|
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 105/2 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/834 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Aibreán 2023
maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 220(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021, dheimhnigh an Iodáil 294 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5 agus thug sí fógra fúthu. Is iad sicíní Gallus domesticus, béaróga, turcaithe, lachain, agus guinithe na speicis atá buailte. |
|
(2) |
Rinne an Iodáil na bearta sláinte ainmhithe agus tréidliachta uile ba ghá láithreach agus go héifeachtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), arna fhorlíonadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
Go háirithe, rinne an Iodáil bearta rialaithe, faireacháin agus coisctheacha agus bhunaigh sí criosanna cosanta agus faireachais (“na criosanna rialaithe”) de bhun Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1872 (4), (AE) 2021/1908 (5), (AE) 2021/1982 (6), (AE) 2021/2100 (7), (AE) 2021/2186 (8) agus (AE) 2021/2310 (9) ón gCoimisiún. |
|
(4) |
Maidir leis na bearta sláinte agus tréidliachta ba ghá, bearta a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh an ghalair a shrianadh agus a dhíothú, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún go ndearnadh difear do líon an-mhór oibreoirí agus gur chaill na hoibreoirí sin ioncam nach raibh incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(5) |
An 2 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún iarraidh fhoirmiúil ón Iodáil chun go ndéanfaí bearta eisceachtúla áirithe a pháirtmhaoiniú de bhun Airteagal 220(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh ráigeanna a deimhníodh idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021. An 14 Meán Fómhair 2022, an 27 Feabhra 2023 agus an 14 Márta 2023, rinne údaráis na hIodáile a n-iarraidh a shoiléiriú agus a dhoiciméadú. |
|
(6) |
De thoradh na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta dá dtagraítear in aithris 3, cuireadh síneadh le tréimhsí branair, cuireadh toirmeasc ar éin a chur ar lonnú agus cuireadh srian ar ghluaiseachtaí i gcás gabháltais de gach cineál éanlaithe clóis sna criosanna rialaithe. Dá thoradh sin, cailleadh táirgeadh uibheacha goir, uibheacha tomhaltais, ainmhithe beo agus feoil éanlaithe clóis ar na gabháltais sin, ach bhí caillteanais ann freisin de dheasca uibheacha agus feoil a scriosadh agus a íosghrádaíodh. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 220(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní mór páirtmhaoiniú an Aontais a bheith coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a d’iompair an Iodáil mar gheall ar na bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla. Na huaschainníochtaí atá incháilithe do mhaoiniú i leith gach birt tacaíochta margaidh eisceachtúil, ba cheart don Choimisiún iad a shocrú tar éis dó grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarraidh a fuarthas ón Iodáil i dtaca le ráigeanna a deimhníodh idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021. |
|
(8) |
Chun aon riosca róchúitimh a sheachaint, ba cheart méid ráta comhréidh an pháirtmhaoinithe a bhunú ar staidéir theicniúla agus eacnamaíocha nó ar dhoiciméid chuntasaíochta agus a shocrú ar leibhéal atá iomchuí i gcás gach ainmhí agus gach táirge de réir catagóirí. |
|
(9) |
Chun aon riosca cistithe dhúbailte a sheachaint, níor cheart cúiteamh a dhéanamh i leith na gcaillteanas le státchabhair nó le hárachas agus ba cheart an páirtmhaoiniú ón Aontas faoin Rialachán seo a bheith teoranta d’ainmhithe agus do tháirgí incháilithe nach bhfuarthas aon ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ina leith faoi Rialachán (AE) 2021/690. |
|
(10) |
Ba cheart méid agus fad na mbeart tacaíochta margaidh eisceachtúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun tacú leis an margadh. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla ach amháin maidir le táirgeadh uibheacha agus éanlaithe clóis ar na gabháltais atá lonnaithe sna criosanna rialaithe agus ar feadh fhad na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus na hIodáile atá ábhartha do na 294 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach a deimhníodh idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021. |
|
(11) |
Chun solúbthacht a áirithiú i gcás nach ionann líon na n-uibheacha ná na n-ainmhithe atá incháilithe do chúiteamh agus na huaslíonta a shocraítear sa Rialachán seo, líonta atá bunaithe ar mheastacháin, féadfar cúiteamh a choigeartú laistigh de theorainneacha áirithe, ar choinníoll go n-urramaítear an t-uasmhéid caiteachais a pháirtmhaoineoidh an tAontas. |
|
(12) |
Ar mhaithe le bainistiú buiséadach fónta na mbeart tacaíochta margaidh eisceachtúil sin, níor cheart ach na híocaíochtaí sin a dhéanfaidh an Iodáil le tairbhithe faoin 30 Meán Fómhair 2023 ar a dhéanaí a bheith incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas. Níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (11), ar cuireadh Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (12) ina ionad ón 1 Eanáir 2023. |
|
(13) |
Chun incháilitheacht agus cruinneas na n-íocaíochtaí a áirithiú, ba cheart don Iodáil seiceálacha ex ante a dhéanamh. |
|
(14) |
Chun go mbeidh an tAontas in ann a rialú airgeadais a dhéanamh, ba cheart don Iodáil imréiteach na n-íocaíochtaí a chur in iúl don Choimisiún. |
|
(15) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Iodáil na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme láithreach, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Soláthróidh an tAontas páirtmhaoiniú a bheidh coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a d’iompair an Iodáil chun tacú le margadh na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis ar bhuail 294 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5 iad, ar ráigeanna iad a bhraith an Iodáil agus ar thug sí fógra fúthu idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021.
