21.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 158/48


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1193 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar an phlean réitigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 12(9), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus pleananna réitigh á dtarraingt suas ag na húdaráis réitigh, ba cheart dóibh a áirithiú go mbreithneoidh siad na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointí (a) go (s) de Rialachán (AE) 2021/23. Ba cheart na caighdeáin maidir le hábhar na bpleananna réitigh a bheith mionsonraithe go leor chun a áirithiú go mbeidh pleananna réitigh spriocdhírithe agus úsáideach chun straitéisí réitigh a chur chun feidhme, agus san am céanna solúbthacht leordhóthanach a cheadú chun an creat dlíthiúil náisiúnta i réimse an dlí dócmhainneachta a chur san áireamh, chomh maith le cineál agus castacht ghnó imréitigh an CPL.

(2)

Cé gur cheart na heilimintí uile lena sonraítear ábhar na bpleananna réitigh, a rialaítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/23, a chur san áireamh sa phlean réitigh, ba cheart don údarás réitigh a áirithiú go léireofar na heilimintí sin sa phlean réitigh ar bhealach oiriúnach i bhfianaise shaintréithe sonracha an chontrapháirtí lárnaigh (CPL), amhail cineál agus castacht an ghnó imréitigh a dhéanann sé.

(3)

Ba cheart don achoimre ar phríomheilimintí an phlean réitigh dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23 a bheith gonta agus dírithe ach, san am céanna, ba cheart mínithe leordhóthanacha a bheith inti chun príomheilimintí an phlean atá le nochtadh don CPL a chumhdach. Leis an achoimre, ba cheart na contrapháirtithe lárnacha a chur ar an eolas faoi na príomhghníomhaíochtaí ba cheart dóibh a bheith in ann dhéanamh agus faoi na sonraí ba cheart dóibh a bheith in ann a chur isteach. Ba cheart díriú san achoimre ar an áit a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an bplean sin ar phleanáil an CPL maidir le téarnamh agus le bainistiú géarchéime, agus ba cheart aon ionchas ón CPL a shoiléiriú a mhéid a bhaineann leis an gcomhar le linn na céime réitigh agus na bearta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmeanna an CPL.

(4)

Chun oiriúnacht agus comhréireacht fhoriomlán an phlean réitigh a áirithiú, ba cheart cásanna réitigh agus straitéisí réitigh a bheith ann. Ba cheart na huirlisí a bheith ag an údarás réitigh, i bhfoirm cineálacha éagsúla cásanna féideartha, lena n-áirítear teaglamaí díobh, chun cásanna ábhartha agus oiriúnacha a chruthú don CPL, agus liosta de na príomhghnéithe a bheidh le breithniú agus straitéisí réitigh á mbunú le haghaidh na gcásanna réitigh.

(5)

Chun saintréithe sonracha an chreata dlí náisiúnta is infheidhme i réimse an dlí dócmhainneachta a chur san áireamh, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na húdaráis réitigh roinnt gnéithe den phleanáil réitigh a mheas go cúramach, amhail an sásra faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/23, agus aon difríocht idir rangú na gcreidiúnaithe faoi na nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta agus an t-ord ionsúcháin caillteanais a bhunaítear faoi Rialachán sin. Léirítear an tsolúbthacht fhoriomlán sin leis an Rialachán seo, lena soláthraítear na heilimintí atá le cur san áireamh sa phlean réitigh, gan dochar don tsolúbthacht is gá faoi Rialachán (AE) 2021/23. Leis na heilimintí a shonraítear sa Rialachán seo, ní chuirtear bac ar an údarás réitigh gnéithe eile a chinneadh atá le cur san áireamh sa phlean réitigh.

(6)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an phlean réitigh a éascú agus a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach, i gcás ina mbeidh measúnú déanta ag an údarás réitigh ar ghnéithe áirithe den CPL ar bhealach difriúil le measúnú na CPLanna féin faoin bplean téarnaimh, go ndéanfar na difríochtaí sin a mheas i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar chur chun feidhme tapa an phlean réitigh. Dá bhrí sin, i gcás ina sainaithnítear aon difríocht, ba cheart don údarás réitigh iad a mheas sa phlean réitigh agus measúnú a dhéanamh orthu chun a n-éifeacht, más ann di, ar chur chun feidhme an phlean réitigh a thuiscint.

(7)

Chun a áirithiú gur féidir pleananna réitigh, i gcás inar gá, a chur chun feidhme go héifeachtach in am trátha, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh “tástáil chruthúnais” déanta ag na húdaráis réitigh ar chur i bhfeidhm an phlean réitigh atá beartaithe, a mhéid is féidir, trí phróisis agus nósanna imeachta a thástáil go mion. Ba cheart a áireamh sa tástáil sin ríomhphoist agus faisnéis a sheoladh chun a áirithiú go mbeidh aon ghníomhaíocht réamhphleanáilte a bhaineann le conas agus cathain ba cheart céimeanna áirithe a dhéanamh agus conas agus cathain is féidir faisnéis áirithe a bhailiú inoibrithe faoi dhálaí struis agus go gceartaítear aon bhac a aimsítear chun a áirithiú, a mhéid is féidir, gur dócha go n-urramófar na tréimhsí ama measta.

(8)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na príomhfhostaithe ag an CPL le linn chéim an réitigh, ba cheart don údarás réitigh iarracht a dhéanamh measúnú a dhéanamh ar struchtúir dhreasachta a bheidh le húsáid, agus teacht rompu, agus ní hamháin na struchtúir sin atá nasctha leis na gnóthachain a bheidh ag CPLanna amach anseo, ach luach saothair díreach freisin, agus ba cheart don CPL breithniú a dhéanamh ar an gcaoi le baill foirne leordhóthanacha a áirithiú trí fhostú gearrthéarmach, malartuithe, leithdháiltí sealadacha nó socruithe comhairliúcháin fostaithe a mheas, i gcás inarb ábhartha, ionas go mbeidh an inniúlacht ag CPLanna a theastaíonn uathu.

(9)

Chun comhar tapa éifeachtúil a áirithiú leis na húdaráis a ndéanfadh cliseadh CPL difear dá réimsí inniúlachta, agus a ndéantar ionadaíocht orthu sa choláiste réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/23, ba cheart don údarás réitigh na socruithe a ullmhú agus a thástáil go rialta chun fógra a thabhairt don choláiste réitigh agus aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl dó.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(11)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Measúnú cainníochtaithe

Déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú ar an gcaoi a ndéantar gnéithe éagsúla den phlean réitigh a chainníochtú nó ar an gcaoi ar féidir iad a chainníochtú agus an plean réitigh á tharraingt suas aige agus tabharfaidh sé mínithe ar an gcaoi a ndearnadh agus ar a mhéid a rinneadh measúnú cainníochtúil ar ghné áirithe den phlean réitigh. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh ar an gconclúid, i ndáil le gné shonrach den phlean réitigh, nach bhfuil measúnú cainníochtúil iomchuí nó nach bhfuil sé indéanta, ba cheart é sin a lua sa phlean réitigh.

