|
13.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 152/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1149 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Aibreán 2023
lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 126(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá earráid sa leagan Polainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (2) san abairt réamhráití d’Airteagal 5(2) lena n-athraítear raon feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 6 go 12. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Polainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).