2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/20


RIALACHÁN (AE) 2023/1067 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2023

maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh i leith aicmí de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointe (c), de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, tugtar de chumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm trí rialachán i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh agus arb é is cuspóir dóibh an speisialtóireacht, lena n-áirítear na comhaontuithe is gá chun an speisialtóireacht sin a bhaint amach.

(2)

I Rialachán (CE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún (3) sainítear aicmí de chomhaontuithe speisialtóireachta ar mheas an Coimisiún go gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. Is é an 30 Meitheamh 2023 is dáta éaga don Rialachán sin. I bhfianaise na taithí dearfaí ar an iomlán maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus torthaí na meastóireachta ar an Rialachán, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh.

(3)

Is é is aidhm don Rialachán seo cosaint éifeachtach na hiomaíochta agus slándáil dhlíthiúil leordhóthanach do ghnóthais a áirithiú. Ba cheart go gcuirfear san áireamh le saothrú na gcuspóirí sin an gá atá leis an maoirseacht riaracháin agus an creat reachtach a shimpliú a mhéid is féidir.

(4)

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, ní gá na comhaontuithe sin a fhéadann teacht faoi Airteagal 101(1) den Chonradh a shainmhíniú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, agus go háirithe struchtúr an mhargaidh ábhartha.

(5)

Ba cheart tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith teoranta do na comhaontuithe sin lenar féidir glacadh le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Faoi leibhéal áirithe cumhachta margaidh is féidir a thoimhdiú go ginearálta, chun Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm, go sáróidh éifeachtaí dearfacha na gcomhaontuithe speisialtóireachta aon iarmhairt dhiúltach ar an iomaíocht.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe a bhaineann le monarú earraí agus ullmhú seirbhísí. Tagraíonn ullmhú seirbhísí do ghníomhaíochtaí a dhéantar go réamhtheachtach ó sholáthar seirbhísí do chustaiméirí (mar shampla, comhar i gcruthú nó oibriú ardáin trína soláthrófar seirbhís). Ní thagann soláthar seirbhísí do chustaiméirí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na páirtithe seirbhísí a ullmhaítear faoin gcomhaontú speisialtóireachta a sholáthar go comhpháirteach.

(7)

Is é is dóichí go gcuideoidh comhaontuithe speisialtóireachta le feabhas a chur ar mhonarú earraí nó ar ullmhú seirbhísí agus ar a ndáileadh sa chás go mbeadh scileanna, sócmhainní nó gníomhaíochtaí comhlántacha ag na páirtithe, toisc sa chás sin ceadaíonn an comhaontú dóibh díriú ar mhonarú earraí áirithe nó ar ullmhú seirbhísí áirithe agus ar an gcaoi sin oibriú ar bhealach níos éifeachtaí agus na táirgí a sholáthar ar bhealach níos saoire. I bhfianaise na hiomaíochta éifeachtaí, is dócha go bhfaighidh tomhaltóirí cion cothrom de na tairbhí a bheidh mar thoradh air.

(8)

D’fhéadfadh na tairbhí sin teacht as comhaontuithe trína n-éiríonn páirtí amháin nó níos mó as earraí áirithe a mhonarú nó as seirbhísí áirithe a ullmhú, go hiomlán nó go páirteach, i bhfabhar páirtí nó páirtithe eile (‘speisialtóireacht aontaobhach’); ar an dara dul síos, d’fhéadfadh na tairbhí sin teacht as comhaontuithe trína n-éiríonn dhá pháirtí nó níos mó as earraí áirithe ach éagsúla a mhonarú nó seirbhísí áirithe ach éagsúla a ullmhú go hiomlán nó go páirteach i bhfabhar páirtí nó páirtithe eile (‘speisialtóireacht chómhalartach’), agus ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh na tairbhí sin teacht as comhaontuithe trína ngabhann dhá pháirtí nó níos mó orthu féin earraí áirithe a mhonarú nó seirbhísí áirithe a ullmhú go comhpháirteach (‘comhtháirgeadh’).

(9)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le comhaontuithe speisialtóireachta aontaobhacha agus cómhalartacha a theorannú do chásanna ina bhfuil na páirtithe gníomhach ar an margadh táirgí céanna. Mar sin féin, ní gá go mbeadh na páirtithe gníomhach ar an margadh geografach céanna. Ina theannta sin, níor cheart go gcuirfeadh coincheapa na speisialtóireachta aontaobhaí agus cómhalartaí de cheangal ar pháirtí acmhainneacht a laghdú, toisc gur leor é má laghdaíonn sé a mhéideanna táirgeachta.

