|
16.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/944 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Eanáir 2023
lena leasaítear agus lena gceartaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe trédhearcachta is infheidhme maidir le hidirbhearta in ionstraimí cothromais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 4(6), an tríú fomhír, Airteagal 7(2), an tríú fomhír, Airteagal 14(7), an tríú fomhír, Airteagal 20(3), an tríú fomhír, Airteagal 22(3), an dara fomhír agus Airteagal 23(3), an tríú fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Agus aird á tabhairt ar an taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 (2) gCoimisiún, le sainaithint chur i bhfeidhm neamhréireach na bhforálacha a bhraitheann ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil idirbheart ina idirbheart “nach gcruthaítear praghas leis” agus ag cur san áireamh na hathruithe i gcleachtais trádála de dheasca forbairtí teicneolaíochta agus oiriúnuithe ar iompar rannpháirtithe sa mhargadh a fhágann gur féidir faisnéis a fhoilsiú le moill níos giorra, ní mór forálacha áirithe den Rialachán Tarmligthe sin a leasú. |
|
(2) |
Maidir le coincheap na n-idirbheart nach gcruthaítear praghas leo agus atá ábhartha chun an tarscaoileadh trádála idirbheartaithe a chur i bhfeidhm, agus maidir leis an oibleagáid trádála scaireanna, chomh maith le díolmhú na gceanglas trédhearcachta iarthrádála le haghaidh idirbhearta déthaobhacha, rinne eintitis atá faoi mhaoirseacht é a léiriú ar bhealach éagsúil, agus mar thoradh air sin foilsíodh faisnéis trédhearcachta iarthrádála ar bhealach neamhréireach. Chun an trédhearcacht, cáilíocht na sonraí a fheabhsú agus ar deireadh, comhiomlánú na sonraí a éascú, is gá an córas tuairiscithe is infheidhme maidir le hidirbhearta cothromais a shimpliú agus a shoiléiriú. Chun léiriú éagsúil a sheachaint, ba cheart na forálacha éagsúla a bhraitheann ar choincheap na n-idirbheart nach gcruthaítear praghas leo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 (3) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún, ina ndéileáiltear le hidirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla, a ailíniú. Cuimsítear na hidirbhearta go léir atá le heisiamh ó cheanglais tuairiscithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590, agus ba cheart, dá bhrí sin, na hidirbhearta ar leithligh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 a bhaint. |
|
(3) |
Trí choincheap na n-idirbheart nach gcruthaítear praghas leo a ailíniú leis an gcoincheap sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590, tá an sainmhíniú ar “idirbhearta tarscaoilte” nó “idirbheart curtha ar aghaidh” iomarcach, ós rud é nár úsáideadh an sainmhíniú sin ach i bhforálacha ina bpléitear leis an gcoincheap sin. Thairis sin, ní úsáidtear an sainmhíniú ar “idirbheart maoinithe urrús” sa Rialachán Tarmligthe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, na sainmhínithe sin a scriosadh. |
|
(4) |
Cé gur tháinig méadú ar thrédhearcacht réamhthrádála in ionstraimí cothromais agus in ionstraimí atá cosúil le cothromas de bharr chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587, tá leibhéal na trédhearcachta réamhthrádála fíor-ama fós íseal i gcás na gcistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna). Tá sé sin mar thoradh ar chéatadán suntasach d’idirbhearta ETF, i gcomhthéacs líon na dtrádálacha agus an méid a trádáladh, a bhaineann tairbhe as tarscaoileadh faoi láthair, go háirithe an tarscaoileadh ar mhórscála dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Dá bhrí sin, níor baineadh amach go hiomlán cuspóir an Rialacháin sin maidir leis an trédhearcacht i margadh ETF a mhéadú. Chun trédhearcacht réamhthrádála fíor-ama in ETF a mhéadú, is gá, dá bhrí sin, an tairseach trédhearcachta réamhthrádála ar mhórscála is infheidhme maidir le ETFanna a mhéadú. Leis an méadú ar an tairseach, áiritheofar go mbeidh níos mó idirbheart in ETFanna faoi réir ceanglas trédhearcachta réamhthrádála fíor-ama agus cosaint leordhóthanach ar thionchar praghsanna ar orduithe móra á háirithiú. |
|
(5) |
Mar an gcéanna, tá an leibhéal trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ETFanna fós íseal, agus tá an cion d’fhoilsiú iarchurtha idirbheart in ETF fós i bhfad níos airde ná mar atá i gcás scaireanna agus ionstraimí cothromais eile. Lena áirithiú go mbeidh níos mó idirbheart in ETFanna faoi réir ceanglas trédhearcachta iarthrádála fíor-ama, is gá íosmhéid cáilitheach na n-idirbheart in ETFanna atá i dteideal iarchur 60 nóiméad a mhéadú. Léirítear leis an méadú sin ar an tairseach an chothromaíocht cheart idir trédhearcacht fíor-ama a mhéadú agus cosaint leordhóthanach a áirithiú ar iarmhairtí diúltacha féideartha a bhaineann le horduithe móra a thaispeáint. |
|
(6) |
Tá léirmhínithe éagsúla á mbaint ag rannpháirtithe sa mhargadh as na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh córais trádála hibrideacha, rud a fhágann go bhfuil trédhearcacht réamhthrádála neamhréireach á nochtadh ag oibreoirí na gcóras sin. Is éard is córais hibrideacha ann córais ina gcomhcheanglaítear dhá chóras trádála nó níos mó. Chun a áirithiú go nochtfaidh na hoibreoirí sin faisnéis iomchuí trédhearcachta réamhthrádála ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart ceanglais trédhearcachta réamhthrádála a thabhairt isteach le haghaidh córais trádála hibrideacha lena n-áirithítear go mbeidh na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála ailínithe le ceanglais na gcóras aonair atá sa chóras hibrideach. |
