2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/9


RIALACHÁN (AE) 2023/1066 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2023

maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chatagóirí de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe (1) agus go háirithe Airteagal 1(1), pointe (b) de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, tugtar de chumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm trí rialachán i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh arb é is cuspóir dóibh taighde agus forbairt táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis a fhad le céim an chur i bhfeidhm thionsclaíoch, agus saothrú na dtorthaí, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla.

(2)

In Airteagal 179(2) den Chonradh iarrtar ar an Aontas gnóthais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a spreagadh ina ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha teicneolaíche ar ardchaighdeán, agus tacú lena n-iarrachtaí comhoibriú le chéile. Is féidir le comhar idir gnóthais maidir le taighde agus forbairt cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach (3).

(3)

I Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún (4) sainítear aicmí de chomhaontuithe taighde agus forbartha a mheasann an Coimisiún a chomhlíonann na coinníollacha, de ghnáth, a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. Is é an 30 Meitheamh 2023 is dáta éaga don Rialachán sin. I bhfianaise na taithí dearfaí ar an iomlán maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin, agus torthaí na meastóireachta ar an Rialachán, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh.

(4)

Is é is aidhm don Rialachán seo taighde agus forbairt a éascú agus an iomaíocht a chosaint go héifeachtach ag an am céanna. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo slándáil dhlíthiúil leordhóthanach a sholáthar do ghnóthais. Ba cheart go gcuirfear san áireamh le saothrú na gcuspóirí sin an gá atá leis an maoirseacht riaracháin agus an creat reachtach a shimpliú a mhéid is féidir.

(5)

Faoi bhun leibhéal áirithe cumhachta margaidh, is féidir a thoimhdiú go ginearálta, chun Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm, go sáróidh éifeachtaí dearfacha na gcomhaontuithe taighde agus forbartha aon éifeacht dhiúltach ar an iomaíocht.

(6)

Maidir le cur chun feidhme Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, ní gá na comhaontuithe sin a fhéadann teacht faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh a shainmhíniú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, go háirithe struchtúr an mhargaidh ábhartha.

(7)

Is é is dóichí go gcuirfeadh comhar i dtaighde agus i bhforbairt chomhpháirteach nó i dtaighde agus i bhforbairt ar íocadh astu agus i saothrú na dtorthaí an dul chun cinn teicniúil agus eacnamaíoch chun cinn má chuireann na páirtithe scileanna, sócmhainní nó gníomhaíochtaí comhlántacha leis an gcomhar.

(8)

Is féidir a bheith ag súil leis go ginearálta go mbainfidh tomhaltóirí leas as méid agus éifeachtacht mhéadaithe an taighde agus na forbartha trí táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis nua a thabhairt isteach, na táirgí, na teicneolaíochtaí nó na próisis sin a sheoladh níos tapa, nó laghdú ar phraghsanna de bharr táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis nua nó feabhsaithe.

(9)

Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith ag comhshaothrú na dtorthaí amhail táirgeadh agus dáileadh táirgí nó cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nó próisis, nó sannadh nó ceadúnú cearta maoine intleachtúla nó fios gnó a chur in iúl a theastaíonn le haghaidh táirgeadh nó feidhmiú den sórt sin a chuireann go suntasach le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch.

(10)

Chun údar maith a thabhairt don díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbainfeadh an comhshaothrú le táirgí (lena n-áirítear earraí agus seirbhísí), le teicneolaíochtaí nó le próisis a bhfuil úsáid thorthaí an taighde agus na forbartha fíor-riachtanach ina leith.

(11)

Thairis sin, ba cheart go n-aontódh na páirtithe go léir sa chomhaontú taighde agus forbartha go mbeidh rochtain iomlán acu go léir ar thorthaí deiridh an taighde agus na forbartha comhpháirtí, lena n-áirítear aon chearta maoine intleachtúla agus fios gnó a eascraíonn astu, chun críocha tuilleadh taighde agus forbartha agus chun críche saothraithe, a luaithe a bheidh na torthaí deiridh ar fáil. Níor cheart go ginearálta rochtain ar na torthaí a theorannú maidir le húsáid na dtorthaí chun críocha tuilleadh taighde agus forbartha. Mar sin féin, i gcás ina gcuireann na páirtithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo, teorainn lena gcearta saothraithe, go háirithe i gcás ina mbíonn speisialtóireacht acu i gcomhthéacs an tsaothraithe, féadfar rochtain ar na torthaí chun críocha an tsaothraithe a theorannú dá réir sin. Ina theannta sin, i gcás comhlachtaí acadúla, institiúidí taighde nó gnóthais a sholáthraíonn taighde agus forbairt mar sheirbhís tráchtála gan a bheith gníomhach de ghnáth i saothrú na dtorthaí a bheith rannpháirteach i dtaighde agus i bhforbairt, féadfaidh siad a chomhaontú úsáid a bhaint as torthaí an taighde agus na forbartha chun críche tuilleadh taighde agus forbartha amháin.

