaí na Gníomhaireachta sa réimse sin agus tacú le malartú eolais idir na saotharlanna ábhartha sna Ballstáit, gan na costais arda a bhaineann lena saotharlann féin a chruthú agus a reáchtáil a thabhú ag an nGníomhaireacht.

(24)

Ba cheart an líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bheith ionadaíoch do na Ballstáit sa chaoi gur cheart cead a bheith ag gach ceann acu suas le trí shaotharlann a cheapadh don líonra, lena gcumhdófaí saineolas tocsaineolaíoch agus fóiréinseach. Chun an clúdach is leithne is féidir a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt freisin do shaineolaithe ó shaotharlanna eile atá ábhartha d’obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear saineolaithe ón Líonra Eorpach um Shaotharlanna Custaim, a bheith rannpháirteach sa líonra. Chuirfeadh comhar den sórt sin ar a gcumas do na saotharlanna uile atá i gceist foghlaim ó chéile ar fud réimsí éagsúla, tacú le faisnéis a chomhroinnt idir saotharlanna ábhartha agus na costais ar shaotharlanna aonair a laghdú.

(25)

Chun cur leis an eolas sa réimse a chumhdaítear le sainordú na Gníomhaireachta agus chun tacú leis na Ballstáit, ba cheart don Ghníomhaireacht tionscadail ábhartha a shainaithint agus a mhaoiniú, mar shampla, caighdeáin tagartha a fhorbairt maidir le drugaí nua, forbairt a dhéanamh ar staidéir thocsaineolaíocha nó chógaseolaíochta, cuir chuige nuálacha i leith taighde a chur chun feidhme, agus próifíliú drugaí. Ba cheart na tionscadail a mhaoiníonn an Ghníomhaireacht a chur san áireamh i dtuarascáil bhliantúil chomhdhlúite na Gníomhaireachta agus ba cheart iad a chur ar fáil don phobal.

(26)

Beidh an Ghníomhaireacht in ann rochtain a fháil ar shonraí agus an taithí eolaíoch is gá a fháil chun idirghabhálacha fianaisebhunaithe, agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun feasacht a mhúscailt faoi iarmhairtí díobhálacha drugaí, cosc, bearta laghduithe riosca agus díobhála, cóireáil, cúraim, athshlánú agus téarnamh, agus i gcás inarb ábhartha, chun cur chuige inscne-íogair a ghlacadh agus chun gné na haoise a chur san áireamh. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur chun feidhme agus nuashonrú na gcaighdeán cáilíochta maidir le cosc drugaí atá ann cheana (Caighdeáin Cháilíochta Eorpacha maidir le Drugaí a Chosc) agus curaclaim lena gcuirfear an t-eolas faoi na hidirghabhálacha agus faoin gcur chuige fianaisebhunaithe is éifeachtaí chun drugaí a chosc ar fáil do lucht cinnteoireachta agus lucht déanta beartas (Curaclam an Aontais Eorpaigh um Chosc Drugaí) a chur chun cinn, lena n-áirítear curaclaim maidir le conas dul i bhfeidhm ar dhaonraí ardriosca.

(27)

I bhfianaise na gné uile-Aontais a bhaineann léi, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta agus ar oiliúint náisiúnta, mar shampla bearta maidir le cosc, lena n-áirítear cosc atá inscne-íogair agus oiriúnach ó thaobh aoise de, cóireáil, laghdú díobhála, téarnamh agus bearta gaolmhara eile, chun a chinneadh an léiríonn siad an staid eolaíochta is déanaí agus an bhfuil a n-éifeachtachta cruthaithe acu. D’fhéadfadh measúnú dearfach ar bhearta náisiúnta a bheith ina lipéad cáilíochta.

(28)

Ós rud é go mbeidh seasamh uathúil ag an nGníomhaireacht ar leibhéal an Aontais agus go mbeidh sí in ann sonraí agus dea-chleachtais a chur i gcomparáid lena chéile, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann tacaíocht a thairiscint, lena n-áirítear, i gcás ina gceanglódh Ballstát uirthi sin a dhéanamh, cúnamh a thabhairt straitéisí náisiúnta drugaí a mheas agus a dhréachtú ar bhealach níos struchtúrtha ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, maidir le ról na Gníomhaireachta i ndáil le hoiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit i gcur chun feidhme caighdeán cáilíochta agus dea-chleachtas, ba cheart an ról sin a neartú i bhfianaise an tsaineolais a bheidh á fhorbairt aici sna réimsí sin.

(29)

Ba cheart an comhar idirnáisiúnta a bheith mar chuid de phríomhchúraimí na Gníomhaireachta, agus freagrachtaí bunaithe i dtéarmaí soiléire, ionas go mbeidh sí in ann dul i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin go hiomlán agus freagairt d’iarrataí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann uirlisí leormhaithe eolaíocha agus fianaisebhunaithe a thairiscint ar mhaithe le forbairt agus cur chun feidhme ghné sheachtrach bheartas drugaí an Aontais agus le ról tábhachtach an Aontais ar an leibhéal iltaobhach, i gcomhréir leis na Conarthaí, mar mhodh chun cur chun feidhme éifeachtúil agus comhleanúnach bheartais an Aontais maidir le drugaí a áirithiú go hinmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart an obair sa réimse sin a bheith bunaithe ar chreat comhair idirnáisiúnta arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht. Ba cheart don chreat comhair idirnáisiúnta a bheith i gcomhréir leis na Conarthaí agus le tosaíochtaí an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta agus faoi threoir ionstraimí ábhartha na Náisiún Aontaithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat comhair idirnáisiúnta ar bhonn rialta chun a áirithiú go léirítear forbairtí agus tosaíochtaí idirnáisiúnta go leordhóthanach ann.

(30)

Chun cabhrú le cistiú an Aontais i gcomhair taighde slándála agus sláinte chun a phoitéinseal iomlán a fhorbairt agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an bheartais drugaí, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint agus cláir réime an Aontais um thaighde agus nuálaíocht atá ábhartha maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint nó clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, níor cheart di maoiniú a fháil ón gclár sin agus ba cheart di gach beart is gá a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht páirt a ghlacadh i dtionscnaimh uile-Aontais ina dtugtar aghaidh ar thaighde agus nuálaíocht chun a áirithiú go ndéanfar na teicneolaíochtaí is gá le haghaidh a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus go mbeidh na teicneolaíochtaí sin ar fáil lena n-úsáid. Na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe, ba cheart iad a leagan amach sa doiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil na Gníomhaireachta.

(31)

Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta chun a chuid oibre a mhaoirsiú go héifeachtach. Ba cheart comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta a cheapadh agus na scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá acu á gcur san áireamh. Ba cheart do chomhaltaí malartacha gníomhú mar chomhaltaí in éagmais na gcomhaltaí ábhartha. Féadfaidh comhaltaí malartacha freastal ar chruinnithe freisin agus comhaltaí ábhartha i láthair, gan costais bhreise a chruthú don Ghníomhaireacht mar thoradh air sin, agus gan páirt a bheith acu sna vótaí.

(32)

Ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt don Bhord Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad, na rialacha airgeadais agus na doiciméid phleanála iomchuí a ghlacadh, agus chun an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh. Chun feidhmiú neamhspleách agus iomláine na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha a ghlacadh freisin chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, comhaltaí an Choiste Eolaíoch, comhaltaí Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí (‘líonra Reitox’), saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Agus an méid sin á dhéanamh aici, tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Ghníomhaireacht an aird chuí ar na moltaí agus ar na treoirlínte maidir leis an ábhar sin, go háirithe na cinn ón Ombudsman Eorpach agus ó Threoirlínte an Choimisiúin an 10 Nollaig 2013 maidir le coinbhleachtaí leasa i ngníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a chosc agus a bhainistiú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta cumhachtaí údaráis ceapacháin a fheidhmiú i leith bhaill foirne na gníomhaireachta lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(33)

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na páirtithe uile a ndéantar ionadaíocht orthu ar an mBord Bainistíochta agus a rannchuidíonn leis an obair sin iarracht na peirspictíochtaí agus an taithí a mhéadú, agus leanúnachas a chuid oibre sa struchtúr a áirithiú ag an am céanna. Ba cheart do na páirtithe uile díriú ar chothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

(34)

Ba cheart do Bhord Feidhmiúcháin cúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta chun cinntí na Gníomhaireachta a ullmhú. Ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar an nGníomhaireacht. Ba cheart do Choiste Eolaíochta leanúint de chúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le hábhair eolaíocha ábhartha.

(35)

Ba cheart don Bhord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach a dhéanfaidh an Coimisiún a eagrú agus a bhainistiú. I gcomhréir leis an gcleachtas a leanann EMCDDA agus stiúrthóir feidhmiúcháin á cheapadh aige, ba cheart don Choimisiún féachaint ar ionadaí ón mBord Bainistíochta a bheith ann mar bhreathnóir sa nós imeachta ceapacháin. Ba cheart ionchur roimh ré ón mBord Bainistíochta maidir le feidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ag deireadh an chéad téarma oifige tosaigh 5 bliana a bheidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(36)

Tá sé tábhachtach go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht chun a cúraimí, a cuspóirí agus a freagrachtaí faoin Rialachán seo a chur i gcrích agus ba cheart buiséad uathrialach a dheonú di a léireoidh a misean. Ba cheart í a mhaoiniú go príomha trí ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais na Gníomhaireachta a iniúchadh.

(37)

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Bhallstáit agus geallsealbhóirí eile feiniméan na ndrugaí a thuiscint agus aghaidh a thabhairt air, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt isteach don Ghníomhaireacht seirbhísí breise a sholáthar, thar a príomhchúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcoinne táillí a íoc. Ba cheart an modh trína ríomhtar táillí arna dtobhach ag an nGníomhaireacht a bheith trédhearcach. Ba cheart go gcumhdódh na táillí arna dtobhach ag an nGníomhaireacht na costais iomlána i dtaca leis na gníomhaíochtaí a sholáthar a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear, lena n-áirítear costais foirne agus oibríochtúla. I gcás ina thoibhítear táillí i mbliain airgeadais, ba cheart tuarascáil ar na táillí sin a bheith ag gabháil le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta. Bheadh tuarascálacha den sórt sin faoi réir iniúchadh ag an Cúirt Iniúchóirí freisin. Ba cheart táillí a shocrú ag leibhéal lena seachnófar easnamh nó carnadh suntasach barrachais, agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás.

(38)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin. Thairis sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a bheith in ann iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt faoi fheidhmiú a chuid dualgas.

(39)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leis an nGníomhaireacht. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith chomh trédhearcach agus is féidir maidir lena cuid gníomhaíochtaí, agus fós gan baint amach chuspóir a cuid oibríochtaí a chur i mbaol.

(40)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (8), ar aontaigh EMCDDA dóibh, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an nGníomhaireacht.

(41)

Próiseálann an Ghníomhaireacht sonraí a bhfuil cosaint faoi leith ag teastáil uathu, go háirithe Faisnéis Rúnaicmithe an Aontas Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha maidir le rúndacht agus próiseáil faisnéise den sórt sin a tharraingt suas. Ba cheart na rialacha maidir le cosaint FRAE a bheith comhsheasmhach le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (9) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (10) ón gCoimisiún. I gcomhréir leis na gníomhartha dlí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht staonadh ó shonraí íogaire a fhoilsiú. Ba cheart di staonadh freisin ó fhaisnéis rúnda ghnó tríú páirtithe a nochtadh.

(42)

Chun feidhmíocht na Gníomhaireachta a rialú agus a áirithiú agus chun a chinntiú go gceadófar di, de réir an tsainordaithe atá aici, na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo a chur i gcrích a cheanglaítear le forbairtí sa mhargadh drugaí agus beartas, ba cheart meastóireacht sheachtrach a dhéanamh ar obair na Gníomhaireachta ar bhonn rialta agus ba cheart a sainordú a oiriúnú dá réir, más gá.

