|
8.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/45 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1122 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Meitheamh 2023
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bunrialachán), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/649 (2) gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 0 % agus 31.3 % (3). Socraíodh na rátaí dleachta bunaithe ar an gcorrlach díobhála i gcomhréir le riail na dleachta is lú, dá bhforáiltear in Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(2) |
Tar éis d’fhógra a bheith foilsithe maidir le dul in éag a bheith ag teacht, fuair (4)an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den mbun-Rialachán. |
|
(3) |
An 4 Eanáir 2022 chuir Eurofer, Comhlachas Eorpach na Cruach, (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh ar athbhreithniú (‘an iarraidh’) isteach thar ceann thionscal táirgí comhréidhe teorollta áirithe an Aontais, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil arís agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís do thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag. |
|
(4) |
Mhaígh Comhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (‘CISA’) gur fheidhmigh Eurofer rúndacht iomarcach san iarraidh ar athbhreithniú, sa mhéid nach raibh páirtithe leasmhara ábalta trácht fhiúntach a thabhairt air agus gur cheart, dá bhrí sin, diúltú don iarraidh. De réir CISA, cuireadh cosc orthu aon tuiscint réasúnta a fháil ar an gcás le linn na tréimhse imscrúdaithe mar gheall ar an úsáid a baineadh d’aon ghnó as rúndacht iomarcach. Maidir le teimpléad costais tháirgeoirí an Aontais, go háirithe, d’áitigh CISA go gcuimsítear i gComhaontú Frithdhumpála EDT (‘ADA’), go háirithe Airteagal 6.5.1 de, chomh maith leis an mbun-Rialachán, go háirithe Airteagal 19 de, foclaíocht chomhchosúil maidir leis an oibleagáid ar pháirtithe leasmhara faisnéis neamhrúnda a nochtadh. |
|
(5) |
Déantar foráil le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán maidir le faisnéis rúnda a chosaint i gcúinsí ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis. Tagann an fhaisnéis a cuireadh ar fáil sna hiarscríbhinní teoranta a ghabhann leis an iarraidh faoi na catagóirí sin. Go háirithe, maidir le cóimheasa sonracha tomhaltais tháirgeoirí an Aontais de na tosca táirgeachta gá chun an táirge atá faoi athbhreithniú a tháirgeadh dá bhforáiltear san iarraidh ar athbhreithniú éaga, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil faisnéis rúnda gnó sna sonraí sin agus bhfuil sí faoi réir achoimre. D’úsáid an t-iarratasóir cóimheasa tomhaltais na dtosca táirgeachta chun an gnáthluach a chruthú. Ag an am céanna, bhí fianaise leordhóthanach sa leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga maidir leis na tosca táirgeachta a úsáideadh i go hiarbhír chun an gnáthluach a ríomh. Mar an gcéanna, le linn an imscrúdaithe, ní cheanglaítear ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha faisnéis rúnda áirithe a nochtadh nó a achoimriú amhail an t-oideas iarbhír dá gcineálacha táirgí ina bhfuil cóimheasa tomhaltais na dtosca táirgeachta. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an fhianaise bhunriachtanach ar fáil sa leagan a bhí ar fáil do pháirtithe leasmhara na hiarrata lena iniúchadh, agus gur leor an fhaisnéis arna soláthar sa leagan neamhrúnda den ghearán do pháirtithe leasmhara chun a gcearta cosanta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(6) |
I ndiaidh don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 5 Aibreán 2022 maidir le teacht isteach san Aontas táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne iad, ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Fógra Tionscnaimh’). |
|
(7) |
D’éiligh CISA gur cheart go mbeadh leibhéil bhrabúsachta thionscal an Aontais, mar a tuairiscíodh san iarraidh, ina spreagadh don Choimisiún an iarraidh a dhiúltú, agus nár léiríodh san iarraidh go bhféadfaí leanúint den díobháil le réasún mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Dar le CISA, níl staid thionscal an Aontais chomh leochaileach agus a mhaíonn Eurofer. D’áitigh sé nár tháinig laghdú ar a oiread agus ceann amháin de táscaire díobhála le linn na tréimhse a breithníodh go dtí leibhéal faoi bhun an innéacs meatha tomhaltais agus go raibh tionscal an Aontais, go méid áirithe, ábalta téarnamh le linn an ama ina raibh cosaint na mbeart i bhfeidhm aige. Ar deireadh, thug CISA dá aire freisin go dtiocfadh sé salach ar leas an Aontais dá ndéanfaí bearta a fhorchur mar gheall ar thionchar smachtbhannaí an Aontais, chomh maith le suaitheadh idirghaolmhar an tslabhra soláthair agus an téarnamh i ndiaidh COVID-19. |
|
(8) |
Mheabhraigh an Coimisiún go raibh an iarraidh bunaithe ar fhoras na dóchúlachta go dtarlóidh an díobháil arís agus ní go leanfar den díobháil a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor cuireadh bac leis na figiúirí brabúsachta a léiríodh san iarraidh ar athbhreithniú ar imscrúdú athbhreithnithe a thionscnamh, rud atá fadbhreathnaitheach. Ar aon nós, níl sa bhrabúsacht ach ceann amháin den iomad táscairí a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. D’ainneoin thuairim CISA, léiríodh san anailís a rinne an Coimisiún ar an iarraidh go raibh dóthain fianaise ann ag céim an tionscanta lenar léiríodh an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís dá mba rud é go ligfí do na bearta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí ón tSín dul in éag. I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ann leas an Aontais a mheas agus tuillteanais na hiarrata ar athbhreithniú éaga á measúnú. Dá réir sin, ba ghá an t-imscrúdú athbhreithnithe a thionscnamh. |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(9) |
Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tú léi arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(10) |
San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne agus údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne chomh maith le hallmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus thug sé cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann. |
|
(11) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. |
1.6. Sampláil
|
(12) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.6.1. Sampláil tháirgeoirí an Aontais
|
(13) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an mhéid is mó de tháirgeacht an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a d’fhéadfaí a imscrúdú le réasún laistigh den am atá ar fáil. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. Ba tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a bhí i gceist le 29 % den táirgeacht iomlán mheasta san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon tuairimí, agus dhearbhaigh an Coimisiún an sampla a roghnaíodh go sealadach. Is sampla é atá ionadaíoch do thionscal an Aontais. |
|
(14) |
Cé nár tugadh aon bharúlacha le linn nós imeachta roghnúcháin an tsampla, d’áitigh CISA in aighneacht ina dhiaidh sin go raibh an leibhéal ionadaíochais íseal, go háirithe i gcomparáid leis an sampla a roghnaíodh san imscrúdú bunaidh, a raibh 45 % de tháirgeadh an Aontais i gceist leis. D’iarr CISA ar an gCoimisiún breithniú go mion féachaint an ndéanann an figiúr íseal difear do leibhéal ionadaíochais an tionscail intíre. |
|
(15) |
Mheabhraigh an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, nach neamhbhailítear ionadaíochas an tsampla mar gheall ar dhifríochtaí sa sampla idir an t-imscrúdú bunaidh agus imscrúdú an athbhreithnithe éaga. Ar an dara dul síos, shonraigh an Coimisiún nár chuir CISA aon ghnéithe substainteacha ar aghaidh, seachas comparáid leis an sampla san imscrúdú bunaidh, inár taispeánadh go raibh an sampla neamhionadaíoch. Ós rud é gur roghnaíodh an sampla de bhun Airteagal 17 den bhun-Rialachán, ar bhonn mhéideanna táirgeachta an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chomh maith le hionadaíochas geografach, agus go raibh sé teoranta do roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh orthu le réasún laistigh den am a bhí ar fáil, d’athdhearbhaigh an Coimisiún gur measadh go raibh an sampla ionadaíoch. |
1.6.2. Allmhaireoirí a shampláil
|
(16) |
Chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. |
|
(17) |
Níor tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun tosaigh, áfach, chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. |
1.6.3. Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne
|
(18) |
Lena chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na Síne táirgeoirí eile, más ann dóibh, a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú, a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo. |
|
(19) |
Tráth an tionscnaimh, chuir an Coimisiún cóip ar fáil de na ceistneoirí sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. (6) |
|
(20) |
Níor sholáthair aon táirgeoir ón tSín an fhaisnéis a iarradh agus/nó níor aontaigh siad lena gcur san áireamh sa sampla. Chuir an Coimisiún Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach ar an eolas maidir lena rún chun fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, toisc nach bhfuarthas aon chomhar ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, rinneadh na cinntí maidir leis na hallmhairí ón tSín ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe trí staidreamh maidir le trádáil um allmhairí agus onnmhairí a úsáid (Eurostat, the Global Trade Atlas (‘GTA’) (7) agus an iarraidh ar athbhreithniú éaga). |
|
(22) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán (8). Ní bhfuarthas aon fhreagra. Dá réir sin, chuir an Coimisiún Misean na Síne chuig an Aontas Eorpach ar an eolas maidir lena rún chun fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
1.7. Freagraí agus fíorúchán
|
(23) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. |
|
(24) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidh siad arís agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.8. Nochtadh
|
(25) |
An 4 Aibreán 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh. |
|
(26) |
Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Deonaíodh éisteacht do na páirtithe a d’iarr amhlaidh. D’iarr CISA éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin an 12 Aibreán 2023, rud a tugadh dó. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. Táirge faoi athbhreithniú
|
(27) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan a bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe (‘HRF’ nó an ‘táirge faoi athbhreithniú’). Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an athbhreithniú seo:
An táirge atá faoi athbhreithniú, is faoi na cóid CN 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091, 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99 a thagann sé faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar cóid AC agus TARIC, gan dochar d’athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú taraife amach anseo. |
|
(28) |
Déantar táirgí cruach comhréidhe teorollta a tháirgeadh trí theorolladh. Is próiseas foirmithe miotail é sin ina gcuirtear miotal te trí phéire amháin nó níos mó rolla teo chun an tiús a laghdú agus chun an tiús a dhéanamh aonfhoirmeach, i gcás ina mbíonn teocht an mhiotail os cionn a theochta athchriostalaithe. Is féidir iad a sholáthar i gcineálacha éagsúla; i gcornaí (iad bealaithe nó gan bheith bealaithe, picilte nó gan bheith picilte), i bhfaid ghearrtha (leathán) nó i stiallacha cúnga. Tá dhá phríomh-chineál úsáide a bhaintear as na táirgí cruach comhréidhe teo-rollta. Ar an gcéad dul síos, is iad an t-ábhar príomhúil iad chun táirgí cruach éagsúla breisluacha iartheachtacha a tháirgeadh, arb iad na táirgí is túisce a thairgtear as a measc táirgí cruach fuar-rollta comhréidhe agus táirgí cruach brataithe. Ar an dara dul síos, is ionchur tionsclaíoch iad a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear a n-úsáid sa tógáil (táirgeadh feadán cruach), an longtógáil, coimeádáin gháis, gluaisteáin, árthaí brú agus píblínte fuinnimh. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(29) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge de thionscnamh na Síne atá á athbhreithniú. |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(30) |
Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh le himscrúdú an athbhreithnithe éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(31) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
3.1. Réamh-bharúlacha
|
(32) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairiú táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne iad, bíodh is go raibh na leibhéil níos ísle ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bhunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2015). De réir shonraí Eurostat, bhí níos lú ná 0.1 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gceist le hallmhairiú táirgí comhréidh teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne iad, i gcomparáid le cion margaidh de 4.32 % (9) le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. I ndearbhthéarmaí, d’onnmhairigh an tSín timpeall ar 28 743 tona chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar laghdú suntasach é i gcomparáid le timpeall ar 1 519 304 tona (10) a d’onnmhairigh sí chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. |
|
(33) |
Mar a luaitear in aithris (20), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, de cheal comhoibrithe, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin. |
|
(34) |
Dá bharr sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, a mhéid a bhaineann leis an tSín, is ar bhonn na bhfíoras a bhí le fáil a bunaíodh iad, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éag agus sna haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, cuir i gcás staitisticí trádála maidir le hallmhairí agus onnmhairí (Eurostat agus GTA (11)). |
3.2. Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(35) |
Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(36) |
An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, chun an fhaisnéis sin a fháil, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne. |
|
(37) |
Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh Meicsiceo roghnaithe go sealadach aige mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
|
(38) |
An 29 Lúnasa 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas, trí Nóta ar Thosca Táirgeachta, faoi na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige iad a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurb é Meicsiceo an tír ionadaíoch. Sa Nóta ar Thosca Táirgeachta, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun cineálacha táirgí comhréidhe teorollta, d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile a tháirgeadh. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go suíodh sé costais díola, costais ghinearálta agus costais riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil don chuideachta Ternium S.A., táirgeoir an táirge sa tír ionadaíoch. |
