16.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/1


RIALACHÁN (AE) 2023/955 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), pointe (d), Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2), agus Airteagal 322(1), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh, faoi UNFCCC, Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, ag feidhmiú di mar chruinniú de na páirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag méadú teochta 1,5 °C i gcomparáid le 2 °C, agus tá rún daingean aici a dícheall a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

(2)

Leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’) straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa uaidh faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ina bhfuil an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a athshlánú, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Ar deireadh, meastar gur cheart an t-aistriú seo a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(3)

Le glacadh Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an cuspóir aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad le hais na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Táthar ag súil go ndéanfaidh gach earnáil den gheilleagar a cion chun an sprioc sin a bhaint amach.

(4)

Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 10-11 Nollaig 2020, formhuiníodh sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú glan intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le cothroime agus leis an dlúthpháirtíocht gan duine ar bith a fhágáil ar lár. Athdhearbhaíodh na conclúidí sin i gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 -25 Bealtaine 2021, nuair a d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún a phacáiste reachtach a chur ar aghaidh gan mhoill in éineacht le mionscrúdú ar an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar leibhéal na mBallstát.

(5)

I bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a formhuiníodh leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24-25 Meitheamh 2021, cuirtear chun suntais gur gá cearta sóisialta agus an ghné shóisialta Eorpach a neartú i mbeartais uile an Aontais. Maítear i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ‘an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán; cuimsíonn sin seirbhísí uisce, sláintíochta, fuinnimh, iompair, airgeadais agus cumarsáide digití. Cuirfear tacaíocht don rochtain ar sheirbhísí den sórt sin ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.’.

(6)

Athdhearbhaíodh i nDearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 gealltanas na Comhairle Eorpaí oibriú i dtreo Eoraip shóisialta a bhaint amach ina neartófar an t-aistriú cóir, mar aon lena díograis maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dhoimhniú ar leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

(7)

Chun an gealltanas i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í chun dlús a chur le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(8)

Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar shaoránaigh agus ar na Ballstáit. Go háirithe, trí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, ó iompar de bhóthar agus ó earnálacha eile a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin, ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. In éineacht le bearta eile, ba cheart go rannchuideodh sé sin, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, le bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair a laghdú, costais foirgneamh agus iompair de bhóthar a laghdú, agus, i gcás inarb ábhartha, deiseanna nua a chur ar fáil chun poist ardcháilíochta a chruthú agus le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe, atá ailínithe go hiomlán le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

(9)

Mar sin féin, teastaíonn acmhainní chun na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú. Ina theannta sin, sula ndéanfar infheistíochtaí den sórt sin, is dócha go n-ardófar na costais a íocann teaghlaigh agus úsáideoirí iompair le haghaidh téimh, fuarú, cócaireachta, agus iompar de bhóthar, de réir mar a chuireann na soláthróirí breosla atá faoi réir na n-oibleagáidí faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar na costais charbóin ar aghaidh chuig tomhaltóirí.

(10)

Beidh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta ag an aistriú aeráide atá deacair a mheas ex ante. Beidh gá le hacmhainní suntasacha poiblí agus príobháideacha chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach. Is modh éifeachtach iad infheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh, chomh maith le córais téimh atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, ar nós téamh le teaschaidéil leictreacha, téamh agus fuarú ar leibhéal ceantair agus rannpháirtíocht i gcomhphobail fuinnimh inathnuaite, chun spleáchas ar allmhairí agus astaíochtaí a laghdú agus athléimneacht an Aontais a mhéadú ag an am céanna. Tá gá le cistiú tiomnaithe chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

(11)

Is féidir tionchar díréireach a bheith ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i gcás réigiún áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne um shoghluaisteacht agus iompar agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainneacht airgeadais acu le hinfheistiú chun a n-ídiú breosla iontaise a laghdú. Le sainiúlachtaí geografacha, amhail oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, forimill nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl, is féidir tionchair shonracha a bheith acu, i gcomhthéacs na bochtaineachta iompair ar leochaileacht teaghlach, micrifhiontar agus úsáideoirí iompair. Dá bhrí sin, ba cheart na sainiúlachtaí geografacha sin a chur san áireamh agus bearta agus infheistíochtaí á n-ullmhú chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha, i gcás inarb infheidhme agus inarb ábhartha.

(12)

Ba cheart cuid den ioncam a ghintear trí fhoirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha eile a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. Ba cheart a léiriú le méid foriomlán an Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú faoin Rialachán seo (‘an Ciste’) leibhéal na huaillmhéine dícharbónaithe a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha eile a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

(13)

Is ábhartha fós é cuid den ioncam a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as foirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha eile a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanacha atá mar chloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus caighdeán maith sláinte, amhail teas leordhóthanach trí théamh, fuarú, de réir mar a théann teochtaí in airde, soilsiú agus fuinneamh chun cumhacht a sholáthar d’fhearais. I suirbhé uile-Aontais a rinneadh in 2021, dúirt thart ar 34 mhilliún Eorpach, beagnach 6,9 % de dhaonra an Aontais, nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh don Aontas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh sa ghearrthéarma, ní féidir ach le bearta struchtúracha spriocdhírithe, go háirithe athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear trí rochtain ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite agus cur chun cinn gníomhach foinsí inathnuaite fuinnimh trí bhearta faisnéise agus múscailte feasachta atá dírithe ar theaghlaigh, agus athchóirithe foirgneamh a chuireann leis na cuspóirí arna mbunú i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), réitigh mharthanacha a sholáthar agus cabhrú go héifeachtach le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Ba cheart é a bheith indéanta an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh faoin Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta chun toradh na caibidlíochta maidir le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) a léiriú.

(14)

D’fhéadfadh níos lú éilimh ar fhuinneamh a bheith mar thoradh ar chur chuige iomlánaíoch i leith athchóirithe foirgneamh lena gcuirtear san áireamh ar bhealach níos éifeachtúla daoine atá i mbaol eisiaimh, eadhon iad siúd is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an tacaíocht faoin gCiste d’earnáil na bhfoirgneamh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, feabhsú as a dtiocfaidh laghdú ar thomhaltas fuinnimh do gach teaghlach, laghdú a bheadh le feiceáil acu ó thaobh an mhéid airgid a shábhálfaí, agus, mar thoradh air sin, go dtabharfaí dóibh bealach amháin chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Le hathbhreithniú ar Threoir 2010/31/AE, leagfaí síos na forais chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

(15)

Ós rud é nár sainmhíníodh bochtaineacht iompair ar leibhéal an Aontais go fóill, ba cheart sainmhíniú den sórt sin a thabhairt isteach chun críoch an Rialacháin seo. D’fhéadfadh bochtaineacht iompair a bheith ina saincheist níos práinní fós, mar a aithnítear sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (8), agus go mbeadh laghdú ar an rochtain ar ghníomhaíochtaí agus ar sheirbhísí socheacnamaíocha bunriachtanacha mar shampla fostaíocht, oideachas nó cúram sláinte, go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do theaghlaigh leochaileacha. Is iondúil gurb é ceann amháin nó meascán de thosca, mar shampla ioncam íseal, caiteachas ard ar bhreosla, nó easpa iompair phríobháidigh nó phoiblí atá inacmhainne nó inrochtana, is cúis leis an mbochtaineacht iompair. Is féidir le bochtaineacht iompair difear a dhéanamh go háirithe do dhaoine aonair agus do theaghlaigh i limistéir thuaithe, oileánacha, fhorimeallacha, shléibhtiúla, iargúlta agus limistéir nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó i réigiúin nó i gcríocha beagfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha bheagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí.

(16)

Ba cheart an Ciste a bhunú chun cistí a chur ar fáil do na Ballstáit le tacú lena mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bheidh ag an gcóras trádála astaíochtaí a thabhairt isteach le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart é sin a bhaint amach go háirithe trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a chur ar fáil agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, gan beann ar cé hé úinéir na bhfoirgneamh sin, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú, agus trí rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle chun tairbhe teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ní mór aird a thabhairt ar na cineálacha éagsúla tithíochta cíosa, lena n-áirítear iad siúd ar an margadh cíosa príobháideach. D’fhéadfaí tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha, mar shampla in-asbhainteacht costas athchóirithe ón gcíos, a chur san áireamh i measc na mbeart chun tionóntaí agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chur san áireamh.

(17)

Ba cheart do gach Ballstát plean aeráide sóisialta (‘an Plean’) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart na Pleananna a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2025 ionas gur féidir iad a bhreithniú go cúramach agus go tráthúil. Ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear réiteach fadtéarmach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú chun cinn agus d’fhéadfaidís bearta eile a bheartú, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach, chun éifeachtaí díobhálacha ar ioncam a mhaolú sa ghearrthéarma. Ba cheart do na Pleananna dhá chuspóir a shaothrú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart dóibh na hacmhainní is gá a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú téimh agus fuaraithe, i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú agus a dhéanamh, lena n-áirítear trí dhearbháin, fóirdheontais nó iasachtaí saor ó ús. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh an tionchar a bheidh ag an méadú ar chostas breoslaí iontaise ar na daoine is leochailí a mhaolú agus ar an gcaoi sin an bhochtaineacht fuinnimh agus an bhochtaineacht iompair le linn na tréimhse aistrithe a chosc go dtí go mbeidh infheistíochtaí den sórt sin déanta. Leis na Pleananna, d’fhéadfaí tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta. Agus bearta á gcur chun feidhme acu chun tacú le húsáideoirí iompair leochaileacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tús áite a thabhairt do thacaíocht d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha ina bPleananna, ar choinníoll gur réiteach inacmhainne agus in-imscartha é.

(18)

Is iad na Ballstáit, i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, is fearr atá in ann Pleananna a dhearadh, a chur chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, a leasú, ar Pleananna iad atá oiriúnaithe agus spriocdhírithe ar a n-imthosca áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, ar na beartais atá acu cheana sna réimsí ábhartha agus ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cistí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart comhairliúchán poiblí leis na geallsealbhóirí a reáchtáil gach uair a cheanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean. Is ar an dóigh sin, is fearr is féidir éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, institiúidí taighde agus nuálaíochta, geallsealbhóirí tionsclaíocha agus ionadaithe don idirphlé sóisialta, chomh maith le himthosca náisiúnta a léiriú agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha.

(19)

Ba cheart na Pleananna a dhearadh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad a chuirtear ar fáil. Chun ualaí riaracháin iomarcacha a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann mionchoigeartuithe nó earráidí cléireachais a cheartú sna Pleananna, trí fhógra simplí a thabhairt don Choimisiún faoi na hathruithe sin. Ba cheart gur mhéadú nó laghdú níos lú ná 5 % den sprioc a bheartaítear sa Phlean a bheadh sna mionchoigeartuithe.

(20)

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar.

(21)

Go dtí go mbeidh tionchar ag na hinfheistíochtaí sin ar chostais agus astaíochtaí a laghdú, rannchuideodh tacaíocht ioncaim dhíreach dhea-spriocdhírithe do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha le laghdú ar chostais fuinnimh agus soghluaisteachta agus thacódh sí leis an aistriú cóir. Ba cheart an tacaíocht ioncaim dhíreach sin a thuiscint mar bheart sealadach a ghabhann le dícharbónú na n-earnálacha tithíochta agus iompair. Ní bheadh an tacaíocht buan toisc nach dtugann sí aghaidh ar na príomhchúiseanna atá le bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair. Níor cheart tacaíocht den sórt sin a úsáid ach chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhíreacha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Theoir 2003/87/CE, agus níor cheart í a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chostais leictreachais nó teasa a bhaineann le táirgeadh cumhachta agus téimh a áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin. Ba cheart don incháilitheacht le haghaidh na tacaíochta ioncaim dírí sin a bheith teoranta ó thaobh ama. Ba cheart spriocdhíriú ar fhaighteoirí na tacaíochta ioncaim dírí, mar bhaill de ghrúpa ginearálta faighteoirí, le bearta agus infheistíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu na faighteoirí sin a thógáil amach go héifeachtach as bochtaineacht fuinnimh agus as bochtaineacht iompair. Ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht ioncaim dhíreach a áireamh sna Pleananna ar choinníoll go bhfuil bearta nó infheistíochtaí iontu freisin a mbeidh tionchair mharthanacha acu atá spriocdhírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha a fhaigheann tacaíocht ioncaim dhíreach.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt i measc teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha trí fhaisnéis, oideachas agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, agus tacaíocht atá ar fáil, lena n-áirítear trí iniúchtaí fuinnimh ar fhoirgnimh, mar aon le comhairliúcháin shaincheaptha fuinnimh nó seirbhísí saincheaptha bainistithe soghluaisteachta.

(23)

Ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais Chomhaontú Pháras, agus an gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, tá sé i gceist go mbeidh na bearta agus na hinfheistíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an sprioc gur cheart ar a laghad 30 % de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (9) (‘CAI 2021-2027’) agus de mhéid iomlán Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (10), agus 37 % ar a laghad de mhéid iomlán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), a chaitheamh ar chuspóirí aeráide a phríomhshruthú. Tá sé beartaithe freisin go mbeidh na bearta agus na hinfheistíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil a sholáthar faoi CAI 2021-2027 do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil a sholáthar faoi CAI 2021-2027 do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh ag an am céanna.

Chun na críche sin, ba cheart an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a úsáid chun caiteachais an Chiste a rianú. Leis an gCiste ba cheart tacú le bearta agus infheistíochtaí lena n-urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Níor cheart ach bearta agus infheistíochtaí den sórt sin a áireamh sna Pleananna. Ba cheart a mheas, mar riail ghinearálta, nach mbíonn tionchar suntasach intuartha ag bearta tacaíochta ioncaim dírí ar chuspóirí comhshaoil agus, dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a eisiúint do na Ballstáit i bhfad sula n-ullmhófar na Pleananna. Ba cheart míniú a thabhairt sa treoir ar an gcaoi a bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh.

