20.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/11


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1184 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Feabhra 2023

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 27(3), an seachtú fomhír di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch tábhachtach chun sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú in earnálacha ar dóigh iad a bheith ag brath ar bhreoslaí gásacha agus leachtacha ar feadh i bhfad, amhail an earnáil mhuirí agus earnáil na heitlíochta. Is gá modheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le leictreachas a úsáidtear le haghaidh breoslaí iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a mheas a bheith go hiomlán inathnuaite. Chuige sin agus i bhfianaise na gcuspóirí foriomlána comhshaoil i dTreoir (AE) 2018/2001, is gá rialacha soiléire a leagan síos, bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Mar phrionsabal, ní mheastar breoslaí leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgtear ó leictreachas a bheith inathnuaite ach amháin nuair atá an leictreachas inathnuaite. Féadfar an leictreachas inathnuaite sin a sholáthar le suiteáil atá nasctha go díreach leis an tsuiteáil (leictrealóir de ghnáth) ina dtáirgtear breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, nó féadfaidh sé teacht go díreach ón eangach.

(2)

Tá luach fuinnimh na mbreoslaí iompair leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch uile, nach mór, bunaithe ar hidrigin inathnuaite a tháirgtear trí leictrealú. Tá déine astaíochtaí na hidrigine a tháirgtear ó leictreachas iontaise i bhfad níos airde ná déine astaíochtaí na hidrigine a tháirgtear ó ghás nádúrtha i ngnáthphróisis. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfreastalófar le leictreachas inathnuaite ar an éileamh ar leictreachas chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, is soiléire agus is láidre fós an gá atá ag an Aontas le haistriú tapa chuig fuinneamh glan agus chun a spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú. Sa Teachtaireacht maidir le RepowerEU (2), leag an Coimisiún a straitéis amach chun a bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh dheireadh na deacáide. Tá ról tábhachtach ag breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san iarracht sin agus chun spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise i gcoitinne a laghdú. Dá bhrí sin, tá na critéir atá le leagan síos tábhachtach freisin chun a chosc gurbh é an toradh a bheadh ar an éileamh ar leictreachas chun an hidrigin is gá a tháirgeadh le haghaidh breoslaí iompair inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch go dtiocfadh méadú ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis chun an leictreachas ba ghá a tháirgeadh.

(3)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan beann ar cé acu a tháirgtear an breosla iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais. I gcás ina ndéantar tagairt do chrios tairisceana agus do thréimhse réiteach míchothromaíochtaí, coincheapa arb ann dóibh san Aontas ach nach amhlaidh atá i ngach tír eile, is iomchuí a cheadú do tháirgeoirí breosla i dtríú tíortha brath ar choincheapa coibhéiseacha ar choinníoll go gcoinnítear cuspóir an Rialacháin seo ar bun agus go gcuirtear an fhoráil chun feidhme bunaithe ar an gcoincheap is cosúla arb ann dó sa tríú tír lena mbaineann. I gcás criosanna tairisceana, is éard a d’fhéadfadh a bheith sa choincheap sin rialacháin chomhchosúla mhargaidh, saintréithe fisiceacha na heangaí leictreachais, go háirithe an leibhéal idirnascachta, nó mar rogha dheireanach, saintréithe fisiceacha na tíre.

(4)