(12)

Ag brath ar a gcumas agus a riachtanais tráchtála, féadfaidh na páirtithe rannchuidiú míchothrom a dhéanamh lena gcomhar taighde agus forbartha. Dá bhrí sin, chun na difríochtaí i luach nó i gcineál ranníocaíochtaí na bpáirtithe a léiriú, agus chun cúiteamh a dhéanamh ina leith, féadfar a fhoráil le comhaontú taighde agus forbartha a bhaineann leas as an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo go dtabharfaidh páirtí amháin cúiteamh do pháirtí eile as rochtain a fháil ar na torthaí chun críocha tuilleadh taighde agus forbartha, nó saothraithe. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh an cúiteamh chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar rochtain den sórt sin.

(13)

I gcás nach ndéantar foráil sa chomhaontú taighde agus forbartha maidir le comhshaothrú na dtorthaí, ba cheart go gcomhaontódh na páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbartha rochtain a thabhairt dá chéile ar an bhfios gnó atá acu cheana, más rud é go bhfuil an fios gnó sin fíor-riachtanach chun críocha shaothrú na dtorthaí ag na páirtithe eile. Aon chúiteamh (táillí ceadúnais, mar shampla) a ghearrtar, níor cheart dó a bheith chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar rochtain na bpáirtithe eile ar an bhfios gnó.

(14)

Ba cheart an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo a theorannú do chomhaontuithe taighde agus forbartha nach dtugann an deis do ghnóthais deireadh a chur leis an iomaíocht i leith cuid mhór de na táirgí, de na teicneolaíochtaí nó de na próisis atá i gceist. I gcás na n-iomaitheoirí sin a bhfuil a sciar comhcheangailte den mhargadh le haghaidh táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar le torthaí an taighde agus na forbartha, níos mó ná leibhéal áirithe an tráth a dhéantar an comhaontú, is gá, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó na comhaontuithe blocdhíolúine idir iomaitheoirí.

(15)

I gcás ina maoiníonn páirtí amháin roinnt tionscadal taighde agus forbartha a dhéanann iomaitheoirí maidir leis na táirgí, na teicneolaíochtaí nó na próisis chéanna, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh éifeachtaí foriaimh fhrithiomaíocha teacht chun cinn, go háirithe i gcás ina bhfaigheann an páirtí sin an ceart eisiach chun na torthaí a shaothrú i leith tríú páirtithe. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le comhaontuithe taighde agus forbartha ar íocadh astu, ba cheart tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a theorannú do chomhaontuithe faoina bhfanann an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag páirtithe uile atá páirteach sna comhaontuithe nasctha, is é sin an páirtí maoinithe agus na páirtithe uile a dhéanann an taighde agus an fhorbairt, faoi leibhéal áirithe.

(16)

Mar sin féin, an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart di a bheith faoi réir tairsí maidir leis an sciar den mhargadh i gcás nach gnóthais iomaíocha iad na páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbartha i leith táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar leis na táirgí, na teicneolaíochtaí nó na próisis a eascraíonn as an gcomhaontú. Áirítear leis sin, mar shampla, comhaontuithe a bhaineann le (i) forbairt táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis lena gcruthófaí éileamh iomlán nua, nó (ii) taighde agus forbairt nach bhfuil dlúthbhaint acu le táirge, teicneolaíocht nó próiseas sonrach, nó nach bhfuil dírithe go fóill ar chuspóir sonrach.

(17)

Níl aon toimhde ann go dtagann na comhaontuithe taighde agus forbartha faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh nó nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh i gcás ina sáraítear an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach gcomhlíontar coinníollacha eile an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar an gcomhaontú taighde agus forbartha faoi Airteagal 101 den Chonradh.