(24)

Bíonn tionchar díréireach ag bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair ar mhná, go háirithe máithreacha singile, ar 85 % de theaghlaigh aontuismitheora iad, chomh maith le mná singile, mná faoi mhíchumas, agus mná scothaosta atá ina gcónaí ina n-aonar. Ina theannta sin, tá patrúin soghluaisteachta difriúla agus níos casta ag mná. Tá riosca ard bochtaineachta ann go háirithe i gcás teaghlaigh aontuismitheora a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, chomh maith le cearta inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas a chumhdach agus a chur chun cinn fad atá Pleananna á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

(25)

Is féidir le custaiméirí gníomhacha, pobail fuinnimh saoránach agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí cabhrú leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach trí chur chuige ón mbun aníos arna thionscnamh ag saoránaigh. Déanann siad tomhaltóirí a chumhachtú agus tugann siad páirt dóibh agus cuireann siad ar chumas grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a bheith rannpháirteach i mbearta agus in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, tacú le fuinnimh inathnuaite a bheith á húsáid ag teaghlaigh agus, ag an am céanna, rannchuidiú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit ról na bpobal fuinnimh saoránach agus na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn agus a mheas mar thairbhithe incháilithe den Chiste.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le maoiniú, costais mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus an rannchuidiú náisiúnta a áireamh sna Pleananna. Nuair a bheidh a bPleananna á dtíolacadh acu, ba cheart do na Ballstáit na costais iomlána mheasta a thíolacadh gan an cháin bhreisluacha (CBL) a áireamh chun inchomparáideacht idir na Pleananna a chumasú. Ba cheart príomh-gharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith sna Pleananna freisin ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart agus na n-infheistíochtaí.

(27)

Ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach de réir na n-athchóirithe atá beartaithe agus na ngealltanas atá tugtha ag na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), faoi Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, faoi chláir beartais chomhtháthaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, faoi phleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), faoi phleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, faoin gCiste don Nuachóiriú, mar a leagtar amach in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, agus faoi straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh na mBallstát i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE. Chun éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis a áirítear sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis na gníomhartha reachtacha agus na pleananna sin.

(28)

Ar mhaithe le pleanáil níos éifeachtúla, ba cheart do na Ballstáit a léiriú ina bPleananna na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcóras trádála astaíochtaí a bhunaítear i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chur ar atráth, de bhun Airteagal 30k den Treoir sin. Chuige sin, ba cheart idirdhealú críochnúil a dhéanamh idir an fhaisnéis ábhartha uile atá le cur san áireamh sa Phlean agus an fhaisnéis sin a dheighilt ina dhá chás, eadhon, trí chur síos agus cainníochtú a dhéanamh ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean.

(29)

Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais ón gCiste. Ba cheart íocaíochtaí ón gCiste a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear sna Pleananna a bhaint amach. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí imthosca agus tosaíochtaí náisiúnta a chur san áireamh, agus maoiniú á shimpliú agus comhtháthú an mhaoinithe faoin gCiste le cláir caiteachais náisiúnta eile á éascú agus tionchar agus sláine chaiteachas an Aontais á ráthú ag an am céanna.

(30)

Ba cheart an Ciste a mhaoiniú go heisceachtúil agus go sealadach leis an ioncam a ghintear ó cheantáil 50 milliún lamháltas de bhun Airteagal 10a(8b) de Threoir 2003/87/CE, le 150 milliún lamháltas de bhun Airteagal 30d(3) den Treoir sin agus le méid lamháltas breise de bhun Airteagal 30d(4) den Treoir sin, ar cheart ioncam sannta seachtrach a bheith ann. I bprionsabal, ba cheart uasmhéid EUR 65 000 000 000 a chur ar fáil chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2026-2032. Áiritheoidh an Coimisiún ceantáil lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir sin. I gcás ina gcuirfear an córas trádála astaíochtaí arna bhunú i gcomhréir leis an gCaibidil sin ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k den Treoir sin, ba cheart gurb é EUR 54 600 000 000 an t-uasmhéid a bheadh ar fáil chun an Ciste a chur chun feidhme. Léiríonn an méid sin agus na méideanna bliantúla go bhfuil gá le níos mó maoinithe ag tús an Chiste. Ba cheart an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh do gach Ballstát i gcomhréir le modheolaíocht leithdháilte lena soláthrófar, go háirithe, tacaíocht bhreise do na Ballstáit sin ar mó an tionchar orthu mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Ós rud é go bhfuil an t-ioncam sannta seachtrach le cur ar fáil tar éis lamháltais a cheantáil de bhun Airteagail 10a(8b), 30d(3) agus 30d(4) de Threoir 2003/87/CE, is gá foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 22(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) chun go mbeidh an tAontas in ann gealltanas a thabhairt gach bliain maidir leis na méideanna is gá chun na híocaíochtaí leis na Ballstáit a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh riar na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta.

(31)

Ba cheart do Bhallstáit 25 % ar a laghad de chostais iomlána mheasta a bPleananna a ranníoc.

(32)

Ba cheart a bheith in ann na gealltanais bhuiséadacha a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla, de réir mar is iomchuí. Ba cheart a chur san áireamh sna comhaontuithe leis na Ballstáit arb ionann iad agus gealltanais dhlíthiúla aonair, inter alia, an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 30k de Threoir 2003/87/CE a d’fhéadfadh moill bliana a spreagadh maidir le tús a chur le trádáil astaíochtaí d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus d’earnálacha breise. Leis na comhaontuithe sin, ba cheart aon rioscaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas a chur san áireamh, a bhféadfadh leasú ar na gealltanais dhlíthiúla aonair a bheith ag teastáil ina leith, i ngeall ar shainiúlachtaí mhaoiniú sealadach agus eisceachtúil an Chiste trí ioncam sannta seachtrach arna ghiniúint ó lamháltais an chórais trádála astaíochtaí.

(33)

Chun acmhainní breise don Chiste a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go n-aistreofaí acmhainní chuig an gCiste ó na cláir beartais chomhtháthaithe faoi bhainistíocht roinnte, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1060, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme a leithdháiltí faoin gCiste, ba cheart é a bheith indéanta acmhainní a aistriú óna leithdháileadh airgeadais bliantúil chuig cistí faoi bhainistíocht roinnte dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060, suas le huasteorainn 15 %. D’fhonn an t-ualach riaracháin a eascraíonn as aistrithe leantacha acmhainní óna leithdháileadh airgeadais bliantúil ón gCiste chuig cistí faoi bhainistíocht roinnte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/1060 a mhaolú, níor cheart, i bprionsabal, an leasú comhfhreagrach ar chlár amháin nó níos mó a cheangal ach aon uair amháin, faoi réir coinníollacha áirithe chun rialú éifeachtach airgeadais a áirithiú. Ba cheart go bhféadfaí tuilleadh aistrithe a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin trí na táblaí airgeadais a chur in iúl don Choimisiún, ar choinníoll go mbaineann na hathruithe go heisiach le méadú ar na hacmhainní airgeadais, gan aon athruithe eile a dhéanamh ar an gclár lena mbaineann.

(34)

Ba cheart don Chiste tacú le bearta a thugann urraim do phrionsabal na breisíochta maidir le cistiú ón Aontas. Níor cheart an Ciste a bheith in ionad caiteachas náisiúnta athfhillteach, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear íocaíochtaí costas le haghaidh gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a léirítear sna Pleananna.

(35)

Chun leithdháileadh éifeachtúil, trédhearcach agus comhleanúnach cistí a áirithiú, agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais, cláir leanúnacha náisiúnta agus i gcás inarb iomchuí, réigiúnacha agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte ón gCiste nó ó chláir eile de chuid an Aontais le haghaidh an chaiteachais chéanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistiúcháin a choimirciú. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais a chur ar fáil agus a bPleananna á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu. Ba cheart do thacaíocht airgeadais faoin gCiste a bheith sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Ba cheart do bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste a bheith in ann maoiniú a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

(36)

Ba cheart íocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn chinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an mBallstát lena mbaineann. Is gá, dá bhrí sin, maolú ó Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ionas gur féidir leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta tosú ó dháta a chuireann an Coimisiún an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus ní ón dáta ar a bhfaightear an t-iarratas ar íocaíocht.

(37)

Tar éis anailís a dhéanamh ar na hiarrataí uile ar íocaíocht a fhaightear i mbabhta áirithe, agus mura leor na hioncaim a sannadh don Chiste i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE chun na hiarrataí ar íocaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit a chumhdach, ba cheart don Choimisiún íoc leis na Ballstáit ar bhonn pro rata chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhionann do na Ballstáit. Sa chéad bhabhta eile d’iarrataí ar íocaíocht, ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil íocaíochtaí moillithe acu ón mbabhta d’iarrataí ar íocaíocht roimhe sin, agus níor cheart dó na hiarrataí ar íocaíocht a tíolacadh a íoc ach amháin ina dhiaidh sin.

(38)

Chun ullmhú na bPleananna a éascú agus chun rialacha trédhearcacha a áirithiú maidir le faireachán agus meastóireacht, ba cheart liosta na gcomhtháscairí agus teimpléad na bPleananna a áireamh sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann comhtháscairí ábhartha a úsáid chun na garspriocanna agus na spriocanna a leagan amach ina bPleananna. Ba cheart na comhtháscairí a bheith i liosta na gcomhtháscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna agus an Chiste.

(39)

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear calaois, calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Tá an Ciste faoi réir córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit arna mbunú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(40)

Chun críche na bainistíochta fónta airgeadais, agus cineál feidhmíocht-bhunaithe an Chiste á urramú ag an am céanna, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i dtaca le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí, agus na cistí a ghnóthú mar aon le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Maidir leis an úsáid a bhainfear as cistí i ndáil le bearta a dtacaíonn an Ciste leo, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndeonaítear an tacaíocht sin i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go ndéanfar cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. I gcás nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Plean chun feidhme ar bhealach sásúil, nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha, eadhon calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa maidir leis na bearta a dtacaíonn an Ciste leo nó i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach ar oibleagáid faoi na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais, ba cheart a bheith in ann comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh, chomh maith leis an leithdháileadh airgeadais a laghdú agus a aisghabháil. I gcás ina ndéantar comhaontú a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh nó leithdháileadh airgeadais a laghdú agus a aisghabháil, ba cheart na méideanna sin a leithdháileadh ar na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2033 de réir na rialacha maidir le leithdháileadh lamháltas a leagtar amach in Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart nósanna imeachta bréagnaitheacha iomchuí a bhunú chun a áirithiú go n-urramófar, leis na cinntí ón gCoimisiún i ndáil leis na méideanna a íocadh a chur ar fionraí agus a aisghabháil nó na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh, an ceart atá ag na Ballstáit barúlacha a thíolacadh.

(41)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach. Cé gurb é an Ballstát féin atá freagrach go príomha as a áirithiú go gcuirfear an Ciste chun feidhme i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ráthaíocht leordhóthanach a fháil ó na Ballstáit ina leith sin. Chuige sin, agus an Ciste á chur chun feidhme, ba cheart do Bhallstáit feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú agus ba cheart dóibh méideanna a íocadh go míchuí nó a mí-úsáideadh a aisghabháil. Ba cheart do na Ballstáit, maidir leis sin, a bheith in ann brath ar a ngnáthchórais bainistíochta buiséid náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit catagóirí caighdeánaithe sonraí agus faisnéise a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i gcóras leictreonach, lenar féidir neamhrialtachtaí tromchúiseacha a chosc, a bhrath agus a cheartú i ndáil leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, eadhon calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa. Ba cheart don Choimisiún córas faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil, lena n-áirítear aon uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin, chun rochtain a fháil ar na sonraí agus an fhaisnéis sin agus anailís a dhéanamh orthu. Ba cheart don Choimisiún úsáid an chórais faisnéise agus faireacháin sin a mholadh d’fhonn go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é ar bhonn ginearálaithe.

(42)

Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún, an Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF), an Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus faireacháin de réir a n-inniúlachtaí agus a gceart féin.

(43)

Níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ná don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin nuair is gá leis chun urscaoileadh, iniúchadh agus rialú, faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht a áirithiú maidir le húsáid cistí i ndáil le bearta cur chun feidhme faoin gCiste. Ba cheart na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cibé acu is infheidhme.

(44)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (21), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (22), agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (23), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá sé de chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa agus ciontaí coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a imscrúdú agus a ionchúiseamh (24). I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, do OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(45)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus bainistíocht indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(46)

Ba cheart Rialachán (AE) 2021/1060 a leasú dá réir.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le haistriú atá cóir go sóisialta i dtreo neodracht aeráide trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste Aeráide Sóisialta (‘an Ciste’) don tréimhse ó 2026 go 2032.

Leis an gCiste, soláthrófar tacaíocht airgeadais do na Ballstáit le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear ina bPleananna Aeráide Sóisialta (‘na Pleananna’).

Teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus dá ndéantar difear ar leith de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair, bainfidh siad leas as na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ easpa rochtana a bheith ag teaghlach ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus faoi chaighdeán maith sláinte, lena n-áirítear teas leormhaith, fuarú leormhaith agus soilsiú leormhaith, agus an fuinneamh chun cumhacht a sholáthar d’fhearais leictreacha, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, sa bheartas sóisialta reatha agus i mbeartais ábhartha eile;

(2)

ciallaíonn ‘bochtaineacht iompair’ neamhábaltacht nó deacracht daoine aonair agus teaghlach na costais a bhaineann le hiompar príobháideach nó poiblí a sheasamh, nó easpa rochtana nó rochtain theoranta a bheith acu ar an iompar is gá ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí socheacnamaíocha bunriachtanacha agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha bunriachtanacha, agus an comhthéacs náisiúnta agus spásúil á chur san áireamh;

(3)

ciallaíonn ‘costais iomlána mheasta an Phlean’ costais iomlána mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa Phlean;

(4)

ciallaíonn ‘leithdháileadh airgeadais’ tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin gCiste atá ar fáil lena leithdháileadh, nó a leithdháileadh, ar Bhallstát;

(5)

ciallaíonn ‘garsprioc’ rud cáilíochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas maidir le beart nó infheistíocht a bhaint amach;

(6)

ciallaíonn ‘sprioc’ rud cainníochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas maidir le beart nó infheistíocht a bhaint amach;

(7)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite’ nó ‘fuinneamh inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(8)

ciallaíonn ‘teaghlach’ teaghlach príobháideach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(9)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a gclár comhardaithe bliantúil EUR 2 mhilliún, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (27);

(10)

ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(11)

ciallaíonn ‘micrifhiontair leochaileacha’ micrifhiontair dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair ar phraghsanna a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh nó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus, chun críoch a ngníomhaíochta, nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú, nó feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí, de réir mar is ábhartha;

(12)

ciallaíonn ‘úsáideoirí iompair leochaileacha ’ daoine aonair agus teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair, ach daoine aonair agus teaghlaigh freisin, lena n-áirítear iad sin ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair ar phraghsanna a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí;

(13)

ciallaíonn ‘athchóiriú foirgneamh’ aon chineál athchóirithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh, a bhfuil sé d’aidhm aige feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, amhail insliú imchlúdach an fhoirgnimh, is é sin le rá na ballaí, an díon, an t-urlár agus athsholáthar na bhfuinneog, agus córais theicniúla foirgneamh a shuiteáil, i gcomhréir le haon chaighdeáin sábháilteachta náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear trí rannchuidiú leis na ceanglais athchóirithe a bhunaítear sa Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú);

(14)

ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgnimh’ an fearas teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite ar an láthair, nó meascán d’fhearas teicniúil den sórt sin, lena n-áirítear na córais sin a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite;

(15)

ciallaíonn ‘custaiméir gníomhach’ custaiméir gníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28);

(16)

ciallaíonn ‘pobal fuinnimh saoránach’ pobal fuinnimh saoránach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944;

(17)

ciallaíonn ‘comhphobal fuinnimh inathnuaite’ comhphobal fuinnimh inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001;

(18)

ciallaíonn ‘trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí’ trádáil idir piaraí d’fhuinnimh inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2018/2001;

(19)

ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle’ feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (m), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an gCiste rannchuidiú le haistriú atá cóir go sóisialta i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

2.   Is iad na cuspóirí sonracha a bheidh ag an gCiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, le micrifhiontair leochaileacha agus le húsáideoirí iompair leochaileacha, trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú i bhfoirgnimh, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle.

CAIBIDIL II

Pleananna Aeráide Sóisialta

Airteagal 4

Pleananna Aeráide Sóisialta

1.   Cuirfidh gach Ballstát a Phlean faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí náisiúnta arb ann dóibh cheana nó atá nua sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaisteacht inacmhainne a áirithiú, agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát comhsheasmhacht idir a Phlean agus a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

3.   Féadfar bearta náisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh sa Phlean chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

4.   Áireofar sa Phlean bearta agus infheistíochtaí náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir le hAirteagal 8, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú;

(b)

an glacadh atá le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú.

5.   I gcás ina bhfuil córas náisiúnta trádála astaíochtaí i bhfeidhm ag Ballstát cheana féin le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar nó le haghaidh cáin charbóin, féadfar a áireamh sa Phlean na bearta náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin chun na tionchair shóisialta agus na dúshláin shóisialta a mhaolú ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo.

Airteagal 5

Comhairliúchán poiblí

1.   Cuirfidh gach Ballstát Plean faoi bhráid an Choimisiúin tar éis comhairliúchán poiblí le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le hionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí don óige agus le geallsealbhóirí eile. Déanfaidh gach Ballstát an comhairliúchán sin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le creat dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát achoimre ar an méid seo a leanas ina Phlean:

(a)

an comhairliúchán arna dhéanamh de bhun mhír 1; agus

(b)

conas a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí a ghlac páirt sa chomhairliúchán sa Phlean.

3.   Chun críocha Airteagal 16(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar forbraíodh an Plean i gcomhairle le geallsealbhóirí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

4.   Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí shamplaí de dhea-chleachtais na gcomhairliúchán maidir leis na Pleananna a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(4).

Airteagal 6

Inneachar na bPleananna Aeráide Sóisialta

1.   Leagfar amach na gnéithe seo a leanas sa Phlean:

(a)

bearta agus infheistíochtaí nithiúla i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 8 chun na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo a laghdú, mar aon le míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh na bearta agus na hinfheistíochtaí sin go héifeachtúil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach laistigh de leagan amach foriomlán bheartais ábhartha an Bhallstáit;

(b)

i gcás inarb ábhartha, bearta tionlacain nithiúla atá comhleanúnach go frithpháirteach agus treisithe chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur i gcrích agus na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (d) a laghdú;

(c)

faisnéis faoi mhaoiniú beart agus infheistíochtaí, ar maoiniú é atá ann cheana nó atá beartaithe, ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, ó fhoinsí eile idirnáisiúnta, ó fhoinsí eile poiblí nó, i gcás inarb ábhartha, ó fhoinsí eile príobháideacha a rannchuidíonn leis na bearta agus leis na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, lena n-áirítear faisnéis faoi thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach;

(d)

meastachán ar na héifeachtaí dóchúla a bheadh ag an méadú ar phraghsanna mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE ar theaghlaigh, go háirithe ar mhinicíocht na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair; táthar le hanailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal críochach iomchuí mar atá sainithe ag gach Ballstát, agus sonraíochtaí agus gnéithe náisiúnta á gcur san áireamh, amhail rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha, agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh á sainaithint;

(e)

líon measta agus sainaithint na dteaghlach leochaileach, na micrifhiontar leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha;

(f)

míniú ar an gcaoi a bhfuil na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair le cur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta;

(g)

i gcás ina bhforáiltear sa Phlean maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), na critéir chun faighteoirí deiridh incháilithe a shainaithint, an teorainn ama a bheartaítear le haghaidh na mbeart atá i gceist agus an t-údar atá leo ar bhonn meastachán cainníochtúil agus míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go laghdóidh na bearta sin bochtaineacht fuinnimh, bochtaineacht iompair agus a leochailí atá teaghlaigh i leith méadú ar phraghsanna breoslaí iompair de bhóthar agus breoslaí téimh;

(h)

na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe agus tráthchlár táscach cuimsitheach maidir le cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá le tabhairt i gcrích faoin 31 Iúil 2032;

(i)

i gcás inarb infheidhme, tráthchlár chun tacaíocht d’fheithiclí astaíochtaí ísle a laghdú de réir a chéile;

(j)

costais iomlána mheasta an Phlean, lena ngabhann údar agus mínithe iomchuí ar an gcaoi a bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an bPlean;

(k)

an ranníocaíocht náisiúnta a bheartaítear le costais iomlána mheasta an Phlean, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(l)

cé is moite de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo, míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bPlean nach ndéanfadh aon cheann de na bearta ná na hinfheistíochtaí dochar suntasach do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

(m)

na socruithe maidir leis an bhfaireachán éifeachtach agus leis an gcur chun feidhme éifeachtach a dhéanann an Ballstát lena mbaineann ar an bPlean, go háirithe na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, na comhtháscairí ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV agus, mura bhfuil aon cheann de na táscairí sin ábhartha do bheart sonrach nó d’infheistíocht shonrach, táscairí aonair breise arna moladh ag an mBallstát lena mbaineann;

(n)

maidir le hullmhú an Phlean agus, i gcás ina bhfuil fáil air, maidir le cur chun feidhme an Phlean, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 5;

(o)

míniú ar chóras an Bhallstáit chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na leithdháiltí airgeadais arna soláthar faoin gCiste, agus ar na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;

(p)

i gcás inarb infheidhme agus inarb ábhartha, míniú ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh sa Phlean sainiúlachtaí geografacha, amhail oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, ceantair imeallacha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl;

(q)

i gcás inarb ábhartha, míniú ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm leis na bearta agus na hinfheistíochtaí aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne.

2.   Féadfar a áireamh sa Phlean na gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil is gá chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a riar go héifeachtach agus a chur chun feidhme go héifeachtach.

3.   Beidh an Plean comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear sna nithe seo a leanas agus leis na gealltanais a thug an Ballstát faoi na nithe seo a leanas:

(a)

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

(b)

a chláir beartais chomhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(c)

a phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi Rialachán (AE) 2021/241;

(d)

a phlean athchóirithe foirgneamh faoin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú);

(e)

a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta faoi Rialachán (AE) 2018/1999; agus

(f)

a phleananna críochacha um aistriú cóir faoi Rialachán (AE) 2021/1056.

4.   Agus na Pleananna á n-ullmhú, eagróidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear maidir le bearta costéifeachtacha agus infheistíochtaí atá le háireamh sna Pleananna. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA), a bunaíodh le Comhaontú idir an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta in 2009, nó faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

5.   Chun críocha mhír 1, pointe (l), den Airteagal seo, soláthróidh an Coimisiún treoir theicniúil do na Ballstáit, agus í saincheaptha do raon feidhme an Chiste, maidir le comhlíonadh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ag bearta agus infheistíochtaí.

6.   Chun cabhrú leis na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo a sholáthar, soláthróidh an Coimisiún comhluach atá le meas mar mheastachán ar phraghas an charbóin a eascraíonn as astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, ó iompar de bhóthar agus ó earnálacha eile a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

7.   Úsáidfidh gach Ballstát an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V don Phlean.

CAIBIDIL III

Tacaíocht ón gCiste le haghaidh Pleananna Aeráide Sóisialta

Airteagal 7

Na prionsabail lena rialaítear an Ciste

1.   Soláthróidh an Ciste tacaíocht airgeadais do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina bPleananna a chistiú.

2.   Ní íocfar tacaíocht airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo le gach Ballstát ach amháin ar choinníoll go mbainfidh an Ballstát sin amach na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus an cuspóir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus cumhdófar leo go háirithe:

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

athchóiriú foirgneamh;

(c)

soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle;

(d)

laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(e)

laghduithe ar líon na dteaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na micrifhiontar leochaileach agus líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha.

3.   Ní thacóidh an Ciste ach le bearta agus infheistíochtaí a chomhlíonann an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.

4.   Leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus, i gcás inarb ábhartha, rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta sna réimsí a chumhdaítear le bearta agus infheistíochtaí an Chiste.

Airteagal 8

Bearta agus infheistíochtaí incháilithe atá le háireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta

1.   Féadfaidh an Ballstát na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a bhfuil tionchair mharthanacha acu a áireamh i gcostais iomlána mheasta an Phlean, ar choinníoll go ndírítear iad ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha nó ar úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le hathchóiriú foirgneamh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha atá sna foirgnimh is lú feidhmíochta, agus lena n-áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(b)

tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;

(c)

rannchuidiú le dícharbónú a dhéanamh, amhail trí leictriú, ar théamh agus fuarú foirgneamh, agus ar chócaireacht iontu, trí rochtain a sholáthar ar chórais inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, agus trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun glacadh féintomhaltas fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, amhail comhroinnt fuinnimh agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí, nascadh le heangacha cliste agus le gréasáin téimh ceantair, a rannchuidíonn le coigilteas fuinnimh a bhaint amach nó le bochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(d)

faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne;

(e)

tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe comharchumainn phoiblí–phríobháideacha, chun réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí cistiúcháin iomchuí a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;

(f)

rochtain ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar rothair a sholáthar, agus neodracht theicneolaíoch á coinneáil ag an am céanna, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach, agus le haghaidh bonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslúcháin agus margadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle athláimhe a fhorbairt; beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go dtugtar tosaíocht ina bPleananna do thacaíocht d’fheithiclí den sórt sin;

(g)

úsáid iompair phoiblí atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus tacú le heintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha a fhorbairt agus a sholáthar.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh i gcostais iomlána mheasta na bPleananna chun tionchar an mhéadaithe ar phraghsanna breoslaí iompair de bhóthar agus ar phraghsanna breoslaí téimh a laghdú. Beidh tacaíocht den sórt sin sealadach agus laghdófar le himeacht ama í. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a sholáthar má áirítear ina bPleananna bearta nó infheistíochtaí atá dírithe ar na teaghlaigh leochaileacha sin agus ar na húsáideoirí iompair leochaileacha sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán seo. Beidh tacaíocht den sórt sin teoranta don tionchar díreach atá ag astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Ní bheidh costais na mbeart sin lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach níos mó ná 37,5 % de chostais iomlána mheasta an Phlean, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (j), den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh na Ballstáit costais an chúnaimh theicniúil a áireamh i gcostais iomlána mheasta na bPleananna chun speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna, clársceidealaithe, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, mar shampla staidéir, speansais teicneolaíochta faisnéise (TF), comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Suas le 2,5 % de chostais iomlána mheasta an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (j), a bheidh i gcostais cúnaimh theicniúil den sórt sin.

Airteagal 9

Tairbhí a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair

1.   Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a sholáthraítear trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh sna Pleananna, ar choinníoll go ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí a bhíonn chun tairbhe teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach nó úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh.

2.   Déanfaidh na Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá chun a áirithiú go gcuirtear an tairbhe ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh leochaileacha, na micrifhiontair leochaileacha nó na húsáideoirí iompair leochaileacha.

