23.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/53


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/989 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas eagraíochtaí agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin, agus lena gceartaítear an Rialachán sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos na ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí, lena n-áirítear cáilíochtaí agus ceadúnais an phearsanra atá freagrach as táirgí a scaoileadh chun seirbhíse tar éis cothabhála.

(2)

Sainmhíníodh an téarma ‘aerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach’ in Airteagal 3, pointe (j), de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus aisghaireadh le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 é. I gcomhréir le hAirteagal 140(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139, tá Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 le hoiriúnú do Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 a mhéid a bhaineann le sainmhíniú an téarma sin.

(3)

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais cothabhála ceadúnúcháin agus oiliúna, is gá athruithe a thabhairt isteach ar na ceanglais maidir le ceadúnais chothabhála agus eagraíochtaí oiliúna a leagtar amach in Iarscríbhinn III (Cuid-66) agus in Iarscríbhinn IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

(4)

Go háirithe, is gá formhuiniú rátála cineáil aerárthaí ar na ceadúnais chothabhála a éascú i gcás nach bhfuil aon eagraíocht formheasta i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 lena dtairgtear oiliúint i leith cineáil aerárthaigh don aerárthach sin, lena gcoinnítear an leibhéal céanna sábháilteachta agus cothrom iomaíochta. Is gá freisin siollabas bunoiliúna na mball foirne deimhniúcháin atá bainteach le cothabháil na n-aerárthaí a thabhairt cothrom le dáta, feabhas a chur ar éifeachtúlacht ‘oiliúint ar an láthair oibre’ a cheanglaítear don fhormhuiniú rátála den chéad chineál i gcatagóir an cheadúnais cothabhála agus modhanna oiliúna nua agus teicneolaíochtaí teagaisc nua agus feabhsuithe eile a thabhairt isteach mar chuid den nuashonrú tráthrialta ar na rialacha san Iarscríbhinn sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a leasú dá réir.

(6)

Tá na leasuithe bunaithe ar Thuairim Uimh. 07/2022 (4) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (b), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(7)

Ba cheart idirthréimhse leordhóthanach a chur ar fáil d’eagraíochtaí oiliúna cothabhála agus d’údaráis cheadúnúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na rialacha agus na nósanna imeachta nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1360 (5) ón gCoimisiún, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 chun tagairtí a chur san áireamh do shonraí agus d’fhaisnéis a úsáidtear maidir le haeracmhainneacht leanúnach arna leagan síos i gcomhréir leis an Iarscríbhinn Ib nua a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (6).

(9)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1360, scriosadh de thaisme pointe (3) de phointe M.A.302(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 agus pointí (3) go (9) de phointe ML.A.302(c) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann leis an Rialachán sin, ar cheart iad a choinneáil. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1360 cuireadh pointe (e) eile freisin, de thaisme, le pointe M.A.502 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 seachas é a ionadú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá réir sin.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (t):

‘(t)

ciallaíonn ‘comhchuibhiú córas bainistíochta’ an próiseas comhordaithe trína n-idirghníomhaíonn córais bhainistíochta dhá eagraíocht nó níos mó agus trína roinneann siad faisnéis agus modhanna chun cuspóirí coiteanna nó comhsheasmhacha faireacháin maidir le sábháilteacht agus comhlíonadh a bhaint amach;’;

(b)

cuirtear isteach an pointe (u) a leanas leis:

‘(u)

ciallaíonn ‘aerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach’:

(i)

eitleán:

a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe aige a sháraíonn 5 700 kg, nó

atá deimhnithe d’uaschumraíocht suíochán do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán déag, nó

atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad, nó

atá feistithe le (a) hinneall turbascairde nó le hinnill turbascairde nó le níos mó ná inneall turba-liáin amháin, nó

(ii)

héileacaptar atá deimhnithe:

d’uasmhais éirí de thalamh a sháraíonn 3 175 kg, nó

d’uaschumraíocht suíochán do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán, nó

chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad; nó

(iii)

aerárthach claonrótair;’;

(2)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Ceanglais is infheidhme maidir le heagraíochtaí oiliúna agus le húdaráis inniúla a eisíonn ceadúnais’;

(b)

cuirtear isteach mír 4, mír 5 agus mír 6 a leanas:

‘4.   Aon bhunchúrsa oiliúna, nó aon chuid de, ar cuireadh tús leis roimh an 12 Meitheamh 2024 beidh sé críochnaithe, lena n-áirítear aon scrúdú gaolmhar, roimh an 12 Meitheamh 2026. Eiseofar na deimhnithe aitheantais comhfhreagracha roimh an 12 Meitheamh 2026.

5.   Eiseofar deimhnithe aitheantais dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir leis an Rialachán seo sa leagan is infheidhme de roimh an 12 Meitheamh 2024.

6.   Chun críche ceadúnas cothabhála aerárthaí a eisiúint nó a athrú i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66) tar éis an 12 Meitheamh 2024 glacfaidh an t-údarás inniúil le stádas scrúdaithe buneolais iarratasóra a chomhfhreagraíonn don Rialachán seo sa leagan is infheidhme de roimh an 12 Meitheamh 2024, mar a chomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo sa leagan is infheidhme ón 12 Meitheamh 2024’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-66) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV (Cuid-147) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Rialachán (AE) 1321/2014 mar a leanas:

(1)

Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

Ceartaítear Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Meitheamh 2024.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1(1) agus ag Airteagal 2 ón 12 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas eagraíochtaí agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).

(4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1360 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme ceanglas níos comhréirí le haghaidh aerárthaí a úsáidtear san eitlíocht spóirt agus áineasa (IO L 205, 5.8.2022, lch. 115).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear an clár ábhar mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe 66.B.2 a leanas isteach i ndiaidh phointe 66.B.1:

‘66.B.2

Modhanna comhlíontachta’;

(b)

cuirtear isteach an pointe 66.B.135 a leanas tar éis phointe 66.B.130:

‘66.B.135

An nós imeachta chun cúrsaí oiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT) a fhormheas’;

(c)

cuirtear an méid a leanas in ionad theideal Fhoscríbhinn III:

‘Foscríbhinn III oiliúint i leith cineáil aerárthaigh agus caighdeán meastóireachta cineáil — oiliúint ar an láthair oibre (OJT)’;

(d)

cuirtear an méid a leanas in ionad theideal Fhoscríbhinn IV:

‘Foscríbhinn IV Taithí agus modúil eolais bhunúsaigh nó modúil pháirteacha atá riachtanach chun síneadh a chur le ceadúnas cothabhála aerárthaí Cuid-66’;

(e)

cuirtear an teideal a leanas le Foscríbhinn IX:

‘Modh Measúnaithe Fhoscríbhinn IX le haghaidh na hoiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT)’;

(2)

leasaítear pointe 66.A.5 mar a leanas:

(a)

i bpointe (1), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Grúpa 1: aerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach; héileacaptair il-innill; seachas eitleáin innill loine, a bhfuil uasairde oibriúcháin dheimhnithe acu a sháraíonn FL290; aerárthach atá feistithe le córais eitilte shreangrialaithe; aerlonga gáis seachas ELA2.’;

(b)

i bpointe (2)(i), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fleasc:

‘—

na heitleáin innill tuirbín sin a aicmítear ag an nGníomhaireacht san fhoghrúpa sin mar gheall ar a gcastacht níos ísle.’;

(3)

i bpointe 66.A.10, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

I gcás ina gcáileoidh an t-iarratasóir ar athrú ar na catagóirí bunúsacha d’athrú den sórt sin tríd an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 66.B.105 i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas, seolfaidh an eagraíocht chothabhála a formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) an ceadúnas cothabhála aerárthaí mar aon le Foirm 19 EASA chuig an údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe 66.1 chun an t-athrú nó an atheisiúint ar an gceadúnas a stampáil agus a shíniú, de réir mar is iomchuí.’;

(4)

i bpointe 66.A.20(a)(7), cuirtear an mhír a leanas isteach:

‘Áireofar i gceadúnas cothabhála aerárthaí de Chatagóir C arna eisiúint maidir le haerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach pribhléidí an cheadúnais cothabhála aerárthaí de chatagóir C freisin maidir le haerárthaí eile nach bhfuil á gcumhachtú le mótair choimpléascacha.’;

(5)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 66.A.25:

‘66.A.25

Buncheanglais eolais

(a)

Léireoidh an t-iarratasóir ar cheadúnas cothabhála aerárthaí, trí scrúdú, leibhéal eolais ar na modúil ábhair ghaolmhara i gcomhréir le Foscríbhinn I (is infheidhme maidir le ceadúnais de chatagóir A, B1, B2, B2L, B3 agus C) nó Foscríbhinn VII (is infheidhme maidir le ceadúnais de chatagóir L).

(b)

Comhlíonfaidh na scrúduithe bunúsacha eolais an caighdeán a leagtar amach i bhFoscríbhinn II (is infheidhme maidir le ceadúnais de chatagóir A, B1, B2, B2L, B3 agus C) nó i bhFoscríbhinn VIII (is infheidhme maidir le ceadúnais de chatagóir L) a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo agus is ceachtar díobh a leanas a dhéanfaidh iad:

(1)

eagraíocht oiliúna arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147);

(2)

an t-údarás inniúil;

(3)

i gcás ceadúnais de chatagóir L, eagraíocht eile arna comhaontú ag an údarás inniúil.

(c)

Beifear tar éis pas a fháil sna scrúduithe bunúsacha eolais laistigh de 10 mbliana roimh an iarratas ar cheadúnas cothabhála aerárthaí nó roimh chatagóir nó fochatagóir a chur le ceadúnas den sórt sin. Mura bhfuiltear tar éis pas a fháil sna scrúduithe bunúsacha eolais laistigh den tréimhse 10 mbliana sin, féadfaidh an t-iarratasóir creidiúintí i gcomhair scrúduithe eolais bhunúsaigh a fháil de rogha air sin i gcomhréir le pointe (d).

Tá feidhm ag an gceanglas bailíochta 10 mbliana maidir le gach scrúdú modúil ar leith, ach amháin na scrúduithe modúil sin inar éiríodh leo cheana mar chuid de chatagóir ceadúnais eile agus eisíodh an ceadúnas cheana féin.

(d)

Féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ar chreidiúintí iomlána nó páirteacha i leith na mbuncheanglas eolais maidir leis na nithe a leanas:

(1)

scrúduithe bunúsacha eolais inar éiríodh leo níos mó ná 10 mbliana sular cuireadh isteach an t-iarratas ar cheadúnas cothabhála aerárthaí (féach pointe (c));

(2)

aon oiliúint theicniúil náisiúnta eile agus aon scrúdú teicniúil náisiúnta eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith coibhéiseach le buncheanglais chomhfhreagracha eolais na hIarscríbhinne seo.

Soláthróidh an t-iarratasóir fianaise ar na creidiúintí deonaithe trí thagairt a dhéanamh do thuarascáil creidiúna scrúdaithe arna formheas ag an údarás inniúil i gcomhréir le Roinn B, Fochuid E, den Iarscríbhinn III (Cuid-66).

(e)

Bunchúrsa oiliúna gan Modúl 1 ná Modúl 2 d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, ní mheastar gur bunchúrsa iomlán oiliúna é arna fhormheas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) ach amháin i gcás ina léiríonn an t-iarratasóir eolas ar na Modúil sin trí scrúdú ina dhiaidh sin agus má thugann an t-údarás inniúil creidiúintí dó.

(f)

Déanfaidh sealbhóir ceadúnais cothabhála aerárthaí a dhéanann iarratas ar chatagóir nó fochatagóir éagsúil a chur isteach comhlánú trí scrúdú ar an leibhéal eolais is iomchuí do mhodúil na n-ábhar gaolmhar i gcomhréir le Foscríbhinn I (do cheadúnais de chatagóir A, B1, B2, B2L, B3 agus C) nó d’Fhoscríbhinn VII (le haghaidh ceadúnais de chatagóir L).

I bhFoscríbhinn IV mionsonraítear modúil Fhoscríbhinn I (maidir le ceadúnais chatagóir B1, B2, B2L, B3 agus C) nó Fhoscríbhinn VII (i gcás ceadúnais de chatagóir L) a cheanglaítear chun catagóir nó fochatagóir nua a chur le ceadúnas atá ann cheana arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.’;

(6)

leasaítear pointe 66.A.30 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a)(2b), scriostar an dara mír agus an tríú mír;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (a)(3), (4) agus (5):

‘3.

i gcás chatagóir C maidir le haerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach (CMPA):

(i)

Taithí 3 bliana ar phribhléidí de chatagóir B1.1, B1.3 nó B2 a fheidhmiú mar fhoireann tacaíochta, nó mar bhall foirne tacaíochta agus mar bhall foirne deimhniúcháin araon, i gcomhréir le pointe 145.A.35 d’Iarscríbhinn II (Cuid-145), in eagraíocht chothabhála atá ag obair ar CMPA, lena n-áirítear taithí 12 mhí mar fhoireann tacaíochta bhunáit chothabhála; nó

(ii)

Taithí 5 bliana ar phribhléidí de chatagóir B1.2, B1.4 nó L5 a fheidhmiú mar fhoireann tacaíochta, nó mar bhall foirne tacaíochta agus mar bhall foirne deimhniúcháin araon, i gcomhréir le pointe 145.A.35 d’Iarscríbhinn II (Cuid-145), in eagraíocht chothabhála atá ag obair ar CMPA, lena n-áirítear taithí 12 mhí mar fhoireann tacaíochta bhunáit chothabhála; nó

(iii)

i gcás iarratasóirí a bhfuil céim acadúil acu, taithí 3 bliana de bheith ag obair i gcomhshaol cothabhála aerárthaí, ar roghnú ionadaíoch cúraimí a bhaineann go díreach le cothabháil aerárthaí, lena n-áirítear 6 mhí de rannpháirtíocht i bhfeidhmiú cúraimí bhunáit chothabhála agus CMPA á oibriú;

(iv)

chun síneadh a chur le catagóir formhuinithe C seachas CMPA go CMPA:

(a)

Taithí 2 bhliain ar phribhléidí de chatagóir B1.1, B1.2, B1.3, B1.4, B2 nó L5 a fheidhmiú mar bhall foirne tacaíochta, nó mar bhall foirne tacaíochta agus mar bhall foirne deimhniúcháin araon, i gcomhréir le pointe 145.A.35 d’Iarscríbhinn II (Cuid-145), in eagraíocht chothabhála i bhfeidhmiú CMPA, lena n-áirítear taithí 6 mhí mar fhoireann tacaíochta bhunáit chothabhála; nó

(b)

agus ceadúnas de chatagóir C bunaithe ar chéim acadúil aige, taithí 2 bhliain ag obair i gcomhshaol cothabhála aerárthaí ar roghnú ionadaíoch cúraimí a bhaineann go díreach le cothabháil aerárthaí, lena n-áirítear 3 mhí de rannpháirtíocht i bhfeidhmiú cúraimí cothabhála troime agus CMPA á oibriú;

4.

i gcás chatagóir C seachas CMPA:

(i)

Taithí 3 bliana ar phribhléidí de chatagóir B1, B2, B2L, B3 nó L a fheidhmiú mar fhoireann tacaíochta, nó mar bhaill foirne tacaíochta agus mar bhaill foirne deimhniúcháin araon, i gcomhréir le pointe 145.A.35 d’Iarscríbhinn II (Cuid-145), in eagraíocht chothabhála ag feidhmiú aerárthaí seachas CMPA, lena n-áirítear taithí 6 mhí mar fhoireann tacaíochta bhunáit chothabhála; nó

(ii)

i gcás sealbhóirí de chéim acadúil, taithí 3 bliana de bheith ag obair i gcomhshaol cothabhála aerárthaí, ar roghnú ionadaíoch cúraimí a bhaineann go díreach le cothabháil aerárthaí, lena n-áirítear 6 mhí de rannpháirtíocht i bhfeidhmiú cúraimí bhunáit chothabhála agus iad ag oibriú aerárthaí seachas CMPA;

5.

beidh an chéim acadúil i ndisciplín theicniúil ábhartha, arna heisiúint ag ollscoil nó ag aon institiúid ardoideachais eile atá aitheanta ag an údarás inniúil.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

D’ainneoin phointe (a), féadfar taithí ar chothabháil aerárthaí a fuarthas in eagraíochtaí nár formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a aithint nuair atá an chothabháil sin coibhéiseach leis an taithí a cheanglaítear san Iarscríbhinn seo arna leagan síos ag an údarás inniúil.

Mar sin féin, beidh sé de cheangal taithí bhreise a thaispeáint in eagraíochtaí a fhormheastar i gcomhréir le hIarscríbhinn II nó Iarscríbhinn Vd nó faoi mhaoirseacht foirne neamhspleácha deimhniúcháin.’;

(7)

i bpointe 66.A.40, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Déanfaidh sealbhóir ceadúnais cothabhála aerárthaí na codanna ábhartha d’Fhoirm 19 EASA (féach Foscríbhinn V) a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a d’eisigh an ceadúnas cothabhála aerárthaí in éineacht le cóip an tsealbhóra, mura rud é go n-oibríonn an sealbhóir in eagraíocht chothabhála fhormheasta i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a bhfuil nós imeachta aici maidir lena nochtadh trína bhféadfaidh an eagraíocht sin an doiciméadacht is gá a chur isteach thar ceann shealbhóir an cheadúnais cothabhála aerárthaí.’;

(8)

leasaítear pointe 66.A.45(d) mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘—

an mheastóireacht ar chineál ábhartha aerárthaigh de chatagóir B1, B2 nó C a chríochnú go sásúil i gcomhréir le Foscríbhinn III a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo (Cuid-66);’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘I gcás rátáil de chatagóir C, maidir le duine atá cáilithe tríd an mbealach acadúil dá dtagraítear i bpointe (a)(5) de phointe 66.A.30, is ar leibhéal chatagóir B1 nó B2 a dhéanfar an chéad mheastóireacht ábhartha ar chineál aerárthaigh.’;

(9)

i bpointe 66.A.45(h)(ii)(3), scriostar an tríú mír;

(10)

cuirtear leis an pointe 66.B.2 a leanas:

‘66.B.2

Modhanna comhlíontachta

(a)

Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta a fhéadfar a úsáid chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme a shuí.