(10)

Chun a áirithiú go dtiocfaidh tairbhí na speisialtóireachta i gcrích gan páirtí amháin an margadh a fhágáil iartheachtach ón táirgeadh go hiomlán, níor cheart comhaontuithe speisialtóireachta aontaobhacha agus cómhalartacha a chumhdach leis an Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhforálann siad d’oibleagáidí soláthair agus ceannaigh. Féadfaidh oibleagáidí soláthair agus ceannaigh a bheith de chineál eisiach, cé nach gá sin.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe comhtháirgthe arna ndéanamh ag páirtithe atá gníomhach cheana féin ar an margadh táirgí céanna ach freisin ag páirtithe ar mian leo dul isteach i margadh táirgí trí bhíthin an chomhaontaithe comhtháirgthe. Níor cheart go gcuirfeadh coincheap an chomhaontaithe comhtháirgthe de cheangal ar na páirtithe a ngníomhaíochtaí aonair maidir le monarú earraí nó ullmhú seirbhísí a laghdú lasmuigh de raon feidhme an tsocraithe chomhpháirtigh atá beartaithe dóibh.

(12)

Is féidir a thoimhdiú, i gcás nach mó ná leibhéal áirithe é an sciar den mhargadh ábhartha atá ag na páirtithe maidir leis na táirgí is ábhar do chomhaontú speisialtóireachta, go n-eascróidh tairbhí eacnamaíocha as an gcomhaontú, de ghnáth, i bhfoirm barainneachtaí scála nó raon feidhme nó teicneolaíochtaí táirgthe níos fearr, agus ag an am céanna go bhféadann custaiméirí a gcion cothrom a fháil de na tairbhí a thiocfaidh as freisin.

(13)

I gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí a chumhdaítear le comhaontú speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach faoi chuing mar ionchur dá dtáirgeadh féin de tháirgí iartheachtacha, ar táirgí iad a dhíolann siad ar an margadh ina dhiaidh sin, ba cheart an díolúine a thugtar leis an Rialachán seo a bheith coinníollach freisin ar an sciar den mhargadh atá ag na páirtithe ar an margadh ábhartha maidir leis na táirgí iartheachtacha sin nach sáraíonn leibhéal áirithe. Sa chás sin, dá gcuirfí an sciar den mhargadh atá ag na páirtithe san áireamh ar leibhéal an táirge idirmheánaigh amháin, dhéanfaí neamhaird den riosca ionchasach maidir le foriamh nó méadú ar phraghas na n-ionchur d’iomaitheoirí ar leibhéal na dtáirgí iartheachtacha.

(14)

Níl aon toimhde ann go dtagann na comhaontuithe speisialtóireachta faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh nó nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh i gcás ina sáraítear an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh a leagtar amach sa Rialachán seo nó i gcás nach gcomhlíontar coinníollacha eile an Rialacháin seo. Sna cásanna sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar an gcomhaontú speisialtóireachta faoi Airteagal 101 den Chonradh.

(15)

Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ina bhfuil srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí dearfacha a thagann mar thoradh ar chomhaontaithe speisialtóireachta a bhaint amach. I bprionsabal, na comhaontuithe ina bhfuil cineálacha áirithe srianta dochta ar an iomaíocht, amhail socrú na bpraghsanna a ghearrtar ar thríú páirtithe, teorannú ar aschur nó ar dhíolacháin, agus leithdháileadh margaí nó custaiméirí, ba cheart na comhaontuithe sin a eisiamh ó thairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo gan beann ar an sciar den mhargadh atá ag na páirtithe.

(16)

Leis an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh, le neamhdhíolúine comhaontuithe áirithe agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, áirithítear de ghnáth nach gcuireann na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo ar a gcumas do na páirtithe iomaíocht a dhíchur i leith cuid mhór de na táirgí nó na seirbhísí i gceist.

(17)

Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo cásanna tipiciúla ina bhféadfaí a mheas gurb iomchuí tairbhe na díolúine atá bunaithe aige a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (4).

(18)

Chun tabhairt i gcrích comhaontuithe speisialtóireachta a éascú, ar féidir leo tionchar a bheith acu ar struchtúr na bpáirtithe, ba cheart tréimhse bhailíochta an Rialacháin seo a shocrú ag 12 bhliain,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘comhaontú speisialtóireachta’ comhaontú speisialtóireachta aontaobhach, comhaontú speisialtóireachta cómhalartach nó comhaontú comhtháirgthe;

(a)

ciallaíonn ‘comhaontú speisialtóireachta aontaobhach’ comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó atá gníomhach ar an margadh táirgí céanna, comhaontú faoina gcomhaontaíonn páirtí amháin nó níos mó scor go hiomlán nó go páirteach de tháirgeadh táirgí áirithe nó staonadh ó na táirgí sin a tháirgeadh agus iad a cheannach ó pháirtí eile nó ó pháirtithe eile a chomhaontaíonn na táirgí sin a tháirgeadh agus a sholáthar;

