27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/44


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1301 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (1) agus go háirithe Airteagail 16 agus 20 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (2), agus go háirithe Airteagail 13 agus 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   CÚLRA

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le Beart Coimirce Cinntitheach’) (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach beart coimirce cinntitheach ar tháirgí cruach áirithe (‘an beart coimirce’), a leagann amach taraif-chuótaí i leith táirgí áirithe cruach (‘an táirge lena mbaineann’) lena gcuimsítear 26 catagóir de tháirgí cruach, atá socraithe ar leibhéil lena gcaomhnófar na sreafaí trádála traidisiúnta ar bhonn catagóire de réir an táirge. Cuirtear dleacht taraife 25 % i bhfeidhm má sháraítear tairseacha cainníochtúla na dtaraif-chuótaí sin, a ardaíonn ar bhonn bliantúil (ardú 4 % faoi láthair) de bharr léirscaoilte, agus sa chás sin amháin. Forchuireadh an beart coimirce ar feadh tréimhse tosaigh trí bliana, is é sin le rá, go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán maidir le hAthbhreithniú Fadaithe’), chuir an Coimisiún fad leis an mbeart coimirce go dtí 30 Meitheamh 2024.

(3)

Rinne an Coimisiún coigeartuithe teicniúla ar an mbeart mar thoradh ar imscrúduithe éagsúla ar athbhreithniú ar fheidhmiú, trí mheán Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1590 ón gCoimisiún (5) (‘an Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú’), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/894 ón gCoimisiún (6) (‘an Rialachán maidir leis an dara hathbhreithniú ar fheidhmiú’), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún (7) (‘an Rialachán maidir leis an tríú hathbhreithniú ar fheidhmiú’) faoi seach. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeart chomh maith tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (8). Choigeartaigh an Coimisiún an beart de bharr imeachtaí áirithe, go háirithe forchur thoirmeasc allmhairithe ar chruach ón Rúis agus ón mBealarúis i gcomhthéacs an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin (9), agus dul in éag forálacha ar leith i gcomhaontú déthaobhach le comhpháirtithe trádála tosaíochta (10).

2.   RAON FEIDHME AN IMSCRÚDAITHE

(4)

In aithris (85) den Rialachán maidir le hAthbhreithniú Fadaithe dúradh gur ‘d’fhonn a ráthú go bhfanfaidh an beart coimirce i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú d’fhonn cinneadh a dhéanamh, ar bhonn na gcúinsí an tráth sin, cibé acu ba chóir nó nár chóir an beart coimirce a fhoirceannadh faoin 30 Meitheamh 2023, is é sin tar éis dhá bhliain d’fhadú’.

(5)

Sa Rialachán maidir le hAthbhreithniú Fadaithe, luaigh an Coimisiún freisin, mar aon le measúnú a dhéanamh ar fhoirceannadh féideartha an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023 i bhfianaise na gcúinsí a bhí ann an tráth sin, go bhféadfadh sé an t-athbhreithniú seo a úsáid chomh maith, i gcás nach mbeadh foirceannadh luath an bhirt i gceist, chun liosta na dtíortha i mbéal forbartha a nuashonrú faoi réir an bhirt a chur in oiriúint, agus a eisiamh ón mbeart bunaithe ar shonraí allmhairithe 2022 agus chun féachaint an raibh an leibhéal léirscaoilte iomchuí i gcónaí.

3.   NÓS IMEACHTA

(6)

Chuir an Coimisiún tús le himscrúdú athbhreithniúcháin, mar sin, trí bhíthin Fógra Tionscnaimh (‘an Fógra’) a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 2 Nollaig 2022 (11). D’iarr an Fógra ar pháirtithe leasmhara fianaise agus sonraí a chur ar fáil d’fhonn cinneadh a dhéanamh cibé acu a bheadh nó nach mbeadh údar maith leis an mbeart a fhoirceannadh faoin 30 Meitheamh 2023.

(7)

Lorg an Coimisiún faisnéis shonrach ó tháirgeoirí agus úsáideoirí de chuid an Aontais trí cheistneoirí, a cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara ar an gcomhad poiblí (‘TRON’) (12) agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (DG TRADE) (13).

(8)

Mar a rinne sé in imscrúduithe athbhreithnithe roimhe seo, cheap an Coimisiún nós imeachta dhá chéim. Ar dtús, bhí an deis ag páirtithe a h-aighneachtaí agus i gcás inarb infheidhme, freagra ar na ceistneoirí a sheoladh isteach faoin 13 Eanáir 2023. Chuir an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil ar an gcomhad poiblí agus bhí deis ag páirtithe leasmhara trácht uirthi (céim frisnéisí). Chuir an Coimisiún na frisnéisí ar fáil in TRON ina dhiaidh sin.

(9)

Níos déanaí san imeacht d'uaslódáil an Coimisiún tacar nuashonraithe d’fhreagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais ar TRON chun na sonraí is déanaí a bhí ar fáil a chur san áireamh, ba iad sin táscairí eacnamaíocha na ráithe deireanaí de 2022. Tugadh deis do pháirtithe leasmhara trácht ar an bhfaisnéis nuashonraithe.

4.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

(10)

De réir an Rialacháin maidir le hAthbhreithniú Fadaithe, chuirfí an beart coimirce i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2024. Ag an am, chinn an Coimisiún dá ndéanfaí an beart coimirce a fhoirceannadh mar a bhíothas ag súil leis ar dtús, go bhféadfadh méadú ar mhéid na h-allmhairí an bonn a bhaint go mór d’aon fhíortéarnamh eacnamaíoch agus d’iarrachtaí thionscal cruach an Aontais agus é i mbun próiseas coigeartaithe go leibhéal níos airde allmhairí. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí an beart a fhoirceannadh an 30 Meitheamh 2023 ach amháin dá gcinnfeadh an Coimisiún i bhfianaise na gcúinsí tar éis an Athbhreithnithe fadaithe, agus ar bhonn na fianaise a bheadh ar fáil (lena h-áirítear aighneachtaí agus frisnéisí faighte ó pháirtithe leasmhara san imscrúdú athbhreithnithe reatha) go mbeadh údar maith le foirceannadh luath mar sin. Os a choinne sin, in éagmais fianaise dhearfach ag tabhairt údar maith le foirceannadh luath, chuirfí an beart i bhfeidhm fós go huathoibríoch go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(11)

Chun a mheasúnú a chur i gcrích, rinne an Coimisiún iniúchadh ar bharúlacha agus ar fhianaise a fuarthas ó pháirtithe leasmhara, lenar áiríodh freagraí ceistneora, agus de réir mar ba ghá chros-seiceáil sé an fhaisnéis le haon fhoinse eile a bhí ar fáil agus a bhailigh sé trína thaighde féin mar chuid den imscrúdú. Mar a mhíneofar thíos, chinn an Coimisiún, faoi chúinsí reatha, nach mbeadh údar maith leis an mbeart coimirce a fhoirceannadh go luath.

4.1.   Measúnú ar na maímh ag iarraidh go bhfoirceannfar an beart

4.1.1.   Easnamh líomhnaithe cruach d’úsáideoirí de dheasca ídiú tapa roinnt taraif-chuótaí

(12)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara toisc go raibh roinnt taraif-chuótaí (a bhain go sonrach le tír faoi leith nó a bhí iarmharach) ídithe roimh dheireadh aon ráithe ar leith go léireodh sin nach leor méid reatha na cruaiche saor ó dhleacht atá ar fáil ó allmhairí. Dá réir sin, d’áitigh páirtithe nach raibh úsáideoirí in ann an chruach a bhí ag teastáil óna ngnólachtaí a fháil mar gheall ar an staid seo.

(13)

Thug an Coimisiún faoi deara, mar a bhí sé ó forchuireadh an bhirt choimirce chinntithigh i mí Feabhra 2019, gur ídigh tíortha bunaidh ar leith na taraif-chuótaí i roinnt catagóirí táirge i laethanta tosaigh ráithe chomh maith sa tréimhse a ndearnadh measúnú air san imscrúdú athbhreithnithe seo. Mar a deimhníodh in imscrúduithe roimhe seo (14), áfach, ní féidir conclúid a bhaint ón bhfíric sin go gcruthaíonn an beart coimirce ganntanas cruach d’úsáideoirí go ginearálta. I dtaca leis seo, luaigh an Coimisiún gur thagair na maímh ó roinnt páirtithe leasmhara d’ídiú roinnt taraif-chuótaí ar leith astu féin, gan tagairt a dhéanamh d’infhaighteacht fhoriomlán chruach lasmuigh de thír bhunaidh ar leith a d’fhéadfadh a taraif-chuóta tír-shonrach a ídiú go tapa. Dheimhnigh an Coimisiún, mar sin, cé go raibh roinnt tíortha bunaidh sonracha ídithe ag tráth ar leith i gcatagóirí táirge áirithe, go raibh rochtain ar thíortha bunaidh eile fós ar fáil den chuid is mó do na catagóirí táirge sin.

(14)

I dtaca leis seo, rinne an Coimisiún measúnú ar úsáid iomlán na dtaraif-chuótaí sa bhliain choimirce reatha (22 Iúil-23 Meitheamh) bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil tráth a bhí an cinneadh á dhéanamh, ba iad sin, an tacar iomlán sonraí don chéad trí ráithe den tréimhse (22 Iúil – 23 Márta). Thaispeáin na sonraí an éabhlóid seo a leanas i dtaobh fheidhm na dtaraif-chuótaí:

Tábla 1

Éabhlóid ar úsáid na dtaraif-chuótaí (15)

Image 1

(15)

Rinne an Coimisiún úsáid agus infhaighteacht na dtaraif-chuótaí a mheas chomh maith ar bhonn catagóire de réir an táirge chun an treocht iomlán a thaispeántar i dTábla 1 a dheimhniú. Léirigh an measúnú comhcheangailte go soiléir go raibh deis ag úsáideoirí an Aontais cruach shaor ó dhleacht a fháil ó roinnt mhaith foinsí gach ráithe i ngach catagóir táirgí nach mór, agus go raibh na méideanna saor ó dhleacht ag méadú (go suntasach i gcásanna áirithe) gach ráithe.