Airteagal 2

Achoimre ar phríomheilimintí an phlean réitigh

Agus achoimre ar phríomheilimintí an phlean réitigh á hullmhú ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

príomheilimintí na straitéisí réitigh arna mbunú agus na príomhchásanna foluiteacha faoin bplean réitigh, agus idirdhealú a dhéanamh idir teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana agus teaglaim den dá rud;

(b)

achoimre ghearr ar phríomheilimintí an phlean réitigh i ndáil le gach ceann de na pointí faoi Airteagal 12(7), pointí (b) go (s), de Rialachán (AE) 2021/23 lena ndírítear ar na gnéithe is ábhartha don CPL:

(i)

na príomhghníomhaíochtaí ba cheart don CPL a bheith in ann a dhéanamh;

(ii)

sonraí ba cheart don CPL a bheith in ann a thíolacadh;

(iii)

aon ghné den phlean ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha acu ar phleanáil an CPL maidir le téarnamh agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 3

Achoimre ar athruithe ábhartha

Agus achoimre ar athruithe ábhartha ar an bplean réitigh á hullmhú ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar sa phlean réitigh athruithe ábhartha a bhaineann leis na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

na margaí ina n-oibríonn an CPL, na réimeanna gnó a mheastar a bheith lárnach don CPL, agus na seirbhísí imréitigh a thairgeann an CPL;

(b)

socruithe idir-inoibritheachta an CPL nó idirthuilleamaíochtaí an CPL, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí an CPL;

(c)

caipiteal agus struchtúr caipitil an CPL, lena n-áirítear méideanna na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe;

(d)

ceanglais stuamachta an CPL, lena n-áirítear athruithe ar mhodheolaíochtaí an chiste mainneachtana, ar chreataí bainistithe riosca éarlaise agus leachtachta, ar bheartais infheistíochta, ar bheartais chomhthaobhachta agus ar shocraíocht;

(e)

ceanglais neamhstuamachta an CPL, lena n-áirítear gnéithe eagraíochtúla amhail struchtúr eagraíochtúil, leanúnachas gnó agus seachfhoinsiú, agus athruithe ábhartha ar rialacha iompair gnó an CPL, lena n-áirítear comhdhéanamh chomhaltas an CPL agus athruithe maidir le leithscaradh agus iniomparthacht;

(f)

struchtúr úinéireacht an CPL agus struchtúir dreasachta bainisteoirí;

(g)

na cásanna réitigh agus na straitéisí réitigh.

Airteagal 4

Feidhmeanna criticiúla

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar an gcaoi a bhféadfaí feidhmeanna criticiúla an CPL a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc ar na feidhmeanna a mheasann an t-údarás réitigh a bheith criticiúil;

(b)

i gcás inar ann do dhifríochtaí ábhartha i gcomparáid le liosta d’fheidhmeanna criticiúla an phlean téarnaimh, tuairisc mhionsonraithe ar na príomhchúiseanna a ndearna an t-údarás réitigh measúnú éagsúil ar na feidhmeanna criticiúla, éifeachtaí ábhartha an mheasúnaithe éagsúla sin agus an chaoi a bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh d’inréiteacht an CPL;

(c)

tuairisc ar na príomhspleáchais idir feidhmeanna criticiúla agus idirthuilleamaíochtaí criticiúla agus ar na príomhshocruithe agus na príomhphróisis inmheánacha agus sheachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí, nósanna imeachta TF, liosta den phríomhfhoireann agus de na príomhsholáthraithe seirbhíse is gá chun go leanfaidh an CPL dá fheidhmeanna criticiúla a sholáthar, nó aon ghné eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a bhreithniú i bhfianaise aistriú féideartha roinnt oibríochtaí de chuid an CPL nó oibríochtaí uile an CPL chuig bonneagar margaidh airgeadais eile nó CPL idirlinne eile, i gcás inar cuid den straitéis réitigh atá beartaithe é sin;

(d)

tuairisc ar an gcaoi a bhféadfaí feidhmeanna criticiúla a dheighilt ó fheidhmeanna neamhchriticiúla i dtéarmaí eacnamaíocha, oibríochtúla agus dlíthiúla agus lena n-áirítear mionsonraí faoin gcaoi a ndearna an t-údarás réitigh measúnú ar éifeachtaí ábhartha na deighilte sin ar pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear:

(i)

éifeachtaí ábhartha ar thacair ghlanluachála do chomhaltaí imréitigh i gcás ina ndéantar idirbhearta a dheighilt i réimsí éagsúla an CPL nó CPL éagsúil;

(ii)

éifeachtaí ábhartha ar oibríochtaí nó éifeachtaí dlíthiúla a bhaineann le hidirbhearta a dheighilt ina CPLanna éagsúla agus na héifeachtaí ar chomhaltaí imréitigh, ar chliaint agus ar chliaint indíreacha, i gcás inar féidir iad sin a shainaithint;

(iii)

éifeachtaí ábhartha maidir le ceanglais chomhthaobhachta a ríomh agus go háirithe éarlaisí athrúcháin agus an chaoi a ndéanfadh an deighilt difear don chomhthaobhacht a d’iarr comhaltaí imréitigh, cliaint agus cliaint indíreacha, i gcás inar féidir iad sin a shainaithint;

(iv)

meastóireacht ar phraghas aistrithe na n-idirbheart sin, i gcás inar féidir é sin a shainaithint;

(e)

achoimre ar an gcaoi a bhféadfadh an cur chuige atá beartaithe ag an CPL feidhmeanna criticiúla an CPL a scaradh óna fheidhmeanna eile, nó gan iad a scaradh, difear a dhéanamh don mheasúnú inréiteachta don CPL;

(f)

feidhmeanna criticiúla a mhapáil ar eintitis dhlíthiúla shainaitheanta agus ar chroílínte gnó an CPL.

Airteagal 5

Tréimhse ama le haghaidh cur chun feidhme

1.   Agus meastachán ar thréimhse ama le haghaidh chur chun feidhme an phlean réitigh á ullmhú ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

liosta gníomhaíochtaí a bheartódh an t-údarás réitigh a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu a thagann nó nach dtagann na gníomhaíochtaí sin as cur i bhfeidhm an phlean téarnaimh;

(b)

liosta de na céimeanna beartaithe, chomh maith le tréimhsí ama leithdháilte, atá le glacadh ag an údarás réitigh chun gach gné ábhartha den phlean réitigh a chur chun feidhme agus ina sonrófar na céimeanna comhfhreagracha don chur chun feidhme sin, lena n-áirítear amchlár measta chun measúnú a dhéanamh ar gach ceann de na straitéisí réitigh agus ar a n-infheidhmeacht;

(c)

tuairisc ar an gcaoi a bhfuil athshlánú acmhainní airgeadais an CPL beartaithe faoin bplean réitigh, lena n-áirítear i gcás ina dtagann sé ón bplean téarnaimh, agus an tréimhse ama a mheastar a bheidh i gceist le haghaidh bearta éagsúla chun acmhainní airgeadais an CPL a athshlánú.

