7.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1103 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meitheamh 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Athbhreithnithe a rinneadh cheana agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais, le Rialachán (CE) Uimh. 1628/2004 (2) d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia. Tar éis imscrúdú frithdhumpála, le Rialachán (CE) Uimh. 1629/2004 (3) forchuireadh dleacht frithdhumpála chinntitheach freisin ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (‘an t-imscrúdú bunaidh’)

(2)

I ndiaidh páirt-athbhreithniú eatramhach ex officio ar na bearta frithchúitimh, le Rialachán (CE) Uimh. 1354/2008 (4) leasaigh an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1628/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1629/2004.

(3)

I ndiaidh athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1185/2010 (5) chuir an Chomhairle síneadh leis na bearta frithchúitimh.

(4)

I ndiaidh athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/421 (6) chuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) síneadh leis na bearta frithchúitimh.

(5)

Ba é a bhí sna bearta frithchúitimh ráta dleachta ad valorem 6,3 % agus 7,0 % i gcás allmhairí ó onnmhaireoirí atá ainmnithe ar leithligh, agus ráta dleachta 7,2 % i gcás allmhairí ó na cuideachtaí uile eile san India.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(6)

Tar éis Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú a fhoilsiú (7), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(7)

Chuir táirgeoirí de chuid an Aontais an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 9 Nollaig 2021, ar táirgeoirí iad a dhéanann thart ar 90 % de tháirgeacht iomlán córas leictreoidí graifíte áirithe san Aontas (‘na hiarratasóirí’). Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus go gcuirfí tús arís leis an díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Cuid de na cleachtais fóirdheontas líomhainte, rinneadh iad a fhrithchúiteamh cheana féin san imscrúdú bunaidh agus cuid eile acu, is fóirdheontais bhreise nó fóirdheontais nua iad nach ndearnadh scrúdú orthu san imscrúdú bunaidh. I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le leordhóthanacht na fianaise ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó maidir leis an tír lena mbaineann agus ar ar a bonn a dhéanann an Coimisiún an t-imscrúdú seo a thionscnamh. Is féidir an meabhrán sin a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na hIndia á rá go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige roimh thionscnamh na n-imeachtaí. D’iarr an Coimisiún ar an India comhairliúcháin a dhéanamh leis arbh é ab aidhm dóibh ábhar na hiarrata ar athbhreithniú a thabhairt chun soiléireachta agus teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach. Ghlac Rialtas na hIndia le tairiscint na gcomhairliúchán a reáchtáladh dá éis sin an 3 Márta 2022. Le linn na gcomhairliúchán, ní rabhthas in ann teacht ar aon réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(9)

Tar éis dó a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún, an 9 Márta 2022, le Fógra, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8) (‘an Fógra Tionscnaimh’), athbhreithniú maidir le dul in éag i ndáil le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (‘an India’ nó ‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

1.4.   Imscrúdú ar leithligh a bhaineann le bearta frithdhumpála arna bhforchur ar an táirge faoi athbhreithniú

(10)

Le fógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 9 Márta 2022 (9), d’fhógair an Coimisiún freisin go gcuirfí tús le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), athbhreithniú ar na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia isteach san Aontas

1.5.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(11)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú nó go gcuirfear tús léi arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’ nó ‘RIP’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tús léi arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, maidir leis na hiarratasóirí, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na hIndia, allmhaireoirí, soláthróirí agus úsáideoirí aitheanta, trádálaithe chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, chuir an Coimisiún ar an eolas iad go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(13)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

1.7.   Sampláil

(14)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil na dtáirgeoirí san Aontas

(15)

Ina Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn méideanna táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas. Trí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí sa sampla. Bhí thart ar 61 % de tháirgeacht iomlán measta an táirge chomhchosúil agus 64 % de mhéid díolachán measta an táirge sin san Aontas ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Níor cuireadh aon bharúil in iúl don Choimisiún. Measadh, dá bhrí sin, go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.2.   Sampláil na n-allmhaireoirí

(16)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh go bhfuil, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(17)

Níor tháinig aon allmhaireoir chun cinn chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.

1.8.   Freagraí ceistneora agus cros-seiceáil chianda

(18)

Tráth an tionscnaimh, cuireadh na ceistneoirí ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (11).

(19)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, ó Rialtas Phoblacht na hIndia agus ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón India. Níor chuir aon cheann de na húsáideoirí ceistneoir ar fáil ná níor tháinig siad chun cinn le linn an imscrúdaithe.

(20)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil dá dheasca sin nó go gcuirfidís tús leo arís chun leas an Aontais a chinneadh. Is in áitribh Rialtas na hIndia agus na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán:

(a)

Táirgeoirí de chuid an Aontais

GrafTech Iberica S.L., Navarra, an Spáinn

Showa Denko Carbon Spain S.A., A Coruna, an Spáinn

Tokai Erftcarbon GmbH, Grevenbroich, an Ghearmáin

(b)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa India

HEG Limited, Bhopal (‘HEG’)

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(21)

Is é atá sa táirge faoi athbhreithniú leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,65 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach 6,0 μ.Ω.m nó níos lú, agus siní a úsáidtear le haghaidh leictreoidí den sórt sin, bíodh siad á n-allmhairiú le chéile nó ar leithligh (‘an táirge faoi athbhreithniú’), ar táirgí iad atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8545 11 00 agus ex 8545 90 90 (cóid TARIC 8545110010 agus 8545909010). ‘an táirge faoi athbhreithniú, nó ‘GES’).

2.2.   An táirge comhchosúil

(22)

Mar a leagadh síos san imscrúdú bunaidh chomh maith leis na hathbhreithnithe éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann, agus

an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

(23)

Dá bhrí sin chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ NÓ GO gCUIRFEAR TÚS LEIS ARÍS

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún cé acu ar dóigh go leanfar den fóirdheonú nó go gcuirfear tús leis an bhfóirdheonú arís de bharr dhul in éag na mbeart atá ann.

3.1.   Fóirdheontais agus cláir fóirdheontais a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe

(25)

Ar bhonn na faisnéise atá san iarraidh ar athbhreithniú, chomh maith leis an bhfaisnéis a chuir Rialtas na hIndia agus an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch isteach, rinneadh imscrúdú ar na scéimeanna seo a leanas, a líomhnaítear go bhfuil deonú fóirdheontas i gceist leo:

 

Scéimeanna a imscrúdaíodh agus a deimhníodh i dtosach le linn an athbhreithnithe éaga deiridh

(a)

An Scéim um Réamhúdarú (‘AAS’);

(b)

An Scéim um Onnmhairiú Earraí ón India (‘MEIS’);

(c)

An Scéim um Onnmhairiú Earraí Caipitiúla a Chur Chun Cinn (‘EPCGS’);

(d)

An Scéim Aisíoca Dleachta (‘DDS’)

(e)

Scéimeanna Réigiúnacha: díolúine ó dhleacht leictreachais agus cúnamh fioscach;

 

Scéimeanna breise

(f)

An Scéim um Loghadh Dleachtanna agus Cánacha ar Tháirgí Onnmhairithe (‘RODTEP’);

(g)

Maoiniú Onnmhairiúcháin Réamhsheolta agus Iarsheolta, Scéim Comhionannaithe Úis (‘IES’),

(h)

Scéim Údarúcháin um Allmhairiú Saor ó Dhleacht (‘DFIA’);

(i)

Scéimeanna réigiúnacha: lacáistí leictreachais agus rátaí laghdaithe;

(j)

Scéim na gCártaí Óir, Scéim an tSealbhóra Stádais;

(k)

Tionscnamh um Rochtain ar an Margadh (‘MAI’).

3.2.   Scéimeanna a imscrúdaíodh agus a deimhníodh i dtosach san athbhreithniú éaga deiridh

3.2.1.   Scéimeanna um dhíolúine agus loghadh dleachta

(26)

Tá na scéimeanna AAS, EPCGS agus MEIS bunaithe ar an Acht um Thrádáil Eachtrach (Forbairt agus Rialáil) 1992 (Uimh. 22 de 1992) a tháinig i bhfeidhm an 7 Lúnasa 1992 (‘An tAcht um Thrádáil Eachtrach’). Údaraíonn an tAcht Trádála Eachtraí Rialtas na hIndia fógraí a eisiúint maidir leis an mbeartas onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin. Déantar achoimre orthu sin i gcáipéisí ‘Beartas Trádála Coigríche’, a eisíonn an Aireacht Tráchtála de ghnáth gach cúig bliana agus a thugtar cothrom le dáta go rialta.

(27)

Is é Beartas Trádála Eachtraí 2015-20 (‘FTP 2015-20’) doiciméad an Bheartais Trádála Eachtraí atá ábhartha do thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig FTP 2015-20 i bhfeidhm i mí Aibreáin 2015 agus bhí sé le dul in éag an 31 Márta 2020. Ach de dheasca phaindéim COVID-19 cuireadh síneadh le FTP 2015-20 roinnt uaireanta, agus ba chuig an 31 Márta 2023 a cuireadh an síneadh is deireanaí. Chomh maith leis sin, leagann Rialtas na hIndia amach na nósanna imeachta lena rialaítear FTP 2015-20 i ‘Leabhar Nósanna Imeachta, 2015-20’ (‘HOP 2015-20’).

3.2.2.   An Scéim um Réamhúdarú (‘AAS’)

(28)

Shuigh an Coimisiún gur úsáid HES AAS le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.2.1.   Bunús dlí

(29)

Tá an tuairisc mhionsonraithe ar an scéim le fáil i míreanna 4.03 go 4.24 den FTP 2015-20 agus i gcaibidlí 4.04 go 4.52 de HOP 2015-20 agus HOP 2015-20 nuashonraithe.

3.2.2.2.   Incháilitheacht

(30)

Is éard atá in AAS sé fhoscéim, i.e. onnmhairí fisiceacha, an ceanglas bliantúil, soláthairtí idirmheánacha, onnmhairí measta, an réamhordú um scaoileadh, nó an litir chreidmheasa intíre chomhuaineach. Tá difríocht idir na foscéimeanna sin, inter alia, maidir le raon feidhme incháilitheachta. Monaróirí-onnmhaireoirí agus ceannaithe-onnmhaireoirí atá ‘faoi cheangal le’ monaróirí tacaíochta, tá siad incháilithe d’onnmhairí fisiciúla AAS agus d’fhoscéimeanna ceanglais bhliantúla AAS. Tá na monaróirí a sholáthraíonn an t-onnmhaireoir deiridh incháilithe don AAS le haghaidh soláthairtí idirmheánacha. Maidir leis na príomhchonraitheoirí a sholáthraíonn do na catagóirí ‘onnmhairí measta’ a luaitear i mír 7.02 de FTP 2015-20, amhail soláthraithe aonaid atá dírithe ar onnmhairí (‘EOU’), tá siad incháilithe don fhoscéim onnmhairiúcháin measta AAS. I ndeireadh na dála, tá soláthróirí idirmheánacha d’onnmhaireoirí-monaróirí incháilithe do shochair ‘onnmhairí measta’ faoi fhoscéim an Réamhordaithe um Scaoileadh agus faoi fhoscéim na Litreach creidmheasa intíre comhuainí.

3.2.2.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(31)

Is féidir an AAS a eisiúint le haghaidh:

(a)

Onnmhairí fisiceacha: Is é seo an fhoscéim is mó. Ceadaítear leis sin ábhair ionchuir a allmhairiú saor ó dhleacht chun an táirge onnmhairiúcháin sonrach a thiocfaidh as a tháirgeadh. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘fisiciúil’ go gcaithfidh an táirge onnmhairiúcháin críoch na hIndia a fhágáil. Sa cheadúnas sonraítear liúntas allmhairiúcháin agus oibleagáid onnmhairiúcháin, lena n-áirítear cineál an táirge onnmhairiúcháin;

(b)

Ceanglas bliantúil: Níl údarú den chineál sin nasctha le táirge onnmhairiúcháin ar leith, ach le grúpa táirgí níos leithne (e.g. táirgí ceimiceacha agus táirgí gaolmhara). Féadfaidh sealbhóir an cheadúnais – suas le tairseach luacha áirithe a shocraítear de réir a fheidhmíochta onnmhairiúcháin san am a chuaigh thart – aon ionchur saor ó dhleacht a allmhairiú, ionchur a bheidh le húsáid chun aon cheann de na hítimí a thagann faoi ghrúpa táirgí den sórt sin a mhonarú. Féadfaidh sé rogha a dhéanamh aon táirge a thiocfaidh as a thagann faoi chuimsiú an ghrúpa táirgí a onnmhairiú agus ábhar den sórt sin atá díolmhaithe ó dhleacht á úsáid;

(c)

Soláthairtí idirmheánacha: Cumhdaítear leis an bhfoscéim seo cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag dhá mhonaróir táirge onnmhairiúcháin amháin a tháirgeadh agus an próiseas táirgthe a roinnt. Féadfaidh an monaróir-onnmhaireoir a tháirgeann an táirge idirmheánach ábhair ionchuir saor ó dhleacht a allmhairiú agus is féidir leis AAS a fháil chun na críche sin le haghaidh soláthairtí idirmheánacha. Tugann an t-onnmhaireoir deiridh an táirgeadh chun críche agus tá sé d’oibleagáid air an táirge críochnaithe a onnmhairiú;

(d)

Onnmhairí measta: Leis an bhfoscéim seo ceadaítear do phríomhchonraitheoir ionchuir a allmhairiú saor ó dhleacht, ionchuir atá ag teastáil i monarú earraí atá le díol mar ‘onnmhairí measta’ leis na catagóirí custaiméirí a luaitear i míreanna 8.2(b) go (f), (g), (i) agus (j) de FTP 15-20. De réir Rialtas na hIndia, tagraíonn onnmhairí measta d’idirbhearta i gcás nach bhfágann na hearraí a sholáthraítear an tír. Meastar roinnt catagóirí soláthair a bheith ina n-onnmhairí measta ar choinníoll go monaraítear na hearraí san India, e.g. soláthar earraí d’aonad atá dírithe ar onnmhairí (‘EOU’) nó do chuideachta atá suite i gcrios eacnamaíoch speisialta (‘SEZ’);

(e)

An Réamhordú um Scaoileadh (‘ARO’): An sealbhóir AAS a bhfuil sé ar intinn aige an t-ionchur ó fhoinsí intíre a fhoinsiú, in ionad allmhairiú díreach, tá sé de rogha aige iad a fhoinsiú i gcoinne AROanna. I gcásanna den sórt sin, déantar na Réamhúdaruithe a bhailíochtú mar AROanna agus formhuinítear iad don soláthraí intíre ar sheachadadh na n-ítimí atá sonraithe iontu. Le formhuiniú an ARO, tá an soláthraí intíre i dteideal na dtairbhí a bhaineann le honnmhairí measta mar a leagtar amach i mír 8.3 de FTP 15-20 (i.e. AAS i gcás soláthairtí idirmheánacha/onnmhairiú measta, aisíoc onnmhairí measta agus aisíocaíocht na dleachta máil deiridh). Leis an sásra ARO, aisíoctar cánacha agus dleachtanna leis an soláthraí in ionad iad a aisíoc leis an onnmhaireoir deiridh i bhfoirm aisíoca/aisíocaíocht dleachtanna. Tá aisíocaíocht cánacha/dleachtanna ar fáil i gcás ionchuir intíre agus i gcás ionchuir allmhairithe araon;

(f)

An litir chreidmheasa intíre chomhuaineach: Cumhdaítear arís leis an bhfoscéim seo soláthairtí intíre do shealbhóir Réamhúdaraithe. Is féidir le sealbhóir Réamhúdaraithe dul i dteagmháil le banc chun litir chreidmheasa intíre a oscailt i bhfabhar soláthraí intíre. Ní dhéanfaidh an banc an t-údarú a bhailíochtú le haghaidh allmhairiú díreach ach amháin i ndáil le luach agus méid na n-ítimí a fhoinsítear go hintíre seachas trí allmhairiú. Beidh an soláthraí intíre i dteideal sochair onnmhairí measta mar a leagtar amach i mír 8.3 de FTP 15-20 (i.e. AAS i gcás soláthairtí idirmheánacha/onnmhairiú measta, aisíoc onnmhairí measta agus aisíocaíocht na dleachta máil deiridh).

(32)

Suíodh go bhfuair HEG lamháltais faoin gcéad fhoscéim, i.e. onnmhairí fisiceacha AAS le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ní gá in-fhrithchúititheacht na bhfoscéimeanna nár úsáideadh fós a shuí. Is é seo an fhoscéim is mó. Ceadaítear leis sin ábhair ionchuir a allmhairiú saor ó dhleacht chun an táirge onnmhairiúcháin sonrach a thiocfaidh as a tháirgeadh. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘fisiciúil’ go gcaithfidh an táirge onnmhairiúcháin críoch na hIndia a fhágáil. Sonraítear sa cheadúnas liúntas allmhairiúcháin agus oibleagáid onnmhairiúcháin, lena n-áirítear cineál an táirge onnmhairiúcháin.

(33)

Chun críocha fíoraithe ag údaráis na hIndia, tá sé d’oibleagáid de réir an dlí ar shealbhóir Réamhúdaraithe ‘cuntas fíor cuí tomhaltais agus úsáid earraí saor ó dhleacht agus earraí a fhaightear ar bhonn intíre’ a choinneáil i bhformáid shonraithe (caibidlí 4.51 agus Aguisín 4H HOP nó 4I HOP I 15-2020 (12)), i.e. clár tomhaltais iarbhír. Ní mór do chuntasóir/cuntasóir costas agus oibreacha cairte seachtrach an clár seo a dheimhniú a eisíonn deimhniú ina luaitear gur scrúdaíodh na cláir fhorordaithe agus na taifid ábhartha agus go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil faoi Aguisín 4H fíor agus ceart ar gach slí.