(b)

Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

(c)

Cuirfidh údaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi aon mhodh malartach comhlíontachta a úsáideann eagraíochtaí atá faoina bhformhaoirseacht nó a úsáideann siad féin chun comhlíontacht leis an Rialacháin seo a shuí.’;

(11)

leasaítear pointe 66.B.105 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘66.B.105

Nós imeachta um cheadúnas cothabhála aerárthaí a eisiúint trí eagraíocht chothabhála fhormheasta i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO)’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Féadfaidh eagraíocht chothabhála fhormheasta i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), i gcás ina n-údaraíonn an t-údarás inniúil di an ghníomhaíocht sin a dhéanamh, (i) an ceadúnas cothabhála aerárthaí a ullmhú thar ceann an údaráis inniúil nó (ii) moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maidir leis an iarratas ó dhuine aonair ar cheadúnas cothabhála aerárthaí ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil an ceadúnas sin a ullmhú agus a eisiúint.’;

(12)

i bpointe 66.B.110, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

An taithí agus na modúil bhunúsacha eolais nó na modúil pháirteacha is gá chun catagóir ceadúnais nua nó fochatagóir ceadúnais nua a chur le ceadúnas atá ann cheana arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, leagtar amach iad sna táblaí i bhFoscríbhinn IV.’;

(13)

i bpointe 66.B.130, cuirtear leis an pointe (c) a leanas:

‘(c)

Úsáidfear an Deimhniú Aitheantais (Foirm 149b EASA) d’Fhoscríbhinn III a ghabhann le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) chun aitheantas a thabhairt do chomhlánú na n-eilimintí teoiriciúla nó na n-eilimintí praiticiúla nó na n-eilimintí teoiriciúla agus praiticiúla araon den chúrsa oiliúna maidir le rátáil cineáil.’;

(14)

cuirtear leis an pointe 66.B.135 a leanas:

‘66.B.135

Nós imeachta um chúrsaí oiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT) a fhormheas

Fíoróidh an t-údarás inniúil, aon uair a fhormheasann sé cúrsaí, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT), a sheachadtar i gcomhshaol fisiceach nó i gcomhshaol fíorúil nó sa dá cheann, go bhfuil bunoiliúint an aerárthaigh agus an oiliúint i leith cineáil aerárthaigh i gcomhréir le Foscríbhinn I agus Foscríbhinn III faoi seach.

Áireofar sa nós imeachta formheasa prionsabail agus critéir Fhoscríbhinn IX.’;

(15)

leasaítear pointe 66.B.200 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

Leanfaidh na scrúduithe bunúsacha an caighdeán a shonraítear i bhFoscríbhinní I agus II nó i bhFoscríbhinní VII agus VIII de réir mar is infheidhme.

Úsáidfear an Deimhniú Aitheantais (Foirm 148b EASA) d’Fhoscríbhinn III a ghabhann le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) chun cur i gcrích na scrúduithe bunúsacha a fhianú.

(d)

Leanfaidh scrúduithe oiliúna cineáil agus meastóireachtaí cineáil an caighdeán a shonraítear i bhFoscríbhinn III.

Úsáidfear an Deimhniú Aitheantais (Foirm 149b EASA) d’Fhoscríbhinn III a ghabhann le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) chun cur i gcrích na hoiliúna i leith cineáil aerárthaigh nó meastóireachtaí cineáil a fhianú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

Cé is moite de dhoiciméadacht shonrach a bhfuil gá léi le haghaidh meastóireachtaí cineáil, ní fhéadfaidh ach na doiciméid scrúdaithe a bheith ar fáil don iarrthóir le linn na meastóireachta.’;

(16)

i bhFochuid E, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Foráiltear leis an bhFochuid seo do na nósanna imeachta maidir le creidiúintí scrúdaithe dá dtagraítear i bpointe 66.A.25(d) a dheonú.’;

(17)

i bpointe 66.B.400, cuirtear leis an pointe (d) a leanas:

‘(d)

I gcás ina dtagraíonn iarratasóir do thuarascáil creidiúintí arna formheas ag údarás inniúil eile, cuimhneoidh an t-údarás ceadúnúcháin ar an tuarascáil creidiúintí sin agus iarrfaidh sé comhairle ón údarás eile maidir le húsáid na tuarascála creidiúintí.’;

(18)

i bpointe 66.B.405(a), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘Sonrófar sa chomparáid sin cibé acu ar nó nár léiríodh comhlíonadh agus áireofar inti na húdair atá le gach ráiteas agus na coinníollacha nó breithnithe breise a d’fhéadfadh a bheith ann, nó an dá rud.’;

(19)

Leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Modúlú

Beidh cáilíocht maidir le bunábhair do gach catagóir nó fochatagóir ceadúnais cothabhála aerárthaí i gcomhréir leis an maitrís a leanas, i gcás ina léirítear na hábhair is infheidhme le “X”, agus ciallaíonn “n/bh” nach bhfuil feidhm ag an modúl ábhair ná nach bhfuil sé riachtanach.

Modúl ábhair

B1.1

A1

B1.2

A2

B1.3

A3

B1.4

A4

B3

B2

B2L

C

Inneall tuirbín

Inneall loine

Inneall tuirbín

Loine inneall

Eitleáin innill loine neamh-bhrúite

MTOM ≤ 2 t

1.

MATAMAITIC

X

X

X

X

X

X

X

X

2.

FISIC

X

X

X

X

X

X

X

X

3.

PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA LEICTREACHA

X

X

X

X

X

X

X

X

4.

PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA NA LEICTREONAICE

X

(n/bh i gcás A1)

X

(n/bh i gcás A2)

X

(n/bh i gcás A3)

X

(n/bh i gcás A4)

X

X

X

X

5.

TEICNÍCÍ DIGITEACHA/CÓRAIS IONSTRAIME LEICTREONACHA

X

X

X

X

X

X

X

X

6.

ÁBHAIR AGUS CRUA-EARRAÍ

X

X

X

X

X

X

X

X

7.

CLEACHTAIS CHOTHABHÁLA

X

X

X

X

X

X

X

X

8.

AERAIDINIMIC BHUNÚSACH

X

X

X

X

X

X

X

X

9.

TOSCA DAONNA

X

X

X

X

X

X

X

X

10.

REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

X

X

X

X

X

X

X

X

11.

AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS EITLEÁIN

X

X

n/bh

n/bh

X

n/bh

n/bh

11, 15 & 17

mar B1.1

11, 16 & 17

mar B1.2

12 & 15

mar B1.3

12 & 16

mar B1.4

13 & 14

mar B2

12.

AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS HÉILEACAPTAIR

n/bh

n/bh

X

X

n/bh

n/bh

n/bh

13.

AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS AERÁRTHAÍ

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

X

X

14.

TIOMÁINT

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

X

X

15.

INNILL GHÁSTUIRBÍN

X

n/bh

X

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

16.

INNEALL LOINE

n/bh

X

n/bh

X

X

n/bh

n/bh

17.

LIÁN

X

X

n/bh

n/bh

X

n/bh

n/bh

MODÚL 1.   MATAMAITIC

MODÚL 1. MATAMAITIC

LEIBHÉAL

A

B1

B2

B2L

B3

1.1

Uimhríocht

1

2

1.2

Ailgéabar

 

 

(a)

Sloinn ailgéabracha shimplí;

1

2

(b)

Cothromóidí.

1

1.3

Geoiméadracht

 

 

(a)

Struchtúir shimplí gheoiméadracha;

1

(b)

Léiriú grafach;

2

2

(c)

Triantánacht.

2

MODÚL 2.   FISIC

MODÚL 2. FISIC

LEIBHÉAL

A

B3

B1

B2

B2L

2.1

Damhna

1

2

2.2

Meicnic

 

 

2.2.1

Stataic

1

2

2.2.2

Cinéitic

1

2

2.2.3

Dinimic

 

 

(a)

Mais, fórsa agus fuinneamh;

1

2

(b)

Móiminteam agus caomhnú an mhóimintim.

1

2

2.2.4

Dinimic na sreabhán

 

 

(a)

Domhantarraingt agus dlús;

2

2

(b)

Slaodacht; in-chomhbhrúiteacht ar shreabháin; brú statach, dinimiciúil, agus foriomlán.

1

2

2.3

Teirmidinimic

 

 

(a)

Teocht;

2

2

(b)

Teas.

1

2

2.4

Optaic (solas)

2

2.5

Tonnghluaiseacht agus fuaim

2

MODÚ 3.   PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA LEICTREACHA

MODÚL 3. PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA LEICTREACHA

LEIBHÉAL

A

B1

B2

B2L

B3

3.1

Teoiric Leictreoin

1

1

1

3.2

Leictreachas statach agus seoladh

1

2

1

3.3

Téarmeolaíocht leictreach

1

2

1

3.4

Giniúint leictreachais

1

1

1

3.5

Foinsí leictreachais SD

1

2

2

3.6

Ciorcaid SD

1

2

1

3.7

Friotaíocht/friotóir

 

 

 

(a)

Friotaíocht;

2

1

(b)

Friotóirí.

1

3.8

Cumhacht

2

1

3.9

Toilleas/toilleoir

2

1

3.10

Maighnéadas

 

 

 

(a)

Teoiric an mhaighnéadais;

2

1

(b)

Fórsa maighnéadghluaisneach.

2

1

3.11

Ionduchtas/ionduchtóir

2

1

3.12

Teoiric mótair/gineadóra SD

2

1

3.13

Teoiric SA

1

2

1

3.14

Ciorcaid shainfhriotaíocha (R), thoilleasacha (C) agus ionduchtacha (L)

2

1

3.15

Claochladáin

2

1

3.16

Scagairí

1

3.17

Gineadóirí SA

2

1

3.18

Mótair SA

2

1

MODÚL 4.   PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA NA LEICTREONAICE

MODÚL 4. PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA NA LEICTREONAICE

LEIBHÉAL

A

B1

B3

B2

B2L

4.1

Leathsheoltóirí

 

 

 

4.1.1

Dé-óidí

 

 

 

(a)

Tuairisc agus saintréithe;

2

2

(b)

Oibriú agus feidhm.

2

4.1.2

Trasraitheoirí

 

 

 

(a)

Tuairisc agus saintréithe;

1

2

(b)

Tógáil agus oibriú.

2

4.1.3

Ciorcaid iomlánaithe

 

 

 

(a)

Tuairisc bhunúsach agus oibriú;

1

2

(b)

Tuairisc agus oibriú.

2

4.2

Cláir ciorcad priontáilte

1

2

4.3

Seirbhimheicníochtaí

 

 

 

(a)

Prionsabail;

1

2

(b)

Tógáil, oibriú, agus úsáid.

2

MODÚL 5.   TEICNÍCÍ DIGITEACHA/CÓRAIS IONSTRAIME LEICTREONACHA

MODÚL 5. TEICNÍCÍ DIGITEACHA/CÓRAIS IONSTRAIME LEICTREONACHA

LEIBHÉAL

A

B3

B1

B2

B2L

5.1

Córais ionstraime leictreonacha

1

1

1

1

5.2

Córais uimhrithe

1

2

5.3

Tiontú sonraí

1

2

5.4

Busanna sonraí

2

2

5.5

Ciorcaid loighce

 

 

 

 

(a)

Sainaithint agus iarratais;

2

2

(b)

Léirmhíniú léaráidí loighce.

2

5.6

Struchtúr ríomhaireachta bunúsach

 

 

 

 

(a)

Téarmaíocht agus teicneolaíocht ríomhaireachta;

1

1

2

2

(b)

Oibriú ríomhaire.

2

5.7

Micreaphróiseálaithe

2

5.8

Ciorcaid iomlánaithe

2

5.9

Ilphléacsú

2

5.10

Snáthoptaic

1

2

5.11

Taispeáintí leictreonacha

1

1

2

2

5.12

Feistí íogaire leictreastatacha

1

1

2

2

5.13

Rialú bainistíochta bogearraí

1

2

2

5.14

Comhshaol leictreamaighnéadach

1

2

2

5.15

Córais aerárthaí leictreonacha/digiteacha tipiciúla

1

1

1

1

MODÚL 6.   ÁBHAIR AGUS CRUA-EARRAÍ

MODÚL 6. ÁBHAIR AGUS CRUA-EARRAÍ

LEIBHÉAL

A

B1

B3

B2

B2L

6.1

Ábhair aerárthaí — feiriúil

 

 

 

(a)

Cruacha cóimhiotail a úsáidtear in aerárthaí;

1

2

1

(b)

Ábhair fheiriúla a thástáil;

1

1

(c)

Nósanna imeachta deisiúcháin agus cigireachta.

2

1

6.2

Ábhair aerárthaí — neamhfheiriúil

 

 

 

(a)

Saintréithe;

1

2

1

(b)

Ábhair neamhfheiriúla a thástáil;

1

1

(c)

Nósanna imeachta deisiúcháin agus cigireachta.

2

1

6.3

Ábhair aerárthaí — Ilchodach agus neamh-mhiotalacha

 

 

 

6.3.1

Ilchodach agus neamh-mhiotalach seachas adhmad agus fabraic

 

 

 

(a)

Saintréithe;

1

2

2

(b)

Fabhtanna a bhrath;

1

2

(c)

Nósanna imeachta deisiúcháin agus cigireachta.

2

1

6.3.2

Struchtúir adhmaid

1

1

6.3.3

Cumhdach fabraice

1

6.4

Creimeadh

 

 

 

(a)

Prionsabail bhunúsacha cheimiceacha;

1

1

1

(b)

Cineálacha creimthe.

2

3

2

6.5

Ceanglóirí

 

 

 

6.5.1

Snáitheanna scriú

2

2

2

6.5.2

Boltaí, stodaí, agus scriúnna

2

2

2

6.5.3

Feistí glasála

2

2

2

6.5.4

Seamanna aerárthaí

1

2

1

6.6

Píobáin agus aontáin

 

 

 

(a)

Aitheantas;

2

2

2

(b)

Aontáin chaighdeánacha.

2

2

1

6.7

Spriongaí

2

1

6.8

Imthacaí

1

2

2

6.9

Tras-seoladh

1

2

2

6.10

Cáblaí rialaithe

1

2

1

6.11

Cáblaí leictreacha agus nascóirí

1

2

2

MODÚL 7.   CLEACHTAIS CHOTHABHÁLA

MODÚL 7. CLEACHTAIS CHOTHABHÁLA

LEIBHÉAL

A

B1

B3

B2

B2L

7.1

Réamhchúraimí sábháilteachta — aerárthaí agus ceardlann

3

3

3

7.2

Cleachtais cheardlainne

3

3

3

7.3

Uirlisí

3

3

3

7.4

(Forchoimeádta)

7.5

Líníochtaí, léaráidí agus caighdeáin innealtóireachta

1

2

2

7.6

Oiriúintí agus glanspásanna

1

2

1

7.7

Córas idirnaisc sreangaithe leictreach (EWIS)

1

3

3

7.8

Seamú

1

2

7.9

Píobáin agus osáin

1

2

7.10

Spriongaí

1

2

7.11

Imthacaí

1

2

7.12

Tras-seoladh

1

2

7.13

Cáblaí rialaithe

1

2

7.14

Láimhseáil ábhair

 

 

 

7.14.1

Miotal leatháin

2

7.14.2

Ilchodach agus neamh-mhiotalach

2

7.14.3

Déantúsaíocht bhreisithe

1

1

1

7.15

(Forchoimeádta)

7.16

Meáchan agus cothromaíocht aerárthaí

 

 

 

(a)

Ríomh meáchanláir;

2

2

(b)

Meá aerárthaí.

2

7.17

Láimhseáil agus stóráil aerárthaí

2

2

2

7.18

Teicnící díchóimeála, cigireachta, deisiúcháin agus cóimeála

 

 

 

(a)

Cineálacha fabhtanna agus teicnící amharc-chigireachta;

2

3

3

(b)

Modhanna deisiúcháin ghinearálta — lámhleabhar deisiúcháin struchtúraigh;

2

(c)

Teicnící cigireachta neamhscriosacha;

2

1

(d)

Teicnící díchóimeála agus athchóimeála;

2

2

2

(e)

Teicnící fabhtcheartaithe.

2

2

7.19

Teagmhais neamhghnácha

 

 

 

(a)

Cigireachtaí tar éis buillí tintrí agus nochtadh do réimse radaithe ard-déine;

2

2

2

(b)

Cigireachtaí tar éis teagmhais neamhghnácha amhail tuirlingtí troma agus eitilt trí shuaiteacht.