(43)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán, comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha eile, lena n-áirítear comhlachtaí teicniúla ábhartha, laistigh agus lasmuigh den Aontas chun a clár oibre a chur chun feidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha agus inniúlachtaí na mBallstát, go háirithe chun dúbailt oibre a sheachaint agus chun rochtain a áirithiú ar na sonraí agus ar na huirlisí uile is gá chun a sainordú a chur i gcrích.

(44)

Ba cheart don Ghníomhaireacht teacht in ionad EMCDDA agus teacht i gcomharbas air. Ba cheart di, dá bhrí sin, a bheith ina comharba dlíthiúil ar chonarthaí EMCDDA go léir, lena n-áirítear na conarthaí fostaíochta, na dliteanais agus na haonaid réadmhaoine. Na comhaontuithe idirnáisiúnta a thug EMCDDA i gcrích roimh an 2 Iúil 2024 ba cheart go bhfanfadh siad i bhfeidhm.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon gníomhaireacht a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, a ghnóthú go leormhaith ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta

Airteagal 1

Bunú na Gníomhaireachta

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) (‘an Ghníomhaireacht’).

2.   Tagann an Ghníomhaireacht in ionad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘EMCDDA’) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 agus tagann sí i gcomharbas air.

Airteagal 2

Stádas dlíthiúil agus suíomh

1.   Comhlacht de chuid an Aontais, ag a mbeidh pearsantacht dhlítheanach, a bheidh sa Ghníomhaireacht.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Go háirithe, beidh sí in ann maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt, agus beidh sí in ann a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is i Liospóin, an Phortaingéil, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘druga’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

substaint a chumhdaítear faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971;

(b)

aon cheann de na substaintí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (11);

(2)

ciallaíonn ‘substaint shícighníomhach nua’ substaint shícighníomhach nua mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 4, de Chinneadh Réime 2004/757/CGB;

(3)

ciallaíonn ‘úsáid ilsubstaintí’ úsáid substainte nó úsáid cineáil substainte sícighníomhaí amháin nó níos mó, bíodh sí aindleathach nó dleathach, go háirithe táirgí íocshláinte, alcól agus tobac, i gcomhthráth le húsáid drugaí nó roimh nó i ndiaidh úsáid drugaí taobh istigh d’achar gairid ama;

(4)

ciallaíonn ‘réamhtheachtaí druga’ substaint a rialaítear agus a ndéantar faireachán uirthi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (13);

(5)

ciallaíonn ‘tír rannpháirteach’ Ballstát nó tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an mBallstát nó ag an tríú tír leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 54 den Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht agus a cuid fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn comhaontú den sórt sin;

(7)

ciallaíonn ‘Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí’ Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe ar Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972, Coinbhinsiún 1971 na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha agus Coinbhinsiún 1988 na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha;

(8)

ciallaíonn ‘córas na Náisiún Aontaithe’ córas an tsásra rialaithe a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí.

Airteagal 4

Cúram Ginearálta na Gníomhaireachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis fhíorasach, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar don Aontas agus do na Ballstáit, chomh maith le luathrabhadh agus measúnú riosca ar leibhéal an Aontais maidir le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí agus andúil i ndrugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, athimeascadh sóisialta, téarnamh, margaí agus soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus a n-iarmhairtí; agus

(b)

gníomhaíochtaí iomchuí nithiúla atá fianaisebhunaithe a mholadh maidir le conas aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtúil tráthúil, ar na dúshláin a bhaineann le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí agus andúil i ndrugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, athimeascadh sóisialta, téarnamh, margaí agus soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus a n-iarmhairtí.

2.   Agus a cúraimí á gcur i gcrích aici, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha maidir le cearta bunúsacha agus cosaint sonraí agus glacfaidh sí cur chuige fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach i leith fheiniméan na ndrugaí. Leis an gcur chuige sin, cuimseofar cearta an duine, inscne agus comhionannas inscne, aois, sláinte, cothromas sláinte agus gnéithe sóisialta.

Airteagal 5

Cúraimí sonracha

1.   Chun an cúram ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4(1) a chur i gcích, beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an nGníomhaireacht:

(a)

cúraimí faireacháin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

faisnéis agus sonraí de bhun Airteagal 6(1) a bhailiú agus a anailísiú;

(ii)

scaipeadh faisnéise, sonraí agus torthaí anailísí de bhun Airteagal 6(5); agus

(iii)

faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí, lena gcuimsítear na gnéithe sláinte, cearta an duine, gnéithe sóisialta, sábháilteachta agus slándála de, de bhun Airteagal 7;

(b)

cúraimí ullmhachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

malartú faisnéise, agus an córas luathrabhaidh, maidir le substaintí sícighníomhacha nua, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus measúnuithe riosca a ullmhú, de bhun Airteagail 8 go 11;

(ii)

measúnú ar bhagairt na sláinte agus na slándála agus ullmhacht de bhun Airteagal 12;

(iii)

córas foláirimh Eorpach um dhrugaí a bhunú agus a oibriú de bhun Airteagal 13;

(iv)

faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a bhaineann le hatreorú agus le gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí agus rannchuidiú le cur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí de bhun Airteagal 14;

(v)

líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú agus a oibriú de bhun Airteagal 15;

(c)

cúraimí forbartha inniúlachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

forbairt agus cur chun cinn idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtas agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta de bhun Airteagal 16;

(ii)

an measúnú ar bhearta náisiúnta de bhun Airteagal 17;

(iii)

tacú leis na Ballstáit de bhun Airteagal 18;

(iv)

oiliúint de bhun Airteagal 19;

(v)

comhar idirnáisiúnta agus cúnamh teicniúil de bhun Airteagal 20;

(vi)

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 21.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí dá dtagraítear in Airteagal 32 (‘líonra Reitox’) a bhunú agus a chomhordú, i gcomhairle agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus leis na heagraíochtaí sna tíortha rannpháirteacha.

3.   Gníomhóidh an Ghníomhaireacht ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamhchlaonta agus mionchúiseach ó thaobh na heolaíochta de nuair a bheidh na cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici.

4.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíocht náisiúnta agus gníomhaíocht an Aontais agus cuirfidh sí feabhas ar an gcomhordú eatarthu ina réimsí gníomhaíochta. Éascóidh an Ghníomhaireacht malartú faisnéise idir cinnteoirí, taighdeoirí, speisialtóirí agus iad siúd a bhfuil baint acu le saincheisteanna a bhaineann le drugaí in eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha.

5.   Tacóidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, arna sainaithint sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí, agus na doiciméid straitéiseacha sin á gcur chun feidhme, de réir mar is iomchuí.

6.   Agus na cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici, féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

cruinnithe saineolaithe a eagrú;

(b)

meithleacha ad hoc a chur ar bun; agus

(c)

tionscadail a mhaoiniú, de réir mar is gá.

I gcás ina n-eagraíonn an Ghníomhaireacht cruinnithe, ina mbunaíonn sí meithleacha nó ina maoiníonn sí tionscadail faoin gcéad mhír, coinneoidh sí líonra Reitox ar an eolas.

7.   Chun an uas-éifeachtúlacht a bhaint amach i ndáil le faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí, measúnú a dhéanamh air agus freagra a thabhairt dó, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go gníomhach le geallsealbhóirí ábhartha agus a cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici, lena n-áirítear:

(a)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, laistigh de theorainneacha a sainorduithe, go háirithe Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (15), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), arna bunú le Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(b)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe agus an Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach; agus

(c)

an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

8.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin, ar gníomhaíochtaí iad a thagann faoina sainordú. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar d’fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir le straitéisí cumarsáide ábhartha agus pleananna scaipthe ábhartha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannpháirtiú i bhforbairt na straitéisí agus na bpleananna sin.

CAIBIDIL II

Faireachán

Airteagal 6

Faisnéis agus sonraí a bhailiú agus a scaipeadh

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis agus sonraí ábhartha a bhailiú, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí arna gcur in iúl ag na pointí fócasacha náisiúnta, atá mar thoradh ar thaighde, atá ar fáil ó fhoinsí oscailte, agus a thagann ó fhoinsí an Aontais, ó fhoinsí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí inniúla;

(b)

faisnéis agus sonraí a bhailiú a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar úsáid ilsubstaintí agus ar a hiarmhairtí de bhun Airteagal 7(1), pointe (d);

(c)

an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil a bhailiú ó phointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar le Europol, maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus an fhaisnéis sin a chur in iúl gan moill mhíchuí do na pointí fócasacha náisiúnta, do’aonaid náisiúnta Europol agus don Choimisiún;

(d)

faisnéis agus sonraí maidir le réamhtheachtaithe drugaí, agus maidir le hatreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí a bhailiú agus a anailísiú;

(e)

staidéir taighde agus faireacháin, suirbhéanna, staidéir féidearthachta agus treoirthionscadail is gá chun a cúraimí a chur i gcrích a dhéanamh agus a choimisiúnú;

(f)

inchomparáideacht, oibiachtúlacht agus iontaofacht fheabhsaithe na faisnéise agus na sonraí a áirithiú ar leibhéal an Aontais trí tháscairí agus caighdeáin chomhchoiteanna de chineál neamhcheangailteach a bhunú, i gcomhar leis na pointí fócasacha náisiúnta, táscairí agus comhchaighdeáin neamhcheangailteacha, d’fhonn aonfhoirmeacht níos fearr a áirithiú maidir leis na modhanna tomhais arna n-úsáid ag na Ballstáit agus ag an Aontas; féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh comhchaighdeáin neamhcheangailteacha den sórt sin a chomhlíonadh;

(g)

comhoibriú go dlúth le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNODC agus Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, chun fógraí a éascú agus chun ualaí neamhriachtanacha ar Bhallstáit a sheachaint.

2.   Baileoidh an Ghníomhaireacht na sonraí náisiúnta ábhartha trí na pointí fócasacha náisiúnta. Sula mbaileoidh siad na sonraí, Pléifidh an Ghníomhaireacht an pacáiste náisiúnta tuairiscithe leis na pointí fócasacha náisiúnta agus tiocfaidh siad ar chomhaontú le chéile maidir leis. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht foinsí breise faisnéise a úsáid le haghaidh sonraí náisiúnta. I gcás ina n-úsáideann an Ghníomhaireacht foinsí breise den sórt sin, coinneoidh sé an pointe fócasach náisiúnta lena mbaineann ar an eolas go cuí. Déanfar na sonraí a bhailítear, i gcás inar féidir, a imdhealú de réir gnéis agus, i gcás inar féidir, de réir inscne. Cuirfear gnéithe inscne-íogaire an bheartais drugaí san áireamh le sonraí den sórt sin.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá sainordú, modhanna agus cineálacha cur chuige bailithe sonraí, lena n-áirítear trí thionscadail le comhpháirtithe seachtracha.

4.   Forbróidh an Ghníomhaireacht na réitigh dhigiteacha is gá chun faisnéis agus sonraí a bhailiú, a bhailíochtú, a anailísiú, a thuairisciú, a bhainistiú agus a mhalartú, lena n-áirítear ar bhealach uathoibrithe.

5.   Scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus sonraí tríd an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a tháirgeann sí a chur ar fáil don Aontas, do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear maidir le forbairtí nua agus treochtaí athraitheacha;

(b)

scaipeadh forleathan a cuid anailíse, conclúidí agus tuarascálacha a áirithiú, lena n-áirítear ar an bpobal eolaíochta, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar na pobail dá ndéantar difear, daoine a úsáideann drugaí san áireamh, cé is moite d’fhaisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe dá dtagraítear in Airteagal 49;

(c)

tuarascáil rialta a fhoilsiú, ar bhonn na sonraí a bhailíonn sí, maidir le staid fheiniméan na ndrugaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn;

(d)

acmhainní doiciméadachta eolaíochta oscailte a chur ar bun agus a chur ar fáil;

(e)

faisnéis a sholáthar faoi chaighdeáin cháilíochta, dea-chleachtais fianaisebhunaithe, cuir chuige nuálacha agus faoi thorthaí taighde is féidir a chur chun feidhme sna Ballstáit agus malartú faisnéise maidir leis na caighdeáin agus na cleachtais sin, agus a gcur chun feidhme, a éascú.