(34)

Maidir leis an bhfoscéim a d’úsáid an chuideachta lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. onnmhairí fisiceacha, tá an liúntas allmhairiúcháin agus an oibleagáid onnmhairiúcháin socraithe de réir méid agus luacha ag Rialtas na hIndia agus déantar iad a dhoiciméadú ar an Údarú. Ina theannta sin, tráth an allmhairithe agus an onnmhairithe, tá na hidirbhearta comhfhreagracha le doiciméadú ag oifigigh Rialtais ar an Údarú. Is é Rialtas na hIndia a chinneann méid na n-allmhairí atá ceadaithe faoin AAS ar bhonn Noirm Chaighdeánacha maidir le hIonchuir agus Aschuir (‘SIONanna’) atá ann d’fhormhór na dtáirgí lena n-áirítear an táirge atá faoi athbhreithniú.

(35)

Níl na hábhair ionchuir a allmhairítear inaistrithe agus ní mór iad a úsáid chun an táirge onnmhairiúcháin a thiocfaidh as a tháirgeadh. Ní mór an oibleagáid onnmhairiúcháin a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama fhorordaithe tar éis an ceadúnas a eisiúint (18 mhí agus d’fhéadfaí dhá shíneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse sin).

(36)

Bhunaigh Rialtas na hIndia an SION is infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú in 1998 agus ní dhearnadh é a athbhreithniú ná a choigeartú go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ní leor an SION chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an tomhaltas iarbhír. Ní dhearnadh Rialtas na hIndia tuilleadh scrúdaithe bunaithe ar an ionchur iarbhír ach oiread. Maidir leis an bpríomh-amhábhar Cóc snáthaidiúil (ar a dtugtar freisin ‘cóc peitriliam cailcínithe’ nó ‘CPC’) chinn an Coimisiún go raibh neamhréireacht thábhachtach idir an SION agus tomhaltas amhábhar iarbhír na cuideachta. Ceadaítear leis an SION cóimheas 1.3 de Chóc snáthaidiúil in aghaidh an tona onnmhairithe, cé go bhfuil an cóimheas iarbhír is gá le haghaidh an táirgthe i bhfad níos ísle.

(37)

Dá bhrí sin, suíodh san imscrúdú nach leor na ceanglais fíorúcháin arna sonrú ag údaráis na hIndia chun sochar a chosc.

(38)

Choinneáil an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch clár áirithe táirgthe agus tomhaltais ar bun. Ach níorbh fhéidir a fhíorú cé na hionchuir (lena n-áirítear a dtionscnamh) a úsáideadh chun an táirge onnmhairithe a tháirgeadh agus cá mhéad de na hionchuir a úsáideadh. Go háirithe leis an gcóras a cuireadh i bhfeidhm, níorbh fhéidir a aithint agus a thomhas go beacht an raibh loghadh iomarcach ann toisc go bhfuil an t-amhábhar stóráilte i sadhlanna, ina bhfuil cóc snáthaidiúil a allmhairíodh saor ó dhleacht mar aon le cóc snáthaidiúil a allmhairíodh le dleachtanna, gan aon scaradh áitiúil. A luaithe a stóráiltear cóc snáthaidiúil allmhairithe, níorbh fhéidir muirear sonrach allmhairí a rianú a thuilleadh dá bhrí sin.

(39)

Dheimhnigh HEG nach féidir, lena chlár tomhaltais, tomhaltas iarbhír na n-amhábhar allmhairithe saor ó dhleacht a shuí ná é a nascadh leis na táirgí deiridh a tháirgtear agus a onnmhairítear. Mar thoradh air sin, ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe é an fhoscéim a úsáidtear sa chás seo.

3.2.2.4.   Conclúid maidir le AAS

(40)

Is fóirdheontas é an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i.e. is ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia é ós rud é go gcruthaíonn sé ioncam ó dhleacht a bheadh dlite murach sin agus go dtugann sé sochar don onnmhaireoir a ndéantar imscrúdú air toisc go gcuireann sé feabhas ar a leachtacht.

(41)

Ina theannta sin, tá onnmhairí fisiceacha AAS ag brath sa dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus dá bhrí sin meastar iad a bheith sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán. Gan gealltanas onnmhairiúcháin, ní féidir le cuideachta sochair a fháil faoin scéim seo.

(42)

Ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíoca ionadaigh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán an fhoscéim a úsáidtear sa chás seo. Níl sé i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ítim (i), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc ionadach) den bhun-Rialachán. Níor chuir Rialtas na hIndia córas fíorúcháin ná nós imeachta i bhfeidhm go héifeachtach chun a dhearbhú ar úsáideadh ionchuir i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe agus cá mhéad de na hionchuir a úsáideadh i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (Iarscríbhinn II(4) den bhun-Rialachán agus, i gcás scéimeanna aisíoca ionadaigh, Iarscríbhinn III(II)(2) den bhun-Rialachán). Meastar freisin nach raibh na SIONanna don táirge faoi athbhreithniú cruinn go leor agus, iontu féin, nach féidir leis na SIONanna sin a bheith ina gcóras um fhíorú ídithe iarbhír toisc nach gcuireann dearadh na norm caighdeánach sin ar a chumas do Rialtas na hIndia na méideanna ionchuir a úsáideadh sa táirgeadh onnmhairiúcháin a fhíorú ar bhealach cruinn go leor. Ina theannta sin, ní dhearna Rialtas na hIndia tuilleadh scrúdaithe bunaithe ar na hionchuir iarbhír lena mbaineann, cé go mbeadh gá leis sin a dhéanamh in éagmais córas fíorúcháin a bheadh curtha i bhfeidhm go héifeachtach (Iarscríbhinn II(5) agus Iarscríbhinn III(II)(3) a ghabhann leis an mbun-Rialachán). Baineann an méid sin ar fad freisin leis an bhfíoras nach ndearnadh athbhreithniú ar an SION ó bunaíodh é in 1998.

(43)

Dá bhrí sin, tá an fhoscéim in-fhrithchúitithe.

(44)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia go bhfuil sásra fíorúcháin i bhfeidhm agus gur léiríodh an rud céanna go cuí sa phróiseas fíorúcháin.

(45)

Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin. Mar a mhínítear in aithris (36), ní dhearna an SION athbhreithniú riamh ar mhéid na n-amhábhar allmhairithe saor ó cháin ó forchuireadh é agus chinn an Coimisiún go bhfuil neamhréireacht thábhachtach idir an SION agus an tomhaltas iarbhír. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach féidir a áirithiú leis an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm an SION nach ndeonaítear na sochair sa bhreis, más rud é nach bhfuil an SION foluiteach, lena gcinntear méid na n-amhábhar allmhairithe atá saor, beacht go leor agus nach ndéantar faireachán ar an méid sin. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún nárbh fhéidir na hamhábhair allmhairithe a rianú ag HEG chuig na hearraí críochnaithe.

(46)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia go bhfágann Mír 2 de Roinn I faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú SCM EDT (‘ASCM’) nach bhfuil scéimeanna lacáiste cánacha indíreacha in-fhrithchúitithe ach amháin má sholáthraíonn siad loghadh de bhreis ar an dleacht allmhairiúcháin ar ionchuir arna n-ídiú i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe.

(47)

D’áitigh Rialtas na hIndia freisin nach clár in-fhrithchúitithe é AAS ós rud é nach soláthraíonn sé loghadh iomarcach na ndleachtanna ar allmhairí thar líon na ndleachtanna arna bhfabhrú ar na hionchuir allmhairithe. Tagann sé sin sna sála ar Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le ASCM, ina gcuirtear treoirlínte ar fáil chun a chinneadh an ídítear ionchuir i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Sa bhreis air sin, dúradh sa tuarascáil ón bpainéal dar teideal European Union – countervailing Measures on Certain Polyethylene Terephthalated from Pakistan [An tAontas Eorpach – Bearta frithchúitimh ar Theireataláit Phoileitiléine Áirithe ón bPacastáin] (WT/DS/486) go soláthraíonn ‘prionsabal an loghtha iomarcaigh’ caighdeán dlíthiúil lena gcinntear an ranníocaíocht airgeadais atá i gceist le loghadh dleachtanna ar allmhairí a fuarthas faoin scéim aisíoca dleachta.

(48)

Mhínigh an Coimisiún in aithris (36) gur chinn an Coimisiún go raibh neamhréireacht shubstaintiúil idir an SION agus an t-ídiú iarbhír. Mar a mhínítear in Aithris (38) choinnigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch clár áirithe táirgthe agus ídithe ar bun. Ach níorbh fhéidir a fhíorú cé na hionchuir (lena n-áirítear a dtionscnamh) a úsáideadh chun an táirge onnmhairithe a tháirgeadh agus cá mhéad de na hionchuir a úsáideadh. Go háirithe, agus an córas curtha i bhfeidhm, níorbh fhéidir a aithint agus a thomhas go beacht cé acu a bhí nó nach raibh loghadh iomarcach ann. Fuarthas amach freisin nach bhféadfaí an loghadh iomarcach a ríomh le haon taifid a choimeádann na cuideachtaí, rud a d’fhágfadh nach bhféadfadh cuntasóir seachtrach cairte agus cuntasóir costas agus oibreacha deimhniú a dhéanamh amach anseo. Níor leag Rialtas na hIndia amach cén chaoi nach gcomhlíonann an bac sin ar fhíorú caighdeán na Ranna den ASCM atá luaite.

(49)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.2.2.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(50)

In éagmais córais aisíoca dleachta atá ceadaithe agus easpa féidearthachta fíorú a dhéanamh ar ráta iarbhír tomhaltais na n-ionchur ábhartha, agus ós rud é nach raibh aon fhianaise iontaofa ann a léiríonn a mhalairt, meastar méid iomlán na ndleachtanna custaim tarscaoilte (bundleacht chustaim agus sos custaim) a bheith ina loghadh iomarcach a bheadh ina fhóirdheontas in-fhrithchúitithe i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Baineadh na táillí iarratais a d’íoc an chuideachta.

(51)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún na méideanna fóirdheontais sin thar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán na cuideachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar ainmneoir iomchuí, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(52)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 1,66 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(53)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na hIndia, má chinneann an Coimisiún an AAS a fhrithchúiteamh, nach féidir ach an méid a loghadh, de bhreis ar na dleachtanna, a fhrithchúiteamh. Mhaígh Rialtas na hIndia go leanann sé sin as an Tuarascáil ó Phainéal EDT maidir le Bearta a bhaineann le hOnnmhairí na hIndia [WT/DS541/R], inar sonraíodh nach measfar gur in-fhrithchúitithe aon díolúine ó chánacha indíreacha nach mó ná dleachtanna a thoibhítear ar ionchuir allmhairithe arna n-ídiú i dtáirgeadh táirge onnmhairithe. Áitíonn Rialtas na hIndia freisin gur sholáthair tuarascáil an phainéil (WT/DS/486) an caighdeán dlíthiúil chun tacú leis an gcinneadh sin.

(54)

Mar a mhínítear in aithris (50), in éagmais córais aisíoca dleachta atá ceadaithe agus easpa féidearthachta fíorú a dhéanamh ar ráta iarbhír ídithe na n-ionchur ábhartha, agus ós rud é nach raibh aon fhianaise iontaofa ann a léiríonn a mhalairt, meastar méid iomlán na ndleachtanna custaim tarscaoilte (bundleacht chustaim agus sos custaim) a bheith ina loghadh iomarcach. Níl aon sainmhíniú a thagann salach ar an mbreithniú sin sa Tuarascáil ó Phainéal EDT maidir le Bearta a bhaineann le hOnnmhairí na hIndia [WT/DS541/R].

(55)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.2.3.   An Scéim um Onnmhairiú Earraí ón India (‘MEIS’)

(56)

Shuigh an Coimisiún gur úsáid HES MEIS le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.3.1.   Bunús dlí

(57)

Tá tuairisc mhionsonraithe ar MEIS i gcaibidil 3 de FTP 2015-20 agus FTP 2015-20 nuashonraithe agus i gcaibidil 3 de HOP 2015-20 nuashonraithe (13).

3.2.3.2.   Incháilitheacht

(58)

Beidh aon mhonaróir-onnmhaireoir nó aon cheannaí-onnmhaireoir incháilithe don scéim seo.

3.2.3.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(59)

Is féidir le cuideachtaí incháilithe tairbhe a bhaint as MEIS trí tháirgí sonracha a onnmhairiú chuig tíortha ar leith a aicmítear i nGrúpa A (‘Margaí Trádála’ lena n-áirítear gach Ballstát den Aontas), i nGrúpa B (‘Margaí Infheistíochta agus Fócas’) agus i nGrúpa C (‘Margaí Eile’). Tá na tíortha a thagann faoi gach grúpa agus liosta na dtáirgí ar a bhfuil rátaí comhfhreagracha luaíochta liostaithe i bhFoscríbhinn 3B de HOP 2015-20 nuashonraithe.

(60)

Tá an tairbhe i bhfoirm creidmheasa dleachta atá cothrom le céatadán de luach saor ar bord an onnmhairí. 2 % ea ba an ráta MEIS le haghaidh onnmhairiú GES chuig tíortha Ghrúpa A le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(61)

De bhun mhír 3.06 de FTP 2015-20 eisiatar cineálacha áirithe onnmhairí ón scéim, e.g. onnmhairiú earraí allmhairithe nó earraí trasloingsithe, onnmhairí measta, onnmhairí seirbhíse agus láimhdeachas onnmhairiúcháin aonad atá ag feidhmiú faoi limistéir eacnamaíocha speisialta/aonaid oibríochta onnmhairiúcháin.

(62)

Tá na creidmheasanna dleachta faoin MEIS inaistrithe agus bailí go ceann tréimhse 18 mhí ón dáta eisiúna agus beidh na scruitheanna creidmheasa dleachta arna n-eisiúint an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin bailí go ceann tréimhse 24 mí ón dáta eisiúna de réir mhír 3.13 de HOP 2015-20 nuashonraithe.

(63)

Is féidir iad a úsáid le haghaidh: (i) dleachtanna custaim a íoc ar allmhairí ionchur nó ar earraí lena n-áirítear earraí caipitiúla, (ii) dleachtanna máil a íoc ar sholáthar intíre ionchur nó earraí lena n-áirítear earraí caipitiúla agus íocaíocht, (iii) cáin seirbhíse a íoc ar sholáthar seirbhísí.

(64)

Ní mór iarratas ar thairbhí a éileamh faoi MEIS a chomhdú ar líne ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála Eachtraí. Ní mór doiciméid ábhartha (billí loingseoireachta, deimhniú um fhíorú bainc agus cruthúnas ar thabhairt i dtír) a nascadh leis an iarratas ar líne. Eisíonn Údarás Réigiúnach ábhartha Rialtas na hIndia creidmheas dleachta tar éis grinnscrúdú a dhéanamh ar na doiciméid. Fad is a chuireann an t-onnmhaireoir na doiciméid ábhartha ar fáil, níl aon rogha ag an Údarás Réigiúnach maidir leis na creidmheasanna dleachta a dheonú.

(65)

Cuireadh deireadh le scéim MEIS ón 1 Eanáir 2021. Fuarthas amach, áfach, gur deonaíodh sochair do HEG faoi scéim MEIS le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar ceadaíodh leis an scéim sochair a éileamh i leith na dtréimhse roimhe sin suas le deireadh na bliana 2021.

3.2.3.4.   Conclúid maidir le MEIS

(66)

Soláthraíonn MEIS fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia is ea creidmheas dleachta MEIS, ós rud é go n-úsáidfear an creidmheas sa deireadh chun dleachtanna ar allmhairí a íoctar ar earraí caipitiúla a fhritháireamh, rud a laghdaíonn ioncam ó dhleacht Rialtas na hIndia a bheadh dlite murach sin. Ina theannta sin, tugann creidmheas dleachta MEIS sochar don onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir íocaíocht na ndleachtanna ar allmhairí sin.

(67)

Thairis sin, tá MEIS ag brath sa dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus dá bhrí sin meastar é a bheith sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán.

(68)

Ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíoca ionadaigh é an scéim de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Níl sé i gcomhréir leis na rialacha dochta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, pointe (i), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc ionadach) a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Níl aon oibleagáid ar onnmhaireoir na hearraí a allmhairítear saor ó dhleacht sa phróiseas táirgthe a úsáid iarbhír agus ní ríomhtar méid an chreidmheasa i ndáil leis na hionchuir iarbhír a úsáidtear. Níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm lena dheimhniú cé na hionchuir a úsáidtear i bpróiseas táirgthe an táirge onnmhairithe nó cé acu a tharla nó nár tharla íocaíocht iomarcach dleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí phointe (i) d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Tá onnmhaireoir incháilithe chun sochair MEIS a fháil, is cuma cé acu a allmhairíonn nó nach n-allmhairíonn sé aon ionchur ar chor ar bith. Chun an sochar a fháil, is leor d’onnmhaireoir earraí a onnmhairiú gan iallach a bheith air a léiriú gur allmhairíodh aon ábhar ionchuir. Dá bhrí sin, fiú na honnmhaireoirí a fhaigheann a n-ionchuir uile go háitiúil agus nach n-allmhairíonn aon earra is féidir a úsáid mar ionchuir, tá siad fós i dteideal tairbhe a bhaint as MEIS. Thairis sin, is féidir le honnmhaireoir creidmheasanna dleachta MEIS a úsáid chun earraí caipitiúla a allmhairiú cé nach gcumhdaítear earraí caipitiúla faoi raon feidhme na gcóras aisíoca dleachta incheadaithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (i) den bhun-Rialachán, toisc nach n-úsáidtear iad i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe. Thairis sin, ní dhearna Rialtas na hIndia aon scrúdú breise ar bhonn ionchuir agus idirbhirt iarbhír chun a chinneadh ar tharla íocaíocht iomarcach.

(69)

Tugtar faoi deara go ndeachaigh an MEIS in éag ón 1 Eanáir 2021 (14). Go dtí deireadh 2021, áfach, d’fhéadfadh na cuideachtaí iarratas a dhéanamh fós ar scruitheanna MEIS le haghaidh na n-idirbheart onnmhairiúcháin a rinneadh in 2020. Thairis sin, tá na cuideachtaí fós in ann an scruith MEIS a fuarthas in 2021 a úsáid chun dleachtanna allmhairiúcháin atá dlite a chothromú, go dtí an 15 Meán Fómhair 2023. Dá bhrí sin, fuarthas sochair faoin scéim seo le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus leanfar leo fiú tar éis dheireadh an imscrúdaithe.