2

2

7.20

Nósanna imeachta cothabhála

1

2

2

7.21

Doiciméadacht agus cumarsáid

1

2

2

MODÚL 8.   AERAIDINIMIC BHUNÚSACH

MODÚL 8. AERAIDINIMIC BHUNÚSACH

LEIBHÉAL

A

B3

B1

B2

B2L

8.1

Fisic an atmaisféir

1

2

An tAtmaisféar Caighdeánach Idirnáisiúnta (ISA), cur i bhfeidhm ar aeraidinimic

8.2

Aeraidinimic

1

2

8.3

Teoiric na heitilte

1

2

8.4

Aershreabh ardluais

1

2

8.5

Cobhsaíocht eitilte agus dinimic

1

2

MODÚL 9.   TOSCA DAONNA

MODÚL 9. TOSCA DAONNA

LEIBHÉAL

GACH

9.1

Ginearálta

2

9.2

Feidhmíocht an duine agus teorainneacha

2

9.3

Síceolaíocht shóisialta

1

9.4

Tosca a dhéanann difear d’fheidhmíocht

2

9.5

Comhshaol fisiceach

1

9.6

Cúraimí

1

9.7

Cumarsáid

2

9.8

Earráid dhaonna

2

9.9

Bainistíocht sábháilteachta

2

9.10

An ‘Dosaen Salach’ agus maolú riosca

2

MODÚL 10.   REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

MODÚL 10. REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

LEIBHÉAL

A

B1

B2

B2L

B3

10.1

Creat rialála

1

1

10.2

Pearsanra deimhniúcháin — cothabháil

2

2

10.3

Eagraíochtaí cothabhála formheasta

2

2

10.4

Foireann deimhniúcháin neamhspleách

-

3

10.5

Oibríochtaí aeir

1

1

10.6

Deimhniú aerárthaí, páirteanna, agus fearas

2

2

10.7

Aeracmhainneacht leanúnach

2

2

10.8

Prionsabail formhaoirseachta maidir le haeracmhainneacht leanúnach

1

1

10.9

Cothabháil agus deimhniú lasmuigh de rialacháin an Aontais atá ann faoi láthair (mura nglacann an tAontas Eorpach ionad na rialachán sin ceanglais)

-

1

10.10

Cibearshlándáil i gcothabháil eitlíochta

1

1

MODÚL 11.   AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS EITLEÁIN

MODÚL 11. AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS EITLEÁIN

LEIBHÉAL

A1

A2

B1.1

B1.2

B3

11.1

Teoiric na heitilte

 

 

 

 

 

(a)

Aeraidinimic eitleáin agus rialuithe eitilte;

1

1

2

2

1

(b)

Eitleán, feistí aeraidinimiciúla eile.

1

1

2

2

1

11.2

Struchtúir aerfhráma (ATA 51)

 

 

 

 

 

(a)

Coincheapa ginearálta;

2

2

2

2

2

(b)

Ceanglais aeracmhainneachta maidir le neart struchtúrach;

2

2

2

2

2

(c)

Modhanna tógála.

1

1

2

2

2

11.3

Struchtúir aerfhráma — eitleáin

 

 

 

 

 

11.3.1

Cabhail, doirse, fuinneoga ( ATA 52/53/56)

1

1

2

2

1

(a)

Prionsabail tógála;

(b)

Feistí tarraingthe aerbheirthe;

1

1

1

1

1

(c)

Doirse.

1

1

2

1

-

11.3.2

Sciatháin ( ATA 57)

1

1

2

2

1

11.3.3

Cobhsaitheoirí ( ATA 55)

1

1

2

2

1

11.3.4

Dromchlaí rialaithe eitilte ( ATA 55/57)

1

1

2

2

1

11.3.5

Naoisilí/piolóin ( ATA 54)

1

1

2

2

1

11.4

Aerchóiriú agus brúchóiriú cábáin ( ATA 21)

 

 

 

 

 

(a)

Brúchóiriú;

1

1

3

3

(b)

Soláthar aeir;

1

3

(c)

Aerchóiriú;

1

3

(d)

Feistí sábháilteachta agus rabhaidh;

1

1

3

3

(e)

Córas teasa agus aerála.

1

3

1

11.5

Ionstraimí/córais eitleonaice

 

 

 

 

 

11.5.1

Córais ionstraimí ( ATA 31)

1

1

2

2

2

11.5.2

Córais eitleonaice

1

1

1

1

1

Prionsabail bhunúsacha maidir le leagan amach an chórais agus oibriú na nithe a leanas:

Uatheitilt (ATA 22);

Cumarsáid (ATA 23);

Córais loingseoireachta (ATA 34).

11.6

Cumhacht leictreach ( ATA 24)

1

1

3

3

3

11.7

Trealamh agus troscáin (ATA 25)

 

 

 

 

 

(a)

Trealamh éigeandála;

2

2

2

2

2

(b)

Leagan amach an chábáin agus an lasta.

1

1

1

1

11.8

Cosaint dóiteáin (ATA 26)

 

 

 

 

 

(a)

Córas braite dóiteáin agus deataigh agus córais múchta dóiteáin;

1

1

1

1

(b)

Múchtóir dóiteáin inaistrithe.

1

1

1

1

1

11.9

Rialuithe eitilte (ATA 27)

1

1

3

3

2

(a)

Rialuithe eitilte príomhúla agus tánaisteacha;

(b)

Gníomhrú agus cosaint;

1

3

(c)

Oibriú córais;

1

3

(d)

Cothromú agus rigín.

1

1

3

3

2

11.10

Córais bhreosla (ATA 28, ATA 47)

1

1

3

3

1

(a)

Leagan amach na gcóras;

(b)

Láimhseáil breosla;

1

1

3

3

1

(c)

Tásc agus rabhaidh;

1

1

3

3

1

(d)

Córais speisialta;

1

3

(e)

Cothromú.

1

3

11.11

Cumhacht hiodrálach (ATA 29)

1

1

3

3

2

(a)

Tuairisc ar an gcóras;

(b)

Córas oibríochta (1);

1

1

3

3

2

(c)

Oibriú córais (2).

1

3

11.12

Cosaint oighir agus báistí (ATA 30)

1

1

3

3

1

(a)

Prionsabail;

(b)

Dí-oighriú;

1

1

3

3

1

(c)

Frith-oighriú;

1

3

(d)

Cuimilteoirí;

1

1

3

3

1

(e)

Córais éarthacha báistí

1

3

11.13

Fearas tuirlingthe (ATA 32)

2

2

3

3

2

(a)

Tuairisc;

(b)

Córas oibríochta;

2

2

3

3

2

(c)

Braiteacht idir aer agus talamh;

2

3

(d)

Cosaint eireabaill.

2

2

3

3

2

11.14

Soilse (ATA 33)

2

2

3

3

2

11.15

Ocsaigin (ATA 35)

1

1

3

3

2

11.16

Neomatach/folús (ATA 36)

 

 

 

 

 

(a)

Córais;

1

1

3

3

2

(b)

Caidéil.

1

1

3

3

2

11.17

Uisce/dramhaíl (ATA 38)

 

 

 

 

 

(a)

Córais;

2

2

3

3

2

(b)

Creimeadh.

2

2

3

3

2

11.18

Córais cothabhála ar bord (ATA 45)

1

2

11.19

Eitleonaic mhodúlach chomhtháite (ATA 42)

 

 

 

 

 

(a)

Tuairisc fhoriomlán ar an gcóras agus teoiric an chórais;

1

2

(b)

Leagan amach tipiciúil an chórais.

1

2

11.20

Córais chábáin (ATA 44)

1

2

11.21

Córais faisnéise (ATA 46)

1

2

MODÚL 12.   AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS HÉILEACAPTAIR

MODÚL 12. AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS HÉILEACAPTAIR

LEIBHÉAL

A3

A4

B1.3

B1.4

12.1

Teoiric na heitilte — aeraidinimic sciathán rothlach

1

2

12.2

Córais rialaithe eitilte (ATA 67)

2

3

12.3

Lanna a rianú agus anailís creathaidh (ATA 18)

1

3

12.4

Tras-seoladh

1

3

12.5

Struchtúir aerfhráma (ATA 51)

 

 

(a)

Coincheap ginearálta;

2

2

(b)

Modhanna tógála na bpríomheilimintí.

1

2

12.6

Aerchóiriú (ATA 21)

 

 

12.6.1

Soláthar aeir

1

2

12.6.2

Aerchóiriú

1

3

12.7

Ionstraimí/córais eitleonaice

 

 

12.7.1

Córais ionstraimí (ATA 31)

1

2

12.7.2

Córais eitleonaice

1

1

 

Prionsabail bhunúsacha maidir le leagan amach an chórais agus oibriú na nithe a leanas:

 

Uatheitilt (ATA 22);

 

Cumarsáid (ATA 23);

 

Córais loingseoireachta (ATA 34).

12.8

Cumhacht Leictreach (ATA 24)

1

3

12.9

Trealamh agus Troscán (ATA 25)

 

 

(a)

Trealamh éigeandála;

Suíocháin, úmacha agus criosanna;

Córais ardaithe;

2

2

(b)

Córais snámhachta éigeandála;

Leagan amach an chábáin, coinneáil lasta;

Leagan amach an trealaimh;

Suiteáil feistis cábáin.

1

1

12.10

Cosaint Dóiteáin (ATA 26)

1

3

(a)

Córais braite dóiteáin agus deataigh agus Córais múchta dóiteáin;

(b)

Múchtóirí dóiteáin inaistrithe.

1

1

12.11

Córais Bhreosla (ATA 28)

1

3

12.12

Cumhacht Hiodrálach (ATA 29)

1

3

12.13

Cosaint Oighir agus Báistí (ATA 30)

1

3

12.14

Fearas Tuirlingthe (ATA 32)

(a)

Tuairisc ar an gcóras agus oibriú an chórais;

2

3

(b)

Braiteoirí.

2

3

12.15

Soilse (ATA 33)

2

3

12.16

(Forchoimeádta)

2

3

12.17

Eitleonaic Mhodúlach Chomhtháite (ATA 42)

 

 

(a)

Tuairisc fhoriomlán ar an gcóras agus teoiric an chórais

1

2

(b)

Leagan amach tipiciúil an chórais

1

2

12.18

Córais Cothabhála ar Bord (ATA 45)

1

2

Ríomhairí cothabhála lárnaí;

Córas luchtaithe sonraí;

Córas leabharlainne leictreonach.

12.19

Córais Faisnéise (ATA 46)

1

2

MODÚL 13.   AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS AERÁRTHAÍ

C/N: Cumarsáid agus Loingseoireacht; Ins.: Ionstraimí; A/F: Uatheitilt; Sur.: Faireachas; A/S: Aerfhráma & Córais

MODÚL 13. AERAIDINIMIC, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS AERÁRTHAÍ

LEIBHÉAL

B2

B2L Bunús

B2L

C/N

B2L

Ins.

B2L

A/F

B2L

Sur.

B2L

A/S

13.1

Teoiric na hEitilte

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Aeraidinimic Eitleáin agus Rialuithe Eitilte;

1

1

(b)

Aeraidinimic Sciathán Rothlach.

1

1

13.2

Struchtúir — Coincheapa Ginearálta (ATA 51)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Coincheap ginearálta;

2

2

(b)

Prionsabail bhunúsacha na gcóras struchtúrach;

1

1

13.3

Uatheitilt (ATA 22)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Prionsabail bhunúsacha maidir le rialú eitilte uathoibríoch;

3

3

(b)

Córais uathscóige agus córais tuirlingthe uathoibríocha.

3

3

13.4

Cumarsáid/Loingseoireacht (ATA 23/34)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Prionsabail bhunúsacha maidir le córais chumarsáide agus loingseoireachta;

3

3

(b)

Prionsabail bhunúsacha maidir le córais faireachais aerárthaí.

3

3

13.5

Cumhacht leictreach (ATA 24)

3

3

13.6

Trealamh agus troscáin (ATA 25)

3

13.7

Rialuithe eitilte

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Rialuithe eitilte príomhúla agus tánaisteacha (ATA 27);

2

2

(b)

Gníomhrú agus cosaint;

2

2

(c)

Oibriú córais;

3

3

(d)

Rialuithe eitilte rótarárthaí (ATA 67).

2

2

13.8

Ionstraimí (ATA 31)

3

3

13.9

Soilse (ATA 33)

3

3

13.10

Córais cothabhála ar bord (ATA 45)

3

13.11

Aerchóiriú agus brúchóiriú cábáin (ATA 21)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Brúchóiriú;

3

3

(b)

Soláthar aeir;

1

1

(c)

Aerchóiriú;

3

3

(d)

Feistí sábháilteachta agus rabhaidh.

3

3

13.12

Cosaint dóiteáin (ATA 26)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Córas braite dóiteáin agus deataigh agus córais múchta dóiteáin;

3

3

(b)

Múchtóir dóiteáin inaistrithe.

1

1

13.13

Córais bhreosla (ATA 28, ATA 47)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Leagan amach an chórais;

1

1

(b)

Láimhseáil breosla;

2

2

(c)

Tásca agus rabhaidh;

3

3

(d)

Córais speisialta;

1

1

(e)

Cothromú.

3

3

13.14

Cumhacht hiodrálach (ATA 29)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Leagan amach an chórais;

1

1

(b)

Oibriú an chórais (1);

3

3

(c)

Oibriú an chórais (2).

3

3

13.15

Cosaint Oighir agus Báistí (ATA 30)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Prionsabail;

2

2

(b)

Dí-oighriú;

3

3

(c)

Frith-oighriú;

2

2

(d)

Córais chuimilteora;

1

1

(e)

Éarthach báistí.

1

1

13.16

Fearas tuirlingthe (ATA 32)

 

 

 

 

 

 

 

(a)

Tuairisc;

1

1

(b)

Córas;

3

3

(c)

Braiteacht idir aer agus talamh.

3

3

13.17

Ocsaigin (ATA 35)

3

-

3

13.18

Neomatach/folús (ATA 36)

2

 

2

13.19

Uisce/Dramhaíl (ATA 38)

2

-

2

13.20

Eitleonaic Mhodúlach Chomhtháite (ATA 42)

 

 

(a)

Tuairisc fhoriomlán ar an gcóras agus teoiric an chórais;

3

-

(b)

Leagan amach tipiciúil an chórais.

3

-

13.21

Córais chábáin (ATA 44)

3

-

13.22

Córais faisnéise (ATA 46)

3

-

MODÚL 14.   TIOMÁINT

MODÚL 14. TIOMÁINT

LEIBHÉAL

B2

B2L Ionstraimí

B2L Córais & Aerfhráma

14.1

Innill

 

(a)

Innill tuirbín;

1

(b)

Aonaid chumhachta chúnta;

1

(c)

Innill loine;

1

(d)

Innill leictreacha agus hibrideacha;

2

(e)

Rialú innill.

2

14.2

Córais táisc le haghaidh innill leictreacha/leictreonacha

2

14.3

Córais liáin

2

14.4

Córais tosaithe agus adhainte

2

MODÚL 15.   INNEALL GÁSTUIRBÍN

MODÚL 15. INNEALL GÁSTUIRBÍN

LEIBHÉAL

A1

A3

B1.1

B1.3

15.1

Prionsabail bhunúsacha

1

2

15.2

Feidhmíocht an innill

2

15.3

Ionraon

2

2

15.4

Comhbhrúiteoirí

1

2

15.5

Roinn dócháin

1

2

15.6

Roinn tuirbín

2

2

15.7

Sceitheadh

1

2

15.8

Imthacaí agus séalaí

2

15.9

Bealaí agus breoslaí

1

2

15.10

Córais bhealaithe

1

2

15.11

Córais bhreosla

1

2

15.12

Córais aeir

1

2

15.13

Córais tosaithe agus adhainte

1

2

15.14

Córais táisc le haghaidh inneall

1

2

15.15

Struchtúir tuirbín mhalartacha

1

15.16

Innill turba-liáin

1

2

15.17

Innill turba-sheafta

1

2

15.18

Aonaid cumhachta cúnta

1

2

15.19

Suiteáil córais tiomána

1

2

15.20

Córais cosanta dóiteáin

1

2

15.21

Faireachán innill agus oibríocht talún

1

3

15.22

Stóráil agus caomhnú innill

2

MODÚL 16.   INNEALL LOINE

MODÚL 16. INNEALL LOINE

LEIBHÉAL

A2

A4

B1.2

B1.4

B3

16.1

Prionsabail bhunúsacha

1

2

16.2

Feidhmíocht innill

1

2

16.3

Tógáil innill

1

2

16.4

Córais bhreosla innill

 

 

16.4.1

Carbradóirí

1

2

16.4.2

Córais insteallta breosla

1

2

16.4.3

Rialú leictreonach innill

1

2

16.5

Córais tosaithe agus adhainte

1

2

16.6

Córais ionduchtaithe, sceite agus fuaraithe

1

2

16.7

sárluchtú/turbaluchtú

1

2

16.8

Bealaí agus breoslaí

1

2

16.9

Córais bhealaithe

1

2

16.10

Córais táisc le haghaidh inneall

1

2

16.11

Suiteáil córais tiomána

1

2

16.12

Faireachán innill agus oibríocht talún

1

3

16.13

Stóráil agus caomhnú innill

2

16.14

Struchtúir tuirbín mhalartacha

1

1

MODÚL 17.   LIÁN

MODÚL 17. LIÁN

LEIBHÉAL

A1

A2

B1.1

B1.2

B3

17.1

Prionsabail bhunúsacha

1

2

17.2

Tógáil liáin

1

2

17.3

Rialú céime liáin

1

2

17.4

Sioncronú liáin

2

17.5

Cosaint oighir liáin

1

2

17.6

Cothabháil liáin

1

3

17.7

Stóráil agus caomhnú liáin

1

2‘

(b)

cuirtear an pointe 3 a leanas leis:

‘3.

Modhanna oiliúna bunúsacha

Cinnfear modh oiliúna iomchuí, nó meascán modhanna, don chúrsa iomlán nó do gach ceann dá mhodúil nó dá fhomhodúil, maidir le raon feidhme agus cuspóirí gach céime oiliúna agus na tairbhí agus na teorainneacha a bhaineann leis na modhanna oiliúna atá ar fáil á gcur san áireamh.

Féadfar modhanna oiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT) a úsáid chun na cuspóirí oiliúna a bhaint amach i gcomhshaol atá rialaithe go fisiceach nó i gcomhshaol atá rialaithe go fíorúil.’;

(20)

Leasaítear Foscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4:

‘1.4.