|
(39) |
Tháinig CISA chun tosaigh lena chuid tuairimí an 16 Meán Fómhair 2022. D’áitigh CISA nach léirítear le sonraí allmhairiúcháin GTA praghsanna intíre acu go léirítear leo praghsanna allmhairiúcháin, arb iondúil go ndéanann go leor tosca difear dóibh, amhail cainníocht allmhairí táirge áirithe, infhaighteacht an táirge sin agus an t-achar idir na tíortha is onnmhaireoirí agus na tíortha is allmhaireoirí. D’admhaigh an Coimisiún gur cinnte go léirítear praghsanna allmhairiúcháin le sonraí allmhairiúcháin GTA. Mar sin féin, níor raibh aon rud ar an gcomhad lena dtabharfaí le fios nár léiríodh praghsanna intíre sa tír ionadaíoch leis na praghsanna, nó go mbeadh sí mí-oiriúnach mar gheall ar cháilíocht nó cainníocht na sonraí allmhairiúcháin a úsáideadh gnáthluach a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(40) |
Ina theannta sin, cheistigh CISA an mbeifí ábalta costas aonaid fiúntach amhábhar amhail fearó-chóimhiotail a léiriú tríd an meánphraghais aonaid ualaithe a úsáid, toisc go raibh difríochtaí suntasacha sa phraghas aonaid ag brath ar ghrád na n-amhábhar agus/nó na tíre tionscnaimh. Toisc gur roghnaigh na táirgeoirí sa tSín nach gcomhoibreodh siad leis an imscrúdú, ní raibh an Coimisiún ábalta grád na bhfearó-chóimhiotal a d’úsáid siad go sonrach i monaraíocht HRF a ríomh. Dá bhrí sin, cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheánphraghas ualaithe aonaid onnmhairúcháin na ngrád uile ó gach tríú tír, gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
|
(41) |
Ina theannta sin, d’ardaigh CISA saincheist maidir le cruinneas phraghas aonaid dleachta íoctha CAL maidir le gach toisc ós rud é go bhfuil na sonraí allmhairiúcháin GTA arna dtuairisciú ag Meicsiceo ar leibhéal SAB seachas ar leibhéal CAL. I gcomhthéacs athbhreithniú éaga, níl sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún corrlach dumpála beacht a ríomh ach ina ionad sin a shuí an bhfuil an dóchúlacht ann go leanfar leis an dumpáil nó go dtarlóidh sí arís. Ós rud é, mar a mhínítear in aithris (118) thíos, ní dhéanfaí athrú ar na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu leis an toradh go raibh an difríocht sa phraghas idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin go dtí an chuid eile den domhan os cionn 100 %, fiú má úsáidtear comhéifeacht tiontúcháin eile bunaithe ar fhíorthionscnamh na n-earraí a allmhairíodh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.3. Gnáthluach
|
(42) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”. |
|
(43) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […] nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, ’, agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais díola, ghinearálta agus riaracháin’ ). |
|
(44) |
Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don éagmais comhair ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.4. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(45) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (13), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(46) |
Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (14). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (15), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (16). Shuigh an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne, fágann sé go mbíonn acmhainní á gcomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (17). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne (18). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (19), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar ghníomhaithe corparáideacha caipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne (20). |
|
(47) |
Mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (21) (‘an Tuarascáil’), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha suntasacha rialtais i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh inti freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún tuilleadh leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin. |
|
(48) |
Rinneadh an líomhain san iarraidh go mbíonn tionchar forleathan ag idirghabhálacha uilechuimsitheacha Rialtas na Síne nó údaráis phoiblí eile ar leibhéil éagsúla an rialtais agus go ndéanann siad difear do gheilleagar na Síne ina iomláine, agus nach féidir leas a bhaint as praghsanna agus costais intíre thionscal cruach na Síne san imscrúdú seo i bhfianaise an mhéid sin. Chun tacú lena sheasamh, rinneadh tagairt san iarraidh d’imscrúduithe an Choimisiúin le déanaí ar earnáil cruach na Síne (22) nó do chonclúidí Fhóram Domhanda an G20 maidir le Ró-Acmhainn sa Tionscal Cruach (23). |
|
(49) |
Go sonrach, tugadh le fios san iarraidh ar chúlra an teagaisc maidir le ‘geilleagar sóisialach an mhargaidh’ a chuimsítear i mBunreacht Dhaon-Phoblacht na Síne, uileláithreacht Pháirtí Cumannach na Síne (‘CCP’) agus a thionchar ar an ngeilleagar trí mheán thionscnaimh pleanála straitéiseacha – amhail an 13ú agus an 14ú Plean 5 Bliana (24) - bíonn idirghabhálachas Rialtas na Síne i bhfoirmeacha éagsúla, eadhon idirghabhálacha riaracháin, airgeadais agus rialála. |
|
(50) |
Soláthraíodh samplaí san iarraidh de ghnéithe lena léirítear gurb ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go sonrach, agus tagairt á dhéanamh d’imscrúduithe de chuid an Choimisiúin in earnáil na cruach roimhe seo, don Tuarascáil agus d’fhoinsí breise freisin, chuir an t-iarratasóir an méid seo a leanas isteach:
|
|
(51) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(52) |
Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, i.e. an earnáil cruach. Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí príobháideacha agus na dtáirgeoirí faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Deimhníodh leis an imscrúdú, áfach, go bhfuil an dá tháirgeoir is mó san earnáil cruach, is é sin Angang Steel Group (‘Ansteel’) agus China Baowu Steel Group (‘Baowu’) faoi úinéireacht iomlán an Stáit nó go bhfuil leas urlámhais ag an Stát iontu. Pé scéal é, fiú amháin nuair a bhíonn faisnéis shonrach ar fáil maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, is ionann an earnáil, áfach, agus fo-earnáil den tionscal cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil cruach a bheith táscach freisin maidir leis an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(53) |
Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil cruach faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil cruach deimhnítear an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne leis an earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach sa leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (30) leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil ‘cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh agus chur chun cinn an rialtais’ agus a dhéanfaidh sí ‘grúpa cuideachtaí forásacha a shaothrú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas’ (31) nó leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt an Tionscail Dramh-chruach a n-áirítear ina príomhchuspóirí ‘méadú leanúnach a chur ar an gcóimheas feidhme maidir le dramhchruach, agus faoi dheireadh an 14ú Plean 5 Bliana, sroichfidh an cóimheas cuimsitheach dramhchruach maidir le déanamh cruach sa tír sin 30 %.’ (32) |
|
(54) |
Is féidir samplaí den chineál céanna de rún údaráis na Síne maoirsiú agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí na hearnála a fheiceáil ag an leibhéal cúige, mar shampla in Hebei ina bhfuil sé beartaithe ‘forbairt grúpa eagraíochtaí a chur i bhfeidhm go seasta, dlús a chur le hathchóiriú úinéireachta measctha fiontar faoi úinéireacht an stáit, díriú ar chumasc tras-réigiúnach agus atheagrú fiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra dhomhanda den chéad scoth a bhunú, 3-5 ghrúpa mhóra le tionchar intíre mar thacaíocht’ agus chun ‘bealaí athchúrsála agus cúrsaíochta na dramh-chruach a leathnú a thuilleadh, scagadh agus aicmiú dramh-chruach a neartú.’ (33). Thairis sin, cuimsítear roinnt tagairtí do tháirgí cruach teo-rollta go sonrach i bplean Hebei san earnáil cruach: ‘Fiontair táirgthe plátaí a spreagadh chun cur chun feidhme agus aistriú muilte teorollta (…) íseal-leibhéil a luathú agus iarracht a dhéanamh a áirithiú go mbeidh níos mó ná 30 % d’oibríochtaí domhainphróiseála faoi 2022 i gceist le plátaí príomhúla teorollta ’ (34). Ina theannta sin: ‘Na buntáistí a bhaineann leis an margadh sreinge agus barraí a chomhdhlúthú. Monaróirí sreinge agus barraí a spreagadh chun T&F a dhéanamh agus barraí cruach easnaí teorollta os cionn 500 MPa a tháirgeadh, agus uasghrádú a dhéanamh ar tháirgí luaidhe. Tacú le fiontair cruach speisialta chun aistriú teicneolaíochta agus trealaimh a chur le chéile agus cruach imthaca, cruach giaranna agus táirgí cruach speisialta eile a uasghrádú agus a fhorbairt’. |
|
(55) |
Ar an gcaoi chéanna, tuartar i bPlean Forfheidhmithe Henan maidir leis an Tionscal Cruach a Athrú agus Uasghrádú le linn an 14ú Plean 5 Bliana ‘bunáiteanna táirgeachta cruach sainiúla a thógáil […], tógáil 6 bhunáit táirgeachta cruach saintréithe in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhouou, etc., agus feabhas a chur ar scála, diansaothrú, speisialtóireacht agus speisialtóireacht an tionscail. Ina measc, faoi 2025, déanfar acmhainneacht táirgeachta muciarainn in Anyang a rialú laistigh de 14 mhilliún tonna, agus déanfar acmhainneacht táirgeachta amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tonna. (35)’ Áirítear i bPlean Cur Chun Feidhme Henan freisin tagairtí sonracha do tháirgí teorollta: ‘Tacú le fiontair neamhspleácha teorollta chun páirt a ghlacadh i gcumasc agus atheagrú fiontar iarainn agus cruach, agus feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chomhchruinniú an tslabhra thionsclaíoch (36).’ Is féidir tuilleadh cuspóirí beartais tionscail a fheiceáil freisin i ndoiciméid phleanála cúigí eile, mar Jiangsu (37), Shandong (38), Shanxi (39), nó Zhejiang (40) nó bardais, ar nós Liaoning Dalian (41). |
|
(56) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó thaobh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, níorbh fhéidir a shuí gurb ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne. Ach ós rud é go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú ina fho-earnáil den earnáil cruach, baineann an fhaisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach ábhartha leis an táirge faoi athbhreithniú freisin. |
|
(57) |
Mar shampla, tá Cathaoirleach Ansteel ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí an tráth céanna. Mar an gcéanna, tá Stiúrthóir agus Bainisteoir Ginearálta Ansteel ina Leas-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (42). I gcás Baowu, an tráth céanna tá post Rúnaí Choiste an Pháirtí ag Cathaoirleach Baosteel, atá ina fhochuideachta 100 % ag Baowu, agus is Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí freisin é an Stiúrthóir Bainistíochta agus is Comhalta de Bhuanchoiste an Pháirtí é an Leas-Bhainisteoir Ginearálta (43). |
|
(58) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge faoi athbhreithniú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Mar a thuairiscítear thuas in aithris (54) maidir le plean gníomhaíochta Hebei agus in aithris (55) maidir le plean gníomhaíochta Henan, d’fhéadfaí roinnt doiciméad a shainaithint san imscrúdú lena dtreoraítear go sonrach forbairt na fo-earnála cruach comhréidhe teorollta. Ina theannta sin, sainaithníodh san imscrúdú doiciméid eile lena léirítear go mbaineann an tionscal leas as treoir agus idirghabháil an rialtais in earnáil na cruach, ós rud é go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú ar cheann dá fho-earnálacha. |
|
(59) |
Measann Rialtas na Síne gur tionscal ríthábhachtach é an tionscal cruach i gcónaí (44). Deimhnítear é sin san iliomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar an earnáil cruach, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. De réir an 14ú Plean 5 Bliana a glacadh i mí an Mhárta 2021, chuir Rialtas na Síne an tionscal cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (45). Ar an gcaoi chéanna, liostaítear an earnáil sa 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, is infheidhme freisin ar an tionscal cruach, mar ‘bhunchloch an fhíorgheilleagair’ agus mar ‘phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne’ agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (46). |
|
(60) |
An t-amhábhar tábhachta a úsáidtear chun cruach chomhréidhe theorollta a tháirgeadh is ea amhiarann. Luaitear amhiarann sa 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, ina bhfuil sé beartaithe ag an Stát ‘acmhainní mianraí intíre a fhorbairt go réasúnach. Taiscéalaíocht amhiarainn a neartú […], beartais chánach tosaíochta a chur i bhfeidhm, glacadh ardteicneolaíochta agus trealaimh a spreagadh chun giniúint dramhaíola soladaí mianadóireachta a laghdú.’ (47) I gcúigí, mar Hebei, déanann na húdaráis an méid seo a leanas a thuar don earnáil: ‘fóirdheontas lascaine le haghaidh infheistíocht i dtionscadail nua; institiúidí airgeadais a iniúchadh agus a threorú chun iasachtaí ar ús íseal a sholáthar d’fhiontair iarainn agus cruach chun aistriú chuig tionscail nua, agus an tráth céanna, cuirfidh an rialtas fóirdheontais lascaine ar fáil.’ (48) Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail a spreagtar a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi athbhreithniú. Le bearta den sórt sin cuirtear cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac. |
|
(61) |
Nochtadh san imscrúdú reatha roinnt fianaise ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor dlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán san earnáil cruach comhréidhe teorollta. Go sonrach, maidir le monarcha Chaoyang Iron & Steel, a thabhaigh caillteanais ar feadh 5 bliana as a chéile (ó 2010 go 2015) agus a bhí ar tí a bheith féimheach. D’aithin an Mhaoirseacht Sócmhainní Stáit é mar ‘fhiontar zombaí’ freisin (49). |
|
(62) |
Ina theannta sin, tá an earnáil cruach comhréidhe teorollta faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (46) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (50). |
|
(63) |
Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéantar aon difear leis an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais d’earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (46) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais. |
|
(64) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí cruach comhréidh teorollta na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha. |
|
(65) |
Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre cruach comhréidhe teorollta le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an tsaothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí réimse tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. |
|
(66) |