Airteagal 10

Acmhainní an Chiste

1.   Cuirfear uasmhéid EUR 65 000 000 000 ar fáil don tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2032 i bpraghsanna reatha, i gcomhréir le hAirteagail 10a(8b), 30d(3) agus 30d(4) de Threoir 2003/87/CE, chun an Ciste a chur chun feidhme. Is é a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críocha Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, gan dochar d’Airteagal 30d(4), an séú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

Na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste, laistigh de theorainn an uasmhéid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh siad níos mó ná na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

I gcás ina gcuirtear an córas trádála astaíochtaí a bunaíodh i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k den Treoir sin, is é EUR 54 600 000 000 a bheidh san uasmhéid atá le cur ar fáil don Chiste, agus ní rachaidh na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste thar na méideanna faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an cúigiú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

2.   De mhaolú ar Airteagal 22(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus gan dochar d’Airteagal 19 den Rialachán seo, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas lena gcumhdaítear an t-uasmhéid ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil go huathoibríoch ag tús gach bliana airgeadais, ag tosú ón 1 Eanáir 2026, suas go dtí na méideanna bliantúla ábhartha is infheidhme dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1.

3.   Féadfaidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana agus cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí TF corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Ciste a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun na gníomhaíochtaí incháilithe a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 11

Acmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte, agus acmhainní chuig na cláir sin, agus úsáid acmhainní

1.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste, arna iarraidh sin do na Ballstáit, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Úsáidfear na hacmhainní sin chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ina bPleananna arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo go n-aistreofar suas le 15 % dá leithdháileadh airgeadais uasta bliantúil chuig na cistí faoi bhainistíocht roinnte dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfar bearta agus infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo a mhaoiniú leis na hacmhainní arna n-aistriú, agus cuirfear na hacmhainní arna n-aistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha na gcistí a n-aistrítear na hacmhainní chucu. Déanfaidh na Ballstáit acmhainní a aistriú trí chlár amháin nó níos mó a leasú, cé is moite de chláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), i gcomhréir le hAirteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060, agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus le rialacha na gcistí a n-aistrítear na hacmhainní chucu.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí a thairbhíonn den Chiste a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta na gclár beartais chomhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás inarb infheidhme, i bhfianaise na sineirgí leis na cláir beartais chomhtháthaithe sin agus i gcomhréir le cuspóirí an Chiste. Luafaidh na Ballstáit a n-intinn na nithe sin a chur ar iontaoibh na n-údarás sin ina bPleananna. I gcásanna den sórt sin, measfar go gcomhlíonann na córais bhainistíochta agus rialaithe atá ann cheana arna gcur ar bun ag Ballstáit, ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith, ceanglais an Rialacháin seo.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a áireamh ina bPleananna, mar chuid de na costais iomlána mheasta, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Ní rachaidh na costais sin thar 4 % den leithdháileadh uasta airgeadais don Phlean, agus comhlíonfaidh na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa Phlean, an Rialachán seo.

Airteagal 12

Cur chun feidhme

Is é an Coimisiún a chuirfidh an Ciste chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

Airteagal 13

Breisíocht agus cistiú forlíontach

1.   Beidh tacaíocht faoin gCiste sa bhreis ar thacaíocht arna soláthar faoi chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste tacaíocht a fháil ó chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn tacaíocht den sórt sin an costas céanna.

2.   Beidh tacaíocht ón gCiste, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(3), ina tacaíocht bhreise agus ní ghlacfaidh sí ionad an chaiteachais buiséid náisiúnta athfhilltigh.

3.   Maidir le cúnamh teicniúil do na Ballstáit, ní mheasfar gur caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach iad na costais riaracháin atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an Phlean.

Airteagal 14

An leithdháileadh airgeadais uasta

1.   Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh le haghaidh gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 agus mar a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II.

2.   Féadfaidh gach Ballstát iarratas a thíolacadh suas lena leithdháileadh airgeadais uasta chun a Phlean a chur chun feidhme.

Airteagal 15

Ranníocaíocht náisiúnta leis na costais iomlána mheasta

Déanfaidh na Ballstáit 25 % ar a laghad de chostais iomlána mheasta a bPleananna a ranníoc.

Airteagal 16

Measúnú ón gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an bPlean sin arna thíolacadh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 18, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo. Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg laistigh de 2 mhí ón dáta a thíolaic an Ballstát an Plean. Soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá, lena n-áirítear tar éis don Phlean a bheith tíolactha. Féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an spriocdháta don mheasúnú más gá.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na haistrithe a iarradh i gcomhréir le hAirteagal 11 cuspóirí an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an Phlean, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit á gcur san áireamh, mar a leanas:

(a)

chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i)

cé acu atá nó nach bhfuil an Plean ina fhreagairt leordhóthanach ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair, agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, agus aird chuí á tabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna measúnuithe ón gCoimisiún ar thabhairt cothrom le dáta phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sna moltaí ón gCoimisiún do na Ballstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus chuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí;

(ii)

an bhfuiltear ag súil go n-áiritheofar leis an bPlean nach ndéanfaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean dochar suntasach do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 agus an gcuidíonn an Plean le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú;

(iii)

cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a rannchuidíonn leis an aistriú glas, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta agus ar na dúshláin a eascraíonn as sin agus go háirithe le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 a bhaint amach agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí agus garspriocanna 2030 de Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;

(b)

chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i)

cibé an meastar go mbeidh tionchar buan sa Bhallstát ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair;

(ii)

cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe arna moladh ag an mBallstát go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n-áirítear an tráthchlár, na garspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear, agus na táscairí gaolmhara;

(iii)

cibé an bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí arna moladh ag an mBallstát comhsheasmhach agus i gcomhréir le ceanglais na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), Threoir (AE) 2018/2001, an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir (AE) 2009/33 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus Threoir 2010/31/AE; agus

(iv)

cibé an gcothaíonn na bearta agus na hinfheistíochtaí atá arna moladh ag an mBallstát comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

(c)

chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-údar arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais iomlána mheasta an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cé acu atá nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta a mheastar a bheidh ann, agus sonraíochtaí náisiúnta a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na costais dá bhforáiltear sa Phlean á gcur san áireamh freisin;

(ii)

cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe arna moladh ag an mBallstát coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as an leithdháileadh airgeadais a sholáthraítear faoin gCiste, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;

(iii)

cé acu atá nó nach bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna arna moladh ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, chuspóirí agus ghníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;

(d)

chun measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.

Airteagal 17

Cinneadh ón gCoimisiún

1.   Ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Phlean Ballstáit, trí ghníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná 5 mhí ón dáta a tíolacadh an Plean sin de bhun Airteagal 4(1).

2.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar Phlean, leagfar amach an méid seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, méid chostais iomlána mheasta an Phlean, agus na garspriocanna agus spriocanna;

(b)

an leithdháileadh airgeadais uasta a leithdháiltear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) atá le híoc i dtráthchodanna, i gcomhréir le hAirteagal 20, a luaithe a bhainfidh an Ballstát amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean;

(c)

an ranníocaíocht náisiúnta;

(d)

na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bPlean agus i ndáil leis an bPlean a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 21 a chomhlíonadh;

(e)

na táscairí ábhartha a bhaineann le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear; agus

(f)

na socruithe chun rochtain ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.

3.   Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chinneadh ar bhonn chostais iomlána mheasta an Phlean arna mholadh ag an mBallstát, agus é measúnaithe faoi threoir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 16(3).

Is mar seo a leanas a shocrófar méid an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo:

(a)

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta comhionann leis an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), nó níos airde, beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid iomlán an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(b)

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus ina bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta;

(c)

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ach ina sainaithnítear sa mheasúnú go bhfuil laigí sna córais rialaithe inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go ndéanfaí bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin a áireamh sa Phlean agus go mbainfeadh an Ballstát amach iad roimh an gcéad íocaíocht;

(d)

i gcás nach gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ní leithdháilfear aon leithdháileadh airgeadais ar an mBallstát.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar Phlean, beidh na cúiseanna leis an measúnú diúltach sin san áireamh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1. Tíolacfaidh an Ballstát an Plean arís, tar éis dó an measúnú ón gCoimisiún a chur san áireamh.

Airteagal 18

Leasú ar Phleananna Aeráide Sóisialta

1.   I gcás nach féidir Plean a bhaint amach a thuilleadh, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, nó i gcás inar gá do Bhallstát é a choigeartú go suntasach, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn cúinsí oibiachtúla, go háirithe mar gheall ar na fíorthionchair dhíreacha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Plean leasaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo a chuimsiú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 11(4), chun an Plean leasaithe a ullmhú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 16.

3.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, déanfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 17(1), cinneadh a ghlacadh ina leagtar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. De mhaolú ar Airteagal 17(1), glacfaidh an Coimisiún an cinneadh faoin mír seo laistigh de 3 mhí ón dáta a dtíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann an Plean leasaithe.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar an bPlean leasaithe, diúltóidh sé don Phlean leasaithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an measúnú ón gCoimisiún ar an bPlean leasaithe in iúl.

5.   Faoin 15 Márta 2029, déanfaidh gach Ballstát measúnú ar oiriúnacht a Phlean i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Déanfar na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dteannta na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

6.   I gcás mionchoigeartuithe ar an bPlean, arb ionann iad agus méadú nó laghdú níos lú ná 5 % ar sprioc a leagtar amach sa Phlean, amhail mion-nuashonruithe ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, nó earráidí cléireachais a cheartú, tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún faoi na hathruithe sin.

Airteagal 19

Gealltanas an leithdháilte airgeadais

1.   Tar éis don Choimisiún cinneadh dearfach a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo, déanfaidh sé comhaontú leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt i gcrích in am trátha, ar gealltanas dlíthiúil aonair é de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 don tréimhse 2026-2032, gan dochar d’Airteagal 30d(4) ná Airteagail 30i agus 30k de Threoir 2003/87/CE. Tabharfar an comhaontú sin i gcrích aon bhliain amháin ar a luaithe roimh bhliain thús na gceantanna faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, nó 2 bhliain roimh an mbliain sin, i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10(1), an tríú fomhír, den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh gealltanais bhuiséadacha a bheith bunaithe ar ghealltanais dhomhanda agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla arna scaipeadh thar roinnt blianta.

Airteagal 20

Rialacha maidir le híocaíochtaí agus maidir le comhaontuithe a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh i ndáil le leithdháiltí airgeadais

1.   Déanfar leithdháiltí airgeadais faoin Airteagal seo a íoc leis an mBallstát nuair a bhainfear amach na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe atá sonraithe sa Phlean, arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 17, agus faoi réir cistiú a bheith ar fáil. Ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna sin, cuirfidh an Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Ballstát iarrataí ar íocaíocht den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin uair nó dhó sa bhliain, faoin 31 Iúil nó faoin 31 Nollaig.

2.   Ar iarraidh ar íocaíocht a fháil ó Bhallstát, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17. Tuigfear, ar bhaint amach sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach go sásúil roimhe sin.

3.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar iarraidh aonair ar íocaíocht, glacfaidh sé cinneadh aonair lena n-údaraítear eisíocaíocht an leithdháilte airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus lena n-áirithítear go gcaithfear go cothrom le Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh aonair tráth nach luaithe ná 2 mhí agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an spriocdháta ábhartha chun an iarraidh ar íocaíocht a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

4.   Más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go suíonn an Coimisiún nár baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17, déanfar íocaíocht na coda den leithdháileadh airgeadais atá comhréireach leis an sprioc nár baineadh amach nó an garsprioc nár baineadh amach a chur ar fionraí. Féadfaidh an Ballstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an measúnú ón gCoimisiún in iúl.

Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna bainte amach go sásúil a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17.

5.   De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ón dáta a chuirfear an cinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear eisíocaíocht an leithdháilte airgeadais in iúl don Bhallstát lena mbaineann de bhun mhír 3 den Airteagal seo, nó ón dáta a chuirfear in iúl go bhfuil fionraí á cur i leataobh de bhun mhír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo.

6.   I gcás nár baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna laistigh de thréimhse 9 mí ón bhfionraí dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, laghdóidh an Coimisiún méid an leithdháilte airgeadais go comhréireach tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis dó a chuid conclúidí a chur in iúl maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna.

7.   Más rud é, laistigh de 15 mhí ón dáta ar cuireadh comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 19 i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát maidir le ceann ar bith de na garspriocanna agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe sin a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a shaoradh gan dochar d’Airteagal 14(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh na gcomhaontuithe sin tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis don Choimisiún an measúnú a chur in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn inbhraite.

8.   Déanfar na híocaíochtaí uile faoin 31 Nollaig 2033.

9.   De mhaolú ar Airteagal 116 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus de mhír 5 den Airteagal seo, más rud é, i mbabhta ar leith d’iarrataí ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nach leor an t-ioncam a sanntar don Chiste i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE chun na hiarrataí ar íocaíocht arna dtíolacadh a chumhdach, íocfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar bhonn pro rata arna chinneadh mar sciar d’infhaighteacht na n-íocaíochtaí do na híocaíochtaí iomlána formheasta. Sa chéad bhabhta eile d’iarrataí íocaíochta, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do na Ballstáit sin a bhfuil moill ar a n-íocaíochtaí tar éis an bhabhta roimhe sin d’iarrataí ar íocaíocht, agus ina dhiaidh sin do na hiarrataí nua ar íocaíocht a tíolacadh.

10.   De mhaolú ar Airteagal 12(4), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus gan dochar d’Airteagal 30d(4), an séú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, leithdháilfidh an Coimisiún ar na Ballstáit na méideanna a chomhfhreagraíonn d’aon leithreasuithe nár úsáideadh faoin 31 Nollaig 2033 i gcomhréir leis na rialacha maidir le leithdháileadh lamháltas a shainítear faoi Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.

Airteagal 21

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Agus na Pleananna á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, mar thairbhithe cistí faoin gCiste, déanfaidh siad na bearta uile is iomchuí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíontar, le húsáid na leithdháiltí airgeadais maidir le bearta agus infheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, lena n-áirítear na cinn sin a dhéanann eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 9, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn III, agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.