(70)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia nach clár in-fhrithchúitithe é MEIS ós rud é nach bhfuil i gceist leis ach cánacha indíreacha a íocadh ar ionchuir arna n-ídiú i dtáirgeadh earraí onnmhairithe a aisíoc. Thairis sin, níl luach na scruitheanna creidmheasa dleachta (a bhronntar mar shochair faoin MEIS) níos mó ná cánacha indíreacha arna dtabhú ag an onnmhaireoir. Dá bhrí sin, tá clár MEIS i gcomhréir le forálacha mhíreanna (g) agus (h) d’Iarscríbhinn I a léitear le Fonóta 1 de ASCM EDT.

(71)

Murab ionann agus an méid a áitíonn Rialtas na hIndia, soláthraíonn MEIS loghadh iomarcach dleachtanna. Mar a léirítear in aithris (68), níl aon oibleagáid ar onnmhaireoir na hearraí a allmhairítear saor ó dhleacht sa phróiseas táirgthe a úsáid iarbhír agus ní ríomhtar méid an chreidmheasa i ndáil leis na hionchuir iarbhír a úsáidtear. Níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm chun a dheimhniú cé na hionchuir a úsáidtear i bpróiseas táirgthe an táirge onnmhairithe. An rún cánacha indíreacha a íocadh ar ionchuir arna n-ídiú a aisíoc, ní ionadú é sin ar an ngá atá le faireachán, má ídítear na hionchuir sin i ndáiríre.

(72)

Dúirt Rialtas na hIndia freisin go ndearna Rialtas na hIndia MEIS a fhoirceannadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2021 agus gurb é a bheadh mar thoradh ar shíneadh a chur leis an dleacht go ndéanfaí clár a fhrithchúiteamh nach dtabharfaí aon chúnamh d’aon onnmhaireoir faoi. Léirigh Rialtas na hIndia gur staon an Coimisiún in imscrúduithe roimhe seo ó scéimeanna a fhrithchúiteamh atá cúlghairthe ag Rialtas na hIndia.

(73)

In aithris (69), léirigh an Coimisiún, in ainneoin fhoirceannadh na scéime, go bhfuair HEG sochair le linn tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tar éis fhoirceannadh na scéime. Léirigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sochair sin fós ann fiú tar éis dheireadh an imscrúdaithe. Níor easaontaigh Rialtas na hIndia le haon cheann de na fíorais sin.

(74)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.2.3.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(75)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe i dtéarmaí an tsochair a bronnadh ar an bhfaighteoir, a suíodh gurb ann dó le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Maidir leis sin, shuigh an Coimisiún go dtugtar an sochar don fhaighteoir tráth a fhaigheann an chuideachta an sochar faoin scéim sin, tar éis don chuideachta iarratas a dhéanamh. I láthair na huaire, eisíonn Rialtas na hIndia creidmheas dleachta atá curtha in áirithe ag an táirgeoir onnmhairiúcháin mar chuntas infhála ar féidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin é a fhritháireamh tráth ar bith. Is ionann sin agus ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. A luaithe a eisíonn na húdaráis chustaim bille loingseoireachta onnmhairiúcháin, níl aon rogha ag Rialtas na hIndia maidir leis an bhfóirdheontas a dheonú nó gan é a dheonú. I bhfianaise an mhéid thuas, agus ós rud é nach raibh aon fhianaise iontaofa ann a léiríonn a mhalairt, mheas an Coimisiún gurb iomchuí an sochar faoin MEIS a mheas mar shuim na méideanna arna bhfáil faoin scéim sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chuir an Coimisiún san áireamh na méideanna MEIS a tuilleadh ar idirbhearta onnmhairiúcháin uile HEG, ós rud é nach n-onnmhairíonn an chuideachta ach an táirge faoi athbhreithniú.

(76)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) den bhun-Rialachán, rinneadh táillí arna dtabhú ag an gcuideachta chun an fóirdheontas a fháil a asbhaint ón méid iomlán fóirdheontais i gcás ina n-éilítear iad.

(77)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún méid an fhóirdheontais sin thar láimhdeachas onnmhairiúcháin HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar ainmneoir iomchuí, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(78)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 0,87 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.4.   An Scéim um Onnmhairiú Earraí Caipitiúla a Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin (‘EPCGS’)

(79)

Cosúil leis an imscrúdú bunaidh agus leis an athbhreithniú deireanach, shuigh an Coimisiún go bhfuair HEG lamháltais faoi EPCGS a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na hIndia é le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.4.1.   Bunús dlí

(80)

Tá tuairisc mhionsonraithe ar EPCGS i gcaibidil 5 de FTP 2015-20 agus i gCaibidil 5 de HOP 2015-20.

3.2.4.2.   Incháilitheacht

(81)

Tá monaróirí-onnmhaireoirí, onnmhaireoirí-ceannaithe atá ‘faoi cheangal le’ monaróirí tacaíochta agus soláthraithe seirbhíse incháilithe don scéim seo.

3.2.4.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(82)

Faoi choinníoll oibleagáid onnmhairiúcháin, ceadaítear do chuideachta earraí caipitil (earraí caipitil nua agus earraí caipitil dara láimhe suas le 10 bliain d’aois) a allmhairiú ar ráta dleachta laghdaithe. Chuige sin, eisíonn Rialtas na hIndia ceadúnas EPCGS, ar iarratas agus ar tháille a íoc. Foráiltear leis an scéim do ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí is infheidhme maidir leis na hearraí caipitiúla uile a allmhairítear faoin scéim. Chun an oibleagáid onnmhairiúcháin a chomhlíonadh, ní mór na hearraí caipitiúla allmhairithe a úsáid chun méid áirithe earraí a mheastar a bheidh le honnmhairiú a tháirgeadh le linn tréimhse áirithe. Faoi FTP 2015-20 agus FTP 2015-20 nuashonraithe is féidir na hearraí caipitiúla a allmhairiú ar ráta dleachta 0 % faoi EPCGS. Is ionann an oibleagáid onnmhairiúcháin agus sé oiread na dleachta a shábháiltear, agus ní mór í a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 6 bliana ar a mhéad.

(83)

Is féidir le sealbhóir ceadúnais EPCGS na hearraí caipitiúla a fhoinsiú ina thír féin freisin. Sa chás sin, féadfaidh monaróir intíre na n-earraí caipitiúla leas a bhaint as an tairbhe chun comhpháirteanna a allmhairiú saor ó dhleacht, ar comhpháirteanna iad is gá chun na hearraí caipitiúla sin a mhonarú. De rogha air sin, is féidir leis an monaróir intíre tairbhe an onnmhairithe mheasta a éileamh i leith earraí caipitiúla a sholáthar do shealbhóir ceadúnais EPCGS.

3.2.4.4.   Conclúid maidir le EPCGS

(84)

Le EPCGS soláthraítear fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia sa laghdú dleachta, ós rud é go laghdaíonn an lamháltas seo ioncam ó dhleacht Rialtas na hIndia, ioncam a bheadh dlite murach sin. Ina theannta sin, leis an laghdú ar an dleacht tugtar tairbhe don onnmhaireoir, toisc go gcuirtear feabhas ar leachtacht na cuideachta leis na dleachtanna a shábháiltear ar allmhairiú.

(85)

Thairis sin, tá EPCGS ag brath de réir dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ós rud é nach féidir ceadúnais den sórt sin a fháil gan gealltanas a thabhairt maidir le honnmhairiú. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán.

(86)

Ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíoca ionadaigh é EPCGS de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Ní chumhdaítear earraí caipitiúla faoi raon feidhme na gcóras incheadaithe sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (I) den bhun-Rialachán, toisc nach n-úsáidtear iad i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe.

3.2.4.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(87)

Rinneadh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den bhun-Rialachán, ar bhonn na dleachta custaim neamhíoctha ar earraí caipitil allmhairithe agus iad roinnte thar thréimhse a léiríonn gnáth-thréimhse dímheasa na n-earraí caipitiúla sin sa tionscal lena mbaineann. Coigeartaíodh an tsuim a ríomhadh amhlaidh, atá inchurtha i leith thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, trí ús a chur leis i rith na tréimhse sin d’fhonn luach lánaimseartha an airgid a léiriú. Measadh go raibh an ráta úis tráchtála san India iomchuí chun na críche sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(88)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) den bhun-Rialachán, maidir leis na táillí arna dtabhú ag HEG chun an fóirdheontas a fháil, asbhaineadh iad ón méid iomlán fóirdheontais i gcás inar éilíodh iad.

(89)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus 7(3) den bhun-Rialachán, leithdháileadh méid an fhóirdheontais sin mar an t-ainmneoir iomchuí thar láimhdeachas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe toisc gur bhain an chuideachta úsáid as meaisíní a ceannaíodh faoi EPCGS chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, mar go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nár deonaíodh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(90)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 0,31 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.5.   Aistriú díreach cistí

(91)

Rinne an Coimisiún anailís ar aistriú díreach cistí laistigh den scéim DDS. Tá an scéim DDS bunaithe ar alt 75 d’Acht Custaim 1962, ar alt 37 d’Acht Máil Lárnach 1944, ar ailt 93A agus 94 d’Acht Airgeadais 1994, agus ar na Rialacha maidir le Custam, Dleachtanna Máil Láir agus Aisíoc Cánach Seirbhíse 1995. Foilsítear na rátaí aisíoca ar bhonn rialta.

3.2.6.   An Scéim Aisíoca Dleachta (‘DDS’)

(92)

Shuigh an Coimisiún gur úsáid HES an DDS le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.6.1.   Bunús Dlí

(93)

Ba iad Rialacha maidir le hAisíoc Dleachtanna Custaim agus Máil 1995 (‘Rialacha DDS 1995’), arna leasú in 2006 (15) agus na Rialacha maidir le hAisíoc Dleachtanna Custaim agus Máil Láir 2017 (16) (‘Rialacha 2017’), a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2017 an bunús dlí ab infheidhme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Rialaíonn Riail 3(2) de Rialacha DDS 1995 modh ríofa na scéime aisíoca dleachta seo. Le Riail 12(1)(a)(ii) de na Rialacha DDS sin rialaítear an Dearbhú nach mór do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhdú chun tairbhiú den scéim. Is comhionann i gcónaí na Rialacha sin le Rialacha DDS 2017 agus comhfhreagraíonn siad do Riail 3(2) agus do Riail 13(1)(a)(ii) faoi seach.

(94)

Ina theannta sin, tá treoracha sonracha i gCiorclán Uimh. 24/2001 (17) maidir leis an mbealach le Riail 3(2) a chur chun feidhme mar aon leis an Dearbhú nach mór d’onnmhaireoirí a chur le chéile faoi Riail 12(1)(a)(ii).

(95)

Sonraítear i Riail 4 de Rialacha DDS 1995 go bhféadfaidh an Rialtas Lárnach athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid nó ar rátaí arna gcinneadh faoi riail 3. Tá roinnt modhnuithe déanta ag an Rialtas, agus is iad na modhnuithe deireanacha lena ndearnadh athbhreithniú ar na rátaí Fógra Uimh. 95/2018 – CUSTOMS agus Fógra Uimh. 07/2020 – CUSTOMS. Dá bharr sin, i gcás an táirge faoi athbhreithniú, ba é an ráta DDS 1.6 % luach saor ar bord na dtáirgí onnmhairithe. Cuirtear an ráta DDS céanna i bhfeidhm ar GES a d’onnmhairigh HEG.

3.2.6.2.   Incháilitheacht

(96)

Beidh aon mhonaróir-onnmhaireoir nó aon cheannaí-onnmhaireoir incháilithe don scéim seo.

3.2.6.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(97)

Faoin scéim seo, tá aon chuideachta a onnmhairíonn táirgí incháilithe i dteideal méid a chomhfhreagraíonn do chéatadán de luach dearbhaithe saor ar bord an táirge onnmhairithe a fháil. De réir Riail 3(2) de na Rialacha maidir le hAisíoc Dleachtanna Custaim agus Máil Láir, bunaíonn Rialtas na hIndia an méid in-aisíoctha ar mheánluachanna uile-thionscail na ndleachtanna custaim ábhartha a íoctar ar amhábhair allmhairithe agus ar mheánchóimheas tomhaltais tionscail a bailíodh ón méid a mheasann Rialtas na hIndia a bheith ionadaíoch do na táirgí onnmhairiúcháin incháilithe. Ansin, léiríonn Rialtas na hIndia an méid atá le haisíoc mar chéatadán de mheánluach onnmhairiúcháin na dtáirgí onnmhairithe incháilithe.

(98)

Chun bheith incháilithe chun tairbhiú den scéim sin, ní mór do chuideachta onnmhairiú a dhéanamh. Faoi láthair, nuair a chuirtear sonraí lastais isteach ar an bhfreastalaí Custaim (ICEGATE), tugtar le fios go bhfuil an t-onnmhairiú ag tarlú faoin DDS agus go bhfuil an méid DDS socraithe go neamh-inchúlghairthe. Tar éis don chuideachta loingseoireachta an Fardal Ginearálta Onnmhairiúcháin a chomhdú agus don oifig chustaim an doiciméad sin a chur i gcomparáid go sásúil le sonraí na mbillí loingseoireachta, comhlíontar na coinníollacha uile chun íoc an aisíoca a údarú trí íocaíocht dhíreach ar chuntas bainc an onnmhaireora nó trí dhréacht.

(99)

Ní mór don onnmhaireoir fianaise a sholáthar freisin maidir le réadú fáltas onnmhairiúcháin trí Dheimhniú um Fhíorú Bainc (‘BRC’). Is féidir an doiciméad seo a sholáthar tar éis an méid aisíoca a íoc ach aisghabhfaidh Rialtas na hIndia an méid a íocadh más rud é nach gcuireann an t-onnmhaireoir an BRC isteach laistigh de spriocdháta áirithe.

(100)

Is féidir an méid aisíoca a úsáid chun aon chríoch agus, i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta na hIndia, is féidir an méid a ríomh ar bhonn fabhraithe mar ioncam sna cuntais tráchtála, tar éis an oibleagáid onnmhairiúcháin a chomhlíonadh.

(101)

Sonraítear sa reachtaíocht agus sna treoracha riaracháin ábhartha nár cheart go n-éileodh riarachán custaim na hIndia aon fhianaise nach mór gur thabhaigh an t-onnmhaireoir a iarrann an t-aisíoc dleachta dliteanas dleachta custaim, nó go dtabhóidh sé dliteanas den sórt sin, i leith allmhairí na n-amhábhar is gá chun an táirge onnmhairithe a mhonarú. Ina theannta sin, le linn na cuairte fíorúcháin, dheimhnigh Rialtas na hIndia go mbeadh an ráta iomlán arna ríomh faoi Riail 3(2) thuas chun tairbhe na gcuideachtaí a d’fhéadfadh na hamhábhair go léir a fhoinsiú go hintíre. Bhain HEG úsáid as DDS faoin Ráta Uile-Thionscail agus ní gá cruthúnas a thabhairt ar dhleachtanna a íoctar go hiarbhír i gcás an ráta sin.

3.2.6.4.   Conclúid maidir leis an DDS

(102)

Soláthraíonn an DDS fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Is ranníocaíocht airgeadais ag Rialtas na hIndia é an méid ar a dtugtar aisíoc dleachta mar tá sé i bhfoirm aistriú díreach cistí ó Rialtas na hIndia. Níl aon srian le húsáid na gcistí sin. Ina theannta sin, tugann an méid aisíoca dleachta sochar don onnmhaireoir, toisc go gcuireann sé feabhas ar a leachtacht.

(103)

Is é Rialtas na hIndia a chinneann an ráta aisíoca dleachta d’onnmhairí ar bhonn táirge ar tháirge. Mar sin féin, cé go dtagraítear don fhóirdheontas mar aisíoc dleachta, níl tréithe uile córais aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíoca ionadaigh ag an scéim de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán; Ná ní chomhlíonann an scéim na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I ítim (I), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc ionadach) den bhun-Rialachán. Ní gá go mbeadh an íocaíocht in airgead tirim leis an onnmhaireoir nasctha le híocaíochtaí iarbhír dleachtanna ar allmhairí maidir le hamhábhair, agus ní creidmheas dleachta í chun dleachtanna ar allmhairí a fhritháireamh ar allmhairí amhábhar san am atá thart nó sa todhchaí. Ina theannta sin, níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm chun a dheimhniú cé na hionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh na dtáirgí onnmhairithe agus cá mhéad díobh a úsáidtear. Ina theannta sin, ní dhearna Rialtas na hIndia tuilleadh scrúdaithe bunaithe ar na hionchuir iarbhír lena mbaineann, cé go mbeadh gá leis sin a dhéanamh in éagmais córas fíorúcháin a bheadh curtha i bhfeidhm go héifeachtach (Iarscríbhinn II(5) agus Iarscríbhinn III(II)(3) a ghabhann leis an mbun-Rialachán). Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil maidir le nasc a bheith ann idir na rátaí aisíoca agus na dleachtanna a íocadh ar amhábhair.

(104)

Dá bharr sin, an íocaíocht ar aistriú díreach cistí ag Rialtas na hIndia í a dhéantar i ndiaidh onnmhairí a dhéanann onnmhaireoirí, braitheann sí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus, dá bhrí sin, meastar go bhfuil an scéim seo sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán.

(105)

I bhfianaise an mhéid thuas, baintear de thátal as go bhfuil an DDS in-fhrithchúitithe.

(106)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na hIndia nach bhfuil an DDS in-fhrithchúitithe ós rud é go bhfuil sé beartaithe chun an prionsabal nár cheart cánacha a onnmhairiú a chur chun feidhme. Tá na scéimeanna sin i gcomhréir le Mír 2 de Roinn I faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (‘Comhaontú SCM’). Ní mó aisíoc na gcánacha indíreacha nó na muirear ar allmhairí ná na cánacha nó na muirir sin a thoibhítear iarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Níl sa DDS ach clár, a aisíocann cánacha a íocadh ar allmhairiú na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh earraí a onnmhairítear. Ríomhfaí toradh na luachanna ó chéatadán den luach SAB a onnmhairítear, rud a athraíonn de réir na n-earraí onnmhairithe.

