9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 149/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1139 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2023

lena leasaítear den 336ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 2 Meitheamh 2023 chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na hiontrála seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:

‘Merai Abdefattah Khalil Zoghbi (ainm bréige (a) Mohamed Lebachir, (b) Meri Albdelfattah Zgbye, (c) Zoghbai Merai Abdul Fattah, (d) Lazrag Faraj, (e) Larzg Ben Ila, (f) Muhammed El Besir, (g) F’raji di Singapore, (h) F’raji il Libico, (i) Farag, (j) Fredj, (k) Merai Zoghbai (mar a liostaíodh roimhe seo)). Dáta breithe: (a) 4.4.1969, (b) 4.4.1960, (c) 4.6.1960 (d) 13.11.1960, (e) 14.1.1968, (f) 11.8.1960. Áit bhreithe: (a) Bengasi, an Libia, (b) Bendasi, an Libia, (c) Maracó, (d) an Libia. Náisiúntacht: Libiach. Faisnéis eile: Mac le Wanisa Abdessalam. Dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 2.8.2006’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘Merai Abdefattah Khalil Zoghbi (script bhunaidh: مرعي عبدفتاح خليل زغبي) (ainm bréige láidir: (a) Mohamed Lebachir (a rugadh an 14.1.1968 i Maracó), (b) Meri Albdelfattah Zgbye (a rugadh an 4.6.1960 in Bendasi, an Libia), (c) Zoghbai Merai Abdul Fattah, (d) Lazrag Faraj (a rugadh an 13.11.1960 sa Libia), (e) Larzg Ben Ila (a rugadh an 11.8.1960 sa Libia), (f) Muhammed El Besir, (g) Merai Zoghbai (mar a liostaithe roimhe seo, as Araibis: مرعي زغبي); ainm bréige lag: (a) F’raji di Singapore, (b) F’raji il Libico, (c) Farag, (d) Fredj (a rugadh an 13.11.1960 sa Libia)). Dáta breithe: (a) 4.4.1969, (b) 4.4.1960, (c) 4.6.1960. Áit bhreithe: (a) Bengasi, an Libia, (b) Bendasi, an Libia, (c) Maracó, (d) an Libia. Náisiúntacht: Libiach. Faisnéis eile: (a) Ina bhall den Ghrúpa Comhraiceach Ioslamach Libiach, (b) Ainm na máthar: Wanisa Abdessalam. Dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 2.8.2006’