|
(7) |
Le forbairtí teicneolaíochta agus margaidh, amhail úsáid mhéadaithe a bhaint as córais nach bhfuil a oiread aga folaigh iontu, féadfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis a sholáthar faoi idirbhearta ag pointe ama níos luaithe. Agus é sin á chur san áireamh, tá an fhéidearthacht go bhféadfaí faisnéis iarthrádála iarchurtha a fhoilsiú tráth nach déanaí ná meán lae ar an lá trádála dár gcionn maidir le hidirbhearta a dhéantar níos lú ná 2 uair an chloig roimh dheireadh an lae trádála rófhada. Lena áirithiú go bhfoilseofar faisnéis iarthrádála go tráthúil, is gá, dá bhrí sin, an tréimhse sin a laghdú go dtí tráth nach déanaí ná 9 a.m. am na háite ar an lá trádála dár gcionn. |
|
(8) |
Ní léirmhíníonn ionaid trádála, socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus gnólachtaí infheistíochta go comhsheasmhach na ceanglais a bhaineann le faisnéis trédhearcachta iarthrádála a nochtadh don phobal ná an fhaisnéis atá le soláthar don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus do na húdaráis inniúla chun críoch na ríomhanna trédhearcachta. Mar thoradh air sin, bíonn an t-eolas sin neamhiomlán, míchruinn nó neamhréireach. Baineann sé sin an bonn ó inúsáidteacht faisnéise den sórt sin agus ó cháilíocht agus ó chruinneas na ríomhanna trédhearcachta bunaithe ar na sonraí arna gcur isteach. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas trédhearcachta iarthrádála a chur chun cinn ar fud an Aontais, is gá, dá bhrí sin, ábhar na n-iarrataí ar shonraí a shonrú tuilleadh, agus go háirithe na mionsonraí a bheidh le nochtadh ag ionaid trádála, ag APAnna agus ag soláthraithe teilitéipe comhdhlúite nuair a thuairiscíonn siad sonraí tagartha agus sonraí cainníochtúla do ESMA agus do na húdaráis inniúla. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ionas go bhféadfaidh ionaid trádála, APAnna agus gnólachtaí infheistíochta na hathruithe is gá ar a gcórais a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag leasuithe áirithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú maidir le hidirbhearta a chuirfear i gcrích roimh an 1 Eanáir 2024 ach a fhoilseofar nó a leasófar i ndiaidh an dáta sin, ba cheart go mbeidh feidhm ag Airteagail 2, 6 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis de réir mar is infheidhme an 31 Nollaig 2023 fós maidir leis na hidirbhearta sin. |
|
(11) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe. |
|
(12) |
Thionóil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, scriostar pointí (2) agus (3); |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfar ordú maidir le ETF a mheas mar ordú ar mhórscála i gcás go bhfuil an t-ordú cothrom le EUR 3 000 000 nó gur mó ná sin é.”; |
|
(5) |
in Airteagal 13, scriostar pointí (b), (c) agus (d); |
|
(6) |
in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(8) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(9) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(10) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn IV. |
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587
Ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: “Airteagal 18 Tagairt d’údaráis inniúla (Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) Is é a bheidh san údarás inniúil le haghaidh ionstraim airgeadais shonrach atá freagrach as na ríomhanna a dhéanamh agus as foilsiú na faisnéise a áirithiú dá dtagraítear in Airteagail 4, 7, 11 agus 17 údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus a shonraítear in Airteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590.”. |
Airteagal 3
Foráil idirthréimhseach
Beidh Airteagail 2, 6 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme an 31 Nollaig 2023, fós i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a chuirfear i gcrích roimh an 1 Eanáir 2024.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (2), (3), (5) agus (8) ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála um cheanglais trédhearcachta ar ionaid trádála agus ar ghnólachtaí infheistíochta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus maidir le hoibleagáidí forghníomhúcháin idirbheart i ndáil le scaireanna áirithe ar ionad trádála nó ar inmheánaitheoir córasach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 387).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun idirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla (IO L 87, 31.3.2017, lch. 449).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1: “Tábla 1 Tuairisc ar chineál na gcóras trádála agus ar an bhfaisnéis ghaolmhar atá le cur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 3
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 3 agus 4: “Tábla 3 Liosta mionsonraí chun críoch na trédhearcachta iarthrádála
Tábla 4 Liosta bratach chun críoch na trédhearcachta iarthrádála
|
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/580 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun sonraí ábhartha a bhaineann le horduithe in ionstraimí airgeadais a choimeád (IO L 87, 31.3.2017, lch. 193).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta i dtaca le hidirghabháil táirge agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lch. 90).”