(107)

D’áitigh Rialtas na hIndia freisin go n-úsáidtear a bhunachair sonraí le haghaidh cros-seiceálacha iomchuí. Tugann Coiste cuairt freisin ar aonaid monaróirí-onnmhaireoirí chun eolas ar an láthair a fháil ar an bpróiseas monaraíochta agus breathnaíonn sé ar chineál na n-ionchur a úsáidtear de ghnáth agus ar mhéid na diomailte. Cuireann an Coiste san áireamh freisin taithí an tionscail agus tosca leathana teicniúla, de réir mar is iomchuí. Is éard atá san aisíocaíocht meánmhéid na dleachta a íocadh ar ábhair d’aon chatagóir nó d’aon chineál in earraí a úsáideadh chun earraí onnmhairithe nó earraí sonraithe a mhonarú.

(108)

Níor mheas an Coimisiún, áfach, gur leor an nasc líomhainte idir na rátaí aisíoca agus na dleachtanna a íocadh ar amhábhair chun go gcomhlíonfadh an scéim na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I mír (I), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc ionadach) a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Go háirithe, níor ríomhadh méid an chreidmheasa i ndáil leis na hionchuir iarbhír a úsáideadh. Thairis sin, ní raibh aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm lena dheimhniú cé na hionchuir (lena n-áirítear a méideanna agus a dtionscnamh) a úsáideadh i bpróiseas táirgthe an táirge onnmhairithe nó cé acu a tharla nó nár tharla íocaíocht iomarcach dleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí mhír (I) d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Thairis sin, ní dhearna Rialtas na hIndia aon scrúdú breise ar bhonn ionchuir agus idirbhirt iarbhír chun a chinneadh ar tharla íocaíocht iomarcach.

(109)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.2.6.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(110)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, shuigh an Coimisiún go dtugtar an tairbhe don fhaighteoir tráth a dhéantar idirbheart onnmhairiúcháin faoin scéim sin. Faoi láthair, tá Rialtas na hIndia faoi dhliteanas an méid aisíoca a íoc, ar ranníocaíocht airgeadais í de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(I) den bhun-Rialachán. A luaithe a eiseoidh na húdaráis chustaim bille loingseoireachta onnmhairiúcháin lena dtaispeánfar, inter alia, an méid aisíoca atá le deonú i leith an idirbhirt onnmhairiúcháin sin, níl aon rogha ag Rialtas na hIndia maidir leis an bhfóirdheontas a dheonú nó gan é a dheonú.

(111)

I bhfianaise an mhéid thuas, agus ós rud é nach bhfuil aon fhianaise iontaofa ann a léiríonn a mhalairt, mheas an Coimisiún gurb iomchuí an sochar faoin DDS a mheas mar shuim na méideanna aisíoca arna dtuilleamh ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chuir an Coimisiún san áireamh na méideanna aisíoca dleachta a tuilleadh ar idirbhearta onnmhairiúcháin uile HEG, ós rud é nach n-onnmhairíonn an chuideachta ach an táirge faoi athbhreithniú.

(112)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún na méideanna fóirdheontais sin thar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán na cuideachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar ainmneoir iomchuí, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(113)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 1,27 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(114)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na hIndia, má tá aon aisíoc iomarcach ann, nach féidir ach an aisíoc iomarcach a fhrithchúiteamh. D’áitigh Rialtas na hIndia go mbeadh an Tuarascáil ón bPainéal, European Union – Countervailing Measures on Certain Polyethylene Terephthalate from Pakistan [An tAontas Eorpach – Bearta Frithchúitimh ar Theireaftaláit Phoileitléine ón bPacastáin], WT/DS486/R ina tacaíocht leis sin. Ón bPainéal sin, luaigh Rialtas na hIndia rannán ina bhfuil an ráiteas seo a leanas: ‘I gcomhréir leis an mbreathnóireacht sin, cuirtear treoir ar fáil in Iarscríbhinn III (II) d’údaráis imscrúdúcháin, treoir atá ceaptha chun cur ar chumas na n-údarás imscrúdúcháin loghadh iomarcach a shainaithint.’

(115)

Níl torthaí sa Tuarascáil ón bPainéal a thiocfadh salach ar chonclúid an Choimisiúin maidir le conas an sochar iomarcach a shainmhíniú sa chás seo. Mar a shonraítear in aithris (111), ós rud é nach raibh aon fhianaise ann maidir le próiseas fíoraithe iarbhír a léiríonn a mhalairt, ach amháin tuairiscí ginearálta ar an gcaoi a n-oibríonn an Coiste agus an chaoi a mbunaíonn sé an cóimheas DDS, mheas an Coimisiún gurb iomchuí measúnú a dhéanamh ar an sochar faoin DDS mar shuim na méideanna aisíoca arna dtuilleamh ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin le linn tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(116)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.   Scéimeanna breise a úsáidtear chun leanúint an fhóirdheonaithe a chinneadh

3.3.1.   Scéimeanna um dhíolúine agus loghadh dleachta

(117)

Cosúil le scéim MEIS, tá scéim RODTEP bunaithe ar an Acht um Thrádáil Eachtrach (Forbairt agus Rialáil) 1992 (Uimh. 22 de 1992) a tháinig i bhfeidhm an 7 Lúnasa 1992 (‘An tAcht um Thrádáil Eachtrach’). Dearadh RODTEP mar chomharba ar scéim MEIS, ach mar gheall ar dhifríochtaí idir na scéimeanna sin maidir leis an gcaoi a mbronntar na sochair, tá forluí ann ó thaobh na dtréimhsí inar cuireadh an dá scéim i bhfeidhm.

3.3.2.   An Scéim um Loghadh Dleachtanna agus Cánacha ar Tháirgí Onnmhairithe (‘RODTEP’)

(118)

Shuigh an Coimisiún gur úsáid HES RODTEP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.2.1.   Bunús dlí

(119)

Tá tuairisc mhionsonraithe ar RODTEP i gcaibidil 4 de FTP 2015-20 agus FTP 2015-20 nuashonraithe agus i gcaibidil 4 de HOP 2015-20 nuashonraithe. Is féidir é a fháil freisin san Fhógra a thugann RODTEP isteach in FTP 2015-20 (18).

3.3.2.2.   Incháilitheacht

(120)

Beidh aon mhonaróir-onnmhaireoir nó aon cheannaí-onnmhaireoir incháilithe don scéim seo.

3.3.2.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(121)

Is féidir le cuideachtaí incháilithe leas a bhaint as RODTEP trí tháirgí a onnmhairiú, nach bhfuil eisiata de réir liosta alt 4.55 de FTP 2015-20 mar Sholáthairtí/Ítimí/Catagóirí Neamh-incháilithe faoin Scéim. Níor cuireadh GES as an áireamh de réir an liosta sin.

(122)

Faoin Scéim deonaítear lacáiste ag céatadán fógartha de luach saor ar bord agus tá caidhp luacha in aghaidh aonad an táirge onnmhairithe i bhfeidhm. Cuirtear an Scéim chun feidhme trí shuim lacáiste a eisiúint i bhfoirm creidmheas dleachta/scruith leictreonach (ríomh-scruith) inaistrithe, a choinníonn an Bord Lárnach um Chánacha Indíreacha agus Custaim (CBIC) i mórleabhar leictreonach.

(123)

Is féidir na ríomh-scruitheanna a úsáid chun dleachtanna custaim a íoc ar allmhairí ionchuir nó earraí lena n-áirítear earraí caipitiúla faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Taraife Custam, 1975, is é sin an Bhundleacht Chustaim.

3.3.2.4.   Conclúid maidir le RODTEP

(124)

Soláthraíonn RODTEP fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndia is ea creidmheas dleachta RODTEP, ós rud é go n-úsáidfear an creidmheas sa deireadh chun dleachtanna ar allmhairí a íoctar ar earraí caipitiúla a fhritháireamh, rud a laghdaíonn ioncam ó dhleacht Rialtas na hIndia a bheadh dlite murach sin. Ina theannta sin, tugann creidmheas dleachta RODTEP sochar don onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir íocaíocht na ndleachtanna ar allmhairí sin.

(125)

Thairis sin, tá RODTEP ag brath sa dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus dá bhrí sin meastar é a bheith sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán.

(126)

Ní féidir a mheas gur córas aisíoca dleachta incheadaithe ná córas aisíoca ionadaigh é an scéim de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. Níl sé i gcomhréir leis na rialacha dochta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, pointe (i), in Iarscríbhinn II (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc) agus in Iarscríbhinn III (sainmhíniú agus rialacha maidir le haisíoc ionadach) a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Níl aon oibleagáid ar onnmhaireoir aon earra a allmhairítear saor ó dhleacht sa phróiseas táirgthe a úsáid go hiarbhír agus ní ríomhtar méid an chreidmheasa i ndáil leis na hionchuir iarbhír a úsáidtear. Níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm lena dheimhniú cé na hionchuir a úsáidtear i bpróiseas táirgthe an táirge onnmhairithe nó cé acu a tharla nó nár tharla íocaíocht iomarcach dleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí phointe (i) d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Thairis sin, ní dhearna Rialtas na hIndia aon scrúdú breise ar bhonn ionchuir agus idirbhirt iarbhír chun a chinneadh ar tharla íocaíocht iomarcach.

(127)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na hIndia go bhfuil athbhreithniú éaga teoranta do shíneadh a chur leis an dleacht atá i bhfeidhm cheana. Dá bhrí sin, ní mór scéimeanna fóirdheontais nua amhail RODTEP a fhágáil lasmuigh de raon feidhme an athbhreithnithe seo.

(128)

Cé go bhfuil athbhreithniú éaga teoranta do shíneadh a chur le dleacht atá i bhfeidhm cheana, ní chuireann sé sin bac ar an gCoimisiún sa tslí nach bhféadfaidh sé imscrúdú a dhéanamh ach ar scéimeanna fóirdheontais a bhí ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh amháin. Chun a chinneadh ar leanadh d’fhóirdheonú os cionn an leibhéil de minimis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chuir an Coimisiún RODTEP san áireamh ós rud é gur cuireadh san áireamh é san iarraidh ar athbhreithniú agus gur scéim leantach ar MEIS a bhí ann.

(129)

Mhaígh Rialtas na hIndia freisin nach bhfuil an RODTEP in-fhrithchúitithe ós rud é go bhfuil sé beartaithe chun an prionsabal nár cheart cánacha a onnmhairiú a chur chun feidhme. Tá na scéimeanna sin i gcomhréir le Mír 2 de Roinn I faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (‘Comhaontú SCM’). Ní mó aisíoc na gcánacha indíreacha nó na muirear ar allmhairí ná na cánacha nó na muirir sin a thoibhítear iarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Níl sa DDS ach clár, a aisíocann cánacha a íocadh ar allmhairiú na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh earraí a onnmhairítear. Dhéanfaí na luachanna aisíoctha a ríomh ó chéatadán den luach SAB a onnmhairítear, céatadán is féidir a athrú de réir na n-earraí onnmhairithe.

(130)

Úsáidtear bunachair sonraí Rialtas na hIndia le haghaidh cros-seiceálacha iomchuí. Tugann Coiste cuairt freisin ar aonaid monaróirí-onnmhaireoirí chun eolas ar an láthair a fháil ar an bpróiseas monaraíochta agus breathnaíonn sé ar chineál na n-ionchur a úsáidtear de ghnáth agus ar mhéid na diomailte. Cuireann an Coiste san áireamh freisin taithí an tionscail agus tosca leathana teicniúla, de réir mar is iomchuí. Is éard atá san aisíoc meánmhéid na dleachta a íocadh ar ábhair d’aon chatagóir nó d’aon chineál in earraí a úsáideadh chun earraí onnmhairithe nó earraí sonraithe a mhonarú.

(131)

Murab ionann agus an méid a d’áitigh Rialtas na hIndia, tá níos mó i gceist le RODTEP ná clár a d’aisíoc cánacha a íocadh ar allmhairiú na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh earraí a onnmhairítear. Mar a shonraítear in aithris (126), níl aon oibleagáid ar onnmhaireoir aon earra a allmhairítear saor ó dhleacht sa phróiseas táirgthe a úsáid iarbhír agus ní ríomhtar méid an chreidmheasa i ndáil leis na hionchuir iarbhír a úsáidtear. Níl aon chóras ná nós imeachta i bhfeidhm lena dheimhniú cé na hionchuir a úsáidtear i bpróiseas táirgthe an táirge onnmhairithe nó cé acu a tharla nó nár tharla íocaíocht iomarcach dleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí phointe (i) d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an mbun-Rialachán. Dá bhrí sin, na sonraí ar thug Rialtas na hIndia tuairisc orthu maidir leis an gcaoi a ndéanann an Coiste an ráta do scéim RODTEP a chinneadh agus an chaoi a bhfuil sin i gcomhréir lena bhunachair sonraí, níl an méid sin ábhartha toisc nach gcuireann sé sin cosc ar an sochar iomarcach.

(132)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.2.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(133)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe i dtéarmaí an tsochair a bronnadh ar an bhfaighteoir, a suíodh gurb ann dó le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Maidir leis sin, shuigh an Coimisiún go dtugtar an sochar don fhaighteoir tráth a fhaigheann an chuideachta an sochar faoin scéim sin. An tráth sin, d’eisigh Rialtas na hIndia creidmheas dleachta a chuir HEG in áirithe mar chuntas infhála ar féidir le HEG é a fhritháireamh tráth ar bith. Is ionann sin agus ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán. A luaithe a eisíonn na húdaráis chustaim bille loingseoireachta onnmhairiúcháin, níl aon rogha ag Rialtas na hIndia maidir leis an bhfóirdheontas a dheonú nó gan é a dheonú. I bhfianaise an mhéid thuas, agus ós rud é nach raibh aon fhianaise iontaofa ann a léiríonn a mhalairt, mheas an Coimisiún gurb iomchuí an sochar faoin RODTEP a mheas mar shuim na méideanna arna dtuilleamh ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch HEG ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chuir an Coimisiún san áireamh na méideanna RODTEP a tuilleadh ar idirbhearta onnmhairiúcháin uile HEG, ós rud é nach n-onnmhairíonn an chuideachta ach an táirge faoi athbhreithniú.

(134)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) den bhun-Rialachán, maidir leis na táillí arna dtabhú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch HEG chun an fóirdheontas a fháil, asbhaineadh iad ón méid iomlán fóirdheontais i gcás inar éilíodh iad.

(135)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún méid an fhóirdheontais sin thar láimhdeachas onnmhairiúcháin HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar ainmneoir iomchuí, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(136)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 0,59 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(137)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na hIndia, má tá aon aisíoc iomarcach ann, nach féidir ach an aisíoc iomarcach a fhrithchúiteamh. D’áitigh Rialtas na hIndia go mbeadh an Tuarascáil ón bPainéal, European Union – Countervailing Measures on Certain Polyethylene Terephthalate from Pakistan [An tAontas Eorpach – Bearta Frithchúitimh ar Theireaftaláit Phoileitléine ón bPacastáin], WT/DS486/R ina tacaíocht leis sin. Ón bPainéal sin, luaigh Rialtas na hIndia rannán ina bhfuil an ráiteas seo a leanas: ‘I gcomhréir leis an mbreathnóireacht sin, cuirtear treoir ar fáil in Iarscríbhinn III (II) d’údaráis imscrúdúcháin, treoir atá ceaptha chun cur ar chumas na n-údarás imscrúdúcháin loghadh iomarcach a shainaithint.’

(138)

Níl conclúidí sa Tuarascáil ón bPainéal a chuirfeadh cosc ar chonclúid an Choimisiúin maidir le conas an sochar iomarcach a shainmhíniú. Mar a shonraítear in aithris (133), ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann maidir le próiseas fíoraithe iarbhír a léiríonn a mhalairt, ach amháin tuairiscí ginearálta ar an gcaoi a n-oibríonn an Coiste agus an chaoi a mbunaíonn an cóimheas RODTEP, mheas an Coimisiún gurb iomchuí measúnú a dhéanamh ar an sochar faoin RODTEP mar shuim na méideanna aisíoca arna dtuilleamh ar idirbhearta onnmhairiúcháin a rinneadh faoin scéim sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(139)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.3.3.   Maoiniú fabhrach: Scéim Comhionannaithe Úis (‘IES’)

(140)

Shuigh an Coimisiún go bhfuair HEG sochair faoi IES a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar an táirge atá faoi athbhreithniú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.3.1.   Bunús dlí

(141)

D’fhógair Banc Cúltaca na hIndia (‘RBI’) an ‘Scéim Comhionannaithe Úis ar Chreidmheas Onnmhairiúcháin Rúipí Réamhsheolta agus Iarsheolta’ i Máistir-Chiorclán DBR.Dir.BC.Uimh. 62/04.02.001/2015-16 dar dáta an 4 Nollaig 2015. Socraíodh ar dtús go rachadh an Scéim Comhionannaithe Úis in éag i mí Mheán Fómhair 2021. Ach, thug RBI fógra do na bainc i mí an Mhárta 2022 maidir le síneadh cúlghabhálach leis an scéim suas go dtí 2024, ach ag ráta níos ísle 2 %.

3.3.3.2.   Incháilitheacht

(142)

Tá an Scéim Comhionannaithe Úis ar fáil d’onnmhairí i gcás réimse leathan táirgí, lena n-áirítear GES, beag beann ar mhéid an táirgeora onnmhairiúcháin agus d’aon onnmhairiú i gcás Micrifhiontar agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

3.3.3.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(143)

Riarann DGFT an Scéim Comhionannaithe Úis. Ar dtús, chuir sí fritháireamh úis 3-5 % ar fáil d’iasachtaí a úsáideadh i ndáil le honnmhairí faoi 416 líne taraife de réir Iarscríbhinn A agus onnmhairí a rinne Micrifhiontair, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide thar chóid ITC(HS) uile.

(144)

Leagadh síos sa Mháistir-Chiorclán dar dáta an 4 Nollaig 2015 go laghdóidh na bainc, ó mhí na Nollag 2015 ar aghaidh, an ráta úis a ghearrfar ar na honnmhaireoirí incháilithe de réir na dtreoirlínte maidir le rátaí úis ar airleacain faoin ráta comhionannaithe úis arna soláthar ag Rialtas na hIndia. Fuair na bainc áitiúla cúiteamh ó Bhanc Cúltaca na hIndia ionas go gcuirfear na rátaí úis níos ísle ar fáil do na cuideachtaí incháilithe. Tá an sochar comhionannaithe úis ar fáil ó dháta na heisíocaíochta suas go dtí dáta na haisíocaíochta nó suas go dtí an dáta ar ina dhiaidh a thiocfaidh an creidmheas onnmhairiúcháin gan íoc thar téarma. Mar sin féin, níl an comhionannú úis ar fáil do na honnmhaireoirí incháilithe ach amháin le linn na tréimhse ina bhfuil an scéim i bhfeidhm.