2.   Maidir leis na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad oiriúnach agus ábhartha, mar a léirítear le tuairisc ar an gcaoi a ndearna an t-údarás réitigh measúnú ar indéantacht agus inchreidteacht na gcéimeanna atá beartaithe agus na dtréimhsí ama leithdháilte atá sa phlean réitigh;

(b)

go ndéantar iad a thástáil go tráthrialta, agus ar a laghad ar bhunú an phlean réitigh, agus ina dhiaidh sin tar éis aon athrú ábhartha;

(c)

go bhfuil siad éifeachtach, trí na próisis agus na nósanna imeachta a chur san áireamh, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na dteimpléad.

Airteagal 6

Measúnú ar inréiteacht

Agus tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht á hullmhú ag an údarás réitigh a bheidh le cur san áireamh sa phlean réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

conclúidí an mheasúnaithe ar inréiteacht, lena n-áirítear ar a laghad cé acu a mheastar nó nach meastar an CPL a bheith inréitithe bunaithe ar bhreithnithe an údaráis réitigh faoi Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/23;

(b)

tuairisc ar an gcaoi a ndearna an t-údarás réitigh measúnú ar a mhéid atá an CPL inréitithe gan glacadh le haon cheann de na socruithe maoiniúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 15(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/23;

(c)

tuairisc ar réasúnaíocht an údaráis réitigh maidir le breithniú a dhéanamh ar a indéanta atá sé na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar bhealach ina gcomhlíontar na cuspóirí réitigh;

(d)

tuairisc ar mheasúnuithe an údaráis réitigh ar an bhfaisnéis a fuarthas ón CPL faoi Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/23, ina sonraítear cé acu a aontaíonn nó nach n-aontaíonn an t-údarás réitigh le measúnú an CPL maidir le heaspa bac;

(e)

tuairisc ina dtugtar mionsonraí maidir le cathain agus conas a rinne an t-údarás réitigh an measúnú is déanaí ar an inréiteacht;

(f)

tuairisc ar infhaighteacht na sócmhainní agus na gceart atá beartaithe don CPL agus cé acu a bheadh nó nach mbeadh na sócmhainní sin ar fáil lena n-úsáid i réiteach nó an bhféadfaí cur isteach ar úsáid nó aistriú na sócmhainní sin, nó cosc a chur ar úsáid nó aistriú na sócmhainní sin mar gheall ar leasanna iarmharacha rannpháirtithe díreacha agus indíreacha sna sócmhainní sin nó mar gheall ar shrianta dlíthiúla, amhail an sásra dlíthiúil lena soláthraítear comhthaobhacht, lena n-áirítear an soláthraítear comhthaobhacht mar leas urrúis, mar ghealltán nó trí bhíthin aistriú teidil;

(g)

tuairisc ar gach ceann de na hábhair a bheidh le breithniú ag an údarás réitigh agus measúnú á dhéanamh aige ar inréiteacht CPL, mar a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/23.

Airteagal 7

Baic ar inréiteacht

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar aon bheart a cheanglaítear de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/23 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht atá le cur san áireamh sa phlean réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/23, nó chun na baic sin a bhaint, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

i gcás inar sainaithníodh bac ábhartha, achoimre thuairisciúil ar na bearta a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/23, chun aon athrú is gá ar struchtúr, oibríochtaí nó creataí bainistithe riosca agus acmhainní airgeadais an CPL a shainaithint, nó chun aon bheart a shainaithint chun inréiteacht an CPL a fheabhsú, agus an amlíne chun na hathruithe a iarradh a chur i gcrích;

(b)

tuairisc ar aon bhaic ar tugadh aghaidh orthu nó a baineadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/23 i gcaitheamh tréimhse 2 bhliain roimh an athbhreithniú reatha ar na baic faoi Airteagal 15 den Rialachán sin.

Airteagal 8

Luach agus indíoltacht feidhmeanna agus sócmhainní criticiúla a chinneadh

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na próisis chun luach agus indíoltacht na bhfeidhmeanna agus na sócmhainní criticiúla atá le cur san áireamh sa phlean réitigh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc ar an modh chun luach agus indíoltacht na bhfeidhmeanna agus na sócmhainní criticiúla a chinneadh, mar shampla croílínte gnó, oibríochtaí agus sócmhainní an CPL ina ndírítear go príomha ar ghnéithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an luacháil amhail luaineacht sa mhargadh, neamh-inrochtaineacht agus/nó neamhchinnteacht phraghsanna an mhargaidh, srianta ama agus saincheisteanna dlíthiúla;

(b)

má imíonn an modh a dtugtar tuairisc air i bpointe (a) go hábhartha ón modheolaíocht luachála a cuireadh i bhfeidhm faoin bplean téarnaimh, tuairisc ar na príomhchúiseanna a ndearna an t-údarás réitigh measúnú éagsúil ar an modheolaíocht luachála agus éifeachtaí ábhartha na difríochta sin, más ann dóibh.

Airteagal 9

Ceanglais maidir le faisnéis

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach in Airteagal 12(7), pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc ar na socruithe idir an t-údarás réitigh agus an CPL lena n-áirithítear rochtain ar fhaisnéis agus comhroinnt faisnéise agus an chaoi a gcoinneoidh an CPL ar bun na córais faisnéise agus na rialuithe ar féidir leo sonraí agus faisnéis ábhartha a tháirgeadh agus a chur ar fáil go pras don údarás réitigh; socruithe den sórt sin lena n-áirítear nósanna imeachta chun dáta a chur leis an bhfaisnéis agus chun nuashonruithe caighdeánaithe a sholáthar i gcás ina bhfuil athruithe ábhartha ann;

(b)

liosta den fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/23 agus tuairisc ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an CPL a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus ar fáil i gcónaí don údarás réitigh.

