16.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/105


RIALACHÁN (AE) 2023/957 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021 faoi UNFCCC, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos lú i gcás méadú teochta de 1,5°°C, i gcomparáid le 2 °C, agus ina bhfuil rún daingean aici leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

(2)

Is suntasaí fós a phráinní atá sé go gcoinneofaí sprioc Chomhaontú Pháras de 1,5 °C beo mar thoradh ar thorthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide ina Shéú Tuarascáil Mheasúnachta nach féidir an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C ach amháin má dhéantar astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda as seo go ceann 10 mbliana a laghdú láithreach ar bhealach láidir agus leanúnach.

(3)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’).

(4)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus arb é is aidhm dóibh an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Bíonn tionchar difriúil ag an aistriú sin ar oibrithe ó earnálacha éagsúla. An tráth céanna, tá gnéithe comhionannais inscne ag an aistriú sin mar aon le tionchar áirithe ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus leochaileach, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine arb as mionlach ciníoch nó mionlach eitneach iad agus daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal nó meánioncam íseal acu. Ina theannta sin, cuireann sé dúshláin níos mó roimh réigiúin áirithe, go háirithe réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach agus réigiúin fhorimeallacha, agus roimh oileáin chomh maith. Ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

(5)

Tá méadú tagtha ar a riachtanaí agus a luachmhaire atá sé an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ach níor tharla sin ach i bhfianaise thionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, dálaí maireachtála agus oibre, agus folláine shaoránaigh an Aontais. Tá sé léirithe leis na héifeachtaí sin gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar feabhas a chur ar a n-athléimneacht i ndáil le suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun éifeachtaí suaití seachtracha a chosc nó a mhaolú ar bhealach atá cóir agus a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Leanann saoránaigh na hEorpa de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide.

(6)

Tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, ar rannchuidiú é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.

(7)

Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an cuspóir aeráidneodracht a bhaint amach ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, agus foráiltear leis go bhfuil an Coimisiún le hiarracht a dhéanamh gach dréachtbheart nó togra reachtach a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear tograí buiséadacha, a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin sin agus, in aon chás neamhailínithe, go bhfuil sé leis na cúiseanna le neamhailíniú den sórt sin a sholáthar mar chuid den mheasúnú tionchair a ghabhann leis na tograí sin.

(8)

Is gá do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le baint amach na laghduithe astaíochtaí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, tá Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) á leasú chun gníomhaíochtaí muiriompair a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) chun a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí sin a cion féin le cuspóirí aeráide méadaithe an Aontais agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Dá bhrí sin, is gá freisin Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú chun a chur i gcuntas gur áiríodh gníomhaíochtaí muiriompair in EU ETS.

(9)

Thairis sin, chun cuspóirí aeráide méadaithe an Aontais chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras a chur i gcuntas, ba cheart raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757 a leasú. Córas láidir faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, is réamhriachtanas é sin d’aon bheartas atá bunaithe ar an margadh, aon chaighdeán éifeachtúlachta nó aon bheart ábhartha eile, bíodh sé á chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais nó ar fud an domhain. Cé gurb ionann astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus astaíochtaí fhormhór mór na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, is ionann astaíochtaí meatáin (CH4) agus ocsaíde nítriúla (N2O) agus sciar ábhartha d’astaíochtaí den sórt sin. Dá n-áireofaí astaíochtaí CH4 agus N2O i Rialachán (AE) 2015/757, rachadh sé chun tairbhe do shláine an chomhshaoil agus do dhea-chleachtais a dhreasú, agus ba cheart feidhm a bheith aige sin ó 2024 ar aghaidh. Is ionann longa lastais ghinearálta atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste agus sciar suntasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gach long lastais ghinearálta. Chun éifeachtacht chomhshaoil an chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a mhéadú, cothrom iomaíochta a áirithiú agus an riosca imchéimnithe a laghdú, ba cheart longa lastais ghinearálta atá faoi bhun 5 000 olltonnáiste ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste a áireamh i Rialachán (AE) 2015/757 ó 2025 ar aghaidh. Astaíonn longa amach ón gcósta sciar ábhartha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin freisin maidir le longa amach ón gcósta ag a bhfuil olltonnáiste 400 agus os a chionn ó 2025 ar aghaidh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2024 ar cheart cineálacha breise long atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste a áireamh i Rialachán (AE) 2015/757.