Ciallaíonn cineál nuaghinte thionscal na hidrigine, a shlabhra luacha agus an margadh gur minic a bhíonn pleanáil agus tógáil suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite chomh maith le suiteálacha ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch faoi réir moilleanna móra ar na próisis cheadaithe agus constaicí eile gan choinne, d’ainneoin go sceidealaítear iad a theacht i bhfeidhm an tráth céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar mhaithe leis an indéantacht phraiticiúil, tréimhse ama suas le 36 mhí a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a tháinig suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite i bhfeidhm tar éis na suiteála ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, nó an tráth céanna léi. Nuair a fhaightear leictreachas inathnuaite chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh trí nasc díreach ó shuiteáil ina dtáirgtear leictreachas inathnuaite nach bhfuil nasctha leis an eangach, léirítear go dtáirgtear an leictreachas sa tsuiteáil sin. Mar sin féin, más rud é nach amháin go bhfuil an tsuiteáil ina dtáirgtear leictreachas inathnuaite agus an tsuiteáil ina dtáirgtear hidrigin nasctha go díreach le chéile ach go bhfuil siad nasctha leis an eangach freisin, ba cheart fianaise a sholáthar go soláthraítear an leictreachas a úsáidtear chun hidrigin a tháirgeadh tríd an nasc díreach. Ba cheart don tsuiteáil a sholáthraíonn leictreachas trí nasc díreach chun hidrigin a tháirgeadh leictreachas inathnuaite a sholáthar i gcónaí. Má sholáthraíonn sé leictreachas neamh-inathnuaite, níor cheart a mheas gur inathnuaite an hidrigin a eascraíonn as sin.

(5)

I gcriosanna tairisceana inar mó an sciar de leictreachas inathnuaite cheana féin, ba cheart a mheas go bhfuil leictreachas a thógtar ón eangach go hiomlán inathnuaite ar choinníoll go bhfuil líon na n-uaireanta lánlóid de bhreosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de tháirgeadh tionscnaimh neamhbhitheolaíoch teoranta don sciar den leictreachas inathnuaite sa chrios tairisceana agus go meastar go bhfuil aon táirgeacht a sháraíonn an sciar sin neamh-inathnuaite. Ní gá suiteálacha breise ina dtáirgtear leictreachas inathnuaite a chur isteach ós rud é gur féidir glacadh leis go réasúnta gur féidir an critéar 70 % maidir le coigilteas gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh trí hidrigin inathnuaite a tháirgeadh i gcrios tairisceana inar mó ná 90 % an sciar d’fhuinneamh inathnuaite agus go bhféadfadh sé dúshláin a chruthú maidir le hoibriú an chórais leictreachais.

(6)

Ar an gcuma chéanna, i gcriosanna tairisceana ina bhfuil déine astaíochtaí an leictreachais faoi bhun 18 gCO2eq/MJ, ní gá suiteálacha breise a tháirgeann leictreachas inathnuaite a chur isteach chun an laghdú 70 % ar astaíochtaí maidir le hidrigin inathnuaite a bhaint amach. I gcásanna den sórt sin, is iomchuí a mheas go bhfuil leictreachas a thógtar ón eangach go hiomlán inathnuaite ar choinníoll go léirítear airíonna inathnuaite an leictreachais le comhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaiteán agus trí chritéir maidir le comhchoibhneas ama agus geografach a chur i bhfeidhm. Mura gcomhlíonfaí na coinníollacha agus na critéir sin, chuirfí cosc ar leictreachas a úsáidtear chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha a tháirgeadh a mheas mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite.

(7)

Is iomchuí freisin a mheas go bhfuil leictreachas a thógtar ón eangach go hiomlán inathnuaite tráth a dtacaíonn táirgeadh breosla inathnuaite iompair leachtaigh nó ghásaigh de thionscnamh neamhbhitheolaíoch le comhtháthú na giniúna cumhachta inathnuaite sa chóras leictreachais agus a laghdaíonn sé an gá le giniúint leictreachais inathnuaite a athsheoladh.

(8)

I ngach cás eile, le táirgeadh hidrigine inathnuaite, ba cheart imscaradh na hacmhainneachta nua giniúna leictreachais inathnuaite a spreagadh, agus ba cheart é a dhéanamh tráth agus in áiteanna a bhfuil leictreachas inathnuaite ar fáil (comhchoibhneas ama agus geografach) chun dreasachtaí le haghaidh tuilleadh giniúint leictreachais iontaise a sheachaint. Ós rud é gur minic a bhíonn moilleanna móra ar na próisis cheadaithe chun suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a phleanáil agus a thógáil, is iomchuí a mheas go bhfuil suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite nua más rud é gur tháinig sí i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 36 mhí roimh an tsuiteáil ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