(16)

I bhfianaise na bhfíricí sin, chinn an Coimisiún nár chomhfhreagair na maímh maidir le ganntanas cruach allmhairithe (16) do na sonraí a ndearnadh measúnú orthu. Léirigh an anailís líon méadaitheach taraif-chuótaí neamhúsáidte sna catagóirí éagsúla. Léirigh sonraí ábhartha i leith éabhlóid an mhargaidh, e.g. tomhaltas i margadh an Aontais, laghdú forchéimnitheach sa dara leath de 2022 (Féach Roinn 4.2.2). Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil a léirigh, maidir leis na táirgí faoi na taraif-chuótaí ídithe sin, go raibh soláthar easnamhach ó tháirgeoirí an Aontais.

(17)

Ar na cúiseanna sin, d’easaontaigh an Coimisiún leis na maímh go mbeadh ganntanas cruach ar mhargadh an Aontais de dheasca ídiú tapa roinnt taraif-chuótaí (ó thíortha bunaidh áirithe) i gcatagóirí ar leith.

4.1.2.   Baol líomhnaithe laghdaithe go mbeadh sraonadh trádála ann de bharr athruithe ar bheart Roinn 232 na Stát Aontaithe

(18)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara, de bharr roinnt leasuithe ar bheart Roinn 232 na Stát Aontaithe, go laghdófaí an riosca go mbeadh sraonadh trádála ann, más fíor, go dtí nach mbeadh gá leis an mbeart coimirce ar na forais sin.

(19)

Bhí measúnú déanta ag an gCoimisiún ar éabhlóid bheart Roinn 232 na Stát Aontaithe in athbhreithnithe roimhe sin agus bhí sé beartaithe aige nár athraigh na leasuithe ar bheart Roinn 232 na Stát Aontaithe an bonn a bhí faoin measúnú maidir leis an riosca go mbeadh sraonadh trádála ann (17). I gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, d’fhiosraigh an Coimisiún na forbairtí is déanaí ar bheart na Stát Aontaithe. Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún faoi deara nár chosúil go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Stát Aontaithe an beart a bhaint go luath amach anseo, ag lua go “[r]aibh Rialtas Biden tiomanta do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a chaomhnú trí inmharthanacht fhadtéarmach ár dtionscal cruach agus alúmanaim a dheimhniú, agus níl sé ar intinn againn dleachtanna Alt 232 a bhaint mar thoradh ar na díospóidí seo” (18).

(20)

Ar an dara dul síos, i bhfianaise an eolais a chuir páirtithe leasmhara i láthair agus i bhfianaise a anailíse féin, dheimhnigh an Coimisiún gur cuireadh na hathruithe seo a leanas i bhfeidhm ar bheart 232 na Stát Aontaithe ó rinne an Coimisiún an argóint seo a mheas sa Rialachán maidir leis an Tríú hAthbhreithniú i Meitheamh 2022 (19): ar an gcéad dul síos, ón 1 Meitheamh 2022 ar aghaidh, thug na Stát Aontaithe taraif-chuóta isteach don Ríocht Aontaithe trína ndíolmhaítear méid áirithe allmhairí laistigh den chuóta ón mbeart, agus trína bhfuil allmhairí as cuóta faoi réir na dleachta breise 25 %. Ar an dara dul síos, ó 1 Meitheamh 2022 ar aghaidh, chuir SAM an beart ar fionraí i dtaca leis an Úcráin go sealadach.

(21)

Léirigh an anailís gur ar éigean a tháinig athrú ar raon feidhme Alt 232 de chuid na Stát Aontaithe ó rinne an Coimisiún é a mheas sa Rialachán maidir leis an Tríú hAthbhreithniú, a léirigh go bhfuil margadh na Stát Aontaithe fós á chosaint go mór ó allmhairí cruach.

(22)

Rinne an Coimisiún measúnú breise ar éabhlóid na h-allmhairí isteach i margadh na Stát Aontaithe (20), agus dheimhnigh sé gur tháinig laghdú 10 % orthu, ar an mórgóir, in 2022 i gcomparáid le 2017, bliain sular cuireadh beart Roinn 232 na Stát Aontaithe (21) i bhfeidhm. Maidir le hallmhairí a thagann isteach i margadh na Stát Aontaithe ó na príomhthíortha sin ar soláthróirí cruach don Aontas iad, tá an treocht i bhfad níos géire, toisc gur tháinig laghdú 27 % ar a h-allmhairí trí chéile, mar atá laghdú breis agus 2 mhilliún tona.

(23)

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún go raibh allmhairí isteach i margadh na Stát Aontaithe fós i bhfad faoi bhun na leibhéal a bhí ann sular cuireadh beart Roinn 232 i bhfeidhm. Agus tionchar ag bearta Roinn 232 ar mhargadh na Stát Aontaithe fós, is é margadh an Aontais an margadh allmhairithe cruach is mó ar fud an domhain i gcónaí.

(24)

Luaigh an Coimisiún chomh maith nár chuir páirtithe leasmhara aon fhianaise ar fáil san imscrúdú seo a chaithfeadh aon amhras ar thorthaí an Choimisiúin in imscrúduithe roimhe seo agus, mar sin, nár athraigh siad torthaí na h-imscrúduithe seo maidir leis an riosca go mbeadh sraonadh trádála ann isteach ar mhargadh an Aontais a eascraíonn as Roinn 232 na Stát Aontaithe.

4.1.3.   Baol líomhnaithe go mbeadh ganntanas soláthair ann de bharr tháirgeoirí an Aontais ag réchasadh saoráidí áirithe in 2022 agus praghsanna arda fuinnimh ann

(25)

Thug roinnt páirtithe leasmhara faoi deara gur stop roinnt tháirgeoirí de chuid an Aontais den táirgeadh ag cuid dá láithreacha táirgthe, nó gur laghdaigh siad an táirgeadh sna láithreacha sin, go sealadach, de bharr an bhorrtha mhóir a tháinig ar chostais a bhain le fuinneamh. I dtaca leis sin, d’áitigh na páirtithe sin go raibh baol ann go mbeadh ganntanas soláthair sa mhargadh dá bharr, agus praghsanna méadaithe de bharr soláthar laghdaithe ó thaobh tháirgeoirí an Aontais.

(26)

Léirigh anailís an Choimisiúin, agus méadú ar phraghsanna fuinnimh san Aontas (22), gur réchas cuid mhaith tháirgeoirí an Aontais roinnt saoráidí táirgthe chun an tionchar ar a bhfeidhmíocht eacnamaíoch a mhaolú (23). Ba bhearta sealadacha iad na bearta sin, áfach, agus léiríonn an fhianaise atá ar fáil go raibh an chuid is mó den acmhainneacht curtha i bhfeidhm arís ag táirgeoirí an Aontais nó go raibh siad i mbun an phróisis chéanna (24).

(27)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur staid shealadach é réchasadh sealadach saoráidí táirgthe áirithe a tharla den chuid is mó sa dara leath de 2022 agus gur aisiompaíodh í cuid mhaith trí tháirgeadh a réchasadh roimhe sin a atosú le linn na chéad mhíonna de 2023.

4.1.4.    Constaicí líomhnaithe a chruthaíonn an choimirce d’allmhairí a bhfuil gá leo chun an t-éileamh a shásamh

(28)

I dtaca leis an argóint thuas, d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara chomh maith go bhfuil gá le hallmhairí ó thríú tíortha éagsúla chun an t-éileamh a shásamh agus gur constaic é an beart coimirce ar fhoinsiú gan srianta ó thíortha bunaidh sonracha ag aon tráth ar leith. Rinne roinnt páirtithe leasmhara maímh ghinearálta freisin a bhain le hamanna seachadta níos faide ó tháirgeoirí an Aontais agus le praghsanna méadaithe ar chruach.

(29)

I dtaca leis sin, luaigh an Coimisiún gur ceapadh an beart coimirce lena áirithiú go leanfadh sreafaí trádála stairiúla ag teacht isteach i margadh an Aontais saor ó dhleacht. Ina theannta sin, léirscaoileadh méideanna stairiúla mar seo go comhleanúnach bliain i ndiaidh bliana. Mhínigh an Coimisiún, in athbhreithnithe roimhe sin ar an mbeart, gurbh éigean do roinnt páirtithe leasmhara a bhí gníomhach san earnáil cruach dul in oiriúint don chreat rialála reatha (sa chás seo, beart coimirce a bheith ann) agus iad i mbun a gcuid gnó. Mar a léiríodh in aithris (14), léirigh na sonraí ar a ndearnadh anailís san athbhreithniú seo go soiléir go raibh líon méadaitheach taraif-chuótaí neamhúsáidte gach ráithe i gcatagóirí táirge éagsúla agus go raibh acmhainneacht bhreise ar fáil ag táirgeoirí an Aontais de ghnáth. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh allmhairí ó thír bhunaidh shonrach amháin i gcatagóir ar leith an taraif-chuóta ábhartha a ídiú roimh dheireadh ráithe, ní hionann sin agus a rá gur chuir an beart coimirce srian iomarcach ar chumas páirtithe leasmhara cruach saor ó dhleacht a fhoinsiú ó fhoinsí eile, lena h-áirítear tríú tíortha eile nó an tAontas.

(30)

Maidir le hamanna seachadta, thug an Coimisiún faoi deara gur chosúil go raibh éagsúlacht tuairimí i measc roinnt páirtithe leasmhara maidir le cibé acu an raibh amanna seachadta an Aontais caighdeánach nó níos faide ná mar ba ghnách. I bhfianaise na maíomh frithráiteach i measc úsáideoirí i leith an ábhair seo, agus ó thaobh nach bhfuarthas aon fhianaise ag léiriú gur fheiniméan coitianta san Aontas faoi láthair iad amanna seachadta níos faide ná mar ba ghnách, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí amanna seachadta a mheas mar fhadhb soláthair i láthair na huaire.