(18)

Chun a áirithiú go gcoimeádfar iomaíocht éifeachtach le linn chomhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha comhpháirtí nó le linn chomhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha ar íocadh astu, ba cheart a fhoráil go scoirfidh an bhlocdhíolúine d’fheidhm a bheith aici má tá an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe le haghaidh na dtáirgí, na dteicneolaíochtaí nó na bpróiseas a eascraíonn as an taighde agus forbairt os cionn leibhéal áirithe. Mar sin féin, ba cheart go leanfadh an díolúine d’fheidhm a bheith aici gan beann ar na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe ar feadh tréimhse áirithe tar éis tús a chur le comhshaothrú, chun fanacht le cobhsú a sciartha den mhargadh, go háirithe tar éis táirge iomlán nua a thabhairt isteach, agus chun íostréimhse a ráthú maidir leis an toradh ar na hinfheistíochtaí atá i gceist.

(19)

Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ina bhfuil srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí dearfacha a thagann mar thoradh ar chomhaontú taighde agus forbartha a bhaint amach. I bprionsabal, comhaontuithe ina bhfuil cineálacha ar leith srianta dochta maidir leis an iomaíocht, amhail srianta ar shaoirse páirtithe chun taighde agus forbairt a dhéanamh i réimse nach bhfuil nasctha leis an gcomhaontú, socrú na bpraghsanna a ghearrtar ar thríú páirtithe, teorannú ar aschur nó díolacháin, agus teorannú ar dhíolacháin éighníomhacha a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis a eascraíonn as an taighde agus forbairt chomhpháirteach nó as an taighde agus forbairt ar íocadh astu, ba cheart na comhaontuithe sin a eisiamh ó thairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo gan beann ar an sciar den mhargadh atá ag na páirtithe. Sa chomhthéacs seo, ní srianta ar aschur nó ar dhíolacháin iad srianta ar an réimse úsáide, agus ní srianta críochacha ná srianta custaiméara iad ach oiread.

(20)

De ghnáth, áirithítear leis an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh, le neamhdhíolúine comhaontuithe áirithe agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo nach gcuirtear leis na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo ar a cumas do na páirtithe iomaíocht a dhíchur maidir le cuid mhór de na hearraí, na teicneolaíochtaí nó na próisis i gceist.

(21)

Comhaontuithe idir gnóthais nach soláthróirí iomaíocha iad de tháirgí, teicneolaíochtaí nó próisis ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar le torthaí an taighde agus na forbartha, agus a chomhlíonann coinníollacha an Rialacháin seo, ní chuirfidh siad deireadh le hiomaíocht nuálaíochta éifeachtach ach amháin in imthosca eisceachtúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, comhaontuithe den sórt sin a chumasú chun tairbhe a bhaint as an díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo gan beann ar an sciar den mhargadh agus aghaidh a thabhairt ar aon chás eisceachtúil trí thairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin a tharraingt siar. Maidir le díolúine na gcomhaontuithe sin de bhun an Rialacháin seo, tá sé sin gan dochar do mheasúnú iomaíoch ar chomhaontuithe taighde agus forbartha nach gcomhlíonann coinníollacha an Rialacháin seo nó comhaontuithe ar tarraingíodh siar tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo ina leith.

(22)

Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo cásanna tipiciúla ina bhféadfaí a mheas gurb iomchuí tairbhe na díolúine atá bunaithe aige a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (5).

(23)

Toisc gur comhaontuithe de chineál fadtéarmach iad comhaontuithe taighde agus forbartha go minic, go háirithe i gcás ina leathnaítear an comhar chun na torthaí a shaothrú, ba cheart tréimhse bhailíochta an Rialacháin seo a shocrú ag 12 bhliain.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘comhaontú taighde agus forbartha’ comhaontú arna dhéanamh idir dhá pháirtí nó níos mó a bhaineann leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh na páirtithe sin aon cheann díobh seo a leanas a shaothrú:

(a)

taighde agus forbairt chomhpháirteach táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)

ní áirítear leis sin comhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha sin; nó

(ii)

áirítear leis sin comhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha sin;

(b)

taighde agus forbairt ar íocadh astu ar tháirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)

ní áirítear leis sin comhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha sin; nó

(ii)

áirítear leis sin comhshaothrú thorthaí an taighde agus na forbartha sin;

(c)

comhshaothrú ar thorthaí taighde agus forbartha i leith táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha a dhéantar de bhun comhaontú roimh ré a thagann faoi phointe (a) idir na páirtithe céanna;

(d)

comhshaothrú ar thorthaí taighde agus forbartha i leith táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha a dhéantar de bhun comhaontú roimh ré a thagann faoi phointe (b) idir na páirtithe céanna;

(2)

ciallaíonn ‘comhaontú’ comhaontú idir gnóthais, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe;