6.   I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus sonraí imdhealaithe a scaipeadh, go háirithe de réir Ballstáit, gnéis, inscne, aoise, míchumais agus stádas socheacnamaíoch, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe maidir le cosaint sonraí.

7.   Agus faisnéis agus sonraí faoi mhír 5 á scaipeadh aici, cuirfidh an Ghníomhaireacht tagairtí d’fhoinsí na faisnéise agus na sonraí sin leo.

8.   Ní scaipfidh ná ní tharchuirfidh an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis agus sonraí a lenar féidir daoine aonair nó grúpaí beaga daoine aonair a shainaithint.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí agus dea-chleachtais a chomhroinnt

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

feiniméan na ndrugaí san Aontas ar bhealach iomlánaíoch, trí tháscairí eipidéimeolaíocha agus táscairí eile a úsáid, lena gcumhdaítear gnéithe na sláinte, chearta an duine, sóisialta, sábháilteachta agus slándála de, lena n-áirítear cur chun feidhme na ndoiciméad straitéiseach is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí;

(b)

dea-chleachtais fianaisebhunaithe agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le freagairtí i ndáil le sláinte, cearta an duine, cúrsaí sóisialta, sábháilteacht nó slándáil;

(c)

úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí, andúil i ndrugaí agus rioscaí gaolmhara sláinte, díobháil a bhaineann le drugaí, iompraíocht a bhfuil riosca ag gabháil léi a bhaineann le húsáid drugaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn sna réimsí sin;

(d)

úsáid ilsubstaintí agus a hiarmhairtí, go háirithe na rioscaí méadaithe maidir le fadhbanna sláinte agus sóisialta, na nithe is deitéarmanaint shóisialta maidir le húsáid drugaí, neamhoird agus andúil in úsáid drugaí, agus na himpleachtaí do bheartais agus do fhreagairtí;

(e)

úsáid drugaí agus ilsubstaintí agus a hiarmhairtí ó thaobh aoise agus inscne de, go háirithe a tionchar ar fhoréigean inscnebhunaithe;

(f)

treochtaí atá ag teacht chun cinn i bhfeiniméan na ndrugaí san Aontas agus go hidirnáisiúnta a mhéid a bhfuil tionchar acu ar an Aontas; áireofar le faireachán faoin bpointe seo faireachán ar sholáthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh, gáinneáil aindleathach agus coireanna gaolmhara eile agus úsáid teicneolaíochtaí nua, gan dochar do shainorduithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais;

(g)

i gcomhar le Europol agus le tacaíocht ó phointí fócasacha náisiúnta agus ó aonaid náisiúnta Europol, gach substaint shícighníomhach nua atá tuairiscithe ag na Ballstáit;

(h)

réamhtheachtaithe drugaí agus atreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí;

(i)

cur chun feidhme bheartais an Aontais agus beartais náisiúnta maidir le drugaí, lena n-áirítear d’fhonn tacú le forbairt agus le meastóireacht neamhspleách beartas den sórt sin.

2.   Bunaithe ar a gníomhaíochtaí faireacháin faoi mhír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht dea-chleachtais fianaisebhunaithe agus cineálacha cuir chuige nuálacha a shainaithint agus tacóidh sí leo, agus i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí iad a chomhfhorbairt. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dea-chleachtais agus na cur chuige sin a chomhroinnt leis na Ballstáit agus éascóidh sí malartú dea-chleachtas agus cur chuige den sórt sin eatarthu.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht uirlisí agus ionstraimí chun cabhrú leis na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais náisiúnta, i gcomhar leis na pointí fócasacha náisiúnta, agus chun cuidiú leis an gCoimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais an Aontais.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi chleachtaí fadbhreathnaitheachta rialta, agus an fhaisnéis atá ar fáil á cur san áireamh. Forbróidh sí, ar an mbonn sin, cásanna ábhartha maidir le beartas drugaí a fhorbairt amach anseo.

CAIBIDIL III

Ullmhacht

Airteagal 8

Malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, agus córas luathrabhaidh maidir leo

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh a phointe fócasach náisiúnta agus a aonad náisiúnta Europol an fhaisnéis atá ar fáil maidir le substaintí sícighníomhacha nua a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do Europol, agus a sainorduithe faoi seach á gcur san áireamh, ar bhealach tráthúil agus gan moill mhíchuí. Bainfidh an fhaisnéis sin le brath agus le sainaithint na substaintí sin, lena n-úsáid agus le patrúin a n-úsáide, lena monarú, lena n-eastóscadh, lena ndáileadh agus lena modhanna dáilte, lena ngáinneáil, lena n-úsáid tráchtála, mhíochaine agus eolaíoch, agus leis na rioscaí féideartha agus sainaitheanta a ghabhann leis na substaintí sin.

2.   I gcomhar le Europol, déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi shubstaintí sícighníomhacha nua a bhailiú, a chomhthiomsú, a anailísiú agus a mheasúnú. Cuirfidh sí an fhaisnéis sin in iúl go tráthúil do na pointí fócasacha náisiúnta, d’aonaid náisiúnta Europol agus don Choimisiún d’fhonn aon fhaisnéis a theastaíonn le haghaidh luathrabhaidh a sholáthar dóibh.

Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas na tuarascálacha tosaigh nó na tuarascálacha comhcheangailte tosaigh de bhun Airteagal 9 ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun na chéad fhomhíre.

Airteagal 9

Tuarascáil tosaigh

1.   I gcás ina measann an Ghníomhaireacht, an Coimisiún nó tromlach de na Ballstáit go bhfuil ábhar imní ann, mar gheall ar an bhfaisnéis faoi shubstaint shícighníomhach nua a bailíodh i mBallstát amháin nó níos mó agus a comhroinneadh leis an nGníomhaireacht, an Coimisiún nó tromlach de na Ballstáit go bhféadfadh rioscaí don tsláinte nó rioscaí sóisialta a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil tosaigh a tharraingt suas ar an tsubstaint shícighníomhach nua.

Chun críoch na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir lena mian go ndéanfaí tuarascáil tosaigh a tharraingt suas. I gcás ina gcuireann tromlach na mBallstát an Coimisiún ar an eolas, tabharfaidh an Coimisiún treoir don Ghníomhaireacht dá réir agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas ina leith.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtuarascáil tosaigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

réamhléiriú ar chineál, líon agus scála na dteagmhas a léiríonn fadhbanna sláinte agus sóisialta ina bhféadfadh an tsubstaint shícighníomhach nua a bheith i gceist, agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua;

(b)

réamhléiriú ar chur síos ceimiceach agus fisiceach na substainte sícighníomhaí nua agus na modhanna agus na réamhtheachtaithe a úsáidtear lena monarú nó lena heastóscadh;

(c)

réamhléiriú ar chur síos cógaseolaíoch agus tocsaineolaíoch na substainte sícighníomhaí nua;

(d)

réamhléiriú ar rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú nó i ndáileadh na substainte sícighníomhaí nua;

(e)

faisnéis maidir le húsáid mhíochaine na substainte sícighníomhaí nua ag an duine nó sa tréidliacht, lena n-áirítear a húsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta;

(f)

faisnéis maidir le húsáid tráchtála agus thionsclaíoch na substainte sícighníomhaí nua, le méid na húsáide sin, agus ar úsáid na substainte ar mhaithe le taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch;

(g)

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua faoi réir aon bhearta sriantacha in aon Bhallstát;

(h)

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú faoi láthair nó cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a mheasúnú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe;

(i)

faisnéis ábhartha eile, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.

3.   Chun críoch na tuarascála tosaigh dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis atá ar fáil di.

4.   I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur gá déanamh amhlaidh, iarrfaidh sí ar na pointí fócasacha náisiúnta faisnéis bhreise a sholáthar ar shubstaint shícighníomhach nua. Soláthróidh na pointí fócasacha náisiúnta faisnéis den sórt sin laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh iarraidh den sórt sin a fháil.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, faisnéis a iarraidh ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, ina substaint ghníomhach nua i gceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta faighte aige i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(b)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá ina ábhar d’iarratas ar údarú margaíochta;

(c)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil a údarú margaíochta curtha ar fionraí ag an údarás inniúil;

(d)

táirge neamhúdaraithe íocshláinte lena úsáid ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Threoir 2001/83/CE nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt i gcomhréir le hAirteagal 112(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/6;

(e)

táirge íocshláinte imscrúdaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d) de Threoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

I gcás ina mbaineann an fhaisnéis a tugadh faoin gcéad fhomhír le húdaruithe margaíochta arna ndeonú ag na Ballstáit, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach arna iarraidh sin di.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, faisnéis a iarraidh ar Europol maidir le rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú, i ndáileadh agus i modhanna dáilte na substainte sícighníomhaí nua agus i ngáinneáil uirthi, agus maidir le haon úsáid a bhaintear as an tsubstaint shícighníomhach nua.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, a iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), agus ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil dóibh maidir leis an tsubstaint shícighníomhach nua a sholáthar.

8.   Is le socruithe oibre a leagfar amach sonraí an chomhair idir an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo. Tabharfar na socruithe oibre sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 53(2).

9.   Urramóidh an Ghníomhaireacht na coinníollacha maidir le húsáid faisnéise, ar coinníollacha iad a chuirfear in iúl don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear coinníollacha maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, maidir le slándáil faisnéise agus sonraí, agus maidir le cosaint sonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí íogaire agus faisnéis rúnda ghnó de chuid tríú páirtithe.

10.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil tosaigh dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát laistigh de 5 seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh.

11.   I gcás ina mbailíonn an Ghníomhaireacht faisnéis maidir le roinnt substaintí sícighníomhacha nua a measann sí go bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu, cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát tuarascáil tosaigh aonair dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gach ceann de na substaintí sícighníomhacha nua sin, nó tuarascálacha comhcheangailte tosaigh ina mbeidh trácht ar roinnt substaintí sícighníomhacha nua, ar choinníoll go mbeidh saintréithe gach substainte sícighníomhaí nua sainaitheanta go soiléir, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 6 seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh.

Airteagal 10

An nós imeachta measúnaithe riosca agus tuarascáil

1.   Laistigh de 2 sheachtain ó thuarascáil tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(10) a fháil, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua agus tuarascáil ar an measúnú riosca a tharraingt suas ina leith, i gcás ina léirítear sa tuarascáil tosaigh go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua sin. Is é an Coiste Eolaíochta a dhéanfaidh an measúnú riosca.

2.   Laistigh de 2 sheachtain ó thuarascálacha tosaigh aonair nó tuarascáil chomhcheangailte tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(11) a fháil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le roinnt substaintí sícighníomhacha nua a bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu agus tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca a tharraingt suas ina leith, i gcás ina léirítear sa tuarascáil chomhcheangailte tosaigh go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a bheith ag gabháil leis na substaintí sícighníomhacha nua sin. Is é an Coiste Eolaíochta a dhéanfaidh an measúnú comhcheangailte riosca.

3.   Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil ar an measúnú riosca nó sa tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca:

(a)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le hairíonna ceimiceacha agus fisiceacha na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua agus leis na modhanna agus leis na réamhtheachtaithe a úsáidtear chun í nó iad a mhonarú nó a eastóscadh;

(b)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le hairíonna cógaseolaíocha agus tocsaineolaíocha na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua;

(c)

anailís ar na rioscaí sláinte a bhaineann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí síchighníomhacha nua, go háirithe maidir leis an ngéarthocsaineacht agus leis an tocsaineacht ainsealach a bhaineann léi nó leo, leis an dóchúlacht go mbainfear mí-úsáid aisti nó astu, leis an bhféidearthacht go n-éireoidh duine spleách uirthi nó orthu, agus leis na héifeachtaí féideartha fisiceacha, meabhracha agus iompraíochta atá aici nó acu;

(d)

anailís ar na rioscaí sóisialta a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí sícighníomhacha nua— go háirithe a tionchar nó a dtionchar ar fheidhmiú sóisialta, ar an ord poiblí agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla, agus rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú, i ndáileadh agus i modhanna dáilte, agus i ngáinneáil na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua;

(e)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le méid agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua agus leis an bhfáil atá uirthi nó orthu agus leis an bhféidearthacht go scaipfear í nó iad laistigh den Aontas;

(f)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le húsáid tráchtála agus thionsclaíoch na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua, le méid na húsáide sin, agus le húsáid na substainte nó na substaintí ar mhaithe le taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch;

(g)

faisnéis ábhartha eile, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.