Dréachtófar agus déanfar meastóireacht ar cheisteanna aiste oiriúnacha trí úsáid a bhaint as an siollabas eolais i bhFoscríbhinn I Modúl 7.’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí 1.11, 1.12 agus 1.13:

‘1.11

Ní fhéadfar scrúdú i modúl a atógáil tráth is luaithe ná 90 lá tar éis an dáta a ndearnadh scrúdú teipthe ar an modúl sin, ach amháin i gcás eagraíocht oiliúna chothabhála arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) a sholáthraíonn cúrsa athoiliúna atá saincheaptha do na hábhair theipthe sa mhodúl áirithe; is féidir an modúl teipthe a atógáil tar éis 30 lá.

1.12.

Féadfar scrúduithe bunúsacha eolais a bhfuil uastréimhse ceadaithe níos mó ná 90 nóiméad nó níos mó ná 180 nóiméad acu a roinnt ina dhá scrúdú nó ina dtrí scrúdú pháirteacha faoi seach.

Maidir le gach scrúdú páirteach:

(a)

beidh sé comhlántach leis an scrúdú páirteach nó leis na scrúduithe eile a dhéanann an t-iarrthóir, ag cinntiú go gcomhlíonann an teaglaim de scrúduithe páirteacha na ceanglais scrúdaithe don mhodúl ábhair;

(b)

beidh siad cosúil le chéile maidir le ham ceadaithe;

(c)

gheofar pas agus freagra ceart tugtha ar 75 % nó níos mó de na ceisteanna;

(d)

beidh roinnt ceisteanna ann ar iolraí ar cheathair iad;

(e)

beidh siad liostaithe ar an deimhniú aitheantais céanna arna eisiúint tar éis pas a fháil sa scrúdú páirteach deireanach. Liostófar sa deimhniú aitheantais sin dátaí agus torthaí na scrúduithe páirteacha — gan meán an dtorthaí a fháil;

(f)

déanfar iad laistigh den eagraíocht chéanna, agus na gnáthfhorálacha scrúdaithe a leanúint maidir le scrúduithe teipthe a athdhéanamh.

1.13.

Is é trí cinn i dtréimhse 12 mhí an t-uaslíon iarrachtaí le haghaidh gach scrúdú.

Soláthróidh an t-iarratasóir ráiteas i scríbhinn don eagraíocht fhormheasta um oiliúint chothabhála nó don údarás inniúil a ndéanann siad iarratas ar scrúdú ina leith, ina bhfuil líon agus dátaí na n-iarrachtaí le linn an 12 mhí roimh an scrúdú, agus an eagraíocht nó an t-údarás inniúil inar tharla na hiarrachtaí sin. Tá an eagraíocht fhormheasta um oiliúint chothabhála nó an t-údarás inniúil freagrach as líon na n-iarrachtaí a sheiceáil laistigh de na tráthchláir is infheidhme.’;

(c)

cuirtear leis an pointe 1.14 a leanas:

‘1.14

Cé go nglactar leis go bhféadfadh ábhar na gceisteanna a bheith mar an gcéanna, ní úsáidfear na ceisteanna a úsáidtear mar chuid de chlár foghlama MBT i scrúduithe.’;

(d)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Líon na gceisteanna in aghaidh an mhodúil

2.1.

MODÚL 1 — MATAMAITIC

Catagóir A: 16 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 20 nóiméad.

Catagóir B1, B2, B2L agus B3: 32 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad.

2.2.

MODÚL 2 — FISIC

Catagóir A agus B3: 32 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad.

Catagóir B1, B2 agus B2L: 52 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 65 nóiméad.

2.3.

MODÚL 3 — PRIONSABAIL BHUNÚSACHA LEICTREACHA

Catagóir A: 20 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad.

Catagóir B3: 24 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 30 nóiméad.

Catagóir B1, B2 agus B2L: 52 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 65 nóiméad.

2.4.

MODÚL 4 —PRIONASABAIL BHÚNÚSACHA LEICTREONAICE

Catagóir B1 agus B3: 20 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad.

Catagóir B2 agus B2L: 40 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 50 nóiméad.

2.5.

MODÚL 5 — TEICNÍCÍ DIGITEACHA/CÓRAIS LEICTREONACHA IONSTRAIME

Catagóir A agus B3: 20 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad.

Catagóir B1: 40 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 50 nóiméad.

Catagóir B2 agus B2L: 72 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 90 nóiméad.

2.6.

MODÚL 6 — ÁBHAIR AGUS CRUA-EARRAÍ

Catagóir A: 52 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 65 nóiméad.

Catagóir B1 agus B3: 80 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 100 nóiméad.

Catagóir B2 agus B2L: 60 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 75 nóiméad.

2.7.

MODÚL 7 — CLEACHTAIS CHOTHABHÁLA

Catagóir A: 76 cheist ilroghnacha agus 2 cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 95 nóiméad móide 40 nóiméad.

Catagóir B1 agus B3: 80 ceist ilroghnach agus 2 cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 100 nóiméad móide 40 nóiméad.

Catagóir B2 agus B2L: 60 ceist ilroghnach agus 2 cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 75 nóiméad móide 40 nóiméad.

2.8.

MODÚL 8 — AERAIDINIMIC BHUNÚSACH

Catagóir A, B3, B1, B2 agus B2L: 24 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 30 nóiméad.

2.9.

MODÚL 9 — TOSCA DAONNA

Catagóir A, B1, B3, B2 agus B2L: 28 gceist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 35 nóiméad.

2.10.

MODÚL 10 — REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

Catagóir A: 32 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad.

Catagóirí B1, B3, B2 agus B2L: 44 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 55 nóiméad.

2.11.

MODÚL 11 AERAIDINIMIC EITLEÁIN, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS

Catagóir A1: 108 gceist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 135 nóiméad.

Catagóir A2: 72 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 90 nóiméad.

Catagóir B1.1: 140 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 175 nóiméad.

Catagóir B1.2: 100 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 125 nóiméad.

Catagóir B3: 60 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 75 nóiméad.

2.12.

MODÚL 12 — AERAIDINIMIC HÉILEACAPTAIR, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS:

Catagóir A: 100 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 125 nóiméad.

Catagóir B1.3 agus B1.4: 128 gceist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 160 nóiméad.

2.13.

MODÚL 13 — AERAIDINIMIC AERÁRTHAÍ, STRUCHTÚIR AGUS CÓRAIS

Catagóir B2: 188 gceist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 235 nóiméad.

Catagóir B2L:

Rátáil an chórais

Líon na gceisteanna ilroghnacha

An t-am a cheadaítear (i nóiméid)

Buncheanglais

(Fomhodúil 13.1, 13.2, 13.5 agus 13.9)

32

40

COM/NAV

(Fomhodúl 13.4(a))

24

30

IONSTRAIMÍ

(Fomhodúl 13.8)

20

25

UATHEITILT

(Fomhodúil 13.3 agus 13.7)

28

35

FAIREACHAS

(Fomhodúl 13.4(b))

20

25

CÓRAIS AERFHRÁMA

(Fomhodúil 13.11 go 13.19)

52

65

2.14.

MODÚL 14 — TIOMÁINT

Catagóir B2 agus B2L: 32 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad.

NÓTA: Níl an scrúdú B2L do Mhodúl 14 infheidhme ach amháin maidir leis na rátálacha “Ionstraimí” agus “Córais Aerfhráma”.

2.15.

MODÚL 15 — INNEALL GÁSTUIRBÍN

Catagóir A1 agus A3: 60 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 75 nóiméad.

Catagóir B1.1 agus B1.3: 92 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 115 nóiméad.

2.16.

MODÚL 16 — INNEALL LOINE

Catagóir A2 agus A4: 52 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 65 nóiméad.

Catagóirí B3, B1.2 agus B1.4: 76 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 95 nóiméad.

2.17.

MODÚL 17 — LIÁN

Catagóir A1 agus A2: 20 ceist ilroghnach, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad.

Catagóir B3, B1.1 agus B1.2: 32 cheist ilroghnacha, gan aon cheist aiste.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad.’;

(21)

Leasaítear Foscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Foscríbhinn III oiliúint i leith cineáil aerárthaigh agus caighdeán meastóireachta cineáil — oiliúint ar an láthair oibre (OJT)’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1.(a)(ii):

‘(ii)

Comhlíonfaidh sé an caighdeán a leagtar amach i bpointe 3.1 den Fhoscríbhinn seo agus, más ann dóibh, na heilimintí a shainítear i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a leagtar síos i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.’;

(c)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1.(b)(ii):

‘(ii)

Comhlíonfaidh sé an caighdeán a leagtar amach i bpointe 3.2 den Fhoscríbhinn seo agus, más ann dóibh, na heilimintí a shainítear i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a leagtar síos i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.’;

(d)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1.(b)(iv):

‘(iv)

Áireofar taispeántais ina n-úsáidfear trealamh, comhpháirteanna, feistí oiliúna ionsamhlaithe cothabhála (MSTDanna), feistí oiliúna cothabhála (MTDanna), nó fíor-aerárthaí.’;

(e)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1.(c)(i):

‘(i)

Is ionann oiliúint difríochtaí agus an oiliúint a theastaíonn chun na difríochtaí oiliúna idir na nithe a leanas a chumhdach:

(a)

dhá rátáil éagsúla cineáil aerárthaigh ón monaróir céanna mar a chinnfidh an Ghníomhaireacht; nó

(b)

dhá chatagóir ceadúnais éagsúla i leith an rátáil cineáil aerárthaigh chéanna.’;

(f)

cuirtear leis an pointe 1.(c)(iv) a leanas:

‘(iv)

cuirfear tús leis an oiliúint ar dhifríochtaí agus cuirfear i gcrích í laistigh de 3 bliana roimh an iarratas ar rátáil cineáil nua sa chatagóir chéanna (cás (a)) nó i gcatagóir eile (cás (b)).’;

(g)

i bpointe 3, cuirtear na míreanna a leanas isteach i ndiaidh na chéad mhíre:

‘Cinnfear modh oiliúna iomchuí, nó teaglaim de mhodhanna oiliúna, don chúrsa iomlán nó do gach cuid dá mhodúil maidir le raon feidhme agus cuspóirí gach céime oiliúna agus cuirfear san áireamh tairbhí agus teorainneacha na modhanna oiliúna atá ar fáil.

Féadfar modhanna oiliúna ilmheán-bhunaithe (MBT) a úsáid chun na cuspóirí oiliúna a bhaint amach i gcomhshaol atá rialaithe go fisiceach nó i gcomhshaol atá rialaithe go fíorúil.’;

(h)

i bpointe 3.1., cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Cuspóir:

Ar chúrsa oiliúna teoiriciúil a bheith críochnaithe aige, beidh an mac léinn in ann a léiriú, de réir na leibhéal a shainaithnítear i siollabas Fhoscríbhinn III, an t-eolas teoiriciúil mionsonraithe ar chórais is infheidhme, struchtúr, oibríochtaí, cothabháil, deisiú agus fabhtcheartú an aerárthaigh i gcomhréir le sonraí cothabhála. Beidh an mac léinn in ann úsáid lámhleabhar agus nósanna imeachta formheasta a léiriú, lena n-áirítear eolas ar chigireachtaí agus ar theorainneacha ábhartha.’;

(i)

i bpointe 3.1.(d), cuirtear an méid a leanas in ionad an ceathrú mír:

‘Ina theannta sin, ní mór don chúrsa tuairisc agus údar cuí a thabhairt maidir leis an méid a leanas:

An t-íosfhreastal fisiceach agus/nó fíorúil sa seomra ranga a cheanglaítear ar an oiliúnaí, chun cuspóirí an chúrsa a bhaint amach.

An líon uasta uaireanta an chloig d’oiliúint fhisiceach agus/nó fhíorúil sa seomra ranga in aghaidh an lae, agus prionsabail oideolaíocha agus tosca daonna á gcur san áireamh.’;

(j)

leasaítear pointe 3.1.(e) mar a leanas:

(i)

cuirtear an mhír a leanas isteach i ndiaidh an dara mír:

‘Más ann dó, áireofar an siollabas íosta maidir le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.’;

(ii)

leasaítear an tábla mar a leanas:

ar leibhéal “Struchtúir aerfhráma”, scriostar an chaibidil “27A Dromchlaí Rialaithe Eitilte (Uile)”;

ar leibhéal “Córais aerfhráma”, cuirtear isteach caibidil 47 mar a leanas i ndiaidh chaibidil 46:

‘47

Córas giniúna nítrigine

3

1

3

1

2‘

ar leibhéal “Córais aerfhráma”, cuirtear an chaibidil a leanas “55/57 Dromchlaí rialaithe eitilte (Uile)” isteach i ndiaidh chaibidil 50:

‘55/57 Dromchlaí rialaithe eitilte (Uile)

3

1

3

1

1‘

(k)

scriostar pointe 3.1.(f);

(l)

leasaítear pointe 3.2.(b) mar a leanas:

(i)

cuirtear an mhír a leanas isteach idir an tríú mír agus an ceathrú mír:

“Más ann dó, beidh an t-íosliosta de chúraimí praiticiúla maidir le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, arna leagan síos i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ina chuid de na heilimintí praiticiúla atá le roghnú.”;

(ii)

leasaítear an tábla mar a leanas:

ar leibhéal “Struchtúir aerfhráma”, scriostar an chaibidil “27A Dromchlaí Rialaithe Eitilte”;

ar leibhéal “Córais aerfhráma”, cuirtear isteach caibidil 47 mar a leanas i ndiaidh chaibidil 46:

‘47

Córas giniúna nítrigine

X/X

X

X

X

X

X

X

X‘

ar leibhéal “Córais aerfhráma”, cuirtear isteach caibidil “55/57 Dromchlaí rialaithe eitilte” mar a leanas i ndiaidh chaibidil 50:

‘55/57 Dromchlaí rialaithe eitilte

X/—

X

—‘

(m)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 4.1.(f):

‘(f)

Aon cheist amháin ar a laghad in aghaidh na huaire an chloig oiliúna a bheidh i líon na gceisteanna. Beidh líon na gceisteanna do gach caibidil agus do gach leibhéal comhréireach leis an méid a leanas:

na huaireanta oiliúna éifeachtacha a chaitear ar theagasc maidir leis an gcaibidil sin agus ar an leibhéal sin; nó

i gcás modhanna atá dírithe ar an mac léinn, an meán-am a mheastar a bheidh ann chun an oiliúint a chur i gcrích; agus

na cuspóirí foghlama mar a thugtar leis an anailís ar riachtanais oiliúna.

Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar líon agus leibhéal na gceisteanna agus an cúrsa á fhormheas.’;

(n)

cuirtear leis an pointe 4.1.(j) a leanas:

‘(j)

Cé go nglactar leis go bhféadfadh ábhar na gceisteanna a bheith mar an gcéanna, ní úsáidfear na ceisteanna a úsáidtear mar chuid den chlár foghlama MBT i scrúduithe cúrsa nó i scrúduithe céime.’;

(o)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5.

Caighdeán meastóireachta cineáil d’aerárthaí Ghrúpa 2 agus Ghrúpa 3

Déanfaidh eagraíochtaí oiliúna arna bhformheas go hiomchuí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) nó an t-údarás inniúil meastóireacht cineáil maidir le haerárthaí Ghrúpa 2 nó Ghrúpa 3.

Is éard a bheidh sa mheastóireacht ná measúnú praiticiúil agus scrúdú béil agus comhlíonfaidh sí na ceanglais a leanas:

(a)

Cinnfear leis an measúnú praiticiúil inniúlacht an iarrthóra cúraimí cothabhála is infheidhme maidir leis an gcineál áirithe aerárthaigh a dhéanamh.

(b)

Déanfar an scrúdú béil ar shampla de chaibidlí ó phointe 3. “Caighdeán oiliúna i leith cineáil aerárthaigh”, ar an leibhéal atá sonraithe i bpointe 3.1.(e).

(c)

Áiritheoidh scrúduithe béil agus measúnuithe praiticiúla araon go gcomhlíonfar na cuspóirí a leanas:

1.

an cineál aerárthaigh agus a chórais a phlé mar is ceart le muinín;

2.

a áirithiú go ndéantar cothabháil, cigireacht agus gnáthobair go sábháilte de réir an lámhleabhair cothabhála agus de réir treoracha agus cúraimí ábhartha eile de réir mar is iomchuí don chineál aerárthaigh, mar shampla fabhtcheartú, deisiúcháin, coigeartuithe, athsholáthar, rigín agus seiceálacha feidhmiúla amhail feidhmiú an innill, etc., más gá;.

3.

an litríocht theicniúil agus an doiciméadacht theicniúil uile a úsáid i gceart le haghaidh an aerárthaigh;

4.

úsáid cheart a bhaint as sainuirlisí/uirlisí speisialta agus as trealamh tástála, comhpháirteanna agus modúil atá uathúil ó thaobh cineáil de a bhaint agus a athsholáthar, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht chothabhála ar an sciathán.

(d)

Tá feidhm ag na coinníollacha a leanas maidir leis an meastóireacht cineáil:

1.

Is é trí cinn i dtréimhse 12 mhí an t-uaslíon iarrachtaí le haghaidh gach scrúdú. Tá gá le tréimhse feithimh 30 lá tar éis gur theip ar an gcéad iarracht laistigh de shraith amháin, agus tá gá le tréimhse feithimh 60 lá tar éis gur theip ar an dara hiarracht.

Dearbhóidh an t-iarratasóir i scríbhinn don eagraíocht oiliúna cothabhála nó don údarás inniúil a ndéanann siad iarratas ar scrúdú ina leith, líon agus dátaí na n-iarrachtaí le linn na tréimhse 12 mhí dheireanacha agus an eagraíocht oiliúna cothabhála nó an t-údarás inniúil ina ndearnadh na hiarrachtaí sin. Tá an eagraíocht oiliúna cothabhála nó an t-údarás inniúil freagrach as líon na n-iarrachtaí a sheiceáil laistigh de na tráthchláir is infheidhme.

2.

Rithfear an mheastóireacht cineáil, agus críochnófar an taithí phraiticiúil is gá laistigh de na 3 bliana roimh an iarratas ar fhormhuiniú rátála ar an gceadúnas cothabhála aerárthaí.