(3)

ciallaíonn ‘taighde agus forbairt’ gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu fios gnó a fháil maidir le táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis, anailís theoiriciúil, staidéar córasach nó turgnamhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear táirgeadh turgnamhach agus taispeántóra, tástáil theicniúil ar tháirgí nó próisis, bunú na n-áiseanna riachtanacha go dtí scála taispeántóra agus cearta maoine intleachtúla a fháil le haghaidh na dtorthaí;

(4)

ciallaíonn ‘táirge’ earra nó seirbhís, lena n-áirítear idir earraí nó seirbhísí idirmheánacha agus earraí agus seirbhísí deiridh;

(5)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht conartha’ teicneolaíocht nó próiseas a eascraíonn as an taighde agus forbairt chomhpháirteach nó as an taighde agus forbairt ar íocadh astu;

(6)

ciallaíonn ‘táirge conartha’ táirge a eascraíonn as an taighde agus forbairt chomhpháirteach nó as an taighde agus forbairt ar íocadh astu nó táirge a tháirgtear trí na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm;

(7)

ciallaíonn ‘saothrú na dtorthaí’ táirgeadh nó dáileadh na dtáirgí conartha nó cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí conartha nó sannadh nó ceadúnú ceart maoine intleachtúla nó fios gnó a chur in iúl a theastaíonn le haghaidh táirgeadh, dáileadh nó cur i bhfeidhm den sórt sin;

(8)

áirítear le ‘cearta maoine intleachtúla’ cearta maoine tionsclaíche, paitinní agus trádmharcanna; chomh maith le cóipcheart agus cearta gaolmhara, mar shampla;

(9)

ciallaíonn ‘fios gnó’ pacáiste faisnéise praiticiúla, mar thoradh ar thaithí agus tástáil, atá:

(a)

‘rúnda’, rud a chiallaíonn nach bhfuil eolas ginearálta uirthi nó nach féidir í a rochtain go héasca;

(b)

‘substaintiúil’, rud a chiallaíonn go bhfuil sé suntasach agus úsáideach chun na táirgí conartha a tháirgeadh nó chun teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm; agus

(c)

‘sainaitheanta’, rud a chiallaíonn go dtugtar tuairisc air ar bhealach cuimsitheach go leor le gur féidir a dheimhniú go gcomhlíonann sé na critéir rúndachta agus shubstaintiúlachta;

(10)

ciallaíonn ‘comhpháirteach’, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú taighde agus forbartha, gníomhaíochtaí ina bhfuil an obair atá i gceist:

(a)

curtha i gcrích ag foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach;

(b)

curtha de chúram go comhpháirteach ar thríú páirtí; nó

(c)

leithdháilte idir na páirtithe mar speisialtóireacht i gcomhthéacs taighde agus forbartha nó mar speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe;

(11)

ciallaíonn ‘speisialtóireacht i gcomhthéacs taighde agus forbartha’ go bhfuil gach ceann de na páirtithe rannpháirteach sna gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a chumhdaítear leis an gcomhaontú taighde agus forbartha agus go roinneann siad an obair taighde agus forbartha eatarthu ar aon bhealach a mheasann siad a bheith iomchuí; ní áirítear leis sin taighde agus forbairt ar íocadh astu;

(12)

ciallaíonn ‘speisialtóireacht i gcomhthéacs saothraithe’ go leithdháileann na páirtithe cúraimí aonair eatarthu féin amhail táirgeadh nó dáileadh, nó go bhforchuireann siad srianta ar a chéile maidir le saothrú na dtorthaí amhail srianta i ndáil le críocha, custaiméirí nó réimsí úsáide áirithe; áirítear leis sin cás ina dtáirgeann agus ina ndáileann páirtí amháin na táirgí conartha nó go gcuireann sé na teicneolaíochtaí conartha i bhfeidhm ar bhonn ceadúnas eisiach a dheonaíonn na páirtithe eile;

(13)

ciallaíonn ‘taighde agus forbairt ar íocadh astu’ taighde agus forbairt a dhéanann páirtí amháin agus a mhaoiníonn páirtí maoinithe;

(14)

ciallaíonn ‘páirtí maoinithe’ páirtí a mhaoiníonn taighde agus forbairt ar íocadh astu fad is nach bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha á ndéanamh aige féin;

(15)

ciallaíonn ‘gnóthas iomaíoch’ iomaitheoir iarbhír nó ionchasach:

(a)

ciallaíonn ‘iomaitheoir iarbhír’ gnóthas a sholáthraíonn táirge, teicneolaíocht nó próiseas ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar leis an táirge conartha nó an teicneolaíocht chonartha ar an margadh geografach ábhartha;

