8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/84


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1123 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meitheamh 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bunrialachán’), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 (2) gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Síne nó ‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) (‘an bunrialachán’). Tá na dleachtanna frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair idir 4,6 % agus 35,9 % (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 (3) gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún bearta frithdhumpála cinntitheacha ar tháirgí comhréidhe teorollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (PRC). Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 0 % agus 31,3 %.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(3)

I ndiaidh fógra a fhoilsiú faoi dhul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún iarraidh go gcuirfí tús le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh de bhun Airteagal 18 ‘den bhun-Rialachán’.

(4)

An 9 Márta 2022 chuir Eurofer, Comhlachas Eorpach na Cruach, (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach thar ceann thionscal táirgí comhréidhe teorollta áirithe an Aontais, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán.

(5)

Mhaígh an t-iarratasóir gur dócha go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil agus go dtarlóidh iad arís do thionscal an Aontais mar gheall ar dhul in éag na mbeart frithchúitimh.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

I ndiaidh don Choimisiún a chinneadh gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 8 Meitheamh 2022 maidir le teacht isteach san Aontas táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne iad, ar bhonn Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Fógra tionscnaimh’).

(7)

Sular tionscnaíodh an t-athbhreithniú, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne (6) an 12 Bealtaine 2022 go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe faighte aige, agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne comhairliúcháin a dhéanamh leis i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán. An lá céanna chuir Rialtas na Síne barúlacha isteach i scríbhinn freisin inar áitíodh nach bhfuil dóthain fianaise san iarraidh go ginearálta chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, go háirithe maidir le sainiúlacht na bhfóirdheontas líomhnaithe do tháirgeoirí HRF. Thug an Coimisiún dá aire na barúlacha a d’ardaigh Rialtas na Síne agus thug sé aird ar leith ar na gnéithe sin le linn imscrúdú an athbhreithnithe éaga.

1.4.   Imscrúdú ar leithligh a bhaineann leis an táirge céanna i dtrácht

(8)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 5 Aibreán 2022 (7), d’fhógair an Coimisiún freisin go gcuirfí tús le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) na bearta frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm maidir le hallmhairiú isteach san Aontas táirgí comhréidhe teorollta áirithe iarainn, neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne.

1.5.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(9)

Leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘an tréimhse scrúdaithe athbhreithnithe’) cumhdaíodh an t-imscrúdú i dtaobh an leanfar den fhóirdheonú nó an dtarlóidh sé arís,. Leis an imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(10)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus údaráis na Síne chomh maith le hallmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus thug sé cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann.

(11)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.7.   Sampláil

(12)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

1.7.1.    Sampláil tháirgeoirí an Aontais

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. I gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid is mó táirgeachta an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a d’fhéadfaí a imscrúdú le réasún laistigh den am a bhí ar fáil. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. Bhain thart ar 29 % den táirgeadh iomlán measta san Aontas le táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus dhearbhaigh an Coimisiún an sampla a roghnaíodh go sealadach. Is sampla é atá ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.2.    Allmhaireoirí a shampláil

(14)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara aitheanta an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun tosaigh chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.

1.7.3.    Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a shampláil

(15)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Níor sholáthair aon cheann de na táirgeoirí sa tSín an fhaisnéis a iarradh.

(16)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl don tSín le Nóta Briathartha an 2 Meán Fómhair 2022 go bhféadfadh sé úsáid a bhaint as fíorais atá ar fáil faoi Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán le linn dó scrúdú a dhéanamh i dtaobh an leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís. Níor fhreagair údaráis na Síne an Nóta.

1.8.   Ceistneoir agus fíorúchán

(17)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na trí thairgeoir sampláilte de chuid an Aontais, chuig an iarratasóir agus chuig Rialtas na Síne. Fuarthas freagraí ar na ceistneoirí ó na trí tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ón iarratasóir.

(18)

An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís agus maidir le tástáil ar leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhíorú. Rinneadh cuairteanna fíorúcháin ag áitreabh na bpáirtithe leasmhara seo a leanas:

 

Táirgeoirí de chuid an Aontais:

Arcelor Mittal, an Pholainn (Dąbrowa Górnicza, an Pholainn)

Tata Steel Ijmuiden (IJmuiden, an Ísiltír)

ThyssenKrupp Steel Europe AG (Duisburg, An Ghearmáin) agus a chuideachta ghaolmhar ThyssenKrupp Material Processing (Krefeld, an Ghearmáin).

1.9.   Nochtadh

(19)

An 4 Aibreán 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a bhfuil sé beartaithe aige dleachtanna frithchúitimh a fhorchur. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh sin.

(20)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Deonaíodh éisteacht do na páirtithe a d’iarr amhlaidh. D’iarr CISA éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin an 12 Aibreán 2023, rud a tugadh dó.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(21)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo agus an táirge atá san imscrúdú bunaidh, i.e. táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan a bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe (‘HRF’ nó an ‘táirge faoi athbhreithniú’).

Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an athbhreithniú seo:

(a)

táirgí cruach dosmálta agus cruach leictreach sileacain dírithe ar ghráinní,

(b)

táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais,

(c)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ná mó ná 10 mm a dtiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, agus

(d)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, atá 4,75 mm nó níos móach nach mó ná 10 mm ar tiús agus atá 2 050 mm nó níos mó ar leithead.

An táirge lena mbaineann, is faoi na cóid CN 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091, 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99 a thagann sé faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar cóid AC agus TARIC, gan dochar d’athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú taraife amach anseo.

(22)

Déantar táirgí cruach comhréidhe teorollta a tháirgeadh trí theorolladh. Is próiseas foirmithe miotail é sin ina gcuirtear miotal te trí phéire amháin nó níos mó rolla teo chun an tiús a laghdú agus chun an tiús a dhéanamh aonfhoirmeach, i gcás ina mbíonn teocht an mhiotail os cionn a theochta athchriostalaithe. Is féidir iad a sholáthar i gcineálacha éagsúla; i gcornaí (iad bealaithe nó gan bheith bealaithe, picilte nó gan bheith picilte), i bhfaid ghearrtha (leathán) nó i stiallacha cúnga.

(23)

Tá dhá phríomhchineál úsáide a bhaintear as na táirgí cruach comhréidhe teorollta. Ar an gcéad dul síos, is iad an t-ábhar príomhúil iad chun táirgí cruach éagsúla breisluacha iartheachtacha a tháirgeadh, arb iad na táirgí is túisce a thairgtear as a measc táirgí cruach fuar-rollta comhréidhe agus táirgí cruach brataithe. Ar an dara dul síos, is ionchur tionsclaíoch iad a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear a n-úsáid sa tógáil (táirgeadh feadán cruach), an longtógáil, coimeádáin gháis, gluaisteáin, árthaí brú agus píblínte fuinnimh.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(24)

Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne.

2.3.   An táirge comhchosúil

(25)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh le himscrúdú an athbhreithnithe éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann, arna onnmhairiú chuig an Aontas;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne; agus

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann agus a dhíolann tionscal an Aontais san Aontas.

(26)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ

(27)

I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún an dóigh go leanfar den fóirdheonú arís de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana.

3.1.   Neamh-chomhoibriú agus úsáid na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán

(28)

An 12 Iúil 2022 sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Iarradh ar Rialtas na Síne ceistneoir a chur ar aghaidh do bhainc agus d’institiúidí airgeadais eile ar eol do Rialtas na Síne gur sholáthair siad iasachtaí don tionscal lena mbaineann chomh maith le táirgeoirí agus dáileoirí na cruach teorollta agus fuar-rollta a sholáthraíonn ionchuir chun an táirge a bhí faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(29)

Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra.

(30)

Trí Nóta Briathartha an 2 Meán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne, i ndiaidh neamh-chomhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú, go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Cuireadh in iúl dóibh freisin go bhféadfadh cinneadh bunaithe ar fhíorais a bheith níos lú fabhar ná mar a bheadh dá mba rud é gur chomhoibrigh Rialtas na Síne agus táirgeoirí.

(31)

Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis sin. Mheas an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, go raibh gá le fíorais a úsáid lena shuí go leanfar de chleachtais fhóirdheontais na Síne sa tionscal cruach comhréidhe teorollta.

(32)

Dá réir sin, d’úsáid an Coimisiún na fíorais ar fad a bhí ar fáil dó dá anailís, go háirithe:

(a)

An iarraidh;

(b)

torthaí an imscrúdaithe bunaidh a rinne an Coimisiún ar an táirge céanna sa tSín, amhail táirgí comhréidhe teorollta (9);

(c)

torthaí na n-imscrúduithe frith-fhóirdheontais is déanaí a rinne an Coimisiún maidir le tionscail spreagtha sa tSín, amhail boinn aeir (10) (‘imscrúdú na mbonn’), rothair leictreacha (11) (‘an t-imscrúdú ar rothair leictreacha’), táirgí cruach brataithe orgánacha (12) (‘an t-imscrúdú OCS’), cáblaí snáithíní optúla (13)(‘imscrúdú na snáithíní gloine’) agus scragall tiontaire alúmanaim (14)(‘imscrúdú scragall alúmanaim’) inar scrúdaíodh fóirdheontais chomhchosúla;

(d)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach ar gheilleagar na Síne chun críche imscrúdú cosanta trádála (‘an Tuarascáil maidir leis an tSín’) (15).

3.2.   Ráitis ghinearálta maidir le hearnáil na cruach sa tSín

(33)

Sula ndearna an Coimisiún anailís ar an bhfóirdheonú líomhnaithe i bhfoirm fóirdheontas nó cláir fóirdheontais (ranna 3.3 agus ar lean thíos) rinne sé measúnú ar phleananna, tionscadail agus doiciméid eile an rialtais, nithe a bhí ábhartha maidir le níos mó ná ceann amháin de na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais. Shuigh sé go bhfuil na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais uile atá á measúnú ina gcuid de chur chun feidhme phleanáil lárnach Rialtas na Síne ar na cúiseanna seo a leanas.

3.2.1.    14ú Plean Cúig Bliana

(34)

Dheimhnigh an Coimisiún san imscrúdú reatha gurbh é an doiciméad ábharthachta is mó le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le tionscal na n-amhábhar a fhorbairt, amhail cruach. Ós rud é go bhfuil an tionscal cruach ina chuid thábhachtach den tionscal amhábhar, is príomhréimse é lena múnlaítear imill iomaíochta idirnáisiúnta na Síne, agus is é an ‘príomh-láthair’ chun an fhondúireacht thionsclaíoch agus an fhorbairt thionsclaíoch ghlas a athstruchtúrú. Cuirtear béim sa Phlean ar ghrúpa príomhfhiontar a chothú sa slabhra tionsclaíoch ag a mbeidh ceannaireacht éiceolaíoch agus croí-iomaíochas.

(35)

Sa phlean gníomhaíochta Trí bliana de chuid Hebei Cúige maidir le forbairt bhraisle i slabhra an tionscail cruach (2020-2022), forbraítear an t-athchóiriú ar úinéireacht mheasctha fiontar faoi úinéireacht an stáit, dírítear ar chumasc agus atheagrú trasréigiúnach fiontar cruach príobháideach a chur chun cinn.

(36)

Sa 14ú Plean Cúig Bliana de Chúige Shangdong maidir le forbairt an thionscail cruach, cuirtear béim ar iomaíochas an tionscail cruach mar an sprioc, agus rialú dian ar an acmhainneacht táirgeachta á cur chun tosaigh. Ina theannta sin, gabhann cuspóirí leis maidir le leagan amach tionsclaíoch a bharrfheabhsú, spreagadh na nuálaíochta a neartú, forbairt ghlas a chur chun cinn agus bonn tionsclaíoch monaraíochta ardghráid cruach a thógáil lena mbainfidh iomaíochas baile den chéad scoth agus tionchar idirnáisiúnta.

(37)

I ndiaidh an nochta, mhaígh CISA go raibh an Coimisiún ag brath go mór ar an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ chun tábhacht straitéiseach an tionscail ábhartha a chruthú agus é sin á dhéanamh aige, léiríonn sé go bhfuil fóirdheontais ann i ndáil leis an earnáil shonrach sin. Chuir CISA i dtábhacht nach bhfuil i ‘bpleananna 5 bliana’ ach treoirdhoiciméid ina gcuirtear tuairimí beartais don todhchaí in iúl agus dá bhrí sin nach bhfuil feidhm cheangailteach leo toisc nach bhfuil aon sárú ná clásal pionóis i bpleananna den sórt sin. Ina theannta sin, thagair CISA maidir leis sin i dtaca le doiciméid choibhéiseacha agus le tuarascálacha ar thaobh Choimisiún an Aontais Eorpaigh, amhail foilseachán an Choimisiúin féin dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nu’ ina sainaithníonn an Coimisiún féin tosaíochtaí éagsúla i dtéarmaí infheistíochtaí poiblí in iarracht shoiléir forbairt phríomhthionscail an Aontais amach anseo a stiúradh.