2.   Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19, forálfar go mbeidh na hoibleagáidí seo a leanas ar na Ballstáit:

(a)

a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a sholáthraítear a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus gur cuireadh aon bheart nó infheistíocht faoin bPlean chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)

bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo a chosc, a bhrath agus a cheartú agus caingean dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart nó infheistíocht a cuireadh chun feidhme faoin bPlean;

(c)

an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:

(i)

dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na leithdháiltí airgeadais chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a tíolacadh in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na leithdháiltí airgeadais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

(ii)

achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, lena n-áirítear raon feidhme na n-iniúchtaí sin ó thaobh an mhéid caiteachais a chumhdaítear agus na tréimhse ama a chumhdaítear agus anailís ar na laigí a sainaithníodh agus ar aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh;

(d)

chun críoch iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid leithdháiltí airgeadais i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin bPlean, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú, a thaifeadadh, agus a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain orthu a áirithiú:

(i)

ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha cláraithe CBL nó uimhreacha aitheantais chánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste;

(ii)

ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir chláraithe CBL nó a n-uimhreacha cláraithe CBL nó a n-uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;

(iii)

céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta nó dátaí breithe agus uimhir chláraithe CBL nó uimhreacha cláraithe CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na leithdháiltí airgeadais nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(iv)

liosta d’aon bhearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gCiste le méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus lena léirítear méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais;

(e)

údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile na leithdháiltí airgeadais arna n-íoc chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna n-eisíoc;

(f)

taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, arb é an pointe tagartha an t-idirbheart íocaíochta a bhaineann leis an mbeart nó leis an infheistíocht faoi seach.

Ní bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír den Airteagal seo de dhíth ach amháin i gcás ina mbeidh luach an tsoláthair phoiblí níos mó ná tairseacha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Maidir le fochonraitheoirí, ní bheidh an fhaisnéis sin de dhíth ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

don chéad leibhéal fochonraitheoireachta;

(b)

i gcás ina dtaifeadtar an fhaisnéis sin maidir leis an gconraitheoir faoi seach; agus

(c)

i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír (2), pointe (d), den Airteagal seo a phróiseáil chun críche imeachtaí um urscaoileadh, imeachtaí iniúchta agus imeachtaí rialaithe, agus gníomhaíochtaí faisnéise, gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí infheictheachta, a bhaineann le húsáid leithdháiltí airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19 agus d’fhad comhfhreagrach na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí sin. Próiseálfar na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725, cibé acu is infheidhme. Faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, beidh an Ciste faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus go háirithe, ar leithligh sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht.

4.   Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19 do cheart an Choimisiúin an tacaíocht faoin gCiste a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus an choinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfaidh an Coimisiún an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair sula ndéantar an laghdú.

CAIBIDIL IV

Comhlántacht, faireachán agus meastóireacht

Airteagal 22

Comhordú agus comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo, agus an Ciste don Nuachóiriú faoi Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)

sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

Airteagal 23

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

1.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointe (d)(i), (ii) agus (iv), den Rialachán seo ar fáil go poiblí agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta iad, ar shuíomh gréasáin amháin i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), lena gceadófar sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointí (d)(i) agus (ii), den Rialachán sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach do theaghlaigh leochaileacha.

2.   Cuirfear faighteoirí na tacaíochta ón gCiste ar an eolas faoi thionscnamh na gcistí sin, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann siad tairbhe as na cistí sin trí idirghabhálaithe. Áireofar san fhaisnéis sin suaitheantas an Aontais agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ina léitear ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach - an Ciste Aeráide Sóisialta’ ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt atá beartaithe do na faighteoirí. Áiritheoidh faighteoirí tacaíochta ón gCiste, seachas an tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bpoibleofaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

3.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme a bhaineann leis an gCiste, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo agus leis na torthaí a baineadh amach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na n-údarás náisiúnta, trí ghníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis na húdaráis náisiúnta agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 24

Faireachán ar chur chun feidhme

1.   Tuairisceoidh gach Ballstát, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean i dteannta a thuarascála chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar sa Phlean. Déanfaidh na Ballstáit na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a áireamh ina dtuarascáil ar dhul chun cinn.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chiste agus déanfaidh sé baint amach a chuspóirí a thomhas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCiste.

3.   Le córas tuairiscithe feidhmíochta an Choimisiúin, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na dtorthaí ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí tacaíochta ón gCiste.

4.   Úsáidfidh an Coimisiún na comhtháscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 25

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit agus na cinntí, arna bpoibliú ag an gCoimisiún, a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí.

2.   Déanfar faisnéis a tharchuireann an Coimisiún chuig an gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó i gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá.

3.   Féadfaidh coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir le staid na himeartha i ndáil leis an measúnú a dhéanann an Coimisiún ar na Pleananna.

Airteagal 26

Idirphlé aeráide sóisialta

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún 2 uair in aghaidh na bliana na hábhair seo a leanas a phlé:

(a)

na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(b)

an measúnú a dhéanann an Coimisiún ar na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(c)

stádas maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(d)

nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bharúil a chuirtear i láthair agus aon bhearta feabhais a dhéanann na Ballstáit chun a áirithiú go mbaintear amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna arna dtíolacadh acu.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé aeráide shóisialta, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa má sholáthraítear iad.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 27

Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gCiste

1.   2 bhliain tar éis tús a chur le cur chun feidhme na bPleananna, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Chiste, agus torthaí na chéad tuarascálacha arna dtíolacadh ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 24 á gcur san áireamh, agus tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo.

2.   Sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar an méid seo, go háirithe:

(a)

a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 3, éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach an Aontais;

(b)

ar bhonn tír ar thír, éifeachtúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí agus úsáid na tacaíochta ioncaim dírí i bhfianaise bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna;

(c)

an chaoi a gcuirtear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair i bhfeidhm sna Ballstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), agus an bhfuil gá le leasuithe ar na sainmhínithe sin;

(d)

ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, agus na mbeart agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo i bhfianaise an tionchair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus de bharr na mbeart náisiúnta a rinneadh chun na laghduithe ceangailteacha bliantúla ar astaíochtaí gás ceaptha ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) chomh maith le hábharthacht leanúnach an ioncaim shannta i ndáil le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le lamháltais a cheantáil faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthair agus earnálacha breise de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile.

3.   Faoin 31 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Is é a bheidh sa tuarascáil mheastóireachta ex post measúnú foriomlán ar an gCiste agus áireofar inti freisin faisnéis faoina tionchar.

4.   Gan dochar don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, maidir le hioncam a ghintear ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE a cheantáil, i gcás ina mbunaítear an t-ioncam sin mar acmhainn dhílis i gcomhréir le hAirteagal 311(3) CFAE, tíolacfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, na tograí is gá chun éifeachtacht agus leanúnachas chur chun feidhme an Chiste a áirithiú, faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, Ciste a mhaoinítear go sealadach agus go heisceachtúil le hioncam sannta seachtrach arna ghiniúint ó lamháltais an chórais trádála astaíochtaí.

Airteagal 28

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1060

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 2021/1060:

‘Airteagal 26a

Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta

1.   Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha lena rialaítear an Ciste a n-aistrítear na hacmhainní chuige agus beidh siad cinntitheach. Ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheidh in acmhainní den sórt sin agus is sa bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán seo a bheidh siad.

2.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, tíolacfaidh siad leasuithe ar chláir i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo maidir le clár amháin nó níos mó. Déanfaidh na Ballstáit úsáid acmhainní den sórt sin a phleanáil chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach do bhuiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán seo a bhaint amach. Leis na hacmhainní sin, rannchuideofar le cuspóirí ábhartha an Chiste Aeráide Sóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/955 a bhaint amach, agus úsáidfear iad chun tacú leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán sin. Déanfar iad a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó a chomhfhreagraíonn do chuspóir sonrach amháin nó níos mó de chuid an Chiste a n-aistrítear na hacmhainní chuige agus do chatagóir réigiún amháin nó níos mó, i gcás inarb infheidhme, mar aon le léiriú ar mhiondealú bliantúil na n-acmhainní. Ní chuirfear san áireamh iad chun comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach i rialacha Ciste-shonracha a ríomh.

3.   I gcás ina bhfuil iarraidh ó Bhallstát ar leasú ar chlár a bhaineann le haistriú acmhainní ón gCiste Aeráide Sóisialta formheasta ag an gCoimisiún cheana féin, féadfaidh an Ballstát, i gcás aon aistriú acmhainní eile sna blianta ina dhiaidh, fógra faoi tháblaí airgeadais a thíolacadh in ionad leasú ar chlár, ar choinníoll go mbaineann na hathruithe atá beartaithe le méadú ar na hacmhainní airgeadais, agus leis sin amháin, gan aon athruithe breise ar an gclár.

4.   De mhaolú ar Airteagal 18 agus Airteagal 86(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, ní chuirfear na hacmhainní arna n-aistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2023/955 san áireamh san athbhreithniú meántéarma ná sa mhéid solúbthachta.

5.   De mhaolú ar Airteagal 14(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tosóidh an teorainn ama ar ina diaidh a dhéanfaidh an Coimisiún na méideanna a shaoradh i gcomhréir le hAirteagal 105(1) den Rialachán seo ón mbliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha. Ní dhéanfar acmhainní a aistriú chuig cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meitheamh 2024, an dáta faoina bhfuil na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 70.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2023.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(8)  IO C 243, 27.6.2022, lch. 35.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(10)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(13)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(23)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(25)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(26)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(29)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(30)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(32)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(33)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(34)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(35)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(36)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(37)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (Féach leathanach 134 den Iris Oifigiúil).


IARSCRÍBHINN I

Modheolaíocht chun an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh do gach Ballstát faoin gCiste de bhun Airteagal 14

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun an leithdháileadh airgeadais uasta atá ar fáil do gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 14 a ríomh.

Leis an modheolaíocht cuirtear na hathróga seo a leanas san áireamh maidir le gach Ballstát:

an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe (2019);

na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh (meán 2016-2018);

an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta le riaráistí ar a mbillí fóntais (2019);

an daonra iomlán (2019);

ollioncam náisiúnta (OIN) an Bhallstáit, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (2019);

an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí 1A3b, 1A4a agus 1A4b, mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (meán 2016-2018), arna athbhreithniú go cuimsitheach de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán sin.

Bunaítear an leithdháileadh airgeadais uasta a dhéanann Ballstát faoin gCiste (MFAi) mar a leanas:

Formula

Mar a bhfuil:

Is ionann an t-uasmhéid (MA) chun an Ciste a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus α i agus sciar Bhallstát i san uasmhéid, arna chinneadh ar bhonn na gcéimeanna seo a leanas:

Formula

Agus

Formula

Formula

Formula

Formula

fi = 1 if

Formula
; fi = 2,5 if
Formula

Mar a bhfuil, i gcás gach Ballstáit i:

rural pop i an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe Bhallstát i;

rural pop EU suim an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe Bhallstáit AE-27;

pop i daonra Bhallstát i;

pop EU suim dhaonra Bhallstáit AE-27;

HCO2 i na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstát i;

HCO2 EU suim na n-astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstáit AE-27;

arrears i an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais Bhallstát i;

arrears EU an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais AE-27;

Formula
OIN per capita Bhallstát i;

Formula
OIN per capita AE-27.

Déantar βi na mBallstát sin ag a bhfuil OIN per capita faoi bhun luach AE-27 agus gurb é

Formula
an chomhpháirt íosta lena n-aghaidh a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim βi le haghaidh gach Ballstáit agus 100 %. Déantar gach λi a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann a suim agus 100 %.

I gcás na mBallstát uile, ní féidir le αi a bheith níos ísle ná 0,07 % den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 10(1). Déantar α i na mBallstát uile ag a bhfuil α i os cionn 0,07 % a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach α i agus 100 %.

I gcás na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita faoi bhun 90 % de luach AE-27, ní fhéadfaidh α i a bheith níos ísle ná an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí 1A3b, 1A4a agus 1A4b, mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa don mheán don tréimhse 2016/2018, arna athbhreithniú go cuimsitheach de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán sin. Déantar α i na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita os cionn luach AE-27 a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach α i agus 100 %.


IARSCRÍBHINN II

An leithdháileadh airgeadais uasta do gach Ballstát faoin gCiste de bhun Airteagail 10 agus 14

Nuair a chuirtear an mhodheolaíocht in Iarscríbhinn I i bhfeidhm ar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) is é an toradh a bhíonn air ná an sciar seo a leanas agus an leithdháileadh airgeadais uasta do gach Ballstát.

Cumhdófar aon mhéid a thiocfaidh de thoradh Airteagal 10(3) laistigh de theorainneacha an leithdháilte airgeadais uasta do gach Ballstát ar bhonn pro rata.

An leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit

Ballstát

Sciar mar % den iomlán

IOMLÁN

2026-2032

(in EUR, praghsanna reatha)

De bhun Airteagal 10(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

De bhun Airteagal 10(1), an tríú fomhír

An Bheilg

2,55

1 659 606 425

1 394 069 397

An Bhulgáir

3,85

2 499 490 282

2 099 571 836

An tSeicia

2,40

1 562 617 717

1 312 598 882

An Danmhairg

0,50

324 991 338

272 992 724

An Ghearmáin

8,18

5 317 778 511

4 466 933 949

An Eastóin

0,29

186 244 570

156 445 439

Éire

1,02

663 390 868

557 248 329

An Ghréig

5,52

3 586 843 608

3 012 948 631

An Spáinn

10,52

6 837 784 631

5 743 739 090

An Fhrainc

11,19

7 276 283 944

6 112 078 513

An Chróit

1,94

1 263 071 899

1 060 980 395

An Iodáil

10,81

7 023 970 924

5 900 135 577

An Chipir

0,20

131 205 466

110 212 591

An Laitvia

0,71

463 676 528

389 488 284

An Liotuáin

1,02

664 171 367

557 903 948

Lucsamburg

0,10

66 102 592

55 526 177

An Ungáir

4,33

2 815 968 174

2 365 413 267

Málta

0,07

45 500 000

38 220 000

An Ísiltír

1,11

720 463 632

605 189 451

An Ostair

0,89

578 936 189

486 306 399

An Pholainn

17,60

11 439 026 446

9 608 782 215

An Phortaingéil

1,88

1 223 154 017

1 027 449 374

An Rómáin

9,25

6 012 677 290

5 050 648 923

An tSlóivéin

0,55

357 971 733

300 696 256

An tSlóvaic

2,35

1 530 553 074

1 285 664 582

An Fhionlainn

0,54

348 132 328

292 431 155

An tSualainn

0,62

400 386 447

336 324 616

AE27

100  %

65 000 000 000

54 600 000 000


IARSCRÍBHINN III

Príomhcheanglais le haghaidh chóras rialaithe inmheánaigh an Bhallstáit

1.