(b)

ciallaíonn ‘iomaitheoir ionchasach’ gnóthas ar dhócha, in éagmais an chomhaontaithe taighde agus forbartha, ar fhoras réalaíoch agus ní mar fhéidearthacht theoiriciúil amháin, go ndéanfadh sé, laistigh de thréimhse nach faide ná 3 bliana, na hinfheistíochtaí breise is gá a dhéanamh nó na costais is gá a thabhú chun táirge, teicneolaíocht nó próiseas a sholáthar ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar leis an táirge conartha nó an teicneolaíocht conartha ar an margadh geografach ábhartha;

(16)

ciallaíonn ‘margadh táirgí ábhartha’ an margadh ábhartha le haghaidh na dtáirgí ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar leis na táirgí conartha;

(17)

ciallaíonn ‘margadh teicneolaíochta iomchuí’ an margadh ábhartha le haghaidh na dteicneolaíochtaí nó na bpróiseas ar féidir iad a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar leis na teicneolaíochtaí conartha;

(18)

ciallaíonn ‘díolacháin ghníomhacha’ gach cineál díola seachas díolacháin éighníomhacha;

(19)

ciallaíonn ‘díolacháin éighníomhacha’ díolacháin a dhéantar mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh táirgí chuig an gcustaiméir, gan an díolachán a bheith tionscanta trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir áirithe, ar an ngrúpa custaiméirí áirithe nó ar an gcríoch áirithe, agus lena n-áirítear díolacháin a eascraíonn as a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí nó as freagairt do chuirí chun tairisceana príobháideacha.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar leis na téarmaí ‘gnóthas’ agus ‘páirtí’ a ngnóthais ghaolmhara faoi seach. Ciallaíonn ‘gnóthais ghaolmhara’ an méid seo a leanas:

(1)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a leanas ag páirtí sa chomhaontú taighde agus forbartha, go díreach nó go hindíreach:

(a)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú;

(b)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh;

(c)

an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(2)

gnóthais a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1) acu go díreach nó go hindíreach, ar pháirtí sa chomhaontú taighde agus forbartha;

(3)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (2) ag gnóthas dá dtagraítear i bpointe (1), go díreach nó go hindíreach;

(4)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointí (1) i gcomhpháirt ag páirtí sa chomhaontú taighde agus forbartha mar aon le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1), (2) nó (3), nó ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí sin i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (1), (2) nó (3);

(5)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (1) i gcomhpháirt ag:

(a)

páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbartha nó a ngnóthais ghaolmhara faoi seach dá dtagraítear i bpointí (1) go (4); nó

(b)

ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbartha nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 2

Díolúine

1.   De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le comhaontuithe taighde agus forbartha.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear i mír 1 sa mhéid go bhfuil srianta ar an iomaíocht a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh sna comhaontuithe taighde agus forbartha.

3.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear i mír 1 freisin maidir le comhaontuithe taighde agus forbartha ina n-áirítear forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú do cheann amháin nó níos mó de na páirtithe nó d’eintiteas arna bhunú ag na páirtithe chun an taighde agus an fhorbairt chomhpháirteach nó an taighde agus an fhorbairt ar íocadh astu a dhéanamh nó chun comhshaothrú a dhéanamh ar na torthaí, ar choinníoll go bhfuil baint dhíreach ag na forálacha sin leis an gcomhaontú a chur chun feidhme agus go bhfuil gá leo chun an comhaontú a chur chun feidhme agus nach príomhchuspóir an chomhaontaithe iad na forálacha sin.

Airteagal 3

Rochtain ar na torthaí deiridh

1.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.

2.   Ní mór a leagan síos sa chomhaontú taighde agus forbartha go mbeidh rochtain iomlán ag na páirtithe uile ar thorthaí deiridh an taighde agus na forbartha comhpháirtí nó an taighde agus na forbartha ar íocadh astu chun críche taighde agus forbartha breise agus chun críche saothraithe.

3.   Maidir leis an rochtain dá bhforáiltear i mír 2, ní mór di:

(a)

aon cheart maoine intleachtúla agus fios gnó a thiocfaidh as sin a bheith san áireamh,

(b)

a dheonú a luaithe a bheidh torthaí an taighde agus na forbartha ar fáil.

4.   I gcás ina bhforáiltear leis an gcomhaontú taighde agus forbartha go dtugann na páirtithe cúiteamh dá chéile as rochtain a thabhairt ar na torthaí chun críoch tuilleadh taighde agus forbartha nó chun críoch saothraithe, ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar an rochtain sin.

