28.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 113/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/886 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le 24 dhuine agus le heintiteas amháin a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Uimh. 401/2013 (“Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4a”) mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 24 dhuine seo a leanas sa liosta dar teideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a’:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Aung Aung

Inscne: fireann;

Uimhir aitheantais mhíleata: BC 23750

Tá an Leifteanant-ghinearál Aung Aung ina Cheannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 2 ó mhí Dheireadh Fómhair 2022. Tá sé ina iar-Cheannasaí ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus iar-Cheannasaí ar an 33ú Roinn Coisithe Éadroma d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 33ú Roinn Coisithe Éadroma in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Airítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya.

25.6.2018

7.

Thant Zin Oo

Inscne: fireann

Bhí Thant Zin Oo ina Cheannasaí ar an 8ú Cathlán de na Póilíní Slándála. Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 8ú Cathlán de na Póilíní Slándála in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Airítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya. Rinneadh na sáruithe sin i gcomhar leis an 33ú Roinn Coisithe Éadroma d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus le tacaíocht dhíreach uathu, faoi stiúir an Leifteanant- (roimh seo Briogáidire-) Ghinearál Aung Aung. Dá bhrí sin, tá baint ag Thant Zin Oo leis an duine atá liostaithe, Leifteanant-Ghinearál Aung Aung.

25.6.2018

10.

Khin Hlaing

Dáta breithe: 2/5/1968;

Inscne: fireann

Tá an Leifteanant-ghinearál Khin Hlaing ina Cheannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 4 ó mhí Dheireadh Fómhair 2022. Is é iar-Cheannasaí Réigiún na Triantán é ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Tá sé ina iar-Cheannasaí ar an 99ú Roinn Coisithe Éadroma (LID) agus bhí sé ina Cheannasaí ar an Cheannasaíocht Oirthuaisceart d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Ina cháil mar Cheannasaí ar an 99th Roinn Coisithe Éadroma (LID), rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí míleata a rinneadh i Stát Shan in 2016 agus go luath in 2017. Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99th LID in aghaidh mhionlaigh eitneacha na sráidbhailte i Stát Shan sa dara leath de 2016. Áirítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, coinneáil éigeantach agus scriosadh sráidbhailte.

21.12.2018

18.

Sein Win

Dáta breithe: 24/7/1956;

Áit bhreithe: Pyin Oo Lwin, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Tá an Leifteanant-Ghinearál Sein Win ina chomhalta de Tatmadaw agus is iar-Aire Cosanta é (idir 24 Lúnasa 2015 agus 1 Feabhra 2021). Ó mhí Feabhra 2021 i leith (go dtí mí Mheán Fómhair 2022 ar a laghad), bhí sé ina chathaoirleach ar Eagraíocht Iarshaighdiúirí Cogaidh Mhaenmar.

An 1 Feabhra 2021, ghlac sé páirt i gcruinniú den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) le comhaltaí eile Tatmadaw. Bhí an cruinniú a bhí ag NDSC míbhunreachtúil toisc nach raibh a chomhaltaí sibhialta páirteach ann. Le linn an chruinnithe sin, fógraíodh Myint Swe ina Uachtarán Gníomhach. D’fhógair Myint Swe staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, Min Aung Hlaing. Sáraíodh an nós imeachta chun an staid éigeandála a fhógairt mar, faoin mBunreacht, is ag an Uachtarán amháin atá an t-údarás staid éigeandála a fhógairt.

Trína rannpháirtíocht sa chruinniú NDSC, ar lena linn a cinneadh an staid éigeandála a fhógairt agus cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a thabhairt ar láimh d’Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, chuir Sein Win le torthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus leis an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Rohingya ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is measa faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Aire Cosanta ón 24 Lúnasa 2015 go dtí an 1 Feabhra 2021, is é Sein Win atá freagrach as na sáruithe agus mí úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

22.3.2021

20.

Mya Tun Oo

Dáta breithe: 4 nó 5 Bealtaine 1961;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é an Ginearál Mya Tun Oo. Ceapadh é ina Aire Cosanta an 1 Feabhra 2021, agus is comhalta é den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC). An 1 Feabhra 2023, ceapadh ina Leas-Phríomh-Aire é freisin.