(10)

Ba cheart Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun a chur de dhualgas ar chuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus sonraí den sórt sin a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh agus a bpleananna fíoraithe faireacháin a chur faoi bhráid an údaráis sin lena bhformheas. Agus fíorú á dhéanamh ar leibhéal cuideachta, níor cheart don fhíoraitheoir na tuarascálacha astaíochtaí ar leibhéal loinge ná na tuarascálacha ar leibhéal loinge atá le tíolacadh i gcás ina n-athraítear cuideachta a fhíorú, toisc go mbeidh na tuarascálacha sin ar leibhéal loinge deimhnithe cheana féin. Chun an comhleanúnachas a áirithiú sa riarachán agus san fhorfheidhmiú, ba cheart gurbh ionann an t-eintiteas atá freagrach as Rialachán (AE) 2015/757 a chomhlíonadh agus an t-eintiteas atá freagrach as Treoir 2003/87/CE a chomhlíonadh.

(11)

Chun feidhmiú éifeachtach EU ETS ar an leibhéal riaracháin a áirithiú agus chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na modhanna faireacháin agus na rialacha faireacháin agus na rialacha tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a leagtar amach sa Rialachán sin, na rialacha maidir le formheas a dhéanamh ar phleananna faireacháin, agus athruithe orthu, ag na húdaráis riaracháin fhreagracha, na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir leis na sonraí sin a thíolacadh agus na rialacha maidir le fíorú a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir le tuarascálacha fíoraithe a eisiúint i leith na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le rialacha faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin atá riachtanach chun EU ETS a leathnú chuig gníomhaíochtaí muiriompair agus chun foráil a dhéanamh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/757 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/757

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE’;

(2)

ar fud an Rialacháin, seachas in Airteagal 2, in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 21(5) agus in Iarscríbhinní I agus II, cuirtear ‘gás ceaptha teasa’ in ionad an téarma ‘CO2’ agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu, chun laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtúil.’

;

(4)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 agus os a chionn i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear chun lastas nó paisinéirí a iompar, chun críoch tráchtála, ó chalafort cuarda deireanach long den sórt sin go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

1a.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le longa lastais ginearálta atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun olltonnáiste 400 i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear chun lastas a iompar, chun críoch tráchtála, óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir le longa amach ón gcósta atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

1b.   Ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa amach ón gcósta ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 tona agus os a chionn i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

1c.   Is iad seo a leanas na gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo:

(a)

dé-ocsaíd charbóin (CO2)

(b)

maidir le hastaíochtaí a scaoiltear ó 2024 ar aghaidh, meatán (CH4); agus

(c)

maidir le hastaíochtaí a scaoiltear ó 2024 ar aghaidh, ocsaíd nítriúil (N2O).

I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo d’iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó d’iomlán comhiomlánaithe na ngás ceaptha teasa a astaítear, tuigfear go dtagraíonn sé do mhéideanna comhiomlánaithe iomlána gach gáis ar leithligh.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” na gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 2(1c), an chéad fhomhír, a bheith á scaoileadh ag longa;

(b)

ciallaíonn “calafort cuarda” calafort cuarda mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (z), de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(c)

ciallaíonn “muiraistear” aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda;

(d)

ciallaíonn “cuideachta” an chuideachta loingseoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (w), de Threoir 2003/87/CE;

(*1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).”"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

‘(m)

ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe” an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig in aon bhliain ar leith; i gcás muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in dhá bhliain éagsúla, déanfar na sonraí ábhartha a chur i gcuntas faoin mbliain lena mbaineann;’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(p)

ciallaíonn “údarás riaracháin freagrach” an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3gf de Threoir 2003/87/CE;

(q)

ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta” suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú ag cuideachta faoin Treoir sin, i leith gach loinge atá faoina freagracht le linn na tréimhse tuairiscithe’;

(6)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Tuairisceoidh cuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a bhaineann leis na longa faoina bhfreagracht le linn tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 11a.’

;

(7)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus chun leasuithe ar Threoir 2003/87/CE a chur i gcuntas, agus chun na hIarscríbhinní sin a ailíniú leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 14(1) den Treoir sin, le rialacha idirnáisiúnta ábhartha agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun eilimintí na modhanna faireacháin a leagtar amach iontu a bheachtú, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha agus chun feidhmiú éifeachtach Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE a áirithiú.