5.   Maidir le hinstitiúidí taighde, comhlachtaí acadúla nó gnóthais a sholáthraíonn taighde agus forbairt mar sheirbhís tráchtála gan a bheith gníomhach de ghnáth i saothrú na dtorthaí, féadfaidh siad a chomhaontú srian a chur le húsáid na dtorthaí chun críoch tuilleadh taighde agus forbartha.

6.   I gcás ina gcuireann na páirtithe teorainn lena gcearta saothraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe i gcás ina mbíonn speisialtóireacht acu i gcomhthéacs an tsaothraithe, féadfar rochtain ar na torthaí chun críocha an tsaothraithe a theorannú dá réir sin.

Airteagal 4

Rochtain ar fhios gnó a bhí ann cheana

1.   I gcás nach n-áirítear comhshaothrú na dtorthaí sa chomhaontú taighde agus forbartha, beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Ní mór a leagan síos sa chomhaontú go dtabharfar rochtain do gach páirtí ar aon fhios gnó atá ag na páirtithe eile cheana má tá an fios gnó sin fíor-riachtanach chun na torthaí a shaothrú.

3.   I gcás ina bhforáiltear leis an gcomhaontú go dtabharfaidh na páirtithe cúiteamh dá chéile as rochtain a thabhairt ar an bhfios gnó a bhí acu cheana, níor cheart an cúiteamh a bheith chomh hard sin go gcuirfí bac éifeachtach ar an rochtain sin.

Airteagal 5

Comhshaothrú

1.   Beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ar choinníoll nach mbainfidh aon chomhsaothrú ach le torthaí a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá na torthaí fíor-riachtanach chun na táirgí conartha a tháirgeadh nó chun na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm;

(b)

tá na torthaí faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó fios gnó is ea atá sna torthaí.

2.   I gcás ina mbeidh sé de chúram ar pháirtí amháin nó níos mó táirgí conartha a thairgeadh trí bhíthin speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe, beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ar choinníoll go gceanglófar ar na páirtithe sin orduithe le haghaidh soláthairtí táirgí conartha ó na páirtithe eile a chomhlíonadh, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

déantar foráil sa chomhaontú taighde agus forbartha freisin maidir le dáileadh atá le déanamh ag foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach nó atá le cur de chúram go comhpháirteach ar thríú páirtí;

(b)

chomhaontaigh na páirtithe nach bhféadfaidh ach an páirtí a tháirgeann na táirgí conartha iad a dháileadh.

Airteagal 6

Tairseacha maidir leis an sciar den mhargadh agus fad na díolúine

1.   I gcás inar gnóthais iomaíocha iad dhá pháirtí nó níos mó de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (15), beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ar feadh fhad an taighde agus na forbartha más amhlaidh atá na nithe seo a leanas an tráth a dhéantar an comhaontú:

(a)

maidir leis na comhaontuithe taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), point (1) (a) agus (c), ní mó ná 25 % ar na margaí ábhartha táirgí agus teicneolaíochta é an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe sa chomhaontú;

(b)

maidir leis na comhaontuithe taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 1, mír (1)(b) nó (d), ní mó ná 25 % ar na margaí táirgí agus teicneolaíochta ábhartha é an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag an bpáirtí maoinithe agus ag na páirtithe uile a bhfuil comhaontuithe taighde agus forbartha déanta ag an bpáirtí maoinithe leo maidir leis na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha céanna.

2.   I gcás nach gnóthais iomaíocha iad na páirtithe de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (15), beidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 ar feadh fhad an taighde agus na forbartha.

3.   I gcás comhaontuithe taighde agus forbartha ina mbaintear leas as na torthaí go comhpháirteach, leanfaidh an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici go ceann 7 mbliana ón tráth a chuirfear na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha ar an margadh den chéad uair laistigh den mhargadh inmheánach, má chomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo an tráth a dhéanfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (1) (a) nó (b). Chun go mbainfidh na comhaontuithe taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (1) (c) agus (d) leas as díolúine leanúnach den sórt sin, ní mór na coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh an tráth a rinneadh an comhaontú roimh ré dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (1) (a) nó (b).

4.   Tar éis dheireadh na tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, leanfaidh an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici:

(a)

maidir leis na comhaontuithe taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (1) (a) agus (c), ní mó ná 25 % ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha é an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe sa chomhaontú;

(b)

maidir leis na comhaontuithe taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (1) (b) agus (d), ní mó ná 25 % ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha é an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag an bpáirtí maoinithe agus ag na páirtithe uile a bhfuil comhaontuithe taighde agus forbartha déanta ag an bpáirtí maoinithe leo a bhaineann leis na táirgí conartha nó leis na teicneolaíochtaí conartha céanna.