An 19 Bealtaine 2022 (51) agus an 16 Meán Fómhair 2022, chuir (52)CISA roinnt argóintí isteach faoi na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach. Maidir leis tuarascáil ar a raibh an Coimisiún ag brath, mhaígh CISA gur theip uirthi na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta agus oibiachtúil agus le fianaise ag a bhfuil luach fianaise leordhóthanach a chomhlíonadh, ós rud é go háirithe gur ullmhaigh an Coimisiún í d’fhonn a éascú do thionscail an Aontais chun gearán a dhéanamh i réimse na mbeart trádála. Thairis sin, mhaígh CISA, ós rud é gur foilsíodh an Tuarascáil in 2017, nach bhféadfadh sí a bheith ina léiriú ar an saobhadh líomhnaithe don tréimhse imscrúdaithe lena gcumhdaítear an bhliain féilire 2021. |
|
(67) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Thug an Coimisiún dá aire gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise fhorleathan oibiachtúil, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a bhréagnú, a fhorlíonadh nó trácht a dhéanamh air agus an fhianaise ar a bhfuil sé bunaithe, agus nach ndearna Rialtas na Síne ná páirtithe eile argóintí ná fianaise a chur isteach a bhréagnaigh na foinsí a áirítear sa Tuarascáil. Ar an dóigh chéanna, maidir leis an argóint go raibh an Tuarascáil as dáta, thug an Coimisiún dá aire gurbh ábhartha den chuid is mó fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe iad na príomhdhoiciméid bheartais agus an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, lena n-áirítear na pleananna 5 bliana ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, agus nár chruthaigh aon pháirtí nárbh amhlaidh an cás. Níor thosaigh an tSín ach ag foilsiú pleananna nua 5 bliana i rith na bliana 2021 agus níor cuireadh a lán de na pleananna sin ar fáil go poiblí ach amháin sa dara leath den bhliain. Deimhníodh an méid sin arís tríd an taighde cás-shonrach a rinne an Coimisiún, mar a bhfuil achoimre air thuas. |
|
(68) |
Ar an dara dul síos, mhaígh CISA nach sainaithnítear i gComhaontú Frithdhumpála EDT (‘ADA’) coincheap an tsaofa shuntasaigh in Airteagal 2.2 ADA. Ina ionad sin, éascaítear leis an bhforáil an gnáthluach a ríomh i líon teoranta de choinníollacha sonracha, agus níl an saobhadh suntasach sin san áireamh sna coinníollacha sin. Thairis sin, mhaígh CISA nach gceadaítear le hAirteagal 2.2 de ADA an costas táirgthe a úsáid ach sa tír thionscnaimh agus méid réasúnta a úsáid le haghaidh costais díola, riaracháin agus ghinearálta agus brabúis ach go gceadaítear le hAirteagal 2 (6a) den bhun-Rialachán úsáid a bhaint as sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí, rud nach bhfuil i gcomhréir mar sin le dlí EDT. Anuas air sin, mhaígh CISA gur ghá aon luach cruthaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2.2.1.1 de ADA agus i gcomhréir le léirmhíniú Chomhlacht Achomhairc EDT san Aontas – Bithdhíosal (DS 473), chomh maith le Painéal EDT san Aontas – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II (an Rúis) (DS494), nach luaitear iontu coincheap an tsaofa shuntasaigh ná an fhéidearthacht go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh de shonraí na cuideachta onnmhairiúcháin. |
|
(69) |
Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí an Aontais Eorpaigh i leith EDT agus leis an dlí-eolaíocht a luann CISA. Ina theannta sin, is é tuairim an Choimisiúin, i gcomhréir le cinneadh Phainéal agus Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT in DS473, forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm acu ar bhonn ginearálta maidir le comhaltaí uile EDT, amhail Airteagal 2(5), an dara fomhír, go gceadaítear faoi na forálacha sin sonraí ó thríú tír a úsáid, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Más ann do shaobhadh suntasach, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, foráiltear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéanfar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí inar comhchosúil an leibhéal forbartha agus atá sa tír is onnmhaireoir. I ndáil le cás DS 494, meabhraíonn an Coimisiún go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc i gcoinne thorthaí an Phainéil, nach torthaí críochnaitheacha iad agus dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nár fhormhuinigh an Comhlacht um Réiteach Díospóidí iad le cinntí ó Chomhaltaí EDT. In aon chás, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil san agóid sin go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(70) |
Ar an tríú dul síos, d’áitigh CISA gur dócha nach mbeadh an cleachtas maidir le tagairt a dhéanamh d’imscrúduithe roimhe seo mar ‘fhianaise’ ar líomhaintí áirithe, mar a rinne an t-iarratasóir san iarraidh san imscrúdú seo, in ann cur chuige an Chomhlachta Achomhairc maidir leis an dualgas cruthúnais, mar a leagtar amach é i rialú Chomhlachta Achomhairc ETD sa chás SAM – Dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha agus Dleachtanna Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe (An tSín) (DS 379) a sheasamh. Go sonrach, rinne CISA tagairt do na torthaí a rinne an Coimisiún ina imscrúdú frith-fhóirdheontais a mhéid a bhaineann le HRF (53). |
|
(71) |
Easaontaíonn an Coimisiún leis an argóint sin. Ar thaobh amháin, ní hamháin gur braitheadh san iarraidh ar CVD HRF ach braitheann inti freisin ar fhoinsí breise leis chun bunús a thabhairt don mhaíomh maidir leis na saobhadh sa mhargadh HRFS (54). Ar an láimh eile, níl an Coimisiún ag déanamh a chuid conclúidí maidir le hinfheidhmeacht 2(6a) ar bhonn na hiarrata ach tá sé á ndéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá ar fáil, mar a bailíodh le linn an imscrúdaithe agus mar a cuireadh i láthair ina hiomláine iad sa roinn seo. |
|
(72) |
Ar an gceathrú dul síos, d’ardaigh CISA ceist an 14ú Plean Cúig Bliana, agus chuir sé in iúl, ar thaobh amháin, gurb amhlaidh a dhéantar tagairtí sa 14ú plean cúig bliana don earnáil cruach ach ar bhonn ginearálta amháin, agus luaigh sé an tábhacht a bhaineann le tionscail thraidisiúnta a aistriú agus a uasghrádú go ginearálta agus ar an taobh eile, nár cheart an plean a mheas mar dhlí ceangailteach ach gur cheart é a mheas seachas sin mar dhoiciméad treorach ina gcuirtear tuairimí beartais in iúl don todhchaí. Ina theannta sin, mheas CISA go bhfuil a leithéid de phleananna san Aontas freisin a bhí le feiceáil nuair a foilsíodh ‘Páipéir Bhána’, ‘Páipéir Uaine’ etc. an Choimisiúin Eorpaigh. |
|
(73) |
Ní fhéadfaí glacadh leis an argóint sin. Ar an gcéad dul síos, ní treoirdhoiciméid ghinearálta atá sna Pleananna Cúig Bliana arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne ach doiciméid atá de chineál ceangailteach ó thaobh dlí de. Maidir leis sin, rinne an Coimisiún tagairt ar ais chuig mionanailís na bpleananna i gCaibidil 4 den Tuarascáil, le roinn ar leith tiomnaithe go sonrach ar chineál ceangailteach na bpleananna in Roinn 4.3.1. Leis an 14ú Plean Cúig Bliana, meabhraítear go sainráite do gach údarás na pleananna a chur chun feidhme go dúthrachtach: ‘Neartóimid córais bainistíochta pleanála amhail catalóga agus liostaí, idir chatalóga agus liostaí tiomsaithe agus chatalóga agus liostaí cartlainne, agus ailíniú agus comhordú, forbróimid liostaí agus catalóga amhail na Pleananna Speisialta ‘5 Bliana den 14ú timthriall’ arna nDéanamh ar Leibhéal Náisiúnta, cuirfimid cartlannú pleananna chun cinn ag brath ar an ardán faisnéise um pleanáil náisiúnta bainistíochta comhtháite, agus cuirfimid pleananna éagsúla faoi bhainistíocht aontaithe. Bunóimid sásraí um ailíniú pleanála agus um chomhordú agus cuirfimid feabhas orthu, déanfaidh muid pleananna arna bhformheas ag Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne agus an Chomhairle Stáit a ailíniú le pleananna um fhorbairt cúige agus leis an bplean seo sula gcuirtear isteach é lena fhormheas, agus áiritheoimid go mbeidh pleanáil spásúlachta, pleanáil réigiúnach agus leibhéil eile pleanála comhordaithe leis an bplean seo ó thaobh na bpríomhspriocanna, na dtreonna forbartha, an leagan amach fhoriomláin, na bpríomhbheart, na mórthionscadal agus cosc agus rialú rioscaí de.’ (55) Ina theannta sin, sonraítear sa 14 ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt ‘nach mór do gach ceantar feabhas a chur air féin leis an bPlean seo, agus na príomhábhair agus na mórthionscadail atá anseo a áireamh ina bpríomhthascanna áitiúla’, agus ‘go bhfoirmeoidh an earnáil cruach agus príomhearnálacha eile tuairimí sonracha cur chun feidhme bunaithe ar chuspóirí agus cúraimí an Phlean seo.’ (56) |
|
(74) |
Níor thug Rialtas na Síne san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin. |
|
(75) |
I ndiaidh a nochta, chuir CISA i dtábhacht freisin nach gcomhlíonann an Tuarascáil na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta agus oibiachtúil agus le fianaise lena bhfuil luach fianaise cruthúnais. Maidir leis an méid thuas, thagair CISA freisin do na ‘Pleananna Cúig Bliana’ éagsúla ar cheart breathnú orthu, dar le CISA, mar dhoiciméad beartais ginearálta lena leagtar amach tosaíochtaí éagsúla i dtéarmaí infheistíochtaí poiblí agus ní mar dhlí ceangailteach. |
|
(76) |
Mar a mhínítear in aithrisí (67) agus (73), diúltaíodh do na maímh sin agus ós rud é nár cuireadh aon fhianaise nó argóint bhreise isteach nuair a nochtadh iad, níor tháinig aon athrú ar an gcinneadh ón gCoimisiún. |
|
(77) |
Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn a leanas. |
3.4.1. Tír ionadaíoch
3.4.1.1. Barúlacha ginearálta
|
(78) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(79) |
Mar a léirítear in aithris (38), an 29 Lúnasa 2022, d’eisigh an Coimisiún nóta don chomhad ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (‘Nóta ar Thosca Táirgeachta’). Sa nóta sin, tuairiscíodh na fíorais agus an fhianaise is bun leis na critéir ábhartha, cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe Meicsiceo a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(80) |
I gcomhréir leis na critéir a liostaítear faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, shainaithin an Coimisiún Meicsiceo mar thír ag a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Aicmíonn an Banc Domhanda Meicsiceo mar thír ar ‘ioncam meánach uachtarach’ ar bhonn ollioncaim náisiúnta. Ina theannta sin, sainaithníodh Meicsiceo mar thír ina raibh an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh agus ina raibh fáil éasca ar shonraí ábhartha. |
|
(81) |
Ar deireadh, de bharr ar an easpa comhoibriú agus tar éis a shuí gurb é Meicsiceo an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.4.1.2. Conclúid
|
(82) |
De cheal comhoibrithe, mar a moladh san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ós rud é gur chomhlíon Meicsiceo na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún Meicsiceo mar an tír ionadaíoch iomchuí. |
3.4.2. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(83) |
Sa nóta maidir le foinsí ábhartha atá le húsáid chun an gnáthluach a chinneadh, mhínigh an Coimisiún go mbeadh air dul i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil, mar gheall ar an easpa comhoibrithe, de réir Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Bhí rogha na tíre ionadaíche bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú éaga, in éineacht le foinsí eile faisnéise a mheastar a bheith iomchuí de réir na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, i gcomhréir le hAirteagal 18(5) den bhun-Rialachán, lena n-áirítear an tAtlas Trádála Domhanda (‘GTA’) chun costas neamhshaofa fhormhór na dtosca táirgthe a shuí, go háirithe na hamhábhair. Ina theannta sin, mhaígh an Coimisiún go mbainfeadh sé úsáid as na foinsí seo a leanas chun costais neamhshaofa fuinnimh a fháil amach: maidir leis an leictreachas, na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le praghsanna leictreachais agus tionsclaíocha is infheidhme i Meicsiceo, arna fhoilsiú ag Globalpetrolprices.com (59) agus maidir leis an ngás, an praghas arna fhoilsiú ag Indices de Referencia de Precios de Gas Natural (IPGN) (60). Ina theannta sin, chun costais saothair neamhshaofa a shuí, dúirt an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí deiridh atá ar fáil go poiblí ó Roinn Staidrimh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILOSTAT) (61) chun an pá i Meicsiceo a chinneadh. |
|
(84) |
Chuir an Coimisiún ar áireamh luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Shuigh an Coimisiún an cóimheas idir forchostais mhonaraíochta agus costais dhíreacha na monaraíochta, bunaithe ar shonraí tháirgeoirí an Aontais a chuir an t-iarratasóir ar fáil, lenar cuireadh faisnéis shonrach ar fáil chun na críche sin. |
|
(85) |
Sa Nóta ar Thosca Táirgeachta thug an Coimisiún le fios, maidir leis an tír a sainaithníodh mar an tír ina bhfuil táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh, i.e. Meicsiceo, gur shainaithin an Coimisiún an chuideachta Ternium S.A. mar tháirgeoir an táirge faoi athbhreithniú, agus léirítear i sonraí airgeadais poiblí le déanaí brabúis agus suim réasúnta do chostais SGA chun an gnáthluach neamhshaofa a shuí. |
|
(86) |
Léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin go bhféadfaí Meicsiceo a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí toisc nach ndearnadh difear ábhartha dá n-allmhairí de na príomhthosca táirgthe le hallmhairí ón tSín ná ó aon cheann de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 (62). |
|
(87) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige Meicsiceo a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus an chuideachta Ternium S.A a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(88) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht Mheicsiceo mar thír ionadaíoch agus ar Ternium S.A. mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. |
|
(89) |
Ina gcuid barúlacha, d’áitigh CISA, i measc na dtíortha ionadaíocha éagsúla a roghnaigh an Coimisiún le déanaí, gurb é Meicsiceo an t-aon tír nach bhfuil ábalta praghsanna allmhairiúcháin a thuairisciú ar leibhéal CAL agus cheistigh sé cur chuige an Choimisiúin maidir le 5 % a chur leis an bpraghas SAB chun praghas SAB a aistriú go praghas CAL. Thug an Coimisiún faoi deara, fiú mura gcuirfí an cóimheas aistrithe sin i bhfeidhm, go mbeadh an difríocht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin agus an chuid eile den domhan a suíodh in aithris (118) thíos ina dhifríocht shuntasach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(90) |
D’áitigh CISA freisin nach raibh an tagarmharc le haghaidh fearó-chóimhiotal iontaofa toisc gurb éard a bhí sna cóid HS a úsáideadh roinnt cóimhiotail éagsúla lena raibh praghsanna aonaid an-éagsúil. Thug an Coimisiún faoi deara nár chuir CISA in iúl an cineál (nó na cineálacha) cóimhiotail ba cheart a bhaint de na sonraí comhiomlánaithe don phraghas tagarmhairc sin. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh an maíomh sin gan agóid mar fiú mura raibh aon phraghas tagarmhairc suite don ionchur sin, mar a mhínítear in aithris (118) thíos, bheadh an difríocht sa phraghas idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin don chuid eile den domhan a suíodh fós ina difríocht shuntasach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(91) |
