20.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1183 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

Tar éis bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gcásanna T-93/22 (2) agus T-94/22 (3), ba cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023, Ramazani Shadary v an Chomhairle, T-93/22, ECLI:EU:T:2023:122.

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023, Mutondo v an Chomhairle, T-94/22, ECLI:EU:T:2023:120.


IARSCRÍBHINN

Scriostar na hiontrálacha seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005:

‘8.

Emmanuel Ramazani SHADARY;

9.

Kalev MUTONDO.’