(38)

Ní fhéadfaí glacadh leis an argóint sin. Ar an gcéad dul síos, ní treoirdhoiciméid ghinearálta atá sna Pleananna Cúig Bliana arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne ach doiciméid atá de chineál ceangailteach ó thaobh dlí de. Leis an 14ú Plean Cúig Bliana, meabhraítear go sainráite do gach údarás na pleananna a chur chun feidhme go dúthrachtach: ‘Neartóimid córais bainistíochta pleanála amhail catalóga agus liostaí, idir chatalóga agus liostaí tiomsaithe agus chatalóga agus liostaí cartlainne, agus ailíniú agus comhordú, forbróimid liostaí agus catalóga amhail na Pleananna Speisialta ‘5 Bliana den 14ú timthriall’ arna nDéanamh ar Leibhéal Náisiúnta, cuirfimid cartlannú pleananna chun cinn ag brath ar an ardán faisnéise um pleanáil náisiúnta bainistíochta comhtháite, agus cuirfimid pleananna éagsúla faoi bhainistíocht aontaithe. Bunóimid sásraí um ailíniú pleanála agus um chomhordú agus cuirfimid feabhas orthu, déanfaidh muid pleananna arna bhformheas ag Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne agus an Chomhairle Stáit a ailíniú le pleananna um fhorbairt cúige agus leis an bplean seo sula gcuirtear isteach é lena fhormheas, agus áiritheoimid go mbeidh pleanáil spásúlachta, pleanáil réigiúnach agus leibhéil eile pleanála comhordaithe leis an bplean seo ó thaobh na bpríomhspriocanna, na dtreonna forbartha, an leagan amach fhoriomláin, na bpríomhbheart, na mórthionscadal agus cosc agus rialú rioscaí de.’ (16) Ina theannta sin, sonraítear sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt ‘nach mór do gach ceantar feabhas a chur air féin leis an bPlean seo, agus na príomhábhair agus na mórthionscadail atá anseo a áireamh ina bpríomhthascanna áitiúla’, agus ‘go bhfoirmeoidh an earnáil cruach agus príomhearnálacha eile tuairimí sonracha cur chun feidhme bunaithe ar chuspóirí agus cúraimí an Phlean seo.’ Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(39)

Níor thug Rialtas na Síne san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

3.2.2.    Ordú Uimh. 35

(40)

Ordú Uimh. 35 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú – Doiciméad beartais eile is ea Policies for the development of Iron and Steel Industry [Beartais chun Tionscal Iarainn agus Cruach a fhorbairt] (2005) (‘Ordú Uimh. 35’). Arna ghlacadh ag an gComhairle Stáit, clúdaítear ann gnéithe éagsúla de rialú Rialtais na Síne ar an tionscal, lena n-áirítear:

Toirmeasc ar úinéireacht tromlaigh eachtrach déantóirí cruach sa tSín (Airteagal 1);

Spriocanna a chur ar bun maidir le haschur do na táirgeoirí cruach is mó (Airteagal 3);

Rialacha a sholáthar maidir le hathruithe ar struchtúr corparáideach cuideachtaí cruach (Airteagal 20);

Nósanna imeachta formheasta Rialtas na Síne a chur ar bun le haghaidh infheistíocht i dtáirgeoirí cruach (Airteagal 22);

Iasachtaí agus cearta úsáide talún a sholáthar do tháirgeoirí cruach amháin a chomhlíonann na beartais forbartha náisiúnta don earnáil (Airteagail 24 agus 25); agus

Idirghabháil Stáit lena bhféachtar le tacú le grúpaí fiontar mór cnámh droma chun táirgeadh ar an gcoigríoch a bhunú agus boinn amhábhar a sholáthar (Airteagal 30).

3.2.3.    Cinneadh Uimh. 40

(41)

Is éard is Cinneadh Uimh. 40 ann ná Ordú ón gComhairle Stáit lena n-aicmítear, chun críocha infheistíochta, na hearnálacha tionsclaíocha ina gcatagóirí éagsúla, mar atá ‘tionscadail spreagtha, tionscadail shriantacha agus tionscadail a dhíchuireadh’. Sonraítear sa Chinneadh sin go bhfuil an ‘Chatalóg Threorach maidir le hOiriúnú an Struchtúir Thionsclaíoch’, ar beart cur chun feidhme le Cinneadh Uimh. 40 é, ina bunús tábhachtach chun treoracha infheistíochta a threorú. Treoraítear Rialtas na Síne léi freisin maidir le tionscadail infheistíochta a riar, agus beartais maidir le hairgeadas poiblí, cánachas, creidmheas, talamh, allmhairiú agus onnmhairiú a cheapadh agus a fhorfheidhmiú (17). Léirítear an tionscal cruach mar thionscal spreagtha i gCaibidil VIII den Chatalóg Treorach sin. Maidir lena chineál dlíthiúil, thug an Coimisiún faoi deara gur Ordú ón gComhairle Stáit é Cinneadh Uimh. 40, arb é an comhlacht riaracháin ar an leibhéal is airde sa tSín é. Chuige sin, tá an cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí do chomhlachtaí poiblí eile agus do na hoibreoirí eacnamaíocha (18).

3.2.4.    An Plean Athbheochana

(42)

Is plean gníomhaíochta don tionscal cruach é an Treoirphlean um Choigeartú agus um Athbheochan an Tionscail Cruach (2009). Is é is aidhm don phlean déileáil leis an ngéarchéim airgeadais idirnáisiúnta agus tugtar aghaidh leis ar riachtanais fhoriomlána bheartais Rialtas na Síne chun fás a choinneáil ar bun. Chomh maith leis sin, féachtar leis le ‘feidhmiú cobhsaí an tionscail a ráthú’ toisc go meastar ‘é a bheith ina chrann taca tábhachtach don gheilleagar náisiúnta’. Soláthraítear an méid seo a leanas sa doiciméad:

méadú ar an tacaíocht airgeadais do phríomhtháirgeoirí cruach ‘cnámh droma’;

dlús a chur leis na coigeartuithe struchtúracha agus uasghrádú tionsclaíoch a chur chun cinn;

tacaíocht ó na príomhchuideachtaí a théann thar lear ina bhforbairt, ina gcomhar teicniúil agus ina gCumasc agus ina nÉadálacha;

an méadú ar scála an chreidmheasa onnmhairiúcháin le haghaidh trealamh miotalóireachta.

3.2.5.    Catalóg Threorach um choigeartú an struchtúir thionsclaíoch

(43)

De réir chaibidil VIII sa Chatalóg Threorach um choigeartú an struchtúir thionsclaíoch (2019), is earnáil spreagtha í an earnáil cruach.

3.2.6.    Conclúidí foriomlána maidir le hidirghabháil Rialtas na Síne sa earnáil cruach

(44)

Agus na doiciméid thuasluaite agus a bhforálacha, nach bhfuil aon fhianaise ann nach bhfuil siad i bhfeidhm a thuilleadh, á gcur san áireamh d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid ón gcéad imscrúdú go raibh tionscal cruach na Síne fós ina phríomhthionscal/ina thionscal straitéiseach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá Rialtas na Síne ag tabhairt faoina fhorbairt go gníomhach agus á threorú fós mar chuspóir straitéiseach beartais.

3.3.   Fóirdheontais agus cláir fhóirdheontais a scrúdaíodh san athbhreithniú éaga reatha

(45)

Mar gheall nár chomhoibrigh Rialtas na Síne ná táirgeoirí na Síne a shonraítear in aithrisí (27) agus (30), chinn an Coimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint ar leanadh den fhóirdheonú mar a leanas. Ar an gcéad dul síos, scrúdaigh an Coimisiún an raibh na fóirdheontais a forchúitíodh san imscrúdú bunaidh fós ag dul chun tairbhe don tionscal cruach comhréidhe teorollta. Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar bhain an tionscal sin tairbhe as fóirdheontais nár frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh (‘fóirdheontais bhreise’ nó ‘fóirdheontais nua’) mar a líomhnaíodh san iarraidh.

(46)

Chinn an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí lena ndeimhnítear go bhfuiltear ag leanúint d’fhóirdheonú maidir leis an gcuid is mó de na fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith le cuid de na fóirdheontais bhreise, nach gá imscrúdú a dhéanamh ar na fóirdheontais eile go léir ar líomhain an t-iarratasóir go bhfuil ann dóibh.

(47)

I ndiaidh an nochta, mhaígh CISA nach féidir torthaí ar thángthas orthu in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo a thrasuí ar imscrúdú reatha an Choimisiúin go díreach toisc go n-imíonn aisiompú dá leithéid ar an dualgas cruthúnais ó na cearta cosanta a nglactar leo ag aon chosantóir in imscrúduithe den sórt sin. Dar le CISA, d’úsáid an Coimisiún torthaí roimhe seo in imscrúduithe ar leithligh agus neamhghaolmhara eile chun cleachtais eacnamaíocha sa tSín a chur in iúl mar shamplaí d’fhóirdheonú. Mar sin féin, ní chruthaítear leis an gcur chuige sin gurb ann d’fhóirdheonú i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.

(48)

Mheas an Coimisiún gur chuir an t-iarratasóir dóthain fianaise ar fáil go raibh na fóirdheontais ann, méid, cineál, sochar agus sainiúlacht na bhfóirdheontas sin de réir mar a cuireadh ar fáil go réasúnach don Choimisiún. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún freisin gur scrúdaigh imscrúduithe frith-fhóirdheontais an Aontais le déanaí a bhain leis na cláir fóirdheontais chéanna a líomhnaíodh san iarraidh sochar, sainiúlacht agus méideanna fóirdheonaithe na gclár céanna. Na torthaí fóirdheonaithe sin roimhe seo, in éineacht leis an bhflúirse faisnéise atá san iarraidh agus a dhearbhaigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe seo, b’fhíorais iad a bhí ar fáil maidir le leanúint den fhóirdheonú i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

3.4.   Fóirdheontais a fhrithchúitíodh san imscrúdú bunaidh

3.4.1.    Iasachtú fabhrach

3.4.1.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(49)

San imscrúdú bunaidh (19), shuigh an Coimisiún gur chomhlachtaí poiblí iad bainc faoi úinéireacht an Stáit (‘SOBanna’) toisc gur chomhlíon siad feidhmeanna rialtais agus, le linn dóibh déanamh amhlaidh, gur fheidhmigh siad údarás rialtais.

(50)

Maidir leis na bainc a thug iasachtaí do na táirgeoirí a chomhoibrigh san imscrúdú bunaidh, bhí tromlach na mbanc sin faoi úinéireacht an Stáit. Léiríodh leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil san imscrúdú bunaidh gur bhainc faoi úinéireacht an Stáit a bhí in 35 bhanc ar laghad as na 45 bhanc a tuairiscíodh, lena n-áirítear na príomhbhainc thráchtála sa tSín, amhail Bank of China, Construction Bank agus Industrial and Commercial Bank of China. Ina theannta sin, fuarthas freisin go raibh áit cheannasach sa mhargadh ag na bainc thráchtála sin faoi úinéireacht an Stáit agus ina gcáil mar chomhlachtaí poiblí go raibh iasachtaí á dtairiscint acu ag rátaí úis faoi bhun an mhargaidh. Dá réir sin, thángthas ar an gconclúid go raibh beartas ag Rialtas na Síne maidir le hiasachtú fabhrach a sholáthar don earnáil HRF.

(51)

Shuigh an Coimisiún freisin, ar bhonn inter alia Airteagail 34 agus 38 den Dlí maidir le Baincéireacht Tráchtála agus Airteagail 17 agus 18 d’Ordú Uimh. 40, gur chuir Rialtas na Síne de chúram ar bhainc thráchtála phríobháideacha sa tSín agus gur threoraigh sé iad chun iasachtaí fabhracha a sholáthar do na táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán.

(52)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún: go ndearnadh ranníocaíocht airgeadais le táirgeoirí HRF i bhfoirm aistriú díreach cistí ón rialtas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán; agus gur chuir an rialtas de chúram freisin ar bhainc faoi úinéireacht phríobháideach nó gur threoraigh sé iad chun ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar do na táirgeoirí céanna de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán.

(53)

Fuarthas go raibh tairbhe de réir bhrí Airteagail 3(2) agus 6(b) den bhun-Rialachán ann sa mhéid gur deonaíodh na hiasachtaí rialtais ar théarmaí níos fabhraí ná mar a d’fhéadfadh an faighteoir a fháil ar an margadh. Ós rud é gur suíodh nach soláthraítear tagarmharc margaidh iomchuí (bainc faoi úinéireacht phríobháideach arna gcur de chúram agus arna dtreorú ag Rialtas na Síne) le hiasachtaí neamh-rialtais sa tSín, cruthaíodh tagarmharc den sórt sin ar bhonn ráta iasachta caighdeánach People’s Bank of China. Coigeartaíodh an ráta sin chun gnáthriosca margaidh a léiriú tríd an bpréimh chuí mheasta ar bhannaí arna n-eisiúint ag gnólachtaí a bhfuil rátáil bannaí ‘grád neamh-infheistíochta’ acu (ag ráta BB) a chur leis.

(54)

Fuarthas go raibh an clár fóirdheontais sin sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc gur bhain an tionscal cruach leis an gcatagóir spreagtha de réir Chinneadh Uimh. 40 agus nach raibh forálacha na n-iasachtaí teoranta ach d’fhiontair chruach a chomhlíon na beartais forbartha don tionscal iarainn agus don tionscal cruach go hiomlán (Ordú Uimh. 35).

(55)

Ina theannta sin, fuarthas go raibh an clár ina chlár sonrach faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, toisc go rabhthas ag spreagadh agus ag treorú tacaíocht airgeadais don tionscal cruach, i réigiúin gheografacha shonracha na Síne freisin, leis na pleananna agus doiciméid áirithe rialtais.

(56)

D’athraigh an ráta fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó 1,99 % go 27,91 %.

3.4.1.2.   Leanúint den chlár fóirdheontais

(57)

San iarraidh agus sna hiarscríbhinní comhfhreagracha (20), chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur lean táirgeoirí HRF na Síne ag baint tairbhe as iasachtú fabhrach agus rátaí úis faoi bhun an mhargaidh ó bhainc intíre sa tSín.

(58)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise ar láithreacht shuntasach agus cheannasacht margaidh leanúnach SOBanna in earnáil bhaincéireachta na Síne. I bpointe (67), liostaíodh san iarraidh na SOBanna móra a thug iasacht ar théarmaí fabhracha do tháirgeoirí HRF sa tSín.

(59)

Ar deireadh, thug an t-iarratasóir le fios go raibh bainc phríobháideacha fós á gcur de chúram agus á dtreorú ag Rialtas na Síne chun iasachtaí fóirdheonaithe a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 3.1(a)(iv) den bhun-Rialachán. Dá réir sin, tá torthaí an Choimisiúin san imscrúdú bunaidh fós bailí maidir leis sin.

(60)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le staid reatha chóras baincéireachta na Síne.

(61)

Ina theannta sin, na fíorais chriticiúla is ábhartha do bhunú an chláir fhóirdheonaithe seo agus chun leanúint leis, is é sin gníomhú SOBanna mar chomhlachtaí poiblí, a gceannasacht san earnáil bhaincéireachta, cur de chúram agus treorú na mbanc príobháideach, dearbhaíodh iad leis an Tuarascáil maidir leis an tSín (21) agus le torthaí na n-imscrúduithe is déanaí maidir le boinn (22), rothair leictreacha (23), OCS (24), snáithín gloine (25) agus scragall alúmanaim (26).