Soláthróidh an Ballstát córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais, lena gcuimseofar deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin.

Áirítear leis sin:

(a)

ainmniú na n-údarás ar a gcuirtear de chúram an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus na freagrachtaí agus feidhmeanna gaolmhara a leithdháileadh;

(b)

ainmniú an údaráis nó na n-údarás ar a bhfuil freagracht as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarrataí ar íocaíocht a shíniú;

(c)

nósanna imeachta lena n-áiritheofar go bhfaighidh an t-údarás nó na húdaráis sin dearbhú maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa Phlean, agus go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir le gach riail is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte;

(d)

deighilt iomchuí idir feidhmeanna bainistíochta agus iniúchóireachta.

2.

Déanfaidh an Ballstát bearta frithchalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le haon bheart is gá chun coinbhleacht leasa a sheachaint go héifeachtach.

Áirítear leis sin:

(a)

bearta iomchuí i ndáil le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a rinneadh a mhíleithreasú a aisghabháil;

(b)

measúnú riosca maidir le calaois agus bearta maolaithe frithchalaoise iomchuí a shainiú.

3.

Coinneoidh an Ballstát nósanna imeachta ar bun chun an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar na hiniúchtaí arna ndéanamh ar leibhéal náisiúnta a tharraingt suas.

Áirítear leis sin:

(a)

nós imeachta éifeachtach chun an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas, tuairisc a thabhairt ar an achoimre ar na hiniúchtaí agus an fhaisnéis bhunúsach a choimeád don rian iniúchóireachta;

(b)

nósanna imeachta éifeachtacha chun a áirithiú go ndéantar gach cás calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a thuairisciú agus a cheartú i gceart trí aisghabhálacha.

4.

Chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar fíoruithe bainistíochta iomchuí, lena n-áirítear nósanna imeachta chun baint amach garspriocanna agus spriocanna a sheiceáil chomh maith le prionsabail ghinearálta na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh.

Áirítear leis sin:

(a)

fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh údaráis cur chun feidhme seiceáil ar bhaint amach gharspriocanna agus spriocanna an chiste (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair);

(b)

fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh na húdaráis cur chun feidhme seiceáil nach ann do neamhrialtachtaí tromchúiseacha, eadhon calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa, agus cistiú dúbailte (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair).

5.

Déanfaidh an Ballstát iniúchtaí leordhóthanacha agus neamhspleácha ar chórais agus oibríochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

Áirítear leis sin:

(a)

ainmniú an chomhlachta/na gcomhlachtaí a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus oibríochtaí agus an chaoi a ndéantar neamhspleáchas feidhmiúil an chomhlachta/na gcomhlachtaí siúd a áirithiú;

(b)

leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha don chomhlacht/do na comhlachtaí seo chun críche an Chiste;

(c)

an comhlacht/na comhlachtaí ag dul i ngleic go héifeachtach le riosca calaoise, éillithe, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte trí iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí.

6.

Coinneoidh an Ballstát córas éifeachtach ar bun chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá chun críocha an riain iniúchóireachta.

Áirítear leis sin:

(a)

sonraí faoi fhaighteoirí deiridh na mbeart nó na n-infheistíochtaí is gá chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil go héifeachtach i gcóras leictreonach;

(b)

rochtain don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, ar na sonraí maidir le faighteoirí deiridh.


IARSCRÍBHINN IV

Comhtháscairí do gharspriocanna agus spriocanna táscacha le haghaidh Phleananna Aeráide Sóisialta na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (m), faireachán arna dhéanamh ag an mBallstát ar chur chun feidhme a Phlean dá dtagraítear in Airteagal 24(1), meastóireacht arna déanamh ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chiste dá dtagraítear in Airteagal 24(4).

Is féidir le bearta agus infheistíochtaí rannchuidiú le roinnt de na comhtháscairí. Mura bhfuil beart nó infheistíocht i bPlean Ballstáit a rannchuidíonn le roinnt de na táscairí, féadfaidh Ballstát ‘neamhbhainteach’ a lua.

Uimhir

Comhtháscaire a bhaineann le tacaíocht ón gCiste

Míniú

Aonad

Earnáil na bhfoirgneamh

Táscairí comhthéacs

1

Líon na dteaghlach leochaileach

I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (10).

Líon na dteaghlach

2

Líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh

I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (1).

Líon na dteaghlach

Táscairí aschuir

3

Líon na dteaghlach leochaileach a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh a laghdú

I gcomhréir le hAirteagail 2, pointe (10), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin.

Líon na dteaghlach

4

Líon na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú domhain orthu (i.e. athchóiriú lena ndéantar foirgneamh nó aonad foirgnimh a chlaochlú (a) roimh an 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (b) ón 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha)

Leis an táscaire comhairtear líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir comhfhreagrach atá á n-athchóiriú go hiomlán nó go páirteach bunaithe ar an tacaíocht ó bhearta agus ó infheistíochtaí faoin gCiste, agus sainmhíniú ar ‘athchóiriú foirgneamh’ in Airteagal 2, pointe (13). Anuas air sin, déanfar idirdhealú sa táscaire idir foirgnimh ar bhonn a n-aicme teastas feidhmíochta fuinnimh, agus sainaithneofar ann go sonrach an líon foirgneamh is lú feidhmíochta a ndearnadh athchóiriú orthu.

Aonaid foirgneamh

5

Achar úsáideach iomlán na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú domhain orthu (i.e. athchóiriú lena ndéantar foirgneamh nó aonad foirgnimh a chlaochlú (a) roimh an 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (b) ón 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha)

Achar urláir athchóirithe (m2/bliain)

6

Líon na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú fuinnimh eile orthu (i.e. na hathchóirithe fuinnimh uile seachas athchóiriú domhain, le tuairisciú thuas)

Aonaid foirgneamh

7

Achar úsáideach iomlán na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú fuinnimh eile orthu (i.e. na hathchóirithe fuinnimh uile seachas athchóiriú domhain, le tuairisciú thuas)

Achar urláir athchóirithe (m2/bliain)

8

Suiteáil téimh breoslaí iontaise a athsholáthar le fearas bunaithe ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite agus/nó suiteáil an-éifeachtúil ar bhonn aicme an Lipéid Fuinnimh mar a bunaíodh sa Rialachán sa ghníomh dlí ábhartha.

Comhlíonann na gníomhaíochtaí seo tagarmharc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite agus sciar táscach an fhuinnimh inathnuaite (in ídiú fuinnimh deiridh) arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta in earnáil na bhfoirgneamh faoin bhforáil ábhartha de Threoir (AE) 2018/2001. Is féidir le córais téimh agus fuaraithe inathnuaite agus leictreachas inathnuaite rannchuidiú leis an tagarmharc sin. Rannchuideodh na gníomhaíochtaí sin freisin leis an sprioc maidir le téamh agus fuarú inathnuaite faoin bhforáil ábhartha den Treoir sin. Ní bhaineann sé seo ach le hathsholáthar suiteálacha téimh breoslaí iontaise i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin.

Líon na n-aonad suiteála téimh breoslaí iontaise arna n-athsholáthar (e.g. ag teaschaidéal nó grianshuiteáil teirmeach)

9

Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite

Líon agus toilleadh na gceapadóirí fótavoltacha agus grianfhuinnimh nó na bpainéal fótavoltach teirmeach dín ( PVT); líon agus toilleadh na dteaschaidéal; líon agus toilleadh na dteicneolaíochtaí inathnuaite téimh agus fuaraithe spáis eile lena n-áirítear coirí atá bunaithe ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite. Ní bhaineann sé ach le hacmhainneacht oibríochtúil breise i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin.

MW

10

an líon aonad

Táscairí toraidh

11

Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach

Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

%

12

Laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na bhfoirgneamh

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na bhfoirgneamh arna spreagadh ag bearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Bunaítear na hastaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh mar astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE (d’earnáil na bhfoirgneamh, foinsí astaíochtaí 1A4a agus 1A4b mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa).

ktCO2e

13

Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh

Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann Airteagal 3(3), pointe (d) de Rialachán (AE) 2018/1999, de bhun Airteagal 24, pointe (b) den Rialachán sin, a áireamh ina dtuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, faisnéis chainníochtúil maidir le líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as, agus níl siad teoranta do, na táscairí atá ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) a shainaithnítear mar tháscairí ábhartha i Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (1), a liostaítear sa teimpléad tuairiscithe do thuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

Ní áirítear leis an táscaire teaghaisí comhchoiteanna mar shampla ospidéil, tithe altranais, tithe cónaithe, príosúin, beairicí míleata, institiúidí reiligiúnacha, tithe lóistín, brúnna oibrithe etc.

%

14

Coigilt in ídiú fuinnimh phríomhúil bhliantúil

Chun na críche sin, ní dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhainfear amach ach amháin ar bhonn na tacaíochta airgeadais ón gCiste.

Tuairisceoidh na Ballstáit maidir leis an laghdú ar ídiú fuinnimh bliantúil deiridh/phríomhúil a bhaintear amach i measc teaghlach leochaileach, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta de bhun fhorálacha ábhartha na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh (athmhúnlú) i ngeall ar thacaíocht ón gCiste atá comhlántach leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh faoi fhorálacha ábhartha na Treorach sin, lena n-áirítear an tacaíocht trí scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha de bhun fhoráil ábhartha na Treorach sin agus lena n-áirítear idirghabhálacha arna ndéanamh chun cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh de bhun fhorálacha ábhartha na Treorach sin.

MWh/bliana

15

kWh/m2 (má tá achar urláir iomlán ar fáil)

16

Coigilteas in ídiú fuinnimh deiridh bhliantúil

Tagraíonn an bhonnlíne don ídiú fuinnimh bliantúil deiridh agus phríomhúil roimh an idirghabháil, agus tagraíonn an luach a baineadh amach don ídiú fuinnimh bliantúil deireadh agus príomhúil don bhliain tar éis na hidirghabhála.

Déanfar coigilteas fuinnimh i bhfoirgnimh aonair a dhoiciméadú ar bhonn Deimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh nó ar bhonn critéir eile chun an coigilteas fuinnimh spriocdhírithe nó bainte amach a chinneadh a leagtar amach san fhoráil ábhartha den Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú).

kWh/m2 (má tá achar urláir iomlán ar fáil)

17

MWh/bliana

Earnáil an iompair de bhóthar

Táscairí comhthéacs

18

Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha

I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (12).

Líon na dteaghlach

19

Líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair

I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (2).

Líon na dteaghlach

Táscairí aschuir

20

Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar a laghdú

I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (12), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin.

Líon na dteaghlach

21

Ceannacháin feithiclí astaíochtaí nialasacha

Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha

22

Ceannacháin feithiclí astaíochtaí ísle

Líon na bhfeithicil astaíochtaí ísle a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Líon na bhfeithiclí astaíochtaí ísle

23

Ceannacháin rothar agus feithiclí micrea-shoghluaisteachta

Líon na rothar agus na bhfeithiclí micrea-shoghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Líon na rothar agus na bhfeithiclí micrea-shoghluaisteachta

24

Bonneagar breoslaí malartacha breise (pointí athbhreoslúcháin/athluchtaithe)

Líon na bpointí athbhreoslúcháin agus athluchtaithe (nua nó uasghrádaithe) le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste, agus béim bhreise á leagan ar limistéir iargúlta.

Beidh an bhrí chéanna leis na téarmaí ‘breosla malartach’, ‘pointe athluchtaithe’ agus ‘pointe athbhreoslúcháin’ agus atá sna sainmhínithe ar na téarmaí sin i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Baileofar agus tuairisceofar an táscaire ar leithligh idir (i) pointí athluchtaithe agus (ii) pointí athbhreoslúcháin.

Mar chuid den cheann deireanach sin, déanfar tuairisciú ar leithligh ar (iii) phointí athbhreoslaithe hidrigine.

Líon na bpointí athbhreoslúcháin agus athluchtaithe

25

Ticéid iompair phoiblí laghdaithe nó saor in aisce

Líon úsáideoirí iompar phoiblí a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Baileofar agus tuairisceofar an táscaire ar leithligh idir thicéid (i) laghdaithe agus (ii) saor in aisce.

An líon úsáideoirí

26

Réitigh bhreise maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh

Líon úsáideoirí na réiteach maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

An líon úsáideoirí

27

Aonaid

28

Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht

Fad an bhonneagair rothaíochta thiomnaithe atá nuathógtha nó uasghrádaithe go suntasach ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste. Áirítear le bonneagar rothaíochta tiomnaithe saoráidí rothaíochta atá scartha ó bhóithre le haghaidh tráchta feithiclí nó codanna eile den bhóthar céanna trí mhodhanna struchtúracha (amhail colbhaí agus bacainní), sráideanna rothaíochta, tolláin rothaíochta, etc. Maidir le bonneagar rothaíochta le lánaí aontreo scartha (e.g. ar gach taobh de bhóthar), tomhaistear an fad mar fhad lána.

