|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1223 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meitheamh 2023
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Carota dell'Altopiano del Fucino’ (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leanfaidh na rialacha is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021 d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar fhormheas leasuithe ar shonraíocht táirge a gheobhaidh an Coimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh an 8 Meitheamh 2022. |
|
(2) |
An 15 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún iarratas ón Iodáil ar fhormheas leasuithe ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Carota dell'Altopiano del Fucino’, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 148/2007 ón gCoimisiún (3), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 162/2014 (4). |
|
(3) |
Scrúdaigh an Coimisiún iarratas na hIodáile i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) den Rialachán sin de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021. |
|
(4) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
|
(5) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Carota dell'Altopiano del Fucino’, is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 148/2007 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 lena gcláraítear ainmneacha áirithe i gClár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (IO L 46, 16.2.2007, lch. 14).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 162/2014 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2014 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Carota dell'Altopiano del Fucino (TGFC) (IO L 52, 21.2.2014, lch. 11).