(b)

ciallaíonn ‘comhaontú speisialtóireachta cómhalartach’ comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó atá gníomhach ar an margadh táirgí céanna, comhaontú faoina gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó, ar bhonn cómhalartach, scor go hiomlán nó go páirteach de tháirgí áirithe ach atá éagsúil a tháirgeadh, nó staonadh ó na táirgí sin a tháirgeadh, agus na táirgí sin a cheannach ó cheann amháin nó níos mó de na páirtithe eile a chomhaontaíonn iad a tháirgeadh agus a sholáthar;

(c)

ciallaíonn ‘comhaontú comhtháirgthe’ comhaontú faoina gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó táirgí áirithe a tháirgeadh go comhpháirteach;

(2)

ciallaíonn ‘comhaontú’ comhaontú idir gnóthais, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe;

(3)

ciallaíonn ‘táirge’ earra nó seirbhís, lena n-áirítear idir earraí agus seirbhísí idirmheánacha agus earraí agus seirbhísí deiridh, cé is moite de sheirbhísí dáilte agus cíosa;

(4)

ciallaíonn ‘táirgeadh’ monarú earraí nó ullmhú seirbhísí, lena n-áirítear trí bhíthin fochonraitheoireachta;

(5)

ciallaíonn ‘ullmhú seirbhísí’ gníomhaíochtaí a dhéantar go réamhtheachtach ó sholáthar seirbhísí do chustaiméirí;

(6)

ciallaíonn ‘táirge speisialtóireachta’ táirge a tháirgtear faoi chomhaontú speisialtóireachta;

(7)

ciallaíonn ‘táirge iartheachtach’ táirge a n-úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe táirge speisialtóireachta ina leith mar ionchur agus a dhíolann na páirtithe sin ar an margadh é;

(8)

ciallaíonn ‘margadh ábhartha’ an táirge ábhartha agus an margadh geografach lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta, agus, ina theannta sin, i gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach faoi chuing mar ionchur chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh, don mhargadh táirgí agus geografach ábhartha lena mbaineann na táirgí iartheachtacha;

(9)

ciallaíonn ‘gnóthas iomaíoch’ iomaitheoir iarbhír nó ionchasach:

(a)

ciallaíonn ‘iomaitheoir iarbhír’ gnóthas atá gníomhach sa mhargadh ábhartha céanna;

(b)

ciallaíonn ‘iomaitheoir ionchasach’ gnóthas ar dhócha, in éagmais an chomhaontaithe speisialtóireachta, ar fhoras réalaíoch agus ní mar fhéidearthacht theoiriciúil amháin, go ndéanfadh sé, laistigh de thréimhse nach faide ná 3 bliana, na hinfheistíochtaí breise is gá a dhéanamh nó na costais is gá a thabhú chun dul isteach sa mhargadh ábhartha;

(10)

ciallaíonn ‘oibleagáid soláthair eisiach’ oibleagáid gan na táirgí speisialtóireachta a sholáthar do ghnóthas iomaíoch seachas páirtí nó páirtithe sa chomhaontú speisialtóireachta;

(11)

ciallaíonn ‘oibleagáid ceannaigh eisiach’ oibleagáid na táirgí speisialtóireachta a cheannach ó pháirtí nó ó pháirtithe sa chomhaontú speisialtóireachta agus uathu sin amháin;

(12)

ciallaíonn ‘comhpháirteach’, i gcomhthéacs an dáilte, gníomhaíochtaí ina bhfuil an obair atá i gceist:

(a)

curtha i gcrích ag foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach; nó

(b)

déanta ag dáileoir tríú páirtí arna cheapadh go comhpháirteach ar bhonn eisiach nó neamheisiach, ar choinníoll nach gnóthas iomaíoch an tríú páirtí;

(13)

ciallaíonn ‘dáileadh’ na táirgí speisialtóireachta a dhíol agus a sholáthar do chustaiméirí, lena n-áirítear tráchtálú na dtáirgí sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar leis na téarmaí ‘gnóthas’ agus ‘páirtí’ a ngnóthais ghaolmhara faoi seach. Ciallaíonn ‘gnóthais ghaolmhara’ an méid seo a leanas:

(1)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí seo a leanas ag páirtí sa chomhaontú speisialtóireachta, go díreach nó go hindíreach:

(a)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú;

(b)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh;

(c)

an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(2)

gnóthais a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1) acu go díreach nó go hindíreach, ar pháirtí sa chomhaontú speisialtóireachta;

(3)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (2), go díreach nó go hindíreach, ceann amháin de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1);

(4)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1) i gcomhpháirt ag páirtí sa chomhaontú speisialtóireachta mar aon le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (1) (2) agus (3), nó ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí sin i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (1) (2) agus (3);

(5)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1) i gcomhpháirt ag:

(a)

páirtithe sa chomhaontú speisialtóireachta nó a ngnóthais ghaolmhara faoi seach dá dtagraítear i bpointí (1) go (4);

(b)

ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú speisialtóireachta nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 2

Díolúine

1.   De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh, agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le comhaontuithe speisialtóireachta.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear i mír 1 sa mhéid go bhfuil srianta iomaíochta i gceist le comhaontuithe den chineál sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh.