3.4.1.3.   Tairbhe

(62)

De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bhonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Cé nach bhféadfaí méid an fhóirdheontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a shuí go beacht mar gheall ar an easpa comhoibrithe, bunaithe ar an iarratas, ar thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris 61, agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, d’fhéadfaí a chinneadh gur leanadh le táirgeoirí HRF na Síne a fhóirdheonú.

3.4.1.4.   Sainiúlacht

(63)

Bhí an clár fóirdheontais i dtrácht fós sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, ós rud é nár athraíodh an staid dhlíthiúil a thuairiscítear in aithris (54) agus i bhfianaise an 14ú Plean Cúig Bliana nua don earnáil cruach, rud a dheimhnigh gur tionscal spreagtha é an tionscal cruach.

3.4.1.5.   Conclúid

(64)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur leanadh den iasachtú fabhrach mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.2.    Soláthar ceart úsáide talún le haghaidh luach saothair atá níos lú ná luach saothair leordhóthanach

3.4.2.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(65)

San imscrúdú bunaidh (27), chinn an Coimisiún gur cheart cearta úsáide talún arna soláthar ag Rialtas na Síne a mheas mar bheart fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ós rud é nach raibh aon mhargadh feidhmiúil do thalamh sa tSín, soláthraíonn Rialtas na Síne cearta úsáide talún ar luach saothair nach leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin tugtar tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí. Léiríodh le húsáid tagarmhairc sheachtraigh go bhfuil an méid a íocann táirgeoirí HRF as cearta úsáide talún i bhfad níos ísle ná gnáthráta an mhargaidh.

(66)

Shuigh an Coimisiún freisin go bhfuil an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach faoi Airteagal 4(2)(a) agus 4(2)(c) den bhun-Rialachán, toisc go bhfuil an rochtain ar thalamh tionsclaíoch teoranta de réir dlí ach do chuideachtaí a urramaíonn na beartais thionsclaíocha arna leagan síos ag an Stát. Ina theannta sin, ní raibh ach idirbhearta áirithe faoi réir próiseas tairisceana, ba iad na húdaráis a shocraigh na praghsanna go minic, agus tá cleachtais rialtais sa réimse sin doiléir agus neamh-thrédhearcach.

(67)

Agus an tagarmharc praghsanna do thalamh sa Téaváin á úsáid, suíodh an ráta fóirdheontais maidir leis an mbeart sin san imscrúdú bunaidh do na táirgeoirí sampláilte sa raon 1,20 % go 7,63 %.

3.4.2.2.   Leanúint den chlár fóirdheontais

(68)

San iarraidh agus sna hiarscríbhinní comhfhreagracha (28), sholáthair an t-iarratasóir fianaise gur lean táirgeoirí HRF na Síne ag baint tairbhe as cearta úsáide talún ar luach saothair nach leordhóthanach.

(69)

Thug an t-iarratasóir le fios nár tháinig aon athrú ar an dlí lena rialaítear an t-ábhar sin ón gcéad imscrúdú. Tá toirmeasc ar úinéireacht phríobháideach talún sa tSín. Foráiltear fós leis an Dlí Riaracháin Talún, agus le hAirteagal 2 go háirithe, gur le Rialtas na Síne ar deireadh an talamh ar fad sa tSín toisc go bhfuil sé faoi chomhúinéireacht na Síne. Sonraítear sa Dlí Maoine (Airteagail 45-48) go bhfuil talamh sa tSín ‘faoi chomhúinéireacht’ nó ‘faoi úinéireacht stáit’. Ní féidir aon talamh a dhíol ach is féidir cearta úsáide talún a shannadh trí thairiscint phoiblí, luachan nó ceant.

(70)

Níor sholáthair Rialtas na Síne ná na táirgeoirí fianaise lena dtugtar le tuiscint gur scoir an tionscal HRF de thairbhe a bhaint as cearta úsáide talún a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach.

(71)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear an fhianaise atá sa Tuarascáil maidir leis an tSín (29) i ndáil leis sin agus torthaí na n-imscrúduithe frithchúitimh is déanaí maidir leis an tSín i ndáil le boinn (30), rothair leictreacha (31) agus cáblaí snáithíní optúla (32), chinn an Coimisiún gur leanadh d’fhóirdheontais a thabhairt i leith na rátaí a íocadh as úsáid talún toisc nach gcloíonn an córas a d’fhorchuir Rialtas na Síne le prionsabail an mhargaidh.

3.4.2.3.   Tairbhe

(72)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Cé nach bhféadfaí méid an fhóirdheontais a shuí go beacht mar gheall ar an easpa comhoibrithe, bunaithe ar an iarratas, ar thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (71), agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, d’fhéadfaí a chinneadh gur leanadh le táirgeoirí HRF na Síne a fhóirdheonú.

3.4.2.4.   Sainiúlacht

(73)

Tá an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán. Ní dheonaítear cearta úsáide talún ach do ghrúpa teoranta cuideachtaí. Ina theannta sin, tagann an earnáil cruach, atá ina gcuid den chatagóir spreagtha faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit, laistigh de na hearnálacha a bhaineann tairbhe as cearta úsáide talún.

3.4.2.5.   Conclúid

(74)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur leanadh de chearta úsáide talún a sholáthar ar luach saothair nach leordhóthanach mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.3.    Cláir um dhíolúine agus laghdú cánach dhíreacha

3.4.3.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(75)

San imscrúdú bunaidh (33), shuigh an Coimisiún go raibh fóirdheontais in-fhrithchúitithe á bhfáil ag táirgeoirí HRF a bhain le cóir fhabhrach faoi ioncam agus faoi chláir agus faoi bheartais cánach dírí eile.

(76)

Maidir le trí chlár shonracha: Pribhléidí maidir le Cáin Ioncaim Fiontair (EIT) i gcomhair Táirgí Acmhainní ó Úsáid Shineirgisteach, EIT arna fhritháireamh le haghaidh costais taighde agus forbartha agus díolúine cánach úsáide talún, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir leis an mbunús dlí, incháilitheacht, cineál an fhóirdheontais agus a shainiúlacht ar fhreagraí fíoraithe ar an gceistneoir agus bhí sé ábalta rátaí fóirdheontais aonair a ríomh do na cuideachtaí sampláilte.

(77)

Fuarthas go raibh an t-ioncam agus na cláir cánach dírí eile ina bhfóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais cinnte lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí.

(78)

Fuarthas freisin go raibh na scéimeanna fóirdheontais sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán, ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht ar ar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin, ar an rochtain ar na scéimeanna d’fhiontair agus do thionscail áirithe a aicmítear mar fhiontair agus mar thionscail spreagtha, mar shampla na cinn a bhaineann leis an tionscal HRF.

(79)

D’athraigh an ráta fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó 0,00 % go 0,66 %.

3.4.3.2.   Leanúint den chlár fóirdheontais

(80)

San iarraidh ar athbhreithniú éaga (34), sholáthair an t-iarratasóir fianaise go leanann go leor de tháirgeoirí HRF na Síne ag baint tairbhe as roinnt cláir pribhléidí um Cháin Ioncaim Fiontair (EIT) a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh. Is é an bunús dlí leis na cláir pribhléidí EIT sin Airteagal 28 de Dhlí CIF agus Airteagal 93 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair na Síne. Ina theannta sin, sholáthair an t-iarratasóir fianaise maidir leis an EIT arna fhritháireamh le haghaidh fóirdheontas taighde agus forbartha a bhfuil a bhunús dlí in Airteagal 30(1) de dhlí EIT, mar aon leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir le Dlí Cánach Ioncaim Fiontair na Síne.

(81)

Dearbhaíodh le himscrúdaithe ar cháblaí snáithíní optúla (35) agus ar scragall alúmanaim (36) go raibh na scéimeanna fós in úsáid agus nár athraigh a gcineál.

(82)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le leanúint de thairbhí na dtáirgeoirí HRF ó ioncam agus cláir agus beartais cánach dírí eile.

(83)

Meastar gur fóirdheontais iad na scéimeanna atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is infhaighteoirí.

3.4.3.3.   Tairbhe

(84)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Cé nach bhféadfaí méid an fhóirdheontais a shuí go beacht mar gheall ar an easpa comhoibrithe, bunaithe ar an iarratas, ar thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (81), agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, d’fhéadfaí a chinneadh gur leanadh le táirgeoirí HRF na Síne a fhóirdheonú.

3.4.3.4.   Sainiúlacht

(85)

Tá na scéimeanna sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht ar ar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin ar an rochtain ar na scéimeanna d’fhiontair agus do thionscail áirithe.

3.4.3.5.   Conclúid

(86)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear go raibh cuid de na cláir chánach fós ina bhfóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.4.    Clár agus beartais maidir le cáin indíreach agus taraif allmhairiúcháin

3.4.4.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(87)

San imscrúdú bunaidh (37), shuigh an Coimisiún go raibh fóirdheontais in-fhrithchúitithe á bhfáil ag táirgeoirí HRF a bhain le cóir fhabhrach faoi dhá chlár cánach indírí agus taraife allmhairiúcháin:

(a)

Díolúintí CBL agus lacáistí taraife allmhairiúcháin le haghaidh úsáid a bhaint as trealamh agus teicneolaíocht allmhairithe.

(b)

Díolúine ó cháin d’athlonnú bunaithe ar bheartas

(88)

Fuarthas gur fóirdheontais iad an clár cánach indírí agus an clár taraife allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is infhaighteoirí.

(89)

Fuarthas go raibh na scéimeanna fóirdheontas sonrach freisin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht ar ar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin ar an rochtain ar na scéimeanna d’fhiontair agus do thionscail áirithe. Ina theannta sin, mar gheall ar an easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chinneadh an raibh ann do chritéir oibiachtúla incháilitheachta i leith scéimeanna áirithe a d’fhág go raibh siad sonrach freisin faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

(90)

Ba é 1.01 % an ráta fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

3.4.4.2.   Leanúint den chlár fóirdheontais

(91)

Deimhníodh leis an iarraidh mar aon le torthaí na n-imscrúduithe frith-fhóirdheontais is déanaí a rinne an Coimisiún maidir le tionscail spreagtha sa tSín amhail imscrúduithe boinn (38), OCS (39) agus scragaill alúmanaim (40) go raibh na scéimeanna fós in úsáid agus dá bhrí sin nár athraigh a gcineál.

(92)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí HRF na Síne, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le leanúint de thairbhí na dtáirgeoirí HRF ó chlár cánach indírí agus ó chlár taraife allmhairiúcháin.

(93)

Meastar gur fóirdheontais iad na scéimeanna atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is infhaighteoirí.

3.4.4.3.   Tairbhe

(94)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí HRF na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Cé nach bhféadfaí méid an fhóirdheontais a shuí go beacht mar gheall ar an easpa comhoibrithe, bunaithe ar an iarratas, ar thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (91), agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, d’fhéadfaí a chinneadh gur leanadh le táirgeoirí HRF a fhóirdheonú.

3.4.4.4.   Sainiúlacht

(95)

Tá na scéimeanna sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2((a) den bhun-Rialachán, toisc go bhfuil an rochtain ar na scéimeanna teoranta d’fhiontair agus do thionscail áirithe amháin.

3.4.4.5.   Conclúid

(96)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear go raibh cuid de na cláir cánach indírí agus taraife allmhairiúcháin fós ina bhfóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.5.    Cláir deontais

3.4.5.1.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh

(97)

San imscrúdú bunaidh (41), chinn an Coimisiún gur bhain na cuideachtaí go léir a sampláilte tairbhe as deontais éagsúla a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus laghdú astaíochtaí agus as deontais a bhaineann le T&F, uasghrádú teicneolaíochta agus nuálaíocht.

(98)

Thángthas ar chonclúid dhearfach san imscrúdú bunaidh go raibh ann do roinnt fóirdheontas ad hoc a deonaíodh do tháirgeoirí áirithe HRF ó leibhéil éagsúla d’údarás rialtais, i.e. údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Samplaí de dheontais den sórt sin ba ea cistí paitinne, cistí agus dámhachtainí eolaíochta agus teicneolaíochta, cistí forbartha gnó, deontais le haghaidh bonneagar bunúsach, cistí tacaíochta a sholáthraítear ar leibhéal ceantair nó cúige, cistí chun amhiarann a allmhairiú, cistí d’athlonnú na cuideachta, ciste speisialta um thabhairt isteach ardteicneolaíochta ar an gcoigríoch, lascainí úis ar iasachtaí do threalamh allmhairithe.

(99)

Fuarthas gur fóirdheontas iad na deontais sin agus fóirdheontais ad hoc eile de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i.e. aistriú cistí ó Rialtas na Síne i bhfoirm deontas do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann.

(100)

Fuarthas freisin go raibh siad sonrach faoi Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán, ós rud é gur cosúil go bhfuil siad teoranta do chuideachtaí áirithe nó do thionscadail shonracha i réigiúin shonracha agus/nó sa tionscal cruach, nó faoi Airteagal 4(2)(b), ós rud é nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin iarbhír maidir le fiontair a bheith incháilithe trédhearcach, nach bhfuil siad oibiachtúil agus nach gcuirtear i bhfeidhm go huathoibríoch iad.

(101)

D’athraigh an ráta fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó 0,09 % go 1,45 %.

3.4.5.2.   Leanúint de na cláir fóirdheontais

(102)

San iarratas ar athbhreithniú éaga (42), sholáthair an t-iarratasóir fianaise go leanann go leor táirgeoirí HRF ag baint tairbhe as cláir deontais.

(103)

Deimhníodh le torthaí na n-imscrúduithe frith-fhóirdheontais is déanaí a rinne an Coimisiún maidir le tionscail spreagtha sa tSín amhail imscrúduithe OCS (43) agus scragaill alúmanaim (44) go raibh na scéimeanna fós in úsáid agus dá bhrí sin nár athraigh a gcineál.