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 5:
“Tábla 5
Tairseacha foilsithe iarchurtha agus moilleanna le haghaidh ETFanna
|
Íosmhéid cháiliúcháin an idirbhirt ar mhoill cheadaithe in EUR |
Am an fhoilsithe i ndiaidh an idirbhirt |
|
15 000 000 |
60 nóiméad |
|
50 000 000 |
Deireadh an lae trádála” |
IARSCRÍBHINN III
“IARSCRÍBHINN IV
Sonraí atá le soláthar chun an Margadh is Ábhartha a chinneadh ó thaobh leachtachta, an ADT agus an AVT de
Tábla 1
Tábla siombailí
|
Siombail |
Cineál Sonraí |
Sainmhíniú |
|
{ALFA-UIMHIR-n} |
Suas le n carachtar alfa-uimhriúil |
Réimse saorthéacs |
|
{ISIN} |
12 charachtar alfa-uimhriúla |
Cód ISIN, mar a shainítear in ISO 6166 |
|
{MIC} |
4 charachtar alfa-uimhriúla |
Aitheantóir an mhargaidh mar a shainítear in ISO 10383 |
|
{FORMÁIDDÁTA} |
Formáid dáta ISO 8601 |
Déanfar na dátaí a fhormáidiú san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LL. |
|
{DEACHÚLACH-n/m} |
Uimhir dheachúlach suas le n digit san iomlán ina bhféadfaidh suas le m digit di sin a bheith ina ndigití codáin |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna deimhneacha agus diúltacha araon. is ionann ‘deighilteoir deachúlach’ agus ‘.’ (lánstad); cuirtear ‘–’ (lúide) roimh uimhreacha diúltacha; déantar luachanna a chothromú agus ní chiorraítear iad. |
|
{SLÁNUIMHIR-n} |
Slánuimhir suas le n digit |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna slánuimhreach deimhneacha agus diúltacha araon. |
Tábla 2
Sonraí atá le soláthar chun an Margadh is Ábhartha a chinneadh ó thaobh leachtachta, an ADT agus an AVT de (bunaithe ar na treoracha tuairiscithe reatha)
|
Uimh. réimse |
Aitheantóir an réimse |
Tuairiscí agus na sonraí atá le foilsiú |
An cineál forghníomhaithe nó ionaid foilseacháin |
Formáid atá le pobalú mar a mhínítear i dTábla 1 |
|
1 |
Cód aitheantais ionstraime |
Cód a úsáidtear chun an ionstraim airgeadais a aithint |
Margadh Rialáilte (RM) Saoráid Trádála Iltaobhach (MTF) Socrú Formheasta maidir le Foilsiú (APA) Soláthraí teilitéipe comhdhlúite (CTP) |
{ISIN} |
|
2 |
Dáta an fhorghníomhaithe |
An dáta ar a bhforghníomhófar na trádálacha. |
RM, MTF, APA, CTP |
{FORMÁIDDÁTA} |
|
3 |
Ionad an fhorghníomhaithe |
MIC deighleoige d’ionad trádála an Aontais Eorpaigh nó don inmheánaitheoir córasach, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, seachas sin MIC oibriúcháin. MIC XOFF i gcás ina bhfuil an t-idirbheart á fhorghníomhú ag gnólachtaí infheistíochta nach inmheánaitheoirí córasacha iad agus nach ndéantar é a fhorghníomhú ar ionad trádála. |
RM, MTF, APA, CTP |
{MIC} – an ionaid trádála nó an inmheánaitheora chórasaigh nó {MIC} - XOFF’ |
|
4 |
Bratach ionstraime ar fionraí |
Táscaire i dtaobh an raibh an ionstraim ar fionraí don lá trádála go léir ar an ionad trádála faoi seach ar dháta an fhorghníomhaithe. Mar thoradh ar ionstraim a chur ar fionraí don lá trádála go léir, déanfar réimsí 5 go 10 a thuairisciú le luach nialasach. |
RM, MTF, CTP |
FÍOR - má cuireadh an ionstraim ar fionraí don lá trádála go léir nó BRÉAGACH – murar cuireadh an ionstraim ar fionraí don lá trádála go léir |
|
5 |
Líon iomlán na n-idirbheart |
Líon iomlán na n-idirbheart a forghníomhaíodh ar dháta an fhorghníomhaithe (*2). |
RM, MTF, APA, CTP |
{SLÁNUIMHIR-18} |
|
6 |
Láimhdeachas iomlán |