(145)

Nuair a thug RBI fógra do na bainc i mí an Mhárta 2022 maidir leis an síneadh cúlghabhálach leis an scéim go dtí 2024 ag an ráta níos ísle de 2 %, cheadaigh sé freisin do na bainc phríobháideacha an méid fritháirimh faoi seach a aisíoc go cúlghabhálach leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin incháilithe don tréimhse idir mí Dheireadh Fómhair 2021 agus mí an Mhárta 2022.

3.3.3.4.   Conclúid maidir leis an Scéim Comhionannaithe Úis

(146)

Soláthraíonn an Scéim Comhionannaithe Úis fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(I) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Tugtar ordú leis an dlí do na bainc phríobháideacha fritháirimh úis a sholáthar do chuideachtaí incháilithe.

(147)

Thairis sin, tá an Scéim Comhionannaithe Úis ag brath de réir dlí ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ós rud é nach féidir ceadúnais den sórt sin a fháil gan gealltanas a thabhairt maidir le honnmhairiú. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé sonrach agus in-fhrithchúitithe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) den bhun-Rialachán.

3.3.3.5.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(148)

De réir Airteagal 6(b) den bhun-Rialachán, is é an sochar a thugtar don fhaighteoir an difríocht idir an méid úis a d’íoc an chuideachta ar an iasacht fhabhrach agus an méid a íocann an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide, a d’fhéadfadh an chuideachta a fháil ar mhargadh airgeadais na hIndia (is é sin, an fritháireamh úis a sholáthraítear leis an dlí). Measadh, dá bhrí sin, go raibh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe cothrom leis an méid úis a bhaineann le thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a d’fhritháirigh RBI agus, dá bhrí sin, a shábháil HEG. Áirítear leis sin freisin na méideanna a d’aisíoc na bainc go cúlghabhálach i ndáil le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar gheall ar an síneadh cúlghabhálach leis an scéim go dtí mí an Mhárta 2022.

(149)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, leithdháil an Coimisiún suim an fhóirdheontais sin mar ainmneoir iomchuí thar láimhdeachas onnmhairiúcháin HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, toisc go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, agus nár tugadh é faoi threoir na gcainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh.

(150)

An ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an scéim seo, ba é 0,71 % i gcás HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.   Scéimeanna breise eile

3.4.1.   Scéimeanna náisiúnta

(151)

Is scéim díolúine ó dhleacht í an Scéim um Údarú Allmhairí Saor ó Dhleacht (‘DFIA’) le haghaidh allmhairí a ionchorpraítear in onnmhairí, a rialaítear faoi Chaibidil 4 de FTP 2015-20. Lean an scéim ar aghaidh faoi FTP 2015-20 nuashonraithe. I gcás onnmhairí a thairbhíonn de AAS, ní féidir le cuideachta sochair a éileamh faoi DFIA an tráth céanna. Níor aimsíodh aon tairbhe do HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(152)

De bhun Airteagal 8.1.3 den Mháistir-Chiorclán, tugtar rochtain éasca ar chreidmheas onnmhairiúcháin d’onnmhaireoirí inchairde a bhfuil cuntas teiste maith acu ar na téarmaí is fearr trí Scéim na gCártaí Óir. Níor aimsigh an Coimisiún sochair shonracha do HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a d’fhéadfaí a nascadh le Scéim na gCártaí Óir.

(153)

Tugann Scéim an tSealbhóra Stádais sochair do cheannairí gnó a bhfuil barr feabhais bainte amach acu i dtrádáil idirnáisiúnta agus a chuir go rathúil le trádáil eachtrach tíre. Tá na honnmhaireoirí uile a bhfuil códuimhir allmhairiúcháin-onnmhairiúcháin acu incháilithe don scéim ar choinníoll go mbaineann siad amach tairseach shainithe de leibhéil feidhmíochta onnmhairiúcháin sna trí bliana airgeadais reatha agus sna trí bliana airgeadais roimhe sin. Níor aimsigh an Coimisiún sochair shonracha do HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a d’fhéadfaí a nascadh le Scéim an tSealbhóra Stádais.

(154)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhain HEG úsáid as Maoiniú Onnmhairiúcháin Réamhsheolta agus Iarsheolta. Mar sin féin, cé is moite den lacáiste úis faoin Scéim Comhionannaithe Úis a pléadh cheana i roinn 3.3 thuas, níor aimsigh an Coimisiún sochair shonracha do HEG atá nasctha le maoiniú onnmhairiúcháin réamhsheolta agus iarsheolta.

(155)

Is scéim ghinearálta chun onnmhairí a chur chun cinn é an Tionscnamh um Rochtain ar an Margadh (‘MAI’), ach ní dhíríonn sé ach ar ghníomhaireachtaí cur chun feidhme chun onnmhairí a chur chun cinn agus rochtain ar an margadh a éascú. Ní bhaineann sé le haon idirghníomhaíocht dhíreach leis na Táirgeoirí onnmhairiúcháin ach leis an gComhairle um Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin faoi mhaoirseacht na hAireachta Tráchtála. Is féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin tairbhe a bhaint as aisíocaíocht costas le haghaidh gníomhaíochtaí atá nasctha le cur chun cinn onnmhairiúcháin. Ach níor aimsíodh aon tairbhe do HEG le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.2.   Scéimeanna réigiúnacha

(156)

Ní raibh aon chomhoibriú san imscrúdú seo ó onnmhaireoirí ag a bhfuil táirgeadh in Karnataka agus Maharashtra. Dá bhrí sin, bheadh ar an gCoimisiún a chonclúidí a shuí ar na fíorais atá ar fáil.

(157)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia go ndearna an Coimisiún na cláir ó Karnataka agus Maharashtra a fhrithchúiteamh agus chuir sé in iúl nach bhfuil aon táirgeoir a dhéanann an táirge faoi athbhreithniú in Maharashtra.

(158)

Murab ionann agus tuiscint Rialtas na hIndia, chun críoch an imscrúdaithe seo ní dhearna an Coimisiún aon chonclúidí maidir le scéimeanna réigiúnacha in Karnataka ná Maharashtra.

(159)

Le linn an athbhreithnithe deiridh maidir le dul in éag, bhain HEG tairbhe as díolúine ó dhleacht leictreachais a chuir Stát Madhya Pradesh ar fáil do chuideachtaí tionsclaíocha a bhí ag infheistiú i nginiúint leictreachais le haghaidh tomhaltas faoi chuing. Chuaigh incháilitheacht HEG chun tairbhe a bhaint as an scéim seo in éag ó 2016.

(160)

Maidir le leictreachas ceannaithe, luadh sa ghearán lacáiste 2 RS mar shochar a d’fhéadfadh a bheith ann faoi scéimeanna réigiúnacha. Sonraisc leictreachais a ndearnadh athbhreithniú orthu ag an gcuideachta, bhí taraif iontu a bhí éagsúil leis an ngnáth-tharaif leictreachais thionsclaíoch, agus an lacáiste a luaitear sna sonraisc á gcur san áireamh. Mar thoradh air sin, bhailigh an Coimisiún doiciméid ón gcuideachta agus ó Rialtas na hIndia a bhaineann leis na taraifí fuinnimh is infheidhme maidir le HEG in Madhya Pradesh.

(161)

Léirigh na doiciméid agus an fhaisnéis eile atá ar fáil gur bhunaigh Rialtas Madhya Pradesh Coimisiún Rialála Leictreachais Madhya Pradesh le Fógra Irise dar dáta an 20 Lúnasa 1998. Tháinig an tAcht Leictreachais 2003 (Uimh. 36 de 2003) arna achtú ag an bparlaimint réigiúnach i bhfeidhm le héifeacht ón 10 Meitheamh 2003, agus meastar anois go bhfuil an Coimisiún comhdhéanta agus ag feidhmiú faoi fhorálacha an Achta Leictreachais 2003. Le hAlt 86 den Acht Leictreachais, 2003 ordaíodh feidhmeanna an Choimisiúin Stáit sin:

‘(a)

an taraif chun leictreachas a ghiniúint, a sholáthar, a tharchur agus a iompar, bíodh sin mórdhíol, bulc nó miondíol, de réir mar a bheidh, laistigh den Stát, a chinneadh:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh rochtain oscailte ceadaithe do chatagóirí tomhaltóirí faoi alt 42, nach gcinnfidh an Coimisiún Stáit ach na muirir iompair agus aon fhormhuirear orthu, más ann dóibh, don chatagóir tomhaltóirí sin;

(b)

próiseas ceannaigh agus soláthair leictreachais i ndáil le ceadúnaithe dáilte a rialáil, lena n-áirítear an praghas ar a bhfaighfear leictreachas ó na cuideachtaí giniúna nó ó na ceadúnaithe nó ó fhoinsí eile trí chomhaontuithe chun cumhacht a cheannach lena dháileadh agus lena soláthar sa Stát;’

(162)

Ina Orduithe um Tharaif Soláthair Miondíola, bhunaigh Coimisiún Rialála Leictreachais Madhya Pradesh lacáiste do thomhaltóirí tionsclaíocha a bhfuil gléasraí cumhachta faoi chuing acu. Cruthaíodh an lacáiste ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana dar tús an bhliain airgeadais 2016/2017, ach cuireadh síneadh leis chun go mbeidh sé infheidhme go dtí an bhliain airgeadais 2022/2023. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tugadh le fios le hOrdú um Tharaife Soláthair Miondíola na Bliana Airgeadais 2020-21 go mbeidh lacáiste Rs 2 in aghaidh an aonaid infheidhme maidir le praghas rialta na n-aonad leictreachais incrimintigh arna gceannach ag an tomhaltóir ón eangach, faoi réir laghdú ar a thomhaltas cumhachta a ghintear faoi chuing.

(163)

Ina theannta sin, sonraítear freisin sna hOrduithe um Tharaif Soláthair Miondíola Taraif speisialta do chatagóir shonrach úsáideoirí tionsclaíocha, ar a dtugtar ‘tionscail atá dian ar chumhacht’, atá faoi bhun an ráta rialta d’úsáideoirí tionsclaíocha (an ‘ráta leictreachais laghdaithe’).

(164)

Tá an lacáiste le haghaidh gléasra cumhachta faoi chuing ar fáil do chuideachtaí atá lonnaithe i Stát Madhya Pradesh a chomhlíon a n-éileamh fuinnimh go hiomlán nó go páirteach in aon bhliain airgeadais amháin idir 2016 agus 2020 trí ghléasraí cumhachta faoi chuing agus atá anois ag díol a gcuid fuinnimh féin leis an eangach agus ina dhiaidh sin a n-éileamh fuinnimh a athcheannach tríd an eangach.

(165)

Níl na rátaí leictreachais laghdaithe do thionscail atá dian ar chumhacht ar fáil ach amháin do chuideachtaí atá lonnaithe i Stát Madhya Pradesh atá gníomhach mar mhionmhonarchana chruach (‘MSPanna’), MSPanna ag a bhfuil muilte rollta/monarchana spúinsiarainn san áitreabh céanna, sa tionscal ceimiceán/leictritheirmeach, nó sa tionscal fearó-chóimhiotail.

(166)

Socraíonn Coimisiún Rialála Leictreachais Madhya Pradesh lacáistí agus rátaí leictreachais laghdaithe ina Ordú bliantúil um Tharaif Soláthair Miondíola. Cuireann an t-oibreoir eangaí atá faoi úinéireacht iomlán an rialtais, Madhya Pradesh Madhya Kshetra Vidyut Vitaran Co. Ltd (ceann de na ceithre sholáthraí leictreachais atá faoi úinéireacht phoiblí sa Stát), na horduithe seo i bhfeidhm ina bhillí fuinnimh faoi seach. Cé is moite de ghléasraí cumhachta faoi chuing, níl aon ghníomhaí príobháideach ag feidhmiú ar an margadh leictreachais in Madhya Pradesh.

(167)

I ngeall ar thorthaí na scéimeanna a bhfuil tuairisc orthu i ranna 3.2 agus 3.3, lena ndeimhnítear go bhfuiltear ag leanúint den fhóirdheonú ar leibhéal atá i bhfad os cionn na tairsí de minimis, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhthéacs an athbhreithnithe éaga seo, nár ghá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an dá scéim (lacáiste leictreachais agus ráta leictreachais laghdaithe d’earnálacha tionsclaíocha áirithe) chun cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint den fhóirdheonú, rud a suíodh cheana féin.

(168)

Ach ar bhonn na ndoiciméad a bailíodh, agus ós rud é gur tháinig laghdú 50 % ar an bpraghas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an lacáiste leictreachais agus an ráta leictreachais laghdaithe araon i gcomparáid leis an ngnáthráta leictreachais le haghaidh úsáideoirí tionsclaíocha móra i Stát Madhya Pradesh, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuair an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch sochar suntasach faoi na scéimeanna sin.

(169)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia nár cumhdaíodh imscrúdú ar an scéim seo san Fhógra Tionscnaimh, ná sna comhairliúcháin le Rialtas na hIndia mar a cheanglaítear faoin ASCM.

(170)

I gcomhréir leis na haithrisí (159) agus (160) mheas an Coimisiún gur cumhdaíodh an scéim leis an iarraidh ar athbhreithniú agus go bhféadfadh sé gurbh ionann í agus leanúint den scéim leictreachais a bhí ann roimhe sin. Mar sin féin dheimhnigh an Coimisiún freisin a sheasamh a bhfuil tuairisc air in aithris (168) nach gá anailís iomlán a dhéanamh ar an dá scéim chun críoch an athbhreithnithe éaga seo. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon chinneadh maidir le fóirdheonú i dtaca leis na scéimeanna sin.

3.5.   Méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe

(171)

Mar seo a leanas a bhí méideanna na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin, arna sloinneadh ad valorem:

Scéimeanna

DDS

AAS

MEIS

RODTEP

EPCGS

IES

Iomlán

HEG

1,27  %

1,66  %

0,87  %

0,59  %

0,31  %

0,71  %

5,41  %

(172)

Sáraíonn méid iomlán an fhóirdheonaithe an tairseach de minimis a luaitear in Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

3.6.   Conclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú

(173)

Suíodh gur lean an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch de thairbhe a bhaint as fóirdheonú in-fhrithchúitithe ó údaráis na hIndia le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Suíodh gur leanadh den fhóirdheonú ar leibhéal na tíre chomh maith, ós rud é go bhfuil formhór na scéimeanna ar fáil ar fud na tíre d’onnmhaireoirí GES.

(174)

Tugann na scéimeanna fóirdheontais in-fhrithchúitithe sochair athfhillteacha, agus níl aon léiriú ann go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na scéimeanna sin amach anseo nó go stopfadh HEG de shochair a fháil faoi na scéimeanna sin. A mhalairt ar fad, rinneadh na scéimeanna náisiúnta a bhaineann le cáin a athnuachan le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar chuid de Bheartas Trádála Eachtraí 2015-2020 a bheidh i bhfeidhm go dtí mí an Mhárta 2023. Ina theannta sin, meabhraítear gur cuireadh síneadh arís agus arís eile le cur i bhfeidhm Beartas Trádála Eachtraí 2015-2020, rud a léiríonn gur dócha go leanfar den fhóirdheonú leis an mBeartas Trádála Eachtraí ina dhiaidh sin. Thairis sin, bíonn gach onnmhaireoir incháilithe do roinnt de na scéimeanna fóirdheontais. Baineann an t-aon eisceacht amháin le MEIS, a chuaigh in éag i mí Eanáir 2021. Mar sin féin, tá scéim chomhchosúil curtha in ionad na scéime sin, is é sin RODTEP, scéim ar fhabhraigh an chuideachta sochair ina leith, mar a chuirtear i dtábhacht i roinn 3.2.5 thuas.

(175)

Ar an gcaoi chéanna, chinn an Coimisiún gur cuireadh síneadh leis an maoiniú fabhrach faoin Scéim Comhionannaithe Úis go dtí 2024 ar a laghad.

(176)

Léirigh an t-imscrúdú freisin gur lean allmhairí na hIndia de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus go raibh a gcainníochtaí agus a sciartha den mhargadh fós mar a bhí siad sa dá imscrúdú athbhreithniúcháin roimhe seo. Thairis sin, léiríonn an anailís ar an méid táirgeachta agus ar an acmhainneacht bhreise san India, ar mhéideanna onnmhairiúcháin agus ar phraghsanna ón India chuig margaí tríú tíortha eile, ar na bearta atá ann cheana sna tríú tíortha eile, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais a luaitear in aithrisí (250) go (270) gur dócha go méadódh na honnmhairí fóirdheonaithe a láithreacht i margadh an Aontais, láithreacht atá suntasach cheana féin, dá ligfí do na bearta atá ann faoi láthair dul in éag.

(177)

I bhfianaise an mhéid thuas, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den bhun-Rialachán, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú dá ligfí do na bearta atá i bhfeidhm dul in éag.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(178)

Rinne seacht dtáirgeoir aitheanta san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(179)

Suíodh gur 219 330 tona a bhí i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na bhfreagraí fíoraithe ar cheistneoir na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas agus na sonraí arna soláthar ag na táirgeoirí neamh-sampláilte agus ag na hiarratasóirí (19). Mar a léirítear in aithris (15), táirgeann trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais níos mó ná 61 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(180)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéideanna díola tháirgeacht thionscal an Aontais féin a bhí le dul chuig margadh an Aontais agus ar na méideanna allmhairí a fuarthas ó staitisticí Eurostat.

(181)

Ar an mbonn sin, is mar seo a leanas a d’fhorbair tomhaltas an Aontais:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (tonaí)  (20)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

152 612

120 169

99 873

137 279

Innéacs

100

79

65

90

Foinse:

Eurostat, Faisnéis arna soláthar ag na táirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte san Aontas, faisnéis arna soláthar ag na hiarratasóirí.