Airteagal 10

An chaoi a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú

Agus míniú á ullmhú ag an údarás réitigh maidir le gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (i), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar sa phlean réitigh na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc ar na hacmhainní airgeadais atá beartaithe mar acmhainní a bhfuil gá leo faoin bplean réitigh, lena ndeighltear sócmhainneacht go soiléir ó riachtanais chistithe leachtachta, lena n-áirítear tuairiscí foriomlána maidir leis na hacmhainní airgeadais féideartha ar dócha go mbeidh siad ag teastáil i ndáil le cur chun feidhme na straitéise réitigh lena n-áirítear gach cás réitigh ábhartha;

(b)

i gcás nach ndearnadh gach oibleagáid chonarthach agus gach socrú eile a fhorfheidhmiú sula ndeachaigh an CPL i mbun réitigh, réamh-mheasúnú ar na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na hoibleagáidí agus na socruithe sin a shaothrú i ndáil le hacmhainní chun gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú, agus cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh na saincheisteanna sainaitheanta sin difear diúltach a dhéanamh don fhéidearthacht na cuspóirí réitigh a bhaint amach go tráthúil;

(c)

tuairisc ar fhoinsí féideartha cistiúcháin réitigh, lena n-áirítear príomhthéarmaí an mhaoinithe, réamhchoinníollacha ábhartha maidir lena n-úsáid, uainiú a n-infhaighteachta, agus aon cheanglas comhthaobhachta a mhéid atá siad ar fáil ex ante;

(d)

tuairisc agus anailís ar conas agus cathain a fhéadfaidh an CPL iarratas a dhéanamh ar úsáid shaoráidí bainc ceannais, lena gcomhlíontar an ceanglas nár cheart glacadh leis i bpleananna réitigh go bhfuil aon rochtain ann ar shaoráidí bainc ceannais ar théarmaí neamhchaighdeánacha;

(e)

tuairisc ar na sócmhainní agus sainaithint na sócmhainní a d’fhéadfaí a úsáid agus cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag súil go gcáileoidh siad mar chomhthaobhacht, agus an chaoi a bhféadfadh ionchas den sórt sin maidir le húsáid na sócmhainní ualaithe a chruthú, go príomha i luach agus in úsáid na sócmhainní sin.

Airteagal 11

Straitéisí agus cásanna réitigh

Agus tuairisc mhionsonraithe á hullmhú ag an údarás réitigh ar na straitéisí agus cásanna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

naoi gcás plean réitigh ceaptha ar a laghad bunaithe ar an maitrís chun cásanna plean réitigh a thógáil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, nó liosta cásanna plean réitigh lena gcumhdaítear gach ceann de na “Cineálacha cásanna” a leagtar amach san Iarscríbhinn i gcás inarb ábhartha maidir leis an CPL a fhéadfar a cheapadh ar bhealach éagsúil;

(b)

tuairisc ar na cásanna réitigh a roghnaíodh i bhfianaise mheasúnú an údaráis réitigh agus saintréithe sonracha agus leibhéal castachta an CPL á gcur san áireamh, agus ar aon chás breise a ceapadh sa phlean réitigh;

(c)

tá an t-údarás réitigh le huirlisí measúnaithe cainníochtúla a chur san áireamh le haghaidh gach cineáil cáis, i gcás inar féidir ag brath ar rochtain ar shonraí, atá le húsáid chun tionchair chainníochtúla a chur ar fáil do na cásanna réitigh; i gcás nach mbeidh aon sonra ar fáil, agus nach féidir iad a ghiniúint tar éis iarracht réasúnach a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú cáilíochtúil ar na huirlisí a mhéid is féidir, agus déanfaidh sé an measúnú sin a léiriú sa phlean, lena n-áirítear mionsonraí faoin méid a rinneadh measúnú cainníochtúil i gcás ar leith;

(d)

tuairisc ar na straitéisí réitigh a roghnaíodh i gcomhair na gcásanna réitigh, ina sonrófar na pointí seo a leanas:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an bpríomhstraitéis réitigh a roghnaíodh, agus má roghnaítear roinnt straitéisí, an chaoi a bhfuil a gcur i bhfeidhm éagsúil, cé acu a bheadh nó nach mbeadh feidhm ag amchláir éagsúla chun iad a chur chun feidhme, agus an phríomhanailís straitéiseach atá mar bhonn leis na roghanna éagsúla a bhaineann leis na straitéisí réitigh a roghnaíodh;

(ii)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a ndearna an t-údarás réitigh tástáil ar straitéisí beartaithe an phlean réitigh, lena n-áirítear an chaoi ar breithníodh athléimneacht na straitéisí atá beartaithe bunaithe ar an gcás a roghnaíodh agus an bhféadfadh saincheisteanna nó baic teacht chun cinn agus, dá mba rud é go bhféadfadh, an chaoi a ndearnadh iad a mhaolú tríd an straitéis agus an cás a roghnaíodh a athbhreithniú;

(iii)

tuairisc mhionsonraithe ar na coinníollacha, atá le measúnú ag an údarás réitigh agus cinneadh á dhéanamh aige an ndéanfar idirghabháil faoin straitéis réitigh, chomh maith leis na huirlisí réitigh atá beartaithe;

(iv)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh sa straitéis réitigh an tionchar ar rannpháirtithe díreacha agus indíreacha sa CPL chomh maith le hidirthuilleamaíochtaí amhail bonneagair nasctha eile na margaí airgeadais agus ionaid trádála nasctha eile;

(v)

tuairisc mhionsonraithe ar éifeachtaí gníomhaíochtaí réitigh éagsúla faoi na straitéisí réitigh, amhail uirlisí réitigh lena scoiltfí tacair ghlanluachála agus tuairiscí freisin ar an gcaoi a bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh do ghnéithe eile d’fheidhmiú an CPL amhail ceanglais leachtachta agus chomhthaobhachta chomh maith le cineálacha eile uirlisí réitigh lena n-áirítear uirlis ghnó a dhíol nó a dhíluacháil nó a chomhshó;

(vi)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh sa straitéis réitigh socruithe dlíthiúla agus teicniúla an CPL agus ar an gcaoi a n-áirithíonn sí leanúnachas na socruithe sin agus ar an gcaoi a dtacaítear leis an bplean le haistriú fheidhmeanna an CPL, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir le comhaontú roimh ré le bonneagair eile na margaí airgeadais nó le soláthraithe seirbhísí ábhartha.

Airteagal 12

Idirthuilleamaíochtaí criticiúla

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na hidirthuilleamaíochtaí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc faoin bplean réitigh ar na hidirthuilleamaíochtaí criticiúla uile a sainaithníodh;

(b)

má tá aon difríocht ábhartha i gceist le hidirthuilleamaíochtaí sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomparáid le liosta idirthuilleamaíochtaí criticiúla an phlean téarnaimh, tuairisc mhionsonraithe ar na príomhchúiseanna ar a ndearna an t-údarás réitigh measúnú éagsúil ar na hidirthuilleamaíochtaí criticiúla agus aon iarmhairt ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an phlean réitigh mar gheall ar na measúnuithe éagsúla ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla agus ar an gcaoi ar féidir leis sin difear a dhéanamh d’inréiteacht an CPL;