(104)

Soláthraíodh formhór na ndeontas chun tionscadail nó sócmhainní áirithe a mhaoiniú, chun luach saothair a thabhairt do chaomhnú fuinnimh nó do chosaint an chomhshaoil, agus chun muilte cruach a nuachóiriú.

(105)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise freisin, bunaithe ar anailís ar chuntais bhliantúla cuideachtaí ar leith, go bhfuair 12 tháirgeoir HRF ar a laghad fóirdheontais idir 2018 agus 2021.

(106)

Na deontais agus na fóirdheontais ad hoc eile go léir a ndearnadh anailís orthu le linn imscrúdú an athbhreithniú éaga, ba fhóirdheontas iad de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán, i bhfoirm aistriú díreach cistí maidir leis na deontais agus aistrithe acmhainní comhchosúla.

(107)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí HRF, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le leanúint de thairbhí na dtáirgeoirí HRF ó dheontais nó ó dhámhachtainí ad hoc.

3.4.5.3.   Tairbhe

(108)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Cé nach bhféadfaí méid an fhóirdheontais a shuí go beacht mar gheall ar an easpa comhoibrithe, bunaithe ar an iarratas, ar thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (103), agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, d’fhéadfaí a chinneadh gur leanadh de tháirgeoirí HRF a fhóirdheonú.

3.4.5.4.   Sainiúlacht

(109)

Measadh go raibh na fóirdheontais sin sonrach ó thaobh dlí nó ó thaobh fíorais de, laistigh de théarmaí Airteagal 4(2) den bhun-Rialachán. De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí HRF na Síne, meastar go ndeonaítear iad do líon teoranta táirgeoirí HRF, agus/nó mar gheall ar an mbealach ar feidhmíodh lánrogha na n-údarás deonúcháin maidir lena ndeonú.

3.4.5.5.   Conclúid

(110)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur lean na táirgeoirí de dheontais a fháil mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.5.   Fóirdheontais bhreise.

3.5.1.    Fiachas i leith babhtálacha cothromais

3.5.1.1.   Réamhrá

(111)

Bhí fianaise fhairsing san iarraidh (45) ar athbhreithniú éaga go raibh roinnt táirgeoirí HRF de chuid na Síne páirteach in ionstraimí fiachais ar chothromas den dara glúin a rinneadh ó 2016 go 2019, le haghaidh iomlán ar bhonn comhcheangailte de 237 mbilliún RMB d’fhiacha. Líomhnaítear gur cuireadh ar ceal fiachas gan íoc a bhí dlite ag déantóirí cruach faoi úinéireacht an Stáit do bhainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit (‘SOCBanna’) mar mhalairt ar chothromas trí rannpháirtíocht cineálacha éagsúla Gníomhaireachtaí Forfheidhmithe (IAnna) ar institiúidí airgeadais neamhbhainc iad faoi dhlínse Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne. Is iad na cineálacha fiachais is coitianta le haghaidh gníomhaireachtaí forfheidhmithe babhtálacha fiachais ar chothromas cuideachtaí infheistíochta sócmhainní airgeadais atá gearrtha amach ó bhainc nó ó chuideachtaí árachais. Dearbhaíodh san iarraidh freisin gur cruthaíodh gníomhaireachtaí forfheidhmithe go sonrach chun iasachtaí neamhthuillmheacha ollmhóra i bpríomhthionscail a dhiúscairt, lena n-áirítear an earnáil cruach agus chun athstruchtúrú a dhéanamh ar fhiacha SOEnna trí inter alia bhabhtálacha fiachais ar chothromas.

(112)

Ós rud é nár chuir Rialtas na Síne aon fhaisnéis ar fáil faoin gclár seo, rinne an Coimisiún a chuid torthaí ar an gclár seo ar bhonn na faisnéise a bhí san iarraidh agus ar bhonn na faisnéise ón imscrúdú frith-fhóirdheontais a rinne an Coimisiún maidir leis an earnáil cruach sa tSín, is é sin OCS (46).

(113)

Mar a scrúdaíodh in aithris (91) thuas, shuigh an Coimisiún gur tionscal spreagtha é HRF agus i roinn 3.4.1 fuair sé go mbaineann táirgeoirí HRF tairbhe as maoiniú fabhrach toisc go raibh beartas ag Rialtas na Síne iasachtú fabhrach a sholáthar don earnáil HRF trí bhainc faoi úinéireacht an Stáit agus freisin chuir Rialtas na Síne de chúram banc faoi úinéireacht phríobháideach agus threoraigh sé iad chun iasachtaí fabhracha den sórt sin a sholáthar do tháirgeoirí HRF. Ina theannta sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil éiceachóras rialála iomlán forbartha ag Rialtas na Síne i ndáil le coincheap an DES lena gclúdaítear líon atá ag méadú de chreidiúnaithe, sprioc-chuideachtaí, gníomhaireachtaí cur chun feidhme, infheisteoirí, ardáin seirbhíse agus institiúidí maoirseachta éagsúla. Agus cé go gcuirtear treocht margaidh an chórais sin i dtábhacht i gcónaí i ndoiciméid Rialtas na Síne, meabhraítear leo do rannpháirtithe freisin go bhfuiltear ag súil go bhfreastalóidh siad ar an maith mhór agus go gcuirfidh siad spriocanna beartais eacnamaíoch náisiúnta chun cinn.

(114)

De réir an doiciméid ‘Guiding Opinions on Regulating the Asset Management Business of Financial Institutions’ [Treoirthuairimí maidir le Gnó Bainistíochta Sócmhainní Institiúidí Airgeadais a Rialáil], dá dtagraítear san iarraidh, moltar d’institiúidí airgeadais cistí a chruinniú trí tháirgí bainistithe sócmhainní a eisiúint chun infheistíocht a dhéanamh i réimsí a chomhlíonann ceanglais na straitéisí náisiúnta agus na mbeartas tionsclaíoch agus a chomhlíonann ceanglais na mbeartas athchóirithe struchtúrtha náisiúnta ar thaobh an tsoláthair ar an mbonn go gcomhlíontar dlíthe agus rialacháin agus inbhuanaitheacht gnó. Ina theannta sin, spreagtar na hinstitiúidí airgeadais freisin cistí a thiomsú trí tháirgí bainistithe sócmhainní a eisiúint chun tacú le haistriú an struchtúir eacnamaíoch, tacú le babhtálacha dleathacha margadh-dhírithe fiachais ar chothromas, agus giaráil chorparáideach a laghdú.

(115)

Tagraítear san iarraidh freisin do ‘Opinions on Resolving Excess Capacity in the Steel Industry and Realizing a Recovery’ [Tuairimí maidir le Ró-acmhainneacht a Réiteach sa Tionscal Cruach agus Téarnamh a Bhaint Amach] inar cuireadh i dtábhacht an gá atá le tacaíocht mhaoiniúcháin a mhéadú d’fhiontair chruach agus an gá atá le caipiteal infheistíochta a mhealladh ó fhoinsí seachas buiséad an stáit agus institiúidí airgeadais, amhail táirgí bainistithe rachmais, cistí pinsin etc. Ina theannta sin, gríosaítear sa doiciméad sin cuir chuige bunaithe ar an margadh a fhorbairt maidir le fiachas corparáideach a phróiseáil agus tacú le bainc fiachas anásta a dhiúscairt trí staideanna iasachtaí anásta a aistriú chuig corparáidí bainistíochta sócmhainní.

(116)

In ‘Opinions on Supporting the Steel and Coal Industries in Resolving Excess Capacity and Realizing a Recovery’ [Tuairimí maidir le Tacú leis an Tionscal Cruach agus an Tionscal Guail chun Ró-Acmhainneacht a Réiteach agus Téarnamh a Bhaint Amach], a d’fhoilsigh People’s Bank of China in 2016 agus na coimisiúin rialála a dhéanann maoirseacht ar earnálacha na baincéireachta, an árachais agus na n-urrús, treoracha maidir le conas cuidiú leis an tionscal cruach agus an tionscal guail fadhbanna ró-acmhainneachta agus dócmhainneachta a réiteach. Baintear é sin amach trí ‘ról treorach fiontar seirbhísí airgeadais’ a chuirfeadh ar chumas an tionscail guail agus an tionscail cruach a bhfeidhmíocht airgeadais, teicneolaíochta agus comhshaoil a fheabhsú. Ina theannta sin, féadfaidh fiontair a chomhlíonann beartais thionsclaíocha náisiúnta agus ar féidir leo roinnt coinníollacha doiléire a bhaineann le hathstruchtúrú, sócmhainneacht agus cosaint an chomhshaoil tairbhe a bhaint as athchoigeartú tréimhsí creidmheasa.

(117)

Tá faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú éaga maidir le bunú an chórais comhdhála comhpháirtí faoi cheannaireacht na Comhairle Stáit a d’athbhreithnigh agus a d’fhormheas beartais rialála agus tacaíochta, lena n-áirítear cur chun feidhme babhta nua de bhabhtálacha fiachais ar chothromas. Ag an am céanna, d’oibrigh sé amach sásraí comhpháirteacha pionóis chun pionós a ghearradh ar sáruithe ar rialacha. Ina theannta sin, iarradh sa chomhdháil chomhpháirteach go rachadh idirbhearta DES chun tairbhe d’fhiontair agus do thionscail a bhfuil tábhacht mhór leo maidir le haistriú eacnamaíoch agus maidir le slándáil náisiúnta.

(118)

Ag Comhdháil Oibre Airgeadais Pháirtí Cumannach Lárchoiste na Síne (CCCLDS) 2017, dheimhnigh an tArd-Rúnaí Xi Jinping seasaimh sheanbhunaithe nach mór d’institiúidí airgeadais a ról a thuiscint thar aon ní eile maidir le freastal ar an bhfíorgheilleagar agus ní mór dóibh a seacht ndícheall a dhéanamh pointí laga an fhíorgheilleagair a neartú. Thug sé tuilleadh sonraí ina ráiteas faoin dualgas atá ar an earnáil airgeadais freastal ar an bhfíorgheilleagar trína chosaint ar rioscaí airgeadais. Trí déanamh amhlaidh, ba cheart don earnáil airgeadais feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar cháilíocht na seirbhíse agus níos mó acmhainní a dhíriú ar réimsí móra agus réimsí laga den fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Ina theannta sin, tá an rialtas i mbun dhíghiaráil an gheilleagair trí bheartas airgeadaíochta stuama a ghlacadh agus trí thús áite a thabhairt do laghdú giarála i bhfiontair faoi úinéireacht stáit.

(119)

Cuireadh díghiaráil SOE i gceartlár an chúraim ghinearálta um dhíghiaráil chorparáideach ag cruinniú Bhuanchoiste (SC) Chomhairle Stáit na Síne in 2017. Mhol an Buanchoiste go bhforbrófaí bearta tacaíochta fioscacha ábhartha do shócmhainní róghiaráilte faoi úinéireacht stáit sa tionscal cruach agus sa tionscal guail. Phléigh sé freisin sásra comhlántach caipitil faoi úinéireacht an stáit a bhunú agus an caipiteal d’aistriú agus d’uasghrádú a chur ar fáil.

(120)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chinn an Coimisiún gurb éard atá sna babhtálacha fiachais ar chothromas ná ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm tuilleadh cothromais agus/nó iasachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán nó i bhfoirm ioncaim ligthe thar ceal ó fhiachas a cuireadh ar ceal nó nár aisíocadh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii). Sholáthair an rialtas an ranníocaíocht airgeadais sin trí chomhlachtaí poiblí a raibh baint acu leis na hidirbhearta seo, i.e. na ceithre IA agus SOCBanna éagsúla. In éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne le linn imscrúdú an athbhreithnithe éaga, chinn an Coimisiún gur léiríodh go leordhóthanach leis an bhfianaise ar an taifead gur comhlachtaí poiblí atá sna gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin, toisc gur chruthaigh Rialtas na Síne go sonrach iad chun iasachtaí ollmhóra neamhthuillmheacha i bpríomhthionscail a dhiúscairt, lena n-áirítear an earnáil cruach, agus chur fiacha SOEnna a athstruchtúrú. Dá bhrí sin, measadh go gcomhfhreagraíonn a n-iompar le feidhmiú údaráis rialtais.

(121)

Ina theannta sin, bhí fianaise san iarraidh nach raibh líon mór cealuithe fiachais faoi réir gnáthbhreithnithe tráchtála, toisc nach ndearna Rialtas na Síne measúnú i dtaobh an ndéanfadh gnáth-infheisteoir príobháideach na babhtálacha fiachais ar chothromas sin agus iad ag súil go nginfí ráta réasúnach toraidh le himeacht ama. Bhí faisnéis san iarraidh sin gur mhalartaigh Rialtas na Síne méideanna ollmhóra fiachais ar chothromas d’fhonn an cóimheas idir dliteanais agus sócmhainní na dtáirgeoirí HRF a laghdú lena n-iomaíochas, cé is moite de bhreithnithe tráchtála a dhéanfadh infheisteoir príobháideach, a mhéadú. Chinn an Coimisiún, i ndiaidh dó anailís chúramach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus in éagmais aon fhaisnéis eile ar an gcomhad, gur tugadh tairbhe leis na bearta de réir bhrí Airteagal 6(a) den bhun-Rialachán.

3.5.1.2.   Tairbhe

(122)

Is éard atá sna babhtálacha fiachais ar chothromas ná ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm tuilleadh cothromais agus/nó iasachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán nó i bhfoirm ioncaim ligthe thar ceal ó fhiachas a cuireadh ar ceal nó nár aisíocadh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán.

(123)

In éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí HRF na Síne le linn an athbhreithnithe sin, chinn an Coimisiún, i ndiaidh dó anailís chúramach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus in éagmais aon fhaisnéis eile ar an gcomhad, gur tugadh tairbhe dá bhrí sin leis na bearta de réir bhrí Airteagal 6(a) den bhun-Rialachán.