4.   Déanfaidh an Coiste Eolaíochta measúnú riosca chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis an ngrúpa substaintí sícighníomhacha nua. I gcás gach measúnaithe riosca den sórt sin, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht, Europol agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach faoi seach beirt bhreathnóirí a cheapadh.

5.   Déanfaidh an Coiste Eolaíochta an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 4 ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus ar bhonn aon fhianaise eolaíoch ábhartha eile. Cuirfidh sé tuairimí uile chomhaltaí a choiste san áireamh. Eagróidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta um measúnú riosca, lena n-áirítear sainaithint na riachtanas faisnéise a bheidh ann amach anseo mar aon le staidéar ábhartha.

6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an measúnú riosca nó an tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát laistigh de 6 seachtaine ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún tuarascáil ar an measúnú riosca a tharraingt suas de bhun mhír 1 nó tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca a tharraingt suas de bhun mhír 2.

7.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón nGníomhaireacht a fháil, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn atá an measúnú riosca nó an measúnú comhcheangailte riosca a leagtar amach i mír 6 le críochnú ar mhaithe le taighde breise agus bailiú sonraí breise a cheadú. Beidh faisnéis maidir leis an tréimhse ama a theastaíonn chun an measúnú riosca nó an measúnú comhcheangailte riosca a chríochnú in iarraidh den sórt sin.

8.   Ina theannta sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht mear-mheasúnuithe riosca tráthúla, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), i gcás bagairt dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), den Rialachán sin, i gcás ina dtagann an bhagairt sin faoi shainordú na Gníomhaireachta.

Airteagal 11

Eisiamh ón measúnú riosca

1.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca sa chás go bhfuil céim i bhfad amach sroichte sa mheasúnú ar an tsubstaint shícighníomhach nua laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, eadhon a luaithe a bheidh Coiste Saineolaithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar Spleáchas ar Dhrugaí tar éis a athbhreithniú criticiúil, mar aon le moladh i scríbhinn, a fhoilsiú, ach amháin sa chás go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach ann chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil gá le tuarascáil ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais, a luafar na cúiseanna atá léi sa tuarascáil tosaigh le haghaidh na substainte sin.

2.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca i gcás inarb amhlaidh, tar éis measúnú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, gur cinneadh gan an tsubstaint shícighníomhach nua a sceidealú ach amháin sa chás go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach ann chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil gá le tuarascáil ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais, a luafar na cúiseanna atá léi sa tuarascáil tosaigh le haghaidh na substainte sin.

3.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca sa chás go bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua ina substaint ghníomhach i gceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta faighte aige i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6;

(b)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá ina ábhar d’iarratas ar údarú margaíochta;

(c)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil a údarú margaíochta curtha ar fionraí ag an údarás inniúil;

(d)

táirge íocshláinte imscrúdaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir 2001/20/CE.

Airteagal 12

Measúnú ar bhagairt sláinte agus slándála agus ullmhacht

1.   Forbróidh an Ghníomhaireacht cumas straitéiseach atá fianaisebhunaithe maidir le measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála chun forbairtí nua ar fheiniméan na ndrugaí a shainaithint go luath, ar forbairtí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shláinte, ar ghnóthaí sóisialta, ar shábháilteacht nó ar shlándáil san Aontas, agus tríd an méid sin a dhéanamh, chun cuidiú le hullmhacht na ngeallsealbhóirí ábhartha a mhéadú chun freagairt ar bhagairtí nua ar bhealach éifeachtach, tráthúil.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a sheoladh ar a tionscnamh féin bunaithe ar bhreithmheas inmheánach ar chomharthaí a eascraíonn as faireachán rialta, taighde nó foinsí faisnéise iomchuí eile. Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a sheoladh freisin arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1.

3.   Is éard a bheidh i measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála meastóireacht mhear ar fhaisnéis atá ann cheana agus, i gcás inar gá, ar bhailiú faisnéise nua trí líonraí faisnéise na Gníomhaireachta. Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna iomchuí um mhear-mheasúnaithe eolaíocha.

4.   I gcás, tar éis measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála, ina ndéanfaidh an Gníomhaireacht tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a tharraingt suas sa tuarascáil sin tabharfar tuairisc ar an mbagairt arna sainaithint, an staid reatha bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nach ndéanfaí aon ghníomhaíocht. Leagfar amach leis an tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála roghanna maidir le hullmhacht agus freagairt is féidir a ghlacadh chun an bhagairt arna sainaithint a mhaolú agus chun freagairt di, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, idirghabhálacha fianaisebhunaithe maidir le laghdú éilimh, laghdú riosca agus dochair agus téarnamh. D’fhéadfadh bearta leantacha a bheith sa tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála freisin. Seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála chuig an gCoimisiún agus, de réir mar is iomchuí, chuig na Ballstáit.

5.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a dhéanamh trí pháirt a thabhairt dóibh sa mheasúnú de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil an bhagairt fhéideartha faoi réir anailíse faoi shásra eile de chuid an Aontais cheana féin, ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála.

6.   Le comhaontú ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála ar bhagairtí a bhaineann le drugaí a eascraíonn as áiteanna lasmuigh den Aontas, ar bagairtí iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tsláinte, ar ghnéithe sóisialta, ar an tsábháilteacht nó ar an tslándáil laistigh den Aontas.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorás na staide agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sí na measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála cothrom le dáta dá réir.

Airteagal 13

Córas foláirimh Eorpach um dhrugaí

1.   Bunóidh agus bainisteoidh an Ghníomhaireacht córas mear-fholáirimh Eorpach um dhrugaí, ar córas é a chomhlánóidh na córais foláirimh náisiúnta ábhartha agus gan dochar dóibh. Beidh an córas foláirimh Eorpach um dhrugaí comhlántach leis an gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis maidir le riosca tromchúiseach díreach nó indíreach atá tagtha chun cinn i ndáil le drugaí ar riosca é do shláinte, do ghnéithe sóisialta, do shábháilteacht nó do shlándáil agus d’aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun freagra a chomhordú aon uair a fhaigheann siad amach faoin bhfaisnéis sin, mar shampla:

(a)

cineál agus foinse an riosca;

(b)

dáta agus áit an teagmhais lena mbaineann an riosca;

(c)

na modhanna nochta, tarchurtha nó scaipthe;

(d)

sonraí anailíseacha agus tocsaineolaíocha;

(e)

modhanna sainaitheantais;

(f)

rioscaí sláinte;

(g)

rioscaí sóisialta, sábháilteachta agus slándála;

(h)

bearta sláinte a cuireadh chun feidhme nó a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;

(i)

bearta seachas bearta sláinte;

(j)

aon fhaisnéis eile is ábhartha maidir leis an riosca tromchúiseach don tsláinte i dtrácht.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís agus measúnú ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí atá ar fáil maidir le rioscaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte agus comhlánóidh sí an fhaisnéis sin le haon fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil atá ar fáil ón gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus le measúnuithe eile ar bhagairtí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 12, ó chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird ar an bhfaisnéis foinse oscailte agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil a gheofar trína cuid uirlisí bailithe sonraí agus ó na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí a gheofar de bhun mhír 3, déanfaidh an Ghníomhaireacht fógraí mear-fholáirimh spriocdhírithe faoi riosca a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na pointí fócasacha náisiúnta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht roghanna freagartha a mholadh i bhfógraí riosca den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit na roghanna freagartha sin a mheas mar chuid dá bpleanáil ullmhachta agus dá ngníomhaíochtaí freagartha náisiúnta.

5.   Cuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi fhaisnéis bhreise atá ar fáil dóibh chun a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht anailís agus measúnú breise a dhéanamh ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 2 agus ar na bearta a cuireadh chun feidhme nó ar na bearta a rinneadh tar éis na fógraí mear-fholáirimh faoi riosca dá dtagraítear i mír 4 a fháil.

6.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go dlúth leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn sa phróiseas cumarsáide maidir le rioscaí.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht rannpháirtíocht sa chóras foláirimh Eorpach um dhrugaí a oscailt do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Beidh an rannpháirtíocht sin bunaithe ar chómhalartacht agus cuimseoidh sí bearta rúndachta a bheidh coibhéiseach leis na bearta is infheidhme sa Ghníomhaireacht.

8.   I ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, go háirithe leis na pointí fócasacha náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, córas foláirimh a fhorbairt chun faisnéis maidir le riosca sonracha chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, do dhaoine a úsáideann drugaí sonracha nó a d’fhéadfadh úsáid a bhaint astu.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a foláirimh maidir le drugaí a thabhairt cothrom le dáta, nuair is gá.

Airteagal 14

Réamhtheachtaithe drugaí

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún ó thaobh faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le hatreorú agus gáinneáil ar réamhtheachtaithe drugaí, agus ó thaobh measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathrú a dhéanamh ar an gcatagóir de shubstaintí sceidealaithe agus neamhsceidealaithe atá liostaithe, sin nó cur leis nó baint de, i ndáil le Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005, lena n-áirítear maidir lena n-úsáidí dleathacha agus aindleathacha a shainaithint agus a mheasúnú.

2.   Ullmhóidh an Ghníomhaireacht, aisti féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, tuarascáil ar mheasúnú ar bhagairt maidir le réamhtheachtaithe drugaí.

Airteagal 15

Líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha

1.   Bunóidh agus bainisteoidh an Ghníomhaireacht líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha atá gníomhach in imscrúduithe fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha ar dhrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann le drugaí (‘an líonra’).

2.   Feidhmeoidh an líonra go príomha mar fhóram chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí a ghiniúint agus faisnéis a mhalartú maidir le forbairtí agus treochtaí nua;

(b)

oiliúint a eagrú chun inniúlacht na saineolaithe drugaí fóiréinseacha agus tocsaineolaíochta a fheabhsú;

(c)

tacú le cur chun feidhme na scéimeanna dearbhaithe cáilíochta; agus

(d)

tacú le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar mhodhanna bailithe sonraí agus ar mhodhanna anailíseacha.

Cuirfear na pointí fócasacha náisiúnta ar an eolas ar bhonn rialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, maidir le gníomhaíochtaí an líonra. Beidh rochtain ag na pointí fócasacha náisiúnta ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna nginiúint ag an líonra.

3.   Beidh sé de cheart ag gach Ballstát, trína ionadaí ar an mBord Bainistíochta, suas le trí shaotharlann a cheapadh chuig an líonra, a bhfuil speisialtóireacht acu in anailís fhóiréinseach, tocsaineolaíocht nó réimsí ábhartha eile a bhaineann le drugaí, chun gníomhú mar shaotharlanna ionadaíocha náisiúnta. Saotharlanna nó saineolaithe breise atá gníomhach go háirithe in imscrúduithe fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha ar dhrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann le drugaí, féadfaidh an Ghníomhaireacht na saotharlanna sin a roghnú le haghaidh tionscadail ar leith.

4.   Beidh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ina chomhalta den líonra agus beidh sé ina ionadaí don Choimisiún sa líonra.

5.   Comhoibreoidh an líonra go dlúth leis na líonraí agus leis na heagraíochtaí atá ann cheana féin agus atá gníomhach sna réimsí céanna leis an líonra agus cuirfidh sé a gcuid oibre san áireamh chun forluí a sheachaint. Cuirfear líonra Reitox ar an eolas go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi obair an líonra.