(31)

Maidir le praghsanna cruach, rinne an Coimisiún measúnú ar éabhlóid na bpraghsanna san Aontas agus i margaí móra cruach eile agus thug sé faoi deara gur tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna sa chéad ráithe de 2023 nuair a cuireadh i gcomparáid iad leis an mbuaic a baineadh amach in 2022. Tháinig laghdú mar sin ar phraghsanna i gcomhthéacs costais fuinnimh a bhí ag méadú do thairgeoirí cruach an Aontais, i measc táirgeoirí eile. Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí éabhlóid na bpraghsanna i margadh an Aontais a nascadh go díreach, mar sin, leis an mbeart coimirce, toisc gur tugadh treocht inchomparáide faoi deara ag an tráth céanna i margaí móra cruach eile. Chomh maith leis sin, luaigh an Coimisiún gur áirithigh infhaighteacht taraif-chuótaí saor ó dhleacht le linn na tréimhse go raibh roghanna malartacha ar fáil d’úsáideoirí de ghnáth chun an dleacht 25 % a íoc nó chun foinsiú ó tháirgeoirí an Aontais, gan bac á chur, mar sin, ar allmhairí breise ábhartha saor ó dhleacht teacht isteach i margadh an Aontais.

(32)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur léiriú í éabhlóid na bpraghsanna ar threocht sheasta íslitheach i dtreo dheireadh 2022, agus go raibh laghdú suntasach tagtha orthu nuair a cuireadh i gcomparáid iad lena mbuaic níos luaithe in 2022. Thairis sin, dheimhnigh an Coimisiún gur tugadh na treochtaí sin faoi deara i margaí móra cruach eile chomh maith, ag léiriú mar sin gur fheiniméan domhanda é seo nár bhain le margadh an Aontais agus leis an mbeart coimirce.

(33)

I bhfianaise na ngnéithe thuas, mheas an Coimisiún nár léirigh páirtithe leasmhara go gcuirfeadh an beart coimirce teorainn, ar an mórgóir, ar a gcumas cruach shaor ó dhleacht a fhoinsiú i bhfianaise éileamh reatha, ná nár léirigh siad gurbh amhlaidh a bheadh sé sa todhchaí dá gcuirfí an beart i bhfeidhm fós i bhfianaise éileamh réamh-mheasta agus leibhéal na dtaraif-chuótaí amach anseo (féach Roinn 6).

4.1.5.   Easpa bhrú allmhairiúcháin a líomhnaítear de bharr úsáid íseal na dtaraif-chuótaí

(34)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara toisc nach raibh, ar an mórgóir, taraif-chuótaí i gcatagóirí táirge éagsúla á h-úsáid, agus gur léiríodh leibhéal úsáide thar a bheith íseal i gcásanna áirithe, nach mbeadh gá leis an mbeart níos mó agus, dá bhrí sin, gur chóir don Choimisiún an beart coimirce a fhoirceannadh.

(35)

Cé go léiríonn Tábla 1 nach bhfuil aon amhras ach gur tháinig laghdú ar úsáid na dtaraif-chuótaí ó ráithe amháin go ráithe eile, mheas an Coimisiún nach bhféadtar tátal a bhaint as measúnú a dhéanamh ar an bhfíric seo aisti féin. Ba chóir an fhíric seo a mheas i gcomhthéacs tomhaltas laghdaitheach. I dtaca leis sin, rinne an Coimisiún measúnú níos mionsonraithe ar mhéid an bhrú allmhairiúcháin trí fhéachaint ar méid iomlán na h-allmhairí agus a sciar den tomhaltas iomlán sa tréimhse chéanna, agus trí dhíriú ar úsáid na dtaraif-chuótaí, go háirithe sna cásanna sin ar tháinig ídiú tapa ar tharaif-chuótaí tír-shonracha i roinnt tíortha bunaidh.

(36)

Ar an gcéad dul síos, maidir le méid iomlán na h-allmhairí, luaigh an Coimisiún gurbh é 31,1 milliún tona iomlán na h-allmhairí sa bhliain 2022, in ainneoin mhoilliú ar thomhaltas an Aontais sa dara leath de 2022, rud a chur isteach ar leibhéal úsáide na dtaraif-chuótaí. Is ionann sin agus an tríú méid is airde d’allmhairí le 10 mbliana anuas. Ó thaobh sciar margaidh de, shroich allmhairí 19 % le treocht sheasta in airde i dtreo dheireadh 2022 (ag sroicheadh 21 % sa ráithe dheireanach de 2022). Is é seo an dara sciar margaidh is mó atá bainte amach ag allmhairí le 10 mbliana anuas (25), ar sháraigh sciar na h-allmhairí sa bhliain 2018 amháin é, agus lenar bhain buaicmhéid allmhairí le 10 mbliana anuas chomh maith. Dá bhrí sin, in ainneoin laghdú ar úsáid na dtaraif-chuótaí i gcomhthéacs tomhaltas níos ísle, léiríonn sonraí gur tháinig méadú ar bhrú allmhairiúcháin agus, ó thaobh sciar margaidh de, gur fhan sé gar do na leibhéil arda stairiúla a baineadh amach díreach sular glacadh le beart coimirce cinntitheach go luath in 2019.

(37)

Ar an dara dul síos, bhí roinnt mhaith taraif-chuótaí tír-shonracha i ngach ráithe ar úsáideadh ina h-iomláine iad sna luath-thréimhsí ráithe. Léirigh an feiniméan seo, lena ndeachaigh an Coimisiún i ngleic in rialacháin roimhe seo (26), go raibh brú allmhairiúcháin fós ó thíortha bunaidh áirithe i roinnt catagóirí táirge in ainneoin infhaighteacht fhoriomlán mhéideanna na dtaraif-chuótaí, ag cur mar sin leis an méadú ar sciar margaidh na h-allmhairí i gcomhthéacs éileamh laghdaithe.

(38)

Ar deireadh, agus cé nár thagair páirtithe leasmhara a bhí i bhfabhar an fhoirceanta dó go ginearálta, measann an Coimisiún nach féidir an measúnú maidir leis an mbrú allmhairiúcháin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar mhargadh an Aontais a dhéanamh as féin, e.g. trí iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na dtaraif-chuótaí amháin. Ina ionad sin, caithfear é a dhéanamh trí roinnt paraiméadair reatha san earnáil seo a iniúchadh, lena h-áirítear éabhlóid na ró-acmhainne. I dtaca leis sin, thug an Coimisiún faoi deara go raibh méadú breise tagtha ar an ró-acmhainn dhomhanda san earnáil cruach.

(39)

De réir na meastachán is déanaí de chuid ECFE, cuirfear acmhainn dhomhanda bhreise leis. I mí Feabhra 2023, luaigh an ECFE: ‘Tá an riosca de ró-acmhainneacht ar fud an domhain tar éis méadú. In ainneoin éileamh laghdaithe ar chruach, agus ionchais laig, tá luas tapa faoi mhéaduithe acmhainneachta fós, go minic ag iarraidh margaí onnmhairithe a bhaint amach. Tháinig borradh mór faoin mbearna idir acmhainneacht dhomhanda agus táirgeacht amhchruach ó 516.9 mtm in 2021 go 632.0 mtm in 2022. Tá rioscaí ag baint leis an ardú ar ró-acmhainn le déanaí do bhail agus inmharthanacht fhadtéarmach an tionscail chruach, agus dá chumas fás agus rath eacnamaíoch a chumasú.’ (27)

(40)

Dúirt an ECFE chomh maith gur: ‘In 2022 amháin, tháinig méadú 32,0 milliún tona méadrach (mtm) ar acmhainneacht dhomhanda déanta cruach, rud a d’fhág go bhfuil 2 463,4 mtm i gceist leis. Leis na fíormhéideanna a bhaineann leis seo a léiriú, tá na méadaithe a tháinig ar acmhainneacht dhomhanda níos mó ná na leibhéil acmhainneachta reatha i roinnt geilleagair mhóra táirgthe chruach’ (28).

(41)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gá go dtugann úsáid níos ísle de tharaif-chuótaí le tuiscint go bhfuil laghdú tagtha ar an mbrú allmhairiúcháin a d’fhéadfadh údar maith a thabhairt le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

4.1.6.   Líomhain go dtacaíonn ionchais mhargaidh le foirceannadh luath

(42)

Bhraith roinnt páirtithe leasmhara ar roinnt ionchais mhargaidh chun tacú leis an argóint gur chóir an beart a fhoirceannadh faoin 30 Meitheamh 2023. Dar leo, thabharfadh roinnt réamhaisnéisí le fios go rabhthas ag súil go dtiocfadh feabhas ar staid mhargadh cruach an Aontais i dtreo dheireadh 2023 agus, dá bhrí sin, gur chóir don Choimisiún an beart coimirce a bhaint lena áirithiú nach gcuireann an beart srian leis na tionscail iartheachtacha agus go bhféadfaidh siad lántairbhe a bhaint as dálaí feabhsaithe líomhnaithe an mhargaidh.

(43)

Rinne an Coimisiún anailís ar fhoinsí éagsúla chun tuiscint mhaith a shaothrú ar na hionchais mhargaidh. Chuir gach foinse ar a ndearnadh anailís réamhaisnéis ghruama go leor i láthair don earnáil cruach dhomhanda, lena h-áirítear margadh an Aontais, do 2023-24, ag léiriú éiginnteacht mhór, arbh iad go háirithe an fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, boilsciú, na praghsanna méadaithe fuinnimh (29), agus moilliú eacnamaíoch, i measc tosca eile, ba chúis léi. Tarraingíonn an chuid is mó de na réamhaisnéisí ar a ndearnadh anailís aird ar chúinsí is dóchúla a bheidh níos measa do mhargadh an Aontais.

(44)

I mí na Nollag 2022 (30), thug ECFE faoi deara ‘go bhfuil meath suntasach tagtha ar an ionchas do mhargaí cruach domhanda. (…) Meastar go dtiocfaidh laghdú 2,3 % ar thomhaltas cruach in 2022 agus go dtiocfaidh méadú 1 % air in 2023. Tá dochar déanta ag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearra, ag brú boilscithe, ag éileamh níos lú ón tSín agus ag éagobhsaíocht pholaitiúil do threochtaí éilimh cruach ar fud an domhain’.