An 1 Feabhra 2021, rinne fórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Mya Tun Oo páirt i gcruinniú an Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Agus é ina chomhalta de NDSC agus de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil mar Aire Cosanta, is ar Mya Tun Oo atá an fhreagracht as na hionsaithe a rinne na fórsaí míleata i stát Kayah an 25 Nollaig 2021 tráth a maraíodh breis is 30 duine, lena n-áirítear leanaí agus pearsanra daonnúil, agus as ollmharuithe agus céasadh sibhialtach ar fud Mhaenmar. Ina cháil mar Aire Cosanta, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach freisin as buamáil, aer-ruathair agus cásanna eile d’fhoréigean ar mhórscála a rinne fórsaí armtha Mhaenmar le linn 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Rohingya ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is measa faoin dlí idirnáisiúnta. Ba é Mya Tun Oo a bhí ina Chomhcheann Foirne d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw), an tríú post is sinsearaí sa Tatmadaw, ó Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é ina Aire Cosanta. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar oibríochtaí míleata a rinneadh i stát Rakhine agus rinne sé comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Rohingya.

22.3.2021

23.

Maung Maung Kyaw

Dáta breithe: 23/7/1964;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is iarchomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é an Ginearál Maung Maung Kyaw. Chuaigh sé ar scor i mí Eanáir 2022. Bhí sé ina chomhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) go dtí mí Feabhra 2023. Roimhe sin, bhí sé ina Ardcheannasaí ar Aerfhórsa Mhaenmar idir 2018 agus Eanáir 2022. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Agus é ina chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Maung Maung Kyaw leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar iar-chomhalta de SAC, bhí an Ginearál Maung Maung Kyaw freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil roimhe sin mar cheannaire ar Aerfhórsa Mhaenmar, bhí sé freagrach go díreach as an mbuamáil i stát Kayah i mí na Nollag 2021, inar díríodh ar an bpobal sibhialta rud a d’fhág go raibh líon mór taismeach ann. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

22.3.2021

25.

Than Hlaing

Dáta breithe: 1965;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Ba é Leas-Aire Gnóthaí Baile, Ceann Foirne na Póilíneachta é ón 2 Feabhra 2021 go dtí mí na Bealtaine 2022.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Arna cheapadh ag SAC, glacann Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing páirt i ngníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus i ngníomhaíochtaí freisin a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta ag gníomhú dóibh faoi údarás an Leifteanaint-Ghinearál Than Hlaing ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, le gabhálacha treallacha a dhéanamh agus le ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar iar-Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Foirne na Póilíneachta, bhí an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing freagrach go díreach as an gcinnteoireacht a bhaineann le beartais diansmachta agus gníomhaíochtaí foréigneacha a rinne na fórsaí póilíneachta i gcoinne léirsitheoirí síochánta; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

22.3.2021

26.

Mahn Nyein Maung

(a.k.a. P’do, Phado Man Nyein Maung)

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Dáta breithe: c. 1947;

Áit bhreithe: Maungdaw, Myanmar;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Mahn Nyein Maung.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Mahn Nyein Maung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta ar SAC, tá Mahn Nyein Maung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

27.

Thein Nyunt

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Cathaoirleach ar an NNDP (Páirtí Náisiúnta Nua an Daonlathais);

Dáta breithe: 26 Nollaig 1944;

Áit bhreithe: Kawkareik (Karen State) Maenmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Uimhir aitheantais: 12/THAGAKA(NAING)012432;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Thein Nyunt. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta é freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Thein Nyunt leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Thein Nyunt freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

28.

Khin Maung Swe

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Cathaoirleach ar an NDF (Páirtí Náisiúnta an Fhórsa Daonlathaigh);

Dáta breithe: 24 Iúil 1942;

Áit bhreithe: Ngathaingchaung, Pathein District, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Khin Maung Swe. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta é freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Khin Maung Swe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Khin Maung Swe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

29.

Aye Nu Sein

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Leaschathaoirleach Pháirtí Náisiúnta Arakan;

Dáta breithe: 24 Márta 1957;

Áit bhreithe: Sittwe, Rakhine State, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: baineann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) í Aye Nu Sein. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta í freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Aye Nu Sein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus í freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Aye Nu Sein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

30.

Jeng Phang Naw Htaung

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Jeng Phang Naw Htaung. Ón 1 Feabhra 2023, tá sé ina Aire Gnóthaí Eitneacha an Aontais freisin.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Jeng Phang Naw Htaung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Jeng Phang Naw Htaung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

32.

Sai Long Hseng

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Dáta breithe: 18 Aibreán 1947;

Áit bhreithe: Kengtung, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Cárta fíorúcháin saoránachta: Katana (Naing) 0052495;

Uimhir NRC: 13/KATANA (N)-005249;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Sai Long Hseng. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta é freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Sai Long Hseng leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Sai Long Hseng freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

33.