6.   Is í an Ghníomhaireacht a bheidh ina cathaoirleach ar an líonra agus tionólfaidh sí cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana. Féadfaidh an líonra a chinneadh meithleacha a chruthú ar a bhféadfaidh comhaltaí den líonra cathaoirleacht a dhéanamh.

7.   Cuirfidh an líonra ar a cumas don Ghníomhaireacht rochtain a fháil ar shonraí fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha, arna nginiúint nó arna mbailiú ag saotharlanna an líonra lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí sícighníomhacha nua.

8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tionscadail shonracha a shainaithint agus a mhaoiniú chun obair an líonra a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí agus bunaithe ar rialacha agus nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha. Bunóidh an Ghníomhaireacht na rialacha agus na nósanna imeachta sin sula ndéanfaidh sí na tionscadail sin a shainaithint.

9.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí chun an fhaisnéis agus na sonraí arna mbailiú nó arna nginiúint ag an líonra a stóráil, a anailísiú agus a chur ar fáil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 6(8) agus Airteagal 49.

CAIBIDIL IV

Forbairt inniúlachtaí

Airteagal 16

Idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus múscailt feasachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirghabhálacha fianaisebhunaithe agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le, agus feasacht a mhúscailt faoi, éifeachtaí díobhálacha drugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus díobhála, athshlánú, athimeascadh sa tsochaí agus téarnamh. I gcás inarb ábhartha, glacfaidh an Ghníomhaireacht cur chuige atá inscne-íogair agus cuirfidh sí gné na haoise san áireamh. Féadfar idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta a oiriúnú don chomhthéacs náisiúnta agus a chur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta agus, nuair is gá, féadfar iad a dhíriú ar ghrúpaí sonracha.

2.   Beidh idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na noirm i ndáil le cearta an duine agus an dearcadh polaitiúil a leagtar amach sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme ón Aontas a bhaineann le drugaí.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme na gcaighdeán cáilíochta atá ann cheana chun drugaí a chosc a chur chun cinn agus iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá. Cuirfidh an Ghníomhaireacht oiliúint nó tacaíocht ar fáil de bhun Airteagal 19. Forbróidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin cháilíochta do laghdú riosca agus díobhála, do chóireáil, do théarnamh, do chúram agus d’athshlánú.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht a thairiscint do na Ballstáit agus cuideoidh sí leo, faoi réir a réamh-chomhaontú, idirghabhálacha náisiúnta a fhorbairt i réimse a sainordaithe.

Airteagal 17

Scéim measúnaithe le haghaidh bearta náisiúnta

1.   Arna iarraidh sin d’údarás náisiúnta de chuid tír rannpháirteach, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhearta náisiúnta i gcomhréir leis an bprótacal oibríochta caighdeánach dá bhforáiltear i mír 3.

2.   Sula ndéanfaidh sí measúnú ar bheart náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht air agus déanfaidh sí anailís ar an gcomhlíonann sé staid na himeartha eolaíoch is déanaí agus an bhfuil cruthúnas ann go bhfuil sé úsáideach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí dearbhaithe atá aici.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht nós imeachta um measúnú. Leagfaidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta um measúnú amach ar bhealach trédhearcach i bprótacal oibríochta caighdeánach. Formheasfaidh an Bord Bainistíochta an prótacal oibríochta caighdeánach agus aon athrú air sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm é.

4.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Bord Bainistíochta ar an eolas go tráthrialta faoi na measúnuithe a dhéanfaidh sí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18

Tacaíocht do na Ballstáit

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú le meastóireacht neamhspleách ar a bheartais maidir le drugaí agus le beartais fianaisebhunaithe maidir le drugaí a fhorbairt i gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht a thairiscint do na Ballstáit agus, faoi réir a réamh-chomhaontaithe, cuideoidh sí leo lena mbeartais náisiúnta maidir le drugaí, a gcaighdeáin cháilíochta, a ndea-chleachtais agus a gcuir chuige nuálacha a chur chun feidhme. Éascóidh an Ghníomhaireacht malartuithe faisnéise, lena n-áirítear maidir leis an dlí ábhartha agus dea-chleachtais, idir údaráis agus saineolaithe náisiúnta.

3.   Nuair a thacaíonn sí le meastóireacht ar bheartais drugaí, gníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhspleách agus beidh a caighdeáin eolaíocha agus cur chuige fianaisebhunaithe ina dtreoir di.

Airteagal 19

Oiliúint

Faoi chuimsiú raon feidhme a sainordaithe agus i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

oiliúint speisialaithe agus curaclaim speisialaithe a chur ar fáil i réimsí a bhaineann le leas an Aontais agus i réimsí ábhartha;

(b)

uirlisí agus córais tacaíochta a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil chun malartú eolais ar fud an Aontais a éascú;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun tionscnaimh oiliúna agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta a eagrú.

Airteagal 20

Comhar idirnáisiúnta agus cúnamh teicniúil

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

creat um chomhar idirnáisiúnta a fhorbairt, rud a bheidh le formheas ag an mBord Bainistíochta faoi réir formheas roimh ré ón gCoimisiún, agus treoróidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse an chomhair idirnáisiúnta;

(b)

oibriú go gníomhach i gcomhar leis na heagraíochtaí agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1);

(c)

tacú le malartú agus scaipeadh dhea-chleachtais an Aontais agus le malartú agus scaipeadh torthaí taighde is féidir a chur chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(d)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar fheiniméan idirnáisiúnta na ndrugaí a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don Aontas nó a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu don Aontas trí fhaireachán agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ar fáil ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ó údaráis náisiúnta, ó thorthaí taighde agus ó fhoinsí ábhartha eile faisnéise;

(e)

sonraí agus anailís ar staid na ndrugaí san Eoraip a sholáthar i gcruinnithe idirnáisiúnta iomchuí agus i bhfóraim theicniúla iomchuí, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit san idirphlé idirnáisiúnta maidir le drugaí;

(f)

é a chur chun cinn go n-ionchorprófar na sonraí uile is ábhartha maidir le drugaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus arna mbailiú sna Ballstáit nó a thagann as an Aontas i gcláir faireacháin idirnáisiúnta agus i gcláir rialaithe drugaí, go háirithe na cláir sin a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir le faisnéis a tharchur faoi Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí;

(g)

tacú leis na Ballstáit le tuairisciú na faisnéise ábhartha agus le soláthar na hanailíse is gá do chóras na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile a bhaineann le substaint shícighníomhach nua a chur faoi bhráid UNODC agus faoi bhráid na hEagraíochta Domhanda Sláinte;

(h)

tacú le tríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, a mbeartais drugaí a fhorbairt i gcomhréir le prionsabail a leagtar amach sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt don mheastóireacht neamhspleách ar a gcuid beartas agus na tríú tíortha sin a spreagadh chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus lena rannpháirteachas i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht beartas drugaí.

2.   Beidh sé mar aidhm leis an gcreat comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tacú le hiarrachtaí tríú tíortha aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna drugaí ar bhealach fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach agus i gcomhréir iomlán leis na noirm idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus na hiarrachtaí sin a neartú a thuilleadh. Leis an gcreat comhair idirnáisiúnta sin, cuirfear san áireamh doiciméid bheartais ábhartha an Aontais agus breathnófar ar fhorbairtí fheiniméan na ndrugaí. Leagfar amach ann na tíortha tosaíochta nó na réigiúin tosaíochta maidir le comhar agus príomhthorthaí an chomhair freisin. Cuirfear san áireamh ann freisin an taithí agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht agus athbhreithniú rialta ar an gcreat um chomhar idirnáisiúnta.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus faoi réir formheas ón mBord Bainistíochta, aistreoidh an Ghníomhaireacht a saineolas chuig tríú tíortha agus soláthróidh sí cúnamh teicniúil do thríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, i gcomhréir leis an gcreat comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

Díreoidh an cúnamh teicniúil, go háirithe, ar bhunú nó ar chomhdhlúthú pointí fócasacha náisiúnta, córas bailithe sonraí náisiúnta, córais luathrabhaidh náisiúnta agus ar chur chun cinn dea-chleachtas i réimsí an choisc, na cóireála, an chúraim, an laghdaithe riosca agus díobhála, an athshlánaithe, an athimeasctha sa tsochaí agus an téarnaimh, agus ina dhiaidh sin cabhróidh sé le naisc struchtúracha leis an gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus le líonra Reitox a chruthú agus a neartú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí náisiúnta tríú tír i gcás ina n-iarrann an tríú tír sin go ndéanfadh sí amhlaidh.

4.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 54.

Airteagal 21

Taighde agus nuálaíocht

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ar cláir iad atá ábhartha chun a cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a bhaint amach. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an trasnachas mar phrionsabal trasearnálach ina gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde. I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, nó chun clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní bhfaighidh an Ghníomhaireacht maoiniú ón gclár sin.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht gníomhach ó thaobh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun na cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a chomhlíonadh, agus cuirfidh sí leis na gníomhaíochtaí sin freisin, agus ina theannta sin tacóidh sí le gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid na mBallstát agus cuirfidh sí chun cinn a gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a gcumhdaítear sa Rialachán seo lena n-áirítear forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam chun uirlisí a fhorbairt. Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta den sórt sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i gcomhréir leis na rialacha slándála dá bhforáiltear in Airteagal 49.

3.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú thimthriall an taighde agus na nuálaíochta agus glacfaidh sí páirt sna gníomhaíochtaí sin, mar shampla Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh don tSlándáil Inmheánach agus an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, arna bhunú le Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 (26).

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirthionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a phleanáil agus a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i gcur chun feidhme na dtreoirthionscadal dá dtagraítear i mír 4. Poibleoidh sí faisnéis faoina tionscadail taighde, lena n-áirítear tionscadail taispeána. Áireofar san fhaisnéis sin na comhpháirtithe comhair lena mbaineann agus buiséad an tionscadail.

6.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí ina ndéanfar cláir thaighde a bhaineann le drugaí a stóráil, a anailísiú agus a chur ar fáil.

CAIBIDIL V

Eagrú na Gníomhaireachta

Airteagal 22

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

1.   Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)

Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 24;

(b)

Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 28;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 30;

(d)

Coiste Eolaíoch a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 31; agus

(e)

Líonra Reitox.

2.   Ní bheidh aon leasanna airgeadais ná aon leasanna eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht ag comhaltaí struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta. Gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus cuirfidh siad a ngníomhaíochtaí i gcrích ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus trédhearcach. Déanfaidh siad dearbhú bliantúil maidir lena leasanna, a fhéadfaidh a bheith inrochtana arna iarraidh sin.

Airteagal 23

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Is mar a leanas a bheidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta:

(a)

ionadaí amháin ó gach Ballstát, ag a mbeidh ceart vótála;

(b)

beirt ionadaithe ón gCoimisiún ag a mbeidh ceart vótála.

2.   Sa Bhord Bainistíochta, beidh:

(a)

beirt saineolaithe neamhspleácha arna n-ainmniú ag Parlaimint na hEorpa, atá eolach go háirithe i réimse na ndrugaí, agus ag a bhfuil ceart vótála;

(b)

ionadaí amháin ó gach tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aici leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 54, gan ceart vótála.

3.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus an comhalta sin as láthair agus féadfaidh sé nó sí freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

4.   I dtaca le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha, ceapfar iad i bhfianaise a gcuid eolais sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), agus na scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá acu á gcur san áireamh. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Beidh sé d’aidhm ag na páirtithe uile cothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt, mar bhreathnóirí, d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar leo i gcomhréir le hAirteagal 53.

6.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Téarma in-athnuaite a bheidh sa téarma sin.