Ina theannta sin, cheistigh CISA oiriúnacht thorthaí airgeadais Ternium S.A. toisc go dtuairiscítear iad ar leibhéal comhdhlúite ina gclúdaítear roinnt tíortha agus táirgí eile. |
|
(92) |
Mheas an Coimisiún sa chás sin go raibh úsáid sonraí comhdhlúite Ternium S.A. oiriúnach iomchuí in éagmais sonraí níos mionsonraithe a bhí teoranta do Ternium Mexico agus don táirge a bhí faoi athbhreithniú. Ina theannta sin, táirgeann an chuideachta táirgí cruach den chuid is mó. Dá bhrí sin, measadh go raibh a chuid sonraí ionadaíoch don earnáil cruach agus don táirge faoi athbhreithniú. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán gur cheart an méid le haghaidh chostais SGA agus le haghaidh brabús a áirítear sa ghnáthluach ríofa a bheith neamhshaofa agus réasúnta. Ní chuir CISA i gcoinne na hargóinte go raibh an méid a úsáideadh saofa nó míréasúnta nó ní thug sé bunús léi. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh sin. |
|
(93) |
Líomhain CISA nach raibh sonraí airgeadais Ternium S.A. a úsáid ó 2020 ag luí le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, is é sin 2021. Mheas an Coimisiún go raibh figiúirí Ternium S.A. réasúnta ós rud é go raibh brabús á dhéanamh ag an gcuideachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí a ráitis airgeadais ar fáil go héasca agus gur bhain 52 % dá díolacháin chomhdhlúite le Meicsiceo. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, go bhfuil údar le 2020 a úsáid mar bhliain tagartha toisc gurb í an bhliain is déanaí í a raibh Ternium S.A. brabúsach agus gur léiríodh leibhéal réasúnta costas SGA agus brabús inti. Mar a mhínítear sa nóta ar thosca táirgeachta, bhí an brabús thar a bheith ard sa bhliain airgeadais 2021, i.e. 58.25 %, rud a léiríonn téarnamh i ndiaidh COVID-19 is dócha. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos oiriúnaí na sonraí le haghaidh 2020 a úsáid agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
|
(94) |
I ndiaidh an nochta, mhaígh CISA nár sholáthair an Coimisiún nochtadh ‘Tagarmharcanna a úsáidtear chun an gnáthluach a chinneadh’ a bhféadfadh sárú ar bhunphrionsabal an dlí agus an nós imeachta frithdhumpála a bheith mar thoradh air, dar le CISA, go háirithe Airteagal 20 den bhun-Rialachán, agus cearta cosanta CISA i ndáil le gnéithe bunúsacha imscrúdú an athbhreithnithe éaga. Ina theannta sin, shonraigh CISA gur cleachtas comhsheasmhach de chuid an Choimisiúin é praghsanna tagarmhairc mionsonraithe (agus na ríomhanna) a sholáthar chun an gnáthluach a chinneadh, in imscrúduithe bunaidh agus in athbhreithnithe éaga araon, agus dá bhrí sin iarrann sé ar an gCoimisiún a chleachtas a ailíniú in imeachtaí comhchosúla. |
|
(95) |
Luaigh an Coimisiún gur sholáthair sé praghsanna tagarmhairc ar i.e. luachanna aonaid na bpríomhthosca táirgeachta sa Nóta FOP ón 29 Lúnasa 2022 chomh maith lena bhfoinsí. Tugadh fógra do CISA, mar pháirtí leasmhar, nuair a cuireadh an Nóta FOP ar an gcomhad agus nuair a bhí rochtain aige air. Níor modhnaíodh aon cheann de na tagarmharcanna a luadh sa Nóta sin ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, d’úsáid an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna chun an gnáthluach a ríomh agus a úsáidtear san iarraidh a cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir. Ar deireadh, mheabhraigh an Coimisiún nár tharla aon nochtadh a bhain go sonrach le cuideachta i bhfianaise na heaspa comhoibrithe ó aon cheann de na táirgeoirí sa tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.4.2.1. Conclúid
|
(96) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon Meicsiceo na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, chun go measfar é a bheith ina thír ionadaíoch iomchuí. |
3.4.3. Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna
3.4.3.1. Tosca táirgeachta
|
(97) |
I bhfianaise na faisnéise uile bunaithe ar an iarraidh agus tar éis anailís a dhéanamh ar na barúlacha ó na páirtithe leasmhara, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta táirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chóimhiotal nó de chruach chóimhiotail eile
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.4.3.2. Amhábhair
|
(98) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA, mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad a áireamh, a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 . Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (77) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéantar an difear comhionann leis an saobhadh céanna do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéantar difear do phraghsanna onnmhairiúcháin leis an saobhadh céanna. Tar éis allmhairí isteach sa tír ionadaíoch ón tSín agus ó thíortha nach comhaltaí de EDT iad a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile fós ionadaíoch. |
|
(99) |
Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Dá bhrí sin, ag cur an chinnidh i roinn 3.4 san áireamh chomh maith leis an gcineál imscrúdaithe sin ar an athbhreithniú éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó an bhféadfadh sé atarlú, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála a mhéadú freisin dá réir sin. |
3.4.3.3. Lucht saothair
|
(100) |
Foilsíonn ILOSTAT faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha eacnamaíocha éagsúla i Meicsiceo. D’úsáid an Coimisiún an staidreamh is déanaí a bhí ar fáil do 2021, maidir le meánchostas saothair agus meánuaireanta seachtainiúla a oibríodh i Meicsiceo. |
3.4.3.4. Leictreachas
|
(101) |
Foilsíonn Globalpetrolprices.com praghas an leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) i Meicsiceo. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna tionsclaíocha leictreachais do Mheán Fómhair 2021. |
3.4.3.5. Gás nádúrtha
|
(102) |
D’úsáid an Coimisiún praghas an gháis i Meicsiceo le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar atá foilsithe ag Indices de Referencia de Precios de Gas Natural (IPGN) (63), rud a éascaíonn praghas an gháis nádúrtha a sholáthraítear d’úsáideoirí tionsclaíocha a chinneadh. |
3.4.3.6. Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas
|
(103) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta’. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(104) |
Bhain an Coimisiún úsáid as sonraí airgeadais Ternium S.A, táirgeoir sa tír ionadaíoch, dá dtagraítear in aithris (85). |
|
(105) |
Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus toisc comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair táirgeoirí an Aontais san iarraidh, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin maidir le luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a tháirgtear. |
3.4.4. Ríomh an ghnáthluacha
|
(106) |
Ar bhonn an mhéid thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(107) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. De cheal chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus saothar) chun táirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chóimhiotal nó de chruach chóimhiotail eile a tháirgeadh. |
|
(108) |
Nuair a bhí na costais mhonaraíochta neamhshaofa suite, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus an brabús leis na costais sin. Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais SGA agus brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Ternium S.A don bhliain 2020 mar a tuairiscíodh i gcuntais iniúchta na cuideachta (64). Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:
|
|
(109) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Is é 1 EUR 381,50/tona an gnáthluach a suíodh ar an mbonn sin. |
|
(110) |
I ndiaidh an nochta, d’aontaigh CISA leis an úsáid a bhain an Coimisiún as sonraí airgeadais 2020 in ionad sonraí airgeadais 2021, cé gur áitigh sé freisin nach raibh brabús 16.33 % Ternium S.A in 2020 fós íseal don tionscal iarainn agus cruach. |
|
(111) |
I ndiaidh an nochta, chuir CISA i gcoinne an ghnáthluacha a shuigh an Coimisiún. Mar a luadh in aithris (94), d’áitigh CISA nach raibh sé ábalta cruinneas an ghnáthluacha arna shuíomh ag an gCoimisiún a fhíorú agus, dar le CISA, go bhféadfadh an gnáthluach arna shuíomh le linn an imscrúdaithe a bheith mícheart. Tharla sé sin toisc, cé go raibh na tréimhsí a úsáideadh san iarraidh agus san athbhreithniú éaga ag an am céanna den chuid is mó, go bhfuair an Coimisiún gnáthluach san athbhreithniú éaga atá níos mó ná 80 faoin gcéad níos airde ná mar atá san iarraidh, cé gur cuireadh an mhodheolaíocht ríofa chéanna i bhfeidhm agus gur úsáideadh an tír chéanna mar an tír ionadaíoch. |
|
(112) |
Sa Nóta FOP an 29 Lúnasa 2022 nocht an Coimisiún luachanna aonaid na ‘bpríomhthosca táirgeachta’. Ó na luachanna sin, ba léir gur tháinig méadú suntasach ar phraghas tagarmhairc na méine iarainn arb é ceann de na hionchuir is suntasaí a úsáideadh chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, is é sin 186 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thairis sin, ní bhfuarthas aon bharúil nuair a cuireadh an Nóta FOP ar an gcáschomhad maidir le difríochtaí idir praghsanna na dtosca táirgeachta idir an Nóta FOP agus an iarraidh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.4.5. Leanúint den dumpáil
|
(113) |
De cheal chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún iarracht an fhaisnéis staitistiúil atá ar fáil ó Eurostat a úsáid chun praghsanna onnmhairiúcháin a chinneadh. |
|
(114) |
Níor allmhairíodh ach 28 743 tona de tháirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chóimhiotal nó de chruach chóimhiotail eile ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de réir Eurostat, áfach, arb ionann é sin agus 0.1 % de thomhaltas an tsaormhargaidh. Ar an gcúis sin, chinn an Coimisiún nach leor na méideanna ísle sin chun bheith ina mbonn leordhóthanach chun leanúint d’anailís dumpála. Dá bhrí sin, dhírigh an Coimisiún a imscrúdú ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís i gcás ina gceadófaí do na bearta dul i léig. |
3.4.6. An dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís
|
(115) |
I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithrisí (113) agus (114) thuas, rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse i dtaobh an raibh an dóchúlacht ann go dtarlóidh dumpáil arís i gcás ina rachadh na bearta i léig. Ar an gcaoi sin, rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: praghas onnmhairithe táirgí comhréidhe teorollta áirithe de chuid na Síne d’iarann, de chóimhiotal nó de chruach cóimhiotail eile chuig an gcuid eile den domhan, acmhainneacht táirgeachta na Síne agus an acmhainn bhreise agus tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
3.4.6.1. Comparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin agus tríú tíortha agus an gnáthluach
|
(116) |
Rinne an Coimisiún anailís ar phatrún praghsanna na n-onnmhairí Síneacha chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, sheiceáil sé an fhaisnéis atá ar fáil go poiblí amhail staidreamh onnmhairiúcháin na Síne mar a tuairiscíodh in Atlas Trádála Domhanda (‘GTA’) agus d’asbhain sé cainníochtaí agus luachanna onnmhairiúcháin táirgí cruach comhréidh teorollta áirithe le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(117) |
Tuairiscíodh sa staidreamh onnmhairiúcháin ón tSín in GTA gurbh ionann meánphraghas onnmhairiúcháin SAB ón tSín chuig tíortha eile agus EUR 660/tona, a coigeartaíodh chuig praghas díreach ón monarcha (i ndiaidh coigeartuithe le haghaidh lasta mara agus intíre, agus muirir dhíluchtaithe) arbh ionann é sin agus EUR 626/tona. |
|
(118) |
Bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin a fuarthas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe os cionn 100 % faoi bhun an ghnáthluacha a suíodh i Roinn 3.4.4 thuas. Dá bhrí sin, measadh gur dócha, dá ndéanfaí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí ón tSín ag díol a dtáirgí leis an Aontas ar leibhéil a bheadh níos ísle ná an gnáthluach a fuarthas. |
3.4.6.2. acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(119) |
De cheal chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le hacmhainn na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar na fíorais a bhí ar fáil agus bhraith sé ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú éaga, chomh maith le foinsí eile a bhí ar fáil. |
|
(120) |
In 2020, bhain 56.5 % d’aschur amhchruach an domhain leis an tSín, i gcomparáid le 53.3 % in 2019 (65). I mí Mheán Fómhair 2020, sonraíodh i ráiteas ón 88ú Seisiún de Choiste Cruach ECFE ‘in ainneoin an tsuaite dhiúltaigh dhomhanda éilimh, tá méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh agus ar fhardail ó leibhéil na bliana seo caite sa tSín’. Ina theannta sin, thug an Coiste Cruach dá aire ‘leis an imní faoin éagsúlacht ón treocht dhomhanda sa tSín, i gcás inar shroich táirgeadh cruach na méideanna ba mhó riamh sa chéad seimeastar in 2020, agus i gcás inar shroich fardail na leibhéil b’airde go stairiúil. Tá an baol ann de bharr na bhforbairtí sin go mbeadh rósholáthar sa tSín, rud a mhéadódh na míchothromaíochtaí domhanda a bhí mar thoradh ar an suaitheadh éilimh mar gheall ar COVID-19.’ Tugadh tacaíocht bhreise don treocht maidir le acmhainneacht táirgeachta cruach atá ag síormhéadú sa tSín le ‘scaoileadh ollmhór coinníollacha creidmheasa’ mar aon le hinfheistíocht mhéadaithe ó mhórtháirgeoirí cruach, agus tá imreoirí níos lú fós lasmuigh den chóras rialaithe acmhainne. Chomh maith leis sin, sonraíodh i dTuarascáil ECFE i mí Feabhra 2021 le déanaí go bhfuil méadú ag teacht ar an ró-acmhainneacht déanta cruach ar fud an domhain agus go bhfuil sé sin á spreagadh go háirithe ag tíortha na hÁise lena n-áirítear an tSín (66). |
|
(121) |
Tá pleananna uaillmhianacha ag rialtas na Síne dá thionscal cruach agus (67) é ag féachaint le fáil réidh le gléasraí atá imithe i léig agus cuideachtaí neamhiomaíocha ag a bhfuil costais iomarcacha ag díriú ag an am céanna ar tháirgeoirí cruach atá i gcomhréir le beartais agus tosaíochtaí an rialtais a threisiú agus a chur chun cinn. An smaoineamh atá ann ná an tionscal a ghlanadh suas, na príomhghníomhaithe a neartú agus iad siúd atá ag tearcfheidhmiú agus iad siúd nach gcomhlíonann (nó nach ailíníonn le) tosaíochtaí an rialtais a dhíbirt. Is é an sprioc ‘glúin nua ceannairí tionscail’ a chothú. Baintear é sin amach trí bheartais amhail córas babhtála acmhainne, babhtálacha fiachais ar chothromas, lena n-éascaítear lánrogha stáit an-substaintiúil maidir le hoibríochtaí gnólachtaí aonair. Is é an bunchuspóir acmhainneachtaí na ngníomhaithe ‘roghnaithe’ a mhéadú, ar táirgeoirí ardfheidhmíochta iad a chomhlíonann cuspóirí reatha an rialtais don tionscal cruach. |
|
(122) |
Leis an bhfaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga meastar go bhfuil 345 mhilliún tona i gceist le hacmhainneacht iomlán na Síne i dtáirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chóimhiotal nó de chóimhiotal eile, agus measadh go bhfuil 314 mhilliún tona i gceist le táirgeadh agus tomhailt na Síne in 2020. Ar an mbonn sin, rinneadh meastachán gurbh ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín agus 31 mhilliún tona in 2020, rud a léiríonn acmhainneacht bhreise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus is ionann é agus tomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh beagnach (thart ar 35 mhilliún tona) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(123) |