(9)

Is uirlis oiriúnach iad comhaontuithe ceannacháin cumhachta chun imscaradh na hacmhainneachta nua giniúna leictreachais inathnuaite a spreagadh ar choinníoll nach bhfaigheann an acmhainneacht nua giniúna leictreachais inathnuaite tacaíocht airgeadais ós rud é go bhfuiltear ag tacú leis an hidrigin inathnuaite cheana féin trí bheith incháilithe le háireamh i dtaca leis an oibleagáid ar sholáthróirí breosla a leagtar amach in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001. De rogha air sin, maidir leis an méid leictreachais inathnuaite is gá chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, d’fhéadfadh táirgeoirí breosla é sin a tháirgeadh in acmhainneacht giniúna leictreachais inathnuaite ar leo féin í. Le cealú an chomhaontaithe ceannacháin cumhachta, níor cheart dochar a dhéanamh don fhéidearthacht go measfaí fós gur suiteáil nua í an tsuiteáil ina dtáirgtear leictreachas inathnuaite nuair a chumhdaítear le comhaontú nua ceannacháin cumhachta í. Thairis sin, aon síneadh leis an tsuiteáil ina dtáirgtear hidrigin inathnuaite lena méadaítear a hacmhainneacht táirgeachta, féadfar a mheas gur tháinig sé i bhfeidhm an tráth céanna leis an tsuiteáil bhunaidh. Sheachnófaí leis sin an gá a d’fhéadfadh a bheith ann comhaontuithe ceannacháin cumhachta a thabhairt i gcrích le suiteálacha éagsúla gach uair a bheadh síneadh ann, rud a laghdódh an t-ualach riaracháin. Níor cheart a mheas gur cabhair oibriúcháin nó cabhair infheistíochta í tacaíocht airgeadais a aisíoctar nó tacaíocht airgeadais le haghaidh talún nó chun an tsaoráid giniúna cumhachta inathnuaite a cheangal leis an eangach.

(10)

Mar gheall ar chineál athraitheach roinnt foinsí fuinnimh inathnuaite lena n-áirítear cumhacht ghaoithe agus grianfhuinneamh, chomh maith le plódú na heangaí leictreachais, d’fhéadfadh sé nach mbeadh leictreachas inathnuaite ar fáil i gcónaí chun hidrigin inathnuaite a tháirgeadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan amach lena n-áiritheofar go dtáirgfear hidrigin inathnuaite tráth agus in áiteanna a bhfuil leictreachas inathnuaite ar fáil.

(11)

Chun a léiriú go dtáirgtear hidrigin inathnuaite nuair atá leictreachas inathnuaite ar fáil, ba cheart do tháirgeoirí hidrigine a léiriú go dtáirgtear hidrigin inathnuaite le linn na míosa féilire céanna ina dtáirgtear an leictreachas inathnuaite, go n-úsáideann an leictrealóir leictreachas inathnuaite stóráilte, nó go n-úsáideann an leictrealóir leictreachas tráth a mbíonn praghsanna leictreachais chomh híseal sin nach bhfuil giniúint leictreachais iontaise inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus, dá bhrí sin, go spreagann éileamh breise ar leictreachas níos mó táirgeadh leictreachais inathnuaite agus nach spreagann sé méadú ar ghiniúint leictreachais iontaise. Ba cheart an critéar maidir le sioncrónú a éirí níos déine nuair a bheidh fáil ar mhargaí, bonneagair agus teicneolaíochtaí lena gcumasaítear coigeartú tapa ar tháirgeadh hidrigine agus sioncrónú idir giniúint leictreachais agus táirgeadh hidrigine.

