|
26.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/15 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/858 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 February 2023.
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Toisc nár chomhlíon na Stáit Aontaithe an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh [the Continued Dumping and Subsidy Offset Act] (“CDSOA”) a n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), de bhun Rialachán (AE) 2018/196, forchuireadh dleacht chustaim bhreise ad valorem 4,3 % ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. I gcomhréir leis an údarú ó EDT cur i bhfeidhm na lamháltas maidir leis na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí, coigeartóidh an Coimisiún leibhéal na fionraíochta go bliantúil de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríonn CDSOA ar an Aontas an tráth sin. Coigeartaíodh leibhéal na fionraíochta in 2022 go dleacht chustaim bhreise ad valorem 0,001 % agus leasaíodh Rialachán (AE) 2018/196 dá réir (2). |
|
(2) |
Baineann na heisíocaíochtaí ó CDSOA le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil le dáileadh na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2022 (an 1 Deireadh Fómhair 2021 – an 30 Meán Fómhair 2022). Ar bhonn na sonraí a d’fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, ríomhtar gurbh é USD 317 877,22 leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríodh ar an Aontas. |
|
(3) |
Tá méadú tagtha ar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe agus, mar iarmhairt air sin, ar leibhéal na fionraí freisin. Ní fhéadfar leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe trí tháirgí a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196 nó a bhaint de, áfach. Mar iarmhairt air sin agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Rialachán sin, níor cheart don Choimisiún aon athrú a dhéanamh ar an liosta táirgí in Iarscríbhinn I agus ba cheart dó ráta na dleachta breise a leasú chun leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, na ceithre tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196 a choinneáil ar an liosta agus an dleacht bhreise ar allmhairí a leasú agus a leagan síos ag 0,164 %. |
|
(4) |
I gcás dleacht allmhairiúcháin bhreise ad valorem 0,164 % ar allmhairí na dtáirgí ó na Stáit Aontaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196, is é an éifeacht a bheadh aici sin, in imeacht aon bhliana amháin, luach trádála nach mó ná USD 317 877,22. |
|
(5) |
Chun a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur i bhfeidhm ráta leasaithe na dleachta allmhairiúcháin breise, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/196 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/196 lena ndéantar formáidiú an réiltín agus an téacs atá nasctha leis ar bhealach fonóta:
‘Airteagal 2
Forchuirfear dleacht ad valorem 0,164 % de bhreis ar an dleacht chustaim is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ar na táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 February 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 44, 16.2.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/682 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 126, 29.4.2022, lch. 4).