3.

Déanfar meastóireacht cineáil le scrúdaitheoir amháin ar a laghad i láthair. Ní bheidh baint ag an scrúdaitheoir/na scrúdaitheoirí le hoiliúint an iarratasóra.

(e)

Déanfaidh an scrúdaitheoir/na scrúdaitheoirí tuarascáil scríofa agus sínithe a ullmhú le cur ar fáil don iarrthóir chun míniú a thabhairt ar an bhfáth ar éirigh leis nó ar theip air.

6.

Oiliúint ar an láthair oibre (OJT)

6.1

Ginearálta

Is é OJT an oiliúint a chuirtear ar an iarratasóir ar chineál aerárthaigh ar leith i bhfíorionad oibre, rud a d’fhéadfadh dea-chleachtais chothabhála agus nósanna imeachta cearta maidir le scaoileadh chun seirbhíse a fhoghlaim. Comhlíonfaidh OJT na ceanglais a leanas:

(a)

Glacfaidh an t-údarás inniúil a d’eisigh an ceadúnas cothabhála le liosta na gcúraimí agus leis an gclár OJT sula gcuirfear tús leis an oiliúint OJT.

(b)

Déanfar OJT ag ceann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí cothabhála arna bhformheas go hiomchuí i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir leis an gcineál aerárthaigh sin a chothabháil. Déanfaidh ceann de na heagraíochtaí sin rialú ar OJT.

(c)

Beidh ceadúnas de chatagóir A, B nó L5 ag an iarratasóir sula rachaidh sé nó sí faoi OJT nó beidh an oiliúint cineáil theoiriciúil críochnaithe aige nó aici agus 50 % ar a laghad den cheanglas maidir le taithí bhunúsach (pointe 66.A.30) déanta maidir leis an gcatagóir aerárthaí ar cuireadh oiliúint air nó uirthi ina leith.

(d)

Déanfaidh an t-iarratasóir OJT a thosú agus a chríochnú laistigh de 3 bliana roimh an iarratas ar an gcéad fhormhuiniú rátála cineáil. Déanfar 50 % ar a laghad de na cúraimí OJT tar éis an oiliúint ghaolmhar de chineál teoiriciúil d’aerárthaí a bheith críochnaithe.

(e)

Rachaidh an t-iarratasóir faoi OJT faoi mheantóireacht meantóra nó meantóirí cáilithe, ar bhonn maoirseachta duine le duine, ina bhfíoróidh na meantóirí an t-eolas teicniúil, na scileanna agus na freagrachtaí a bheidh ag foireann deimhniúcháin thipiciúil. Le linn OJT, cuireann na meantóirí eolas agus taithí ar aghaidh chuig an iarratasóir, agus cuireann siad an chomhairle, an tacaíocht agus an treoraíocht is gá ar fáil.

(f)

Síneoidh an t-iarratasóir gach cúram agus tagróidh sé do chárta poist/bhileog oibre iarbhír, etc. Déanfaidh na meantóirí na cúraimí a dhéantar le linn OJT a fhíorú agus a chomhshíniú, toisc go nglacfaidh siad freagracht as na cúraimí ar leibhéal na foirne tacaíochta nó ar leibhéal na foirne deimhniúcháin, de réir mar is infheidhme, ag brath ar an nós imeachta um scaoileadh chun seirbhíse.

(g)

Ar chur i gcrích sásúil chlár OJT, eiseoidh na meantóirí moladh don mheasúnú deiridh ar an iarratasóir a bheidh le déanamh ag measúnóirí ainmnithe.

6.2

Ábhar OJT agus logleabhar OJT

Áireofar san OJT sraith gníomhaíochtaí agus cúraimí atá ionadaíoch ar rátáil cineáil aerárthaigh, ar chórais agus ar chatagóir ceadúnais a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith agus féadfar níos mó ná catagóir ceadúnais amháin a chumhdach leis.

Déanfar OJT a dhoiciméadú i logleabhar OJT ina dtuairiscítear an méid a leanas:

(a)

ainm an iarratasóra;

(b)

dáta breithe an iarratasóra;

(c)

an eagraíocht/na heagraíochtaí cothabhála formheasta ina ndearnadh OJT;

(d)

rátáil aerárthaigh agus catagóirí ceadúnais a ndearnadh iarratas orthu;

(e)

liosta cúraimí, lena n-áirítear:

(i)

tuairisc ar an gcúram;

(ii)

tagairt do chárta poist/ordú oibre/loga teicneolaíochta aerárthaí, etc.;

(iii)

suíomh na gcúraimí a cuireadh i gcrích;

(iv)

dáta curtha i gcrích na gcúraimí;

(v)

clárúchán/clárúcháin aerárthaigh.

(f)

ainmneacha na meantóirí (lena n-áirítear uimhir an cheadúnais, más infheidhme);

(g)

moladh sínithe ó na meantóirí do mheasúnú deiridh comhleanúnach an iarratasóra.

6.3

Measúnú deiridh ar an iarratasóir

Ní fhéadfar measúnú deiridh an iarratasóra a dhéanamh go dtí go mbeidh logleabhar OJT comhlánaithe agus go mbeidh an moladh gaolmhar sínithe ag na meantóirí.

Tabharfaidh an measúnóir/na measúnóirí ainmnithe a mbeidh an measúnú deiridh á dhéanamh acu fógra don údarás ceadúnúcháin i bhfad roimh ré faoi dháta an mheasúnaithe ionas go bhféadfadh an t-údarás céanna a bheith rannpháirteach.

Is é is cuspóir don mheasúnú deiridh a fhíorú go bhfuil eolas teicniúil leordhóthanach ag an iarratasóir chomh maith leis na scileanna agus an dearcadh iomchuí agus go bhfuil sé nó sí inniúil ar a bheith ag obair go neamhspleách mar bhaill foirne deimhniúcháin cineáil rátaithe maidir le cineáil aerárthaigh áirithe.

Beidh íostréimhse de 1 lá oibre amháin maidir leis an measúnú deiridh.

(a)

Déanfaidh an measúnú na nithe a leanas a shampláil:

(1)

an t-eolas teicniúil ginearálta is gá le haghaidh na catagóire ceadúnais áirithe;

(2)

an t-eolas agus na scileanna a bhaineann go sonrach le haerárthaí le haghaidh na catagóire ceadúnais áirithe;

(3)

tuiscint ar na pribhléidí ceadúnais a bhaineann leis an aerárthach agus leis an gcatagóir ceadúnais;

(4)

iompar iomchuí agus dearcadh sábháilteachta an iarratasóra i ndáil leis an gcomhshaol cothabhála.

(b)

Déanfar an measúnú a thaifeadadh i dtuarascáil ina mbeidh an fhaisnéis a leanas:

(1)

sonraí aitheantais an iarratasóra;

(2)

sonraí aitheantais an mheasúnóra/na measúnóirí;

(3)

dáta agus tráthchlár an mheasúnaithe;

(4)

ábhar an mheasúnaithe;

(5)

toradh an mheasúnaithe: Pas nó Teip.

(6)

síniú an mheasúnóra/na measúnóirí, an iarrthóra agus, más infheidhme, an bhreathnóra neamhspleách/na mbreathnóirí neamhspleácha.

(c)

Is féidir measúnú teipthe a dhéanamh arís tar éis 3 mhí nó, má tá oiliúint bhreise faighte agus moladh nua déanta ag na meantóirí, níos luaithe ná 3 mhí má aontaíonn an measúnóir/na measúnóirí leis sin. Tar éis trí iarracht theipthe, déanfar an OJT iomlán arís.

6.4

Ceanglais do mheantóirí agus measúnóirí

Is baill foirne chothabhála iad meantóirí agus measúnóirí a bhfuil na cáilíochtaí a leanas acu:

(i)

Meantóirí:

ceadúnas bailí cothabhála aerárthaí (AML) arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo nó ceadúnas bailí agus lán-chomhlíontach le hIarscríbhinn 1 AML ó ICAO i gcomhréir le Foscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn II (Cuid-145) a bheith ina seilbh acu, ar ceadúnas é atá inghlactha ag an údarás inniúil;

go raibh AML sa chatagóir chéanna acu le 1 bhliain amháin ar a laghad, i gcomparáid leis an gceann a bhfuil an mheantóireacht OJT á déanamh ina leith, atá formhuinithe le rátáil cineáil is iomchuí chun na pribhléidí a fheidhmiú ar an aerárthach gaolmhar;

na pribhléidí scaoilte nó sínithe is gá a bheith acu san eagraíocht chothabhála ina ndéantar an OJT;

taithí ar oiliúint a chur ar dhaoine eile (amhail teagascóirí printíseachta, teagascóirí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147), cúrsaí oiliúna don oiliúnóir a bheith faighte acu nó aon cháilíocht náisiúnta inchomparáide eile a bheith acu, nó oiliúint a bheith acu chun é sin a dhéanamh atá inghlactha ag an údarás inniúil).

(ii)

Measúnóirí an mheasúnaithe deiridh:

AML bailí arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo nó AML bailí agus lán-chomhlíontach le ICAO Iarscríbhinn 1 AML i gcomhréir le Foscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn II (Cuid-145) a bheith ina seilbh acu, atá inghlactha ag an údarás inniúil;

go raibh AML ina seilbh acu, ar feadh 3 bliana ar a laghad, sa chatagóir chéanna, i gcomparáid leis an gceann a bhfuil an OJT á mheasúnú ina leith, atá formhuinithe leis an rátáil cineáil aerárthaigh chéanna nó chomhchosúil;

taithí a bheith acu agus/nó oiliúint a bheith faighte acu i measúnú a dhéanamh ar dhaoine eile (amhail teagascóirí printíseachta, scrúdaitheoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147), cúrsaí oiliúna don oiliúnóir a bheith faighte acu, nó aon cháilíocht náisiúnta inchomparáide eile a bheith acu, nó oiliúint a bheith acu chun é sin a dhéanamh atá inghlactha ag an údarás inniúil);

ní bheidh sé nó sí páirteach mar mheantóir de chuid an iarratasóra san OJT; nuair a bheidh an measúnóir tar éis páirt a ghlacadh i bhfeidhmíocht OJT, beidh breathnóir neamhspleách i láthair le linn mheasúnú OJT.

6.5

Doiciméadacht agus taifid OJT

Déanfar cur i gcrích sásúil OJT a fhianú don iarratasóir leis an tuarascáil mheasúnaithe deiridh agus logleabhar OJT.

Soláthrófar doiciméadacht OJT don údarás inniúil chun tacú leis an iarratas ar eisiúint nó ar athrú an cheadúnais mar atá leagtha síos i Roinn B, Fochuid B, den Iarscríbhinn seo.

Coinneoidh an eagraíocht chothabhála ina ndéantar an OJT taifid de dhoiciméadacht OJT, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a chomhaontaítear le húdarás inniúil na heagraíochta cothabhála.’;

(22)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Fhoscríbhinn IV:

‘Foscríbhinn IV

Taithí agus modúil bhunúsacha eolais nó páirtmhodúil is gá chun síneadh a chur le ceadúnas cothabhála aerárthaí faoi Iarscríbhinn III (Cuid-66)

A.   Ceanglais maidir le taithí

Léirítear i dTábla A thíos na ceanglais taithí, i líon míonna, maidir le catagóir nó fochatagóir nua a chur le ceadúnas arna dheonú i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66).

Is féidir na ceanglais taithí a laghdú 50 % má tá bunchúrsa oiliúna Cuid 147 formheasta atá ábhartha d’fhochatagóir ar leith curtha i gcrích ag an iarratasóir.

Tábla A

Chuig:

Ó:

A1

A2

A3

A4

B1.1

B1.2

B1.3

B1.4

B2

B2L

B3

L1

L2

L3

L4

L5

A1

6

6

6

24

6

24

12

24

12

6

12

12

12

12

24

A2

6

6

6

24

6

24

12

24

12

6

12

12

12

12

24

A3

6

6

6

24

12

24

6

24

12

12

12

12

12

12

24

A4

6

6

6

24

12

24

6

24

12

12

12

12

12

12

24

B1.1

6

6

6

6

6

6

12

12

6

6

6

12

12

12

B1.2

6

6

6

24

24

6

24

12

12

12

12

B1.3

6

6

6

6

6

6

12

12

6

6

6

12

12

12

B1.4

6

6

6

24

6

24

24

12

6

6

6

12

12

12

B2

6

6

6

6

12

12

12

12

12

6

6

12

12

24

B2L

6

6

6

6

12

12

12

12

12

12

6

6

12

12

24

B3

6

6

6

24

6

24

12

24

12

12

12

12

L1

24

24

24

24

36

24

36

24

36

24

24

6 (*)

12 (*)

12 (*)

24 (*)

L2

24

12

24

24

36

12

36

24

36

24

12

12 (*)

12 (*)

24 (*)

L3

30

30

30

30

48

30

48

30

48

30

30

12 (*)

12 (*)

6 (*)

24 (*)

L4

30

30

30

30

48

30

48

30

48

30

30

12 (*)

12 (*)

24 (*)

L5

24

24

24

24

36

24

36

24

36

24

24

12 (*)

12 (*)

12 (*)

B.   Módúil bhunúsacha eolais nó páirtmhodúil de dhíth

Is é is cuspóir don tábla seo achoimre a thabhairt ar na scrúduithe is gá chun catagóir/fochatagóir bhunúsach nua a chur le AML arna dheonú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

Éilíonn na siollabais a ullmhaítear i gcomhréir le Foscríbhinn I agus le Foscríbhinn VII leibhéil éagsúla eolais le haghaidh catagóirí éagsúla ceadúnais laistigh de mhodúl; dá bhrí sin, tá scrúduithe breise ann is infheidhme maidir le modúil áirithe do shealbhóirí ceadúnais ar mian leo síneadh a chur le AML arna dheonú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo chun catagóir/fochatagóir eile a chur san áireamh agus déanfar anailís ar an modúl chun na hábhair atá ar iarraidh nó ar éirigh leo ar leibhéal níos ísle a chinneadh.

Tábla B

Chuig

Ó

A1

A2

A3

A4

B1.1

B1.2

B1.3

B1.4

B2

B2L

B3

L1C

L1

L2C

L2

L3H

L3G

L4H

L4G

L5

A1

Dada

16.

12.

12, 16.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 2, 8, 9.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 9.

A2

11, 15.

Dada

12, 15.

12.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 2, 8, 9.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 9.

A3

11, 17.

11, 16, 17.

Dada

16.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 2, 8, 9.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 9.

A4

11, 15, 17.

11, 17.

15.

Dada

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 9.

Gach ceann seachas 2, 8, 9.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 2L.

Gach ceann seachas 9.

B1.1

Dada

16.

12.

12, 16.

Dada

16.

12.

12, 16.

4, 5, 13.14

4, 5, 13SQ, 14SQ

16.

12L.

12L.

8L**, 12L.

8L**, 12L.

9L.

10L.

9L,11L.

10L,

11L.

8L**, 10L,11,12L.

B1.2

11,15.

Dada

12, 15.

12.

11, 15.

Dada

12, 15.

12.

4, 5,13,14

4, 5, 13SQ. 14SQ

Dada

12L.

12L.

8L*,

12L.

8L*,

12L.

9L.

10L.

9L,11L.

10L,

11L.

8L*, 10L,11,12L.

B1.3

11, 17.

11, 16, 17.

Dada

16.

11, 17.

11, 16, 17.

Dada

16.

4, 5,13,14

4, 5, 13SQ. 14SQ

11, 16, 17.

7L,12L.

7L,12L.

7L,8L**,12L.

7L,8L**,12L.

9L.

10L.

9L,11L.

10L,

11L.

8L**, 10L,11,12L.

B1.4

11, 15, 17.

11, 17.

15.

Dada

11, 15, 17.

11, 17.

15.

Dada

4, 5,13,14

4, 5, 13SQ. 14SQ

11, 17.

7L,12L.

7L,12L.

7L,8L*,12L.

7L,8L*,12L.

9L.

10L.

9L,11L.

10L,

11L.

8L*, 10L,11,12L.

B2

6, 7, 11, 15, 17.

6, 7, 11, 16, 17.

6, 7, 12, 15.

6, 7, 12, 16.

6, 7, 11, 15, 17.

6, 7, 11, 16, 17.

6, 7, 12, 15.

6, 7, 12, 16.

Dada

Dada

6, 7, 11, 16, 17.

5L, 7L.

4L, 5L, 6L,7L.

5L,7L, 8L.

4L,5L, 6L,7L, 8L.

9L.

10L.

9L, 11L.

10L, 11L.

6, 7, 11 nó 12, 15 nó 16, 17, 8L, 10L

B2L

6, 7, 11, 15, 17.

6, 7, 11, 16, 17.

6, 7, 12, 15.

6, 7, 12, 16.

6, 7, 11, 15, 17.

6, 7, 11, 16, 17.

6, 7, 12, 15.

6, 7, 12, 16.

13SQ, 14SQ.

Dada

6, 7, 11, 16, 17.

5L, 7L, 12LSQ.

4L, 5L, 6L, 7L, 12LSQ.

5L, 7L, 8L, 12LSQ.

4L, 5L, 6L, 7L, 8L, 12LSQ.

9L.

10L.

9L, 11L.

10L, 11L.

6, 7, 11 nó 12, 15 nó 16, 17, 8L, 10L

B3

11,15.

11

12,15.

12.

2,3,5,8, 11,15.

2,3,5,8, 11.

2,3,5, 8, 12,15.

2,3,5,8, 12.

2,3,4, 5, 8, 13, 14.

2,3,4, 5, 8, 13SQ.

Dada

12L.

12L.

8L*, 12L.

8L*, 12L.

9L.

10L.

9L, 11L.

10L, 11L.

2,3,5,8, 11 nó 12, 8L*, 10L, 11L, 12L.