(12)

Ceaptar criosanna tairisceana chun plódú na heangaí laistigh den chrios a sheachaint. Chun a áirithiú nach mbeidh aon phlódú san eangach leictreachais idir an leictrealóir a tháirgeann hidrigin inathnuaite agus an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite, is iomchuí a cheangal gur cheart an dá shuiteáil a bheith lonnaithe sa chrios tairisceana céanna. I gcás ina bhfuil siad lonnaithe i gcriosanna tairisceana idirnasctha, ba cheart praghas an leictreachais sa chrios tairisceana ina bhfuil an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite lonnaithe a bheith cothrom le nó níos airde ná praghas an leictreachais sa chrios tairisceana ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach agus gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch ionas go gcuidíonn sé le plódú a laghdú; nó ba cheart an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta a bheith lonnaithe i gcrios tairisceana eischósta atá idirnasctha leis an gcrios tairisceana ina bhfuil an leictrealóir lonnaithe.

(13)

Chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta chriosanna tairisceana na mBallstát agus chun tacú le pleanáil chomhtháite na ngréasán leictreachais agus hidrigine, ba cheart cead a bheith acu critéir bhreise maidir le suíomh na leictrealóirí laistigh de chriosanna tairisceana a leagan amach.

(14)

D’fhéadfadh táirgeoirí breosla roghanna éagsúla a úsáid le chéile chun leictreachas a áireamh a úsáidtear chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh ar bhealach solúbtha ar choinníoll nach gcuirtear ach rogha amháin i bhfeidhm maidir le gach aonad ionchuir leictreachais. Chun a fhíorú ar cloíodh leis na rialacha i gceart, is iomchuí a iarraidh ar sholáthróirí breoslaí doiciméadú críochnúil a dhéanamh ar na roghanna a cuireadh i bhfeidhm chun leictreachas inathnuaite a fháil a úsáidtear chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh. Meastar go mbeidh ról tábhachtach ag scéimeanna deonacha agus scéimeanna náisiúnta i gcur chun feidhme agus i ndeimhniú na rialacha i dtríú tíortha ós rud é go gceanglaítear ar na Ballstáit glacadh leis an bhfianaise arna fáil ó scéimeanna deonacha aitheanta.

(15)

Le hAirteagail 7 agus 19 de Threoir (AE) 2018/2001, soláthraítear dearbhuithe leordhóthanacha nach n-éilítear airíonna inathnuaite an leictreachais a úsáidtear chun hidrigin inathnuaite a tháirgeadh ach aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin. Agus sciar foriomlán den fhuinneamh inathnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh á ríomh, áirithítear le hAirteagal 7 den Treoir sin nach gcuirfear breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh ós rud é gur cuireadh an leictreachas inathnuaite a úsáideadh chun iad a tháirgeadh san áireamh cheana féin. Le hAirteagal 19 den Treoir sin ba cheart a sheachaint gur féidir le táirgeoir an leictreachais inathnuaite agus táirgeoir na mbreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgtear ón leictreachas sin ráthaíochtaí tionscnaimh a fháil trína áirithiú go gcuirfear ar ceal na ráthaíochtaí tionscnaimh a eisítear do tháirgeoir an leictreachais inathnuaite.

(16)

Cuirtear bac ar chur chun feidhme an chomhchoibhnis ama sa ghearrthéarma mar gheall ar bhacainní teicneolaíochta chun meaitseáil in aghaidh na huaire a thomhas, na himpleachtaí dúshlánacha le haghaidh dearaí leictrealóirí, chomh maith leis an easpa bonneagair hidrigine lena gcumasaítear stóráil agus iompar hidrigine inathnuaite chuig úsáideoirí deiridh a bhfuil gá acu le soláthar leanúnach hidrigine. Chun an borradh faoi tháirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chumasú, ba cheart na critéir maidir leis an gcomhchoibhneas ama a bheith níos solúbtha le linn na céime tosaigh, rud a ligfeadh do ghníomhaithe margaidh na réitigh theicneolaíocha is gá a chur i bhfeidhm.

(17)

I ngeall ar an am is gá chun suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a phleanáil agus a thógáil agus ar an easpa suiteálacha nua lena ngintear leictreachas inathnuaite nach bhfaigheann tacaíocht, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (a) agus (b), den Rialachán seo go dtí tráth níos déanaí.