Saw Daniel

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Dáta breithe: 25 Samhain 1957;

Áit bhreithe: Loikaw (Kayah State) Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Saw Daniel. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta é freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Saw Daniel leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Saw Daniel freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

34.

Dr Banyar Aung Moe

Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Dáta breithe: 14.8.1947;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10RAMANAN202348

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Banyar Aung Moe. Ón 1 Feabhra 2023, is comhalta é freisin de Lárchomhlacht Comhairleach SAC.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Banyar Aung Moe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Banyar Aung Moe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

35.

U Chit Naing

(ar a dtugtar freisin Sate Pyin Nyar)

Dáta breithe: Nollaig 1948;

Áit bhreithe: Kyee Nee Village, Chauk Township, Magway Region, Maenmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann;

Seoladh: No. 150, Yadanar Street, Yadanar Housing (i ngar do Tine Yin Thar Village), Tharayta Township, Yangon, Myanmar

Ba é U Chit Naing Aire an Rialtais Aontachta atá i gceannas ar Aireacht an Rialtais Aontachta ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 18 Lúnasa 2022. Ba é an tAire Faisnéise é ón 2 Feabhra 2021 go dtí an 31 Iúil 2021. Ba é an Cathaoirleach ar an gComhairle Riaracháin Stáit (SAC) a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021 a cheap é. Ina cháil mar Aire Faisnéise, bhí sé freagrach as na meáin atá faoi úinéireacht an stáit (MWD, MRTV, na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, chomh maith leis an Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News), agus, dá bhrí sin, as nuacht oifigiúil a chraoladh agus a fhoilsiú. Le linn a théarma mar Aire Faisnéise, bhí na nuachtáin lán le hailt ar son an airm agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as bolscaireacht ar son an junta agus as bréagaisnéis a scaipeadh trí na meáin stáit nach bhfuil ag tuairisciú go cruinn. Tá sé freagrach go díreach as cinntí ba chúis leis an gcniogbheartaíocht ar na meáin i Maenmar. Áirítear leis sin treoracha, inar ordaíodh do na meáin neamhspleácha gan na téarmaí coup, ‘réimeas míleata’ ná junta a úsáid, agus inar cuireadh cosc ar chúig cinn d’fhoinsí áitiúla nuachta sa tír. Sna róil a bhí aige roimhe seo mar chomhalta den rialtas, bhain a ghníomhaíochtaí agus a bheartais an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

38.

Win Shein

(ar a dtugtar freisin U Win Shein)

Dáta breithe: 31 Iúil 1957;

Áit bhreithe: Mandalay, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: fireann;

Pasuimhir: DM001478 (Myanmar/Burma) dáta eisiúna an 10 Meán Fómhair 2012, in éag an 9 Meán Fómhair 2022;

Cárta aitheantais náisiúnta: 12DAGANA011336

Is é Win Shein an Leas-Phríomh-Aire, ón 1 Feabhra 2023, agus an tAire Pleanála agus Airgeadais sa Rialtas Aontachta, ón 1 Feabhra 2021, é ceaptha ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Min Aung Hlaing.

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Aire Pleanála agus Airgeadais agus mar Leas-Phríomh-Aire sa Rialtas Aontachta, agus tríd an ról tábhachtach atá aige i mbeartais an réimis, tá Win Shein freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

21.6.2021

40.

Tin Aung San

Dáta breithe: 16 Deireadh Fómhair 1960;

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: fireann;

Cárta aitheantais náisiúnta: 12/La Ma Na (N) 89 489

Is é an tAimiréal Tin Aung San Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar. Ina theannta sin, tá sé ina Aire Iompair agus Cumarsáide ón 3 Feabhra 2021, agus ina Leas-Phríomh-Aire ón 1 Feabhra 2023. Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar Aire Rialtais Iompair agus Cumarsáide, tá sé freagrach as cumarsáid agus líonraí agus ar an gcaoi sin déanann sé cinntí agus cuireann sé beartais chun feidhme lena ndéantar saoirse rochtana ar líne ar shonraí a shainiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, is iomaí múchadh agus moilliú d’aon ghnó ar an idirlíon a tharla, chomh maith le horduithe do sholáthraithe cosc a chur ar Facebook, Twitter agus Instagram ar líne. I mí Eanáir 2022, scaipeadh dréacht nua den bhille cibearshlándála, lenar féidir mí-úsáid a bhaint as teicneolaíocht faireachais chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine aonair agus díriú orthu, agus, ar an gcaoi sin, a tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chomh maith le rochtain ar fhaisnéis a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá sé freagrach go díreach as srian a chur le saoirse an phreasa agus le rochtain ar fhaisnéis ar líne, agus as ceart chun príobháideachais mhuintir Mhaenmar a shárú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tá an bonn á bhaint aige den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Tin Aung San leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.