(182)

Tháinig laghdú 10 % ar thomhaltas GES san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí tomhaltas ard ann in 2018 mar thoradh ar éileamh ard thionscal cruach an Aontais, ar tionscal é a bhí ar tí teacht slán ón ngéarchéim chruach. Ina theannta sin, i bhfianaise méadú tobann ar phraghas GES, bhí lucht déanta cruach ag cur le stoic GES ar eagla go dtiocfadh méadú breise air.

(183)

In 2019, tháinig laghdú ar tháirgeacht cruach ó stuafhoirnéisí leictreacha i gcomparáid le 2018 (laghdú 6.6 % de réir fhigiúirí Eurofer). Dá bhrí sin tháinig laghdú ar an éileamh ar GES. De réir mar a bhí praghas GES ag titim go mór, measadh nach raibh gá a thuilleadh cur le stoic don tionscal iartheachtach toisc nach raibh úsáideoirí buartha a thuilleadh faoi mhéadú breise ar phraghsanna. Mar thoradh air sin, thosaigh táirgeoirí cruach ag dístocáil a bhfardal GES. Thairis sin, tháinig laghdú breise ar an éileamh, ach laghdú sealadach a bhí ann in 2020 i ndiaidh ráig COVID-19.

4.3.   Allmhairí ón India

4.3.1.   Méid na n-allmhairí ón India agus a sciar den mhargadh

(184)

Mar a luaitear in aithris (180), shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ón India ar bhonn staitisticí Eurostat. Is de réir thomhaltas an Aontais a suíodh an sciar den mhargadh, mar a leagtar amach in aithris (181).

(185)

Is mar a leanas a d’fhorbair allmhairí ón India:

Tábla 2

Méid (tonaí) na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón India (tonaí)

5 802

3 369

2 154

6 540

Innéacs

100

58

37

113

Sciar den mhargadh %

4

3

2

5

Innéacs

100

74

57

125

Foinse:

Eurostat agus bunachar sonraí 14.6

(186)

Tháinig laghdú idir 2019 agus 2020 ar allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann de bharr laghdú ar thomhaltas san Aontas, ach mhéadaigh siad arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mhéadaigh méid na n-allmhairí ó 5 802 tona in 2018 go dtí 6 540 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. méadú 13 %. Thart ar 16 % d’iomlán na n-allmhairí GES chuig an Aontas a bhí sna hallmhairí GES ón India le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar sciar den mhargadh 5 % é sin.

(187)

Ar an iomlán, tháinig méadú ar allmhairí ón India agus ar an sciar den mhargadh a bhí acu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In ainneoin an laghdaithe ar thomhaltas san Aontas, lean méid na n-allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India de bheith ag méadú le linn na tréimhse faoi bhreathnú (faoi 13 %), ach tháinig laghdú ar dhíolacháin thionscal an Aontais.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón India agus sladghearradh praghsanna

(188)

Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghas na n-allmhairí ón India:

Tábla 3

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tonna)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Praghsanna allmhairí ón India

13 756

10 211

4 120

2 747

Innéacs

100

74

30

20

Foinse:

Eurostat

(189)

Tháinig laghdú 80 % ar mheánphraghas allmhairiúcháin (21) GES ón India le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó EUR 13 756/tona in 2018 go EUR 2 747/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(190)

Mar gheall ar an éileamh ard domhanda ar GES, sháraigh praghsanna na hIndia praghsanna thionscal an Aontais sa chéad leath den tréimhse faoi bhreathnú, ach ansin tháinig laghdú 60 % orthu idir 2018 agus 2020 agus d’fhan siad níos ísle go comhsheasmhach ná praghsanna an Aontais in 2020 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(191)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(a)

an meánphraghas díola ualaithe i gcás tháirgeoirí an Aontais, praghas a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais agus arna shocrú ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha; agus

(b)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha allmhairiúcháin an táirge atá faoi athbhreithniú ón India ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch san India, arna suí ar bhonn CAL, gan na dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a chur san áireamh, mar aon le coigeartuithe iomchuí maidir le dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairithe. In éagmais aon fhaisnéis eile, measadh gur 1 % de luach CAL iad na costais sin.

(192)

Bhí meánchorrlach sladghearrtha 41,1 % ann dá bharr sin.

(193)

Tar éis an nochta, d’áitigh Rialtas na hIndia nach bhfuil an corrlach sladghearrtha arna ríomh ag an gCoimisiún ionadaíoch toisc nach bhfuil sé bunaithe ar phraghsanna margaidh iarbhír san Aontas. Dar le Rialtas na hIndia, cionn is go ndearnadh díolacháin a foinsíodh ó GrafTech Iberica de bhun conarthaí fadtéarmacha (‘LTAnna’), tá praghas díola atá ard go saorga ann nach léiríonn praghas margaidh GES san Aontas.

(194)

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an measúnú sin. Níl LTAnna neamhchoitianta sa chleachtas tráchtála agus is cinneadh gnó iad ina dtoilíonn custaiméir cloí le leibhéal praghais sonrach mar mhalairt ar shlándáil soláthair. Ós rud é go raibh LTAnna á n-úsáid i ndéileálacha ar an margadh ábhartha, ní fhágann sé, i ngeall ar na LTAnna a bheith sa sampla, nach bhfuil sé ionadaíoch. Thairis sin, níor chumhdaigh LTAanna ach cuid de na díolacháin a rinne GrafTech agus níor cumhdaíodh díolacháin an dá tháirgeoir shampláilte eile de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe faoi LTAnna comhchosúla. Dá bhrí sin, dar leis an gCoimisiún, cé go bhfuil siad ionadaíoch ar chuid den mhargadh, ní dhearna na LTAnna a úsáideann GrafTech Iberica difear suntasach don ríomh sladghearrtha ar an iomlán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.3.3.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an India

(195)

Ba ón tSín, ó Mheicsiceo agus ón Rúis den chuid ba mhó a tháinig allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile.

(196)

Mar seo a leanas a d’fhorbair méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Allmhairí ó thríú tíortha seachas an India

Tír

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Daon-Phoblacht na Síne

Méid (tonaí)

22 054

19 284

20 074

26 065

Innéacs

100

87

91

118

Sciar den mhargadh %

14

16

20

19

Innéacs

100

111

139

131

Meánphraghas

10 875

5 253

2 337

2 614

Innéacs

100

48

21

24

An Rúis

Méid (tonaí)

1 076

3 229

780

3 371

Innéacs

100

300

72

313

Sciar den mhargadh %

1

3

1

2

Innéacs

100

381

111

348

Meánphraghas

9 623

5 771

4 898

2 851

Innéacs

100

60

51

30

Meicsiceo

Méid (tonaí)

1 374

12

896

1 437

Innéacs

100

1

65

105

Sciar den mhargadh %

1

0

1

1

Innéacs

100

1

100

116

Meánphraghas

2 530

3 264

3 976

3 435

Innéacs

100

129

157

136

An chuid eile den domhan

Méid (tonaí)

4 482

2 471

2 616

3 621

Innéacs

100

55

58

81

Sciar den mhargadh %

3

2

3

3

Innéacs

100

70

89

90

Meánphraghas

8 253

10 648

5 737

3 979

Innéacs

100

129

70

48

Iomlán na dtríú tíortha seachas an India

Méid (tonaí)

28 987

24 996

24 366

34 494

Innéacs

100

86

84

119

Sciar den mhargadh %

19

21

24

25

Innéacs

100

110

128

132

Meánphraghas

10 027

5 852

2 844

2 814

Innéacs

100

58

28

28

Foinse:

Eurostat

(197)

Rinneadh anailís ar thionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha eile toisc gur tháinig thart ar 84 % d’iomlán na n-allmhairí GES chuig an Aontas ó na tíortha sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. In ainneoin an laghdaithe ar thomhaltas, tháinig méadú 19 % ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, ó beagnach 29 000 tona in 2018 go dtí thart ar 35 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(198)

Go pointe áirithe, lean allmhairí ó thríú tíortha an laghdú ar thomhaltas in 2019 agus 2020, ach mhéadaigh siad arís go tapa agus shroich siad an leibhéal is airde i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nuair a bhí siad 19 % níos airde ná mar a bhí in 2018. Lean meánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha eile an treocht dhomhanda agus tháinig laghdú 72 % air idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(199)

Tháinig formhór mór na n-allmhairí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ón tSín, is é sin 76 %. Tháinig méadú 22 % ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha eile seachas an tSín agus an India le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú ar mhéid allmhairí GES ón India ó 5 800 tona in 2018 go 6 500 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus mhéadaigh an méid ón tSín ó 22 054 tona in 2018 go 26 065 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar ghnóthachain 25 % agus 31 % faoi seach ar sciar den mhargadh iad sin.

(200)

Le linn na tréimhse céanna, bhí praghsanna allmhairiúcháin ón tSín níos ísle ná praghsanna onnmhaireoirí na hIndia agus praghsanna tháirgeoirí an Aontais (ach amháin in 2018).

(201)

Thairis sin, ón 7 Aibreán 2022 ar aghaidh (22), chuir an Coimisiún allmhairí GES ón tSín faoi réir dleacht frithdhumpála (ó 23 % go 74,9 %) (23).

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(202)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(203)

Mar a luaitear in aithris (15), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(204)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a fuarthas sna freagraí ar an gceistneoir frithdhumpála ó na táirgeoirí sampláilte mar aon le sonraí maicreacnamaíocha arna soláthar ag táirgeoirí neamhshampláilte agus ag na hiarratasóirí, agus iad cros-seiceáilte leis na sonraí san iarraidh ar athbhreithniú. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí an Aontais go léir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(205)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

(206)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(207)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

251 009

219 744

164 413

219 330

Innéacs

100

88

66

87

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

283 500

294 900

294 900

285 235

Innéacs

100

104

104

101

Úsáid acmhainneachta %

89

75

56

77

Innéacs

100

84

63

87

Foinse:

faisnéis arna soláthar ag na táirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte san Aontas, faisnéis arna soláthar ag na hiarratasóirí.

(208)

Tar éis an laghdaithe ar thomhaltas, tháinig laghdú 34 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais idir 2018 agus 2020, agus mhéadaigh siad arís go pointe áirithe i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, cé go raibh sé fós faoi bhun leibhéal 2018. Tháinig laghdú foriomlán 13 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(209)

Is é is cúis leis an laghdú ar an méid táirgeachta an laghdú ar thomhaltas mar aon leis an gcaillteanas ar chainníocht na ndíolachán a bhain do thionscal an Aontais, mar a mhínítear thíos in aithris (211).

4.4.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(210)

Is mar seo a leanas d’fhorbair méid díolachán thionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

117 824

91 804

73 352

96 245

Innéacs

100

78

62

82

Sciar den mhargadh %

77

76

73

70

Innéacs

100

99

95

91

Foinse:

Faisnéis a chuir na hiarratasóirí ar fáil, faisnéis arna soláthar ag na táirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte san Aontas.

(211)

Tháinig laghdú 18 % ar méid na ndíolachán i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Laghdaigh sé go seasta suas go dtí 2020 (faoi 38 %) agus níor tháinig an méid sin chuige féin ach go páirteach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, ní raibh an méadú sin i gcomhréir leis an treocht chomhchosúil a lean tomhaltas an Aontais as ar tháinig caillteanas ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 77 % in 2018 go 70 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (lúide 9 %), fad a tháinig méadú 25 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón India le linn na tréimhse céanna.

(212)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 10 % ar thomhaltas GES an Aontais. Níor bhain an laghdú 15 000 tona sin ach de thionscal an Aontais a chaill 21 000 tona díolachán. Le linn na tréimhse céanna, lean méid na n-allmhairí dumpáilte ón India, ón tSín agus ó thríú tíortha eile de bheith ag méadú, is é sin 13 %, 18 % agus 19 % faoi seach.

4.4.2.3.   Fás

(213)

Mar a mhínítear thuas, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 21 000 tona díolachán ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus tháinig méadú níos mó ná 6 200 tona ar allmhairí. Ba é an toradh a bhí air sin gur chaill tionscal an Aontais sciar 9 % den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá dheasca sin, níor fhás tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(214)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair an fhostaíocht agus an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe (FTE)

1 165

1 148

1 102

1 143

Innéacs

100

99

95

98

Táirgiúlacht (aonad/fostaí)

215

191

149

192

Innéacs

100

89

69

89

Foinse:

Faisnéis a chuir na hiarratasóirí ar fáil, faisnéis arna soláthar ag na táirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte san Aontas.

(215)

D’fhan líon na bhfostaithe i dtionscal an Aontais réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú (laghdú 2 % linn na tréimhse faoi bhreathnú). Dá bhrí sin, i bhfianaise an laghdaithe ar tháirgeacht a mhínítear i roinn 4.4.2.1, tháinig laghdú 11 % ar tháirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an fhostaí, le linn na tréimhse céanna.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh fóirdheontais agus téarnamh ó fhóirdheonú a rinneadh roimhe seo

(216)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (177) gur lean allmhairí na hIndia de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna fóirdheonaithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’aimsigh an Coimisiún fianaise freisin gur dócha go leanfar den fhóirdheonú dá rachadh na bearta as feidhm.

(217)

D’ainneoin na mbeart frithchúitimh atá i bhfeidhm ó 2009, tá méid díolachán suntasach caillte ag tionscal an Aontais, rud a léirítear i gcailliúint 9 bpointe céatadáin sa mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá réir sin, níorbh fhéidir aon téarnamh iomlán ón bhfóirdheonú roimhe seo a shuí agus tá tionscal an Aontais fós go mór i mbaol ó na héifeachtaí díobhálacha ó allmhairí dumpáilte ar mhargadh an Aontais.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(218)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

8 483

9 578

5 870

4 682

Innéacs

100

113

69

55

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

3 696

4 685

4 864

3 556

Innéacs

100

127

132

96

Foinse:

Freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas.

(219)

Tháinig méadú 13 % ar na praghsanna díola idir 2018 agus 2019 sular tháinig laghdú géar orthu in 2020, agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bhí siad 45 % níos ísle ná mar a bhí in 2018.

(220)

Tháinig méadú ar an gcostas táirgthe, agus shroich sé an pointe is airde in 2020 sular thosaigh sé ag laghdú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá an treocht sin ann mar gheall ar an méadú mór ar phraghas an phríomh-amhábhair, is é sin cóc snáthaidiúil. Tháinig méadú leanúnach mór ar phraghas an chóic snáthaidiúil suas go dtí 2019, mar gheall ar an éileamh méadaithe atá á thiomáint ag tionscal na gceallraí ian litiam, agus níor thosaigh sé ag laghdú ach in 2020.

(221)

I bhfianaise phraghsanna díola thionscal an Aontais, thug an Coimisiún dá aire go raibh cuid de tháirgeacht an Aontais (go háirithe arna táirgeadh ag GrafTech Iberica agus GrafTech France) a raibh 50 % de dhíolacháin agus de tháirgeacht iomlán an Aontais i gceist léi, cosanta go pointe ar iomaíocht an mhargaidh dhírigh ar bhonn sealadach, ach go raibh an chuid eile (an dá tháirgeoir shampláilte eile de chuid an Aontais) neamhchosanta go díreach ar allmhairí dumpáilte ón India.

(222)

Ba é ba chúis leis an staid sin go raibh LTAnna ann a chumhdaigh díolacháin GES a foinsíodh ó GrafTech Iberica. Tugadh na LTAnna sin i gcrích tar éis tréimhse ina raibh praghsanna thart a bheith ard sna blianta 2017–2018. Is éard atá sna conarthaí sin conarthaí ceannaigh lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta leibhéal ráthaithe soláthairtí ar phraghsanna socraithe agus lenar thug an ceannaitheoir gealltanas na méideanna comhaontaithe a cheannach ag an bpraghas socraithe réamhchinntithe, faoi réir cearta agus oibleagáidí conarthacha éagsúla. Mhair na conarthaí sin idir 3 bliana agus 5 bliana. Ba léir go ndearnadh cuid an-mhór de dhíolacháin a foinsíodh ó GrafTech Iberica le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe faoi na LTAnna sin. Níor léirigh an t-imscrúdú go mbeadh aon táirgeoir eile de chuid an Aontais cumhdaithe le LTAnna comhchosúla le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise fad teoranta na LTAnna, thug an Coimisiún dá aire gur tionchar sealadach atá i dtionchar na gconarthaí.

(223)

Tugadh na LTAnna sin i gcrích de bharr na tréimhse sin sna blianta 2017-2018, a chuaigh chomh fada le 2019, ina raibh praghsanna an-luaineach. Sna blianta sin, tháinig méadú mór ar phraghsanna domhanda leictreoidí graifíte. Tharla sé sin mar gheall ar roinnt tosca, lenar áiríodh méadú ar an éileamh domhanda. Ba é an phríomhchúis leis an méadú ar an éileamh mar a luaigh tionscal an Aontais, an t-aistriú domhanda sa tionscal cruach, ó fhoirnéisí soinneáin go stuafhoirnéisí leictreacha, ina n-úsáidtear leictreoidí graifíte. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (220), an iomaíocht nua le haghaidh cóc snáthaidiúil (an príomh-amhábhar a úsáidtear i dtáirgeadh leictreoidí graifíte) le tionscal na gceallraí ian litiam, spreag sí sin méadú ar chostas amhábhar, rud a chuir leis an luaineacht praghsanna. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin maidir le luaineacht praghsanna, rinneadh na LTAnna le haghaidh sholáthar an táirge faoi athbhreithniú a foinsíodh ó GrafTech Iberica a chaibidliú ar feadh tréimhse idir 3 bliana agus 5 bliana. Ba é an prionsabal a bhí ann praghsanna níos cobhsaí a fháil mar mhalairt ar sholáthar cobhsaí, rud a d’iarr na cliaint.