Tá agus beidh an moilliú ar éileamh cruach na Síne i dtús 2021 ina phríomhspreagadh d’onnmhairí atá ag méadú. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht agus éileamh Is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí dul i mbun onnmhairiú. Tá cumais na Síne rómhór i gcomparáid le riachtanais iarbhír gheilleagar na Síne. |
|
(124) |
Ina theannta sin, tá ceann de na príomh-mhargaí amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá, á chosaint le bearta frithdhumpála ar an táirge faoi athbhreithniú, lena laghdaítear an rochtain atá ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. |
|
(125) |
Ar an mbonn sin, is dóigh go ndíreoidh táirgeoirí ón tSín a n-acmhainní breise chuig margadh an Aontais i gcainníochtaí móra ag praghsanna dumpáilte má théann na bearta in éag. |
3.4.6.3. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(126) |
Tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan de tháirgí áirithe de chruach chomhréidh theorollta. Thairis sin, ní féidir le margadh na Síne an acmhainn bhreise chruach a ionsú agus tá mór-mhargaí tríú tíortha dúnta d’onnmhairí na Síne toisc go bhfuil bearta frithdhumpála, cosanta nó bearta cosanta eile i bhfeidhm acu i gcoinne na Síne (68). Ina theannta sin, tá na leibhéil praghsanna san Aontas (EUR 734/tona an meánphraghas arna ghearradh ag tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) os cionn an mheánphraghais a ghearrann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ar an gcuid eile den domhan (EUR 714/tona ar leibhéal CAL). Ós rud é, mar a mhínítear in aithris (200) thíos, gur táirge tráchtearraí praghas-íogair é HRF, bheadh dreasacht láidir ag onnmhaireoirí na Síne a n-onnmhairí a dhíriú chuig an Aontas dá rachadh na bearta i léig. |
|
(127) |
Mhaígh an t-iarratasóir ina iarraidh nach mbeadh bearta coimirce cruach an Aontais amháin, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, leordhóthanach chun margadh an Aontais a chosaint ar allmhairí i gcainníochtaí suntasacha ag praghsanna dumpáilte. Toisc nach bhfuair an tSín aon chuóta tírshonrach maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, tá rochtain ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ar líon mór méideanna cuótaí iarmharacha faoina bhféadfaidís a gcuid onnmhairí a dhíriú chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag. Dá thoradh sin, dá ndéanfaí bearta frithdhumpála a aisghairm, is dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéideanna onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den chuóta iarmharach agus ar an gcaoi sin margadh an Aontais a phlúchadh sula mbeadh feidhm ag aon dleacht lasmuigh den chuóta faoin mbeart coimirce. |
|
(128) |
I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil margadh an Aontais ina sprioc tharraingteach maidir leis an acmhainn bhreise atá sa tSín cheana, dá ndéanfaí bearta frithdhumpála a aisghairm. |
|
(129) |
I ndiaidh an nochta, mhaígh CISA, fiú má tá sé bunaithe ar na fíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, go bhfuil sé míréasúnta go mbeadh aige gnáthluach na n-onnmhaireoirí ón tSín atá beagnach dhá oiread an chostais a bhaineann le táirgeadh thionscal an Aontais. |
|
(130) |
Mar a luaitear in aithrisí (95) agus (112), sholáthair an Coimisiún luachanna aonaid na dtosca táirgeachta agus thug sé tuilleadh sonraí faoin modheolaíocht a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh. Ós rud é nárbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne, rinneadh na cinntí maidir leis na hallmhairí ón tSín ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán lena n-áirítear an tAtlas Trádála Domhanda (‘GTA’) chun costas neamhshaofa fhormhór na dtosca táirgeachta a shuí, go háirithe na hamhábhair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.4.6.4. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís
|
(131) |
I bhfianaise na dtorthaí maidir le hacmhainní breise, tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna agus ós rud é go bhfuil na praghsanna a ghearrann táirgeoirí onnmhairiúchán ón tSín ar thríú tíortha giota maith faoi bhun an ghnáthluacha a suíodh, chinn an Coimisiún gur dócha go dtarlóidh an dumpáil arís, dá ligfí do na bearta dul i léig. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(132) |
De réir an iarratasóra, rinne 21 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is ionann na táirgeoirí sin agus ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(133) |
Suíonn go raibh táirgeadh iomlán an táirge de chuid an Aontais a bhí faoi athbhreithniú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe thart ar 70 milliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal an Aontais, amhail an iarraidh ar athbhreithniú éaga, freagraí ar an gceistneoir fíoraithe agus an freagra ar an macraicheistneoir a chuir Eurofer isteach. Mar a léirítear in aithris (13), b’ionann táirgeoirí an Aontais a roghnaíodh sa sampla agus 29 % de tháirgeadh iomlán an Aontais den táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(134) |
Meastar gur ábhar príomhúil é an táirge faoi athbhreithniú chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh, ag tosú le táirgí fuar-rollta. Ós rud é go bhfuil tionscal an Aontais comhtháite go hingearach den chuid is mó agus go dtáirgeann sé an táirge faoi athbhreithniú agus táirgí iartheachtacha araon, rinneadh anailís ar leithligh ar an margadh faoi chuing agus ar an saormhargadh, i gcás inarb iomchuí. |
|
(135) |
Is ábhartha é an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh a mhéid a bhaineann leis an anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí a dhírítear ar an margadh faoi chuing, d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí, agus socraítear praghsanna an aistrithe, más ann dóibh, laistigh de na grúpaí i gcomhréir le beartais praghais éagsúla. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeacht a dhírítear ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann, agus socraítear praghsanna de réir dhálaí an mhargaidh. Ina theannta sin, áirítear ar an saormhargadh iomlán díolacháin tháirgeoirí an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara agus díolacháin neamhchuingeacha le cuideachtaí gaolmhara. |
|
(136) |
Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir leis an táirge comhchosúil agus chinn sé an raibh an táirgeacht dírithe ar an margadh faoi chuing nó ar an saormhargadh. Fuair an Coimisiún go raibh thart ar 60 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas dírithe ar an margadh faoi chuing le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(137) |
Shuigh an Coimisiún an tomhaltas ar an saormhargadh san Aontas ar bhonn (a) na ndíolachán ar mhargadh an Aontais maidir le táirgeoir aitheanta san Aontas, mar a tuairiscíodh sa fhreagra ar an macraicheistneoir ó Eurofer agus (b) allmhairí chuig an Aontas ó gach tríú tír a thuairiscíonn Eurostat. Suíodh tomhaltas margaidh faoi chuing an Aontais bunaithe ar úsáid faoi chuing agus ar dhíolacháin faoi chuing gach táirgeora aitheanta san Aontas, mar a tuairiscíodh sa fhreagra ar an macraicheistneoir ó Eurofer. |
|
(138) |
Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (000 tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(139) |
Tháinig laghdú 7 % ar thomhaltas iomlán an Aontais in 2019 agus tháinig laghdú tobann 12 % eile air in 2020 mar gheall ar meath ar an éileamh de bharr phaindéim COVID-19. Mar sin féin, lean téarnamh maith an laghdú sin mar gheall ar an téarnamh ar an éileamh ar chruach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ach bhí sé fós 6 % faoi bhun leibhéal 2018. |
|
(140) |
Bhí treocht cosúil le treocht thomhaltas iomlán an Aontais i gceist leis an tomhaltas ar an saormhargadh. Tháinig laghdú tobann 19 % air suas go 2020 agus tháinig téarnamh láidir air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus shroich sé leibhéal 1 % níos airde ná leibhéal 2018. |
|
(141) |
Bhí treocht thomhaltas an mhargaidh faoi chuing beagnach mar an gcéanna le treocht thomhaltas iomlán an Aontais – tháinig laghdú tobann 18 % air go dtí 2020, agus théarnaigh sé ina dhiaidh sin ach níor shroich sé ach 89 % de leibhéal 2018. |
|
(142) |
Ar an iomlán, tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(143) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh de na hallmhairí ar bhonn comparáide idir méideanna na n-allmhairí agus tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a léirítear i dTábla 2 thuas. |
|
(144) |
Seo a leanas mar a bhí forbairt na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 3 Méid na n-allmhairí (000 tona), sciar den mhargadh agus praghsanna (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(145) |
I ndiaidh fhorchur na mbeart in 2017, thit allmhairí ón tSín go leibhéal neamhshuntasach, agus sciar diomaibhseach den mhargadh de 0.002 % in 2018. Ó 2018 go 2020, tháinig laghdú ar allmhairí arís eile. Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig ardú tobann ar na hallmhairí ón tSín i mí Aibreáin 2021, áfach, i gcomparáid leis na leibhéil ísle sna trí bliana roimhe sin. Mar sin féin, bhí sciar den mhargadh fós an-íseal ag 0.1 %. |
|
(146) |
Bhí praghsanna allmhairiúcháin na Síne, mar a tuairiscíodh in Eurostat, thar a bheith ard le linn 2018, 2019 agus 2020, cé gur thit siad go tobann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is dócha go mbaineann na praghsanna allmhairiúcháin thar a bheith ard idir 2018 agus 2020 le gur onnmhairigh an tSín méid diomaibhseach chuig an Aontas, nach féidir a mheas mar a bheith iontaofa. |
|
(147) |
Mheas an Coimisiún nach léirítear le praghsanna allmhairiúcháin na Síne a tuairiscíodh in Eurostat le linn na tréimhse meánphraghsanna HRF mar gheall ar an méid an-íseal allmhairí ón tSín le linn na tréimhse sin agus nach bhféadfaí iad a úsáid chun conclúidí fiúntacha nó ábhartha a dhéanamh. |
|
(148) |
Is mar a leanas a forbraíodh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile: Tábla 4 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(149) |
Tháinig laghdú 26 % ar allmhairí iomlána an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas an tír lena mbaineann ó 2018 go 2020 agus tháinig méadú tobann orthu in 2021 agus sciar 28 % den mhargadh á bhaint amach acu, arb é sin 20 % os cionn leibhéal 2018. Ar an iomlán, allmhairíonn an tAontas HRF ó níos mó ná 40 tír ar fud an domhain. Ba iad an Rúis, an India, an Tuirc, an Éigipt agus an Téaváin na cúig onnmhaireoir HRF is mó chuig an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arb é sin 18 % de shaormhargadh an Aontais agus 65 % d’allmhairí uile HRF. Ar bhonn indibhidiúil, ba í an Rúis an t-onnmhaireoir ba mhó le sciar 5.8 % den mhargadh agus bhí sciar den mhargadh idir 2 % agus 4 % ag na ceithre thír eile, faoi seach. Níl sciar den mhargadh os cionn 2 % ag aon tír eile. I measc na n-onnmhaireoirí is mó, tá allmhairí ón Rúis (69) agus ón Tuirc (70) clúdaithe faoi láthair le bearta frithdhumpála. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(150) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(151) |
Mar a luaitear in aithris (13), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú. |
|
(152) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí arna soláthar ag an iarratasóir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Rinneadh amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(153) |
Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana. |
|
(154) |
Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú. |
|
(155) |
Mar a mhínítear in aithrisí (136) - (137), chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh tháirgeadh iomlán an táirge atá i dtrácht, agus chinn sé an ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeacht dírithe. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar tháscairí díobhála a bhaineann leis an saormhargadh agus leis an margadh faoi chuing. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1. Táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(156) |
Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(157) |
Bhí treocht mhéid táirgeachta thionscal an Aontais mar an gcéanna le treocht thomhaltas iomlán an Aontais agus tháinig laghdú thart ar 8 % air ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú suntasach air in 2020 agus téarnamh ina dhiaidh sin mar gheall ar an téarnamh ar an éileamh cruach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(158) |
Cé gur tháinig méadú beag de 3 % ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean an úsáid acmhainneachta an treocht dhiúltach chéanna le méid agus tomhaltas na táirgeachta agus tháinig laghdú 10 % uirthi idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.4.2.2. Méid díolachán agus sciar den mhargadh
|
(159) |
Tháinig forbairt ar mhéid díolachán an Aontais agus ar a sciar den saormhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 6 Méid díolachán agus sciar den mhargadh sa saormhargadh (000 tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(160) |
Lean méid díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais treocht an tomhaltais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú air idir 2018 agus 2020 ar na cúiseanna a míníodh in aithris (139), agus tháinig sé chuige féin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ina dhiaidh sin. Fós féin, bhí an téarnamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe fós faoi bhun leibhéil 2018. |
|
(161) |
Le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, tháinig méadú beag ar sciar margaidh de thionscal an Aontais i dtéarmaí thomhaltas an Aontais ó 2018 go 2020, ó 77 go 79 % agus laghdú seacht bpointe céatadáin ag teacht air idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go 72 %. Mar a léirítear i dtábla 4, mínítear an meath sin toisc gur tháinig méadú 7 % ar an sciar margaidh d’allmhairí ó thríú tíortha idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a mhíníonn caillteanas thionscal an Aontais sa sciar den saormhargadh. Tábla 7 Méid faoi chuing mhargadh an Aontais agus sciar den mhargadh (000 tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(162) |
Tháinig laghdú 18 % ar mhéid faoi chuing thionscal an Aontais (ina gcuimsítear úsáid faoi chuing agus dhíolacháin faoi chuing ar mhargadh an Aontais) ó 2018 go 2020 agus tháinig téarnamh 7 bpointe céatadáin air in 2021, rud a raibh sé de thoradh air gur tháinig laghdú foriomlán 11 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 45 mhilliún tona go 40 milliún tona ó thús go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, lean an saormhargadh agus an margadh faoi chuing an treocht chéanna. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon tionchar suntasach ag forbairt an mhargaidh faoi chuing ar fheidhmíocht thionscal an Aontais ar an saormhargadh. |