5.   Mura sáraíonn an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe ábhartha an tairseach ábhartha dá dtagraítear i mír 4 ag deireadh na tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear i mír 3, ach má ardaíonn sé ina dhiaidh sin os cionn na tairsí sin, leanfaidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici ar feadh tréimhse 2 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach ábhartha maidir leis an sciar den mhargadh den chéad uair.

Airteagal 7

Cur i bhfeidhm na dtairseach maidir leis an sciar den mhargadh

1.   Chun na tairseacha maidir leis an sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) agus (4) a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.

2.   Déanfar sciartha den mhargadh a ríomh ar bhonn luach na ndíolachán ar an margadh nó, mura bhfuil sonraí faoi luach na díolachán ar an margadh ar fáil, ar bhonn mhéideanna na ndíolachán ar an margadh. Mura bhfuil sonraí faoi mhéideanna na ndíolachán ar an margadh ar fáil, féadfar meastacháin atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa eile faoin margadh, lena n-áirítear caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt, nó cumais taighde agus forbartha, a úsáid.

3.   Ríomhfar sciartha den mhargadh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin. Mura bhfuil an bhliain féilire roimhe sin ionadaíoch ar sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha, ríomhfar an sciar den mhargadh mar mheán na sciartha den mhargadh a bhí ag na páirtithe sna 3 bliana féilire roimhe sin.

4.   Déanfar an sciar den mhargadh atá ag na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (5), a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí acu a liostaítear in Airteagal 1(2), pointe (1).

Airteagal 8

Srianta dochta

Ní bheidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe taighde agus forbartha a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, ina n-aonar nó i gcomhar le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe, aon cheann de na srianta seo a leanas:

(a)

srian na saoirse atá ag na páirtithe taighde agus forbairt a dhéanamh go neamhspleách nó i gcomhar le tríú páirtithe:

(i)

i réimse nach bhfuil baint aige leis an gceann lena mbaineann an comhaontú taighde agus forbartha; nó

(ii)

tar éis críoch a bheith curtha leis an taighde agus an fhorbairt chomhpháirteach, nó an taighde agus an fhorbairt ar íocadh astu, sa réimse lena mbaineann an comhaontú taighde agus forbartha nó i réimse bainteach.

(b)

teorainn le haschur nó díolacháin, cé is moite den méid seo a leanas:

(i)

socrú na spriocanna táirgthe, i gcás ina n-áirítear i gcomhshaothrú na dtorthaí comhtháirgeadh na dtáirgí conartha;

(ii)

spriocanna díolacháin a leagan síos, i gcás inarb é a leanas torthaí an chomhshaothraithe:

(1)

áirítear ann comhdháileadh na dtáirgí conartha nó comhcheadúnú na dteicneolaíochtaí conartha, agus

(2)

déanann foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach an méid sin nó cuirtear é de chúram go comhpháirteach ar thríú páirtí;

(iii)

cleachtais ina gcuimsítear speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe;

(iv)

srian ar shaoirse na bpáirtithe chun táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis atá in iomaíocht leis na táirgí conartha nó leis na teicneolaíochtaí conartha a tháirgeadh, a dhíol, a shannadh nó a cheadúnú le linn na tréimhse ar chomhaontaigh na páirtithe na torthaí a shaothrú go comhpháirteach lena linn.

(c)

socrú na bpraghsanna agus na táirgí conartha á ndíol nó na teicneolaíochtaí conartha á gceadúnú do thríú páirtithe, cé is moite de shocrú na bpraghsanna a ghearrtar ar gharchustaiméirí nó de shocrú na dtáillí ceadúnais a ghearrtar ar gharcheadúnaithe i gcás ina mbaineann an méid a leanas le comhshaothrú na dtorthaí:

(i)

áirítear ann comhdháileadh na dtáirgí conartha nó comhcheadúnú na dteicneolaíochtaí conartha: agus

(ii)

déanann foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach an méid sin nó cuirtear é de chúram go comhpháirteach ar thríú páirtí.

(d)

srian maidir leis an gcríoch ina bhféadfaidh na páirtithe na táirgí conartha a dhíol go héighníomhach nó na teicneolaíochtaí conartha a cheadúnú, nó srian maidir leis na custaiméirí a bhféadfaidh na páirtithe na táirgí nó na teicneolaíochtaí a dhíol leo, cé is moite den cheanglas maidir le torthaí an taighde agus na forbartha a cheadúnú go heisiach do pháirtí eile.