3.5.1.3.   Sainiúlacht

(124)

Bhí an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán toisc nach raibh aon chritéir oibiachtúla ann maidir leis na fóirdheontais a sholáthar agus ní raibh sé soiléir cad iad na coinníollacha faoina bhféadfadh táirgeoirí HRF páirt a ghlacadh sa chlár sin nó gan páirt a ghlacadh ann. Bhí na babhtálacha sonrach freisin i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán, i bhfianaise mhór-lánrogha na n-údarás poiblí an fóirdheontas a dheonú agus níor thairbhigh ach earnálacha áirithe den fhóirdheontas amhail na hearnálacha lena mbaineann ró-acmhainneachta.

3.5.1.4.   Conclúid

(125)

Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur bhain táirgeoirí HRF sa tSín tairbhe as na babhtálacha fiachais ar chothromas mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfoirm cúnamh airgeadais chun fiachas corparáideach cuideachtaí a bhfuil fiachais ollmhóra orthu a laghdú.

3.6.   Conclúid fhoriomlán maidir le leanúint den fhóirdheonú

(126)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún gur lean táirgeoirí HRF na Síne de thairbhe a bhaint as fóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.   FORBAIRT ALLMHAIRÍ DÁ nDÉANFAÍ NA BEARTA A AISGHAIRM

(127)

Mar thoradh ar an gcinneadh go raibh fóirdheonú ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí d’allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ón tír lena mbaineann, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(128)

De cheal chomhoibriú na dtáirgeoirí sa tSín, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le hacmhainn na dtáirgeoirí eile ar na fíorais a bhí ar fáil agus bhraith sé ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú éaga, chomh maith le foinsí eile a bhí ar fáil.

(129)

In 2020, bhain 56,5 % d’aschur amhchruach an domhain leis an tSín, i gcomparáid le 53,3 % in 2019 (47). I mí Mheán Fómhair 2020, sonraíodh i ráiteas ón 88ú Seisiún de Choiste Cruach ECFE ‘in ainneoin an tsuaite dhiúltaigh dhomhanda éilimh, tá méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh agus ar fhardail ó leibhéil na bliana seo caite sa tSín’. Ina theannta sin, thug an Coiste Cruach dá aire ‘leis an imní faoin éagsúlacht ón treocht dhomhanda sa tSín, i gcás inar shroich táirgeadh cruach na méideanna ba mhó riamh sa chéad seimeastar in 2020, agus i gcás inar shroich fardail na leibhéil b’airde go stairiúil. Tá an baol ann de bharr na bhforbairtí sin go mbeadh rósholáthar sa tSín, rud a mhéadódh na míchothromaíochtaí domhanda a bhí mar thoradh ar an suaitheadh éilimh mar gheall ar COVID-19.’ Tugadh tacaíocht bhreise don treocht maidir le hacmhainneacht táirgeachta cruach atá ag síormhéadú sa tSín le ‘scaoileadh ollmhór coinníollacha creidmheasa’ mar aon le hinfheistíocht mhéadaithe ó mhórtháirgeoirí cruach, agus tá imreoirí níos lú fós lasmuigh den chóras rialaithe acmhainne. Chomh maith leis sin, sonraíodh i dTuarascáil ECFE i mí Feabhra 2021 go bhfuil méadú ag teacht ar ró-acmhainneacht déanta cruach ar fud an domhain agus go bhfuil sé sin á spreagadh go háirithe ag tíortha na hÁise lena n-áirítear an tSín (48).

(130)

Tá pleananna uaillmhianacha ag rialtas na Síne dá thionscal cruach agus (49) é ag féachaint le fáil réidh le gléasraí atá imithe i léig agus cuideachtaí neamhiomaíocha ag a bhfuil costais iomarcacha ag díriú ag an am céanna ar tháirgeoirí cruach atá i gcomhréir le beartais agus tosaíochtaí an rialtais a threisiú agus a chur chun cinn. An smaoineamh atá ann ná an tionscal a ghlanadh suas, na príomhghníomhaithe a neartú agus iad siúd atá ag tearcfheidhmiú agus iad siúd nach gcomhlíonann (nó nach ailíníonn le) tosaíochtaí an rialtais a dhíbirt. Is é an sprioc ‘glúin nua ceannairí tionscail’ a chothú. Baintear é sin amach trí bheartais amhail córas babhtála acmhainne, babhtálacha fiachais ar chothromas, lena n-éascaítear lánrogha stáit an-substaintiúil maidir le hoibríochtaí gnólachtaí aonair. Is é an bhunchuspóir acmhainn na ngníomhaithe ‘roghnaithe’ a mhéadú, ar táirgeoirí ardfheidhmíochta iad a chomhlíonann cuspóirí reatha an rialtais don tionscal cruach.

(131)

Leis an bhfaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga meastar go bhfuil 345 mhilliún tona i gceist le hacmhainn iomlán na Síne i dtáirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chóimhiotal nó de chóimhiotal eile, agus measadh go bhfuil 314 mhilliún tona i gceist le táirgeadh agus tomhailt na Síne in 2020. Ar an mbonn sin, rinneadh meastachán gurbh ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín agus 31 mhilliún tona in 2020, rud a léiríonn acmhainneacht bhreise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus is ionann é agus tomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh beagnach (thart ar 35 mhilliún tona) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(132)

Tá agus beidh an moilliú ar éileamh cruach na Síne i dtús 2021 ina phríomhspreagadh d’onnmhairí atá ag méadú. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht agus éileamh Is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí dul i mbun onnmhairiú. Tá cumais na Síne rómhór i gcomparáid le riachtanais iarbhír gheilleagar na Síne.

(133)

Ar an mbonn sin, is dóigh go ndíreoidh táirgeoirí ón tSín a n-acmhainní breise chuig margadh an Aontais i gcainníochtaí móra ag praghsanna fóirdheonaithe má théann na bearta in éag.

4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(134)

Tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan de tháirgí áirithe de chruach chomhréidh theorollta. Thairis sin, ní féidir le margadh na Síne an acmhainn bhreise chruach a ionsú agus tá mór-mhargaí tríú tíortha dúnta d’onnmhairí na Síne toisc go bhfuil bearta frithdhumpála, cosanta nó bearta cosanta eile i bhfeidhm acu i gcoinne na Síne (50). Ina theannta sin, tá na leibhéil praghsanna san Aontas (EUR 734/tona an meánphraghas arna ghearradh ag tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) os cionn an mheánphraghais a ghearrann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ar an gcuid eile den domhan (EUR 714/tona ar leibhéal CAL). Ós rud é, mar a mhínítear in aithris (206) thíos, gur táirge tráchtearraí praghas-íogair é HRF, bheadh dreasacht láidir ag onnmhaireoirí na Síne a n-onnmhairí a dhíriú chuig an Aontas dá rachadh na bearta i léig.

(135)

Mhaígh an t-iarratasóir ina iarraidh nach mbeadh bearta coimirce cruach an Aontais, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, leordhóthanach astu féin chun margadh an Aontais a chosaint ar allmhairí i gcainníochtaí suntasacha ag praghsanna fóirdheonaithe. Toisc nach bhfuair an tSín aon chuóta tírshonrach maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, tá rochtain ag táirgeoirí ón tSín ar líon mór méideanna cuótaí iarmharacha faoina bhféadfaidís a gcuid onnmhairí a dhíriú chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta frithchúitithe in éag. Dá thoradh sin, dá ndéanfaí bearta frithchúitithe a aisghairm, is dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéideanna onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den chuóta iarmharach agus ar an gcaoi sin margadh an Aontais a phlúchadh sula mbeadh feidhm ag aon dleacht lasmuigh den chuóta faoin mbeart coimirce.

4.3.   Conclúid fhoriomlán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú

(136)

Chinn an Coimisiún, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, go bhfuil dóthain fianaise ann gur leanadh d’fhóirdheonú sa tionscal HRF sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus gur dócha go leanfar de amach anseo. Níor léiríodh le haon fhianaise go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad.

(137)

De dheasca fhóirdheonú an tionscail HR is féidir le táirgeoirí na Síne a gcumais táirgthe a choinneáil ar bun ar leibhéal atá i bhfad níos mó ná an t-éileamh intíre agus a d’fhéadfadh sé go gcumhdaítear tomhaltas iomlán an Aontais leis.

(138)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur dócha go mbeidh mar thoradh ar aisghairm na mbeart frithchúitimh go ndéanfar méideanna suntasacha d’allmhairí fóirdheonaithe an táirge faoi athbhreithniú a atreorú chuig margadh an Aontais. Tá cláir fóirdheontais éagsúla á dtairiscint fós ag Rialtas na Síne don tionscal HRF agus chinn an Coimisiún gur bhain an tionscal HRF tairbhe as roinnt díobh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(139)

Rinne 21 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán.

(140)

Suíonn go raibh táirgeadh iomlán an táirge de chuid an Aontais a bhí faoi athbhreithniú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe thart ar 70 milliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal an Aontais, amhail an iarraidh ar athbhreithniú éaga, freagraí ar an gceistneoir fíoraithe agus freagra ar an macraicheistneoir a chuir Eurofer isteach. Mar a léirítear in aithris (13), b’ionann táirgeoirí an Aontais a roghnaíodh sa sampla agus 29 % de tháirgeadh iomlán an Aontais den táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(141)

Meastar gur ábhar príomhúil é an táirge faoi athbhreithniú chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh, ag tosú le táirgí fuar-rollta. Ós rud é go bhfuil tionscal an Aontais comhtháite go hingearach den chuid is mó agus go dtáirgeann sé an táirge faoi athbhreithniú agus táirgí iartheachtacha araon, rinneadh anailís ar leithligh ar an margadh faoi chuing agus ar an saormhargadh, i gcás inarb iomchuí.

(142)

Is ábhartha é an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh a mhéid a bhaineann leis an anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí a dhírítear ar an margadh faoi chuing, d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí, agus socraítear praghsanna an aistrithe, más ann dóibh, laistigh de na grúpaí i gcomhréir le beartais praghais éagsúla. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeacht a dhírítear ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann, agus socraítear praghsanna de réir dhálaí an mhargaidh.

(143)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir leis an táirge comhchosúil agus chinn sé an raibh an táirgeacht dírithe ar ar an margadh faoi chuing nó ar an saormhargadh. Fuair an Coimisiún go raibh thart ar 60 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas dírithe ar an margadh faoi chuing le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(144)

Shuigh an Coimisiún an tomhaltas ar an saormhargadh san Aontas ar bhonn (a) na ndíolachán ar mhargadh an Aontais maidir le táirgeoir aitheanta san Aontas, mar a tuairiscíodh sa fhreagra ar an macraicheistneora ó Eurofer agus (b) allmhairí chuig an Aontas ó gach tríú tír a thuairiscíonn Eurostat. Suíodh tomhaltas margaidh faoi chuing an Aontais bunaithe ar úsáid faoi chuing agus ar dhíolacháin faoi chuing gach táirgeora aitheanta san Aontas, mar a tuairiscíodh sa fhreagra ar an macracheistneoir ó Eurofer.

(145)

Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (000 tona)

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Tomhaltas an tsaormhargaidh

34 533

32 411

27 899

34 869

Innéacs

100

94

81

101

Tomhaltas faoi chuing

45 289

42 011

36 989

40 424

Innéacs

100

93

82

89

Tomhaltas iomlán an Aontais

79 822

74 422

64 888

75 293

Innéacs

100

93

81

94

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(146)

Tháinig laghdú 7 % ar thomhaltas iomlán an Aontais in 2019 agus tháinig laghdú tobann 12 % eile air in 2020 mar gheall ar meath ar an éileamh de bharr phaindéim COVID-19. Mar sin féin, lean téarnamh maith an laghdú sin mar gheall ar an téarnamh ar an éileamh ar chruach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ach bhí sé fós 6 % faoi bhun leibhéal 2018.

(147)

Bhí treocht cosúil le treocht thomhaltas iomlán an Aontais i gceist leis an tomhaltas ar an saormhargadh. Tháinig laghdú tobann 19 % air suas go 2020 agus tháinig téarnamh láidir air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus shroich sé leibhéal 1 % níos airde ná leibhéal 2018.

(148)

Bhí treocht thomhaltas an mhargaidh faoi chuing beagnach mar an gcéanna le treocht thomhaltas iomlán an Aontais – tháinig laghdú tobann 18 % air go dtí 2020, agus théarnaigh sé ina dhiaidh sin ach níor shroich sé ach 89 % de leibhéal 2018.

(149)

Ar an iomlán, tháinig laghdú % ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

5.3.1.    Méid agus sciar margaidh de na hallmhairí ón tír lena mbaineann

(150)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh de na hallmhairí ar bhonn comparáide idir méideanna na n-allmhairí agus tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a léirítear i dTábla 2 thuas.

(151)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar na hallmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí (000 tona), sciar den mhargadh agus praghsanna (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

1,7

0,5

0,3

28,7

Sciar margaidh %

0,0

0,0

0,0

0,1

Praghsanna allmhairiúcháin na Síne

1 674

3 177

2 482

664

Innéacs

100

190

148

40

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(152)

I ndiaidh fhorchur na mbeart in 2017, thit allmhairí ón tSín go leibhéal neamhshuntasach, agus sciar diomaibhseach den mhargadh de 0,002 % in 2018. Ó 2018 go 2020, tháinig tuilleadh laghdaithe ar allmhairí. Le linn thréimhse imscrúdúcháin athbhreithnithe, tháinig ardú tobann ar na hallmhairí ón tSín i mí Aibreáin 2021, áfach, i gcomparáid leis na leibhéil ísle sna trí bliana roimhe sin. Mar sin féin, bhí an sciar den mhargadh fós an-íseal ag 0,1 %.

(153)

Bhí praghsanna allmhairiúcháin na Síne, mar a tuairiscíodh in Eurostat, thar a bheith ard le linn 2018, 2019 agus 2020, cé gur thit siad go tobann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is dócha go mbaineann na praghsanna allmhairiúcháin thar a bheith ard idir 2018 agus 2020 le gur onnmhairigh an tSín méid diomaibhseach chuig an Aontas, nach féidir a mheas a bheith iontaofa.

(154)

Mheas an Coimisiún nach léirítear le praghsanna allmhairiúcháin na Síne a tuairiscíodh in Eurostat le linn na tréimhse meánphraghsanna HRF mar gheall ar an méid an-íseal allmhairí ón tSín le linn na tréimhse sin agus nach bhféadfaí iad a úsáid chun conclúidí fiúntacha nó ábhartha a dhéanamh.