3.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe speisialtóireachta ina n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú do cheann amháin nó níos mó de na páirtithe, ar choinníoll go bhfuil baint dhíreach ag na forálacha sin leis an gcomhaontú agus go bhfuil gá leo chun an comhaontú a chur chun feidhme agus nach príomhchuspóir an chomhaontaithe iad na forálacha sin.

4.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe speisialtóireachta trína ndéantar an méid seo a leanas:

(a)

glacann na páirtithe le ceannach eisiach nó le hoibleagáid soláthair eisiach; nó

(b)

déanann na páirtithe na táirgí speisialtóireachta a dháileadh go comhpháirteach.

Airteagal 3

Tairseach maidir leis an sciar den mhargadh

1.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ar choinníoll nach dtéann an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe thar 20 % ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta.

2.   I gcás inar táirgí idirmheánacha iad na táirgí speisialtóireachta a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe go hiomlán nó go páirteach faoi chuing mar ionchuir chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh, ar táirgí iad a dhíolann siad freisin, ní bheidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

nach mó ná 20 % an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta;

(b)

nach mó ná 20 % an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí iartheachtacha.

Airteagal 4

Cur i bhfeidhm na tairsí maidir leis an sciar den mhargadh

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 3 a chur i bhfeidhm:

(a)

ríomhfar sciartha den mhargadh ar bhonn luach na ndíolachán ar an margadh; mura bhfuil sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh ar fáil, féadfar meastacháin a úsáid atá bunaithe ar fhaisnéis margaidh iontaofa eile, lena n-airítear méideanna díolachán ar an margadh;

(b)

déanfar sciartha den mhargadh a ríomh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin; nó i gcás nach bhfuil an bhliain féilire roimhe sin ionadaíoch do sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha; déanfar sciartha den mhargadh a ríomh mar mheán na sciartha den mhargadh a bhí ag na páirtithe sna 3 bliana féilire roimhe sin;

(c)

déanfar an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (5) a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó na cumhachtaí acu a liostaítear in Airteagal 1(2), pointe (1);

(d)

más rud é nach mó ná 20 % na sciartha den mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 3 i dtús báire, ach má thagann ardú orthu os cionn an leibhéil sin i gceann amháin ar a laghad de na margaí ábhartha, leanfaidh an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici go ceann tréimhse 2 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 20 % den chéad uair.

Airteagal 5

Srianta dochta

Ní bheidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe speisialtóireachta a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, astu féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

socrú na bpraghsanna agus na táirgí speisialtóireachta á ndíol le tríú páirtithe, cé is moite de shocrú na bpraghsanna a ghearrtar ar gharchustaiméirí i gcomhthéacs an chomhdháilte;

(b)

an teorainn ar aschur nó ar dhíolacháin, cé is moite de na nithe seo a leanas:

(i)

forálacha maidir leis an méid comhaontaithe táirgí i gcomhthéacs comhaontuithe speisialtóireachta aontaobhacha nó cómhalartacha;

(ii)

acmhainneacht agus méideanna táirgeachta a shocrú i gcomhthéacs comhaontú comhtháirgthe;

(iii)

spriocanna díolacháin a leagan síos i gcomhthéacs comhdháilte;

(c)

leithdháileadh margaí nó custaiméirí.

Airteagal 6

Tarraingt siar i gcásanna aonair ag an gCoimisiún

1.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás ina gcinnfidh sé maidir le haon chás ar leith go bhfuil tionchar, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú speisialtóireachta a bhfuil feidhm maidir leis, mar sin féin, ag an díolúine a bhunaítear leis Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 go háirithe i gcás ina bhfuil an margadh ábhartha thar a bheith comhchruinnithe agus ina bhfuil an iomaíocht lag cheana féin, mar shampla mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

suíomhanna margaidh aonair rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(b)

na naisc idir rannpháirtithe eile sa mhargadh arna gcruthú le comhaontuithe speisialtóireachta comhthreomhara;

(c)

na naisc idir na páirtithe agus rannpháirtithe eile sa mhargadh.

Airteagal 7

Tarraingt siar i gcásanna aonair ag údarás iomaíochta Ballstáit

Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Airteagal 8

Idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 30 Meitheamh 2023, ar comhaontuithe iad nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann coinníollacha na díolúine a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1218/2010.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2023.

Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2035.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 285, 29.12.1971, lch. 46.

(2)   IO C 120, 15.3.2022, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 335, 18.12.2010, lch. 43).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).