(c)

tuairisc ar na cineálacha éagsúla eintiteas ag a bhfuil idirthuilleamaíochtaí leis an CPL, lena n-áirítear liosta ar a mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear rannpháirtithe díreacha agus indíreacha an CPL, i gcás inar féidir iad a shainaithint, úinéirí, soláthraithe seirbhísí airgeadais amhail soláthraithe leachtachta, bainc socraíochta nó gníomhairí, ardáin, gníomhairí infheistíochta, bainc, coimeádaithe agus soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear soláthraithe TF agus soláthraithe sonraí, agus bonneagair na margaí airgeadais nasctha, agus a ábhartha atá siad don nós imeachta réitigh;

(d)

tuairisc ar an measúnú ar na heintitis, dá dtagraítear i bpointe (c), ag a bhfuil idirthuilleamaíocht leis an CPL, lena gcumhdaítear a dtábhacht don CPL, go háirithe an fáth a measfaí iad a bheith criticiúil nó nach measfaí iad a bheith criticiúil, agus má tá cumas an CPL leanúint dá fheidhmeanna criticiúla a sholáthar ag brath ar na heintitis sin;

(e)

tuairisc ar shocruithe seachfhoinsithe chuig soláthraithe seirbhísí criticiúla a chumhdaíonn cuid de chroíghnó an CPL, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann eintiteas eile cinneadh maidir le praghsanna agus ina soláthraíonn sé córais le haghaidh imréitigh, ríomhanna éarlaise nó codanna fíor-riachtanacha eile d’oibríochtaí an CPL;

(f)

tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh measúnú ar eintitis a sainaithníodh go bhfuil idirthuilleamaíocht chriticiúil acu leis an CPL faoi phointe (a) agus ar an gcaoi ar maolaíodh agus ar tugadh aghaidh ar aon riosca sainaitheanta, lena n-áirítear in-fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil agus srianta rialála socruithe amhail fritháireamh agus glanluacháil, chun leanúnachas oibríochtúil i réiteach a áirithiú;

(g)

tuairisc ar an gcaoi a maolaítear sa phlean réitigh aon saincheist ábhartha, saincheist a thagann chun cinn mar gheall ar mhainneachtain fhéideartha an tsoláthraí socruithe seirbhísí seachfhoinsithe criticiúla oibleagáidí a chomhlíonadh faoi shocruithe seachfhoinsithe;

(h)

tuairisc ar an gcaoi ar léiríodh sa phlean réitigh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh ar aon CPL idir-inoibritheach, lena gcumhdaítear tarchur glaonna ar airgead tirim i gcomhair réitigh nó caolchorrlach i leith gnóthachain ar éarlais athrúcháin trí shocrú idir-inoibritheachta;

(i)

tuairisc ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar bhonneagair eile an mhargaidh airgeadais atá nasctha leis an CPL, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar thábhacht rannpháirtíocht an CPL sna heintitis sin lena n-áirítear an bhféadfadh réiteach an CPL a bheith ina chúis le tógálacht trí bhonneagair an mhargaidh airgeadais trí nósanna imeachta mainneachtana i mbonneagair an mhargaidh airgeadais a ghníomhachtú, nó trí ghnólachtaí eile a fhágáil gan rochtain ar bhonneagair an mhargaidh airgeadais.

Airteagal 13

Idirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar idirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc ar an ngrúpa lena mbaineann an CPL agus liosta de na grúpeintitis a bhfuil nasc ag an CPL leo, measúnú maidir le cé na grúpeintitis a mheasfar a bheith ina n-idirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla, agus tuairisc ar na spleáchais inghrúpa a shainaithnítear faoin bplean réitigh;

(b)

má bhíonn aon difríocht shainaitheanta ábhartha i gceist leis na hidirthuilleamaíochtaí sainaitheanta sin i gcomparáid le liosta an phlean téarnaimh d’idirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla agus, i gcás ina bhfuil difríochtaí ann, tuairisc mhionsonraithe ar na príomhchúiseanna a ndearna an t-údarás réitigh measúnú ar na hidirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla ar bhealach éagsúil agus aon éifeacht ábhartha mar gheall ar an measúnú éagsúil agus ar an gcaoi ar féidir leis sin difear a dhéanamh d’inréiteacht an CPL, más ann dóibh;

(c)

tuairisc ar thionchar na ngníomhaíochtaí réitigh ar réimeanna gnó eile na n-eintiteas inghrúpa criticiúil agus na n-eintiteas dlíthiúil criticiúil, lena n-áirítear más rud é go ndéanfadh bearta réitigh difear do chumas eintitis eile leanúint de bheith ag oibriú;

(d)

tuairisc ar an gcaoi a mbeadh eintitis inghrúpa ábhartha in ann tacaíocht airgeadais a sholáthar ar bhonn réamhaontaithe nó ar bhonn deonach;

(e)

tuairisc ar in-fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil nó ar shrianta rialála a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na hidirthuilleamaíochtaí inghrúpa;

(f)

tuairisc ar na bearta maolaitheacha a bhaineann leis na hidirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla sin lena n-áiritheofar leanúnachas oibríochtúil i gcás réitigh, de réir mar is gá chun leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL a choinneáil ar bun.

Airteagal 14

Feidhmeanna áirithe de chuid an chontrapháirtí lárnaigh a áirithiú

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar an gcaoi a n-áirithítear feidhmeanna áirithe de chuid an CPL i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh an t-údarás réitigh go n-áireofar sna pleananna réitigh ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

gach ceann de na hoibríochtaí agus de na córais fhíor-riachtanacha, agus tuairisc ar an gcaoi chun na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha sin a mheasúnú agus a choinneáil ar bun trí roghanna sainaitheanta a sholáthar maidir le rochtain leanúnach ar bhonneagair, ar phróisis agus ar shocruithe oibríochtúla chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla an CPL mar a liostaítear in Airteagal 12(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/23 agus príomhthorthaí an mheasúnaithe a choinneáil ar bun;

(b)

na roghanna a sainaithníodh chun athléimneacht airgeadais a choinneáil ar bun;

(c)

na roghanna a sainaithníodh chun a áirithiú go gcoinneofar comhaontuithe conarthacha ar bun, lena n-áirítear clásail athléimneachta conarthacha, clásail atá comhoiriúnach maidir le réiteach agus teorainneacha le cearta foirceanta i gcás réitigh;

(d)

na roghanna a sainaithníodh chun a áirithiú gur féidir comhaontuithe inmheánacha a choinneáil ar bun le linn na céime réitigh, lena n-áirítear struchtúir phraghsála ar neamhthuilleamaí agus rochtain leanúnach ar shócmhainní oibríochtúla;

(e)

na socruithe éagsúla a rinneadh cheana faoin bplean réitigh chun leanúnachas fheidhmiú na bpróiseas oibríochtúil a áirithiú, a liostaítear in Airteagal 12(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/23, le linn réitigh;

(f)

leis an bplean réitigh, an chaoi a ligfí don CPL, trí úsáid a bhaint as roghanna arna sainaithint, leanúint de sheirbhísí imréitigh criticiúla gan bhriseadh a sholáthar, lena n-áirítear trí réitigh eatramhacha a úsáid, amhail ceannaitheoir nó droichead-institiúid a úsáideann foireann agus bonneagar atá ann cheana nó, i gcás nach féidir réitigh den sórt sin a fhorbairt roimh ré, liosta roghanna a fhéadfar a chur i bhfeidhm le linn réitigh agus liosta faisnéise is gá chun socruithe agus comhaontuithe den sórt sin a tharraingt suas ar ghearrfhógra.