Chuig

Ó

A1

A2

A3

A4

B1.1

B1.2

B1.3

B1.4

B2

B2L

B3

L1C

L1

L2C

L2

L3H

L3G

L4H

L4G

L1C

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Dada

4L, 6L.

8L.

4L, 6L, 8L.

9L.

10L.

8L,9L, 11L.

8L, 10L, 11L.

L1

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Dada

Dada

8L.

8L.

9L.

10L.

8L,9L, 11L.

8L,10L, 11L.

L2C

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Dada

4L,6L.

Dada

4L, 6L.

9L.

10L.

9L,11L.

10L, 11L.

L2

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Dada

Dada

Dada

Dada

9L.

10L.

9L,11L.

10L, 11L.

L3H

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

5L,7L, 8L.

4L,5L, 6L,7L, 8L.

Dada

10L.

8L,11L.

8L,10L, 11L.

L3G

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

5L,7L, 8L.

4L,5L, 6L,7L, 8L.

9L.

Dada

8L,9L, 11L.

8L,11L.

L4H

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

Dada

10L.

Dada

10L.

L4G

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

Uile

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

5L,7L.

4L,5L, 6L,7L.

9L.

Dada

9L.

Dada

SQ = braitheann sé ar cháilíocht an chórais

*:

cé is moite de na hábhair a bhaineann le hinnill loine

**:

cé is moite de na hábhair a bhaineann le hinnill tuirbín
’;

(23)

Leasaítear Foirm 26 EASA atá i bhFoscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad leathanach 1:

I.

AN tAONTAS EORPACH (*)

[STÁT]

[AINM & LÓGÓ AN ÚDARÁIS]

II.

Cuid-66

COTHABHÁIL AERÁRTHAÍ CEADÚNAS

III.

Uimhir Cheadúnais [BALLSTÁT CÓD].66.[XXXX]

Foirm 26 EASA, Eagrán 6’

(b)

an leathanach ina bhfuil CUID XIII. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad THEORAINNEACHA CHUID-66:

‘XIII.

TEORAINNEACHA CHUID-66

 

Ceadúnas bailí go dtí:

III.

Uimhir Cheadúnais:’

(24)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Fhoscríbhinn VII:

‘Foscríbhinn VII

Buncheanglais eolais maidir le ceadúnas cothabhála aerárthaí de chatagóir L

Is ionann na sainmhínithe ar na leibhéil éagsúla eolais a cheanglaítear san Fhoscríbhinn seo agus na sainmhínithe a leagtar amach i bpointe 1 d’Fhoscríbhinn I.

1.   Modúlú

Beidh na modúil is gá le haghaidh gach fochatagóir ceadúnais/catagóire aerárthaigh i gcomhréir leis an maitrís a leanas. I gcás inarb infheidhme, cuirtear modúil na n-ábhar in iúl le “X”, agus ciallaíonn “n/bh” nach bhfuil an modúl ábhair infheidhme ná nach bhfuil gá leis.

Tá an buncheanglas eolais do L5 agus d’fhochatagóir B1 mar an gcéanna (mar a léirítear i bhFoscríbhinn I) móide modúil eile mar atá léirithe sa mhaitrís.

 

Fochatagóirí ceadúnais

 

Seoleitleáin ilchodacha

Seoleitleáin

Seoleitleáin chumhachta ilchodacha agus eitleáin ELA1 ilchodacha

Seoleitleáin chumhachta agus eitleáin ELA1

Balúin theo

Balúin gháis

Aerlonga aeir the

Aerlonga gáis ELA2

Aerlonga gáis os cionn ELA2

Modúil ábhair

L1C

L1

L2C

L2

L3H

L3G

L4H

L4G

L5

1L

‘Buneolas’

X

X

X

X

X

X

X

X

n/bh

2L

‘Tosca daonna’

X

X

X

X

X

X

X

X

n/bh

3L

‘Reachtaíocht Eitlíochta’

X

X

X

X

X

X

X

X

n/bh

4L

‘Struchtúr adhmaid agus/nó feadán miotail a chumhdaítear le fabraic’

n/bh

X

n/bh

X

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

5L

‘Struchtúr ilchodach’

X

X

X

X

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

6L

‘Struchtúr miotalach’

n/bh

X

n/bh

X

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

7L

‘Aerfhráma — córais ghinearálta, mheicniúla agus leictreacha’

X

X

X

X

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

8L

‘Córas tiomána’

n/bh

n/bh

X

X

n/bh

n/bh

X

X

X (*1)

9L

‘Balúin — balúin theo’

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

X

n/bh

X

n/bh

n/bh

10L

‘Balúin — balúin gháis (shaora/ar teaghrán)’

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

X

n/bh

X

X

11L

‘Aerlonga — AERLONGA aeir the/gáis’

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

n/bh

X

X

X

12L

‘Cumarsáid Raidió/ELT/Trasfhreagróir/Ionstraimí’

X

X

X

X

n/bh

n/bh

X

X

X

MODÚL 1L — EOLAS BUNÚSACH

MODÚL 1L — EOLAS BUNÚSACH

Leibhéal

1L.1

Matamaitic

Uimhríocht

Ailgéabar

Geoiméadracht

1

1L.2

Fisic

Damhna

Meicnic

Teocht

1

1L.3

Earraí leictreacha

Ciorcaid SA agus SD

1

1L.4

Aeraidinimic/aerastataic

1

1L.5

Sábháilteacht san ionad oibre agus cosaint an chomhshaoil

2

MODÚL 2L — TOSCA DAONNA

MODÚL 2L — TOSCA DAONNA

Leibhéal

2L.1

Ginearálta

1

2L.2

Feidhmiú an duine agus na teorainneacha atá leis

1

2L.3

Síceolaíocht shóisialta

1

2L.4

Tosca a dhéanann difear d’fheidhmíocht

1

2L.5

Comhshaol fisiceach

1

2L.6

An ‘Dosaen Salach’ agus maolú riosca

2

MODÚL 3L — REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

MODÚL 3L — REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA

Leibhéal

3L.1

Creat rialála

1

3L.2

Rialacháin maidir le haeracmhainneacht leanúnach

1

3L.3

Deisiúcháin agus modhnuithe (Cuid-ML)

2

3L.4

Sonraí cothabhála (Cuid-ML)

2

3L.5

Pribhléidí ceadúnais agus conas iad a fheidhmiú go hiomchuí (Cuid-66, Cuid-ML)

2

MODÚL 4L — STRUCHTÚR ADHMAID AGUS/NÓ FEADÁN MIOTAIL ATÁ CUMHDAITHE LE FABRAIC

MODÚL 4L — STRUCHTÚR ADHMAID AGUS/NÓ FEADÁN MIOTAIL ATÁ CUMHDAITHE LE FABRAIC

Leibhéal

4L.1

Aerfhráma adhmaid/teaglaim d’fheadán miotail agus fabraic

2

4L.2

Ábhair

2

4L.3

Damáistí agus fabhtanna a shainaithint

3

4L.4

Gnáthnósanna imeachta deisiúcháin agus cothabhála

3

MODÚL 5L — STRUCHTÚR ILCHODACH

MODÚL 5L — STRUCHTÚR ILCHODACH

Leibhéal

5L.1

Aerfhráma plaisteach snáithín-treisithe (FRP)

2

5L.2

Ábhair

2

5L.3

Damáistí agus fabhtanna a shainaithint

3

5L.4

Gnáthnósanna imeachta deisiúcháin agus cothabhála

3

MODÚL 6L — STRUCHTÚR MIOTALACH

MODÚL 6L — STRUCHTÚR MIOTALACH

Leibhéal

6L.1

Aerfhráma miotalach

2

6L.2

Ábhair

2

6L.3

Damáistí agus fabhtanna a shainaithint

3

6L.4

Gnáthnósanna imeachta deisiúcháin agus cothabhála

3

MODÚL 7L — AERFHRÁMA — CÓRAIS GHINEARÁLTA, MHEICNIÚLA AGUS LEICTREACHA

MODÚL 7L — AERFHRÁMA — CÓRAIS GHINEARÁLTA, MHEICNIÚLA AGUS LEICTREACHA

Leibhéal

7L.1

Teoiric na heitilte — faoileoirí agus eitleáin

1

7L.2

Struchtúr aerfhráma — faoileoirí agus eitleáin

1

7L.3

Aerchóiriú (ATA 21)

1

7L.4

Cumhacht leictreach, cáblaí agus nascóirí (ATA 24)

2

7L.5

Trealamh agus troscáin (ATA 25)

2

7L.6

Cosaint dóiteáin agus córais sábháilteachta eile (ATA 26)

2

7L.7

Rialuithe eitilte (ATA 27)

3

7L.8

Córas breosla (ATA 28)

2

7L.9

Cumhacht hiodrálach (ATA 29)

2

7L.10

Cosaint Oighir agus Báistí (ATA 30)

1

7L.11

Fearas tuirlingthe (ATA 32)

2

7L.12

Soilse (ATA 33)

2

7L.13

Ocsaigin (ATA 35)

2

7L.14

Neomatach/folús (ATA 36)

2

7L.15

Ballasta uisce (ATA 41)

2

7L.16

Ceanglóirí

2

7L.17

Píobáin, osáin agus nascóirí

2

7L.18

Spriongaí

2

7L.19

Imthacaí

2

7L.20

Tras-seoladh

2

7L.21

Cáblaí rialaithe

2

7L.22

Oiriúintí agus glanspásanna

2

7L.23

Meáchan agus cothromaíocht aerárthaí

2

7L.24

Cleachtais agus uirlisí ceardlainne

2

7L.25

Teicnící díchóimeála, cigireachta, deisiúcháin agus cóimeála

2

7L.26

Teagmhais neamhghnácha

2

7L.27

Nósanna imeachta cothabhála

2

MODÚL 8L — CÓRAS TIOMÁNA

MODÚL 8L — CÓRAS TIOMÁNA

Loine

Tuirbín

Leictreach

Leibhéal

8L.1

Prionsabail bhunúsacha maidir le hinnill

X

X

X

2

8L.2

Prionsabail bhunúsacha maidir le hinnill loine agus feidhmíocht

X

 

 

2

8L.3

Tógáil innill loine

X

 

 

2

8L.4

Córas breosla innill loine (neamh-leictreonach)

X

 

 

2

8L.5

Córas tosaithe agus adhainte

X

 

 

2

8L.6

Córas iontógála aeir, sceite agus fuaraithe

X

 

 

2

8L.7

Sárluchtú/turbaluchtú

X

 

 

2

8L.8

Córais bhealaithe maidir le hinnill loine

X

 

 

2

8L.9

Córais táisc le haghaidh inneall

X

X

X

2

8L.10

Innill aerárthaigh leictreacha

 

 

X

2

8L.11

Prionsabail bhunúsacha maidir le hinnill tuirbín agus feidhmíocht

 

X

 

2

8L.12

Ionraon agus comhbhrúiteoir

 

X

 

2

8L.13

Cuasán dócháin, córas tosaithe agus adhainte

 

X

 

2

8L.14

Roinn tuirbín agus sceitheadh

 

X

 

2

8L.15

Comhpháirteanna de chuid innill tuirbín agus córais eile

 

X

 

2

8L.16

Cigireachtaí innill tuirbín agus oibríocht talún

 

X

 

2

8L.17

Lián

X

X

X

2

8L.18

Rialú digiteach innill le hÚdarás Iomlán (FADEC)

X

X

X

2

8L.19

Bealaí agus breoslaí

X

X

X

2

8L.20

Suiteáil innill agus liáin

X

X

X

2

8L.21

Faireachán innill agus oibríocht talún

X

X

X

2

8L.22

Stóráil agus caomhnú innill/lián

X

X

X

2

MODÚL 9L — BALÚIN — BALÚIN THEO

MODÚL 9L — BALÚIN — BALÚIN THEO

Leibhéal

9L.1

Teoiric na heitilte — balúin theo

1

9L.2

Aerfhráma ginearálta de bhalúin theo

2

9L.3

Imchlúdach

3

9L.4

Córas téitheora/dóire

3

9L.5

Ciseán agus crochadh ciseáin (feistí malartacha san áireamh)

3

9L.6

Ionstraimí

2

9L.7

Trealamh

2

9L.8

Láimhseáil agus stóráil balúin the

2

9L.9

Teicnící díchóimeála, cigireachta, deisiúcháin agus cóimeála

3

MODÚL 10L — BALÚIN — BALÚIN (SHAORA/AR TEAGHRÁN) GHÁIS

MODÚL 10L — BALÚIN — BALÚIN (SHAORA/AR TEAGHRÁN) GHÁIS

Leibhéal

10L.1

Teoiric na heitilte — balúin gháis

1

10L.2

Aerfhráma ginearálta de bhalúin gháis

2

10L.3

Imchlúdach

3

10L.4

Glanluacháil

3

10L.5

Comhlaí, paraisiúit agus córais ghaolmhara eile

3

10L.6

Fáinne crochta

3

10L.7

Ciseán (feistí malartacha san áireamh)

3

10L.8

Rópaí agus línte

3

10L.9

Ionstraimí

2

10L.10

Córais bhalúin gháis ar teaghrán

3

10L.11

Trealamh

2

10L.12

Láimhseáil agus stóráil balúin gáis

2

10L.13

Teicnící díchóimeála, cigireachta, deisiúcháin agus cóimeála

3

MODÚIL 11L — AERLONGA — AERLONGA AEIR THE/GÁIS

MODÚL 11L — AERLONGA — AERLONGA AEIR THE/GÁIS

Leibhéal

11L.1

Teoiric na heitilte agus rialú na n-aerlong

2

11L.2

Struchtúr aerfhráma aerloinge — coincheapa ginearálta

2

11L.3

Imchlúdach aerloinge

2

11L.4

Gandala

3

11L.5

Rialú eitilte aerloinge (ATA 27/55)

3

11L.6

Cumhacht leictreach (ATA 24)

3

11L.7

Soilse (ATA 33)

2

11L.8

Cosaint oighir agus báistí

3

11L.9

Córais bhreosla (ATA 28)

2

11L.10

Inneall agus liáin in aerlonga

2

11L.11

Láimhseáil agus stóráil aerloinge

2

11L.12

Teicnící díchóimeála, cigireachta, deisiúcháin agus cóimeála

2

MODÚL 12L — CUMARSÁID RAIDIÓ/ELT/TRASFHREAGRÓIR/IONSTRAIMÍ

MODÚL 12L — CUMARSÁID RAIDIÓ/ELT/TRASFHREAGRÓIR/IONSTRAIMÍ

Leibhéal

12L.1

Cumarsáid Raidió/ELT

2

12L.2

Trasfhreagróir agus FLARM

2

12L.3

Ionstraimí

2

12L.4

Trealamh tástála ginearálta eitleonaice

1

‘;

(25)

Leasaítear Foscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear na pointí (vi) agus (vii) a leanas leis:

‘(vi)

ní fhéadfar modúl teipthe a atógáil go ceann 90 lá ar a laghad ó dháta scrúdú teipthe an mhodúil;

(vii)

is é trí cinn i dtréimhse 12 mhí an t-uaslíon iarrachtaí le haghaidh gach scrúdú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Beidh líon na gceisteanna in aghaidh an mhodúil mar a leanas:

(i)

modúl 1L “EOLAS BUNÚSACH”: 20 ceist.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad;

(ii)

modúl 2L “ TOSCA DAONNA”: 20 ceist.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad;

(iii)

modúl 3L “REACHTAÍOCHT EITLÍOCHTA”: 28 gceist.

An t-am a cheadaítear: 35 nóiméad;

(iv)

modúl 4L “STRUCHTÚR ADHMAID AGUS/NÓ FEADÁN MIOTAIL A CHUMHDAÍTEAR LE FABRAIC”: 40 ceist.

An t-am a cheadaítear: 50 nóiméad;

(v)

modúl 5L “STRUCHTÚR ILCHODACH”: 32 cheist.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad;

(vi)

modúl 6L “STRUCHTÚR MIOTALACH”: 32 cheist.

An t-am a cheadaítear: 40 nóiméad;

(vii)

modúl 7L “AERFHRÁMA — CÓRAIS GHINEARÁLTA, MHEICNIÚLA AGUS LEICTREACHA”: 60 ceist.

An t-am a cheadaítear: 75 nóiméad;

(viii)

modúl 8L “CÓRAS TIOMÁNA”: 64 cheist.

An t-am a cheadaítear: 80 nóiméad;

(ix)

modúl 9L “BALÚIN — BALÚIN THEO”: 36 cheist.

An t-am a cheadaítear: 45 nóiméad;

(x)

modúl 10L “BALÚIN —BALÚIN GHÁIS (SHAORA/AR TEAGHRÁN)”: 44 cheist.

An t-am a cheadaítear: 55 nóiméad;

(xi)

modúl 11L “AERLONGA — AERLONGA GÁIS/AEIR THE”: 40 ceist.

An t-am a cheadaítear: 50 nóiméad;

(xii)

Modúl 12L “CUMARSÁID RAIDIÓ/ELT/TRASFHREAGRÓIR/IONSTRAIMÍ”: 20 ceist.

An t-am a cheadaítear: 25 nóiméad.’;

(26)

cuirtear leis an Fhoscríbhinn IX a leanas:

‘Foscríbhinn IX

Modh measúnaithe don oiliúint ilmheán-bhunaithe (MBT)

1.

Is é is cuspóir don Fhoscríbhinn seo na ceanglais a leagan síos maidir le measúnú agus formheas ag údarás inniúil ar aon chúrsa lena n-áirítear MBT i gcomhréir le pointe 66.B.135.

Féadfar an Fhoscríbhinn seo a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna eile má chinneann an t-údarás inniúil go bhfuil an modh measúnaithe a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo iomchuí do na cúrsaí eile sin.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú in aghaidh na gcritéar go léir a leagtar síos i dTábla (A), agus iad grúpáilte i gceithre chatagóir ó (a) go (d). Déanfaidh an t-údarás inniúil an táirge MBT atá á mheasúnú a shainaithint go soiléir sa tábla agus a tháirgeacht agus a leaganacha nuashonraithe.

