23.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 159/330


RIALACHÁN (AE) 2023/1215 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 23 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1218 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lenar tugadh isteach critéir bhreise maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní agus faoi réir an toirmisc chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine ainmnithe agus d’eintitis ainmnithe mar fhreagairt don chogaíocht faisnéise atá á déanamh ag an Rúis chun a cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine a chur i bhfeidhm. Le Cinneadh (CBES) 2023/1218, leasaítear ceann amháin de na critéir liostaithe atá ann cheana freisin. Leis an gCinneadh sin leasaíodh freisin ceann amháin de na critéir atá ann faoi láthair maidir le liostú, i bhfianaise mheasúnú na Comhairle i ndáil leis na bearta sriantacha a ghlac an tAontas mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, go bhféadfadh oibreoirí a chuireann le cumas na Rúise cogadh a chothú, lena n-áirítear oibreoirí tríú tíortha nach bhfuil faoi cheangal ag na bearta sin, trí dhul timpeall orthu nó bac suntasach a chur orthu ar shlí eile, an bonn a bhaint dá gcuspóir agus dá n-éifeachtacht. Ar na rudaí a thabharfadh le fios gur cásanna ina gcuirfí bac ar bhearta sriantacha an Aontais iad, d’fhéadfaí an méid a leanas, inter alia, a áireamh: oibreoir tríú tír arbh é a phríomhghníomhacht earraí srianta a cheannach san Aontas a rachadh go dtí an Rúis, daoine nó eintitis Rúiseacha a bheith rannpháirteach ag céim ar bith, cuideachta a cruthaíodh le déanaí chun críoch a bhaineann le hearraí srianta a rachadh go dtí an Rúis, nó méadú ollmhór ar láimhdeachas oibreora tríú tír ag a bhfuil baint leis na gníomhaíochtaí sin.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1218, tugadh isteach freisin maoluithe breise ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil d’eintitis liostaithe áirithe lena gceadaítear dífheistiú a dhéanamh ó chuideachtaí Rúiseacha agus cineálacha áirithe urrús i seilbh eintitis liostaithe a dhiúscairt. Tugadh isteach leis freisin maolú lena gceadaítear balla dóiteáin a chur ar bun, a dheimhniú nó a mheas, balla dóiteáin lena mbaintear an rialú atá á fheidhmiú ag duine liostaithe ar shócmhainní eintitis neamhliostaithe de chuid an Aontais ar leis an duine liostaithe iad nó atá á rialú ag an duine liostaithe, agus lena n-áirithítear nach bhfabhraítear aon tairbhe don duine sin, rud a fhágfadh go mbeadh an t-eintiteas sin in ann leanúint dá oibríochtaí gnó. D’fhonn an tsábháilteacht mhuirí a chosaint, tugadh isteach freisin, le Cinneadh (CBES) 2023/1218 díolúine ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ionas gur féidir seirbhísí píolótacha a sholáthar in imthosca sonracha.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1218, leathnaíodh maoluithe ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc freisin chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chun bainc nualiostaithe a chumhdach, ar maoluithe iad a bhí infheidhme maidir le bainc a bhí liostaithe cheana.

(5)

Is iomchuí a shoiléiriú freisin go bhfuil feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe áirithe agus go bhfuil siad comhsheasmhach leis an urraim do rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint mar a ráthaítear faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus tuilleadh soiléirithe a sholáthar maidir le próiseáil agus malartú faisnéise a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát.

(6)

Tagann na leasuithe ar Chinneadh 2014/145/CBES le Cinneadh (CBES) 2023/1218, faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (h):

‘(h)

daoine nádúrtha, einitits nó comhlachtaí:

(i)

A éascaíonn sáruithe ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo, nó ar Rialacháin (AE) Uimh. 692/2014 (*1), (AE) Uimh. 833/2014 (*2) nó (AE) 2022/263 (*3) ón gComhairle nó ar Chinntí 2014/145/CBES (*4), 2014/386/CBES (*5), 2014/512/CBES (*6) nó (CBES) 2022/266 (*7); nó

(ii)

a chuireann bac suntasach ar na forálacha sin ar bhealach eile; nó

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 9)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aithint, áitiú nó ionghabháil neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú rialtais na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77)."

(*4)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch.16)."

(*5)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70)."

(*6)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13)."