(45)

I mí Feabhra 2023 (31), thug ECFE faoi deara ‘go bhfuil an bonn bainte de théarnamh eacnamaíoch leochaileach agus maolaithe ag boilsciú a bhí níos airde mar a bhí coinne leis (…). Chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine le hardú praghsanna, go háirithe don fhuinneamh, agus tá sé ag imirt tionchar éagothrom ar dhlínsí, agus an Eoraip ar an dlínse is mó atá buailte leis. Tá éiginnteacht mhór faoin ionchas, agus tá na rioscaí claonta i dtreo an donais de bharr go bhféadfadh an boilsciú éirí níos daingne agus baint arís de chumhacht ceannaigh teaghlach, mar aon leis an riosca go rachadh an cogadh in olcas’.

(46)

Ina Global Steel Outlook for 2023 (32), luaigh Fitch Ratings ‘nach dtiocfaidh an earnáil dhomhanda chruach go hiomlán chuige féin in 2023 ón athrú ar sholáthar-éileamh i bhfabhar margaí críche a raibh tomhaltas laghdaithe sa dara leath de 2022 mar chúis leis. Táimid ag súil le tuillimh níos ísle do dhéantóirí cruach toisc gur chuir an moilliú eacnamaíoch domhanda deireadh le tréimhse na bpraghsanna thar a bheith ard a d’eascair as éileamh folaigh iar-phaindéime. Tá ionchais do chomhlachtaí cruach fós gruama san Eoraip de bharr costais arda luaineacha fuinnimh, an cúlaithe eacnamaíochta atá ag bagairt, laghdaithe ar mhuinín na dtomhaltóirí, agus an ghá níos mó le slabhraí soláthair a athdhearadh don earnáil chruach agus b’fhéidir dá margaí críche’.

(47)

Thug Standard and Poor’s Platts an t-ionchas margaidh éiginnte agus praghsanna méadaithe ábhar déanta cruach agus fuinnimh faoi deara chomh maith (33).

(48)

Luaigh an Comhlachas Cruach Domhanda, ina Short Range Outlook i mí Dheireadh Fómhair 2022 ‘gur fhulaing téarnamh an éilimh chruach i ngeilleagair fhorbartha céim ar gcúl in 2022 de bharr boilsciú leanúnach agus scrogaill mharthanacha ar thaobh an tsoláthair. Ghéaraigh an cogadh san Úcráin boilsciú agus fadhbanna a bhaineann leis an slabhra soláthair. Go háirithe, tá tosca eacnamaíocha tubaisteacha roimh an Aontas de bharr boilsciú ard agus na géarchéime fuinnimh. Tá maoithneachas ag dul i léig agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha ag fuarú go géar i dtreo laghdaithe fad is atá monarchana ag dúnadh de bharr praghsanna arda fuinnimh.’ (34) Ina ionchas is déanaí i mí Aibreáin 2023, luaigh an Comhlachas Cruach Domhanda ‘cé gur tháinig fás 3.5% ar gheilleagar an AE in 2022, ag seachaint cúlú eacnamaíochta, d’fhulaing gníomhaíochtaí tionsclaíocha go mór ó chostais arda fuinnimh a bhí mar chúis le cúngú suntasach ar an éileamh ar chruach in 2022. In 2023, beidh tionchar fós ag cogadh, ag fadhbanna eile a bhaineann leis an slabhra soláthair, agus ag géarú leanúnach airgeadaíochta ar thionscal cruach an Aontais. In 2024, meastar go dtiocfaidh éileamh chuige féin go láidir toisc go meastar go dtiocfaidh maolú ar thionchar chogadh na hÚcráine agus nach gcuirfear isteach chomh mór sin ar an slabhra soláthair. Tá an t-ionchas faoi réir éiginnteacht leanúnach, áfach’ (35).

(49)

Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún go bhféadfadh na hionchais reatha do mhargadh cruach an Aontais údar maith a thabhairt le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

4.1.7.   Maímh thír-shonrach/tháirge-shonrach

(50)

Rinne roinnt páirtithe leasmhara cineálacha éagsúla maíomh a bhain go sonrach le catagóir táirge áirithe, nó le cúinsí tír áirithe. D’iarr roinnt páirtithe ar an gCoimisiún coigeartuithe teicniúla éagsúla a dhéanamh ar an mbeart chomh maith.

(51)

Thug an Coimisiún faoi deara nár chlúdaigh raon feidhme an bhirt, agus raon an imscrúdaithe athbhreithnithe seo go sonrach, na sainfhorbairtí i gcatagóir táirge ar leith nó na sainfhorbairtí a bhain le tríú tír ar leith mar a chuirtear an beart i bhfeidhm erga omnes agus go gclúdaíonn sé táirge lena mbaineann a chuimsítear faoi 26 catagóir táirge. Dá bhrí sin, ní rabhthas in ann eisiamh tíre ná eisiamh táirge-shonrach, ná coigeartuithe sainiúla ar fheidhmiú an bhirt a chur i bhfeidhm (36). Ina ionad sin, mar a fógraíodh san Fhógra Tionscnaimh agus mar a meabhraíodh i Roinn 2 den Rialachán seo, ba é raon feidhme an imscrúdaithe seo féachaint an raibh údar maith le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

(52)

Dá bhrí sin, thug an Coimisiún neamhaird ar na maímh sin toisc gur thit siad lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe.

4.1.8.   Líomhain go bhfuil bearta cosanta trádála seachas coimirce níos iomchuí don earnáil cruach

(53)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go bhfuil roinnt bearta cosanta trádála eile, is iad sin ionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, níos iomchuí chun déileáil le haon fhadhb os comhair thionscal cruach an Aontais a bhaineann le hallmhairí, agus go gcruthaíonn a gcur i bhfeidhm in éineacht le beart coimirce staid róchosanta do thionscal an Aontais. Chomh maith leis sin, thug roinnt páirtithe faoi deara go bhfuil tionscal cruach an Aontais cosanta a dhóthain cheana féin trí bhearta frithdhumpála agus frithchúitimh atá forchurtha ar réimse leathan táirgí.

(54)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mheabhraigh sé in imscrúduithe athbhreithnithe roimhe seo, agus mar fhreagairt ar mhaímh den chineál céanna (37), go raibh an ionstraim choimirce comhoiriúnach le cur i bhfeidhm Ionstraimí Cosanta Trádála eile ar nós ionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais. Ina theannta sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfaí bearta frithdhumpála agus frithchúitimh a fhorchuir go comhuaineach le coimircí faoi chreat dlíthiúil an Aontais (38). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.1.9.    Líomhain go h-éilíonn torthaí Chomhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála i ndíospóid DS595 ar an gCoimisiún an beart a fhoirceannadh

(55)

Rinne roinnt páirtithe leasmhara tagairt do Thuarascáil an Chomhlachta um Réiteach Díospóide (‘CRD’) ar 29 Aibreán 2022 (39) sa díospóid DS595 An tAontas Eorpach – Bearta coimirce ar tháirgí áirithe cruach, ag maíomh gur chóir don Choimisiún an beart a fhoirceannadh go huathoibríoch toisc nach raibh sé ag teacht le forálacha áirithe de chuid Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Cosanta agus de chuid an Chomhaontaithe Ginearálta um Thrádáil agus Tharaifí (‘CGTT’).

(56)

I dtaca leis seo, rinne an Coimisiún tagairt don Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/104 an 13 Eanáir 2023 (40) trínar chuir sé an rialú CRD i bhfeidhm, ag cur an bhirt choimirce chruach i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, mar sin, i gcás na ngnéithe sin inar aithin an Painéal go raibh neamhréireanna.

(57)

Dá bhrí sin, níl na maímh a bhaineann leis an díospóid sin ábhartha i gcomhthéacs an athbhreithnithe reatha toisc go ndeachthas i ngleic leo cheana féin trí acht dlíthiúil ar leithligh. Ar aon chaoi, agus toisc gur eascair sé ón loighic a bhí taobh thiar de Rialachán (AE) 2023/104, níor aontaigh an Coimisiún leis na maímh go h-éileodh torthaí an Phainéil sa díospóid sin air an beart a fhoirceannadh.

4.1.10.   Tá tionchar diúltach ag an toirmeasc allmhairithe ar an Rúis agus ar an mBealarúis, a tugadh isteach de bharr an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, ar an margadh

(58)

Rinne roinnt páirtithe leasmhara tagairt don fhogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus don toirmeasc allmhairithe atá ar an Rúis agus ar an mBealarúis de bharr smachtbhannaí i gcoinne na dtíortha sin, ag áitiú go raibh na himeachtaí sin ag cur isteach go mór ar mhargadh cruach an Aontais i gcoitinne.

(59)

Ní chuireann an Coimisiún ina choinne go bhfuil tionchar ag na himeachtaí sin, i measc a lán réimsí eile den gheilleagar, ar mhargadh cruach an Aontais. Mheabhraigh an Coimisiún athdháileadh na gcuótaí tír-shonracha de chuid na Rúise agus na Bealarúise i mí an Mhárta 2022, mar sin, agus é ag teorannú na measúnachta chuig beart coimirce cruach. D’fhéach an t-athdháileadh seo le héifeachtaí an toirmisc allmhairithe a forchuireadh ar tháirgí cruach de thionscnamh an dá thír a íoslaghdú, agus lena áirithiú go mbeadh rochtain fós ag úsáideoirí ar na méideanna céanna ó fhoinsí éagsúla.

(60)

Luaigh an Coimisiún chomh maith nach féidir fad an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus a thionchar ar an margadh cruach, lena h-áirítear an toirmeasc allmhairithe ar an Rúis agus ar an mBealarúis, a thuar ag an tráth seo.

(61)

I dtaca leis sin, níor mheas an Coimisiún, mar sin, go bhféadfadh na himeachtaí sin údar maith a thabhairt le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

4.1.11.    Líomhain go h-éilíonn feidhmíocht fheabhsaithe thionscal an Aontais foirceannadh an bhirt

(62)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara gur tháinig feabhas ar staid thionscal an Aontais ar leor é ionas nach mbeadh gá leis an mbeart coimirce.