2.

Déanfaidh an t-údarás inniúil a dhéanfaidh an measúnú é féin a chur i suíomh an mhic léinn nó an úsáideora deiridh agus déanfaidh sé gach critéar a liostaítear i dTábla (A) a rátáil ar bhonn aonair ar scála rátála ó 1 go 5, mar a leanas:

1:

Níl sé inghlactha. Ní chomhlíonann sé na critéir atá ina gceangal a chomhlíonadh.

2:

Tá sé inghlactha i bpáirt, ach tá gá le feabhsú chun na critéir a cheanglaítear a chomhlíonadh.

3:

Inghlactha. Comhlíonann sé na critéir atá ina gceangal a chomhlíonadh.

4:

Go maith. Comhlíonann sé na critéir atá ina gceangal a chomhlíonadh le feabhsuithe a rinneadh.

5:

Den scoth. Níos fearr ná na critéir a cheanglaítear.

3.

Má dhéantar 1 cheann amháin nó níos mó de na critéir a rátáil faoi bhun 3, iarrfaidh an t-údarás inniúil próiseas foghlama malartach chun oiriúnacht an táirge go leibhéal inghlactha a fheabhsú.

4.

Nuair a bheidh rátáil déanta ag an údarás inniúil ar gach ceann de na critéir aonair atá liostaithe i dTábla (A), úsáidfidh an t-údarás inniúil an scála rátála comhcheangailte a leanas chun an leibhéal oiriúnachta foriomlán a chinneadh do gach acmhainn foghlama MBT:

100–80: Acmhainn foghlama den scoth. Cuireann sé feidhmiúlachtaí éagsúla ar fáil agus comhlíonann sé na critéir oiriúnachta a cheanglaítear.

79–60: Comhlíonann an acmhainn foghlama na critéir oiriúnachta a cheanglaítear.

59–40: Níl an acmhainn foghlama leormhaith d’úsáid oideachasúil. Is féidir é a úsáid le haghaidh oiliúint “neamhfhoirmiúil” amháin.

39–20: Tá an acmhainn foghlama faoi bhun an mheáin. Ní chomhlíonann sé roinnt critéar oiriúnachta a cheanglaítear.

Sula bhformheasfaidh sé an táirge, seiceálfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil scór deiridh an MBT cothrom le 60 nó os a chionn, agus nach bhfuil aon chritéar amháin ann atá rátáilte faoi bhun 3.

Tábla (A): Measúnú ar an oiliúint ilmheán-bhunaithe (MBT)

Measúnú ar an oiliúint ilmheán-bhunaithe (MBT)

Céannacht táirgí:

Ainm:

Leagan:

 

SCÓR (1–5)

Catagóir (a) ‘cáilíocht acadúil’

Iontaofacht faisnéise

1.

Tá an fhaisnéis iontaofa.

 

Ábharthacht na faisnéise

2.

Tá an fhaisnéis ábhartha.

 

Catagóir (b) ‘cáilíocht oideolaíoch’

Foirmliú oideolaíoch/tógáil

3.

Tá cáilíocht an tsimplithe acmhainne leormhaith.

 

4.

Cuireann an acmhainn oideachais i láthair líon forbhreathnuithe agus achoimrí iomchuí.

 

5.

Tá an acmhainn struchtúrtha go soiléir (achoimrí, pleananna).

 

6.

Cuireann an struchtúr a úsáid chun cinn sa chomhthéacs oideolaíoch.

 

Straitéisí oideolaíocha

7.

Tá na cuspóirí foghlama luaite.

 

8.

Áirítear leis an acmhainn spreagadh chun foghlaim a chur chun cinn.

 

9.

Cruthaíonn an acmhainn idirghníomhaíocht idir an mac léinn agus an teagascóir.

 

10.

Cothaítear rannpháirtíocht ghníomhach an mhic léinn.

 

11.

Tá an fhoghlaim dírithe ar na mic léinn i láthair.

 

12.

Spreagann cúraimí fuascailte fadhbanna an fhoghlaim.

 

13.

Déanann an acmhainn cumarsáid idir mic léinn a chumasú.

 

14.

Tá an mac léinn in ann a dhul chun cinn foghlama a fheiceáil.

 

Modhanna measúnaithe an mhic léinn

15.

Soláthraíonn an acmhainn nós imeachta féinmheasúnaithe.

 

Catagóir (c) ‘cáilíocht theagascach’

Gníomhaíochtaí foghlama

16.

Tagraíonn an t-ábhar do chásanna fíorshaoil a bhféadfadh mac léinn aghaidh a thabhairt orthu i gcomhshaol cothabhála iarbhír.

 

Inneachar foghlama

17.

Tá an t-ábhar leordhóthanach chun na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

 

Catagóir (d) ‘cáilíocht theicniúil’

Dearadh

18.

Cuimsíonn ábhar agus eagrú na hacmhainne foghlama úsáid iomchuí dathanna, idirghníomhaíochta, cáilíocht ghrafach, beochana, agus léaráidí.

 

Brabhsáil

19.

Tá modhanna loingseoireachta soiléir, comhsheasmhach agus iomasach.

 

Gnéithe teicneolaíochta

20.

Cuireann teicnící ilmheán aistriú faisnéise chun cinn.

 

Scór deiridh:

 

Nótaí:

Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar MBT in aghaidh na gcritéar aonair a liostaítear i dTábla (A):

Catagóirí:

(a)

Cáilíocht acadúil

Beidh dhá shaintréith ag an bhfaisnéis a chuirfear i láthair san acmhainn ilmheán:

i.

Iontaofacht: tá an fhaisnéis iontaofa, reatha, agus saor go maith ó earráidí. Comhlíonann an fhaisnéis na ceanglais rialála atá ann faoi láthair.

ii.

Ábharthacht: tá an fhaisnéis ábhartha do na cuspóirí foghlama atá sainithe don chúrsa. Tacaíonn sé leis an mac léinn na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

(b)

Cáilíocht oideolaíoch

Cuireann an MBT i dtábhacht na gníomhaíochtaí a chuireann forbairt an eolais agus na scileanna a cheanglaítear chun cinn.

Baineann príomhchritéir gach táirge le trí ghné:

i.

Foirmliú/forléiriú oideolaíoch: tá cáilíocht an tsimplithe, láithreacht achoimrí chomh maith le húsáid léaráidí, fíoracha, beochana, agus léaráidí ina dtréithe. Déanann sé meastóireacht ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann struchtúr na hacmhainne foghlama a húsáid chun cinn i gcomhthéacs oideolaíoch. Baineann sé seo le héascaíocht treoshuímh (achoimre, plean ceachta), láithreacht idirghníomhaíochtaí iomchuí, inúsáidteacht (ar ais, ar aghaidh, boscaí scrollbharra, etc.), agus acmhainní cumarsáide (ceisteanna agus freagraí, Ceisteanna Coitianta, fóram, etc.)

ii.

Straitéisí oideolaíocha: ba cheart go mbeidh stíleanna teagaisc agus foghlama bunaithe ar chur chuige teagaisc ghníomhaigh chun cásanna fiúntacha a chruthú a bhaineann le cuspóirí foghlama agus le hinspreagadh an fhoghlaimeora.

iii.

Modhanna measúnaithe an mhic léinn: cuirtear modhanna chun feidhme chun baint amach na gcuspóirí foghlama a thomhas.

(c)

Cáilíocht theagascach

i.

Gníomhaíochtaí foghlama: baineann an t-ábhar le cásanna fíorshaoil a bhféadfadh mac léinn aghaidh a thabhairt orthu i gcomhshaol cothabhála iarbhír.

ii.

Ábhar foghlama: tá an t-ábhar leordhóthanach chun na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

(d)

Cáilíocht theicniúil

Déanann an roinn seo measúnú ar ghnéithe dearaidh, brabhsála agus teicneolaíochta na n-acmhainní foghlama:

i.

Dearadh: ábhar agus eagrú na hacmhainne foghlama, cuirfidh siad chun cinn úsáid iomchuí dathanna, idirghníomhaíochta, cáilíocht ghrafach le haghaidh íomhánna, beochana agus léaráidí roghnaithe.

ii.

Brabhsáil : agus nascleanúint á dhéanamh, ba cheart go mbeadh an mac léinn in ann plean, innéacs, nó clár mionsonraithe ábhar a aimsiú. Beidh na roghanna nó na treoirlínte a mholtar soiléir agus beidh na grúpálacha laistigh de na roghchláir comhsheasmhach.

iii.

Gnéithe teicniúla: tá sé d’aidhm ag teicnící ilmheán inniúlachtaí d’aon teicneolaíocht nua san oideachas a chomhcheangal agus a shaothrú chun feabhas a chur ar aistriú eolais. Dá bhrí sin, beidh an córas i bhfabhar beochana, ionsamhlúcháin, nó aon eilimint idirghníomhach eile a úsáid.

’.

(*)  Féadfar an taithí a laghdú 50 % ach ceadúnas le teorainneacha a cheadú, i.e. ceadúnas a fhormhuinítear gan ‘cúraimí coimpléascacha cothabhála dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn VII d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), athruithe caighdeánacha dá bhforáiltear i bpointe 21.A.90B d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, agus deisiúcháin chaighdeánacha dá bhforáiltear i bpointe 21.A.431B d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012’.

(*1)  Ní cheanglaítear ach amháin ábhair thiomána is infheidhme maidir le Modúl 8L; braitheann siad sin ar an bhfochatagóir B1 arb as don iarratasóir.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear IARSCRÍBHINN IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

sa chlár ábhar, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 147.A.305: ‘147.A.305 Meastóireacht ar chineál aerárthaigh agus measúnú cúraimí’;

(2)

leasaítear pointe 147.A.100 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Soláthrófar cóiríocht iomchuí atá iata go hiomlán, ar leithligh ó shaoráidí eile, chun an oiliúint theoiriciúil a sheachadadh agus chun na scrúduithe eolais a reáchtáil.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

Ní mó ná 15 in aghaidh an teagascóra nó an mheasúnóra a bheidh an líon uasta mac léinn a bheidh ag dul faoi oiliúint phraiticiúil le linn aon chúrsa oiliúna.’;

(c)

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

Soláthrófar saoráidí stórála slána do thaifid scrúdaithe agus oiliúna. Beidh an comhshaol stórála de chineál a fhágann go mbeidh bail mhaith ar na doiciméid don tréimhse choinneála mar a shonraítear i bpointe 147.A.125. Féadfar na saoráidí stórála agus an chóiríocht oifige a chomhcheangal, faoi réir slándáil leormhaith.’;

(d)

cuirtear isteach an pointe (j) seo a leanas:

‘(j)

De mhaolú ar phointí (a) go (d) agus (f), i gcás cianfhoghlama a dhéantar i suíomh nach bhfuil smacht ag an eagraíocht atá formheasta faoin Iarscríbhinn seo ar an timpeallacht ina bhfuil an mac léinn lonnaithe, cuirfidh an eagraíocht arna formheas faoin Iarscríbhinn seo an mac léinn ar an eolas agus méadóidh sí a fheasacht maidir le hoiriúnacht a suímh foghlama. Níl feidhm ag an maolú seo ach amháin maidir leis an gcianfhoghlaim agus ní bhaineann sé leis an scrúdú comhfhreagrach agus/nó leis an measúnú comhfhreagrach.’;

(3)

i bpointe 147.A.105, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Déanfaidh an eagraíocht oiliúna cothabhála conradh le foireann leordhóthanach chun oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil a phleanáil/a dhéanamh, scrúduithe eolais a reáchtáil agus measúnuithe praiticiúla a dhéanamh i gcomhréir leis an bhformheas.’;

(4)

leasaítear pointe 147.A.115 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Beidh trealamh cur i láthair iomchuí ag gach seomra ranga ar chaighdeán a áirithíonn gur féidir leis an mac léinn téacs chur i láthair, líníochtaí, léaráidí agus fíoracha a léamh go héasca ó aon suíomh sa seomra ranga.

I gcás comhshaoil oiliúna fíorúla, déanfar ábhar na hoiliúna a dhearadh ar bhealach chun cúnamh a thabhairt don mhac léinn an t-ábhar ar leith a thuiscint, agus a áirithiú gur féidir leis an mac léinn téacs an chur i láthair, líníochtaí, léaráidí agus fíoracha a léamh go héasca.

Féadfar a áireamh ar an trealamh cur i láthair feistí oiliúna ionsamhalta cothabhála ionadaíocha (MSTDanna) chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn an t-ábhar ar leith a thuiscint i gcás ina mheastar go bhfuil tairbhe ag baint leis na feistí sin chun na gcríoch sin.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Ní mór rochtain a bheith ag an eagraíocht oiliúna i leith cineáil aerárthaigh mar atá sonraithe i bpointe 147.A.100(e) ar an gcineál aerárthaigh iomchuí. Féadfar MSTDanna a úsáid nuair a áiritheoidh feistí oiliúna den sórt sin caighdeáin oiliúna leordhóthanacha.’;

(5)

i bpointe 147.A.120, cuirtear isteach an pointe (c) a leanas:

‘(c)

Féadfar rochtain ar an ábhar oiliúna cothabhála atá ábhartha do chúrsaí oiliúna bunúsacha nó do chúrsaí oiliúna cineáil a sholáthar mar chóip chrua nó trí mheán leictreonach ar choinníoll go bhfuil na modhanna iomchuí ag an mac léinn chun rochtain a fháil ar ábhar den sórt sin ag aon am ar leith le linn thréimhse iomlán an chúrsa.’;

(6)

i bpointe 147.A.135, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d)

Déanfaidh eagraíocht oiliúna arna formheas faoin Iarscríbhinn seo an scrúdú i gcomhshaol rialaithe agus tabharfar tuairisc air ina nochtadh d’eagraíochtaí oiliúna cothabhála (MTOE).

Chun críocha scrúdaithe, ciallaíonn “comhshaol rialaithe” comhshaol inar féidir na nithe a leanas a shuí agus a fhíorú: (a) céannacht na mac léinn; (b) seoladh iomchuí an phróisis scrúdaithe; (c) sláine an scrúdaithe agus (d) slándáil an ábhair scrúdaithe.’;

(7)

i bpointe 147.A.145, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Ní fhéadfar oiliúint theoiriciúil, scrúduithe eolais, oiliúint phraiticiúil agus measúnuithe praiticiúla a dhéanamh ach amháin ag na suíomhanna a shainítear sa deimhniú formheasa nó in aon suíomh a shonraítear in MTOE.’;

(8)

leasaítear pointe 147.A.200 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

D’ainneoin phointe (f), chun tairbhe a bhaint as athruithe ar theicneolaíochtaí agus modhanna oiliúna (oiliúint theoiriciúil), nó ó chreidiúintí a shonraítear i bpointe 66.A.25(e) d’Iarscríbhinn III (Cuid-66), féadfar an líon uaireanta a leagtar síos i bhFoscríbhinn I (Fad an chúrsa oiliúna bhunúsaigh) a leasú ar choinníoll go ndéantar tuairisc ar na hathruithe atá beartaithe in ábhar an tsiollabais agus sa sceideal agus go bhfuil údar iomchuí leis. Cuirfear nós imeachta san áireamh sa nochtadh d’eagraíochtaí oiliúna cothabhála chun údar a thabhairt leis na hathruithe sin.’;

(b)

cuirtear leis pointe (h) mar a leanas:

‘(h)

Cinnfear fad ama na gcúrsaí tiontaithe idir (fo)chatagóirí trí mheasúnú a dhéanamh ar an siollabas bunoiliúna agus ar na riachtanais oiliúna phraiticiúla a bhaineann leo.’;

(9)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 147.A.305:

‘147.A.305

Meastóireacht ar chineál aerárthaigh agus measúnú cúraimí

Eagraíocht oiliúna chothabhála arna formheas i gcomhréir le pointe 147.A.300 chun oiliúint i leith cineáil aerárthaigh a dhéanamh, déanfaidh sí an mheastóireacht ar chineál aerárthaigh nó an measúnú ar chúraimí aerárthaí a shonraítear in Iarscríbhinn III (Cuid-66) faoi réir chomhlíonadh chaighdeán an chineáil aerárthaigh agus/nó an chaighdeáin cúraim a shonraítear i bpointe 66.A.45 d’Iarscríbhinn III (Cuid-66).’;

(10)

Leasaítear Foscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

Bunoiliúint agus Scrúdú

Úsáidfear teimpléad an deimhnithe bunoiliúna chun aitheantas a thabhairt don bhunoiliúint nó don bhunscrúdú, nó don bhunoiliúint agus do na scrúduithe bunoiliúna araon.

Sainaithneofar go soiléir sa deimhniú oiliúna gach scrúdú ar mhodúl ar leith faoin dáta a nglacfar leis in éineacht leis an leagan comhfhreagrach d’Fhoscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn III (Cuid-66).

Úsáidfear Foirm 148a EASA le haghaidh oiliúint agus scrúduithe arna seoladh ag eagraíocht oiliúna arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147).

Úsáidfear Foirm 148b EASA le haghaidh scrúduithe arna seoladh ag an údarás inniúil.