(18)

Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise chun leictreachas a ghiniúint le himeacht ama agus an Comhaontú Glas don Eoraip á chur chun feidhme agus ba cheart go dtiocfadh méadú ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite. Ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an mbealach a dtiteann é sin amach sin agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe ar neartú de réir a chéile na gceanglas maidir leis an gcoibhneas ama, maidir le costais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar an gcóras fuinnimh, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Iúil 2028 ar a dhéanaí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir lena chinneadh cathain is féidir a mheas go bhfuil leictreachas a úsáidtear chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh go hiomlán inathnuaite. Beidh feidhm ag na rialacha sin maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch trí leictrealú agus beidh feidhm ar aon dul leo maidir le conairí táirgthe nach bhfuil chomh coitianta céanna.

Beidh feidhm acu gan beann ar cé acu a tháirgtear an breosla iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “crios tairisceana” crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcás na mBallstát, nó coincheap coibhéiseach i gcás tríú tíortha;

(2)

ciallaíonn “sreang dhíreach” sreang dhíreach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (41), de Threoir 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(3)

ciallaíonn “suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite” aonaid aonair, nó grúpaí aonad, ina dtáirgtear leictreachas i suíomh amháin nó níos mó ón bhfoinse inathnuaite chéanna nó ó fhoinsí inathnuaite éagsúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001, cé is moite d’aonaid ina dtáirgtear leictreachas ó bhithmhais agus aonaid stórála;

(4)

ciallaíonn “táirgeoir breosla” oibreoir eacnamaíoch a tháirgeann breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(5)

ciallaíonn “teacht i bhfeidhm” tús a chur le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó leictreachais inathnuaite den chéad uair nó tar éis athchumhachtaithe mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2, pointe (10), de Threoir (AE) 2018/2001 a éilíonn infheistíochtaí is mó ná 30 % den infheistíocht a bheadh ag teastáil chun suiteáil nua chomhchosúil a thógáil;

(6)

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2019/944;

(7)

ciallaíonn “tréimhse réiteach míchothromaíochtaí” tréimhse réiteach míchothromaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/943 laistigh den Aontas, nó coincheap coibhéiseach i gcás tríú tíortha.

Airteagal 3

Rialacha maidir le leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite

Chun a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 27(3), an cúigiú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001 chun leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite, soláthróidh an táirgeoir breosla fianaise ar an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil na suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite nasctha leis an tsuiteáil ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch trí shreang dhíreach, nó go dtáirgtear an leictreachas inathnuaite agus an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch laistigh den tsuiteáil chéanna;

(b)

gur tháinig na suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 36 mhí roimh an tsuiteáil ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch; i gcás ina gcuirfear acmhainneacht táirgeachta bhreise le suiteáil atá ann cheana ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, measfar gur cuid den tsuiteáil atá ann cheana an acmhainneacht bhreise, ar choinníoll go gcuirfear an acmhainneacht léi ag an suíomh céanna agus go dtarlóidh sin tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na suiteála tosaigh;

(c)

nach bhfuil an tsuiteáil ina dtáirgtear leictreachas nasctha leis an eangach, nó go bhfuil an tsuiteáil ina dtáirgtear leictreachas nasctha leis an eangach ach go léiríonn córas méadraithe chliste lena ndéantar gach sreabh leictreachais ón eangach a thomhas nár tógadh aon leictreachas ón eangach chun breosla inathnuaite iompair leachtach ná gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh.

Má úsáideann an táirgeoir breosla leictreachas ón eangach freisin, féadfar é a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite má chomhlíonann sé na rialacha a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 4

Rialacha ginearálta maidir le leictreachas a thógtar ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite

1.   Féadfaidh táirgeoirí breosla leictreachas a thógtar ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite más rud é go bhfuil an tsuiteáil ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch lonnaithe i gcrios tairisceana inar mhó meánchion an leictreachais inathnuaite ná 90 % an bhliain féilire roimhe sin agus nach mó táirgeadh an bhreosla inathnuaite iompair leachtaigh ná ghásaigh de thionscnamh neamhbhitheolaíoch an t-uaslíon uaireanta a shocraítear i ndáil le cion an leictreachais inathnuaite sa chrios tairisceana.