Airteagal 24

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a threorú go ginearálta;

(b)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 36 a ghlacadh sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;

(c)

tar éis an tuairim ón gCoimisiún a fháil, doiciméad clársceidealaithe aonair na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála;

(d)

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad na Gníomhaireachta i gcomhréir le Caibidil VI;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a mheasúnú agus a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, an tuarascáil agus an measúnú uirthi araon a sheoladh faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a áirithiú go gcuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;

(f)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42;

(g)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis na rioscaí calaoise, agus costais agus sochair na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(h)

straitéis a ghlacadh chun gnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a bhaint amach le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

(i)

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, comhaltaí an Choiste Eolaíoch agus comhaltaí líonra Reitox, agus le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 44, agus foilseoidh sé go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta dearbhuithe leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta;

(j)

an prótacal oibríochta caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(3) a fhormheas;

(k)

creat idirnáisiúnta um chomhar de chuid na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), agus na cláir um chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(3) a fhormheas;

(l)

an leibhéal cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(5) a fhormheas;

(m)

na straitéisí cumarsáide agus na pleananna scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 5(8) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(n)

glacfaidh sé a rialacha nós imeachta, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad, lena n-áirítear rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú;

(o)

i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, feidhmeoidh sé, i dtaobh bhaill foirne na Gníomhaireachta, na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na ‘Rialacháin Foirne’) don údarás ceapacháin agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’) don údarás atá cumhachtaithe chun conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (27), (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(p)

i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(q)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an téarma oifige nó cinneadh maidir le cur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 29;

(r)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh neamhspleách agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta á gcomhlíonadh;

(s)

comhaltaí an Choiste Eolaíoch a cheapadh;

(t)

an liosta saineolaithe a bheidh le húsáid chun an Coiste Eolaíoch a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 31(6) a fhormheas;

(u)

cinntí a dhéanamh tar éis an mheasúnaithe ar na pointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35;

(v)

an modh chun táillí a ríomh agus an chaoi a n-íoctar táillí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 38;

(w)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a thiocfaidh as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom (28) ón gCoimisiún agus ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (29), dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo;

(x)

gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta agus iad a mhodhnú, i gcás inar gá, agus riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh agus ag féachaint do bhainistiú buiséadach fónta;

(y)

socruithe oibre a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar bhonn Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 25

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí na mBord Bainistíochta ag a bhfuil ceart vótála.

2.   Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, i gcás ina gcuirfear bac uirthi nó air a cuid nó a chuid dualgas a chomhlíonadh.

3.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

4.   Leagfar amach an nós imeachta mionsonraithe le haghaidh thoghadh an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 26

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionóil.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bpléití an Bhoird Bainistíochta.

3.   Tionólfar gnáthchruinniú amháin ar a laghad de chuid an Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.

5.   Faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

6.   Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 27

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar d’Airteagal 24(1), pointí (c) agus (d), d’Airteagal 25(1), d’Airteagal 35(6), Airteagal 29(8) ná d’Airteagal 53(2), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta le tromlach dá chomhaltaí uile ag a bhfuil ceart vótála.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil cearta vótála. In éagmais comhalta ag a bhfuil ceart vótála, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

5.   Bunófar socruithe vótála níos sonraí le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 28

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair sin dá bhforáiltear sna rialacha airgeadais arna nglacadh de bhun Airteagal 42 agus nach bhforchoimeádtar don Bhord Bainistíochta faoin Rialachán seo;

(b)

obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí is toradh ar thuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar mheastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ar imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE dá dtagraítear in Airteagal 48

(c)

gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, a leagtar amach in Airteagal 30, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta, d’fhonn maoirseacht ar bhainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

2.   I gcás inar gá, mar thoradh ar phráinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh in ionad an Bhoird Bainistíochta, go háirithe faoi ábhair bainistithe riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí agus ábhair bhuiséadacha. Leagfar amach na coinníollacha maidir le cinntí sealadacha den sórt sin a dhéanamh i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, beirt chomhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála agus an bheirt ionadaithe ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta.

Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin.

Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin mar bhreathnóir. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí eile freastal ar a chuid cruinnithe.

4.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige ar an mBord Feidhmiúcháin in éag go huathoibríoch ar an dáta sin..

5.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin gach bliain. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

6.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chinneadh trí chomhthoil i measc a chomhaltaí. Mura mbeidh an Bord Feidhmiúcháin in ann cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, cuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta.

7.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

Airteagal 29

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, ó liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Déanfar glao ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i meáin iomchuí eile mar chuid den nós imeachta roghnúcháin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta maidir leis an dréachtghlao ar léirithe spéise. Féadfaidh an Coimisiún ionadaí ón mBord Bainistíochta a áireamh mar bhreathnóir sa nós imeachta roghnúcháin.

Sula gceapfaidh an Bord Bainistíochta iad do phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, féadfar a iarraidh ar na hiarrthóirí ar an ngearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, gan mhoill, ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt. Tar éis di éisteacht leis an ráiteas agus na freagraí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim a ghlacadh lena leagfar amach a dearcthaí, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

3.   Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

4.   Is 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear ionchur roimhe ré ón mBord Bainistíochta, agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear an measúnú dá dtagraítear i mír 4 san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.

Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh, gan mhoill, os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

6.   Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh, ní fhéadfaidh sé páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse iomláine.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais rúndachta is infheidhme, faoi na cúiseanna atá le cinneadh den sórt sin.

8.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí maidir le ceapachán, le síneadh téarma oifige nó le cur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar bhonn tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála.

Airteagal 30

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as bainistiú na Gníomhaireachta. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, nó an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a dualgas nó a dhualgas agus ní iarrfaidh sé nó ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.   Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú a dualgas nó a dhualgas nuair a iarrtar sin uirthi nó air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a dualgas nó a dhualgas.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil don Ghníomhaireacht.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme chúraimí sonracha na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 5. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 36 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(f)

an leibhéal cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(5), a mholadh don Bhord Bainistíochta, i gcás ina bhfuil cómhaoiniú den sórt sin le deonú do na pointí fócasacha náisiúnta;

(g)

an modh chun táillí a ríomh agus chun an chaoi a n-íoctar táillí a mholadh don Bhord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 38;

(h)

plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i ndáil le conclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus le conclúidí imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE, dá dtagraítear in Airteagal 48, agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Feidhmiúcháin ar bhonn rialta, maidir leis an dul chun cinn at déanta;

(i)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm agus trí aon iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ar ina leith a d’fhéadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú;

(j)

straitéis frithchalaoise, agus straitéisí gnóthachan éifeachtúlachta agus sineirgí a ullmhú don Údarás agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena bhformheas;

(k)

an dréacht de na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;

(l)

dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú, agus a buiséad a chur chun feidhme.

6.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a phostáil in institiúidí an Aontais agus i gcomhlachtaí, oifigigh agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais chun cúraimí na Gníomhaireachta a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. Sonrófar i gcinntí chun oifigigh idirchaidrimh a phostáil, ar bhealach ina seachnófar costais neamhriachtanacha, agus nach ndéanfar feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta faoi dhó, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh na hoifigigh idirchaidrimh.

7.   I gcás ina n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air nó uirthi, freastalóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, gan aon mhoill mhíchuí, ar chruinnithe arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, de réir mar a bheidh, faoi aon ábhar a bhaineann le sainordú na Gníomhaireachta.

Airteagal 31

An Coiste Eolaíoch

1.   Beidh an Coiste Eolaíoch comhdhéanta de sheachtar eolaí ar a laghad agus de 15 eolaí ar a mhéad arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta i bhfianaise a sármhaitheasa san eolaíocht agus a neamhspleáchais, tar éis glao ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i meáin iomchuí eile. Cuirfidh an Ghníomhaireacht coiste inniúil nó coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na ceapacháin chuig an gCoiste Eolaíoch agus faoina cuid oibre. Áiritheofar leis an nós imeachta chun comhaltaí an Choiste Eolaíoch a roghnú go gcumhdóidh sainréimsí chomhaltaí an Choiste Eolaíoch na réimsí is ábhartha a bhaineann le cuspóirí na Gníomhaireachta. Beidh sé d’aidhm ag na páirtithe a mbeidh baint acu le comhaltaí a cheapadh ar an gCoiste Eolaíoch ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach sa Choiste Eolaíoch.

2.   Déanfar comhaltaí an Choiste Eolaíochta a cheapadh ina gcáil phearsanta ar feadh tréimhse 4 bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin.

3.   Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíoch neamhspleách agus gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail. Ní iarrfaidh siad agus ní thógfaidh siad treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

4.   I gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta na critéir neamhspleáchais a thuilleadh, cuirfidh sí nó sé an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi. De rogha air sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a dhearbhú, de bharr moladh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad nó ón gCoimisiún, go bhfuil easpa neamhspleáchais ann de pháirt comhalta agus ceapachán an duine lena mbaineann a chúlghairm. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhalta nua ar feadh na coda den téarma oifige atá fágtha ag an gcomhalta sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta chun Gnáthchomhaltaí a cheapadh.

5.   Tabharfaidh an Coiste Eolaíochta tuairim uaidh ar aon ábhar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, sin nó ar aon ábhar eolaíoch a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fhéadfaidh an Bord Bainistíochta nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur faoina bhráid. Foilseofar tuairimí an Choiste Eolaíoch ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

6.   Chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann le substaint shícighníomhach nua nó le grúpa substaintí sícighníomhacha nua, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Coiste Eolaíoch a mhéadú, ag gníomhú dó ar bhonn comhairle ó Chathaoirleach an Choiste Eolaíoch, a mhéid a mheasann sé a bheith riachtanach, trí shaineolaithe a chur leis atá ionadaíoch do na réimsí eolaíocha is ábhartha chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cothrom ar na rioscaí a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí sícighníomhacha nua. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na saineolaithe sin a ainmniú as liosta saineolaithe. Formheasfaidh an Bord Bainistíochta an liosta saineolaithe gach 4 bliana.

7.   Toghfaidh an Coiste Eolaíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar feadh fhad shainordú an Choiste Eolaíoch. Féadfaidh an Cathaoirleach a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóra.

8.   Tiocfaidh an Coiste Eolaíochta le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.

9.   Cuirfear an liosta de chomhaltaí an Choiste Eolaíoch ar fáil don phobal agus déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta a thabhairt cothrom le dáta ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 32

An Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí

1.   Tríd an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí (‘líonra Reitox’), rannchuideoidh na Ballstáit le cúram na Gníomhaireachta faisnéis chaighdeánaithe chomhsheasmhach maidir le feiniméan na ndrugaí ar fud an Aontais a bhailiú agus a thuairisciú. Is éard a bheidh i líonra Reitox na pointí fócasacha náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 33 agus pointe fócasach don Choimisiún.

2.   Toghfaidh líonra Reitox Urlabhraí agus idir Leas-Urlabhraí amháin agus triúr Leas-Urlabhraithe as measc a chomhaltaí. Déanfaidh an tUrlabhraí ionadaíocht ar líonra Reitox i ndáil leis an nGníomhaireacht agus ceadófar di nó dó páirt mar bhreathnóir a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

3.   Tionólfar ar a laghad gnáthchruinniú amháin de chuid líonra Reitox gach bliain. Is í an Ghníomhaireacht a thionólfaidh na cruinnithe agus a dhéanfaidh cathaoirleacht orthu. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú ar thionscnamh a Urlabhraí, arna iarraidh sin do thrian dá chomhaltaí.

Airteagal 33

Pointe fócasach náisiúnta

1.   Ainmneoidh gach tír rannpháirteach pointe fócasach náisiúnta amháin, arna bhunú trí bhearta dlíthiúla nó riaracháin náisiúnta iomchuí ar bhonn buan agus a mbeidh sainordú soiléir aige. Ainmniú an phointe fhócasaigh náisiúnta agus ceapadh cheannaire an phointe fhócasaigh náisiúnta, mar aon le haon athrú ar na ceapacháin sin, cuirfear in iúl don Ghníomhaireacht iad trí chomhalta náisiúnta an Bhoird Bainistíochta.