Leathanach 1 as 1

DEIMHNIÚ AITHEANTAIS

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (*)].147.[XXXX].[BBBB]

Eisítear an deimhniú aitheantais seo chuig:

[AINM]

[DÁTA AGUS ÁIT BHREITHE]

Le:

[AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (*)].147.[XXXX]

eagraíocht oiliúna chothabhála arna formheas chun oiliúint a sholáthar agus scrúduithe a sheoladh laistigh dá sceideal formheasa agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

Dearbhaítear leis an deimhniú seo gur fhreastail an duine thuas-ainmnithe ar an mbunchúrsa/ar na bunchúrsaí oiliúna formheasta (**) agus/nó gur éirigh leis sa bhunscrúdú/sna bunscrúduithe (**) a luaitear thíos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

[BUNCHÚRSA(Í) OILIÚNA (**)]/[AN BUNSCRÚDÚ/NA BUNSCRÚDUITHE (**)]

[LIOSTA DE MHODÚIL CHUID-66/SUÍOMH AGUS DÁTA SCRÚDAITHE A bhFUARTHAS PAS ANN]

Dáta: …

Sínithe: …

Thar ceann: [AINM NA CUIDEACHTA]

Foirm 148a EASA Eagrán 1

(*)

Nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil.

(**)

Scrios de réir mar is iomchuí. Cásanna féideartha:

d’fhreastail sé/sí ar an mbunchúrsa/na bunchúrsaí oiliúna agus d’éirigh leis/léi sa bhunchúrsa/sna bunchúrsaí oiliúna; nó

nár fhreastail sé/sí ach ar an mbunchúrsa/na bunchúrsaí oiliúna; nó

níor éirigh leis/léi ach sa bhunscrúdú/sna bunscrúduithe.


Leathanach 1 as 1

DEIMHNIÚ AITHEANTAIS

Tagairt: [Cód an Bhallstáit(*)].CAA.[XXXX].[BBBB]

Eisítear an deimhniú aitheantais seo chuig:

[AINM]

[DÁTA AGUS ÁIT BHREITHE]

Le:

[AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

[SEOLADH AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

tar éis dóibh scrúdú a dhéanamh i gcomhréir le Roinn B, Fochuid C d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

Dearbhaítear leis an deimhniú sin gur éirigh leis an duine thuasainmnithe pas a fháil sa bhunscrúdú nó sna bunscrúduithe a luaitear thíos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

[AN BUNSCRÚDÚ/NA BUNSCRÚDUITHE]

[LIOSTA DE MHODÚIL CHUID-66/SUÍOMH AGUS DÁTA SCRÚDAITHE A bhFUARTHAS PAS ANN]

Dáta: …

Sínithe: …

Thar ceann: [AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

Foirm 148b EASA Eagrán 1’;

(b)

leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘2. Scrúdú Oiliúna Cineáil agus Measúnacht’;

(ii)

cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Úsáidfear teimpléad an deimhnithe oiliúna cineáil chun aitheantas a thabhairt ar chríochnú an scrúdaithe ar an eilimint theoiriciúil (oiliúint san áireamh) nó ar an measúnú ar an eilimint phraiticiúil (oiliúint san áireamh), nó ar an dá eilimint den chúrsa oiliúna rátála cineáil (Foscríbhinn III a ghabhann le hIarscríbhinn III (Cuid-66), pointí 1(a) agus (b)).’;

(iii)

cuirtear na míreanna a leanas isteach i ndiaidh an ceathrú mír:

‘Úsáidfear an fhoirm chéanna chun aitheantas a thabhairt do chríochnú mheastóireacht an chineáil aerárthaigh (pointe 66.A.45(d) d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) agus pointe 5 d’Fhoscríbhinn III a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin).

Úsáidfear Foirm 149a EASA le haghaidh oiliúna agus scrúduithe arna reáchtáil ag eagraíocht oiliúna arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147).

Úsáidfear Foirm 149b EASA le haghaidh scrúduithe oiliúna cineáil agus meastóireachtaí cineáil arna seoladh ag an údarás inniúil nó mar aitheantas ar chríochnú oiliúna i leith cineáil aerárthaigh arna formheas tríd an nós imeachta um fhormheas díreach i bpointe 66.B.130 d’Iarscríbhinn III (Cuid-66).’;

(iv)

cuirtear an méid a leanas in ionad na foirme:

‘Leathanach 1 as 1

DEIMHNIÚ AITHEANTAIS

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (*)].147.[XXXX].[BBBB]

Eisítear an deimhniú aitheantais seo chuig:

[AINM]

[DÁTA AGUS ÁIT BHREITHE]

Le:

[AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (*)].147.[XXXX]

eagraíocht oiliúna chothabhála arna formheas chun oiliúint a sholáthar agus scrúduithe a sheoladh laistigh dá sceideal formheasa agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-147) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

Fianaítear leis an deimhniú sin gur éirigh leis an duine thuasluaite (**) sna heilimintí teoiriciúla agus/nó sna heilimintí praiticiúla (**) den chúrsa oiliúint i leith cineáil aerárthaigh fhormheasta; nó críochnaigh sé/sí an mheastóireacht ar chineál aerárthaigh (**) a luaitear thíos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

[CÚRSA OILIÚNA I LEITH CINEÁIL AERÁRTHAIGH (**)]

[DÁTAÍ TOSAITHE agus DEIRIDH]/[SUÍOMH]

[SONRAIGH NA hEILIMINTÍ TEOIRICIÚLA/PRAITICIÚLA]

[MEASTÓIREACHT AR CHINEÁL AERÁRTHAIGH (**)]

[DÁTA DEIRIDH]/[SUÍOMH]

Dáta: …

Sínithe: …

Thar ceann: [AINM NA CUIDEACHTA]

Foirm 149a EASA Eagrán 1

(*)

Nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil.

(**)

Scrios de réir mar is iomchuí. Cásanna féideartha:

d’fhreastail sé/sí go hiomlán ar an gcúrsa oiliúna cineáil agus d’éirigh leis/léi sna heilimintí teoiriciúla agus ghnóthaigh sé/sí measúnú dearfach sna heilimintí praiticiúla den cúrsa oiliúna cineáil; nó

d’fhreastail sé/sí go hiomlán ar an gcúrsa oiliúna cineáil agus d’éirigh leis/léi sna heilimintí teoiriciúla amháin; nó

ghnóthaigh sé/sí measúnú dearfach sna heilimintí praiticiúla; nó

chríochnaigh sé/sí an mheastóireacht ar chineál an aerárthaigh go dearfach.

Leathanach 1 as 1

DEIMHNIÚ AITHEANTAIS

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT(*)].CAA.[XXXX].[BBBB]

Eisítear an deimhniú aitheantais seo chuig:

[AINM]

[DÁTA AGUS ÁIT BHREITHE]

Le:

[AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

[SEOLADH AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

tar éis dó scrúdú a dhéanamh i gcomhréir le Roinn B, Fochuid C d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún nó de réir an nós imeachta maidir le formheas díreach oiliúna i leith cineáil aerárthaigh de phointe 66.B.130 d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

Fianaítear leis an deimhniú sin gur éirigh leis an duine thuasluaite (*) sna heilimintí teoiriciúla agus/nó sna heilimintí praiticiúla (*) den chúrsa oiliúna i leith cineáil aerárthaigh fhormheasta; nó críochnaigh sé/sí an Mheastóireacht (*) ar chineál aerárthaigh a luaitear thíos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

[CÚRSA OILIÚNA I LEITH CINEÁIL AERÁRTHAIGH (*)]

[DÁTAÍ TOSAITHE agus DEIRIDH]/[SUÍOMH]

[SONRAIGH NA hEILIMINTÍ TEOIRICIÚLA/PRAITICIÚLA]

[MEASTÓIREACHT AR CHINEÁL AERÁRTHAIGH (*)]

[DÁTA DEIRIDH]/[SUÍOMH]

Dáta: …

Sínithe: …

Thar ceann: [AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

Foirm 149b EASA Eagrán 1

(*)

Scrios de réir mar is iomchuí. Cásanna féideartha:

d’fhreastail sé/sí go hiomlán ar an gcúrsa oiliúna cineáil agus d’éirigh leis/léi sna heilimintí teoiriciúla agus ghnóthaigh sé/sí measúnú dearfach sna heilimintí praiticiúla den cúrsa oiliúna cineáil; nó

d’fhreastail sé/sí go hiomlán ar an gcúrsa oiliúna cineáil agus d’éirigh leis/léi sna heilimintí teoiriciúla amháin; nó

ghnóthaigh sé/sí measúnú dearfach sna heilimintí praiticiúla; nó

chríochnaigh sé/sí an mheastóireacht ar chineál an aerárthaigh go dearfach.’.


IARSCRÍBHINN III

Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe M.A.302, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Léireoidh an AMP go gcomhlíontar na nithe a leanas:

(1)

na treoracha a d’eisigh an t-údarás inniúil;

(2)

na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach:

(i)

a eiseoidh sealbhóirí an deimhnithe cineáil, an deimhnithe srianta ar chineál, an deimhnithe cineáil fhorlíontaigh, an mhórcheadaithe dearaidh deisiúcháin, údarú ETSO nó dearbhóir dheimhní comhlíontachta dearaidh nó sealbhóir aon fhormheasa ábhartha eile a eisítear faoi Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Solas) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(ii)

a áirítear sna sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe 21.A.90B nó i bpointe 21.A.431B d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, más infheidhme;

(iii)

a áirítear sna sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointí 21L.A.62, 21L.A.102, 21L.A.202 nó 21L.A.222 d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Solas) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, más infheidhme;’;

(3)

na forálacha is infheidhme d’Iarscríbhinn I (Cuid-26) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640.’;

(2)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe M.A.502:

‘M.A.502 Cothabháil chomhpháirte

(a)

Maidir le comhpháirteanna nach iad na comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (b)(2) go (b)(6) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 nó, de réir mar is infheidhme, i bpointí (b)(2) go (b)(6) de phointe 21L.A.193 d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Solas) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, is eagraíochtaí cothabhála, arna bhformheas i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme, a dhéanfaidh na comhpháirteanna sin a chothabháil.

(b)

De mhaolú ar phointe (a), i gcás ina ndéantar comhpháirt a fheistiú ar aerárthach, féadfaidh eagraíocht chothabhála aerárthaí, arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) nó leis an bpearsanra deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b)(1) de phointe M.A.801, an chomhpháirt sin a chothabháil. Déanfar an chothabháil sin i gcomhréir le sonraí cothabhála an aerárthaigh nó i gcomhréir le sonraí cothabhála na comhpháirte má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil leis sin. Féadfaidh an eagraíocht chothabhála aerárthaí sin nó an pearsanra deimhnithe an chomhpháirt a bhaint go sealadach lena cothabháil más gá é sin chun rochtain ar an gcomhpháirt a fheabhsú, ach amháin i gcás inar gá cothabháil bhreise a dhéanamh toisc gur baineadh an chomhpháirt. Maidir le cothabháil comhpháirteanna a dhéanfar i gcomhréir leis an bpointe seo, ní bheidh sí incháilithe chun Foirm 1 EASA a eisiúint agus beidh sí faoi réir na gceanglas maidir le scaoileadh aerárthaí dá bhforáiltear i bpointe M.A.801.

(c)

De mhaolú ar phointe (a), i gcás ina ndéantar comhpháirt a fheistiú ar inneall nó ar an aonad cumhachta cúnta, féadfaidh eagraíocht chothabhála aerárthaí arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), an chomhpháirt sin a chothabháil. Déanfar an chothabháil sin i gcomhréir le sonraí cothabhála an innill nó an aonaid cumhachta cúnta nó i gcomhréir le sonraí cothabhála na comhpháirte má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil leis sin. Féadfaidh eagraíocht chothabhála inneall den sórt sin an chomhpháirt a bhaint go sealadach lena cothabháil más gá é sin chun rochtain ar an gcomhpháirt a fheabhsú, ach amháin i gcás inar gá cothabháil bhreise a dhéanamh de dheasca na bainte.

(d)

Maidir le comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointe (b)(2) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 nó i bpointe (b)(2) de phointe 21L.A.193 d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Solas) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, i gcás ina ndéantar an chomhpháirt a fheistiú ar an aerárthach nó ina ndéantar an chomhpháirt a bhaint go sealadach chun rochtain a fheabhsú, is eagraíocht chothabhála aerárthaí, arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme, an pearsanra deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b)(1) de phointe M.A.801 nó an t-úinéir is píolóta dá dtagraítear i bpointe (b)(2) de phointe M.A.801, a dhéanfaidh na comhpháirteanna sin a chothabháil. Maidir le cothabháil comhpháirteanna a dhéanfar i gcomhréir leis an bpointe seo, ní bheidh sí incháilithe chun Foirm 1 EASA a eisiúint agus beidh sí faoi réir na gceanglas maidir le scaoileadh aerárthaí dá bhforáiltear i bpointe M.A.801.

(e)

Maidir le cothabháil na gcomhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (b)(3) go (b)(6) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 nó i bpointí (b)(3) go (b)(6) de phointe 21L.A.193 d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Solas) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfaidh an eagraíocht dá dtagraítear i bpointe (a) an chothabháil sin, nó déanfaidh aon duine nó eagraíocht í agus scaoilfear amach í agus “dearbhú ar chothabháil atá déanta” ag gabháil léi, arna eisiúint ag an duine nó ag an eagraíocht a rinne an chothabháil. Sa “dearbhú ar chothabháil atá déanta” beidh, ar a laghad, mionsonraí bunúsacha maidir leis an gcothabháil a rinneadh, an dáta a cuireadh an chothabháil i gcrích, agus sainaitheantas na heagraíochta nó an duine a eisíonn é. Measfar gur taifead cothabhála é agus beidh sé coibhéiseach le Foirm 1 EASA i leith na comhpháirte a bhfuil cothabháil á déanamh uirthi.’.


IARSCRÍBHINN IV

I bpointe ML.A.302 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Déanfaidh an AMP an méid a leanas:

(1)

sainaithneoidh sé go soiléir úinéir an aerárthaigh agus an t-aerárthach lena mbaineann sé, lena n-áirítear aon inneall agus lián suiteáilte, de réir mar is infheidhme;

(2)

áireofar ann, de rogha air sin, an méid a leanas:

(a)

na cúraimí nó na cigireachtaí atá sa chlár íosta cigireachta is infheidhme dá dtagraítear i bpointe (d);

(b)

na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach arna n-eisiúint ag sealbhóir formheasa an dearaidh;

(c)

na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach arna n-eisiúint ag dearbhóir dhearbhú comhlíontachta an dearaidh.’;

(3)

féadfar a áireamh leo gníomhaíochtaí cothabhála sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i bpointe (c)(2) nó gníomhaíochtaí cothabhála mar mhalairt orthu sin dá dtagraítear i bpointe (c)(2)(b) ar thogra ón úinéir, ó CAMO nó ó CAO, a luaithe a fhormheasfar nó a dhearbhófar iad i gcomhréir le pointe (b). Beidh gníomhaíochtaí cothabhála malartacha ar na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i bpointe (c)(2)(b) chomh sriantach céanna ar a laghad leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch is infheidhme;

(4)

áireofar leis an fhaisnéis éigeantach uile maidir le haeracmhainneacht leanúnach, amhail ADanna atriallacha, an roinn maidir le teorannú aeracmhainneachta (“ALS”) na ICAnna, agus ceanglais shonracha chothabhála atá ar bhileog sonraí an deimhnithe cineáil (“TCDS”);

(5)

sainaithneoidh sé aon chúram cothabhála breise a bheidh le déanamh mar gheall ar chineál sonrach an aerárthaigh, cumraíocht an aerárthaigh agus cineál agus sainiúlacht oibríochta an aerárthaigh, agus cuirfear na heilimintí a leanas san áireamh ar a laghad:

(a)

trealamh sonrach suiteáilte agus modhnuithe ar an aerárthach;

(b)

deisiúcháin a rinneadh ar an aerárthach;

(c)

comhpháirteanna atá teoranta ó thaobh saolré de agus comhpháirteanna atá criticiúil ó thaobh sábháilteachta eitilte de;

(d)

moltaí cothabhála, amhail an t-am idir eatraimh athchóirithe (“TBO”), arna n-eisiúint trí fheasacháin seirbhíse, litreacha seirbhíse, agus faisnéis seirbhíse neamhéigeantach eile;

(e)

treoracha oibríochta is infheidhme nó ceanglais a bhaineann le cigireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar threalamh áirithe;

(f)

formheasanna oibríochta speisialta;

(g)

úsáid an aerárthaigh agus an comhshaol oibríochtúil;

(6)

sainaithneoidh sé cé acu atá nó nach bhfuil na húinéirí is píolótaí údaraithe chun cothabháil a dhéanamh;

(7)

nuair a dhearbhóidh an t-úinéir é, beidh ráiteas sínithe ann lena ndearbhaíonn an t-úinéir gurb é seo an AMP do chlárú an aerárthaigh áirithe agus go bhfuil sé freagrach go hiomlán as a bhfuil ann agus, go háirithe, as aon imeacht ó mholtaí DAH;

(8)

nuair a bheidh sé formheasta ag CAMO nó CAO, síneoidh an eagraíocht sin, a choinneoidh taifid mar aon leis an údar le haon athrú a tugadh isteach i moltaí DAH;

(9)

déanfar é a athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad chun a éifeachtacht a mheas, agus déanfar an t-athbhreithniú sin, mar rogha air sin:

(a)

i gcomhar leis an athbhreithniú aeracmhainneachta den aerárthach ag an duine a dhéanann athbhreithniú aeracmhainneachta den sórt sin;

(b)

ag CAMO nó CAO a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh sna cásanna sin nuair nach ndéantar an t-athbhreithniú ar AMP i gcomhar le hathbhreithniú aeracmhainneachta.

Má léiríonn an t-athbhreithniú go bhfuil easpaí ar an aerárthach atá nasctha le heaspaí in ábhar AMP, leasófar AMP dá réir. Sa chás sin, cuirfidh an duine a dhéanann an t-athbhreithniú údarás inniúil an Bhallstáit cláraithe ar an eolas mura n-aontaíonn sé leis na bearta lena leasaítear an AMP a ghlac an t-úinéir, CAMO nó CAO. Cinnfidh an t-údarás inniúil na leasuithe ar AMP is gá, lena n-ardófar na torthaí comhfhreagracha agus, más gá, freagairt i gcomhréir le pointe ML.B.304.’.