Déanfar an t-uaslíon uaireanta sin a ríomh tríd an líon iomlán uaireanta i ngach bliain féilire a iolrú faoin sciar den leictreachas inathnuaite a thuairisceofar maidir leis an gcrios tairisceana ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Déanfar meánsciar an leictreachais inathnuaite a chinneadh trí olltomhaltas deiridh an leictreachais ó fhoinsí inathnuaite sa chrios tairisceana arna ríomh de réir analaí leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a roinnt ar an olltáirgeacht leictreachais ó gach foinse fuinnimh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, cé is moite d’uisce a pumpáladh in aghaidh an fhána roimhe sin, móide allmhairí lúide onnmhairí leictreachais chuig an gcrios tairisceana. Nuair is mó meánsciar an leictreachais inathnuaite ná 90 % i mbliain féilire, leanfar dá mheas a bheith níos airde ná 90 % le haghaidh na 5 bliana féilire ina dhiaidh sin.

2.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhír 1, féadfaidh táirgeoirí breosla leictreachas a thógtar ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite má tá an tsuiteáil ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch lonnaithe i gcrios tairisceana ina bhfuil déine astaíochtaí an leictreachais níos ísle ná 18 gCO2eq/MJ, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

tá comhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán amháin nó níos mó tugtha i gcrích go díreach nó trí idirghabhálaithe ag táirgeoirí breosla le hoibreoirí eacnamaíocha a tháirgeann leictreachas inathnuaite i suiteáil amháin nó níos mó lena ngintear leictreachas inathnuaite ar mhéid atá comhionann ar a laghad leis an méid leictreachais a mhaítear a bheith go hiomlán inathnuaite agus go dtáirgtear iarbhír an leictreachas a mhaítear sa tsuiteáil sin nó sna suiteálacha sin;

(b)

comhlíontar na coinníollacha maidir le comhchoibhneas ama agus geografach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7;

Cinnfear déine astaíochtaí an leictreachais de réir an chur chuige chun meándéine carbóin leictreachais eangaí a ríomh sa mhodheolaíocht lena gcinntear na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001, ar bhonn na sonraí is déanaí atá ar fáil.

Nuair a bheidh déine astaíochtaí an leictreachais níos ísle ná 18 gCO2eq/MJ i mbliain féilire, leanfar de mheándéine astaíochtaí an leictreachais a mheas a bheith níos ísle ná 18 gCO2eq/MJ le haghaidh na 5 bliana féilire ina dhiaidh sin.

3.   Féadfar leictreachas a thógtar ón eangach a úsáidtear chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite má thomhlófar an leictreachas a úsáidtear chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh le linn tréimhse réiteach míchothromaíochtaí inar féidir leis an táirgeoir breosla a léiriú, bunaithe ar fhianaise ó oibreoir an chórais tarchurtha náisiúnta, an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh athsheoladh íslitheach ar shuiteálacha giniúna cumhachta a úsáideann foinsí fuinnimh inathnuaite i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943;

(b)

leis an leictreachas a tomhlaíodh chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, laghdaíodh an gá le hathsheoladh faoi mhéid comhfhreagrach.

4.   I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh táirgeoirí breosla leictreachas a thógtar ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite má chomhlíonann sé na coinníollacha maidir le breisíocht, comhchoibhneas ama agus comhchoibhneas geografach i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7.

