22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 134/36 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/981 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Bealtaine 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte prasacuainteil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe. |
(2) |
Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar aon le haicmiú na substaintí sin maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
(3) |
Áirítear prasacuainteil cheana féin sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe i gcás na gcaorach agus na n-each-ainmhithe. Tá aicmiú ‘nach bhfuil gá le huasteorainn iarmhar’ ag an iontráil atá ann cheana. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, an 27 Iúil 2021, chuir VETHELLAS AEBE iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) maidir leis an iontráil atá ann cheana maidir le prasacuainteil a leathnú chun iasc eite a chumhdach. |
(5) |
An 8 Meán Fómhair 2022, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid, trí thuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, gurbh iomchuí MRL a bhunú le haghaidh prasacuainteil in iasc eite, i ndáil le matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile. |
(7) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ le haghaidh prasacuainteile sna caoirigh a eachtarshuíomh chuig athchogantaigh eile, cé is moite d’eallach. |
(8) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí MRL a bhunú le haghaidh prasacuainteile in iasc eite, i ndáil le matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha agus an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ a bhunú le haghaidh prasacuainteile i ngach athchogantach seachas na bó-ainmhithe. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘prasacuainteil’:
Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas Ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme Theiripeach |
‘Prasacuainteil |
NEAMHBHAINTEACH |
Gach athchogantach seachas bó-ainmhithe, each-ainmhithe |
Níl gá le huasteorainn iarmhar |
NEAMHBHAINTEACH |
GAN IONTRÁIL |
GAN IONTRÁIL |
Prasacuainteil (suim na n-isiméirí) |
Iasc Eite |
20 μg/kg |
Matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha |
GAN IONTRÁIL |
GAN IONTRÁIL’ |