2.   Áiritheoidh an t-údarás náisiúnta freagrach go gcuirfear de chúram ar an bpointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2). Is é ceannasaí an phointe fhócasaigh náisiúnta nó duine malartach a bheidh ina ionadaí don phointe fócasach náisiúnta i líonra Reitox.

3.   Beidh pointí fócasacha náisiúnta neamhspleách ó thaobh na heolaíochta de agus áiritheoidh siad cáilíocht a gcuid sonraí.

4.   Déanfaidh pointí fócasacha náisiúnta a ngníomhaíochtaí a phleanáil roimh ré agus beidh na hacmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus na hacmhainní daonna acu arna leithdháileadh leis na buiséid náisiúnta agus arna gchómhaoiniú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun a sainordú agus a gcúraimí, a leagtar amach in Airteagal 34(2), a chur i gcrích, agus beidh dóthain trealaimh agus saoráidí aige chun tacú lena ngníomhaíochtaí laethúla.

5.   Is le deontas arna thabhairt ag an nGníomhaireacht a chómhaoineofar croíchostais phointe fócasach náisiúnta gach Ballstáit ar choinníoll go comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Chun an cómhaoiniú sin a fháil, síneoidh an pointe fócasach náisiúnta comhaontú maidir le deontais leis an nGníomhaireacht ar bhonn bliantúil. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a mholfaidh leibhéal an chómhaoinithe íosta, formheasfaidh an Bord Bainistíochta é agus déanfar athbhreithniú rialta air. Féadfaidh an Ghníomhaireacht maoiniú breise a chur ar fáil do phointí fócasacha náisiúnta ar bhonn ad hoc as a rannpháirtíocht i dtionscadail shonracha agus as cur chun feidhme na dtionscadal sin.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar phointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35.

Airteagal 34

Cúraimí na bpointí fócasacha náisiúnta

1.   Is iad na pointí fócasacha náisiúnta a bheidh ina gcomhéadan agus ina n-idirghníomhaíochtaí tacaíochta ag na tíortha rannpháirteacha agus an Ghníomhaireacht.

2.   D’fhonn tacú leis an nGníomhaireacht a cuid cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a bhaint amach, agus rannchuidiú ar an gcaoi sin le gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais, cuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(a)

d’fhonn na sonraí sin a chur in iúl don Ghníomhaireacht, comhordú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus faireachán sonraí a bhaineann le drugaí;

(b)

faisnéis agus sonraí ábhartha náisiúnta a bhailiú sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 4, i gcomhréir leis an bpacáiste náisiúnta tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht; tríd an méid sin a dhéanamh, tabharfaidh an pointe fócasach náisiúnta le chéile taithí ó earnálacha éagsúla, go háirithe an tsláinte, an ceartas agus forfheidhmiú an dlí, agus oibreoidh sé, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le saineolaithe agus le heagraíochtaí náisiúnta, leis an bpobal eolaíochta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile atá gníomhach i réimse an bheartais maidir le drugaí;

(c)

rannchuidiú le faireachán ar dhrugaí agus ar úsáid drugaí agus le tuairisciú orthu, lena n-áirítear d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

tacú, de réir mar is iomchuí, le forbairt foinsí nua sonraí eipidéimeolaíocha chun dlús a chur le tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar threochtaí maidir le húsáid substaintí;

(e)

tacú le cleachtaí bailithe sonraí ad hoc agus spriocdhírithe i ndáil le bagairtí nua sláinte agus slándála;

(f)

faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoi threochtaí agus dhúshláin nua maidir le húsáid substaintí sícighníomhacha atá ann cheana nó faoi mheascáin nua de shubstaintí sícighníomhacha a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo don tsláinte agus le faisnéis faoi bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann leis an tsláinte;

(g)

rannchuidiú le malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus leis an gcóras luathrabhaidh ina leith, i gcomhréir le Caibidil III;

(h)

rannchuidiú le príomhtháscairí ábhartha agus tacair sonraí ábhartha eile a bhunú, lena n-áirítear treoirlínte dá gcur chun feidhme, d’fhonn faisnéis iontaofa inchomparáide a fháil ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(i)

saineolaithe náisiúnta a ainmniú, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, le haghaidh plé sonrach ar na táscairí ábhartha agus do ghníomhaíochta eile ad hoc agus spriocdhírithe maidir le bailiú sonraí;

(j)

úsáid na bprótacal agus na gcaighdeán maidir le bailiú sonraí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a chur chun cinn chun faireachán a dhéanamh ar dhrugaí agus ar úsáid drugaí sa tír;

(k)

tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí a thíolacadh don Ghníomhaireacht agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile;

(l)

sásraí dearbhaithe cáilíochta eile a chur chun feidhme chun iontaofacht na sonraí agus na faisnéise a fhaigheann sé a áirithiú.

3.   I gcomhréir lena gcumas, déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta faireachán, anailís agus léirmhíniú ar fhaisnéis ábhartha sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 4. Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta an fhaisnéis sin agus faisnéis faoi na beartais agus na réitigh a cuireadh i bhfeidhm, a sholáthar don Ghníomhaireacht.

4.   Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta an comhar is gá leis na húdaráis, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú agus a chothabháil, d’fhonn an fhaisnéis a bhailiú atá uathu chun a gcúraimí a chur i gcrích de bhun mhír 2.

5.   Agus sonraí á mbailiú acu de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcás inar féidir, go mbeidh na sonraí a bhaileofar imdhealaithe de réir gnéis nó inscne. Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta na gnéithe inscne-íogaire a bhaineann leis an mbeartas drugaí a chur san áireamh agus sonraí á mbailiú agus á dtíolacadh acu de bhun an Airteagail seo. Ní tharchuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta aon sonraí lena bhféadfaí daoine aonair ná grúpaí beaga daoine aonair a aithint. Staonfaidh siad ó aon fhaisnéis a bhaineann le daoine aonair sonracha a tharchur.

Airteagal 35

Measúnú ar na pointí fócasacha náisiúnta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a mheas an rannchuidíonn gach pointe fócasach náisiúnta, trí na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2) a chur i gcrích, le baint amach na gcúraimí atá ar an nGníomhaireacht. Níor cheart measúnuithe den sórt sin a bheith bainteach le feidhmeanna eile de chuid an chomhlachta a bhfuil an pointe fócasach náisiúnta á óstáil aige ná leis an struchtúr foriomlán ina bhfuil an pointe fócasach náisiúnta daingnithe.

2.   Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 ar fhaisnéis ábhartha a bheidh le soláthar ag an bpointe fócasach náisiúnta. Más gá, féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairt a thabhairt ar an bpointe fócasach náisiúnta.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach measúnú a dhéanann sé de bhun mhír 1 a thíolacadh don phointe fócasacha náisiúnta agus don údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann. Féadfar a áireamh i measúnuithe moltaí maidir le cur i gcrích na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2), amlíne a leagan síos chun iad a chur chun feidhme agus tairiscint tacaíochta ón nGníomhaireacht don phointe fócasach náisiúnta chun acmhainní a fhorbairt.

4.   I gcás inar eisíodh moltaí, mar aon le hamlíne lena gcur chun feidhme de bhun mhír 3 cuirfidh an pointe fócasach náisiúnta lena mbaineann in iúl don Ghníomhaireacht go nglacann siad leis an moladh nó, i gcás easaontais, tabharfaidh sé a thuairim réasúnaithe i scríbhinn don Ghníomhaireacht.

5.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht toradh measúnaithe a dhéantar de bhun mhír 1 in iúl don Bhord Bainistíochta ag a chéad chruinniú tar éis don Ghníomhaireacht an measúnú a chríochnú. I gcás easaontas idir an Ghníomhaireacht agus an pointe fócasach náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht an measúnú, na moltaí agus an amlíne lena gcur chun feidhme a thíolacadh le haghaidh fhormheas an Bhoird Bainistíochta ag a chéad chruinniú eile trí thromlach a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála i gcomhréir le hAirteagal 23. Ní ghlacfaidh ionadaí an Bhallstáit lena mbaineann páirt sa vótáil sin.

6.   Más rud é, faoin am a shonraítear i measúnú dá dtagraítear i mír 1, nach gcomhlíonann an pointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag an gcéad chruinniú tar éis an ama arna shonrú sa mheasúnú ag tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, i gcomhréir le hAirteagal 23, cinneadh maidir le gan chómhaoiniú a sholáthar go dtí go ndéanfaidh an pointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2) a chur i gcrích. Ní ghlacfaidh ionadaí an Bhallstáit lena mbaineann páirt sa vótáil sin.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an chéad mheasúnú de bhun mhír 1 ar gach pointe fócasach náisiúnta go léir faoin 3 Iúil 2026. Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú rialta ar phointí fócasacha náisiúnta go tráthrialta ina dhiaidh sin, de réir mar is gá.

CAIBIDIL VI

Forálacha airgeadais

Airteagal 36

Doiciméad clársceidealaithe aonair

1.   Faoin 15 Nollaig gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil agus gach doiciméad a liostaítear in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (30), bunaithe ar dhréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus i ndáil le clársceidealú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan cloí le gnéithe den tuairim ón gCoimisiún nó gnéithe a eascraíonn as dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó leis an gCoiste Eolaíoch, tabharfaidh sé an bonn cirt leis sin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

Beidh an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair críochnaitheach a luaithe a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go cinntitheach agus déanfar é a choigeartú dá réir, más gá sin.

2.   Sa chlár oibre bliantúil beidh cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhleanúnach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

Áireofar sa chlársceidealú ilbhliantúil nó bliantúil an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme an chreata maidir le comhar idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcreat sin. Áireofar ann freisin na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe ag an nGníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 21.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás.

Aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil, déanfar é a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

4.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus líon na foirne.

Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an clársceidealú ilbhliantúil cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí agus, go háirithe, chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 51.

5.   Déanfar na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715.

Airteagal 37

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

2.   Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d’acmhainní eile, cuimseofar in ioncam na Gníomhaireachta na nithe seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

na táillí a íocadh as seirbhísí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 38;

(d)

aon ranníocaíocht airgeadais ó na heagraíochtaí agus na comhlachtaí agus na tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54, faoi seach; agus

(e)

cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht indíreach nó i bhfoirm deontas ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.

4.   Déanfar méid agus tionscnamh aon ioncaim dá dtagraítear i mír 3, pointí (b) go (e), a áireamh i gcuntais bhliantúla na Gníomhaireachta agus beidh siad mionsonraithe go soiléir sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

5.   Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta. Féadfaidh caiteachas chun tacú leis na pointí fócasacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 33(5) a bheith san áireamh sna costais oibriúcháin.

Airteagal 38

Táillí

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na seirbhísí breise seo a leanas a sholáthar, arna iarraidh sin:

(a)

oiliúint saincheaptha;

(b)

gníomhaíochtaí áirithe chun tacú le Ballstáit nár sainaithníodh mar ábhar tosaíochta ach a d’fhéadfadh a bheith tairbhiúil má tá acmhainní náisiúnta ina dtaca leo;

(c)

cláir forbartha acmhainneachta le haghaidh tríú tíortha nach gcumhdaítear le cistiú tiomnaithe ar leith ón Aontas;

(d)

measúnú ar na comhlachtaí náisiúnta a bunaíodh i dtríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, de bhun Airteagal 20(3);

(e)

seirbhísí saincheaptha eile a thugtar, arna iarraidh sin do thír rannpháirteach, ar gá acmhainní breise a infheistiú iontu chun tacú le gníomhaíochtaí náisiúnta.

Gearrfaidh an Ghníomhaireacht táillí as seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sheachadadh.

2.   Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, socróidh an Bord Bainistíochta, ar bhealach trédhearcach, an modh chun na táillí a ríomh agus chaoi a n-íoctar iad.