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Beidh na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar CH4 agus N2O bunaithe ar na prionsabail chéanna leis na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, maille le haon choigeartuithe is gá chun cineál na ngás ceaptha teasa ábhartha a léiriú. Déanfar na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na modhanna agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ainm na cuideachta agus seoladh, mionsonraí teileafóin agus mionsonraí ríomhphoist duine teagmhála agus uimhir aitheantais IMO cuideachtaí uathúla agus uimhir aitheantais an úinéara chláraithe;’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid, agus déanfaidh siad na pleananna sin a thíolacadh trí úsáid a bhaint as córais uathoibrithe agus formáidí malartaithe sonraí. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid sin, lena n-áirítear na rialacha teicniúla chun iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus na rialacha teicniúla chun iad a thíolacadh go huathoibríoch. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘6.   Faoin 1 Aibreán 2024, cuirfidh cuideachtaí, maidir le gach long dá gcuid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, plean faireachán faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, ar plean é a bhfuil measúnú déanta ina leith á rá go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena léirítear gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

7.   D’ainneoin mhír 6, i gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair tar éis an 1 Eanáir 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo faoi bhráid an údaráis rialacháin fhreagraigh gan moill mhíchuí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na chéad chuairte de gach long ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

8.   Faoin 6 Meitheamh 2025, formheasfaidh na húdaráis rialacháin fhreagracha na pleananna faireacháin arna dtíolacadh ag cuideachtaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an tríú fomhír den mhír seo. Maidir le longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE den chéad uair tar éis an 1 Eanáir 2024, formheasfaidh an t-údarás riaracháin freagrach an plean faireacháin arna thíolacadh laistigh de 4 mhí tar éis na chéad chuairte den long ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an tríú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Airteagail 6 go 10 a leasú a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá sna hAirteagail sin maidir le pleananna faireacháin, chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha.’

;

(9)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi mhír 2, pointí (b), (c) agus (d), den Airteagal seo faoi réir mheasúnú an fhíoraitheora i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Tar éis an mheasúnaithe, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta i dtaobh an bhfuil na modhnuithe sin i gcomhréir. Cuirfidh an chuideachta a plean faireacháin modhnaithe faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh nuair a bheidh fógra faighte aici ón bhfíoraitheoir go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Formheasfaidh an t-údarás riaracháin freagrach modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi mhír 2, pointí (a) go (d), i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír den mhír seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le hathruithe ar na pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha.’

;

(10)

in Airteagal 10, an chéad mhír, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(k)

iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun údar a thabhairt le cur i bhfeidhm aon mhaolaithe ábhartha ó Airteagal 12(3) den Treoir sin dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) go (3-b) di.’;

(11)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Ó 2025 ar aghaidh, faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh cuideachtaí, maidir le gach long atá faoina bhfreagracht, tuarascáil astaíochtaí don tréimhse tuairiscithe iomlán den bhliain roimhe sin faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, faoi bhráid údaráis na mBratstát lena mbaineann maidir le longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu agus faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í atá fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 13. Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach a cheangal ar chuideachtaí a dtuarascálacha astaíochtaí a thíolacadh faoi dháta is luaithe ná an 31 Márta, ach tráth nach luaithe ná an 28 Feabhra.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina n-athraítear cuideachta, cuirfidh an chuideachta roimhe sin faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, faoi bhráid údaráis na mBratstát lena mbaineann maidir le longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu, faoi bhráid na cuideachta nua agus faoi bhráid an Choimisiúin, chomh gar agus is féidir don lá a chríochnaítear an t-athrú agus tráth nach déanaí ná 3 mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil fhíoraithe lena gcumhdaítear na heilimintí céanna agus atá sa tuarascáil astaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ach atá teoranta don tréimhse a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoina freagracht.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Airteagail 11, 11a agus 12 a leasú maidir leis na rialacha a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.’

;

(12)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh

1.   Cinnfidh cuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta le linn tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar shonraí na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le haghaidh gach loinge a bhí faoina bhfreagracht le linn na tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

2.   Ó 2025 ar aghaidh, cuirfidh cuideachtaí faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh faoin 31 Márta gach bliain na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta lena gcumhdaítear na hastaíochtaí sa tréimhse tuairiscithe den bhliain roimhe sin atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus atá fíoraithe i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach a cheangal ar chuideachtaí na sonraí comhiomlánaithe fíoraithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh faoi dháta níos luaithe ná an 31 Márta, ach tráth nach luaithe ná an 28 Feabhra.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh.’