21.6.2021.

41.

Thida Oo

(a.k.aDaw Thida Oo)

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: baineann

Tá Thida Oo ina hArd-Aighne ar Aontas Mhaenmar ón 2 Feabhra 2021, nuair a cheap Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) Min Aung Hlaing í. Is comhalta de Choimisiún Mhaenmar um Infheistíocht (MIC) í.

An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. I mí Iúil 2022, ghlac Oo páirt sa chás a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ) inar thug sí fianaise i gcoinne an chúisimh a bhí á chur ina leith i ndáil le cinedhíothú mhuintir Róihinse agus cosaint a thabhairt don junta.

Tá Thida Oo mar chuid den rialtas a d’eascair as an coup óna chéad lá, ag baint úsáid as an gcumhacht a thugtar faoi dhlí 2010 maidir le hArd-Aighne an Aontais chun tabhairt faoi thrialacha polaitiúla agus faoi choinneáil threallach ina dhiaidh sin agus chun gníomhú mar fhórsa cumasúcháin don mhí-úsáid atá á déanamh ag an réimeas míleata. Dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus beartas lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí ar bagairt iad do shíocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma.

21.6.2021

44.

Aung Naing Oo

Dáta breithe: 13 Deireadh Fómhair 1962 nó 9 Meitheamh 1969;

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Áit bhreithe: Kyaukse, Mandalay, Myanmar/Burma;

Inscne: fireann;

Seoladh: L 103, Kenyeikthar Lane 6, FMI city, Yangon, Myanmar/Burma;

Pasuimhir: DM002656;

Uimhir aitheantais náisiúnta: 7/PaKhaNa (Naing) 13345; 5/SaKaNa (Naing) 017289

Is é Aung Naing Oo an tAire Tráchtála ón 19 Lúnasa 2022. Ba é an tAire Infheistíochta agus Caidreamh Eacnamaíoch Eachtrach ón 2 Feabhra 2021 go dtí an 18 Lúnasa 2022. Cheap an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021.

Mar Aire Rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Agus é ina Aire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh, bhí sé i gceannas ar ghnó agus ar infheistíochtaí i Maenmar/Burma a éascú agus, dá bhrí sin, rannchuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a dhaingniú. Sna ráitis agus sna gníomhartha a rinne sé, thacaigh sé go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear trína rá go ndearna na meáin idirnáisiúnta áibhéil faoin ngéarchéim agus d’áitigh sé freisin go bhfuil deireadh ag teacht le gluaiseacht na heasumhlaíochta sibhialta. Ina theannta sin, chuir sé cosc ar fheidhmeannaigh gnólachtaí teileachumarsáide eachtracha an tír a fhágáil gan cead agus thug sé bata agus bóthar do státseirbhísigh san Aireacht a bhí ag déanamh agóide i mí Feabhra 2021. Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

46.

Thet Thet Khine

Dáta breithe: 19 Lúnasa 1967;

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Áit bhreithe: Mogok, Myanmar/Burma;

Inscne: baineann

Seoladh: 127A Dhamazadei Road, Kamayut, Yangon, Myanmar/Burma;

Pasuimhir: MB132403 (Myanmar/Burma), a eisíodh an 7 Bealtaine 2015, chuaigh in éag an 6 Bealtaine 2020;

Uimhir aitheantais náisiúnta: 9MAKANAN034200

Is í Thet Thet Khine an tAire Leasa Shóisialaigh, Fóirithinte agus Athlonnaithe ón 4 Feabhra 2021. Cheap an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) í, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021.

Tá tacaíocht tugtha don coup aici arís agus arís eile go poiblí. Mar Aire Rialtais, is cuid í den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina ráitis agus ina gníomhartha, thacaigh sí go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear sa ráiteas uaithi gur eagraigh an t-arm an coup mar thoradh ar chalaois toghcháin. Ina theannta sin, shéan sí go ndearna an t-arm cinedhíothú in aghaidh dhaonra na Róihinse. Dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i mbeartais lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol, agus tugann sí tacaíocht do na gníomhaíochtaí sin.

21.2.2022

64.