(*7)  Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aithint, áitiú nó ionghabháil neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú rialtais na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).’;"

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(i)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a oibríonn in earnáil TF na Rúise le ceadúnas arna riaradh ag Lárionad Seirbhís Chónaidhme Slándála Chónaidhm na Rúise (FSB) um Cheadúnú, Deimhniú, agus Rúin Stáit a Chosaint nó le ceadúnas ‘airm agus trealamh míleata’ arna riaradh ag Aireacht Tionscail agus Trádála na Rúise;’

;

(2)

leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5a:

‘5a.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi na huimhreacha iontrála 82 agus 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun go mbeidh eintiteas atá bunaithe san Aontas in ann urrúis a dhiúscairt nó a aistriú, ar eintiteas é atá á rialú faoi láthair nó a bhí roimhe sin ag an eintiteas atá liostaithe faoi uimhir iontrála 82 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I;

(b)

go mbeidh an diúscairt nó an t-aistriú sin curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2023; agus,

(c)

go ndéanfar diúscairt nó aistriú den sórt sin ar bhonn oibríochtaí, conarthaí nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas, nó a bhaineann leis ar shlí eile, a liostaítear faoi na huimhreacha iontrála 82 agus 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, roimh an 3 Meitheamh 2022.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5aa.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú faoin 25 Nollaig 2023, tiontú ag náisiúnaigh nó cónaitheoirí Ballstáit, nó ag eintiteas atá bunaithe san Aontas, ar admháil taisclainne le hurrús foluiteach Rúiseach i seilbh an eintitis a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I chun an t-urrús foluiteach a dhíol, agus chun cistí a chur ar fáil a bhaineann le tiontú ar admháil taisclainne agus le díol an urrúis fholuitigh go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas sin sa Rúis, faoi cibé coinníollacha a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

eisíodh an admháil taisclainne roimh an 3 Meitheamh 2022;

(b)

cuirtear an iarraidh ábhartha ar údarú isteach faoin 25 Meán Fómhair 2023;

(c)

is féidir le sealbhóir na hadmhála taisclainne a léiriú go raibh an tiontú sin riachtanach chun an t-urrús foluiteach a dhíol;

(d)

tá díol an urrúis fholuitigh i gcomhréir le toirmisc faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, lena n-áirítear Airteagail 5 agus 5f; agus

(e)

ní chuirfear aon chiste ar fáil d’aon eintiteas eile a liostaítear in Iarscríbhinn I.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5c.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis an duine nádúrtha a liostaítear faoin uimhir iontrála 695 faoin gceannteideal “Daoine” in Iarscríbhinn I, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don duine nádúrtha sin nó d’eintiteas faoi úinéireacht an duine nádúrtha sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun idirbhearta, lena n-áirítear díolacháin, a thabhairt i gcrích, ar idirbhearta iad a bhfuil géarghá leo don fhoirceannadh, faoin 31 Lúnasa 2023, i ndáil le comhfhiontar nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil arna bhunú sa Rúis leis an duine nádúrtha sin nó leis an eintiteas faoi úinéireacht an duine nádúrtha sin roimh an 28 Feabhra 2022.’

;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5d.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, nó seirbhísí a sholáthar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheaseann siad a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil géarghá leis sin chun balla dóiteáin a chur ar bun, a dheimhniú nó a mheas, ar balla dóiteáin é:

(a)

lena gcuirtear deireadh le rialú an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I ar shócmhainní duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta neamhliostaithe atá ionchorpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an duine, an eintitis nó an chomhlachta sin, agus

(b)

lena n-áirithítear nach bhfabhróidh tairbhe aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha breise don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht atá liostaithe.’

;

(3)

in Airteagal 6e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126, 127, 198, 199, 200, 214 agus 215 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheaseann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar.’

;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6f

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun seirbhísí píolótacha a sholáthar do shoithí atá faoi ghluaiseacht neamhurchóideach mar a shainítear sa dlí idirnáisiúnta é agus ar seirbhísí iad atá riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta muirí.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘1   D’ainneoin na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, agus atá i gcomhréir leis an urraim do rúndacht cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint mar a ráthaítear in Airteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint ha hEopra agus ón gComhairle (*8), údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEopra agus ón gComhairle (*9) agus Treoir 2014/65/AE chomh maith le riarthóirí cláruithe oifigiúla ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a mhalartú gan mhoill agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a a phróiseáil agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile sa Bhallstát céanna, leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an malartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó fála a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe nuair a bhraitheann siad teagmhais ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú nó ina dtagtar timpeall orthu, nó teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu.

(*8)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)."

(*9)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (féach leathanach 526 den Iris Oifigiúil).