Líon na gciliméadar

Táscairí toraidh

29

Laghdú ar líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha

Laghdú ar líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

%

30

Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair

Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

%

31

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair de bhóthar

Tuairisceoidh na Ballstáit faoin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair de bhóthar arna spreagadh ag bearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

Sainmhínítear na hastaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar mar astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE (d’earnáil an iompair de bhóthar, foinsí astaíochtaí 1A3b mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa).

ktCO2e

Micrifhiontair (earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar araon)

Táscairí comhthéacs

32

Líon na micrifhiontar leochaileach

I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (11).

Líon na micrifhiontar

Táscairí aschuir

33

Líon na micrifhiontar leochaileach a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar a laghdú

I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (11), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin.

Líon na micrifhiontar

Táscairí toraidh

34

Laghdú ar líon na micrifhiontar leochaileach

Laghdú ar líon na micrifhiontar leochaileach mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste.

%

Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach

Táscairí comhthéacs

35

Sciar den tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach i gcostais iomlána na bPleananna Aeráide Sóisialta

I gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus Airteagal 10.

%

Táscairí aschuir

36

Líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach faighte acu

Léireofar sa táscaire líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach faighte acu, agus dá bhrí sin cuirfear faighteoirí deiridh uile na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí a íocadh faoin gCiste san áireamh.

Déanfar an táscaire a bhailiú agus a thuairisciú ar leithligh do theaghlaigh leochaileacha agus do na húsáideoirí iompair leochaileacha, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointí (10)agus (12) agus Airteagal 4(3).

Líon na dteaghlach leochaileach

(aonad: teaghlaigh)

37

Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha

(aonad: teaghlaigh)

Táscairí toraidh

38

Meántacaíocht ioncaim dhíreach shealadach le haghaidh gach teaghlach leochaileach agus úsáideoir iompair leochaileach

Léireofar leis an táscaire meánmhéid na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí a fhaigheann gach teaghlach leochaileach agus gach úsáideoir iompair leochaileach faoin gCiste.

EUR/teaghlach (earnáil na bhfoirgneamh)

39

EUR/teaghlach (earnáil an iompair de bhóthar)


(1)  IO L 357, 27.10.2020, lch. 35.


IARSCRÍBHINN V

Teimpléad le haghaidh na bPleananna Aeráide Sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 6(7)

Clár na nÁbhar

1.

FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN AERÁIDE SÓISIALTA 4 43

1.1.

Achoimre feidhmiúcháin 43

1.2.

Forléargas ar staid reatha an bheartais 43

1.3.

Próiseas comhairliúcháin phoiblí 43

2.

CUR SÍOS AR NA BEARTA AGUS NA hINFHEISTÍOCHTAÍ, NA GARSPRIOCANNA AGUS NA SPRIOCANNA 6 44

2.1.

COMHPHÁIRT [1][2]: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair] 44

(i)

Cur síos ar an gcomhpháirt 44

(ii)

Cur síos ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhpháirt 44

(iii)

Gan dochar suntasach a dhéanamh 44

(iv)

Garspriocanna, spriocanna agus amlíne 45

(v)

Maoiniú agus costais 45

(vi)

Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme) 45

(vii)

Costais iomlána mheasta na comhpháirte 46

(viii)

An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí 46

2.2.

COMHPHÁIRT [3]: tacaíocht ioncaim dhíreach 46

(i)

Cur síos ar an gcomhpháirt 46

(ii)

Cur síos ar na bearta a bhaineann leis an gcomhpháirt 46

(iii)

Garspriocanna agus spriocanna maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí 47

(iv)

An t-údar atá leis na bearta 47

(v)

Costais na mbeart 47

(vi)

Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme) 47

(vii)

Costas measta an Phlean maidir le comhpháirt na tacaíochta ioncaim dírí. 48

(viii)

An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí 48

2.3.

Cúnamh teicniúil 48

2.4.

Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte 48

2.5.

Costais iomlána 48

3.

ANAILÍS AGUS AN TIONCHAR FORIOMLÁN 49

3.1.

Sainmhínithe 49

3.2.

An tionchar réamh-mheasta ar ghrúpaí leochaileacha 49

3.3.

Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe 49

4.

COMHLÁNTACHT, BREISÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHLEAN 50

4.1.

Faireachán ar an bPlean agus cur chun feidhme an Phlean 50

4.2.

Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile 50

4.3.

Comhlántacht an chistithe 50

4.4.

Breisíocht 50

4.5.

Sonraíochtaí geografacha 51

4.6.

Éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc 51

4.7.

Faisnéis agus cumarsáid 51

1.   FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN AERÁIDE SÓISIALTA

1.1.   Achoimre feidhmiúcháin

Comhthéacs an aistrithe ghlais sa Bhallstát agus béim ar leith á leagan ar na príomhdhúshláin a eascraíonn as na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na bhfoirgneamh agus ó earnáil an iompair de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus an chaoi a bhfreagróidh an Plean ar na dúshláin sin.

Tábla forléargais ina ndéantar achoimre ar phríomhchuspóirí an Phlean, mar aon le costais iomlána mheasta an Phlean, lena n-áirítear an ranníocaíocht ón gCiste, an ranníocaíocht náisiúnta agus na hacmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte atá le haistriú chuig an gCiste, arna roinnt idir na trí réimse idirghabhála: bearta agus infheistíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar, agus bearta maidir le tacaíocht ioncaim dhíreach, bunaithe ar an teimpléad thíos:

Réimse idirghabhála

Costais iomlána (iomlán agus % den chistiú iomlán) de réir fhoinse an chistithe

Forbhreathnú ar na príomhbhearta agus na príomhinfheistíochtaí atá beartaithe

Cuspóirí na mbeart agus na n-infheistíochtaí

Tionchar na mbeart agus na n-infheistíochtaí

Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha (aonad: teaghlaigh)

Laghdú ar astaíochtaí CO2

Earnáil na bhfoirgneamh

 

 

 

 

 

Earnáil an iompair de bhóthar

 

 

 

 

 

Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach

 

 

 

 

 

Cúnamh teicniúil (Airteagal 8(3))

 

 

 

 

 

Ranníocaíocht leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (Airteagal 11(3))

 

 

 

 

 

Ranníocaíocht le hurrann an Bhallstáit in InvestEU (Airteagal 11(3))

 

 

 

 

 

1.2.   Forléargas ar staid reatha an bheartais

Faisnéis faoi na beartais náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá ann faoi láthair, an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chomhthéacs náisiúnta, agus béim faoi leith á leagan ar earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair agus ag féachaint do na grúpaí is leochailí.

1.3.   An próiseas comhairliúcháin phoiblí

Achoimre ar phróiseas comhairliúcháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus geallsealbhóirí ábhartha eile, mar a chuirtear chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, chun an Plean a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, é a chur chun feidhme, lena gcumhdaítear raon feidhme, cineál agus uainiú na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin, chomh maith leis an gcaoi a léirítear tuairimí na ngeallsealbhóirí sa Phlean.

2.   CUR SÍOS AR NA BEARTA AGUS NA hINFHEISTÍOCHTAÍ, NA GARSPRIOCANNA AGUS NA SPRIOCANNA

Faisnéis faoi gach comhpháirt i gcás na dtrí réimse den Phlean ar leithligh:

earnáil na bhfoirgneamh;

earnáil an iompair de bhóthar;

tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach.

D’fhéadfadh roinnt fo-chomhpháirteanna a bheith i gcomhpháirt a dhíríonn ar dhúshlán nó ar riachtanas sonrach. Féadfaidh beart nó infheistíocht amháin nó roinnt beart nó infheistíochtaí a bhfuil dlúthnasc eatarthu nó atá spleách ar a chéile a bheith mar chuid de gach comhpháirt nó fo-chomhpháirt.

2.1.   COMHPHÁIRT [1][2]: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]

Faisnéis faoin gcomhpháirt:

(i)   Cur síos ar an gcomhpháirt

Bosca achoimre:

Bosca achoimre le haghaidh Comhpháirt [1][2] [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]

Réimse ina ndéanfar idirghabháil: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]

Cuspóir:

Bearta agus infheistíochtaí:

Costais iomlána mheasta: EUR xx, arb é atá ann

Na costais a iarradh a chumhdach faoin gCiste: EUR xx

Na costais atá le cumhdach leis an ranníocaíocht náisiúnta: EUR xx

(ii)   Cur síos ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhpháirt

Cur síos mionsonraithe ar an gcomhpháirt agus ar bhearta agus infheistíochtaí sonracha a ghabhann léi, mar aon lena hidirnaisc agus sineirgí, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

Anailís shoiléir fianaisebhunaithe ar na dúshláin atá ann cheana agus ar an gcaoi a dtugtar aghaidh orthu leis na bearta agus na hinfheistíochtaí;

Nádúr, cineál agus méid an bhirt nó na hinfheistíochta, a bhféadfadh bearta tacaíochta teicniúla breise a bheith san áireamh ann/inti i gcomhréir le hAirteagal 11(4), lena léirítear an beart nó infheistíocht nua atá i gceist nó ceann atá ann cheana a bhfuil sé beartaithe a shíneadh leis an tacaíocht ón gCiste;

Faisnéis mhionsonraithe faoi chuspóir an bhirt nó na hinfheistíochta agus faoi ché agus cad ar a bhfuil sé dírithe; míniú ar conas a rannchuideodh an beart agus an infheistíocht go héifeachtach le cuspóirí an Chiste a bhaint amach agus beartais ábhartha Ballstáit á leagan amach go foriomlán, agus conas a laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise leis sin;

Cur síos ar an gcaoi a gcuirtear an beart nó an infheistíocht chun feidhme (an modh cur chun feidhme), agus tagairt á déanamh d’acmhainneacht riaracháin an Bhallstáit ar an leibhéal lárnach, agus i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus míniú ar an gcaoi a n-iomprófar na hacmhainní go tráthúil agus a ndíreofar iad chuig leibhéil fhonáisiúnta, más infheidhme;

Míniú ar an gcaoi a mbeidh aidhm leis an mbeart nó an infheistíocht aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne, más infheidhme;

Amlíne an bhirt nó na hinfheistíochta; le haghaidh tacaíocht a bhaineann le feithiclí astaíochtaí ísle, tráthchlár chun an tacaíocht sin a laghdú de réir a chéile.

(iii)   Gan dochar suntasach a dhéanamh

Faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíontar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa chomhpháirt. Cuirfidh an Coimisiún treoir theicniúil ar fáil, de bhun Airteagal 6(5) den Rialachán seo.

(iv)   Garspriocanna, spriocanna agus amlíne

Faisnéis faoi gach garsprioc agus sprioc lena léireofar an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta agus infheistíochtaí na comhpháirte seo a chur chun feidhme, mar seo a leanas:

an fáth ar roghnaíodh an gharsprioc nó an sprioc shonrach sin;

a bhfuil á thomhas leis an ngarsprioc nó an sprioc;

conas a dhéanfar é sin a thomhas, cén mhodheolaíocht agus cén fhoinse a úsáidfear, agus conas a fhíorófar baint amach na garsprice n na sprice go hoibiachtúil;

cad í an bhonnlíne (pointe tosaigh) agus cad é an leibhéal nó an pointe sonrach atá le baint amach;

cá huair a bhainfear amach é (de réir ráithe agus bliana);

cé agus cén institiúid a bheidh i gceannas ar chur chun feidhme, ar thomhas agus ar thuairisciú.

Tábla ina bhfuil garspriocanna, spriocanna agus an amlíne le haghaidh na gcomhpháirteanna agus an fhaisnéis seo a leanas ann:

Sraithuimhir

Ainm an bhirt/na hinfheistíochta

Garsprioc nó Sprioc

Ainm na garsprice/sprice

Táscairí cáilíochtúla

(garspriocanna)

Táscairí cainníochtúla (spriocanna)

Amlíne chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach

Cur síos ar gach garsprioc agus sprioc

Aonad tomhais/infheistíochta

Bonnlíne

Cuspóir

Ráithe

Bliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(v)   Maoiniú agus costais

Faisnéis agus míniú ar chostais iomlána mheasta na comhpháirte agus le haghaidh gach birt agus infheistíochta, agus údar iomchuí mar thaca leis sin, lena n-áirítear:

An mhodheolaíocht a úsáideadh, na toimhdí bunúsacha a rinneadh (e.g. maidir le costais aonaid, costais na n-ionchur) agus an t-údar atá leis na toimhdí sin;

An tráthchlár táscach cuimsitheach faoina bhfuiltear ag súil go dtabhófar na costais sin;

Faisnéis faoin ranníocaíocht náisiúnta le costais iomlána na mbeart agus na n-infheistíochtaí;

Aon fhaisnéis maidir leis an maoiniú atá á bheartú nó a d’fhéadfaí a bheartú ó ionstraimí eile de chuid an Aontais agus a bhaineann leis an gcomhpháirt chéanna;

Aon fhaisnéis faoin maoiniú atá beartaithe ó fhoinsí príobháideacha agus faoin leibhéal giarála ar a ndíreofar, más ábhartha;

Údar maidir le hinchreidteacht agus réasúnaíocht na gcostas measta, i gcás inar gá, agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh.

(vi)   Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme)

Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, nó úsáideoirí iompair leochaileacha, míniú ar na bearta nó na hinfheistíochtaí a achtóidh na heintitis sin agus mar a rachaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí sin chun tairbhe teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i ndeireadh na dála;

Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí idirghabhálaithe airgeadais, cur síos ar na bearta a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfidh idirghabhálaithe airgeadais an tairbhe iomlán ar aghaidh chuig na faighteoirí deiridh.

(vii)   Costais iomlána mheasta na comhpháirte

Comhlánú an tábla maidir le costas measta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa chomhpháirt, i gcomhréir leis an teimpléad a chuirtear ar fáil thíos:

Sraithuimhir

Beart gaolmhar (beart nó infheistíocht)

Tréimhse ama ábhartha

Costais mheasta a n-iarrtar cistiú ón gCiste ina leith

An méid iomlán a iarradh

Más ann dó: deighilte de réir bliana

Dáta tosaigh

Dáta deiridh

Méid (mn EUR)

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(viii)   An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí

Cur síos ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean atá mar thoradh ar thús an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i gcomhréir le hAirteagal 30k den Treoir sin a chur siar agus cainníochtú na gcoigeartuithe sin.