(155)

Is mar a leanas a forbraíodh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile:

Tábla 3

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an tSín

Méid (000 tona)

7 997

7 225

5 879

9 635

 

Innéacs

100

90

74

120

 

Sciar den mhargadh %

23

22

21

28

 

Meánphraghas (EUR/tonna)

532

482

428

765

 

Innéacs

100

90

80

144

Foinse: Eurostat

(156)

Tháinig laghdú 26 % ar allmhairí iomlána an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas an tír lena mbaineann ó 2018 go 2020 agus tháinig méadú tobann orthu in 2021 agus sciar 28 % den mhargadh á bhaint amach acu, arb é sin 20 % os cionn leibhéal 2018. Ar an iomlán, allmhairíonn an tAontas HRF ó níos mó ná 40 tír ar fud an domhain. Ba iad an Rúis, an India, an Tuirc, an Éigipt agus an Téaváin na cúig onnmhaireoir HRF is mó chuig an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arb é sin 18 % de shaormhargadh an Aontais agus 65 % d’allmhairí uile HRF. Ar bhonn indibhidiúil, ba í an Rúis an t-onnmhaireoir ba mhó le sciar 5,8 % den mhargadh agus bhí sciar den mhargadh idir 2 % agus 4 % ag na ceithre thír eile, faoi seach. Níl sciar den mhargadh os cionn 2 % ag aon tír eile. I measc na n-onnmhaireoirí is mó, tá allmhairí ón Rúis (51) agus ón Tuirc (52) clúdaithe faoi láthair le bearta frithdhumpála.

5.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.4.1.    Barúlacha ginearálta

(157)

I gcomhréir le hAirteagal 8(4) den bhun-Rialachán, mar chuid den scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais, rinneadh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(158)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí arna soláthar ag an iarratasóir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar na ceistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Rinneadh amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(159)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, agus téarnamh ó dhumpáil nó ó fhóirdheonú roimhe sin.

(160)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

(161)

Mar a mhínítear in aithrisí (143) - (144), chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh tháirgeadh iomlán an táirge atá i dtrácht, agus chinn sé an ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeacht dírithe. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar tháscairí díobhála a bhaineann leis an saormhargadh agus leis an margadh faoi chuing.

5.4.2.    Táscairí maicreacnamaíocha

5.4.2.1.   Táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainne

(162)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

An méid táirgeachta (000 tona)

75 626

70 920

61 096

69 531

Innéacs

100

94

81

92

Acmhainneacht táirgeachta (000 tona)

90 923

92 584

91 965

93 249

Innéacs

100

102

101

103

Úsáid acmhainneachta %

83

77

66

75

Innéacs

100

92

80

90

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(163)

I gcás mhéid táirgeachta thionscal an Aontais, lean sé treocht chomhchosúil a bhí ag tomhaltas iomlán an Aontais agus tháinig laghdú thart ar 8 % air san iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú suntasach air in 2020 agus téarnamh ina dhiaidh sin mar gheall ar na cúiseanna a míníodh in aithris (146).

(164)

Cé gur tháinig méadú beag 3 % ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean an úsáid acmhainneachta an treocht dhiúltach chéanna a bhí ag méid agus tomhaltas na táirgeachta agus tháinig laghdú 10 % ar an úsáid acmhainneachta idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.4.2.2.   Méid díolachán agus sciar den mhargadh

(165)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 5

Méid díolachán agus sciar den mhargadh sa saormhargadh (000 tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Díolacháin ar an saormhargadh

26 534

25 185

22 020

25 205

Innéacs

100

95

83

95

Sciar den mhargadh %

77

78

79

72

Innéacs

100

101

104

99

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(166)

Lean méid díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais treocht an tomhaltais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú air idir 2018 agus 2020 ar na cúiseanna a míníodh in aithris (146), agus tháinig sé chuige féin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ina dhiaidh sin. Fós féin, bhí an téarnamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe fós faoi bhun leibhéil 2018.

(167)

Le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, tháinig méadú beag ar sciar margaidh de thionscal an Aontais i dtéarmaí thomhaltas an Aontais ó 2018 go 2020, ó 77 go 79 % agus laghdú seacht bpointe céatadáin ag teacht air idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go 72 %. Mar a léirítear i dtábla 4, mínítear an meath sin toisc gur tháinig méadú 7 % ar sciar margaidh d’allmhairí ó thríú tíortha idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a mhíníonn caillteanas thionscal an Aontais sa sciar den saormhargadh.

Tábla 6

Méid faoi chuing mhargadh an Aontais agus sciar den mhargadh (000 tona)

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Méid faoi chuing ar mhargadh an Aontais

45 289

42 011

36 989

40 424

Innéacs

100

93

82

89

Táirgeacht iomlán Thionscal an Aontais

75 626

70 920

61 096

69 531

% den mhéid faoi chuing gcomparáid leis an táirgeacht iomlán

59,9

59,2

60,5

58,1

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(168)

Tháinig laghdú 18 % ar mhéid faoi chuing thionscal an Aontais (ina gcuimsítear úsáid faoi chuing agus dhíolacháin faoi chuing ar mhargadh an Aontais) ó 2018 go 2020 agus tháinig téarnamh 7 bpointe céatadáin air in 2021, rud a raibh sé de thoradh air gur tháinig laghdú foriomlán 11 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 45 mhilliún tona go 40 milliún tona ó thús go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, lean an saormhargadh agus an margadh faoi chuing an treocht chéanna. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon tionchar suntasach ag forbairt an mhargaidh faoi chuing ar fheidhmíocht thionscal an Aontais ar an saormhargadh.

(169)

Bhí sciar den margadh faoi chuing thionscal an Aontais (céatadán den táirgeadh iomlán curtha in iúl) fós réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, idir 58,1 % agus 60,5 %.

5.4.2.3.   Fás

(170)

I gcomhthéacs tomhaltas agus táirgeadh a laghdú, chaill tionscal an Aontais méid díolacháin agus sciar den mhargadh sa saormhargadh. Ar an iomlán, níor tháinig aon fhás ar thionscal an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú.

5.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(171)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

Fostaíocht agus Táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

An líon fostaithe

41 161

38 980

36 207

38 470

Innéacs

100

95

88

93

Táirgiúlacht (aonad/fostaí)

1 824

1 819

1 687

1 807

Innéacs

100

100

93

99

Foinse: Eurostat, an freagra ar an macraicheistneoir ó EUROFER

(172)

Idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean líon na bhfostaithe a bhí ag gabháil do tháirgeadh an táirge faoi athbhreithniú treocht mhéid tháirgeacht an Aontais agus tháinig laghdú tobann air idir 2018 agus 2020 agus tháinig méadú beag air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 7 % air thar an tréimhse faoi athbhreithniú.

(173)

Bhí táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an fhostaí, fós cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi athbhreithniú.

5.4.2.5.   Méid líon na bhfóirdheontas frithchúitimh agus téarnamh ó fhóirdheonú roimhe seo

(174)

Chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur lean na táirgeoirí d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a fháil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is suntasach é méid na bhfóirdheontas frithchúitimh don tSín, a shonraítear thuas sa mhír ar fhóirdheontais.

(175)

Leis na bearta frith-fhóirdheontais a forchuireadh i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh, bhí tionscal an Aontais ábalta teacht chuige féin ó fhóirdheonú a rinneadh roimhe seo, mar a léirítear sna sonraí do 2018. Deimhníodh é sin freisin i dtorthaí an Choimisiúin san imscrúdú frithdhumpála i gcoinne táirgí comhréidhe teorollta ón Tuirc (53).

5.4.3.    Táscairí micreacnamaíocha

5.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(176)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna na ndíolachán aonaid ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais chuig custaiméirí san Aontas:

Tábla 8

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh

549

509

450

734

Innéacs

100

93

82

134

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

518

557

534

669

Innéacs

100

108

103

129

Foinse: An freagra ar an gceisteoir a thug táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(177)

Tháinig laghdú 17 % ar mheánphraghsanna díola thionscal an Aontais idir 2018 agus 2020 agus tháinig méadú as cuimse 34 % orthu in 2021. Bhí tionchar ag an mórshuaitheadh a tháinig as paindéim COVID-19 agus as atosú an éilimh i ndiaidh na paindéime ar threocht na bpraghsanna díolacháin aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2021, ba iad an t-éileamh ard ar chruach, an ganntanas soláthair, agus an costas méadaithe ar an táirgeadh na tosca a raibh tionchar acu ar an ardú tobann suntasach ar an bpraghas díola aonaid.

(178)

Tháinig méadú 29 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse lena mbaineann. In 2019, áfach, tháinig méadú ar an gcostas táirgthe agus thit na praghsanna díola aonaid. Ba é na méideanna móra allmhairí dumpáilte ón Tuirc, rud a bhrú síos na praghsanna ba chúis le neamhábaltacht thionscal an Aontais an costas méadaithe táirgthe a léiriú ina bpraghas díola. In 2020, thit an costas táirgthe agus na bpraghsanna díola araon, ach níor tháin a laghdú beag an costas táirgthe. Tharla sé sin mar gheall ar an titim sa mhargadh le linn phaindéim COVID-19, laghdú suntasach ar phraghsanna ach ní dheachthas i gcion a oiread ar an gcostas táirgthe. Tháinig borradh faoi chostas aonaid an táirgthe in 2021 mar gheall ar mhéadú mór ar praghsanna fuinnimh agus tráchtearraí. Mar sin féin, mar gheall ar an téarnamh i ndiaidh COVID, tháinig ardú ar an éileamh chomh maith agus dá bhrí sin, tháinig méadú suntasach ar phraghsanna freisin (níos mó ná 50 % idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe), fiú níos mó ná an méadú ar chostais táirgthe sa tréimhse chéanna.

5.4.3.2.   Costais saothair

(179)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR/FTE)

64 164

69 352

69 748

78 444

Innéacs

100

108

109

122

Foinse: An freagra ar an gceisteoir a thug táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(180)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 22 % ar na meánchostais saothair. Cé gur tháinig laghdú ar líon na bhfostaithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le 2018, tháinig méadú ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí.

5.4.3.3.   Fardail

(181)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonnaí)

631 608

533 200

390 880

522 405

Innéacs

100

84

62

83

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht %

5,0

4,5

3,8

4,6

Innéacs

100

90

76

92

Foinse: An freagra ar an gceisteoir a thug táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(182)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí laghdú leanúnach ag teacht ar stoc tionscail HRF an Aontais, agus laghdaigh sé go mór in 2020, rud a bhí de thoradh ar éifeachtaí phaindéim Covid-19, agus téarnamh in 2021. Tá creatchonarthaí (míosúla, ráithiúla, bliantúla) idir táirgeoirí agus custaiméirí a shocraíonn na cainníochtaí agus na praghsanna ina saintréithe ag tionscal HRF san Aontas. Cuirtear na creatchonarthaí i bhfeidhm trí orduithe ceannaigh de réir riachtanais na gcustaiméirí. Mar thoradh air sin, is féidir le tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a fhardail a phleanáil. Dá réir sin, agus mar a suíodh san imscrúdú bunaidh freisin, áfach, ní mheastar stoic mar tháscaire díobhála tábhachtach le haghaidh an tionscail seo cionn is go dtáirgeann an tAontas an chuid is mó de chineálacha an táirge chomhchosúil sin bunaithe ar orduithe sonracha na n-úsáideoirí.

5.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú

(183)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán i saormhargadh an Aontais (% den láimhdeachas díolacháin)

8,4

-7,2

-18,0

14,1

Innéacs

100

-86

- 214

168

An sreabhadh airgid (EUR)

496 319 788

-6 211 922

- 130 468 840

645 183 908

Innéacs

100

-1,3

-26

130

Infheistíochtaí (EUR)

216 927 207

433 154 031

181 406 902

394 535 083

Innéacs

100

200

84

182

An toradh ar infheistíochtaí %

9,1

-6,0

-13,3

17,4

Innéacs

100

-66

- 146

191

Foinse: An freagra ar an gceisteoir a thug táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(184)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil ar an saormhargadh san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(185)

Bhí brabúsacht síos agus suas le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé gur tháinig méadú 5.7 pointe céatadáin ar an mbrabúsacht fhoriomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ndiaidh fhorchur na mbeart in 2017, tháinig an tionscal chuige féin agus thaifead sé brabús in 2018. Tabhaíodh caillteanais, áfach, in 2019 agus shroich brabúsacht a leibhéal is ísle, is é sin -18 %, in 2020 ag croílár na paindéime, agus in 2021 tháinig an brabús chuig féin go mór go dtí 14,1 %. Ag an am céanna, i ndiaidh fhorchur na mbeart in aghaidh na Síne in 2017, tháinig méadú tapa ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle ón Tuirc, rud a mhíníonn an laghdú ar an mbrabúsacht in 2019. D’éirigh an laghdú sin ar an mbrabúsacht níos measa ansin mar gheall ar an suaitheadh a bhí mar thoradh ar an bpaindéim dhomhanda in 2020, amhail suaitheadh an tslabhra soláthair agus an laghdú ar thomhaltas cruach. Bhí na brabúis thar a bheith ard in 2021, mar gheall ar mhéadú tobann ar an éileamh cruach, mar aon le praghsanna méadaithe díola, agus mar sin bhí an bhliain sin ina bliain eisceachtúil do thionscal an Aontais.

(186)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt ar an treocht maidir leis an nglansreabhadh airgid ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú suntasach in 2019-2020, agus téarnamh láidir ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(187)

Idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú 82 % ar infheistíochtaí. Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean na sreafaí infheistíochta dáileadh démhódúil: tháinig méadú suntasach ar infheistíocht in 2019, agus tháinig laghdú air ina dhiaidh sin in 2020 agus an buaic eile in 2021. Go ginearálta, bhí na hinfheistíochtaí dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar ghlasú na táirgeachta.