Airteagal 15

An chaoi chun an fhaisnéis is gá a fháil chun luacháil a dhéanamh

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar an gcaoi chun an fhaisnéis is gá a fháil chun an luacháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (n), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar sna pleananna réitigh ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

an chaoi a bhfuil sé beartaithe go bhfaighidh an t-údarás réitigh agus an luachálaí neamhspleách an fhaisnéis is gá chun an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/23 a dhéanamh;

(b)

an fhaisnéis agus na próisis chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ar fáil in am iomchuí agus ar bhealach iomchuí chun críoch luachála, go háirithe de bhun Theideal V, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/23, agus le haghaidh indíoltachta, go háirithe de bhun na gceanglas margaíochta chun uirlisí gnó agus uirlisí CPL idirlinne a dhíol;

(c)

an chaoi a ndéanann an CPL sonraí ábhartha margaidh a bhailiú, a stóráil, a struchtúrú, a eagrú agus a thabhairt cothrom le dáta agus an chaoi a ndéantar na sonraí margaidh sin is ábhartha don phlean réitigh a ullmhú agus a bhailíochtú chomh gar agus is féidir don dáta luachála;

(d)

an chaoi a n-ullmhaíonn an CPL na ráitis airgeadais agus an tuairisciú rialála agus a dtugtar cothrom le dáta go tráthrialta iad, agus an chaoi a ndéantar an fhaisnéis airgeadais sin a ullmhú, a mhionsonrú agus a bhailíochtú chomh gar agus is féidir don dáta luachála, agus a léirítear go bhfuil na luachálacha ar shócmhainní agus ar dhliteanais curtha i gcrích;

(e)

an chaoi a bhfuil sé beartaithe go mbeidh an leibhéal mionsonraí a bhaineann leis an bhfaisnéis leormhaith don údarás réitigh agus don luachálaí neamhspleách chun gníomhaíocht a dhéanamh faoin bplean réitigh, trí cheanglais a sholáthar maidir leis an leibhéal gráinneachta is gá le haghaidh na luachála, lena n-áirítear i gcás nach mór mionsonraí a bheith san fhaisnéis maidir le suíomhanna líne ar líne nó punann ar phunann, idirbhearta agus comhthaobhacht agus caipiteal dílis an CPL;

(f)

na rialacha, na príomh-mhodheolaíochtaí, na toimhdí agus na measúnuithe a úsáideann an CPL chun na ráitis airgeadais agus an tuairisciú rialála a ullmhú;

(g)

an chaoi a ndéantar faisnéis a eagrú, a lipéadú agus a struchtúrú agus an chaoi ar féidir leis an údarás réitigh agus an luachálaí neamhspleách í a úsáid agus a anailísiú ar bhealach éifeachtach agus slán chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag an údarás réitigh chun gníomhaíochtaí a dhéanamh faoin bplean réitigh.

Airteagal 16

Measúnú tionchair ar fhostaithe

Agus measúnú tionchair ar fhostaithe á ullmhú ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (o), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean réitigh:

(a)

tuairisc ar na cineálacha éagsúla fostaithe agus catagóirithe maidir leis an gcaoi a ndéanfar cineálacha éagsúla fostaithe a chur ar an eolas agus a bhainistiú i gcás réitigh agus an tionchar a mheastar a bheidh ag an bplean ar chineálacha éagsúla fostaithe an CPL;

(b)

tuairisc ar an gcaoi chun caillteanas fostaithe criticiúla a mhaolú roimh an réiteach agus an chaoi chun dreasachtaí éifeachtacha a chruthú i réiteach chun fostaithe criticiúla a choinneáil, ar fostaithe iad a shainaithnítear i bhfianaise a luacha agus a n-ábharthachta le linn céim réitigh; ar na gnéithe atá le coinneáil i gcuimhne, tá na nithe seo a leanas: (i) aon nós imeachta rialála is gá a leanúint le linn réitigh, (ii) measúnuithe maidir le héifeachtacht bheartaithe na struchtúr dreasachta, (iii) an fhéidearthacht athruithe a dhéanamh ar chonarthaí fostaíochta, ar choinníollacha agus ar eagrú le linn céime réitigh, agus (iv) meastachán ar aon chostas gaolmhar a bhaineann le fostaithe criticiúla a choinneáil nó earcaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear measúnú ar aon chostas gaolmhar agus rialacha náisiúnta ábhartha maidir le cúiteamh agus aisíocaíochtaí le linn réitigh á gcur san áireamh;

(c)

tuairisc ar an bplean cumarsáide le fostaithe, lena n-áirítear tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle le fostaithe le linn an phróisis réitigh, agus aon riail náisiúnta agus aon chóras náisiúnta le haghaidh idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an lucht bainistíochta, le húinéirí agus le ceardchumainn foirne á gcur san áireamh.

Airteagal 17

Plean cumarsáide

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar an bplean cumarsáide i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (p), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar sna pleananna réitigh ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

an plean cumarsáide lena sonraítear an méid seo a leanas:

(i)

cé a chuireann na meáin agus an pobal ar an eolas;

(ii)

cathain atá na meáin agus an pobal le cur ar an eolas;

(iii)

an méid atá le cur in iúl, chun a áirithiú nach ndéanfar ach faisnéis phoiblí maidir leis an bplean réitigh a chur in iúl i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/23;

(b)

socruithe agus nósanna imeachta oibríochtúla an phlean cumarsáide, na critéir chun an straitéis chumarsáide a chur i bhfeidhm, oiriúnacht an phlean cumarsáide agus an chaoi a mbaineann an plean an aidhm amach, is é sin a áirithiú go n-éiríonn le plean cumarsáide agus nochta an CPL an cuspóir maidir le gníomhú ar bhealach trédhearcach a chomhlíonadh;

(c)

mionsonraí lena ndéantar idirdhealú idir fógraí foirmiúla a cheanglaítear de réir dlí agus cumarsáid dheonach a rinneadh le tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh sa phlean réitigh ceanglais rialála éagsúla maidir le nochtadh faisnéise, go háirithe i gcás ina bhféadfadh an fhaisnéis sin difear a dhéanamh do sheirbhísí criticiúla sa mhargadh airgeadais agus i gcás inar cuideachta liostaithe é an CPL nó i gcás ina bhfuil cuideachta liostaithe ina húinéir ar an CPL;

(d)

an chaoi a ndearnadh measúnú sa phlean réitigh ar fhrithghníomhartha margaidh ábhartha diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le réiteach CPL agus an chaoi a mbeartaítear leis an bplean na frithghníomhartha margaidh sin a d’fhéadfadh a bheith diúltach a mhaolú agus faisnéis á nochtadh.