(e)

srian maidir le díolacháin ghníomhacha na dtáirgí conartha nó na dteicneolaíochtaí conartha i gcríocha nó le custaiméirí nár leithdháileadh go heisiach ar cheann de na páirtithe trí bhíthin speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe.

(f)

an ceanglas maidir le diúltú freastal ar éileamh ó chustaiméirí i gcríocha na bpáirtithe féin, nó ó chustaiméirí a leithdháiltear ar shlí eile idir na páirtithe trí bhíthin speisialtóireacht i gcomhthéacs an tsaothraithe, i gcás ina ndéanfaidh na custaiméirí sin na táirgí conartha a mhargú i gcríocha eile laistigh den mhargadh inmheánach.

(g)

an ceanglas maidir lena dhéanamh deacair d’úsáideoirí nó d’athdhíoltóirí na táirgí conartha a fháil ó athdhíoltóirí eile laistigh den mhargadh inmheánach.

Airteagal 9

Srianta eisiata

1.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe taighde agus forbartha:

(a)

an oibleagáid gan dúshlán a thabhairt maidir leis an méid a leanas:

(i)

tar éis críoch a bheith curtha leis an taighde agus an fhorbairt, bailíocht na gceart maoine intleachtúla:

(1)

atá i seilbh na bpáirtithe sa mhargadh inmheánach, agus

(2)

atá ábhartha maidir leis an taighde agus leis an bhforbairt; nó

(ii)

tar éis don chomhaontú taighde agus forbartha dul in éag, bailíocht na gceart maoine intleachtúla:

(1)

atá i seilbh na bpáirtithe sa mhargadh inmheánach, agus

(2)

a chosnaíonn torthaí an taighde agus na forbartha.

(b)

an oibleagáid gan ceadúnais a dheonú do thríú páirtithe chun na táirgí conartha a tháirgeadh nó chun na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm mura ndéantar foráil sa chomhaontú maidir le saothrú thorthaí an taighde agus na forbartha comhpháirtí nó thorthaí an taighde agus na forbartha ar íocadh astu ag ceann amháin nó níos mó de na páirtithe agus go dtarlaíonn saothrú den sórt sin sa mhargadh inmheánach i leith tríú páirtithe.

2.   Tá mír 1, pointe (a) gan dochar don fhéidearthacht foráil a dhéanamh maidir le foirceannadh an chomhaontaithe taighde agus forbartha i gcás ina ndéanfaidh ceann de na páirtithe agóid in aghaidh bhailíocht na gceart maoine intleachtúla dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) (i) agus (ii).

3.   Má áirítear sa chomhaontú taighde agus forbartha aon cheann de na srianta eisiata dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh an díolúine a bhunaítear in Airteagal 2 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an gcuid eile den chomhaontú taighde agus forbartha, ar choinníoll gur féidir na srianta eisiata a ghearradh ón gcuid eile agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha eile an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Tarraingt siar i gcásanna aonair ag an gCoimisiún

1.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás ina gcinnfidh sé in aon chás ar leith go bhfuil éifeachtaí, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú taighde agus forbartha a bhfuil, mar sin féin, feidhm maidir leis ag an díolúine a bhunaítear sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

más ann do chomhaontú taighde agus forbartha, cuirtear srian substaintiúil ar an raon feidhme atá ag tríú páirtithe taighde agus forbairt a dhéanamh i réimse nó réimsí a bhaineann leis na táirgí conartha nó leis na teicneolaíochtaí conartha;

(b)

cuireann an comhaontú taighde agus forbartha srian suntasach ar rochtain tríú páirtithe ar an margadh ábhartha le haghaidh táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha;

(c)

ní shaothraíonn na páirtithe torthaí an taighde agus na forbartha comhpháirtí nó torthaí an taighde agus na forbartha ar íocadh astu i leith tríú páirtithe gan aon chúis atá bailí ar bhonn oibiachtúil;

(d)

níl na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha faoi réir iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach ina iomláine nó i gcuid mhór de; nó

(e)

chuirfeadh an comhaontú taighde agus forbartha srian suntasach ar iomaíocht nuálaíochta i réimse ar leith.

Airteagal 11

Tarraingt siar i gcásanna aonair ag údarás iomaíochta Ballstáit

Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe na díolúine a bhunaítear leis an Rialacháin seo atharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Airteagal 12

Idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 30 Meitheamh 2023 agus nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2023.

Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2035.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 285, 29.12.1971, lch. 46.

(2)  IO C 120, 15.3.2022, lch. 9.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)640 final).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 335, 18.12.2010, lch. 36).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).