An láimhdeachas iomlán arna fhorghníomhú ar dháta an fhorghníomhaithe, arna shloinneadh in EUR (*1) (*2). |
RM, MTF, APA, CTP |
{DEACHÚLACH-18/5} |
|
7 |
Idirbhearta a fhorghníomhaítear, gan idirbheart a áireamh a fhorghníomhaítear faoin tarscaoileadh réamhthrádála in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. |
Líon iomlán na n-idirbheart arna bhforghníomhú ar dháta an fhorghníomhaithe gan na hidirbhearta uile a áireamh a fhorghníomhaítear faoi tharscaoileadh réamhthrádála in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 an lá céanna (*2). |
RM, MTF, CTP |
{SLÁNUIMHIR-18} |
|
8 |
Láimhdeachas iomlán a fhorghníomhaítear, gan na hidirbhearta uile a fhorghníomhaítear faoin tarscaoileadh réamhthrádála in Airteagal 4(1), i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a áireamh. |
Líon iomlán na n-idirbheart arna bhforghníomhú ar dháta an fhorghníomhaithe gan na hidirbhearta uile a áireamh a fhorghníomhaítear faoi tharscaoileadh réamhthrádála in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 an lá céanna (*1) (*2). |
RM, MTF, CTP |
{DEACHÚLACH-18/5} |
|
9 |
Líon iomlán na n-idirbheart gan na hidirbhearta a fhorghníomhaítear faoin iarchur LIS iarthrádála a áireamh. |
Líon iomlán na n-idirbheart a fhorghníomhaítear ar dháta an fhorghníomhaithe, gan na hidirbhearta sin a fhorghníomhaítear faoi tharscaoileadh Mórscála (iarthrádáil) a áireamh (*2). I gcás scaireanna agus admhálacha taisclainne, ní úsáidfear ach an tairseach is airde don bhanda meánláimhdeachais laethúil gaolmhar (ADT) i dTábla 4 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint. I gcás deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile, ní úsáidfear ach an tairseach is airde i dTábla 6 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint I gcás ETFanna, ní úsáidfear ach an tairseach is airde i dTábla 5 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint. |
RM, MTF, APA, CTP |
{SLÁNUIMHIR-18} |
|
10 |
Láimhdeachas iomlán arna fhorghníomhú, gan idirbhearta a fhorghníomhaítear faoin iarchur LIS iarthrádála a áireamh. |
Méid iomlán na n-idirbheart a fhorghníomhaítear ar dháta an fhorghníomhaithe, gan na hidirbhearta sin a fhorghníomhaítear faoi tharscaoileadh Mórscála (iarthrádáil) a áireamh (*1) (*2). I gcás scaireanna agus admhálacha taisclainne, ní úsáidfear ach an tairseach is airde don bhanda meánláimhdeachais laethúil gaolmhar (ADT) i dTábla 4 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint. I gcás deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile, ní úsáidfear ach an tairseach is airde i dTábla 6 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint I gcás ETFanna, ní úsáidfear ach an tairseach is airde i dTábla 5 d’Iarscríbhinn II chun na hidirbhearta sin a shainaithint. |
RM, MTF, APA, CTP |
{DEACHÚLACH-18/5} |
(*1) Ríomhfar an láimhdeachas mar líon na n-ionstraimí arna malartú idir na ceannaitheoirí agus na díoltóirí arna iolrú faoi phraghas aonaid na hionstraime arna malartú ar an idirbheart sonrach sin agus sloinnfear in EUR é.
(*2) Déanfar idirbhearta a cuireadh ar ceal a eisiamh ó na figiúirí a tuairiscíodh.
I ngach cás, ní mór an réimse a phobalú le haon luach níos mó ná nó cothrom le nialas suas go dtí 18 gcarachtar uimhriúla lena n-áirítear suas go dtí 5 ionad de dheachúlacha.”