Airteagal 5

Breisíocht

Measfar an coinníoll breisíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(4), an chéad fhomhír a bheith comhlíonta má tháirgeann táirgeoirí breosla méid leictreachais inathnuaite ina suiteálacha féin atá comhionann ar a laghad leis an méid leictreachais a mhaítear a bheith go hiomlán inathnuaite, nó más rud é go bhfuil comhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán amháin nó níos mó tugtha i gcrích go díreach nó trí idirghabhálaithe ag táirgeoirí breosla le hoibreoirí eacnamaíocha a tháirgeann leictreachas inathnuaite i suiteáil amháin nó níos mó ar mhéid leictreachais inathnuaite atá comhionann ar a laghad leis an méid leictreachais a mhaítear a bheith go hiomlán inathnuaite agus go dtáirgtear iarbhír an leictreachas a mhaítear sa tsuiteáil sin nó sna suiteálacha sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

Tháinig an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 36 mhí roimh an tsuiteáil ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

I gcás inar chomhlíon suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo faoi chomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán le táirgeoir breosla a bhfuil deireadh tagtha leis, measfar gur tháinig sí bhfeidhm an tráth céanna leis an tsuiteáil ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch faoi chomhaontú nua ceannacháin cumhachta inathnuaiteán.

I gcás ina gcuirfear acmhainneacht táirgeachta bhreise le suiteáil atá ann cheana ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, measfar gur tháinig an acmhainneacht bhreise i bhfeidhm an tráth céanna leis an tsuiteáil tosaigh, ar choinníoll go gcuirfear an acmhainneacht léi ag an suíomh céanna agus go dtarlóidh sin tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na suiteála tosaigh.

(b)

Níl tacaíocht faighte ag an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite i bhfoirm cabhair oibriúcháin nó cabhair infheistíochta, cé is moite de thacaíocht a fuair suiteálacha sula ndearnadh iad a athchumhachtú, tacaíocht airgeadais le haghaidh talún nó chun ceangal leis an eangach, tacaíocht nach glantacaíocht atá inti, amhail tacaíocht atá aisíoctha go hiomlán agus tacaíocht le haghaidh suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a sholáthraíonn suiteálacha ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtacha nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáidtear le haghaidh taighde, tástála agus taispeántais.

Airteagal 6

Comhchoibhneas ama

Go dtí an 31 Nollaig 2029, measfar an coinníoll maidir le comhchoibhneas ama dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (4) a bheith comhlíonta má tháirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch le linn na míosa féilire céanna ina dtáirgtear an leictreachas inathnuaite a tháirgtear faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán nó ó leictreachas inathnuaite ó shócmhainn stórála nua atá lonnaithe taobh thiar den phointe céanna ceangailte líonra leis an leictrealóir nó leis an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite, a luchtaíodh le linn na míosa féilire céanna inar táirgeadh an leictreachas faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán.

Ón 1 Eanáir 2030, measfar an coinníoll maidir le comhchoibhneas ama a bheith comhlíonta má tháirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch le linn na tréimhse céanna uair an chloig ina dtáirgtear an leictreachas inathnuaite a tháirgtear faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán nó ó leictreachas inathnuaite ó shócmhainn stórála nua atá lonnaithe taobh thiar den phointe céanna ceangailte líonra leis an leictrealóir nó leis an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite, a luchtaíodh le linn na tréimhse céanna uair an chloig inar táirgeadh an leictreachas faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán. Tar éis do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi, féadfaidh siad na rialacha a leagtar amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2027 maidir le breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna tháirgeadh ina gcríoch.

Measfar an coinníoll maidir le comhchoibhneas ama a bheith comhlíonta i gcónaí má tháirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch le linn tréimhse uair an chloig i gcás ina bhfuil an praghas imréitigh an leictreachais a eascraíonn as cúpláil an mhargaidh lá amháin roimh ré sa chrios tairisceana, dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (6), níos ísle nó cothrom le EUR 20/MWh nó níos ísle ná a 0.36 oiread phraghas an liúntais chun tona amháin de choibhéis dé-ocsaíde carbóin a astú le linn na tréimhse ábhartha chun ceanglais Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Comhchoibhneas geografach