Airteagal 18

Oibríochtaí agus córais fhíor-riachtanacha

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (q), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas sna pleananna réitigh:

(a)

na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha a shainaithnítear faoin bplean réitigh;

(b)

i gcás ina bhfuil difríocht ábhartha idir na hoibríochtaí agus na córais a shainaithnítear agus na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha a shainaithnítear faoin bplean téarnaimh, tuairisc ar na príomhchúiseanna a ndearna an t-údarás réitigh measúnú éagsúil ar na hoibríochtaí agus ar na córais fhíor-riachtanacha, aon éifeacht ábhartha mar gheall ar an measúnú éagsúil agus an chaoi ar féidir leis sin difear a dhéanamh d’inréiteacht an CPL;

(c)

an chaoi a sainaithnítear na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha sin, na critéir a chuirtear i bhfeidhm, agus na tairseacha a úsáidtear, chun iad a idirdhealú ó oibríochtaí agus ó chórais eile de chuid an CPL nach measfar gur oibríochtaí agus córais fhíor-riachtanacha iad.

Airteagal 19

Fógra a thabhairt don choláiste réitigh

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na socruithe chun fógra a thabhairt don choláiste réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (r), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh an t-údarás réitigh go n-áireofar sna pleananna réitigh ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na próisis nach mór a leanúint agus fógra á thabhairt don choláiste réitigh agus, go háirithe, an fhaisnéis maidir le liostaí dáileacháin, doiciméid teimpléid agus amlínte maidir le conas agus cathain ba cheart an coláiste réitigh a chur ar an eolas;

(b)

na nósanna imeachta chun na liostaí dáileacháin a choimeád cothrom le dáta;

(c)

na socruithe chun próiseas fógartha an choláiste réitigh a thástáil, lena n-áirítear faisnéis maidir le raon feidhme agus eatraimh na gcleachtaí tástála sin agus na nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh amhail earráidí, míthuiscint nó moilleanna.

Airteagal 20

Bearta chun inaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara a éascú

Agus tuairisc á hullmhú ag an údarás réitigh ar na bearta chun inaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara a éascú i gcomhréir le hAirteagal 12(7), pointe (s), de Rialachán (AE) 2021/23, áiritheoidh sé go n-áireofar sna pleananna réitigh ar a laghad na tuairiscí ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil inaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara chuig CPL eile indéanta, lena n-áirítear measúnú maidir lena indéantacht agus an toradh is dócha a bheidh air agus measúnú ar an gcás nach bhfuil an inaistritheacht nó an t-aistriú indéanta ar deireadh thiar;

(b)

an chaoi a gcoimeádann an CPL na sonraí ábhartha maidir le suíomhanna i gcuntais omnibus cliant agus i gcuntais leithscartha cliant i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an chaoi ar féidir leis an CPL mionsonraí a sholáthar maidir leis na hacmhainní agus na córais atá i bhfeidhm chun faisnéis atá cothrom le dáta a choinneáil ar bun a d’fhéadfaí a sholáthar go tapa i réiteach chun a áirithiú go bhféadfaí suíomhanna cliant, i gcás inar féidir iad a shainaithint, ag an CPL a shainaithint agus go bhféadfaí iad a aistriú go rathúil;

(c)

na bearta chun inaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara na gcomhaltaí imréitigh agus chliaint an CPL mainneachtana a éascú ón CPL mainneachtana chuig CPL eile nó chuig CPL idirlinne.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1)


IARSCRÍBHINN

MAIDIR LEIS NA CÁSANNA ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I BPLEAN RÉITIGH AN CPL

Cineálacha cásanna

(Airteagal 12(3), pointe (a), agus Airteagal 12(7), pointe (j)) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23)

Fachtóirí chun cur síos a dhéanamh ar chineál na gcásanna

(Airteagal 12(3), pointe (a), agus Airteagal 12(7), pointe (j)) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23)

Cás Mainneachtana – Téarnamh neamhrathúil i gcás nach bhfuil acmhainní agus uirlisí leordhóthanacha ag an CPL le haghaidh téarnamh rathúil

Cás a shuí inar léir nár thug CPL aghaidh iomlán ar easnaimh leachtachta nó i gcás nár bhunaigh sé socruithe leithdháilte caillteanais lena dtugtar aghaidh go hiomlán ar chaillteanais chreidmheasa neamhurraithe. Mar thoradh air sin, ní leor acmhainní agus uirlisí téarnaimh chun caillteanais a ionsú agus chun acmhainní airgeadais a athshlánú chuig na híoscheanglais rialála.

Cás Mainneachtana – Teip ar shocruithe leithdháilte caillteanais

Cás a shuí inar léir nach n-oibríonn socruithe leithdháilte caillteanais an CPL a leagtar amach sa phlean téarnaimh mar a bhí beartaithe agus mar thoradh air sin, nach bhfuil na hacmhainní nó na huirlisí atá beartaithe ar fáil, nó nach bhfuil siad ar fáil leordhóthanach, tráth an téarnaimh.

Cás Mainneachtana – Ní chomhlíonann roinnt comhaltaí imréitigh a n-oibleagáidí faoi ghníomhaíochtaí téarnaimh an CPL

Cás a shuí inar léir nach gcomhlíonann roinnt comhaltaí imréitigh a n-oibleagáidí faoi ghníomhaíochtaí téarnaimh an CPL. Má tá grúpa na gcomhaltaí imréitigh neamhthuillmheacha mór go leor nó má bhíonn caillteanas muiníne ginearálta sa CPL mar thoradh ar mhainneachtain na gcomhaltaí imréitigh neamhthuillmheacha oibleagáidí a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an CPL in ann leanúint d’oibríochtaí.

Cás Mainneachtana – Amchlár na ngníomhaíochtaí réitigh

Cás a shuí ina gcinnfidh na húdaráis ábhartha gur cheart réiteach a thionscnamh sula gcuirfear cuid de na socruithe nó de na huirlisí faoi phlean téarnaimh an CPL i bhfeidhm. Sa chás sin, chinn na húdaráis ábhartha go bhféadfadh cur i bhfeidhm socruithe nó uirlisí téarnaimh sna dálaí margaidh atá i réim cobhsaíocht airgeadais agus/nó leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a chur i mbaol.