|
(163) |
Bhí sciar den margadh faoi chuing thionscal an Aontais (céatadán den táirgeadh iomlán curtha in iúl) fós réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, idir 58.1 % agus 60.5 %. |
4.4.2.3. Fás
|
(164) |
I gcomhthéacs tomhaltas agus táirgeadh a laghdú, chaill tionscal an Aontais méid díolacháin agus sciar den mhargadh sa saormhargadh. Ar an iomlán, níor tháinig aon fhás ar thionscal an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(165) |
Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 8 An fhostaíocht agus an táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(166) |
Idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean líon na bhfostaithe a bhí ag gabháil do tháirgeadh an táirge faoi athbhreithniú treocht mhéid tháirgeacht an Aontais agus tháinig laghdú tobann air idir 2018 agus 2020 agus tháinig méadú beag air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 7 % air thar an tréimhse faoi athbhreithniú. |
|
(167) |
Bhí táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an fhostaí, fós cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. |
4.4.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin
|
(168) |
Mar a mhínítear in aithris (114), níorbh fhéidir cinneadh dearfach a shuí maidir le dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir corrlach dumpála a shuí. Dá bhrí sin, díríodh an t-imscrúdú ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís i gcás ina n-aisghairfí na bearta frithdhumpála. |
|
(169) |
Leis na bearta frithdhumpála a forchuireadh i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh, bhí tionscal an Aontais ábalta teacht chuige féin ó dhumpáil a rinneadh roimhe seo, mar a léirítear sna sonraí do 2018. Deimhníodh é sin freisin i dtorthaí an Choimisiúin san imscrúdú frithdhumpála i gcoinne táirgí comhréidhe teorollta ón Tuirc (71). |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(170) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna na ndíolachán aonaid ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais chuig custaiméirí san Aontas: Tábla 9 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(171) |
Tháinig laghdú 18 % ar mheánphraghsanna díolacháin thionscal an Aontais idir 2018 agus 2020 agus tháinig méadú as cuimse 34 % orthu in 2021 i gcomparáid le 2018. Bhí tionchar ag an mórshuaitheadh a tháinig as paindéim COVID-19 agus as atosú an éilimh i ndiaidh na paindéime ar threocht na bpraghsanna díolacháin aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2021, ba iad an t-éileamh ard ar chruach, an ganntanas soláthair, agus an costas méadaithe ar tháirgeadh na tosca a raibh tionchar acu ar an ardú tobann suntasach ar an bpraghas díola aonaid. |
|
(172) |
Tháinig méadú 29 % ar chostas aonaid an táirgthe an aonaid le linn na tréimhse lena mbaineann. In 2019, áfach, tháinig méadú ar an gcostas táirgthe agus thit na praghsanna díola aonaid. Ba é na méideanna móra allmhairí dumpáilte ón Tuirc, rud a bhrú síos na praghsanna ba chúis le neamhábaltacht thionscal an Aontais an costas méadaithe táirgthe a léiriú ina bpraghas díola. In 2020, thit an costas táirgthe agus na bpraghsanna díola araon, ach níor tháinig a laghdú beag an costas táirgthe. Tharla sé sin mar gheall ar an titim sa mhargadh le linn phaindéim COVID-19, laghdú suntasach ar phraghsanna ach ní dheachthas i gcion a oiread ar an gcostas táirgthe. Tháinig borradh faoi chostas aonaid an táirgthe in 2021 mar gheall ar mhéadú mór ar praghsanna fuinnimh agus tráchtearraí. Mar sin féin, mar gheall ar an téarnamh i ndiaidh COVID, tháinig ardú ar an éileamh chomh maith agus dá bhrí sin, tháinig méadú suntasach ar phraghsanna freisin (níos mó ná 50 % idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe), fiú níos mó ná an méadú ar chostais táirgthe sa tréimhse chéanna. |
4.4.3.2. Costais saothair
|
(173) |
Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 10 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||
|
(174) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 22 % ar na meánchostais saothair. Cé gur tháinig laghdú ar líon na bhfostaithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le 2018, tháinig méadú ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí. |
4.4.3.3. Fardail
|
(175) |
Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 11 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(176) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí laghdú leanúnach ag teacht ar stoc tionscail HRF an Aontais, agus laghdaigh sé go mór in 2020, rud a bhí de thoradh ar éifeachtaí phaindéim Covid-19, agus téarnamh in 2021. Tá creatchonarthaí (míosúla, ráithiúla, bliantúla) idir táirgeoirí agus custaiméirí a shocraíonn na cainníochtaí agus na praghsanna ina saintréithe ag tionscal HRF san Aontas. Cuirtear na creatchonarthaí i bhfeidhm trí orduithe ceannaigh de réir riachtanais na gcustaiméirí. Mar thoradh air sin, is féidir le tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a fhardail a phleanáil. Dá réir sin, agus mar a suíodh san imscrúdú bunaidh freisin, áfach, ní mheastar stoic mar tháscaire díobhála tábhachtach le haghaidh an tionscail seo cionn is go dtáirgeann an tAontas an chuid is mó de chineálacha an táirge chomhchosúil sin bunaithe ar orduithe sonracha na n-úsáideoirí. |
4.4.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú
|
(177) |
Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas: Tábla 12 An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(178) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil ar an saormhargadh san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
|
(179) |
Bhí an bhrabúsacht síos agus suas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú 5.7 pointe céatadáin ar an mbrabúsacht fhoriomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ndiaidh fhorchur na mbeart in 2017, tháinig an tionscal chuige féin agus thaifead sé brabús in 2018. Tabhaíodh caillteanais, áfach, in 2019 agus shroich brabúsacht a leibhéal is ísle, is é sin -18 %, in 2020 ag croílár na paindéime, agus in 2021 tháinig an brabús chuig féin go mór go dtí 14.1 %. I ndiaidh fhochur na mbeart in aghaidh na Síne in 2017, tháinig méadú tapa ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle ón Tuirc, rud a mhíníonn an laghdú ar an mbrabúsacht in 2019. D’éirigh an laghdú sin ar an mbrabúsacht níos measa ansin mar gheall ar an suaitheadh a bhí mar thoradh ar an bpaindéim dhomhanda in 2020, amhail suaitheadh an tslabhra soláthair agus an laghdú ar thomhaltas cruach. Bhí na brabúis thar a bheith ard in 2021, mar gheall ar mhéadú tobann ar an éileamh cruach, mar aon le praghsanna méadaithe díola, agus mar sin bhí an bhliain sin ina bliain eisceachtúil do thionscal an Aontais. |
|
(180) |
Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt ar an treocht maidir leis an nglansreabhadh airgid ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú ollmhór in 2019-2020, agus téarnamh láidir ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(181) |
Idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú 82 % ar infheistíochtaí. Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean na sreafaí infheistíochta dáileadh démhódúil: tháinig méadú suntasach ar infheistíocht in 2019, agus tháinig laghdú air ina dhiaidh sin in 2020 agus an buaic eile in 2021. Go ginearálta, bhí na hinfheistíochtaí dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar ghlasú na táirgeachta. |
|
(182) |
Is é an toradh ar infheistíochtaí (TAI) an brabús ina chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig feabhas suntasach ar an toradh ar infheistíocht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. Go deimhin, le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, tháinig méadú 8.3 pointe céatadáin ar TAI. Forbraíodh é ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú suntasach in 2019 agus 2020, agus téarnamh láidir ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(183) |
Níor cuireadh isteach ar chumas táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais caipiteal a thiomsú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus mar gheall air sin téarnaíodh go tapa ón bpaindéim. |
4.5. An chonclúid maidir le díobháil
|
(184) |
Tar éis bearta frithdhumpála a fhorchur i gcoinne allmhairí HRF ón tSín in 2017, tháinig laghdú ar allmhairí HRF ón tSín agus bhí siad fós faoi bhun an leibhéil de minimis le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag cur ar chumas thionscal an Aontais tosú ag téarnamh ó éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte ón tSín agus, mar a dhearbhaigh an Coimisiún i Rialachán 2021/1100 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí HRF de thionscnamh na Tuirce (72), bhí siad tagtha chucu féin faoi dheireadh 2018. Tháinig deireadh tobann le téarnamh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, áfach, agus aisiompaíodh é in 2019, nuair ab éigean do thionscal an Aontais dul in iomaíocht le méideanna suntasacha allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón Tuirc, rud a chuir iallach air a phraghsanna a shocrú faoi bhun costas lena sciar den mhargadh a choinneáil agus mar sin rinneadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais (73). I mí Iúil 2021, d’fhorchuir an Coimisiún bearta cinntitheacha in aghaidh na Tuirce agus a bhuí le tosca éagsúla a bhí i bhfeidhm, mar a mhínítear in aithris (179), tháinig feabhas ar staid thionscal an Aontais agus théarnaigh sé faoi dheireadh 2021 go staid eacnamaíoch a bhí cosúil leis an staid in 2018. Dá réir sin, níor measadh go raibh tionscal an Aontais díobháilte a thuilleadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(185) |
Go háirithe, lean beagnach gach táscaire díobhála, go háirithe táirgeadh, úsáid acmhainneachta, méideanna díolachán agus praghsanna díola, fostaíocht agus táirgiúlacht, brabús, sreabhadh airgid agus TAI treocht chomhchosúil le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba é príomhthréith na treochta sin laghdú in 2019, laghdú níos tobainne in 2020 agus téarnamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go leibhéil a bhí cosúil leis na leibhéil a breithníodh ag tús na tréimhse in 2018. Baineann an chúis taobh thiar den treocht neamhrialta sin den chuid is mó le comhtharlú insreabhadh suntasach na n-allmhairí dumpáilte HRF ar phraghas íseal ón Tuirc agus na ndinimicí uathúla a cruthaíodh le paindéim COVID-19. Mar gheall ar an dianghlasáil agus an gcur isteach ar ghníomhaíocht thionsclaíoch, bhí na leibhéil tomhaltais thar a bheith íseal agus bhí an t-éileamh ar chruach íseal in 2020, agus tháinig méadú ar an éileamh ar chruach agus ar phraghsanna cruach in 2021 le linn an téarnaimh i ndiaidh COVID, i measc nithe eile, agus bhí brabúis thar a bheith ar ann don tionscal cruach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(186) |
Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(187) |
Mar sin féin, ní féidir na táscairí a anailísiú gan na dálaí margaidh cruach a bhí thar a bheith fabhrach do 2021 a chur san áireamh. In 2020, áfach, tháinig géarchor chun donais ar fheidhmíocht an tionscail cruach, agus ar an ngeilleagar domhanda i gcoitinne mar gheall ar an moilliú ar ghníomhaíocht thionsclaíoch de bharr na paindéime, agus an laghdú dá bharr sin ar an éileamh ar chruach. In 2021, agus é spreagtha ag téarnamh ar an éileamh, tháinig an tomhaltas cruach chuige féin go láidir, agus tháinig na praghsanna cruach chucu féin freisin. |
5. AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS
|
(188) |
Mar a mhínítear in aithris (186), ba é conclúid an Choimisiúin nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an láimh eile, mar a mhínítear in aithris (131), ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go dtosófar an dumpáil arís mar gheall nach raibh bearta frithdhumpála ann. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, i dtaobh an dtarlódh an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul as feidhm. |
|
(189) |
I ndáil leis an méid sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, na leibhéil praghsanna is dócha a bheidh ag allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar dóchúil ar thionscal an Aontais. |
5.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(190) |
Mar a thuairiscítear in aithris (122), tá acmhainneacht bhreise shuntasach ag na táirgeoirí sa tSín. Go deimhin, comhfhreagraíonn acmhainn bhreise mheasta na Síne do 89 % de mhéid thomhaltas an Aontais sa saormhargadh. D’fhéadfaí acmhainn bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (123), tá, agus beidh an t-éileamh ar chruach sa tSín, atá ag laghdú ina phríomhspreagadh don mhéadú ar onnmhairí. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht agus éileamh sa tSín is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí na Síne dul i mbun onnmhairiú. |
|
(191) |
Ina theannta sin, tá ceann de na príomh-mhargaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá, á chosaint le bearta frithdhumpála ar an táirge faoi athbhreithniú, lena laghdaítear rochtain na dtáirgeoirí ón tSín. |
5.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(192) |
Mar a thuairiscítear in aithris (126), tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan de tháirgí áirithe de chruach chomhréidh theorollta. Thairis sin, ní féidir le margadh na Síne an acmhainn bhreise chruach a ionsú agus tá mór-mhargaí tríú tíortha dúnta d’onnmhairí na Síne toisc go bhfuil bearta frithdhumpála, cosanta nó bearta cosanta eile i bhfeidhm acu i gcoinne na Síne. Chomh maith leis sin, tá leibhéil na bpraghsanna san Aontas níos airde ná an meánphraghas a ghearrann onnmhaireoirí na Síne ar an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, is sprioc tharraingteach é margadh an Aontais maidir leis an acmhainn breise atá sa tSín cheana, dá ndéanfaí bearta frithdhumpála a aisghairm. |
|
(193) |
I ndiaidh an nochta, chuir CISA i gcoinne na gconclúidí maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais, ag áitiú go mbraitheann tionscal cruach na Síne ar a mhargadh intíre, agus go bhfuil tomhaltas intíre na Síne deich n-oiread níos mó ná deighleog saormhargaidh an Aontais. Chuir sé i dtábhacht freisin, amhail ón 1 Lúnasa 2021, nach bhfuil táirgí cruach áirithe, lena n-áirítear cruach chomhréidh theorollta, incháilithe a thuilleadh le haghaidh lacáistí onnmhairiúcháin CBL, agus ar mar sin go bhfuil éifeacht dhíspreagthach acu ar onnmhairí agus go n-ateoraítear táirgeadh cruach na Síne chuig tionscal intíre na Síne leo. |
|
(194) |