(63)

Chuaigh an Coimisiún i ngleic leis na maímh sin i gcomhthéacs na hanailíse a rinne sé ar staid thionscal an Aontais i Roinn 4.2.2 thíos. Luaigh an Coimisiún go háirithe, cé gur tháinig feabhas ar roinnt cúinsí eacnamaíocha in 2021, go ndeachaigh staid thionscal an Aontais in olcas in 2022, go háirithe i bhfianaise éagobhsaíocht an mhargaidh de dheasca an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin mar aon le buaicphraghsanna fuinnimh.

4.1.12.   Líomhain gur chóir an choimirce a fhoirceannadh de bharr athruithe i mbearta ionstraimí cosanta trádála thríú tíre

(64)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh roinnt de na bearta ionstraimí cosanta trádála a bhí i bhfeidhm i gcoinne táirgí cruach i ndlínsí éagsúla imithe in éag nó foirceanta le déanaí. Dá réir sin, d’áitigh roinnt páirtithe gur cheart don Choimisiún an fhorbairt sin a chur san áireamh agus é ag déanamh measúnú ar fhoirceannadh féideartha an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

(65)

I dtaca leis sin, níor chuir an Coimisiún i gcoinne an mhaímh go bhféadfadh go raibh roinnt bearta ionstraimí cosanta trádála ar chruach dulta in éag nó foirceanta le déanaí. Mheas an Coimisiún, áfach, nach bhféadfaí forbairtí mar sin a mheas astu féin. San imscrúdú, dheimhnigh an Coimisiún gur fhorchuir roinnt mhaith dlínsí bearta ionstraimí cosanta trádála le déanaí ar tháirgí agus tíortha bunaidh éagsúla. Dá bhrí sin, tharla dul in éag nó foirceannadh bearta áirithe le linn tréimhse inar tugadh bearta nua ionstraimí cosanta trádála isteach (41). Luaigh an Coimisiún nach raibh aon anailís nó fianaise shuntasach faighte aige a d’fhágfadh go mbeadh na torthaí ar ar tháinig sé roimhe seo (42) neamhbhailí i leith raon feidhme mionsonraithe na mbeart ionstraimí cosanta trádála i dtríú tíortha.

(66)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár chaith na maímh a fuarthas ó pháirtithe leasmhara aon amhras ar a thorthaí in imscrúduithe roimhe ar an ábhar seo (43), agus dá réir sin, nár thacaigh siad le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023.

4.2.   Anailís ar fhreagraí ar an gceistneoir

4.2.1.   Freagraí ceistneora ó úsáideoirí an Aontais

(67)

Chun léargas cothrom agus cuimsitheach a fháil ar staid an mhargaidh, lorg an Coimisiún go réamhghníomhach ionchur ó úsáideoirí agus a gcomhlachais. Chuige sin, sheol an Coimisiún ceistneoirí sonracha chuig 154 úsáideoir cruach an Aontais agus chuig 19 comhlachas úsáideora a ghlac páirt in athbhreithnithe roimhe sin ar an mbeart agus a bhí cláraithe mar sin sa cháschomhad. Bhí an deis ag úsáideoirí agus comhlachais eile freagra a thabhairt ar na ceistneoirí sin a bhí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (DG TRADE).

(68)

In ainneoin go ndearnadh teagmháil réamhghníomhach ar leith le húsáideoirí agus comhlachais, ní bhfuair an Coimisiún freagraí ach ó thart ar 30 úsáideoir, lena h-áirítear comhlachais de chuid roinnt úsáideoirí an Aontais mar shampla comhlachais mhótarfheithiclí, comhlachais fearais teaghlaigh, próiseálaithe Slat Sreinge, agus Déantóirí Corna Fuar-rollta, Galbhánaithe agus Brataithe, mar aon le roinnt mhaith úsáideoirí aonair in earnálacha éagsúla a úsáideann cruach. Rinneadh achoimre agus bréagnú ar phríomhghearáin úsáideoirí i Roinn 4.1.

(69)

Maidir leis an anailís a rinneadh ar an bhfaisnéis curtha ar fáil sna ceistneoirí, thug an Coimisiún faoi deara, mar an gcéad bharúil aige, in ainneoin go ndearnadh teagmháil réamhghníomhach, le comhlachais tionscail agus eile, go bhfuair sé líon íseal freagraí ceistneora ó thaobh an úsáideora (timpeall 30 freagra ó bhreis agus 160 úsáideoir aitheanta).

(70)

Ar aon chaoi, rinne an Coimisiún anailís ar fhreagraí ceistneora na h-úsáideoirí i bhfianaise príomhpharaiméadair eile, go háirithe úsáid na dtaraif-chuótaí agus an t-ionchas margaidh. Mar is léir ó na hanailísí ar na topaicí sin (féach e.g Roinn 4.1.1), tá úsáideoirí ag baint tairbhe as leibhéal taraif-chuótaí saor ó dhleacht atá ag méadú i gcónaí (méadú 20 % ar mhéideanna taraif-chuótaí ó 2019) nach mbaintear leas astu go comhsheasmhach i gcatagóirí táirge éagsúla. Ina theannta sin, tiocfaidh méadú breise 4 % ar na taraif-chuótaí ón 1 Iúil 2023 i leith (de réir oibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála an beart a léirscaoileadh go comhleanúnach), rud a d’fhágfadh go mbainfeadh na húsáideoirí sin ar mhaith leo méid a h-allmhairí ó thíortha bunaidh ar leith a mhéadú tairbhe as.

(71)

I dtaca leis sin, níl aon fhianaise curtha ar fáil ag úsáideoirí nár leor méid na dtaraif-chuótaí (lena h-áirítear méideanna méadaithe de bharr léirscaoilte a chuirfear leis na taraif-chuótaí ó 1 Iúil 2023 i leith) mar aon le hinfhaighteacht chruach a tháirgtear san Aontas lena riachtanais a chomhlíonadh i bhfianaise éileamh reatha agus réamh-mheasta.

4.2.2.   Freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais

(72)

San imscrúdú, d’fhéach an Coimisiún leis an éabhlóid ar staid eacnamaíoch thairgeoirí cruach an Aontais a mheas chomh maith trí cheistneoirí. Fuair an Coimisiún freagraí ceistneora ó na trí phríomhchomhlachas tháirgeoirí cruach an Aontais (EUROFER, ESTA agus CTA) (44) mar aon le cúpla freagra aonair breise ó tháirgeoirí an Aontais. Cuimsíonn an tréimhse dár soláthraíodh sonraí na blianta 2021 agus 2022.

(73)

D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh feabhas tagtha ar staid eacnamaíoch an Aontais, go háirithe sa bhliain 2021, ag baint leibhéil arda bhrabúsachta amach i gcomhthéacs praghsanna ah-ard cruach, agus go leanfaí leis an staid sin sa bhliain 2022. I bhfianaise feidhmíocht fheabhsaithe líomhnaithe mar sin, d’áitigh roinnt páirtithe nach mbeadh gá leis an mbeart coimirce a thuilleadh agus, dá bhrí sin, gur chóir é a fhoirceannadh faoin 30 Meitheamh 2023.

(74)

Léirigh na freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais go raibh cúinsí dearfach ar an iomlán i dtionscal an Aontais in 2021, go háirithe de bharr athbhorradh iar-COVID faoi éileamh agus praghsanna cruach as cuimse ard. Bhí cúinsí fós ah-dearfach ar an iomlán go luath in 2022.

(75)

Tháinig meath tapa ar fheidhmíocht eacnamaíoch an Aontais, áfach, le linn an chuid eile de 2022. Bhí cúpla cúis leis sin. Go háirithe, chuir briseadh amach an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin isteach ar roinnt mhaith earnálacha, ag imirt tionchar ar an margadh cruach chomh maith. Thairis sin, ba chúis é méadú tobann ar phraghsanna fuinnimh le costais táirgeachta níos airde do dhéantóirí cruach, ach i gcomhthéacs laghdú ar an éileamh faoinar tháinig laghdú ar phraghsanna cruach chun dul i ngleic le brú allmhairiúcháin a d’fhan ag leibhéil arda i roinnt mhaith catagóirí tábhachtacha táirge.

(76)

Léirigh éabhlóid táscairí díobhála gur tháinig laghdú 20 milliún tona (-11,4 %) ar thomhaltas cruach an Aontais in 2022 (166,1 milliún tona) nuair a cuireadh i gcomparáid é le 2021 (187,4 milliún tona).

(77)

Óna thaobh féin de, tháinig laghdú 10,8 % ar tháirgeacht thionscal an Aontais idir 2021 (167,7 milliún tona) agus 2022 (149,6 milliún tona). Tháinig laghdú ar an leibhéal táirgeachta go háirithe sa dara leath de 2022 i gcomparáid leis an gcéad leath de 2022 (-20,8 %).

(78)

Thairis sin, bhí úsáid na hacmhainneachta táirgeachta ag 76 % in 2021 agus d’fhan sí mar an gcéanna nach mór (75 %) i R1 (Eanáir-Márta) de 2022. Thosaigh sí ag laghdú, áfach, ó R2 (Aibreáh-Meitheamh) 2022 i leith, ag baint amach figiúr ah-íseal 58 % i R4 (Deireadh Fómhair-Nollaig) 2022. Ar an iomlán, tháinig laghdú 10 bpointe céatadáin ar úsáid na hacmhainneachta táirgeachta idir 2021 agus 2022, ag 65,6 %.

(79)

Ina theannta sin, lean méid na ndíolachán de chuid tháirgeoirí an Aontais i margadh an Aontais treocht laghdaithe sheasta ó 2021 go dtí an ráithe dheireanach (Deireadh Fómhair-Nollaig) de 2022. Tháinig laghdú 6,4 % ar mhéid na ndíolachán bliain ar bhliain, ó 68,4 milliún tona in 2021 go 64,1 milliún tona. I dtéarmaí coibhneasta, thit sciar margaidh tháirgeoirí an Aontais ó 81,9 % in 2021 go 81,3 % in 2022.