Cás Neamh-Mhainneachtana – Rioscaí infheistíochta

Cás a shuí ina bhféadfadh caillteanais ar infheistíochtaí éarlaise tosaigh nó sócmhainní ciste mainneachtana teacht chun cinn, mar shampla, dá dteipfeadh ar chontrapháirtí infheistíochta. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar CPL na caillteanais sin a iompar, mura gcumhdaíonn na huirlisí leithdháilte caillteanais i rialacha an CPL iad ar bhealach eile. D’fhéadfadh caillteanais tarlú freisin mar gheall ar acmhainní airgeadais dílse CPL a infheistiú, lena n-áirítear SITG (an rud is dír leo féin) agus SSITG (an dara rud is dír leo féin). D’fhéadfadh caillteanais infheistíochta teacht chun cinn go tobann.

Cás Neamh-Mhainneachtana – Mainneachtain soláthraithe seirbhíse

Cás a shuí ina bhféadfadh an CPL, mar thoradh ar mhainneachtain coimeádaí, taisclainne, bainc íocaíochta nó socraíochta, córais íocaíochta, córais socraíochta urrús nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, rochtain thráthúil ar a shócmhainní a chailleadh, gan bheith in ann éarlaisí a bhailiú nó gan bheith in ann comhthaobhacht neamhairgid nó infheistíochtaí neamhairgid a thiontú go hairgead tirim. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le dúshláin leachtachta agus/nó sócmhainneachta do CPL, de réir chineál nó iarmhairtí na mainneachtana agus de réir an mhéid ama a thógann sé rochtain a fháil ar na sócmhainní arís.

Cás Neamh-Mhainneachtana – Teagmhais riosca oibriúcháin

Cás a shuí ina n-eascraíonn caillteanais airgeadais nó dúshláin leachtachta as raon mainneachtana oibríochtúla, amhail earráid dhaonna, teip teicneolaíochta faisnéise, calaois, cibeartheagmhas, nó neamhchomhlíonadh díoltóirí nó soláthraithe seirbhíse. Is féidir le CPL caillteanais oibríochtúla a thabhú go díreach (caillteanais phríomha) nó mar gheall ar chaingne dlíthiúla a thionscain daoine eile a ndearna an teagmhas difear dóibh (caillteanais thánaisteacha). D’fhéadfadh teagmhais riosca oibriúcháin tarlú go tobann, ach d’fhéadfadh caillteanais áirithe, go háirithe caillteanais thánaisteacha, blianta a thógáil chun teacht chun cinn go hiomlán.

Cás Neamh-Mhainneachtana – Caillteanais airgeadais (Socruithe cuimsitheacha leithdháilte caillteanais maidir le caillteanais chumhdaigh agus infheistíochta a thabhaíonn an CPL mar thoradh ar a ghníomhaíocht imréitigh agus socraíochta)

Cás a shuí inar léir nach bhfuil acmhainní airgeadais nó uirlisí airgeadais leordhóthanacha ag an CPL chun caillteanais neamh-mhainneachtana a chumhdach (lena n-áirítear caillteanais a eascraíonn as rioscaí dlíthiúla, lena n-áirítear pionóis dhlíthiúla, rialála, forfheidhmithe nó chonarthacha a bhféadfadh caillteanais mhóra nó éiginnteacht don CPL teacht astu agus a d’fhéadfadh tréimhse fhada a thógáil teacht chun cinn). Sa chás sin, bheadh na caillteanais neamh-mhainneachtana níos mó ná caipiteal agus acmhainní teagmhasacha an CPL (e.g. árachas, ráthaíochtaí tuismitheora). De rogha air sin, i gcás ina mbeadh ceangal ar chomhaltaí imréitigh an CPL caillteanais a iompar freisin, ní bheadh na hacmhainní comhiomlána a bheadh ar fáil leordhóthanach chun na caillteanais a chumhdach agus/nó chun caipiteal a athshlánú chuig an íosmhéid is gá.

Cás a shuí inar léir nach féidir socruithe an CPL chun caillteanais neamh-mhainneachtana (sonracha) a chumhdach, a leagtar amach sa phlean téarnaimh, a úsáid nó i gcás nach n-oibríonn siad mar a bhí beartaithe. Mar thoradh air sin, níl na hacmhainní ná na huirlisí pleanáilte ar fáil, nó níl siad ar fáil go leordhóthanach, tráth an téarnaimh.

Cás a shuí inar léir nach gcomhlíonann comhaltaí imréitigh an CPL a n-oibleagáidí faoi ghníomhaíochtaí téarnaimh an CPL. Sa chás sin, ní chomhlíonann comhaltaí imréitigh na hoibleagáidí leithdháilte caillteanais nó athshlánaithe is infheidhme.

Cás a shuí inar léir nach dtacaíonn scairshealbhóirí an CPL le gníomhaíochtaí téarnaimh an CPL. Sa chás sin, ní chumhdaíonn máthairchuideachta nó scairshealbhóirí eile an CPL caillteanais neamh-mhainneachtana an CPL nach leithdháiltear in áit eile agus/nó nach bhfuil toilteanach an CPL a athchaipitliú, gan beann ar ghealltanas conarthach, ráthaíocht tuismitheora, nó socrú comhchosúil a bheith ann nó gan bheith ann chun acmhainní airgeadais a sholáthar.

Cás a shuí ina gcinneann na húdaráis ábhartha gur cheart réiteach a thionscnamh sula gcuirtear cuid de na socruithe nó de na huirlisí téarnaimh i bhfeidhm nó sula ndéantar an CPL a fhoirceannadh. Sa chás sin, tá socruithe téarnaimh agus foirceannta an CPL comhsheasmhach le Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (PFMI), ach chinn na húdaráis ábhartha go bhféadfadh sé go gcuirfí cobhsaíocht airgeadais agus/nó leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla i mbaol dá gcuirfí i bhfeidhm iad sna dálaí margaidh atá i réim.

Teagmhas/teagmhais is cúis le caillteanais mhainneachtana agus neamh-mhainneachtana chomhuaineacha – Tugtar aghaidh sa chás seo ar an gcás ina bhfuil caillteanais mhainneachtana agus neamh-mhainneachtana chomhreathacha ann mar thoradh ar theagmhas aonair nó mar thoradh ar theagmhais éagsúla a tharlaíonn i dtréimhse ama laghdaithe.

Cás a shuí ina bhfuil eintitis shonracha ann atá ina bhfoinsí ábhartha caillteanas mainneachtana agus neamh-mhainneachtana araon. D’fhéadfadh cásanna sonracha a bheith ábhartha lena ndéantar anailís ar éifeachtaí teagmhas mainneachtana a dhéanann difear do na heintitis sin.

Breithniú a dhéanamh i gcás ina n-iompródh comhaltaí imréitigh caillteanais neamh-mhainneachtana a mbeadh tionchar acu ar an mbealach iomadaithe caillteanais agus i gcás ina bhfuil difríochtaí ábhartha idir teaglamaí éagsúla teagmhas mainneachtana agus neamh-mhainneachtana maidir leis na huirlisí atá ar fáil, úsáid uirlisí, bealaí caillteanas nó tionchar ar pháirtithe leasmhara.