(188)

Is é an toradh ar infheistíochtaí (TAI) an brabús ina chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig feabhas suntasach ar an toradh ar infheistíocht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. Go deimhin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 8,3 pointe céatadáin ar TAI. Forbraíodh é ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú suntasach in 2019 agus 2020, agus téarnamh láidir ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(189)

Ní dhearnadh difear do chumas táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais caipiteal a thiomsú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus mar gheall air sin téarnaíodh go tapa ón bpaindéim.

5.5.   An chonclúid maidir le díobháil

(190)

Tar éis bearta frithchúitimh a fhorchur i gcoinne allmhairí HRF ón tSín in 2017, tháinig laghdú ar allmhairí HRF ón tSín agus bhí siad fós faoi bhun an leibhéil de minimis le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag cur ar a chumas do thionscal an Aontais tosú ag téarnamh ó éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín agus, mar a dearbhaíodh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí HRF de thionscnamh na Tuirce (54), bhí siad tagtha chucu féin faoi dheireadh 2018. Tháinig deireadh tobann le téarnamh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, áfach, agus aisiompaíodh é in 2019, nuair ab éigean do thionscal an Aontais dul in iomaíocht le méideanna suntasacha allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón Tuirc, rud a chuir iallach air a phraghsanna a shocrú faoi bhun costas lena sciar den mhargadh a choinneáil agus mar sin rinneadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais (55). I mí Iúil 2021, d’fhorchuir an Coimisiún bearta cinntitheacha in aghaidh na Tuirce agus a bhuí le tosca éagsúla a bhí i bhfeidhm, mar a mhínítear in aithris (185), tháinig feabhas ar staid thionscal an Aontais agus théarnaigh sé faoi dheireadh 2021 go staid eacnamaíoch a bhí cosúil leis an staid inn 2018. Dá réir sin, níor measadh go raibh tionscal an Aontais díobháilte a thuilleadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(191)

Go háirithe, lean beagnach gach táscaire díobhála, go háirithe táirgeadh, úsáid acmhainne, méideanna díolachán agus praghsanna díola, fostaíocht agus táirgiúlacht, brabús, sreabhadh airgid agus TAI treocht chomhchosúil le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba é príomhthréith na treochta sin laghdú in 2019, laghdú níos tobainne in 2020 agus téarnamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go leibhéil a bhí cosúil leis na leibhéil a breithníodh ag tús na tréimhse in 2018. Baineann an chúis taobh thiar den treocht neamhrialta sin den chuid is mó le comhtharlú insreabhadh suntasach na n-allmhairí dumpáilte HRF ar phraghas íseal ón Tuirc agus na ndinimicí uathúla a cruthaíodh le paindéim COVID-19. Mar gheall ar an dianghlasáil agus an gcur isteach ar ghníomhaíocht thionsclaíoch, bhí na leibhéil tomhaltais thar a bheith íseal agus bhí an t-éileamh ar chruach íseal in 2020, agus tháinig méadú ar an éileamh ar chruach agus ar phraghsanna cruach in 2021 le linn an téarnaimh i ndiaidh COVID, i measc nithe eile, agus bhí brabúis thar a bheith ar ann don tionscal cruach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(192)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(193)

Mar sin féin, ní féidir na táscairí a anailísiú gan na dálaí margaidh cruach a bhí thar a bheith fabhrach do 2021 a chur san áireamh. In 2020, áfach, tháinig géarchor chun donais ar fheidhmíocht an tionscail cruach, agus ar an ngeilleagar domhanda i gcoitinne mar gheall ar an moilliú ar ghníomhaíocht thionsclaíoch de bharr na paindéime, agus an laghdú dá bharr sin ar an éileamh ar chruach. In 2021, agus é spreagtha ag téarnamh ar an éileamh, tháinig an tomhaltas cruach chuige féin go láidir, agus tháinig na praghsanna cruach chucu féin freisin.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS

(194)

Mar a mhínítear in aithris (192), ba é conclúid an Choimisiúin nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an taobh eile, mar a mhínítear in aithris (138), chinn an Coimisiún gur dócha go mbeidh mar thoradh ar aisghairm na mbeart frithchúitimh go ndéanfar méideanna suntasacha d’allmhairí fóirdheonaithe an táirge faoi athbhreithniú a atreorú chuig margadh an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán, ar dhócha go dtarlóidh an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(195)

I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna allmhairiúcháin dóchúla na Síne agus an tionchar dóchúil ar thionscal an Aontais.

6.1.   Cumas táirgthe agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(196)

Mar a thuairiscítear in aithris (131), tá acmhainneacht bhreise shuntasach ag na táirgeoirí sa tSín. Go deimhin, comhfhreagraíonn acmhainn bhreise mheasta na Síne do 89 % de mhéid thomhaltas an Aontais sa saormhargadh. D’fhéadfaí acmhainn bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (132), tá, agus beidh, an t-éileamh ar cruach sa tSín atá ag laghdú ina phríomhspreagadh don mhéadú ar onnmhairí. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht agus éileamh sa tSín is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí na Síne dul i mbun onnmhairiú.

(197)

Ina theannta sin, tá ceann de na príomh-mhargaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá, á chosaint le bearta frithdhumpála ar an táirge faoi athbhreithniú, lena laghdaítear rochtain na dtáirgeoirí ón tSín.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(198)

Mar a thuairiscítear in aithris (134), tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan de tháirgí áirithe de chruach chomhréidh theorollta. Thairis sin, ní féidir le margadh na Síne an acmhainn bhreise chruach a ionsú agus tá mór-mhargaí tríú tíortha dúnta d’onnmhairí na Síne toisc go bhfuil bearta frithdhumpála, cosanta nó bearta cosanta eile i bhfeidhm acu i gcoinne na Síne. Chomh maith leis sin, tá leibhéil na bpraghsanna san Aontas níos airde ná an meánphraghas a ghearrann onnmhaireoirí na Síne ar an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, is sprioc tharraingteach é margadh an Aontais maidir leis an acmhainn breise atá sa tSín cheana, dá ndéanfaí bearta frith-fhóirdheontais a aisghairm.

(199)

I ndiaidh an nochta, chuir CISA i gcoinne na gconclúidí maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais, ag áitiú go mbraitheann tionscal cruach na Síne ar a mhargadh intíre, agus go bhfuil tomhaltas intíre na Síne deich n-oiread níos mó ná deighleog saormhargaidh an Aontais. Chuir sé i dtábhacht freisin, amhail ón 1 Lúnasa 2021, nach bhfuil táirgí cruach áirithe, lena n-áirítear cruach chomhréidh theorollta, incháilithe a thuilleadh le haghaidh lacáistí onnmhairiúcháin CBL, agus ar mar sin go bhfuil éifeacht dhíspreagthach acu ar onnmhairí agus go n-ateoraítear táirgeadh cruach na Síne chuig tionscal intíre na Síne leo.

(200)

D’aithin an Coimisiún gur mó i bhfad an tomhaltas intíre de chuid Acmhainní Daonna na Síne ná saormhargadh an Aontais ach, mar a mhínítear in aithris (196), tá acmhainneacht shuntasach bhreise ag na táirgeoirí sa tSín nach féidir leo a úsáid ina margadh intíre. Dá bhrí sin, níl aon rud ann a chuireann cosc ar tháirgeoirí na Síne an acmhainneacht bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (132), tá, agus beidh, an t-éileamh ar cruach sa tSín atá ag laghdú ina phríomhspreagadh don mhéadú ar onnmhairí. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht agus éileamh sa tSín is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí na Síne dul i mbun onnmhairiú. Maidir leis an athrú líomhnaithe ar an gcóras CBL, thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair CISA aon fhianaise a thacaíonn leis an argóint go mbeadh nó go mbeidh aon athruithe suntasacha ar iompar onnmhairiúcháin tháirgeoirí na Síne mar thoradh ar an athrú ar lacáistí CBL. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin mar go raibh sé gan bhunús.

6.3.   Praghsanna allmhairiúcháin dóchúla na Síne agus an tionchar dóchúil ar thionscal an Aontais

(201)

Agus an líon íseal allmhairí ón tSín ó 2018 go dtí 2021 á chur san áireamh, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí brath ar na praghsanna allmhairiúcháin a thuairiscítear in Eurostat chun praghsanna dóchúla na n-allmhairí HRF ón tSín a shuí in éagmais bearta frithdhumpála. Ina ionad sin, mheas an Coimisiún praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig gach tríú tír seachas an tAontas (‘an chuid eile den domhan’ nó ‘ROW’) mar athróg ionadaíoch.

(202)

Dheimhnigh an Coimisiún gurb é660 EUR/tona ar an meán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe na praghsanna onnmhairiúcháin Síneacha (FOB) chuig an gcuid eile den domhan. Bunaithe ar an bpraghas sin agus chun an praghas ar dócha a sroichfeadh onnmhairí na Síne ag teorainn an Aontais a chinneadh, chuir an Coimisiún costas breise as árachas agus lasta leis. Mar gheall nár chomhoibrigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, chuaigh an Coimisiún i muinín na gcostas a úsáideadh san imscrúdú bunaidh, i.e. 52 EUR/tona, nó 7.9 % den phraghas/tona, mar na fíorais is fearr a bhí ar fáil. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh an praghas dóchúil CAL d’onnmhairí HRF na Síne chuig an Aontas níos mó ná 712 EUR/tona.

(203)

Ós rud é gur úsáideadh sonraí staidrimh, in éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní fhéadfaí ach meánphraghas in aghaidh an tona a shuí i gcás go leor cineálacha táirgí. Dá bhrí sin, de cheal faisnéise ar leibhéal an chineáil táirge, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún ríomh beacht an tsladghearrtha a dhéanamh ach b’éigean dó é féin a theorannú do chomparáid praghsanna idir meánphraghsanna in aghaidh an tona.

(204)

Socraíodh praghas onnmhairiúcháin na Síne dá bhrí sin i gcomparáid leis na meánphraghsanna ualaithe díola le linn an imscrúdaithe athbhreithnithe ar tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a ghearrtar ar chustaiméirí ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha.

(205)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar an leibhéal céanna trádála agus, de réir analaí le modheolaíocht chun sladghearradh beacht a ríomh, léiríodh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríodh leis sin go ndéanfaí meánphraghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh thart ar 8 % ar an meán mar gheall ar onnmhairí na Síne.

(206)

Táirge tráchtearraí atá an-íogair ó thaobh praghais is ea HRF agus mar a breathnaíodh san imscrúdú bunaidh maidir le hallmhairí HRF ón tSín agus freisin san imscrúdú maidir leis an táirge comhchosúil ón Tuirc, d’fhéadfadh tionchar suntasach láithreach a bheith ag leibhéil sách réasúnta de shladghearradh praghsanna mar aon le méideanna móra ar fheidhmíocht thionscal an Aontais (56). Sa dá imscrúdú sin, mar gheall ar corrlaigh sladghearrtha faoi bhun 5 % cuireadh iallach ar thionscal an Aontais praghsanna díola a ísliú (nó sciar den mhargadh a chailleadh) a mhéid gur thabhaigh sé díobháil ábhartha sa ghearrthéarma.

(207)

Ós rud é go raibh tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tagtha chuige féin ó thréimhse shuaite agus tréimhse a bhí deacair ón taobh eacnamaíocht de, lena n-áirítear paindéim Covid-19, agus caillteanais carntha aige, tá sé fós i staid leochaileach. Ina theannta sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil cláir fóirdheontais éagsúla á dtairiscint fós ag Rialtas na Síne don tionscal HRF agus chinn an Coimisiún gur bhain an tionscal HRF tairbhe as roinnt díobh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is mór an seans, dá bhrí sin, le hatarlú allmhairí fóirdheonaithe ar phraghas íseal ón tSín i méideanna suntasacha lena sladghearrfaí praghsanna an Aontais, go mbeadh drochthionchar suntasach ar fheidhmíocht thionscal an Aontais, go háirithe maidir le táirgeadh, méideanna díolachán agus praghsanna díola, brabúsacht agus riachtanais infheistíochta, rud a mbeadh atarlú díobhála ábhartha mar thoradh air.

(208)

I ndiaidh an nochta, rinne CISA agóid i gcoinne roghnú na tréimhse a breithníodh don anailís díobhála. D’áitigh sé, mar gheall ar allmhairí dumpáilte HRF ag méideanna méadaithe ón Tuirc in 2019, an moilliú eacnamaíoch a spreag COVID, agus an borradh téarnaimh i ndiaidh na paindéime gur saobhadh an fhianaise a bhí ina bhunús faoin anailís dumpála agus díobhála. Mhaígh sé gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar thréimhse eile agus mhol sé tréimhse shínte a scrúdú, lena gcumhdaítear bliain amháin nó dhá bhliain roimh an tréimhse a breithníodh (2016-2018) i ndiaidh RIP (2022).

(209)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Mheabhraigh sí gur aithníodh agus gur breithníodh go cúramach in anailís díobhála an Choimisiúin na heilimintí éagsúla atá liostaithe ag CISA mar eilimintí ar ar a mbonn sin a d’fhéadfaí an fhianaise a shaobhadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún faoi deara freisin, fiú dá mbreithneofaí tréimhse shínte roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a mhol CISA, go mbeadh na heilimintí céanna fós ann. Maidir le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mheabhraigh an Coimisiún, bunaithe ar Airteagal 6(1) den bhun - Rialachán,‘roghnófar tréimhse imscrúdaithe, ar tréimhse í i gcás dumpála, nach mbeidh níos giorra, de ghnáth, ná 6 mhí go díreach roimh thionscnamh an imeachta. De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe’. Is cásdlí bunaithe é nach féidir a cheangal ar an gCoimisiún tosca a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe a ionchorprú ina ríomhanna, mura rud é go nochtar forbairtí nua leis na tosca sin lena ndéantar an dleacht frithdhumpála a bhí á moladh míchuí go follasach (57). Ba cheart feidhm a bheith ag an réasúnaíocht chéanna, de réir analaí, maidir le himscrúduithe athbhreithnithe arna dtionscnamh faoi Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Níor chuir CISA aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh a thaispeáint go raibh na forbairtí a rinneadh i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ina gcúis le hath-fhorchur na dleachta a bhí míchuí go follasach.