(80)

Ar deireadh, bhí brabúsacht na ndíolachán sin ag 9 % in 2021 agus choinnigh sé uirthi ag méadú go 14,2 % i R2 (Aibreáh-Meitheamh) de 2022. D’aisiompaigh an treocht dhearfach sin, áfach, ó R3 (Iúil-Meán Fómhair) 2022, ag titim go 3,9 % agus ag baint staid chaillteanais -0,2 % amach ina dhiaidh sin i R4 (Deireadh Fómhair-Nollaig) de 2022. In 2022, rinne tionscal an Aontais brabús níos lú ná 1 % ar an iomlán.

(81)

Dá bharr sin, chuaigh staid thionscal an Aontais in olcas i dtreo dheireadh na tréimhse a measadh, go háirithe de bharr roinnt tosca a thit amach in 2022, i dteannta a raibh fágtha den bhrú allmhairiúcháin, agus dá bharr sin laghdaigh tionscal an Aontais a phraghsanna, agus a sciar margaidh ionas go mbainfeadh sé cóimheá amach fós.

4.3.   Anailís réamhbhreathnaitheach

(82)

Tar éis na barúlacha ó pháirtithe leasmhara a mheas agus tar éis cur síos a dhéanamh ar fhreagraí ceistneora ó thairgeoirí agus ó úsáideoirí, lena h-áirítear éabhlóid tháscairí eacnamaíocha tháirgeoirí an Aontais, chomhlánaigh an Coimisiún an anailís seo le measúnú réamhbhreathnaitheach ar fhorbairtí dóchúla roinnt gnéithe, dá bhfoirceannfaí an beart faoin 30 Meitheamh 2023. Go háirithe, rinne an Coimisiún iniúchadh féachaint ar cheart go mbeifí ag súil le méadú ar mhéid na h-allmhairí, dá bhfoirceannfaí an beart roimhe mar a bhíothas ag súil leis ar dtús.

(83)

Ar an gcéad dul síos, mheas an Coimisiún an raibh, mar a fuair sé amach in imscrúduithe athbhreithnithe roimhe seo, margadh an Aontais fós tarraingteach. Léirigh an fhaisnéis a mheas an Coimisiún gurb é an Aontas an margadh allmhairithe cruach is mó ar fud an domhain fós. Déanta na fírinne, tháinig méadú breis agus trí phointe céatadáin ar a sciar d’iomlán na h-allmhairí domhanda in 2022 nuair a cuireadh i gcomparáid é leis an mbliain 2021 (45). Léirigh sé sin ní hamháin gurb é margadh an Aontais, ar an mórgóir, an margadh allmhairithe is mó fós ach gur neartaíodh a sheasamh ceannasach tuilleadh in 2022.

(84)

Rinne an Coimisiún measúnú ansin ar tharraingteacht mhargadh an Aontais ó thaobh praghsanna de. Ó thaobh praghsanna de, léirigh an measúnú go raibh praghsanna allmhairiúcháin isteach san Aontas ó na príomhthíortha soláthair i gcónaí níos airde ná a bpraghsanna onnmhairithe chuig tríú margaí eile le haghaidh formhór mór dá h-onnmhairí cruach (i 50 % go 81 % d’iomlán na gcód custaim a bhí faoi réir an bhirt, bhí luachanna onnmhairithe don Aontas níos airde ná do thríú margaí eile; ar an meán, díoladh 69 % de na cóid chustaim lena mbaineann ar phraghas níos airde san Aontas ná mar a díoladh iad ar thríú margaí eile (46). Ina theannta sin, léirigh an measúnú gur mhargadh onnmhairithe tábhachtach ábhartha é margadh an Aontais do na tíortha seo (47). Ba iad na príomhthíortha sin a sholáthraíonn cruach don Aontas iad siúd a bhí ag ídiú na dtaraif-chuótaí den chuid is mó.

(85)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go raibh margadh an Aontais fós tarraingteach do thíortha onnmhairithe ó thaobh méid agus praghsanna araon.

(86)

Ansin, luaigh an Coimisiún gur fhan méid na h-allmhairí isteach san Aontas ar leibhéil arda nuair a cuireadh i gcomparáid iad le figiúirí stairiúla (le deich mbliana anuas). Bhí sciar na h-allmhairí ard chomh maith nuair a cuireadh i gcomparáid é le leibhéil a bhí ann roimhe sin, agus gar don bhuaic a baineadh amach in 2018 sular cuireadh beart coimirce cinntitheach i bhfeidhm (48). Ina theannta sin, nuair a chuirtear i gcomparáid é le tomhaltas i margadh an Aontais sa tréimhse 2021-2022, ar tháinig laghdú 11 % air (-21,3 milliún tona), tháinig laghdú 8 % ar allmhairí (ó 33,8 milliún tona go 31,1 milliún tona), agus tháinig laghdú ar dhíolacháin intíre chomh maith ach ar luas níos airde, is é sin -12 %. Dá bhrí sin, tháinig méadú ar sciar de mhargadh na h-allmhairí in ainneoin laghdú dédhigiteach ar thomhaltas i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go raibh dul i bhfód allmhairí ar mhargadh an Aontais fós ag leibhéil arda agus gur tháinig méadú air fiú in 2022 nuair a cuireadh i gcomparáid le 2021 é in ainneoin laghdú ar thomhaltas.

(87)

Dheimhnigh an Coimisiún, chomh maith, mar a luadh in aithrisí (36) agus (37), go raibh an treocht sheasta in airde chéanna ann maidir le staid na ró-acmhainne domhanda san earnáil chruach in 2022. Mar sin, agus in éagmais aon fhianaise ó pháirtithe leasmhara a léireodh a mhalairt, chinn an Coimisiún go raibh na torthaí ar ar tháinig sé roimhe seo i dtaobh éifeachtaí na ró-acmhainne ar an margadh agus ar fheidhmíocht táirgeoirí cruach bailí fós.

(88)

Ar an gcaoi chéanna, chinn an Coimisiún nach raibh tíortha onnmhairithe, ar an mórgóir, in ann teacht ar mhargaí eile chun na méideanna trádála a cailleadh i margadh na Stát Aontaithe agus an Aontais ó 2018 i leith a chúiteamh. Déanta na fírinne, bhí iomlán a h-onnmhairí chuig margaí eile níos ísle i gcoitinne ná mar a bhí siad in 2018.

(89)

I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go dtiocfadh méadú ar allmhairí isteach san Aontas dá bhfoirceannfaí an beart coimirce faoin 30 Meitheamh 2023. Go deimhin, dheimhnigh éabhlóid na h-allmhairí, na taraif-chuótaí úsáidte agus sciar margaidh na h-allmhairí sa tréimhse dheireanach a measadh tarraingteacht mhargadh an Aontais agus toilteanas na h-onnmhaireoirí cruach is mó rochtain níos fearr a fháil ar mhargadh an Aontais, go háirithe i gcás roinnt catagóirí táirge.

4.4.   Conclúid

(90)

Bunaithe ar anailís chúramach a rinneadh ar na haighneachtaí agus na frisnéisí faighte ó pháirtithe leasmhara ag iarraidh go bhfoirceannfar an beart coimirce faoin 30 Meitheamh 2023 (Roinn 4.1) chomh maith leis na freagraí ceistneora (Roinn 4.2), chomh maith leis an gconclúid ar ar thángthas ina mheasúnú réamhbhreathnaitheach (Roinn 4.3) chinn an Coimisiún, ar bhonn na gcúinsí reatha agus an eolais atá ar fáil, nach bhfuil údar maith le foirceannadh an bhirt faoin 30 Meitheamh 2023. Dá bhfoirceannfaí an beart ag an gcéim seo, d’fhéadfadh an méadú dóchúil ar mhéid na h-allmhairí an bonn a bhaint ó staid thionscal an Aontais. Mar thoradh ar an gconclúid sin, agus toisc go leanfar den bheart a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2024, rinne an Coimisiún measúnú ansin, mar a foráladh san Fhógra Tionscnaimh, ar liosta na dtíortha i mbéal forbartha is ceart a bheith faoi réir an bhirt agus eisiata ón mbeart bunaithe ar shonraí allmhairithe cothrom le dáta (Roinn 5). Rinne sé measúnú chomh maith féachaint an raibh an leibhéal léirscaoilte 4 % iomchuí i gcónaí (Roinn 6).

5.   NUASHONRÚ AR LIOSTA NA DTÍORTHA I MBÉAL FORBARTHA ATÁ FAOI RÉIR AN BHIRT

(91)

Eisiadh aon tír i mbéal forbartha atá mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ón mbeart cinntitheach fad is go bhfanann sciar a hallmhairí isteach san Aontas faoi bhun 3 % d’iomlán na h-allmhairí do gach catagóir táirge. Chomh maith leis sin, má sháraíonn sciar comhchoiteann na h-allmhairí ó thíortha i mbéal forbartha (a bhfuil a sciar féin faoi bhun 3 %) 9 % i gcatagóir ar leith, beidh na tíortha uile i mbéal forbartha faoi réir an bhirt sa chatagóir táirge sin (49). Gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé faireachán ar fhorbairt na h-allmhairí tar éis ghlacadh an bhirt agus go ndéanfadh sé athbhreithniú ar liosta na dtíortha eisiata ar bhonn rialta.

(92)

Rinneadh an nuashonrú deireanach faoi chuimsiú an imscrúdaithe athbhreithnithe fheidhmiúil is déanaí ó Mheitheamh 2022, agus bhí sé bunaithe ar shonraí allmhairithe ó 2021. Dá réir sin, chun liosta na dtíortha i mbéal forbartha atá faoi réir an bhirt, agus eisiata uaidh, a leasú nuashonraigh an Coimisiún na ríomhanna bunaithe ar na sonraí allmhairithe comhdhlúite is déanaí dá bhfuil ar fáil, .i. staitisticí allmhairithe ón mbliain 2022 (50).

(93)

Is iad seo a leanas na hathruithe a eascraíonn as an nuashonrú seo (tá an tábla nuashonraithe ar fáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo).