(224)

Dá bhrí sin, a bhuí leis na LTAnna a bhí ann cheana, bhíothas in ann díolachán GrafTech Iberica a shocrú ag leibhéal cobhsaí praghsanna ([25-50] % níos airde ná an meánphraghas díola aonaid san Aontas) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’ainneoin an laghdaithe ghinearálta a tháinig ar phraghsanna nach raibh an chuid eile de thionscal an Aontais cosanta air faoi LTA. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, amhail méideanna díolachán an táirge faoi athbhreithniú nach bhfuil faoi réir LTAnna agus a foinsíodh ó GrafTech Iberica, chomh maith le díolacháin an dá tháirgeoir shampláilte eile de chuid an Aontais, mheas an Coimisiún go raibh an meánphraghas ar an margadh nár cumhdaíodh faoi théarmaí LTAnna thart ar [25-50] % níos ísle ná an meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán. Dá réir sin, ní léiríonn meánphraghas díola an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe staid an phraghais iomaíoch ar mhargadh an Aontais go cruinn, staid a raibh tionchar mór ag allmhairí ar phraghas íseal agus dumpáilte ón India agus ón tSín araon air.

4.4.3.2.   Costais saothair

(225)

Is mar seo a leanas d’fhorbair meánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

91 856

87 714

84 993

87 519

Innéacs

100

95

93

95

Foinse:

Freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas.

(226)

Tháinig laghdú beag ar an meánchostas saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig laghdú 5 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí. Ba é an rud ba mhó a raibh tionchar aige ar an treocht sin, an laghdú teoranta ar na figiúirí fostaíochta mar a mhínítear in aithris (215).

4.4.3.3.   Fardail

(227)

Is mar seo a leanas d’fhorbair leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

7 026

9 447

8 172

8 812

Innéacs

100

134

116

125

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

3

4

5

4

Innéacs

100

154

178

144

Foinse:

Freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas.

(228)

Ní féidir a mheas gur táscaire ábhartha ar dhíobháil san earnáil seo iad fardail, ós rud é go bhfuil táirgeacht agus díolacháin bunaithe den chuid is mó ar orduithe agus, dá réir sin, is gnách do tháirgeoirí stoic theoranta a bheith ina seilbh acu. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar treochtaí na bhfardal.

(229)

Ar an iomlán, na treochtaí táirgeachta agus díolachán a bhain le tionscal an Aontais, bhí tionchar ag na treochtaí sin a bhí ag laghdú ar na fardail. Tháinig méadú mór ar stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht in 2019 agus in 2020 (méadú 54 % agus 78 % faoi seach), agus laghdaigh siad arís go páirteach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 25 % ar na stoic dheiridh i dtonaí.

(230)

Mar sin féin, tá staid éagsúil le feiceáil nuair a bhreathnaítear ar shonraí an dá tháirgeoir san Aontas nár thug na LTAnna i gcrích. Tháinig méadú [35 – 45] % ar a gcuid stoc le linn na tréimhse céanna.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(231)

Is mar seo a leanas d’fhorbair brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí i gcás na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Brabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

75

62

2

31

Innéacs

100

82

2

42

Sreabhadh airgid (EUR)

659 909 270

475 537 375

120 592 009

210 732 326

Innéacs

100

72

18

32

Infheistíochtaí (EUR)

23 523 042

28 065 231

21 574 327

29 396 885

Innéacs

100

119

92

125

An toradh ar infheistíochtaí %

722

467

35

154

Innéacs

100

65

5

21

Foinse:

Freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas

(232)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(233)

Tar éis imscrúdú an athbhreithnithe éaga roimhe seo a luaitear in aithris (1), inar forchuireadh na bearta frithchúitimh, tháinig feabhas ar staid thionscal an Aontais agus, mar gheall ar an méadú ar phraghsanna a luaitear thuas i mír 4.4.3.1, shroich a chorrlach brabúis 75 % in 2018. Ach tháinig meath mór ar an staid ina dhiaidh sin agus laghdaigh corrlaigh brabúis ó na leibhéil a bhí ann in 2018. Shroich siad na leibhéil is ísle in 2020 (2 %) agus mhéadaigh siad arís go pointe áirithe (31 %) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann é sin agus laghdú 58 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(234)

Is é is cúis leis an treocht laghdaitheach sin an laghdú mór ar thomhaltas an Aontais agus ar an méid díolachán a bhain do thionscal an Aontais agus a chuaigh chun tairbhe d’allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe na hIndia agus d’allmhairí dumpáilte na Síne a raibh brú mór á imirt acu ar phraghsanna agus iad ag teacht isteach san Aontas, agus rinne siad sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais agus chuir siad iallach ar an gcuid de thionscal an Aontais nach raibh cumhdaithe leis na LTAnna a leibhéil praghsanna a laghdú, mar a mhínítear thuas in aithris (224).

(235)

Mar a luaitear thuas, rinne ceann amháin de tháirgeoirí sampláilte an Aontais, GrafTech Iberica, formhór a mhéideanna a dhíol faoi LTAnna. Dá bhrí sin, díoladh táirgí ar phraghsanna cobhsaí agus, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (go dtí go ndeachaigh na LTAnna in éag; chuaigh cuid mhór acu in éag faoi dheireadh 2021, cuid eile faoi dheireadh 2022), measadh fós go raibh na díolacháin sin cosanta go páirteach ar thosca seachtracha amhail an laghdú ginearálta ar phraghsanna.

(236)

Mar sin féin, tá an staid go hiomlán difriúil i gcás an dá tháirgeoir shampláilte eile de chuid an Aontais. Agus GrafTech Iberica á chur as an áireamh, léiríonn na micreatháscairí cás difriúil, agus thit brabúsacht díolachán san Aontas ó [+ 70 – + 80] % in 2018 go [0 – + 10] % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(237)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas thionscal an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. I bhfianaise threocht laghdaitheach bhrabús thionscal an Aontais, tháinig laghdú 68 % ar an sreabhadh airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(238)

Tháinig méadú 25 % ar infheistíochtaí, a bhuí le sreabhadh airgid atá dearfach go fóill, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, arb é an phríomhchúis é leis na hiarrachtaí atá déanta ag tionscal an Aontais a tháirgeadh a réasúnú agus éifeachtúlacht agus táirgiúlacht a mhéadú chun dul i ngleic le hallmhairí ar phraghas íseal atá ag dul i méid. Le linn na tréimhse céanna, áfach, tháinig laghdú 79 % ar an toradh ar infheistíochtaí, a shloinntear mar an brabús i gcéatadán an ghlanluacha infheistíochtaí de réir na leabhar, agus lean sé an treocht chéanna agus a lean an bhrabúsacht mar sin.

(239)

Tá an scéal an-chosúil leis an gceann thuas nuair a bhreathnaítear ar shonraí an dá tháirgeoir de chuid an Aontais nár dhíol faoi LTAnna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le linn na tréimhse céanna thit an toradh ar infheistíocht agus ar shreabhadh airgid go [0 + 10]%.

(240)

Mar gheall ar an mbrabúsacht agus an toradh ar infheistíocht atá ag laghdú, éireoidh sé níos deacra do tháirgeoirí sampláilte an Aontais caipiteal a chruinniú le haghaidh infheistíochta amach anseo. Mar sin féin, agus an toradh ar infheistíochtaí ag titim chomh tapa sin, is léir go gcuirfear cumas na dtáirgeoirí sampláilte caipiteal a chruinniú amach anseo i mbaol níos mó.

4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(241)

Léiríodh san imscrúdú gur lig na bearta do thionscal an Aontais sciar suntasach den mhargadh a choinneáil, i bpáirt ar a laghad, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirigh formhór na dtáscairí díobhála go raibh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais deacair. Mar a mhínítear thuas, is é is míniú ar na forbairtí diúltacha sin an laghdú ar thomhaltas mar aon le toradh ráig COVID-19 agus allmhairí dumpáilte ón tSín agus allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India a fuair sciar den mhargadh le linn na tréimhse céanna, rud a bhí chun dochair do thionscal an Aontais ar tháinig laghdú ar a sciar den mhargadh. Rinneadh an staid a ghéarú a thuilleadh mar gheall ar an méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón India. D’fhreagair tionscal an Aontais do na dúshláin sin trína phraghsanna a laghdú agus trí bhrabús a laghdú, cé go raibh brabús dearfach aige fós le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(242)

Go háirithe, tháinig laghdú ar tháirgeacht, ar mhéideanna díolachán agus ar sciartha den mhargadh, chomh maith le praghsanna díola a raibh tionchar diúltach acu ar tháirgiúlacht agus ar bhrabúsacht. Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar bhrú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón tSín, bhí ar thionscal an Aontais a phraghsanna díola a laghdú agus bhí tionchar diúltach aige sin ar a bhrabúsacht, rud a laghdaigh go mór le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar deireadh, bíonn tionchar diúltach ag na torthaí laghdaitheacha ar infheistíochtaí ar chumas thionscal an Aontais caipiteal agus infheistíochtaí a chruinniú.

(243)

Ar an taobh eile, d’éirigh le tionscal an Aontais méid mór díolachán agus sciar suntasach den mhargadh a choinneáil, d’ainneoin na dtreochtaí laghdaitheacha. Mar an gcéanna, d’ainneoin na treochta diúltaí, d’fhan an bhrabúsacht dearfach i rith na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal an Aontais faoi réir roinnt treochtaí diúltacha le linn na tréimhse faoi bhreathnú, as ar eascair staid leochaileach fhoriomlán in 2021 ach nár bhain díobháil ábhartha dó de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(244)

Tar éis an nochta, mhaígh Rialtas na hIndia go bhfuil praghsanna méadaithe na n-amhábhar, tar éis fogha míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cheann de na príomhchúiseanna le brabúsacht laghdaithe thionscal an Aontais.

(245)

Ní thacaíonn aon fhianaise leis an maíomh sin. Tháinig an fogha míleata agus an staid gheopholaitiúil fholuiteach chun cinn tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ó mhí Feabhra 2022 ar aghaidh, agus dá bhrí sin, ní raibh aon tionchar acu ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, measadh nach raibh bunús leis an maíomh sin.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO gCUIRFEAR TÚS ARÍS LEIS AN DÍOBHÁÍL

(246)

Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (243) nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an mbeadh dóchúlacht ann go gcuirfear tús arís leis an díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(247)

Chun a shuí an bhfuil dóchúlacht ann go gcuirfear tús arís leis an díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India ba chúis léi ar an gcéad dul síos, mheas an Coimisiún na heilimintí seo a leanas: (i) méid táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san India, (ii) méideanna onnmhairiúcháin agus praghsanna ón India chuig margaí tríú tíortha eile, (iii) bearta atá ann cheana sna tríú tíortha eile, (iv) tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus, (v) leibhéil praghsanna dóchúla allmhairí ón India agus a dtionchar ar staid thionscal an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(248)

Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga (24), measadh gur thart ar 160 000 tona a bhí in acmhainneacht táirgeachta iomlán GES na hIndia, gur thart ar 121 000 tona a bhí sa táirgeacht agus gur thart ar 39 000 tona a bhí san acmhainneacht bhreise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thart ar 29 % de thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí san acmhainneacht bhreise mheasta.

(249)

Ina theannta sin, thug an fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh (25) le fios go bhfuiltear ag súil le go leanfaidh táirgeoir Indiach amháin dá acmhainneacht a mhéadú agus go mbeadh 20 000 tona breise ann faoi thús 2023, rud a mhéadódh an acmhainneacht bhreise go 59 000 tona (43 % de thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe). Dá bhrí sin, tá an acmhainneacht ann chun méideanna allmhairí chuig an Aontas a mhéadú go mór, go háirithe toisc nach bhfuil aon chosúlacht ann go bhféadfadh margaí tríú tíortha ná an margadh intíre aon táirgeacht bhreise a ionsú.

5.2.   Méideanna agus praghsanna onnmhairiúcháin ón India chuig margaí tríú tíortha eile

(250)

In éagmais comhair agus aon fhoinse níos iontaofa dá bhrí sin chun onnmhairí GES ón India chuig na tríú tíortha eile seachas an tAontas a shuí, bhí an anailís bunaithe ar shonraí GTA maidir le cód CC 8545 11. Chumhdaigh an cód CC sin thart ar 82 % d’onnmhairí na hIndia chuig an Aontas (i gcomparáid le sonraí TARIC Eurostat), agus is fíorbheag allmhairí a tháinig isteach san Aontas ón India faoi chód CC 8545 90. Dá bhrí sin, measadh gurbh iad sonraí GTA le haghaidh CC 8545 11 an fhoinse ba iontaofa le haghaidh anailís margaidh tríú tír.

(251)

Fuarthas amach go raibh GIL agus HEG araon, an dá tháirgeoir aitheanta GES san India, dírithe go mór ar onnmhairiú agus go raibh siad ag onnmhairiú os cionn 60 % dá dtáirgeacht in 2021. Ba iad an Tuirc, na Stáit Aontaithe, an tAontas agus an Éigipt na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin a bhí acu. Ar an iomlán, tháinig laghdú 14 % ar mhéid na n-onnmhairí ón India ó 2018 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tháinig méadú 16 % air chuig na trí mhargadh onnmhairiúcháin is mó (an Tuirc, na Stáit Aontaithe agus an Éigipt).

(252)

An anailís ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig na deich dtír ba mhó ar onnmhairigh an India chucu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thug an anailís sin le fios go raibh an praghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas ar leibhéal saor ar bord theorann na hIndia (EUR 2 727/tona) níos airde ná mar a bhí sé go dtí an Éigipt, an Chóiré Theas, an Afraic Theas, Meicsiceo agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus go raibh sé níos ísle ná an praghas onnmhairiúcháin go dtí an Tuirc, na Stáit Aontaithe, an Araib Shádach agus an Indinéis. Mar sin féin, i bhfianaise na srianta ar onnmhairiú atá os comhair thionscal na hIndia, mar a mhínítear thíos i roinn 5.3, agus acmhainneacht bhreise reatha na hIndia á cur san áireamh, measadh go mbeadh dreasacht ag onnmhaireoirí na hIndia méideanna móra onnmhairí ó thríú tíortha a aistriú chuig margadh níos tarraingtí san Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.3.   Bearta atá ann cheana sna tríú tíortha eile

(253)

Tar éis do na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcoinne na hIaráine i mí Lúnasa 2018, chaill an India a ceann scríbe onnmhairiúcháin ba mhó le haghaidh GES (26). Roimh na smachtbhannaí, bhí an Iaráin ar na trí cheann scríbe ba mhó ag an India le haghaidh GES, agus onnmhairíodh thart ar 9 000 tonna in aghaidh na bliana. In 2019, tar éis na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, tháinig laghdú ar mhéid na n-onnmhairí ón India chuig an Iaráin agus ansin onnmhairíodh beagnach nialas tona agus d’fhan an staid mar sin sna blianta ina dhiaidh sin.

(254)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Eacnamaíoch Eoráiseach síneadh leis na bearta frithdhumpála ar allmhairí GES ón India go dtí mí Mheán Fómhair 2023 ar ráta 16,04 % le haghaidh HEG agus 32,83 % le haghaidh GIL agus monaraithe eile na hIndia. Ba thomhaltóir tábhachtach GES í Cónaidhm na Rúise, ar comhalta an Aontais Eacnamaíoch Eoráisigh í, agus rinneadh 24 mhilliún tona ina stuafhoirnéisí leictreacha cruach in 2019. Tháinig laghdú ar onnmhairí GES na hIndia chuig an Rúis ó thart ar 840 tona in 2018 go nialas tona in 2020 agus 2021. Dá bhrí sin, leis an acmhainneacht bhreise atá ar fáil cheana, cuirfidh sé sin srian ar na margaí onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do tháirgeoirí na hIndia, rud a mhéadóidh tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh, dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.4.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(255)

Léiríodh tarraingteacht mhargadh an Aontais, d’ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh atá i bhfeidhm, sa tslí gur lean GES de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ón India. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean an India de bheith ar an dara tír onnmhairiúcháin is mó a d’allmhairigh chuig an Aontas, agus bhí an tSín sa chéad áit. Cé go raibh laghdú ann idir 2019 agus 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19, choinnigh agus mhéadaigh an India leibhéal a honnmhairí chuig an Aontas, idir 5 800 tona in 2018 agus 6 500 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus bhí na sciartha den mhargadh idir 4 % in 2018 agus 5 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí sé sin sa raon céanna leis na méideanna onnmhairiúcháin agus leis na sciartha den mhargadh a tugadh faoi deara san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin sa dá athbhreithniú éaga roimhe seo. Mar a suíodh in aithris (192), bhí praghas onnmhairiúcháin na hIndia chuig an Aontas ag gearradh go mór faoi na praghsanna ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(256)

Ina theannta sin, de réir ráitis phoiblí HEG, measann an táirgeoir gur margadh tábhachtach onnmhairiúcháin é an tAontas chun a láithreacht a mhéadú má chuirtear deireadh leis na bearta frithdhumpála/fóirdheontais (27).

5.5.   Leibhéil praghsanna dhóchúla ar allmhairí ón India agus a dtionchar ar staid thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag

(257)

Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-allmhairí amach anseo ar staid thionscal an Aontais, mheas an Coimisiún go mbeadh leibhéil praghsanna onnmhairí na hIndia gan dleachtanna frithdhumpála ina tháscaire réasúnta ar na leibhéil praghsanna a bheidh ann amach anseo do mhargadh an Aontais. Ar an mbonn sin, fuarthas amach gurb é an meánchorrlach sladghearrtha don táirge faoi athbhreithniú 41,1 %, gan dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh san áireamh, agus, dá bhrí sin, meastar gurb é an táscaire is fearr é ar na leibhéil praghsanna dhóchúla in éagmais na mbeart frith-fhóirdheontais.

(258)

Ós rud é go mbainfear dianúsáid as agus go n-athsholáthraítear é go tapa, tá claonadh ag úsáideoirí an táirge faoi athbhreithniú stoic mhóra a choinneáil mar a dhéanfaí i gcás tráchtearraí. Dá bhrí sin, tá an táirge faoi athbhreithniú íogair ó thaobh praghais de. Chuirfeadh méadú ar allmhairí ar phraghsanna ísle iallach ar thionscal an Aontais a gcuid praghsanna a laghdú a thuilleadh mar a rinneadh cheana chun dul in iomaíocht leis na hallmhairí ón India agus ón tSín, mar a mhínítear thuas i roinn 4.4.3.1.