D’aithin an Coimisiún gur mó i bhfad an tomhaltas intíre de chuid Acmhainní Daonna na Síne ná saormhargadh an Aontais ach, mar a mhínítear in aithris (190), tá acmhainneacht shuntasach bhreise ag na táirgeoirí sa tSín nach féidir leo a úsáid ina margadh intíre. Dá bhrí sin, níl aon rud ann a chuireann cosc ar tháirgeoirí na Síne an acmhainneacht bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (123), tá, agus beidh, an t-éileamh ar chruach sa tSín atá ag laghdú ina phríomhspreagadh don mhéadú ar onnmhairí. Leis an éagothroime a eascraíonn as sin idir acmhainneacht táirgeachta agus éileamh sa tSín is dóigh go méadófar an brú ar tháirgeoirí na Síne dul i mbun onnmhairiú. Maidir leis an athrú líomhnaithe ar an gcóras CBL, thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair CISA aon fhianaise a thacaíonn leis an argóint go mbeadh nó go mbeidh aon athruithe suntasacha ar iompar onnmhairiúcháin tháirgeoirí na Síne mar thoradh ar an athrú ar lacáistí CBL. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin mar go raibh sé gan bhunús. |
5.3. Praghsanna allmhairiúcháin dóchúla na Síne agus an tionchar dóchúil ar thionscal an Aontais
|
(195) |
Agus líon íseal na n-allmhairí ón tSín ó 2018 go dtí 2021 á chur san áireamh, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí brath ar na praghsanna allmhairiúcháin a thuairiscítear in Eurostat chun praghsanna dóchúla na n-allmhairí HRF ón tSín a shuí in éagmais bearta frithdhumpála. Ina ionad sin, mheas an Coimisiún praghsanna onnmhairiúcháin ó n tSín chuig gach tríú tír seachas an tAontas (‘an chuid eile den domhan’ nó ‘ROW’) mar athróg ionadaíoch. |
|
(196) |
Mar a thuairiscítear thuas in aithris (117), dheimhnigh an Coimisiún gurbh ionann praghsanna onnmhairiúcháin na Síne (FOB) chuig an gcuid eile den domhan agus 660 EUR/tona ar an meán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bunaithe ar an bpraghas sin agus chun an praghas ar dócha a sroichfeadh onnmhairí na Síne ag teorainn an Aontais a chinneadh, chuir an Coimisiún costas breise as árachas agus lasta leis. Mar gheall nár chomhoibrigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, chuaigh an Coimisiún i muinín na gcostas a úsáideadh san imscrúdú bunaidh, i.e. 52 EUR/tona, nó 7.9 % den phraghas/tona, mar na fíorais is fearr a bhí ar fáil. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh an praghas dóchúil CAL d’onnmhairí HRF na Síne chuig an Aontas níos mó ná 712 EUR/tona. |
|
(197) |
Ós rud é gur úsáideadh sonraí staidrimh, in éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní fhéadfaí ach meánphraghas in aghaidh an tona a shuí i gcás go leor cineálacha táirgí. Dá bhrí sin, de cheal faisnéise ar leibhéal an chineáil táirge, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún ríomh beacht an tsladghearrtha a dhéanamh ach b’éigean dó é féin a theorannú do chomparáid praghsanna idir meánphraghsanna in aghaidh an tona. |
|
(198) |
Socraíodh praghas onnmhairiúcháin na Síne dá bhrí sin i gcomparáid leis na meánphraghsanna ualaithe díola le linn an imscrúdaithe athbhreithnithe ar tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a ghearrtar ar chustaiméirí ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(199) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna ar an leibhéal céanna trádála agus, de réir analaí le modheolaíocht chun sladghearradh beacht a ríomh, léiríodh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríodh leis sin go ndéanfaí meánphraghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh thart ar 8 % ar an meán mar gheall ar onnmhairí na Síne. |
|
(200) |
Táirge tráchtearraí atá an-íogair ó thaobh praghais is ea HRF agus mar a breathnaíodh san imscrúdú bunaidh maidir le hallmhairí HRF ón tSín agus freisin san imscrúdú maidir leis an táirge comhchosúil ón Tuirc, d’fhéadfadh tionchar suntasach láithreach a bheith ag leibhéil sách réasúnta de shladghearradh praghsanna mar aon le méideanna móra ar fheidhmíocht thionscal an Aontais (74). Sa dá imscrúdú sin, mar gheall ar corrlaigh sladghearrtha faoi bhun 5 % cuireadh iallach ar thionscal an Aontais praghsanna díola a ísliú (nó sciar den mhargadh a chailleadh) a mhéid gur thabhaigh sé díobháil ábhartha sa ghearrthéarma. |
|
(201) |
Ós rud é go raibh tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tagtha chuige féin ó thréimhse shuaite agus tréimhse a bhí deacair ón taobh eacnamaíocht de, lena n-áirítear paindéim Covid-19, agus caillteanais carntha aige, tá sé fós i staid leochaileach. Is mór an seans, dá bhrí sin, le hatarlú allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón tSín i méideanna suntasacha lena sladghearrfaí praghsanna an Aontais, go mbeadh drochthionchar suntasach ar fheidhmíocht thionscal an Aontais, go háirithe maidir le táirgeadh, méideanna díolachán agus praghsanna díola, brabúsacht agus riachtanais infheistíochta, rud a mbeadh atarlú díobhála ábhartha mar thoradh air. |
|
(202) |
I ndiaidh an nochta, rinne CISA agóid i gcoinne roghnú na tréimhse a breithníodh don anailís díobhála. D’áitigh sé, mar gheall ar allmhairí dumpáilte HRF ag méideanna méadaithe ón Tuirc in 2019, an moilliú eacnamaíoch a spreag COVID, agus an borradh téarnaimh i ndiaidh na paindéime gur saobhadh an fhianaise a bhí ina bhunús faoin anailís dumpála agus díobhála. Mhaígh sé gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar thréimhse eile agus mhol sé tréimhse shínte a scrúdú, lena gcumhdaítear bliain amháin nó dhá bhliain roimh an tréimhse a breithníodh (2016-2018) i ndiaidh RIP (2022). |
|
(203) |
Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Mheabhraigh sí gur aithníodh agus gur breithníodh go cúramach in anailís díobhála an Choimisiúin na heilimintí éagsúla atá liostaithe ag CISA mar eilimintí ar ar a mbonn sin a d’fhéadfaí an fhianaise a shaobhadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún faoi deara freisin, fiú dá mbreithneofaí tréimhse shínte roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a mhol CISA, go mbeadh na heilimintí céanna fós ann. Maidir le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mheabhraigh an Coimisiún, bunaithe ar Airteagal 6(1) den bhun - Rialachán,‘roghnófar tréimhse imscrúdaithe, ar tréimhse í i gcás dumpála, nach mbeidh níos giorra, de ghnáth, ná 6 mhí go díreach roimh thionscnamh an imeachta. De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe. Is cásdlí bunaithe é nach féidir a cheangal ar an gCoimisiún tosca a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe a ionchorprú ina ríomhanna, mura rud é go nochtar forbairtí nua leis na tosca sin lena ndéantar an dleacht frithdhumpála a bhí á moladh míchuí go follasach (75). Ba cheart feidhm a bheith ag an réasúnaíocht chéanna, de réir analaí, maidir le himscrúduithe athbhreithnithe arna dtionscnamh faoi Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Níor chuir CISA aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh a thaispeáint go raibh na forbairtí a rinneadh i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ina gcúis le hath-fhorchur na dleachta a bhí míchuí go follasach. |
5.4. Conclúid
|
(204) |
Ar bhonn an mhéid thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís. |
6. LEAS AN AONTAIS
|
(205) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
6.1. Leas thionscal an Aontais
|
(206) |
Tá tionscal an Aontais lonnaithe in 15 Bhallstát (an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn). Fostaíonn sé breis agus 38 000 fostaí i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(207) |
In éagmais beart, ní chosnófar tionscal an Aontais a thuilleadh ar an méadú dóchúil ar allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a bheidh ina chúis le díobháil ábhartha. Beidh tionchar dearfach ag bearta frithdhumpála ar tháirgeoirí an Aontais, toisc go gcuideoidh na bearta le tionscal an Aontais leanúint dá théarnamh ó dhumpáil a rinneadh roimhe seo. Dá bhrí sin, is léir go rachadh sé chun tairbhe thionscal an Aontais na bearta a choinneáil ar bun. |
6.1.1. Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara
|
(208) |
Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí aitheanta agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar chun tosaigh chun comhoibriú san imscrúdú seo trí fhreagra ar cheistneoir a chur isteach. Mar gheall nár chomhoibrigh na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, ní bhreithnítear go bhfuil leanúint na mbeart in aghaidh leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí. |
|
(209) |
Ina theannta sin, rinne an Coimisiún anailís i dtaobh an mbeadh tionchar diúltach ag bearta i gcoinne na Síne ar shlándáil an tsoláthair, toisc go bhfuil bearta i bhfeidhm freisin maidir le HRF in aghaidh na Tuirce, na Brasaíle, na hIaráine agus na Rúise. Ba é 75 % leibhéal úsáide acmhainneachta thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus bhí acmhainneacht táirgeachta iomlán os cionn 18 milliún tona níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais, de réir shonraí macraicheistneoir Eurofer. Ina theannta sin, in ainneoin na mbearta in aghaidh cuid de na mór-onnmhaireoirí HRF, d’onnmhairigh beagnach 40 tír an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a léiríonn nach rachadh forchur na mbeart i gcion ar éagsúlú an tsoláthair. Ar na cúiseanna sin agus de cheal chomhoibriú na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí, chinn an Coimisiún nach raibh aon rioscaí féideartha ann ar leibhéal an tsoláthair d’úsáideoirí iartheachtacha. |
|
(210) |
I ndiaidh an nochta, thagair CISA do choimirce an Aontais maidir le hallmhairí inter alia, HRF ón tSín, lena gcuirtear teorainn shuntasach leis an deis do tháirgeoirí na Síne HRF a onnmhairiú chuig margadh an Aontais agus lena gcuirtear srian leis na sreafaí saorthrádála chun aimhleasa táirgeoirí iartheachtacha agus úsáideoirí deiridh. |
|
(211) |
Mheabhraigh an Coimisiún nach féidir an chosaint lena mbaineann a mheas mar chosaint bhuan, agus nach bhfuil aon tionchar ag an mbeart (76) atá i bhfeidhm faoi láthair ar an measúnú ar an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú ar allmhairí in éagmais dleachtanna frithdhumpála. I bhfianaise chineál sealadach na cosanta cruach, shuigh an Coimisiún dá bhrí sin nach bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chonclúidí san imscrúdú seo. Maidir le slándáil an tsoláthair, mar a luaitear in aithris (209), sháraigh acmhainneacht táirgeachta iomlán thionscal an Aontais tomhaltas iomlán an Aontais, agus d’onnmhairigh roinnt tríú tíortha eile HRF chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thairis sin, déantar athbhreithniú agus coigeartú rialta ar an mbeart coimirce más gá chun soláthar leordhóthanach cruach a áirithiú i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheadh bearta coimirce ina riosca do shlándáil an tsoláthair d’úsáideoirí iartheachtacha. |
|
(212) |
Ina theannta sin, mhaígh CISA freisin go gcuirfí meath ar an rochtain ar mhargadh an Aontais i bhfianaise na n-oibleagáidí troma tuairiscithe agus na bhformhuirear a bhaineann le CBAM le tabhairt isteach an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM). |
|
(213) |
Mheabhraigh an Coimisiún nach dtiocfaidh CBAM i bhfeidhm go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus nach mbeidh ar allmhaireoirí, le linn idirthréimhse, go dtí 2026, ach astaíochtaí atá leabaithe ina n-earraí a thuairisciú gan aon mhuirir airgeadais a thabhú. Is é an chúis a luaitear leis an idirthréimhse sin am a thabhairt do pháirtithe coigeartú a dhéanamh sula gcuirfear an córas deiridh i bhfeidhm agus an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go bhfuil sé róluath aon mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag CBAM ar shreafaí trádála HRF amach anseo agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
6.1.2. Conclúid maidir le leas an Aontais
|
(214) |
Ar bhonn an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis láidir ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais leanúint leis na bearta atá ann cheana maidir le hallmhairiú táirgí comhréidh teorollta áirithe de chruach iarainn, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne. |
7. MAÍOMH GO gCUIRFÍ NA BEARTA AR FIONRAÍ
|
(215) |
Mhaígh CISA gur cheart na bearta reatha frithdhumpála a chur ar fionraí i gcomhréir le hairteagal 14(4) den bhun-Rialachán agus d’áitigh sé go bhfuil an dá choinníoll a leagtar amach san Airteagal 14(4) thuasluaite den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh. Mhaígh sé go bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach dócha go leanfaí den díobháil nó go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí. I bhfianaise an mhéid sin, thagair CISA d’ionchais fáis thionscal iartheachtach an Aontais agus don téarnamh eacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis sa tréimhse tar éis COVID, do mhéaduithe ar phraghais an táirge lena mbaineann, don laghdú a bhfuiltear ag súil leis ar mhéid na n-allmhairí ón Rúis agus ón Úcráin agus an Cinneadh Cur Chun Feidhme chun na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear ar tháirgí cothromrollta alúmanaim ó Dhaon-Phoblacht na Síne (77) a chur ar fionraí. |
|
(216) |
Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CISA, toisc go raibh sé cineálach agus nach raibh bunús leis. Ar an láimh eile, suitear san imscrúdú athbhreithnithe gur dócha go dtarlódh díobháil arís in éagmais beart agus, mutatis mutandis, i gcás fionraí. Tar éis an nochta, rinne CISA an t-éileamh sin arís, ach níor chuir sé aon argóint nua ar aghaidh. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(217) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le hatarlú dumpála, atarlú díobhála agus leas an Aontais, na bearta frithdhumpála maidir le hallmhairiú táirgí comhréidhe teorollta áirithe de chruach iarainn, de cruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh na Síne, ba cheart iad a choinneáil ar bun. |
|
(218) |
Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(219) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(220) |
Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin. |
|
(221) |
Tá feidhm ag na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus a tháirgtear ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart dóibh a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart go mbeadh siad faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála. |
|
(222) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (78). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(223) |
Féadfaidh onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair ar a onnmhairí a shocrú a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an ráta dleachta frithdhumpála í do chuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a dheonú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nach ndearna sé nó sí an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme ar a onnmhairí a shocrú; (ii) nach mbaineann sé le cuideachta a rinne amhlaidh agus go bhfuil sé faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála dá bharr sin; agus (iii) gur onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go ndeachaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla. |
|
(224) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(225) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht dumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091 agus 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99 agus ar táirgí de thionscnamh na Síne iad.
Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an athbhreithniú seo:
|
(i) |
táirgí cruach dosmálta agus cruach leictreach sileacain dírithe ar ghráinní, |
|
(ii) |
táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais, |
|
(iii) |
táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ná mó ná 10 mm a dtiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, agus |
|
(iv) |
táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, atá 4.75 mm nó níos mó ach nach mó ná 10 mm ar tiús agus atá 2 050 mm nó níos mó ar leithead. |
2. Rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh siad:
|
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Bengang Steel Plates Co., Ltd. |
0 % |
C157 |
|
|
Handan Iron & Steel Group Han-Bao Co., Ltd. |
10,3 % |
C158 |
|
|
Hesteel Co., Ltd. Tangshan Branch (80) |
10,3 % |
C159 |
|
|
Hesteel Co., Ltd. Chengde Branch (81) |
10,3 % |
C160 |
|
|
Zhangjiagang Hongchang Plate Co., Ltd. |
31,3 % |
C161 |
|
|
Zhangjiagang GTA Plate Co., Ltd. |
31,3 % |
C162 |
|
|
Shougang Jingtang United Iron and Steel Co. Ltd. |
0 % |
C164 |
|
|
Beijing Shougang Co. Ltd., Qian’an Iron & Steel branch |
0 % |
C208 |
|
|
Angang Steel Company Limited |
10,8 % |
C150 |
|
|
Inner Mongolia Baotou Steel Union Co., Ltd. |
0 % |
C151 |
|
|
Jiangyin Xingcheng Special Steel Works Co., Ltd. |
0 % |
C147 |
|
|
Shanxi Taigang Stainless Steel Co., Ltd. |
0 % |
C163 |
|
|
Maanshan Iron & Steel Co., Ltd |
10,8 % |
C165 |
|
|
Rizhao Steel Wire Co., Ltd. |
10,8 % |
C166 |
|
|
Rizhao Baohua New Material Co., Ltd. |
10,8 % |
C167 |
|
|
Tangshan Yanshan Iron and Steel Co., Ltd. |
0 % |
C168 |
|
|
Wuhan Iron & Steel Co., Ltd. |
10,8 % |
C156 |
|
|
Gach cuideachta eile |
0 % |
C999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. I gcás ina soláthraíonn aon táirgeoir onnmhairiúcháin nua sa tSín dóthain fianaise don Choimisiún chun an méid seo a leanas a chruthú:
|
(a) |
ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015 (tréimhse an imscrúdaithe bunaidh); |
|
(b) |
níl sé gaolmhar le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus |
|
(c) |
rinne sé an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh an Síne é a onnmhairiú go hiarbhír nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. |
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú tríd an táirgeoir onnmhairiúcháin nua a chur le liosta na gcuideachtaí a chuirtear in iúl sa tábla agus faoi réir dleacht aonair nach mó ná an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí sin a chomhoibrigh san imscrúdú frithdhumpála ach nach raibh san imscrúdú frith-fhóirdheontais, i.e. 0 %.
5. I gcás ina ndéanfar na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchuirtear le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún a mhodhnú nó a bhaint, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 den chion céanna atá teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a aimseofar nó don chorrlach díobhála a aimseofar de réir cuideachta agus ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
I gcásanna inar baineadh an dleacht frithchúitimh ón dleacht frithdhumpála i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, cuirfear tús freisin le hiarrataí aisíocaíochta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 chun measúnú a dhéanamh ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn na tréimhse imscrúdaithe aisíocaíochta. Ní bheidh an méid a aisíocfar leis an iarratasóir ar aisíocaíocht níos mó ná an difríocht idir an dleacht a bailíodh agus an dleacht frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile a suíodh san imscrúdú aisíocaíochta.
6. Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidh ag na forálacha sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, IO L 92, 6.4.2017, lch. 68.
(3) Rialachán (AE) 2017/649, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, IO L 146, 9.6.2017, lch. 17.
(4) IO C 277, 12.7.2021, lch. 3.
(5) IO C 150, 5.4.2022, lch. 3.
(6) https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2594
(7) https://www.gtis.com/gta
(8) Úsáidtear an téarma ‘Rialtas na Síne’ sa Rialachán seo sa chiall is leithne, lena n-áirítear an Chomhairle Stáit, chomh maith leis na hAireachtaí, na Ranna, na Gníomhaireachtaí agus na hÚdaráis Riaracháin ar fad ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil.
(9) Aithris 76, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1778 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar allmhairí táirgí comhréidhe cruach teorollta áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 272, 7.10.2016, lch. 33).
(10) Féach an fonóta roimhe seo.
(11) https://www.gtis.com/gta/
(12) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus, in aon chás, sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cruach cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 27.10. 2022, lch. 149); Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de cheanglóirí iarainn nó cruach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36)lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L132, 19.4.2021, lch. 145).
(14) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 208, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 59, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 149-150.
(15) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 192, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 46, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 115-118
(16) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-4, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún aithris 47, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119-122. An ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé go bhféadfaí a mheas go léirítear leis na cearta úinéireachta comhfhreagracha, is ionann cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, agus modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na héilimh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1.86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(17) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithrisí 48-52, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123-129.
(18) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 53, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 130-133.
(19) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 75; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 203, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 54, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 134-135.
(20) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 76; Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 204, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 55, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 136-145.
(21) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf
(22) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 (IO L 92, 6.4.2017, lch.68) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar chineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotal nó de chruach chóimhiotal eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach a bhfuil bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).
(23) An Fóram Domhanda maidir le ró-acmhainn sa tionscal cruach, Tuarascáil Aireachta, 20 Meán Fómhair 2018.
(24) An Daon-Chomhdháil Náisiúnta, 14ú Plean Cúig Bliana, aistriúchán go Béarla ag an Lárionad um Shlándáil agus um Theicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn, an 12 Márta 2021,
https://cset.georgetown.edu/wp-content/uploads/t0284_14th_Five_Year_Plan_EN.pdf
(25) Réamhrá leis an bPlean maidir le hOiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach.
(26) An Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 9 den Choimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, agus arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha den Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013.
(27) ECFE, ‘ Latest developments in steelmaking capacity ’ [Na forbairtí is déanaí in acmhainneacht déanta cruach in 2021], Feabhra 2021, leathanach 11.
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne,(IO L 73, 15.3.2013, lch. 1)
(29) An Margadh ‘ Industrial Policy: If China does it, why can’t we? ’ [Má tá sé á dhéanamh ag an tSín, cén fáth nach féidir linne é a dhéanamh], 1 Márta 2021.
https://www.marketplace.org/2021/03/01/industrial-policy-if-china-does-it-why-cant-we/
(30) Féach:https://www.miit.gov.cn/jgsj/ycls/gzdt/art/2020/art_8fc2875eb24744f591bfd946c126561f.html (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(31) Féach Roinn IV, Foroinn 3 den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.
(32) Féach Roinn II, Foroinn 1 den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt an Tionscail Dramhchruach.
(33) Féach Plean Gníomhaíochta 3 Bliana Chúige Hebei maidir le Forbairt Braislí i Slabhra an Tionscail Cruach, Caibidil I, Roinn 3; atá ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20200717/1089773.shtml (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(34) Féach Plean Gníomhaíochta Trí Bliana Chúige Hebei maidir le Forbairt Braislí sa Tionscal Slabhra Cruach, Roinn II, Caibidil 4, Mír 12; atá ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20200717/1089773.shtml
(35) Féach Plean Forfheidhmithe Henan maidir le hAthchóiriú agus Uasghrádú a dhéanamh ar an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean 5 Bliana, Caibidil II, Roinn 3; atá ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211210/1192881.shtml (arna rochtain an 6 Feabhra 2023
(36) Féach Plean Forfheidhmithe Henan maidir le hAthchóiriú agus Uasghrádú a dhéanamh ar an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean 5 Bliana, Caibidil II, Roinn 3; atá ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211210/1192881.shtml
(37) Plean Oibre Chúige Jiangsu maidir leis an Earnáil Cruach a Athchóiriú agus a Uasghrádú agus Optamú a dhéanamh ar an Leagan Amach 2019-2025; atá ar fáil ag: http://www.jiangsu.gov.cn/art/2019/5/5/art_46144_8322422.html (arna rochtain an 6 Feabhra 2023;).
(38) An 14ú Plean 5 Bliana do Chúige Shandong maidir leis an Tionscal Cruach a fhorbairt; atá ar fáil ag: http://gxt.shandong.gov.cn/art/2021/11/18/art_15681_10296246.html (arna rochtain an 6 Feabhra 2023;).
(39) Plean Gníomhaíochta 2020 Chúige Shanxi maidir leis an Tionscal Cruach a Athrú agus a Uasghrádú; atá ar fáil ag: http://gxt.shanxi.gov.cn/zfxxgk/zfxxgkml/cl/202110/t20211018_2708031.shtml (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(40) Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang chun Forbairt Ardchaighdeáin ar an Tionscal Cruach a Chothú: ‘Cumaisc agus atheagrú fiontair a chothú, an próiseas comhchruinnithe a luathú, líon na bhfiontar bruithnithe cruach a laghdú go dtí thart ar 10 bhfiontar’; atá ar fáil ag: https://www.dl.gov.cn/art/2021/12/20/art_854_1995411.html (arna rochtain an 6 Feabhra 2023;).
(41) An 14ú Plean 5 Bliana de chuid Bhardas Liaoning Dalian chun Tionscal Monaraíochta a Fhorbairt: ‘Faoi 2025, sroichfidh luach aschuir thionsclaíoch na n-amhábhar nua 15 mhilliún yuan, agus is léir go bhfuil feabhas tagtha ar chumas ráthaíochta trealaimh agus príomhábhair.’; atá ar fáil ag: https://www.dl.gov.cn/art/2021/12/20/art_854_1995411.html (arna rochtain an 6 Feabhra 2023;).
(42) Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, ar fáil ag: http://www.ansteel.cn/about/jituangaoguan/ (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(43) Féach gréasán na cuideachta, ar fáil ag: https://www.baosteel.com/about/manager (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(44) Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.
(45) Féach 14ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Sine maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 6 Feabhra 2023).
(46) Féach go háirithe Ranna I agus II den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.
(47) Féach an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, lch. 22.
(48) Féach Plean Gníomhaíochta Bhardas Hebei Tangshan maidir le Cruach agus Iarainn 1 + 3 2022, Caibidil 4, Roinn 2; atá ar fáil ag: http://www.chinaisa.org.cn/gxportal/xfgl/portal/content.html?articleId=e2bb5519aa49b566863081d57aea9dfdd59e1a4f482bb7acd243e3ae7657c70b&columnId=3683d857cc4577e4cb75f76522b7b82cda039ef70be46ee37f9385ed3198f68a (arna rochtain an 6 Feabhra 2023)
(49) Féach Airteagal 3 ar shuíomh gréasáin Ansteel: 鞍钢集团网站 (ansteel.cn) (Foinse: Angang Daily 2021-11-24)
(50) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2020 (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3), aithrisí 143-144.
(51) ‘Tuairimí CISA in athbhreithniú éaga an Aontais maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairiú táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe d’iarann, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ’, a cuireadh isteach an 19 Bealtaine 2022.
(52) ‘Tuairimí CISA ar an nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh in athbhreithniú éaga an Aontais maidir le bearta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Síne iad’, a cuireadh isteach an 16 Meán Fómhair 2022.
(53) (IO L 146, 9.6.2017, lch 17) )
(54) Mar shampla, tagairt do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 ón gComhairle lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go mír 80 den iarraidh).(IO L 73, 15.3.2013, lch. 1)
(55) Féach Airteagal LXIV, Roinn 2 den 14ú Plean Cúig Bliana.
(56) Féach Roinn VIII den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt
(57) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(58) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.
(59) https://www.globalpetrolprices.com/Mexico/electricity_prices/
(60) https://www.cre.gob.mx/IPGN/index.html
(61) https://ilostat.ilo.org/data/country-profiles/
(62) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33) arna leasú le rialachán tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 (IO L 113, 29.4.2017, lch. 11).
(63) https://www.cre.gob.mx/IPGN/index.html
(64) https://s2.q4cdn.com/156255844/files/doc_financials/quarterly/2021/4Q2021/FS-Ternium-Dec31-2021.pdf
(65) Worldsteel, 26.1.2021, in ThinkDesk China Research & Consulting, ‘ China’s State - Business Nexus Revisited – Government Interventions and Market Distortions in the Chinese Steel Industry ’ [Athamharc ar an Nasc idir Stát agus Gnó na Síne – Idirghabhálacha Rialtais agus Saobhadh Margaidh i dTionscal Cruach na Síne], 17 Deireadh Fómhair 2021, lch. 92.
(66) ECFE, ‘ Latest developments in steelmaking capacity ’ [Na forbairtí is déanaí in acmhainneacht déanta cruach in 2021], Feabhra 2021, leathanach 11.
(67) ThinkDesk China Research & Consulting, ‘China’s State - Business Nexus Revisited – Government Interventions and Market Distortions in the Chinese Steel Industry ’ [Athamharc ar an Nasc idir Stát agus Gnó na Síne – Idirghabhálacha Rialtais agus Saobhadh Margaidh i dTionscal Cruach na Síne], 17 Deireadh Fómhair 2021.
(68) Tá bearta frithdhumpála sna tíortha seo a leanas faoi láthair: Ceanada, SAM, an Tuirc, Meicsiceo agus an Ríocht Aontaithe. Tá bearta cosanta ag GCC (tíortha na Murascaille) agus tá bearta Alt 232 ag Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin.
(69) IO L 258, 6.10.2017, lch. 24.
(70) IO L 238, 6.7.2021, lch. 32.
(71) Aithris 139, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad (IO L 3, 7.1.2021, lch. 4).
(72) Aithris 210, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 238, 6.7.2021, lch. 32).
(73) Ibid.
(74) Aithris 98, IO L 3, 7.1.2021, lch. 4.
(75) Breithiúnas an 17 Nollaig 2008 in T-462/04, HEG and Graphite India v an Chomhairle, ECLI:AE:T:2008:586, mír 67.
(76) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún beart coimirce maidir le táirgí áirithe cruach ar feadh tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún, cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024.
(77) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1788 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh na Síne, IO L 359, 11.10.2021, lch. 105.
(78) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.
(79) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(80) ‘Hebei Iron & Steel Co., Ltd. Tangshan Branch’ roimhe seo.
(81) ‘Hebei Iron & Steel Co., Ltd. Chengde Branch’ roimhe seo.