6.4.   Conclúid

(210)

Ar bhonn a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí fóirdheonaithe ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

7.   LEAS AN AONTAIS

(211)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist cé acu a bheadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(212)

Tá tionscal an Aontais lonnaithe in 15 Bhallstát (an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn). Fostaíonn sé breis agus 38 000 fostaí i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.

(213)

In éagmais beart, ní chosnófar tionscal an Aontais a thuilleadh ar an méadú dóchúil ar allmhairí fóirdheonaithe ón tSín, rud a bheidh ina chúis le díobháil ábhartha. Beidh éifeacht na mbeart frith-fhóirdheontais dearfach do tháirgeoirí an Aontais, mar go gcuideoidh bearta le tionscal an Aontais leanúint lena théarnamh ó allmhairí fóirdheonaithe agus ó éifeachtaí ó phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, is léir go rachadh sé chun tairbhe thionscal an Aontais na bearta a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara

(214)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí aitheanta agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar chun tosaigh chun comhoibriú san imscrúdú seo trí fhreagra ar cheistneoir a chur isteach. Mar gheall nár chomhoibrigh na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, ní mheastar go bhfuil sé in aghaidh leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí má leantar leis na bearta.

(215)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún anailís i dtaobh an mbeadh tionchar diúltach ag bearta i gcoinne na Síne ar shlándáil an tsoláthair, toisc go bhfuil bearta i bhfeidhm freisin maidir le HRF in aghaidh na Tuirce, na Brasaíle, na hIaráine agus na Rúise. Ba é 75 % leibhéal úsáide acmhainne thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus bhí an acmhainneacht táirgeachta iomlán thar thomhaltas iomlán an Aontais faoi 18 milliún tona, de réir shonraí mhacraicheistneoir Eurofer. Ina theannta sin, in ainneoin na mbearta in aghaidh cuid de na mór-onnmhaireoirí HRF, d’onnmhairigh beagnach 40 tír an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a léiríonn nach rachadh forchur na mbeart i gcion ar éagsúlú an tsoláthair. Ar na cúiseanna sin agus de cheal chomhoibriú na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí, chinn an Coimisiún nach raibh aon rioscaí féideartha ann ar leibhéal an tsoláthair d’úsáideoirí iartheachtacha.

(216)

I ndiaidh an nochta, thagair CISA do choimirce an Aontais maidir le hallmhairí inter alia, HRF ón tSín, lena gcuirtear teorainn shuntasach leis an deis do tháirgeoirí na Síne HRF a onnmhairiú chuig margadh an Aontais agus lena gcuirtear srian leis na sreafaí saorthrádála chun aimhleasa táirgeoirí iartheachtacha agus úsáideoirí deiridh.

(217)

Mheabhraigh an Coimisiún nach féidir an chosaint lena mbaineann a mheas mar chosaint bhuan, agus nach bhfuil aon tionchar ag an mbeart (58)atá i bhfeidhm faoi láthair ar an measúnú ar an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú ar allmhairí in éagmais dleachtanna frithchúitimh. I bhfianaise chineál sealadach na cosanta cruach, shuigh an Coimisiún dá bhrí sin nach bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chonclúidí san imscrúdú seo. Maidir le slándáil an tsoláthair, mar a luaitear in aithris (215), sháraigh acmhainneacht táirgeachta iomlán thionscal an Aontais tomhaltas iomlán an Aontais, agus d’onnmhairigh roinnt tríú tíortha eile HRF chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thairis sin, déantar athbhreithniú agus coigeartú rialta ar an mbeart coimirce más gá chun soláthar leordhóthanach cruach a áirithiú i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheadh bearta coimirce ina riosca do shlándáil an tsoláthair d’úsáideoirí iartheachtacha.

(218)

Ina theannta sin, mhaígh CISA freisin go gcuirfí meath ar an rochtain ar mhargadh an Aontais i bhfianaise na n-oibleagáidí troma tuairiscithe agus na bhformhuirear a bhaineann le CBAM le tabhairt isteach an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM).

(219)

Mheabhraigh an Coimisiún nach dtiocfaidh CBAM i bhfeidhm go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus nach mbeidh ar allmhaireoirí, le linn idirthréimhse, go dtí 2026, ach astaíochtaí atá leabaithe ina n-earraí a thuairisciú gan aon mhuirear airgeadais a thabhú. Is é an chúis a luaitear leis an tréimhse thrasnáisiúnta sin am a thabhairt do pháirtithe coigeartú a dhéanamh sula gcuirfear an córas deiridh i bhfeidhm agus an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go bhfuil sé róluath aon mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag CBAM ar shreafaí trádála HRF amach anseo agus dhiúltaigh sé don mhaíomh

7.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(220)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis láidir ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais leanúint leis na bearta atá ann cheana maidir le hallmhairiú táirgí comhréidh teorollta áirithe de chruach iarainn, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne.

8.   MAÍOMH GO gCUIRFÍ NA BEARTA AR FIONRAÍ

(221)

I ndiaidh an nochta, mhaígh CISA gur cheart na bearta reatha fóirdheontais a chur ar fionraí i gcomhréir le hairteagal 24(4) den bhun-Rialachán agus d’áitigh sé go bhfuil an dá choinníoll a leagtar amach san Airteagal 24(4) thuasluaite den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh. Mhaígh sé go bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach dócha go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís de dheasca na fionraí. I bhfianaise an mhéid sin, thagair CISA don laghdú a rabhthas ag súil leis ar mhéid na n-allmhairí ón Rúis agus ón Úcráin, do na ganntanais soláthair i ndiaidh na dteagmhas ag saoráidí HRF san Aontas Eorpach, agus do mhéaduithe ar phraghais an táirge lena mbaineann.

(222)

Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CISA, toisc go raibh sé cineálach agus nach raibh bunús leis. Ar an láimh eile, suitear san imscrúdú athbhreithnithe gur dócha go dtarlódh díobháil arís in éagmais beart agus, mutatis mutandis, i gcás fionraí.

9.   BEARTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS

(223)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu i dtaobh an leanfar den fhóirdheonú, an dtarlóidh an díobháil arís agus leas an Aontais, na bearta frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairiú táirgí comhréidhe teorollta áirithe de chruach iarainn, de cruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh na Síne, ba cheart iad a choinneáil ar bun.

(224)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na hard-difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun a áirithiú go gcuirfear na dleachtanna aonair frithchúitimh i bhfeidhm. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithchúitimh aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(225)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithchúitimh a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(226)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 23(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(227)

Maidir leis na rátaí dleachta frithchúitimh le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart dóibh a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart go mbeadh siad faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair.

(228)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithchúitimh aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (59). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(229)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Deonaíodh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis dóibh an nochtadh sin a dhéanamh.

(230)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(231)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091 agus 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99 agus ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an athbhreithniú seo:

(i)

táirgí cruach dosmálta agus cruach leictreach sileacain dírithe ar ghráinní,

(ii)

táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais,

(iii)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ná mó ná 10 mm a dtiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, agus

(iv)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, atá 4,75 mm nó níos móach nach mó ná 10 mm ar tiús agus atá 2 050 mm nó níos mó ar leithead.

2.   Is é seo a leanas na rátaí maidir leis an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Bengang Steel Plates Co., Ltd.

28,1  %

C157

 

Handan Iron & Steel Group Han-Bao Co., Ltd.

7,8  %

C158

 

Hesteel Co., Ltd. Tangshan Branch (61)

7,8  %

C159

 

Hesteel Co., Ltd. Chengde Branch (62)

7,8  %

C160

 

Zhangjiagang Hongchang Plate Co., Ltd.

4,6  %

C161

 

Zhangjiagang GTA Plate Co., Ltd.

4,6  %

C162

 

Shougang Jingtang United Iron and Steel Co. Ltd.

31,5  %

C164

 

Beijing Shougang Co. Ltd., Qian’an Iron & Steel branch

31,5  %

C208

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

17,1  %

Féach an Iarscríbhinn

 

Gach cuideachta eile

35,9  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   I gcás ina ndéanfar na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchuirtear le hAirteagal 1(2) a mhodhnú nó a bhaint, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 den chion céanna atá teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a aimseofar nó don chorrlach díobhála a aimseofar mar is iomchuí de réir cuideachta agus ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcásanna inar baineadh an dleacht frithchúitimh ón dleacht frithdhumpála i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, cuirfear tús freisin le hiarrataí aisíocaíochta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 chun measúnú a dhéanamh ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn na tréimhse imscrúdaithe aisíocaíochta. Ní bheidh an méid a aisíocfar leis an iarratasóir ar aisíocaíocht níos mó ná an difríocht idir an dleacht a bailíodh agus an dleacht frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile a suíodh san imscrúdú aisíocaíochta.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidh ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68).

(4)  IO C 372, 16.9.2021, Lch. 10.

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO C 223, 8.6.2022, lch. 37).

(6)  Úsáidtear an téarma ‘Rialtas na Síne’ sa Rialachán seo sa chiall is leithne, lena n-áirítear an Chomhairle Stáit, chomh maith leis na hAireachtaí, na Ranna, na Gníomhaireachtaí agus na hÚdaráis ar fad ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil.

(7)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO C 150, 5.4.2022, lch. 3).

(8)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, rubair, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus a bhfuil innéacs ualaigh atá níos mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 283, 12.11.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 16, 18.1.2019, lch. 5).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (IO L 12, 19.1.2022, lch. 34)

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2021/2170 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 458, 22.12.2021, lch. 344).

(15)  atá ar fáil ag: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf.

(16)  Féach LXIV, Roinn 2 den 14ú Plean Cúig Bliana.

(17)  Caibidil III, Airteagal 12 de Chinneadh Uimh. 40.

(18)  Féach aithris (182 den Rialachán sealadach.

(19)  Féach aithrisí (83) go (244) den Rialachán sealadach.

(20)  Féach aithrisí 70-82 agus iarscríbhinní S-1, S-2 agus S-3 den iarraidh.

(21)  Féach caibidil 6.3 den Tuarascáil.

(22)  Féach aithrisí (167) go (236) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 283, 12.11.2018, lch. 1).

(23)  Féach aithrisí (175) go (237) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairiú rothar leictreach de thionscnamh Dhaon - Phoblacht na Síne (IO L 16, 18.1.2019, lch. 5).

(24)  Féach aithrisí (101) go (118) de RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).

(25)  Féach aithrisí (222) go (285) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1).

(26)  Féach aithrisí (146) go (223) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2021/2170 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 458, 22.12.2021, lch. 344).

(27)  Féach aithrisí (215),(281) go (311) den bhunrialachán.

(28)  Féach aithrisí 209- 215.

(29)  Féach caibidil 9 den Tuarascáil.

(30)  Féach aithrisí (474) go (493).

(31)  Féach aithrisí (503) go (512).

(32)  Féach aithrisí (533) go (557) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (IO L 12, 19.1.2022, lch. 34).

(33)  Aithrisí (312) go (344) den bhun-Rialachán.

(34)  Féach aithrisí 198 go 204 agus Iarscríbhinn S-4.

(35)  Féach aithrisí (463) go (488).

(36)  Féach aithrisí (474) go (505).

(37)  Féach aithrisí (345) go (364).

(38)  Féach aithrisí (549) go (552).

(39)  Féach aithrisí (189) go (202).

(40)  Féach aithrisí (516) go (531).

(41)  Féach aithrisí (365) go (393) den Rialachán sealadach.

(42)  Féach aithrisí 183-197 agus Iarscríbhinn S-4 den iarraidh.

(43)  Féach aithrisí 141- 156.

(44)  Féach aithrisí 447- 451.

(45)  Féach aithrisí (90) go (182).

(46)  Féach aithrisí 119-134 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39), Roinn 3.5.2.

(47)  Worldsteel, 26.01.2021, in ThinkDesk China Research & Consulting, ‘China’s State - Business Nexus Revisited – Government Interventions and Market Distortions in the Chinese Steel Industry’ [Athamharc ar an Nasc idir Stát agus Gnó na Síne – Idirghabhálacha Rialtais agus Saobhadh Margaidh i dTionscal Cruach na Síne], 17 Deireadh Fómhair 2021, lch. 92.

(48)  ECFE, ‘Latest developments in steelmaking capacity’ [Na forbairtí is déanaí in acmhainneacht déanta cruach in 2021], Feabhra 2021, Lch. 11.

(49)  ThinkDesk China Research & Consulting, ‘China’s State - Business Nexus Revisited – Government Interventions and Market Distortions in the Chinese Steel Industry’ [Athamharc ar an Nasc idir Stát agus Gnó na Síne – Idirghabhálacha Rialtais agus Saobhadh Margaidh i dTionscal Cruach na Síne], 17 Deireadh Fómhair 2021.

(50)  Tá bearta frithdhumpála sna tíortha seo a leanas faoi láthair: Ceanada, SAM, an Tuirc, Meicsiceo agus an Ríocht Aontaithe. Tá bearta cosanta ag GCC (tíortha na Murascaille) agus tá bearta Alt 232 ag Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin.

(51)  IO L 258, 5.10.2017, lch. 24.

(52)  IO L 238, 6.07.2021, lch. 32.

(53)  Aithris 139, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad (IO L 3, 7.1.2021, lch. 4).

(54)  Aithris 210, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 238, 6.7.2021, lch. 32).

(55)  Ibid.

(56)  Aithris 98, IO L 3, 7.1.2021, lch. 4.

(57)  Breithiúnas an 17 Nollaig 2008 in T-462/04, HEG and Graphite India v an Chomhairle, ECLI:AE:T:2008:586, mír 67.

(58)  Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún beart coimirce maidir le táirgí áirithe cruach ar feadh tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún, cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(59)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(60)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(61)  ‘Hebei Iron & Steel Co., Ltd. Tangshan Branch’ roimhe seo.

(62)  ‘Hebei Iron & Steel Co., Ltd. Chengde Branch’ roimhe seo.


IARSCRÍBHINN

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Angang Steel Company Limited

C150

PRC

Maanshan Iron & Steel Co., Ltd

C165

PRC

Rizhao Steel Wire Co., Ltd.

C166

PRC

Rizhao Baohua New Material Co., Ltd.

C167

PRC

Wuhan Iron & Steel Co., Ltd.

C156