15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 128/81 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/953 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Bealtaine 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear an taraif-chuóta chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistíocht na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha i ndáil le riar na gcuótaí sin. |
(2) |
Ón 1 Iúil 2023, de réir an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit (3), féadfaidh an Phoblacht Dhoiminiceach púdar bainne a allmhairiú ón Aontas ag dleacht nialasach ar chainníocht neamhtheoranta. Mar thoradh air sin agus ar mhaithe leis an tsoiléire, na forálacha maidir leis an taraif-chuóta ar onnmhairithe púdair bainne ón Aontas chuig an bPoblacht Dhoiminiceach, ba cheart iad a bhaint ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais eile ar cheadúnas. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:
(1) |
scriostar Airteagail 55, 56 agus 57; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinní I agus XIII, Páirt B — Earnáil: Bainne i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas le haghaidh na tréimhse taraif-chuóta dar tús an 1 Iúil 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).
(3) Cinneadh 2008/805/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 289, 30.10.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus XIII, Páirt B – Earnáil: Bainne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, scriostar an ró seo a leanas:
|
(2) |
scriostar an tábla seo a leanas in Iarscríbhinn XIII, Páirt B – Earnáil: Bainne:
|