Áirítear gach tír i mbéal forbartha sna catagóirí 4B, 5, 25B agus 28 toisc go bhfuil suim na sciartha allmhairí in 2022 a bhí faoi bhun 3 % níos airde ná 9 % (51);

Áirítear an Bhrasaíl i gcatagóirí 1 agus 2, agus eisiatar í i gcatagóir 6;

Áirítear an tSín i gcatagóirí 7 agus 25A;

Áirítear an Éigipt i gcatagóirí 13 agus 16;

Áirítear an India i gcatagóirí 3B, 12, 16 agus 17;

Áirítear an Indinéis i gcatagóir 16;

Áirítear an Mhalaeisia i gcatagóirí 9 agus 16;

Eisiatar an Mholdóiv i gcatagóir 12;

Áirítear an Mhacadóin Thuaidh i gcatagóir 26;

Áirítear Óman i gcatagóir 13;

Áirítear an Afraic Theas i gcatagóir 4A;

Áirítear an Tuirc i gcatagóirí 3A agus 25A;

Eisiatar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcatagóir 16;

Áirítear Vítneam i gcatagóir 26, agus eisiatar é i gcatagóir 3A.

(94)

Maidir leis an gcoigeartú seo, d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara nár chóir don Choimisiún, agus é ag nuashonrú liosta na dtíortha i mbéal forbartha dá chuid, na tíortha sin i mbéal forbartha atá eisiata ón mbeart faoi láthair a chur san áireamh go huathoibríoch, agus a gcúiteodh a h-allmhairí as na méideanna a allmhairíodh ón Rúis agus ón mBealarúis tráth roimh an toirmeasc allmhairithe. D’áitigh na páirtithe sin nach mbeadh an mhodheolaíocht a úsáideadh an Coimisiún chun sciar na h-allmhairí a ríomh ar bhonn na dtairseach leagtha amach ag bunrialachán coimirce an Aontais oiriúnach i bhfianaise a eisceachtúla is atá an staid pholaitiúil ag eascairt as an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin. I bhfocail eile, d’iarr na páirtithe go h-athródh an Coimisiún an t-ainmneoir chun sciar allmhairí na dtíortha i mbéal forbartha a ríomh trí thíortha bunaidh áirithe a bhaint i roinnt catagóirí táirge.

(95)

Luaigh an Coimisiún go leagtar amach na rialacha i leith eisiaimh na dtíortha i mbéal forbartha in Airteagal 9.1 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Cosanta agus in Airteagal 18 de bhunrialachán coimirce an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí allmhairí áirithe a eisiamh ón ríomh de réir léamh an Choimisiúin ar na forálacha seo.

(96)

Déanta na fírinne, agus beag beann ar na cúiseanna sonracha líomhnaithe, bhí an Coimisiún den tuairim dá ligfí d’údarás imscrúdaithe a rogha allmhairí a chur san áireamh i ríomh ábhartha na dtairseach faoi na forálacha seo, go raibh riosca ann dar ndóigh go gcaithfeadh páirtithe leasmhara lena chéile ar shlí a bhféadfadh a bheith idirdhealaitheach.

(97)

Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún glacadh le léirmhíniú na bhforálacha ábhartha a thug roinnt páirtithe leasmhara chun tairseacha eisiaimh na dtíortha i mbéal forbartha a ríomh.

6.   LEIBHÉAL AN LÉIRSCAOILTE

(98)

Socraíodh an ráta reatha léirscaoilte den choimirce ar ráta bliantúil 4 % (52). Rinne an Coimisiún measúnú san imscrúdú sin féachaint an raibh an leibhéal léirscaoilte sin iomchuí i gcónaí.

(99)

D’iarr roinnt páirtithe leasmhara go méadófaí leibhéal an léirscaoilte go e.g 5 %. Ar an taobh eile, dhiúltaigh roinnt páirtithe leasmhara eile do na hiarratais ar mhéadú breise ar ráta an léirscaoilte toisc nach raibh údar maith ag baint leis.

(100)

I bhfianaise na dtreochtaí diúltacha a bhí i margadh cruach an Aontais le gairid, na héiginnteachta faoi réamhaisnéisí eacnamaíocha don tréimhse amach romhainn go háirithe don Aontas, agus ó thaobh go raibh taraif-chuótaí ar fáil i gcoitinne i rith na tréimhse i gcatagóirí táirge éagsúla, mheas an Coimisiún nach raibh údar maith le leibhéal an léirscaoilte a mhéadú níos mó ná a ráta reatha.

(101)

Dá bhrí sin, tiocfaidh méadú 4 % ar na taraif-chuótaí fós ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh do gach catagóir táirge. Leagtar amach na méideanna sonracha don tréimhse 1 Iúil 2023 – 30 Meitheamh 2024 (ar bhonn ráithiúil) in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tríú hAthbhreithniú.

(102)

Ar deireadh, comhlíonann an t-athbhreithniú reatha lena leasaítear an beart coimirce na hoibleagáidí a eascraíonn as na Comhaontuithe déthaobhacha a síníodh le tríú tíortha áirithe chomh maith.

(103)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Choimircí arna bhunú faoi Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/478 agus faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/159 mar a leanas:

 

Cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.2 in Iarscríbhinn III.

Cuirtear táblaí in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na gcodanna de thábla a bhaineann le táirge uimhir a 9 i gCuid IV.1 agus IV.2 d’Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí, (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(2)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach, (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27) (‘an Rialachán maidir le Beart Coimirce Cinntitheach’).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach, (IO L 225 I, 25.6.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1590 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach, (IO L 248, 27.9.2019, lch. 28).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/894 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach, (IO L 206, 30.6.2020, lch. 27).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe, (IO L 167, 24.6.2022, lch. 58).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2037 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach, (IO L 416, 11.12.2020, lch. 32).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/434 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe, (IO L 88, 15.3.2022, lch. 181).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/664 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe, (IO L 121, 22.4.2022, lch. 12).

(11)  IO C 459, 2.12.2022, lch. 6.

(12)  https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI

(13)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-history?caseId=2645

(14)  Féach, inter alia, Roinn 3.2.1. den Rialachán maidir leis an Dara hAthbhreithniú, aithrisí (27) agus (28) den Rialachán maidir le hAthbhreithniú Fadaithe agus aithris (56) den Rialachán maidir leis an Tríú hAthbhreithniú.

(15)  Foinse: An Coimisiún Eorpach bunaithe ar an bhfaisnéis i leith úsáid laethúil na dtaraif-chuótaí atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/taxation_customs/dds2/taric/quota_consultation.jsp

(16)  I dteannta cruach shaor ó dhleacht a bhí ar fáil ó fhoinsí tríú tíre eile, d’fhéadfadh sé go raibh an deis ag úsáideoirí de chuid an Aontais, i gcásanna áirithe ar a laghad, dul i muinín cruach a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil.

(17)  Féach, mar shampla, Roinn 3.5 den Rialachán maidir leis an Tríú Athbhreithniú.

(18)  Féach Ráiteas ó Urlabhraí USTR Adam Hodge an 9 Nollaig 2022:https://ustr.gov/about-us/policy-offices/press-office/press-releases/2022/december/statement-ustr-spokespersoh-adam-hodge

(19)  Féach aithrisí (54) go (59) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe; IO L 167, 24.6.2022, lch. 58.

(20)  Foinse: https://dataweb.usitc.gov/

(21)  Ní chuireann an ríomh seo allmhairí isteach sna Stáit Aontaithe ón Aontas san áireamh, toisc go ndíríonn an anailís faoin alt seo ar an sraonadh trádála a d’fhéadfadh a bheith ann ó thríú tíortha isteach i margadh an Aontais.

(22)  S&P Global: Current gas, electricity prices threaten European steelmaking viability:https://www.spglobal.com/commodityinsights/en/market-insights/latest-news/metals/090922-current-gas-electricity-prices-threateh-europeah-steelmaking-viability-eurofer (9 Meán Fómhair 2022); Steel makers fear deepening crisis from energy crunch as output halted:https://www.reuters.com/business/energy/steel-makers-fear-deepening-crisis-energy-crunch-output-halted-2022-09-23/ (Reuters, an 23 Meán Fómhair 2022).Chun amharc ar éabhlóid praghsanna gáis nádúrtha san Aontas, féach, cuir i gcás, Trading Economics: https://tradingeconomics.com/commodity/eu-natural-gas (arna rochtain go deireanach an 30 Aibreán 2023).

(23)  Féach, mar shampla: ArcelorMittal To Idle Parts of Three Plants as Energy Costs Bite:https://www.bloomberg.com/news/articles/2022-09-02/arcelormittal-to-idle-parts-of-three-plants-as-energy-costs-bite#xj4y7vzkg (Bloomberg, 2 Meán Fómhair 2022);Steel Plants Across Europe Cut Production as Power Prices Soar: https://www.bloomberg.com/news/articles/2022-03-09/spanish-steel-productioh-curbed-as-power-costs-soar-to-a-record#xj4y7vzkg (Bloomberg, 9 Márta 2022);

(24)  S&P Global: Back in action: European mills restart idled blast furnaces on higher flat steel prices, 13 Márta 2023: https://www.spglobal.com/commodityinsights/en/market-insights/blogs/metals/031323-back-ih-actioh-europeah- mills-restart-idled-blast-furnaces-oh-higher-flat-steel-prices. Féach freisin: Eurometal: Flat steel producer Acciaierie d'Italia to boost production in 2023, 2024:Flat steel producer Acciaierie d'Italia to boost production in 2023, 2024 - EUROMETAL;GMK: US Steel Kosice resumed operation of the blast furnace after a month and a half of downtime:https://gmk.center/en/news/us-steel-kosice-resumed-operatioh-of-the-blast-furnace-after-a-month-and-a-half-ofdowntime/

(25)  Maidir leis an sciar allmhairí sa tréimhse 2013-2017, féach Tábla 2 den Rialachán Cinntitheach. I gcomhair sciar allmhairí sa tréimhse 2018-2020, féach Tábla 10 den Rialachán maidir le Fadú. Ba é sciar na h-allmhairí in 2021 18,1 %.

Foinse: Eurostat d’allmhairí, agus sonraí tionscail agus freagraí ceistneora do thomhaltas.