3.   Beidh na táillí comhréireach leis na costais a bhaineann leis an tseirbhís arna seachadadh ar bhealach costéifeachtach agus beidh siad leordhóthanach chun na costais sin a chumhdach. Socrófar táillí ar cibé leibhéal ar a áiritheofar go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go seachnófar leo ualach míchuí airgeadais nó riaracháin a chur ar na páirtithe leasmhara.

4.   Socrófar táillí a ag leibhéal lena seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais i mbuiséad na Gníomhaireachta. I gcás ina mbeidh comhardú dearfach suntasach sa bhuiséad, mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear le táillí, comhardú a bheidh ann arís agus arís eile, nó i gcás ina mbeidh comhardú diúltach suntasach ann mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear le táillí, déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an modh chun na táillí a ríomh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2.

5.   I gcás inarb infheidhme, áireoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar na táillí a toibhíodh agus a dtionchar ar bhuiséad na Gníomhaireachta mar chuid den nós imeachta maidir le cuntais a thíolacadh a leagtar síos in Airteagal 41.

Airteagal 39

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas sealadach a tharraingt suas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, bunaithe ar an dréacht dá dtagraítear i mír 1, dréachtráiteas sealadach ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn.

3.   Seolfar an dréachtráiteas sealadach ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtráiteas críochnaitheach ar mheastacháin chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta.

4.   Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an údarás buiséadach mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá maidir leis an bplean bunaíochta agus suim an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta a iontráil i réamhdhréacht buiséad ginearálta an Aontais agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

6.   Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Beidh an buiséad críochnaitheach a luaithe a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go cinntitheach. I gcás inar gá, déanfar an buiséad a choigeartú dá réir.

9.   Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le haon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta.

Airteagal 40

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Gach bliain, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis na nósanna imeachta meastóireachta a leagtar amach in Airteagal 51 chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 41

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

2.   Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas faoina fhreagracht féin nó faoina freagracht féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

7.   Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht leis an tuairim ón mBord Bainistíochta, a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

9.   Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chuig Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 42

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus mura rud é gur thug an Coimisiún toiliú don imeacht sin roimh ré.

CAIBIDIL VII

Foireann

Airteagal 43

Foráil ghinearálta

1.   Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

2.   I gcás ina bhfostóidh an Ghníomhaireacht baill foirne ó thríú tíortha tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a comhlíonadh.

Airteagal 44

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne ná ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht ná le baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

CAIBIDIL VIII

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 45

Pribhléidí agus díolúintí

Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus CFAE, beidh feidhm aige maidir leis an nGníomhaireacht agus lena baill foirne.

Airteagal 46

Socruithe teanga

Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (32) maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 47

An Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) maidir le próiseáil sonraí ag an nGníomhaireacht.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta an chéad chruinnithe den Bhord Bainistíocht tar éis an 2 Iúil 2024, déanfaidh an Bord Bainistíochta bearta a shuí don Ghníomhaireacht chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí de chuid na Gníomhaireachta a cheapadh. Déanfar na bearta sin a shuí tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 48

Calaois a chomhrac

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

3.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

4.   Féadfaidh OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh laistigh de raon feidhme a sainorduithe imscrúduithe a dhéanamh, lena bhféadfar a áireamh, maidir le OLAF, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, agus é d’aidhm acu a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeadh tionchar aici ar leas airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (34).

5.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, na comhaontuithe comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54, na conarthaí, na comhaontuithe deontais agus na cinntí deontais de chuid na Gníomhaireachta, beidh forálacha iontu a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin dá dtagraítear I míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 49

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444. Cuimseoidh rialacha slándála na Gníomhaireachta, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2.   Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a mhalartú ach le húdaráis ábhartha tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta ná ní fhéadfaidh sí FRAE a chomhroinnt le comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach faoi chuimsiú socruithe riaracháin. Beidh socruithe riaracháin faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. In éagmais socrú riaracháin den sórt sin, beidh aon scaoileadh eisceachtúil ad hoc FRAE chuig comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais faoi réir cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal 50

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a baill foirne ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a baill foirne féin i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na Rialacháin Foirne nó Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 51

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 3 Iúil 2019, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheas i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú, lena thascanna agus lena shuíomh i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin. Le meastóireachtaí den sórt sin, tabharfar aghaidh go háirithe ar an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag baint le haon mhodhnú den sórt sin. Sa chéad mheastóireacht uaidh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na hathruithe ar shainordú agus ar chúraimí na Gníomhaireachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

2.   Tráth gach dara meastóireachta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúramaí, lena n-áirítear meastóireacht ar an bhfuil bonn cirt ann go leanfaí ar aghaidh leis an nGníomhaireacht ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin.

3.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachtaí faoin Airteagal seo. Cuirfear torthaí meastóireachtaí ar fáil don phobal.

Airteagal 52

Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 53

Comhar le heagraíochtaí agus le comhlachtaí eile

1.   Féachfaidh an Ghníomhaireacht go gníomhach le hoibriú i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhlachtaí eile, go háirithe comhlachtaí de chuid an Aontais, comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha, agus le comhlachtaí teicniúla atá inniúil in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le comhlachtaí den sórt sin, i gcomhréir le CFAE agus leis na forálacha maidir le hinniúlacht comhlachtaí den sórt sin. Ní chumhdófar malartú faisnéise rúnaicmithe le socruithe oibre den sórt sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar dhréachtaí arna dtíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis formheas roimh ré ón gCoimisiún a fháil. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl nach n-aontaíonn sé le socruithe oibre den sórt sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta iad trí thromlach trí cheathrú de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta leasuithe nó athruithe ar na socruithe oibre atá ann cheana atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus nach n-athraíonn raon feidhme foriomlán na socruithe oibre ná a bhfuil beartaithe leo, nó leasuithe nó athruithe ar na socruithe teicniúla oibre le comhlachtaí teicniúla eile, bunaithe ar dhréachtaí arna dtíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas.

4.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht socruithe oibre arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 54

Comhar le tríú tíortha

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha ina cuid oibre, tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas.

2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le baill foirne.

Maidir le cúrsaí foirne, déanfaidh socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh.

Airteagal 55

Comhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta

1.   Coinneoidh an Ghníomhaireacht comhar ar bun le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun críoch comhairliúcháin, malartú faisnéise agus comhthiomsú eolais trí rannpháirtíocht eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta. Chuige sin, ainmneoidh an Ghníomhaireacht pointe teagmhála aonair faoi údarás an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chun a áirithiú go soláthróidh sí faisnéis rialta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lena gníomhaíochtaí, lena n-áirítear trí leathanach gréasáin tiomnaithe a chur ar bun nó trí mhodhanna ábhartha eile. Ceadóidh an Ghníomhaireacht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sonraí agus faisnéis atá ábhartha maidir lena gníomhaíochtaí a thíolacadh.

2.   Agus ábhair shonracha á mbreithniú aici, déanfaidh an Ghníomhaireacht malartuithe tiomnaithe, i gcás inarb ábhartha, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil cáilíochtaí agus taithí ábhartha acu ar an ábhar lena mbaineann.

3.   Clárófar eagraíochtaí na sochaí sibhialta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sa Chlár Trédhearcachta, arna bhunú le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (35). Cuirfidh an Ghníomhaireacht anliosta d’eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta ar fáil go poiblí.

Airteagal 56

Comhaontú ceanncheathrún agus dálaí oibríochta

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht, na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil agus na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus daoine dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin.

2.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go rianúil agus go héifeachtúil, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint léi agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 57

Comharbas dlíthiúil

1.   Beidh an Ghníomhaireacht ina comharba dlíthiúil i ndáil le gach conradh arna thabhairt i gcrích ag EMCDDA, i ndáil le gach dliteanas is dlite dó agus i ndáil le gach maoin arna sealbhú dó.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe agus socruithe arna dtabhairt i gcrích ag EMCDDA roimh an 2 Iúil 2024.

Airteagal 58

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

1.   Bord Bainistíochta EMCDDA, leanfaidh sé dá chuid oibre agus dá fheidhmiú bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 agus ar na rialacha arna mbunú faoi go dtí go gceapfar ionadaithe uile an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo.

2.   Faoin .1 Aibreán 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm na ndaoine a cheapfaidh siad mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha ar an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 23.

3.   An Bord Bainistíochta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 23, reáchtálfaidh sé a chéad chruinniú faoin 3 Lúnasa 2024. An tráth sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Airteagal 59

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Maidir le Stiúrthóir EMCDDA a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá téarma nó dá théarma oifige, déanfar freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 30 den Rialachán seo a shannadh di/dó. Ní athrófar coinníollacha eile a conartha nó a chonartha.

Má thagann deireadh leis an téarma oifige Stiúrthóir EMCDDA idir an 1 Iúil 2023 agus an 2 Iúil 2024, agus murar cuireadh síneadh leis an téarma sin cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, cuirfear síneadh leis go huathoibríoch go dtí an 3 Iúil 2025.

2.   I gcás nach mbeidh an Stiúrthóir a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 toilteanach ná in ann gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun na dualgais a sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí, go dtí go gceapfar Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 29(2).

Airteagal 60

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis na pointí fócasacha náisiúnta

Faoin 1 Meitheamh 2024, déanfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ainm na n-institiúidí a ainmníodh mar phointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus ainm cheannairí na bpointí fócasacha náisiúnta a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. Chun na críche sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta ríomhphost a sheoladh ina ndeimhnítear an status quo reatha.

Airteagal 61

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh le Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 15 den Rialachán sin.

Airteagal 62

Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 le héifeacht ón 2 Iúil 2024. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

2.   Fanfaidh na rialacha agus bearta inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 i bhfeidhm tar éis an 2 Iúil 2024, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 63

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 302/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 maidir le Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí a bhunú (IO L 36, 12.2.1993, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(8)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(10)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(11)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1),

(19)  Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 74).

(20)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(21)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(22)  Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 121, 1.5.2001, lch. 34).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann lele sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.).

(26)  Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte 2021/C 393 I/02 (IO C 393 I, 29.9.2021, lch. 3).

(27)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(28)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(29)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(30)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(33)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(34)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(35)  IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) 1920/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 8

Airteagal 2

-

Airteagal 3

Airteagal 1(2)

Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 1(3) agus (5), Airteagal 2, pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 6

Iarscríbhinn I

Airteagal 7

Airteagail 5a go 5d

Airteagail 8 go11

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

-

Airteagal 14

-

Airteagal 15

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

-

Airteagal 18

-

Airteagal 19

Airteagal 2(d)

Airteagal 20

-

Airteagal 21

-

Airteagal 22

Airteagal 9(1)

Airteagal 23

-

Airteagal 24

Airteagal 9(2)

Airteagal 25

Airteagal 9(3)

Airteagal 26

Airteagal 9(1), an tríú fomhír

Airteagal 27

Airteagal 10

Airteagal 28

Airteagal 11

Airteagail 29 agus 30

Airteagal 13

Airteagal 31

Airteagal 5(1)

Airteagal 32

Airteagal 5(3)

Airteagal 33

Airteagal 5(2)

Airteagal 34

-

Airteagal 35

Airteagal 9(4), (5) agus (6)

Airteagal 36

Airteagal 14(1) go (4)

Airteagal 37

-

Airteagal 38

Airteagal 14(5) go (9)

Airteagal 39

Airteagal 15(1)

Airteagal 40

Airteagal 15(2) go (9)

Airteagal 41

-

Airteagal 42

Airteagal 18

Airteagal 43

Airteagal 18, an cúigiú mír

Airteagal 44

Airteagal 17

Airteagal 45

-

Airteagal 46

Airteagail 6 agus 7

Airteagal 47

Airteagal 16

Airteagal 48

-

Airteagal 49

Airteagal 19

Airteagal 50

Airteagal 23

Airteagal 51

-

Airteagal 52

Airteagal 20

Airteagal 53

Airteagal 21

Airteagal 54

-

Airteagal 55

-

Airteagal 56

-

Airteagal 57

-

Airteagal 58

-

Airteagal 59

-

Airteagal 60

-

Airteagal 61

Airteagal 24

Airteagal 62

Airteagal 25

Airteagal 63