(259)

Ina theannta sin, ó mhí Aibreáin 2022 ar aghaidh, tá allmhairí GES áirithe ón tSín faoi réir na dleachta frithdhumpála a luaitear in aithris (199). Raon feidhme an táirge lena mbaineann na dleachtanna sin, cumhdaíonn siad cuid an-mhaith de raon feidhme an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú reatha, mar atá cóid TARIC 8545110010. Tá coinne leis, dá bhrí sin, go dtiocfaidh laghdú ar an sciar den mhargadh atá ag an tSín (ó 20 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe). Cuirfidh sé sin le tarraingteacht mhargadh an Aontais i gcás na n-allmhairí dumpáilte/fhóirdheonaithe ón India. Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht bhreise atá ann faoi láthair, nó fiú an acmhainneacht bhreise mhéadaithe, a luaitear thuas in aithris (249), agus gan iomaíocht tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a bheith ann, tá dóchúlacht láidir ann go ndéanfaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndia méadú mór ar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú chuig margadh an Aontais má ligfear do na bearta dul in éag.

(260)

Thairis sin, mar a mhínítear thuas in aithrisí (221) go (224), tá tionchar ag staid shonrach GrafTech Iberica, ar staid shealadach é, ar staid foriomlán thionscal an Aontais. Tháinig deireadh leis na LTAnna (bhí tromlach mór na LTAnna a bhí i bhfeidhm imithe in éag in 2022 cheana féin). Cuireadh síneadh le cuid de na LTAnna atá ann cheana a foinsíodh ó GrafTech Iberica lena chliaint ar feadh bliain amháin nó dhá bhliain i ndiaidh 2022. Mar sin féin, níor chumhdaigh na LTAnna leathnaithe ach mionchuid de na díolacháin iomlána a foinsíodh ó GrafTech Iberica. Fiú agus na LTAnna fadaithe sin á gcur san áireamh, ní bheidh formhór mór an mhéid díolachán a fhoinsítear ó GrafTech Iberica cumhdaithe a thuilleadh leis na LTAnna reatha faoi dheireadh 2023. Tiocfaidh méadú breise ar an gcion sin ag deireadh 2024. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire gur tháinig laghdú ar mheánphraghsanna díola le haghaidh táirgí a foinsíodh ó GrafTech Iberica le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2020 (fiú agus na díolacháin faoi na LTAnna á gcur san áireamh), rud a thug le fios go raibh tionchar ag allmhairí leictreoidí graifíte ón India agus ón tSín ar phraghsanna ísle ar dhíolacháin arna bhfoinsiú ó GrafTech Iberica. Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2023 ar a dhéanaí, beidh GrafTech Iberica sa staid chéanna leis na táirgeoirí eile agus beidh sé go hiomlán neamhchosanta ar thionchar mhéideanna méadaitheacha allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India. Fágann sé sin go rachadh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais in olcas dá ligfí do na bearta dul in éag.

(261)

Le caillteanas brabúsachta, ní bheadh tionscal an Aontais in ann na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh. I ndeireadh na dála, bheadh caillteanas fostaíochta mar thoradh air sin agus bheadh baol ann go ndúnfaí na línte táirgeachta.

(262)

Tar éis an nochta, d’áitigh Rialtas na hIndia nach bhfuil aon dóchúlacht ann go gcuirfí tús arís leis an díobháil sa chás seo, go príomha toisc nach bhfuil i sciar margaidh na n-allmhairí ón India isteach san Aontas ach 5 % amháin agus gur mar gheall ar allmhairí ón tSín seachas allmhairí ón India a dhéantar aon díobháil do thionscal an Aontais. Thairis sin, d’áitigh Rialtas na hIndia gur freagairt iad na praghsanna ísle allmhairiúcháin ón India ar na hallmhairí ar phraghas íseal ón tSín.

(263)

Agus é á shuíomh aige an dócha go gcuirfí tú arís leis an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón India ba chúis léi i dtosach báire, mar a mhínítear in aithris (247), mheas an Coimisiún roinnt eilimintí amhail méid táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san India, méideanna agus praghsanna onnmhairiúcháin ón India chuig margaí tríú tír eile, bearta atá ann cheana sna tríú tíortha eile, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus leibhéil praghsanna dhóchúla allmhairí ón India agus a dtionchar ar staid thionscal an Aontais, má ligfear do na bearta dul in éag. Sna barúlacha uaidh, níor cheistigh Rialtas na hIndia anailís ná conclúid an Choimisiúin maidir le haon cheann de na heilimintí sin seachas an ceann ar tugadh aghaidh air san aithris (127). Murab ionann agus an méid a mhol Rialtas na hIndia sna barúlacha uaidh, ní rud é an sciar den mhargadh d’allmhairí GES ón India chuig an Aontas a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar a bhunaigh an Coimisiún a chinneadh maidir leis an dóchúlacht go gcuirfear tús arís leis an díobháil arís.

(264)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(265)

Thairis sin, mhaígh Rialtas na hIndia nach bhfuil margadh an Aontais ina mhargadh tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndia ó thaobh praghsanna de toisc go bhfuil na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas níos ísle ná praghas onnmhairiúcháin GES chuig tríú tíortha eile.

(266)

D’admhaigh an Coimisiún, in aithris (252) thuas, go bhfuil praghsanna onnmhairiúcháin na hIndia chuig tríú tíortha áirithe os cionn na bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas. Mar sin féin, tá praghsanna táirgí chuig roinnt margaí onnmhairiúcháin eile, atá tábhachtach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndia, níos ísle ná na praghsanna don Aontas. Thairis sin, mar a mhínítear i roinn 4.3.1 thuas, fuair allmhairí ón India sciar den mhargadh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh bunús leis an maíomh sin.

5.6.   Conclúid

(267)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gurb é is dóichí a tharlódh go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ón India ar phraghsanna lena ngearrfaí faoi phraghsanna thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag, rud a chuirfeadh leis an díobháil a bhainfeadh do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. Is rídhócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil ábhartha mar thoradh air sin agus, dá bhrí sin, bheadh baol tromchúiseach ann d’inmharthanacht thionscal an Aontais.

6.   LEAS AN AONTAIS

(268)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, d’fhéach an Coimisiún lena fháil amach cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair i bhfeidhm. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na ndáileoirí agus na n-úsáideoirí.

(269)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(270)

Tá tionscal an Aontais comhdhéanta de chúig ghrúpa a tháirgeann leictreoidí graifíte san Aontas. Chomhoibrigh na grúpaí uile go hiomlán leis an imscrúdú. Mar a luaitear in aithris (15), roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí an Aontais. Ba é a bhí sa sampla trí tháirgeoir de chuid an Aontais a thug freagra ar an gceistneoir. Measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

(271)

Mar a leagtar amach thuas, níor bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach tá sé i staid leochaileach, mar atá deimhnithe ag treochtaí diúltacha na dtáscairí díobhála. Dá gcuirfí deireadh leis na dleachtanna frithdhumpála, is dócha go gcuirfear tús arís leis an díobháil ábhartha, agus mar thoradh air sin chaillfí méideanna díolachán agus táirgeachta, mar aon le sciar den mhargadh, agus thiocfadh laghdú ar bhrabúsacht agus fostaíocht dá bharr.

(272)

Ar an taobh eile, léiríodh gur tionscal inmharthana é tionscal an Aontais. Tar éis an athbhreithnithe éaga roimhe seo, d’éirigh leis feabhas a chur ar a staid sna dálaí córa ar mhargadh an Aontais, infheistíocht a dhéanamh agus oibriú de réir brabúis os cionn an spriocbhrabúis a suíodh san imscrúdú bunaidh. Dá leanfaí leis na bearta, chuirfí cosc ar allmhairí ar phraghas íseal ón India rólíonadh a dhéanamh ar mhargadh an Aontais agus, dá bhrí sin, bheadh tionscal an Aontais in ann praghsanna inbhuanaithe a choinneáil agus na leibhéil bhrabúsachta is gá a choinneáil d’infheistíochtaí amach anseo.

(273)

Ar an mbonn sin, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil coinneáil na mbeart frithchúitimh chun leasa thionscal an Aontais.

(274)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Rialtas na hIndia, ós rud é go raibh na dleachtanna frith-fhóirdheontais i bhfeidhm cheana féin le beagnach 20 bliain, go mbeadh róchosaint ann dá leanfaí leis na dleachtanna agus go gcuirfeadh sé srian leis an iomaíocht ar mhargadh an Aontais. Ní raibh aon údar le leanúint ar aghaidh leis na dleachtanna ar feadh níos mó ná 20 bliain.

(275)

Tá fianaise aimsithe ag an gCoimisiún gur leanadh d’fhóirdheonú onnmhairí na hIndia le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, fiú má tá na bearta i bhfeidhm ar feadh i bhfad, tá fadú na ndleachtanna i gcomhréir leis an riail maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith. Níl aon riosca ann ach oiread go mbeidh tionchar diúltach ar an iomaíocht ar mhargadh an Aontais toisc nach ndéanann na dleachtanna ach an fóirdheonú a fhrithchothromú agus iomaíocht chothrom idirnáisiúnta a athbhunú.

6.2.   Leas na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara, na dtrádálaithe agus na n-úsáideoirí

(276)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na trádálaithe agus na húsáideoirí aitheanta uile. Níor tháinig aon pháirtí leasmhar chun tosaigh.

(277)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú aon allmhaireoir, trádálaí nó úsáideoir, ní raibh aon fhaisnéis ar fáil maidir le tionchar na ndleachtanna ar na páirtithe sin. Léirigh an t-imscrúdú bunaidh, áfach, nach raibh aon tionchar ar pháirtithe leasmhara eile sa chaoi gur ghá a mheas go raibh na bearta i gcoinne leas an Aontais agus ar an gcaoi chéanna, suíodh in imscrúdú an athbhreithnithe éaga a rinneadh roimhe seo nach mbeadh tionchar diúltach mór ar staid na bpáirtithe sin dá gcoinneofaí na bearta i bhfeidhm.

(278)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach mbeadh aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar allmhaireoirí, ar thrádálaithe ná ar úsáideoirí dá gcoimeádfaí na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm.

(279)

Tar éis an nochta, mhaígh Rialtas na hIndia nach mbeadh sé chun leas an Aontais na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun. D’áitigh Rialtas na hIndia ó tharla go ndearnadh na díolacháin a foinsíodh ó GrafTech Iberica de bhua LTAnna, go raibh praghas díola frith-iomaíoch ann a bhí ard ar bhealach saorga, praghas nach léiríonn praghas margaidh GES san Aontas. Bheadh ar na húsáideoirí iartheachtacha san Aontas aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na ndíolachán a bhfuil ardphraghas saorga orthu.

(280)

Mar a mhínítear thuas in aithris (194), ní cleachtas tráchtála neamhchoitianta iad LTAnna, ar rud iad dhéanann an dá pháirtí dá ndeoin féin agus ina gcomhaontaíonn siad na téarmaí le chéile ós rud é go nglacann siad leis go mbainfidh siad tairbhe astu. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach féidir a mheas go bhfuil na LTAnna agus na praghsanna a thagann astu frithiomaíoch. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (235), faoi dheireadh 2023 tiocfaidh deireadh le formhór na LTAnna a shínigh GrafTech Iberica agus beidh sé sa staid chéanna leis na táirgeoirí eile sa tslí go mbeidh sé go hiomlán neamhchosanta ar thionchar mhéideanna méadaitheacha allmhairí dumpáilte ón India.

(281)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(282)

Ina theannta sin, d’áitigh Rialtas na hIndia nach mbeadh sé chun leas an Aontais leanúint de na dleachtanna toisc go gcuirfí tionchar na ndleachtanna sin ar aghaidh chuig na custaiméirí.

(283)

Measadh nach raibh bunús leis an argóint sin. Rinne an Coimisiún measúnú ar leas na n-úsáideoirí in aithrisí (276) go (278) agus thángthas ar an gconclúid nach mbeadh aon éifeacht díobhálach suntasach ar úsáideoirí má choinneofar na bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

6.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(284)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa deireadh nach raibh aon chúis láidir ann lena chinneadh nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú, ar de thionscnamh na hIndia iad, a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS

(285)

Bunaithe ar na conclúidí ón gCoimisiún maidir le leanúint d’fhóirdheonú ón India, an dóchúlacht go gcuirfear tús arís leis an díobháil de bharr allmhairí fóirdheonaithe ón India, agus leas an Aontais, cinneann an Coimisiún gur cheart na bearta frithchúitimh maidir le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia a choinneáil ar bun.

(286)

Maidir leis na dleachtrátaí frithchúitimh le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndia arna dtáirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibríochtúil den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cuideachtaí a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair.

(287)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithchúitimh aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (28). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta a bhfuil feidhm aige maidir léi. Más amhlaidh nach ndéanann an t-athrú ar ainm na cuideachta difear do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(288)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na bearta atá ann faoi láthair a choinneáil. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin.

(289)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart an t-ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(290)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,65 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach 6,0 μ.Ω.m nó níos lú, agus siní a úsáidtear le haghaidh leictreoidí den sórt sin, bíodh siad á n-allmhairiú le chéile nó ar leithligh, ar táirgí iad atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8545 11 00 agus ex 8545 90 90 (cóid TARIC 8545110010 agus 8545909010) agus ar de thionscnamh na hIndia iad.

2.   Is é seo a leanas rátaí na dleachta frithchúitimh cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a shonraítear i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Cód breise TARIC

Graphite India Limited (GIL), 31 Chowringhee Road, Kolkatta — 700016, Beangál Thiar

6,3

A530

HEG Limited, Bhilwara Towers, A-12, Sector-1, Noida — 201301, Uttar Pradesh

7,0

A531

Gach cuideachta eile

7,2

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1628/2004 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2004 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (IO L 295, 18.9.2004, lch. 4).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1629/2004 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2004 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (IO L 295, 18.9.2004, lch. 10).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1354/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1628/2004 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia agus Rialachán (CE) Uimh. 1629/2004 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (IO L 350, 30.12.2008, lch. 24).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1185/2010 ón gComhairle an 13 Nollaig 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (IO L 332, 16.12.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/421 ón gCoimisiún an 9 Márta 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 64, 10.3.2017, lch. 10).

(7)  IO C 222, 11.6.2021, lch. 24.

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (IO C 113, 9.3.2022, lch. 13).

(9)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na hIndia (IO C 113, 9.3.2022, lch. 3).

(10)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(11)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2586.

(12)  Leabhar Nósanna Imeachta (An 1 Aibreán 2015 – an 31 Márta 2020), Nuashonraithe suas go dtí 4.8.2015: https://www.mofpi.gov.in/sites/default/files/updated_hbp_2015-2020.pdf

(13)  https://www.mofpi.gov.in/sites/default/files/updated_hbp_2015-2020.pdf

(14)  Tabhair faoi deara gur cuireadh scéim nua in ionad na scéime seo, an RODTEP, a bhfuil tuairisc uirthi i roinn 3.2.5 thíos.

(15)  http://www.cbic.gov.in/htdocs-cbec/customs/cs-act/formatted-htmls/cs-rulee.

(16)  Fógra Uimh. 88/2017-CUSTOMS (N.T.) Deilí Nua, an 21 Meán Fómhair, 2017. http://www.cbic.gov.in/resources//htdocs-cbec/customs/cs-act/notifications/notfns-2017/cs-nt2017/csnt88-2017.pdf.

(17)  Cus. an 20 Aibreán, 2001F.NO.605/47/2001-DBK, Rialtas na hIndia, An Aireacht Airgeadais, An Roinn Ioncaim, Dearbhú faoi Riail 12(1)(a)(ii) den Riail Aisíoca chun leas a bhaint as Aisíoc AIR. Féach go háirithe Roinn 2 agus Roinn 3 den Dearbhú faoi Riail 12(1)(a)(ii) den Riail Aisíoca chun leas a bhaint as Aisíoc AIR; le fáil ag: http://www.cbic.gov.in/htdocs-cbec/customs/cs- circulars/cscirculars-2001/24-2001-cus.

(18)  https://content.dgft.gov.in/Website/dgftprod/8c25b521-147e-40e4-afa4-416eafdf3df6/RoDTEP%20Scheme%20Guidelines%20Notification%2019%20dated%2017%20Aug%202021.pdf

(19)  Tá an méid táirgeachta bunaithe ar shonraí ó 27 mBallstát den Aontas toisc gur scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina páirt den Aontas Eorpach ón 1 Feabhra 2020 agus gur tháinig deireadh an 31 Nollaig 2020 leis an idirthréimhse i gcomhair na Ríochta Aontaithe chun tarraingt amach as an Aontas.

(20)  Tá an tomhaltas bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh

(21)  Praghas allmhairiúcháin gan na dleachtanna custaim agus na dleachtanna frithdhumpála/frith-fhóirdheontais. Foinse: Eurostat.

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 108, 7.4.2022, lch. 20).

(23)  Tá raon feidhme rialachán na Síne beagán difriúil ó raon feidhme an rialacháin seo, ós rud é nach n-áirítear leis sin siní agus go n-áirítear leis freisin leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha, ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó ach níos lú ná 1,65 g/cm3 agus friotaíocht leictreach 6,0 μΩ.m nó níos lú, nó ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach níos mó ná 6,0 μΩ.m ach nach mó ná 7,0 μΩ.m, (cóid TARIC 8545110010 agus 8545110015).

(24)  Tuarascáil bhliantúil HEG 2021 atá ar fáil go poiblí agus Cur i láthair Corparáideach GIL 2021.

(25)  Tuarascáil Bhliantúil HEG 2021, lgh. 2, 11.

(26)  Ní féidir le cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid na Stát Aontaithe iad dollar na Stát Aontaithe a úsáid a thuilleadh le haghaidh idirbheart leis an Iaráin. Thairis sin, má chuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm as smachtbhannaí na Stát Aontaithe a shárú, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air nach gceadaítear do chuideachtaí eachtracha cuntais bhainc nua SAM a oscailt agus bheadh srianta orthu maidir le hiasachtaí, ceadúnais agus creidmheas onnmhairiúcháin-allmhairiúcháin.

(27)  Ar fáil go poiblí, HEG, Tras-scríbhinn Ghlaochomhdhálacha 2021 a chuir na hiarratasóirí ar fáil. https://hegltd.com/wp-content/uploads/2021/06/ConferenceCallTranscript08062021.pdf;

(28)  European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil/Bruxelles/Brussel, an Bheilg.

(29)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).