1.   Measfar an coinníoll maidir le comhchoibhneas geografach dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (4) a bheith comhlíonta má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas a bhaineann le suíomh an leictrealóra:

(a)

tá an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán lonnaithe sa chrios tairisceana céanna leis an leictrealóir, nó bhí sí lonnaithe ann an tráth a tháinig sí i bhfeidhm;

(b)

tá an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite lonnaithe i gcrios tairisceana idirnasctha, lena n-áirítear i mBallstát eile, agus tá praghsanna leictreachais le linn na tréimhse ábhartha ama ar an margadh lá roimh ré dá dtagraítear in Airteagal 6 sa chrios tairisceana idirnasctha cothrom le nó níos airde ná mar atá sa chrios tairisceana ina dtáirgtear an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(c)

tá an tsuiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán lonnaithe i gcrios tairisceana eischósta atá idirnasctha leis an gcrios tairisceana ina bhfuil an leictrealóir lonnaithe.

2.   Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2019/943, féadfaidh na Ballstáit critéir bhreise a thabhairt isteach maidir le suíomh na leictrealóirí agus na suiteála lena ngintear leictreachas inathnuaite anuas ar na critéir a leagtar amach i mír 1, chun comhoiriúnacht na hacmhainneachtaí a chuirfear leis an tsuiteáil le pleanáil náisiúnta na heangaí hidrigine agus leictreachais a áirithiú. Ní bheidh aon tionchar diúltach ag aon chritéar breise ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais.

Airteagal 8

Rialacha coiteanna

Soláthróidh táirgeoirí breosla faisnéis iontaofa a léireoidh go bhfuil na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagail 3 go 7 á gcomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás gach uair an chloig de réir mar is ábhartha:

(a)

an méid leictreachais a úsáidtear chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, méid a shonraítear tuilleadh mar a leanas:

(i)

an méid leictreachais a fhaightear ón eangach nach n-áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite chomh maith le cion an leictreachais inathnuaite;

(ii)

an méid leictreachais a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite toisc go bhfuarthas é ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite mar a leagtar amach in Airteagal 3;

(iii)

an méid leictreachais a fhaightear ón eangach a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(iv)

an méid leictreachais a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2);

(v)

an méid leictreachais a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(3);

(vi)

an méid leictreachais a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(4);

(b)

an méid leictreachais inathnuaite a ghineann na suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad nasctha go díreach le leictrealóir agus gan beann ar cé acu a úsáidtear an leictreachas inathnuaite chun an breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh nó chun críoch eile;

(c)

méideanna an bhreosla inathnuaite agus neamh-inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeann an táirgeoir breosla.

Airteagal 9

Deimhniú comhlíontachta

Gan beann ar cé acu a tháirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, féadfaidh táirgeoirí breosla úsáid a bhaint as scéimeanna náisiúnta nó scéimeanna deonacha idirnáisiúnta atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001 chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 7 den Rialachán seo a léiriú, i gcomhréir le hAirteagal 8, de réir mar is ábhartha.

I gcás ina soláthróidh táirgeoir breosla fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a ndearnadh cinneadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001, sa mhéid go gcumhdaítear leis an gcinneadh sin a léiriú go gcomhlíonann an scéim Airteagal 27(3), an cúigiú fomhír agus an séú fomhír den Treoir sin, ní cheanglóidh Ballstát ar sholáthróirí breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch fianaise bhreise ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo a sholáthar.

Airteagal 10

Tuairisciú

Faoin 1 Iúil 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar thionchar na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear tionchar an chomhchoibhnis ama, ar chostais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar an gcóras fuinnimh.

Airteagal 11

Idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5, pointí (a) agus (b) go dtí an 1 Eanáir 2038 maidir le suiteálacha ina dtáirgtear breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thagann i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2028. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hacmhainneacht a chuirfear leis an tsuiteáil tar éis an 1 Eanáir 2028 chun breosla inathnuaite iompair leachtach nó gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(2)  COM(2022) 108 final

(3)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(4)  Treoir 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(7)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).