(26)  Féach na tagairtí i bhfonóta 12 a ghabhann le haithris (14) den Rialachán seo.

(27)  ECFE, Latest Developments in Steelmaking Capacity (17 Feabhra 2023).

(28)  Ibid

(29)  Maidir le héabhlóid na bpraghsanna fuinnimh agus a leibhéil phraghsanna ionchasacha san Aontas i gcomparáid le sonraí stairiúla, féach Economist Intelligence Unit: Commodities Outlook 2023, lch. 3 (ar fáil le síntiús); agus Trading Economics: https://tradingeconomics.com/commodity/eu-natural-gas. Léiríonn an dá fhoinse go bhfuil praghsanna fuinnimh san Aontas, cé go bhfuil siad i bhfad faoi bhun na buaice a baineadh amach in 2022, fós ag leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bhí sna blianta roimhe seo.

(30)  ECFE, Steel Market developments: R4 2022 (16 Nollaig 2022).

(31)  ECFE, Steel Market developments, R2 2023 (21 Feabhra 2023).

(32)  Fitch Ratings: Global Steel Outlook 2023 (12 Nollaig 2022):https://www.fitchratings.com/research/corporate-finance/global-steel-outlook-2023-13-12-2022#:~:text=We%20forecast%20global%20steel%20consumption,tonnes%20(mt)%20in%202022.

(33)  S&P Platts Global: Steel Price Forecast and Steel Market Outlook 2023 (ar fáil le síntiús).

(34)  An Comhlachas Cruach Domhanda: Short Range Outlook, Deireadh Fómhair 2022.

(35)  An Comhlachas Cruach Domhanda: Short Range Outlook, Aibreán 2023.

(36)  Féach, maidir le maímh chomhchosúla a ardaíodh in imscrúduithe roimhe seo, torthaí an Choimisiúin i Roinn 4.5 den Rialachán maidir leis an tríú athbhreithniú ar fheidhmiú, Roinn 7.6 den Rialacháin maidir le hathbhreithniú fadaithe, aithris (123) den Rialachán maidir leis an dara hathbhreithniú ar fheidhmiú, aithrisí (159) agus (163) den Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú.

(37)  Féach Roinn 7.10 den Rialacháin maidir le hAthbhreithniú Fadaithe

(38)  Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith fhóirdheontais agus beart cosanta; IO L 83, 27.3.2015, lch. 11.

(39)  WT/DS595/R An tAontas Eorpach – Bearta Coimirce ar Tháirgí Áirithe Cruach, 29 Aibreán 2022.

(40)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/104 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach i ndiaidh tuarascáil a bheith glactha ag Comhlacht na hEagraíochta Domhanda Trádála um Réiteach Díospóidí; IO L 12, 13.1.2023, lch. 7.

(41)  Féach ECFE - Steel trade and trade policy developments - 2021-22 (16.12.22), Tábla B.1, lch. 47.

(42)  Féach Roinn 1.1.2. de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/104 ón gCoimisiún.

(43)  Féach aithrisí (47) agus (48) den Rialachán maidir le hAthbhreithniú Fadaithe.

(44)  Bhí freagraí ceistneora aonair a mball a bhí ag glacadh páirt san imeacht san áireamh freisin i bhfreagraí ceistneora na gcomhlachas seo. Bhí an dá thacar sonraí ar fáil sa cháschomhad (TRON).

(45)  Féach ECFE Steel Market Developments, R4 (Nollaig 2022), lch. 22, tábla 4.Le fáil ag: https://www.oecd.org/industry/ind/steel-market-developments-Q4-2022.pdf

(46)  Foinse sonraí amha: Global Trade Atlas ‘GTA’. https://www.gtis.com/gta/. Figiúirí a bhaineann leis an mbliain 2022, d’onnmhairí ó na príomhthíortha onnmhairithe cruach chuig an Aontas, is iad sin an tSín, an India, an Chóiré Theas, an Téaváin, an Tuirc (52 % d’iomlán na h-allmhairí a bhí i gceist lena h-onnmhairí comhcheangailte cruach chuig an Aontas in 2022). Níor cuireadh figiúirí ón Rúis, an dara tír onnmhairithe cruach is mó chuig an Aontas tráth, san áireamh toisc go bhfuil cosc ar a honnmhairí cruach chuig dlínsí áirithe faoi láthair, lena h-áirítear margadh an Aontais, de bharr smachtbhannaí arna bhforchur mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug sí faoin Úcráin.

(47)  I gcás formhór na dtíortha bunaidh seo, sciar dédhigiteach d’iomlán a h-onnmhairí a bhí i gceist le margadh an Aontais, suas le 27 %.

(48)  Tháinig laghdú 9 % ar allmhairí isteach san Aontas in 2022 nuair a cuireadh i gcomparáid iad leis an mbuaic a baineadh amach in 2018, mar atá laghdú 3,2 milliún tona.

(49)  I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 9.1 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Cosanta.

(50)  Foinse: Eurostat

(51)  Go dtí an t-imscrúdú athbhreithnithe seo, bhí gach tír i mbéal forbartha a bhí mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála faoi réir an bhirt i gcatagóir 24 toisc gur sáraíodh an 9 %. Ós rud é nach gcomhlíontar tairseach mar sin in 2022, ní bheidh ach na tíortha sin i mbéal forbartha atá mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus a sháraíonn an tairseach de 3 % faoi réir an bhirt.

(52)  Féach aithris (42) den Rialachán maidir leis an tríú athbhreithniú ar fheidhmiú.


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN III.2

Liosta de na catagóirí táirgí de thionscnamh tíortha i mbéal forbartha a bhfuil feidhm ag na bearta cinntitheacha maidir leo

Catagóir Tíre / Táirge

1

2

3A

3B

4A

4B

5

6

7

8

9

10

12

13

14

15

16

17

18

19

20

21

22

24

25A

25B

26

27

28

An Airgintín

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

X

 

 

X

An Bhrasaíl

X

X

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

X

 

 

X

An tSín

 

X

X

X

 

X

X

X

X

X

X

X

X

 

X

X

 

 

X

X

 

X

X

X

X

X

X

X

X

An Éigipt

X

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An India

X

X

 

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

 

X

X

X

X

 

 

X

 

X

X

 

X

X

 

X

An Indinéis

 

 

 

 

 

X

X

 

X

X

X

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An Chasacstáin

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An Mhalaeisia

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

X

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

Meicsiceo

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

X

 

 

X

An Mholdóiv

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An Mhacadóin Thuaidh

 

 

 

 

 

X

X

 

X

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

X

X

 

X

Óman

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An Afraic Theas

 

 

 

 

X

X

X

 

 

X

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X

An Tuirc

X

X

X

 

X

X

X

X

 

X

X

 

X

X

 

 

X

X

 

X

X

X

 

 

X

X

X

X

X

An Úcráin

X

X

 

 

 

X

X

 

X

 

 

 

 

X

 

 

X

 

 

 

X

X

X

X

 

X

 

X

X

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

 

X

 

 

X

 

X

 

 

X

An Vítneam

X

 

 

X

X

X

X

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

 

X

Gach tír eile atá i mbéal forbartha

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

X’


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN IV

IV.1 –   Méideanna na dtaraif-chuótaí

Uimhir táirge

Catagóir táirge

Cóid AC

Leithdháileadh de réir tíre (I gCás inarb Infheidhme)

Bliain 6

Dleachtráta breise

Uimhreacha ordaithe

Ón 1.7.2023 go dtí an 30.9.2023

Ón 1.10.2023 go dtí an 31.12.2023

Ón 1.1.2024 go dtí an 31.3.2024

Ón 1.4.2024 go dtí an 30.6.2024

Méid an taraif-chuóta (glantonaí)

9

Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta

7219 31 00 , 7219 32 10 , 7219 32 90 , 7219 33 10 , 7219 33 90 , 7219 34 10 , 7219 34 90 , 7219 35 10 , 7219 35 90 , 7219 90 20 , 7219 90 80 , 7220 20 21 , 7220 20 29 , 7220 20 41 , 7220 20 49 , 7220 20 81 , 7220 20 89 , 7220 90 20 , 7220 90 80

Poblacht na Cóiré

49 549,16

49 549,16

49 010,58

49 010,58

25 %

09.8846

An Téaváin

45 948,59

45 948,59

45 449,15

45 449,15

25 %

09.8847

An India

30 710,50

30 710,50

30 376,69

30 376,69

25 %

09.8848

An Afraic Theas

26 723,10

26 723,10

26 432,63

26 432,63

25 %

09.8853

Na Stáit Aontaithe

24 986,11

24 986,11

24 714,52

24 714,52

25 %

09.8849

An Tuirc

20 791,56

20 791,56

20 565,57

20 565,57

25 %

09.8850

An Mhalaeisia

13 172,38

13 172,38

13 029,20

13 029,20

25 %

09.8851

Tíortha eile

52 837,87

52 837,87

52 263,55

52 263,55

25 %

 (1)

IV.2 –   Méideanna na dtaraif-chuótaí domhanda agus iarmharach in aghaidh na ráithe

Uimhir táirge

Leithdháileadh de réir tíre (I gCás inarb Infheidhme)

Bliain 3

Ón 1.7.2023 go dtí an 30.9.2023

Ón 1.10.2023 go dtí an 31.12.2023

Ón 1.1.2024 go dtí an 31.3.2024

Ón 1.4.2024 go dtí an 30.6.2024

Méid an taraif-chuóta (glantonaí)

Méid an taraif-chuóta (glantonaí)

Méid an taraif-chuóta (glantonaí)

Méid an taraif-chuóta (glantonaí)

9

Tíortha eile

52 837,87

52 837,87

52 263,55

52 263,55


(1)  Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8621

Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8622

Ón 1.4 go dtí an 30.6: Don Chóiré (Poblacht na Cóiré)*, don Téaváin*, don India*, don Afraic Theas*, do Stáit Aontaithe Mheiriceá*, don Tuirc* agus don Mhalaeisia*: 09.8578 *I gcás ídiú a gcuótaí sonracha de réir Airteagal 1.5