Ni Lin Aung

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: fireann

Tá an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung ag obair sa Cheannasaíocht Thoir Láir ó mí Lúnasa 2022. Is iar-Cheannasaí Réigiún na Ceannasaíochta Thoir ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é. Tá Stát Kayah mar chuid de dhlínse na Ceannasaíochta Thoir. Le linn ionsaí an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbaileárthach Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh ar a laghad 35 duine, ina measc sibhialtaigh, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón eagraíocht neamhrialtasach Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina phost mar Cheannasaí ar an gCeannasaíocht Thoir, bhí an Maor-Ghinearál (roimhe seo an Bhriogáidire-Ghinearál) Ni Lin Aung i gceannas go díreach ar na haonaid i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléacht sin. Dá bhrí sin, tá an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

65.

Aung Zaw Aye

(a.k.a U Aung Zaw Aye)

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: fireann

Tá an Leifteanant-Ghinearál Aung Zaw Aye mar Phríomh-Aire ar Stát Shan ó mhí Feabhra 2023. Is iar-Cheannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta Uimh. 2 Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é.

Le linn ionsaí mhíleata an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbaileárthach Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh ar a laghad 35 duine, ina measc sibhialtaigh, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón eagraíocht neamhrialtasach Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina phost mar cheannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 2, bhí an Leifteanant-Ghinearál Aung Zaw Aye i gceannas ar an gCeannasaíocht Thoir, a bhfuil ceannas díreach aici ar na haonaid mhíleata atá gníomhach i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléacht sin. Dá bhrí sin, tá Leifteanant-Ghinearál Aung Zaw Aye freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

71.

U Than Swe

(a.k.a Than Swe)

Dáta breithe: 1957 nó 1965;

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: fireann

Is Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais é U Than Swe ó mhí Feabhra 2023. Is iarchathaoirleach an Choimisiúin i gcoinne Éilliú é, agus is í an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) a cheap é ón 19 Lúnasa 2022 go dtí Feabhra 2023.

Tá an Coimisiún i gcoinne Éilliú, ansin faoi cheannaireacht U Than Swe, tar éis beartais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coup míleata a dhlisteanú, lena n-áirítear a rannpháirtíocht in imeachtaí i gcoinne ceannairí a toghadh go daonlathach, mar shampla cúisimh éillithe a thabhairt i gcoinne an Chomhairleora Stáit, Daw Aung San Suu Kyi. Dá bhrí sin, ina cháil mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún i gcoinne Éilliú, bhí U Than Swe ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

8.11.2022”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an eintiteas seo a leanas sa liosta dar teideal ‘A. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4a”:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“5.

Forest Products Joint Venture Corporation Limited

Seoladh:

422/426, Rm 2, 2nd Flr, Strand Rd., Corner of Botahtaung Pagoda St., FJVC Center, Ward (4), BTHG;

52/66, Rm 2, 3rd Flr, Botahtaung Pagoda St., Lower Block, Botahtaung Township, Yangon, Myanmar;

An cineál eintitis: Comhfhiontair;

Áit chláraithe: Myanmar;

Uimhir ghutháin: 01-9010742; 01-9010744; 09-443250050;

Seoladh ríomhphoist: fjv.md@gmail.com

Oibríonn Forest Products Joint Venture Corporation Limited (FPJVC) i dtionscal an adhmaid in Maenmar, agus téac agus crua-adhmad a phróiseáil aige. In ainneoin gur cuideachta phoiblí é FPJVC, tá sí faoi rialú an stáit, (i) a bhfuil formhór scaireanna FPJVC ina sheilbh aige tríd an Aireacht um Acmhainní Nádúrtha agus Caomhnú an Chomhshaoil MONREC (10 %) agus trí Myanma Timber Enterprise (MTE), cuideachta atá faoi úinéireacht stáit, (45 %), agus (ii) a bhfuil sé de cheart aige tromlach chomhaltaí Bhord Stiúrthóirí FPJVC a cheapadh (agus triúr comhaltaí arna gceapadh ag MONREC agus MTE, faoi seach, as 11 chomhalta san iomlán).

An 1 Feabhra 2021, d’urghabh Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, cumhacht ón rialtas dlisteanach sibhialtach in coup d’état agus bhunaigh siad Comhairle Riaracháin Stáit (SAC) chun cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a fheidhmiú. An 2 Feabhra 2021, cheap an réimeas míleata comh-aireacht nua, lena n-áirítear aire nua le haghaidh Acmhainní Nádúrtha agus Caomhnú an Chomhshaoil (MONREC). Tríd an gComhairle Riaracháin Stáit agus tríd an gcomh-aireacht nua, fuair an réimeas míleata smacht ar fhiontair atá faoi úinéireacht stáit agus tairbhíonn siad díobh, lena n-áirítear FPJVC. Dá bhrí sin, tá FPJVC á rialú ag Tatmadaw agus gineann sé ioncam dó, rud a chuireann lena chumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta

21.6.2021”