Leagan ar leith den bhosca achoimre, an tábla maidir le garspriocanna, spriocanna agus amlíne agus an tábla maidir le costais mheasta.

2.2.   COMHPHÁIRT [3]: tacaíocht ioncaim dhíreach

Faisnéis faoin gComhpháirt le haghaidh na tacaíochta ioncaim dírí:

(i)   Cur síos ar an gcomhpháirt

Bosca achoimre:

Bosca achoimre le haghaidh Chomhpháirt 3 - tacaíocht ioncam dhíreach

Réimse idirghabhála: tacaíocht ioncaim dhíreach

Cuspóir:

Bearta:

Costais iomlána mheasta: EUR xx, arb é atá ann

Na costais a iarradh a chumhdach faoin gCiste: EUR xx

Na costais atá le cumhdach leis an ranníocaíocht náisiúnta: EUR xx

(ii)   Cur síos ar na bearta a bhaineann leis an gcomhpháirt

Cur síos mionsonraithe ar an gcomhpháirt agus ar na bearta sonracha a ghabhann léi, mar aon lena hidirnaisc agus sineirgí, lena n-áirítear:

Anailís shoiléir fianaisebhunaithe ar na dúshláin atá ann cheana, ar an gcaoi a dtugtar aghaidh orthu agus ar chuspóirí na hinfheistíochta;

Nádúr, cineál agus méid na tacaíochta;

Faisnéis mhionsonraithe faoi fhaighteoirí deiridh na tacaíochta agus na critéir a úsáidtear chun iad a shainaithint;

An amlíne le haghaidh an laghdaithe ar an tacaíocht ioncaim dhíreach i gcomhréir le hamlíne an Chiste, lena n-áirítear dáta deiridh nithiúil le haghaidh na tacaíochta;

Míniú ar an gcaoi a mbeidh aidhm leis an tacaíocht aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne, más infheidhme;

Cur síos ar an gcaoi a gcuirtear an tacaíocht chun feidhme;

Faisnéis faoin ranníocaíocht náisiúnta le costais na mbeart.

(iii)   Garspriocanna agus spriocanna maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí

Faisnéis faoi gach garsprioc agus sprioc lena léireofar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhpháirt seo a chur chun feidhme, mar seo a leanas:

an fáth ar roghnaíodh an gharsprioc nó an sprioc shonrach;

a bhfuil á thomhas leis an ngarsprioc nó an sprioc;

conas a dhéanfar é sin a thomhas, cén mhodheolaíocht agus cén fhoinse a úsáidfear, agus conas a fhíorófar baint amach cuí na garsprice nó na sprice go hoibiachtúil;

cad í an bhonnlíne (pointe tosaigh) agus cad é an leibhéal nó an pointe sonrach atá le baint amach;

cén uair a mbainfear an gharsprioc amach;

cé agus cén institiúid a bheidh i gceannas ar chur chun feidhme, ar thomhas agus ar thuairisciú.

Tábla ina bhfuil garspriocanna, spriocanna agus amlíne maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí sealadaí, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:

Sraithuimhir

Beart

Garsprioc nó Sprioc

Ainm na garsprice/sprice

Táscairí cáilíochtúla

(garspriocanna)

Táscairí cainníochtúla (spriocanna)

Amlíne chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach

Cur síos ar gach garsprioc agus sprioc

Aonad tomhais

Bonnlíne

Cuspóir

Ráithe

Bliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(iv)   An t-údar atá leis na bearta

An t-údar leis an ngá atá le tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus 8(2):

Meastachán cainníochtúil agus míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a meastar go laghdófar bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair leis na bearta atá sa Phlean, chomh maith le leochaileacht teaghlach agus úsáideoirí iompair maidir le méadú ar phraghsanna iompair de bhóthar agus breoslaí téimh;

An t-údar atá leis an amlíne atá beartaithe maidir leis an laghdú ar an tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus na coinníollacha nuair nach mbeidh feidhm aici a thuilleadh;

Cur síos ar an gcaoi a ndírítear freisin ar ghrúpaí a fhaigheann tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach trí bhearta struchtúracha agus infheistíochtaí chun iad a iompar go héifeachtach as bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, agus cur síos ar chomhlántacht na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí le bearta struchtúracha agus infheistíochtaí chun tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le húsáideoirí iompair leochaileacha.

(v)   Costais na mbeart

Faisnéis faoi chostais iomlána mheasta na comhpháirte, agus údar iomchuí mar thaca leis sin, lena n-áirítear:

An mhodheolaíocht a úsáideadh, na toimhdí bunúsacha a rinneadh agus an t-údar atá leis na toimhdí sin;

Na sonraí faoi chostais chomparáideacha maidir leis an gcostas iarbhír, más rud é go ndearnadh bearta tacaíochta comhchosúla san am a chuaigh thart;

Aon fhaisnéis maidir leis an maoiniú a fhoráiltear nó a d’fhéadfaí a fhoráiltear ó ionstraimí eile de chuid an Aontais agus a bhaineann leis an tacaíocht chéanna;

Údar mionsonraithe iomchuí maidir le hinchreidteacht agus réasúnaíocht na gcostas measta, lena n-áirítear aon sonraí nó aon fhianaise a úsáideadh i gceangal leis an bPlean.

(vi)   Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme)

Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha, míniú ar an gcineál bearta a achtóidh na heintitis sin agus mar a rachaidh na bearta sin chun tairbhe teaghlaigh leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha i ndeireadh na dála.

Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí idirghabhálaithe airgeadais, cur síos ar na bearta a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfidh idirghabhálaithe airgeadais an tairbhe iomlán ar aghaidh chuig na faighteoirí deiridh.

(vii)   Costas measta an Phlean maidir le comhpháirt na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí.

Comhlánú an tábla maidir le costas na tacaíocht a áirítear sa chomhpháirt, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:

Sraithuimhir

Cineálacha tacaíochta

Tréimhse ama ábhartha

Costais mheasta a n-iarrtar cistiú ón gCiste ina leith

An méid iomlán a iarradh

Más ann dó: deighilte de réir bliana

Dáta tosaigh

Dáta deiridh

Méid (mn EUR)

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(viii)   An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí

Cur síos ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean atá mar thoradh ar thús an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i gcomhréir le hAirteagal 30k den Treoir sin a chur siar agus cainníochtú na gcoigeartuithe sin.

Leagan ar leith den bhosca achoimre, an tábla maidir le garspriocanna, spriocanna agus amlíne agus an tábla maidir le costais mheasta.

2.3.   Cúnamh teicniúil

Cur síos ar na gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a áireofar chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean a riar agus a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 8(3), lena n-áirítear:

nádúr, cineál agus méid na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil;

costas measta na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil.

2.4.   Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte

Má tá sé beartaithe acmhainní a aistriú ón gCiste chuig cistí faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(2), léiriú ar na cláir a n-aistreofar na hacmhainní sin chucu agus faoin amlíne a n-aistreofar iad, agus léiriú ar an gcaoi a gcomhlíonfar, leis na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme faoi na cláir sin, na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear cibé acu an dtagann siad faoi na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8.

2.5.   Costais iomlána mheasta an Phlean

Costais iomlána mheasta an Phlean, lena n-áirítear aon mhéideanna a chuirtear ar fáil le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise faoi Airteagal 11(4) den Rialachán seo, méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 agus aon mhéid a chuirtear ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil breise faoi Airteagal 8(3) den Rialachán seo.

Léiriú ar an ranníocaíocht náisiúnta le costais iomlána a phlean, lena n-áirítear léiriú ar aon acmhainní a bheartaítear a aistriú chuig an gCiste ó chláir faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán seo agus aon acmhainní a bheartaítear a aistriú ón gCiste chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán seo.

Cur síos ar an gcaoi a bhfuil na costais i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus ag teacht leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an bPlean.

Comhlánú an tábla ina ndéantar achoimre ar chostas an Chiste de réir fhoinse an chistithe, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:

Costais iomlána an Phlean Aeráide Sóisialta

An bunchás

I gcás Airteagal 30k de Threoir 2003/87/CE

COSTAIS IOMLÁNA MHEASTA AN PHLEAN,

arb é atá ann

EUR XXX

EUR XXX

Arna gcumhdach faoin gCiste

EUR XXX

EUR XXX

Ranníocaíocht náisiúnta

EUR XXX

EUR XXX

Aistrithe ó chláir faoi bhainistíocht roinnte

EUR XXX

EUR XXX

(Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte)

-EUR XXX

-EUR XXX

3.   ANAILÍS AGUS AN TIONCHAR FORIOMLÁN

3.1.   Sainmhínithe

Míniú ar an gcaoi a gcuirfear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.

3.2.   An tionchar réamh-mheasta ar ghrúpaí leochaileacha

Meastachán ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú sin ar phraghsanna mar thoradh ar an gcóras trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar theaghlaigh, agus go háirithe ar ráta tarlaithe na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair, ina gcuimseofar go háirithe líon measta agus sainaithint teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Táthar le hanailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal críochach iomchuí mar atá bunaithe ag gach Ballstát, agus sonraíochtaí náisiúnta agus gnéithe mar shampla rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh á sainaithint.

Cur síos ar an modheolaíocht a úsáidtear sna meastacháin, agus é á chinntiú go ndéantar na meastacháin a ríomh le leibhéal leordhóthanach dí-chomhiomlánaithe réigiúnaigh.

3.3.   Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe

Meastachán ar na tionchair réamh-mheasta a bheidh ag na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe i roinn 2 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, i gcomparáid leis an mbonnlíne a gcuirtear síos uirthi thuas.

Cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh sna meastacháin.

Táblaí cáilíochtúla agus cainníochtúla maidir le tionchar an Phlean, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:

Comhpháirt

Cur síos ar na tionchair réamh-mheasta a bheidh ag an gcomhpháirt ar:

(na táscairí cainníochtúla ábhartha san áireamh)

Éifeachtúlacht fuinnimh

Athchóiriú foirgneamh

Soghluaisteacht agus iompar íseal-astaíochtaí agus astaíochtaí nialasacha

Laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa

Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha (aonad: teaghlaigh)

An Plean foriomlán

 

 

 

 

 

Earnáil na bhfoirgneamh

 

 

 

 

 

Earnáil an iompair de bhóthar

 

 

 

 

 


Comhpháirt

Cainníochtú an tionchair (má tá sé ar fáil)

i.e. an difríocht % ón mbonnlíne bheartasneodrach

Gearrthéarmach (3 bliana ar aghaidh)

Meántéarmach (deireadh an phlean)

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

Teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh

Teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

Teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh

Teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair

An Plean foriomlán

 

 

 

 

 

 

Earnáil na bhfoirgneamh

 

 

 

 

 

 

Earnáil an iompair de bhóthar

 

 

 

 

 

 

Tábla cáilíochtúil agus cainníochtúil maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta tacaíochta ioncaim dírí sealadaí ar an laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha chomh maith le teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:

Comhpháirt: tacaíocht ioncaim dhíreach

Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha

Cur síos ar na tionchair mheasta

Meastacháin ar na tionchair mheasta; aonad: teaghlaigh

Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh agus faoi bhochtaineacht iompair

Cur síos ar na tionchair mheasta

Meastacháin ar na tionchair mheasta; aonad: teaghlaigh

4.   COMHLÁNTACHT, BREISÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHLEAN

Baineann an chuid seo leis an bPlean iomlán. Ní mór údar a bheith leis na critéir éagsúla a luaitear thíos le haghaidh an Phlean iomláin.

4.1.   Faireachán ar an bPlean agus cur chun feidhme an Phlean

Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme, ag díriú ar na socruithe agus ar an tráthchlár le haghaidh an fhaireacháin agus an chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 21 a chomhlíonadh.

4.2.   Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile

Míniú ar an gcaoi a bhfuil an Plean comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear agus leis na gealltanais a thug an Ballstát faoi phleananna agus cistí ábhartha eile, agus an t-idirghníomhú idir na pleananna éagsúla agus súil á caitheamh chun tosaigh, mar a leagtar amach in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 16(3), pointe (b)(iii).

4.3.   Comhlántacht an chistithe

Faisnéis faoi mhaoiniú beart agus infheistíochtaí atá ann cheana nó atá beartaithe ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, foinsí idirnáisiúnta, poiblí nó, i gcás inarb ábhartha, ó fhoinsí príobháideacha lena rannchuidítear leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach, de bhun Airteagal 6(1), pointe (c).

4.4.   Breisíocht

Míniú ar an gcaoi ar bearta nó infheistíochtaí breise iad na bearta nó na hinfheistíochtaí nua nó atá ann cheana agus nach nglactar ionad an chaiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhilltigh leo, de bhun Airteagal 13(2), agus údar leis sin, lena n-áirítear míniú mar sin ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus údar leis sin.

4.5.   Sonraíochtaí geografacha

Míniú ar an gcaoi ar cuireadh sonraíochtaí geografacha san áireamh sa Phlean, mar shampla oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, limistéir imeallacha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl.

4.6.   Éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc

Córas chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste, agus na socruithe arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Iarscríbhinn III, lena n-áirítear cistí arna soláthar trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.7.   Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

Comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 23 ina dtagraítear do rochtain phoiblí ar shonraí, ina léirítear an suíomh gréasáin ina bhfoilseofar na sonraí, chomh maith leis na bearta faisnéise, cumarsáide, agus infheictheachta.

Achoimre ar an straitéis cumarsáide náisiúnta atá beartaithe lena ndírítear ar a áirithiú go mbeidh an pobal eolach ar chistiú an Aontais.