;

(13)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

‘Formáid na tuarascála astaíochtaí agus tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar an tuarascáil astaíochtaí agus tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thíolacadh trí úsáid a bhaint as córais uathoibrithe agus as formáidí malartaithe sonraí, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 go 12 agus in Iarscríbhinní I agus II.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta leis na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6.

Nuair is é conclúid an fhíoraitheora, le dearbhú réasúnach, go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta saor ó mhíshonruithe ábhartha, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luaitear go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta fíoraithe chun sástachta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a fhíorú, lena n-áirítear na modhanna fíorúcháin agus an nós imeachta fíoraithe, agus maidir le tuarascáil fhíoraithe a eisiúint.’

;

(15)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána agus iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin;’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Agus fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta á mheas aige, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iomláine na sonraí arna dtuairisciú agus comhsheasmhacht na sonraí arna dtuairisciú leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an gcuideachta, lena n-áirítear a tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’

;

(16)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Maidir le fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta, comhlíonfaidh an fíoraitheoir agus an chuideachta na rialacha fíorúcháin a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13(6). Ní fhíoróidh an fíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) maidir le gach long atá faoi fhreagracht na cuideachta.’

;

(17)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Maidir le fíoraitheoirí a dhéanann measúnú ar na pleananna faireacháin, na tuarascálacha astaíochtaí, na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán seo agus na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta, agus a eisíonn na tuarascálacha fíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 13(3) agus (5) den Rialachán seo agus doiciméid comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo, beidh siad creidiúnaithe i ndáil le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.’

;

(18)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás long a mhainnigh na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó, agus i gcás inar mhainnigh bearta forfheidhmiúcháin eile comhlíonadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, seachas an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don long lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 18. I gcás ina bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain ag long den sórt sin agus ina dtagann sí isteach nó ina bhfaightear í i gcalafort dá chuid, coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an long, tar éis an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe.

I gcás ina bhfaightear long dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann de chalafoirt an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú coinneála Bratstáit a eisiúint go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe. Cuirfidh sé an Coimisiún, EMSA agus na Ballstáit eile ar an eolas ina thaobh sin.

Déanfar comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin a dheimhniú trí fhógra faoi dhoiciméad bailí comhlíontachta a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an t-ordú díbeartha. Ní dochar an mhír seo do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht maolú faoin gcéad fhomhír maidir le Ballstát arb é an t-údarás riaracháin freagrach a údarás.’;

(19)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

céannacht na loinge (ainm, cuideachta, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Gach 2 bhliain, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar foriomlán gníomhaíochtaí muiriompair ar an aeráid dhomhanda, lena n-áirítear trí astaíochtaí ó gháis ceaptha teasa seachas CO2 agus ó cháithníní a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo agus trí éifeachtaí gás ceaptha teasa agus cáithníní den sórt sin.’

;

(20)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar an taithí bhreise a fuarthas agus é á chur chun feidhme, inter alia chun longa atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo d’fhonn go bhféadfaí longa den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE ina dhiaidh sin nó d’fhonn bearta eile a mholadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa den sórt sin a laghdú. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin.’

;

(21)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), Airteagal 15(2) agus Airteagal 16(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Iúil 2015.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(8), Airteagal 7(5), Airteagal 4(4) agus Airteagal 13(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 5 Meitheamh 2023.

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana ábhartha, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), Airteagal 6(8), Airteagal 7(5), Airteagal 11(4), Airteagal 11a(4), Airteagal 13(6), Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 6(8), Airteagal 7(5), Airteagal 11(4), Airteagal 11a(4), Airteagal 13(6), Airteagal 15(5) nó Airteagal 16(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, an abairt dheireanach, den mhír seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2023 de bhun Airteagal 5(2), an dara fomhír, Airteagal 6(8), an dara fomhír, nó Airteagal 11(4).’

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 5 Meitheamh. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (5)(a) agus pointe (5)(b), den Rialachán seo, maidir le hAirteagal 3, pointí (b), (d) agus (m), de Rialachán (AE) 2015/757, ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 175.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2023.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.