Airteagal 2
1. Ní bheidh caiteachas a d’iompair an Iodáil incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas ach amháin:
|
(a) |
ar feadh fhad chur i bhfeidhm na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 1; agus |
|
(b) |
maidir leis na gabháltais éanlaithe clóis sin a bhí faoi réir na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta agus atá lonnaithe sna criosanna dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn (“na criosanna rialaithe”); agus |
|
(c) |
i gcás ina mbeidh sé íoctha ag an Iodáil leis na tairbhithe faoin 30 Meán Fómhair 2023 ar a dhéanaí; agus |
|
(d) |
murar thairbhigh an t-ainmhí nó an táirge, maidir leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a), d’aon chúiteamh trí bhíthin státchabhrach nó árachais agus mura bhfuarthas aon ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ina leith faoi Rialachán (AE) 2021/690. |
2. Ní bheidh aon chuid den chaiteachas a íocfaidh an Iodáil tar éis an 30 Meán Fómhair 2023 incháilithe do mhaoiniú ón Aontas, gan beann ar chion an chaiteachais atá i gceist léi.
Airteagal 3
1. Is é EUR 27 229 572, mar a shonraítear thíos, uasmhéid an pháirtmhaoinithe ón Aontas:
|
(a) |
i gcás caillteanas táirgthe uibheacha goir agus uibheacha boird sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
|
(b) |
i gcás caillteanais a bhaineann leis na tréimhsí fada branair sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
|
(c) |
i gcás caillteanais a bhaineann le giorrú an timthrialla táirgeachta (luathmharú ainmhithe) sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
|
(d) |
i gcás caillteanais a bhaineann leis na tréimhsí fada tógála agus ramhraithe sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
|
(e) |
i gcás ciondíothú éanlaithe clóis sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
|
(f) |
i gcás ainmhithe a dhíol ar phraghas laghdaithe ó na criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:
|
2. I gcás inar mó an líon uibheacha nó ainmhithe nó an méid feola atá incháilithe do chúiteamh ná an t-uaslíon uibheacha nó ainmhithe nó cileagram feola in aghaidh na míre a shocraítear i mír 1, féadfar an caiteachas atá incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas a choigeartú in aghaidh na míre agus a bheith níos mó ná na méideanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm na n-uaslíonta in aghaidh na míre, ar choinníoll go mbeidh iomlán na gcoigeartuithe fós faoi bhun 10 % den uasmhéid caiteachais a pháirtmhaoineoidh an tAontas dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
Déanfaidh an Iodáil seiceálacha riaracháin agus fisiceacha i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
Fíoróidh an Iodáil an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a) |
incháilitheacht an iarratasóra a bhfuil an iarraidh ar thacaíocht á cur isteach aige; |
|
(b) |
i gcás gach iarratasóra incháilithe: incháilitheacht, cainníocht agus luach an chaillteanais iarbhír táirgeachta; |
|
(c) |
nach bhfuair aon iarratasóir incháilithe cistiú ó aon fhoinse eile chun na caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a chúiteamh. |
I gcás iarratasóirí incháilithe ar cuireadh seiceálacha riaracháin i gcrích ina leith, féadfar cabhair a íoc gan fanacht go dtí go ndéanfar gach seiceáil, go háirithe seiceálacha ar iarratasóirí a roghnaíodh le haghaidh seiceálacha ar an láthair.
I gcásanna nár deimhníodh incháilitheacht iarratasóra, déanfar an chabhair a aisghabháil agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2021/2116.
Airteagal 5
Cuirfidh an Iodáil imréiteach na n-íocaíochtaí in iúl don Choimisiún.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1872 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 379, 26.10.2021, lch. 53).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1908 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 390, 4.11.2021, lch. 39).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1982 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 403, 15.11.2021, lch. 1).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2100 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 428, 30.11.2021, lch. 3).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2186 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 444, 10.12.2021, lch. 110).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2310 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 461I, 27.12.2021, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh, iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus le haghaidh staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).
(12) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013. (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
IARSCRÍBHINN
Liosta de reachtaíocht an Aontais ina liostaítear na criosanna rialaithe agus na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 2
Codanna den Iodáil agus tréimhsí arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429, arna bhforlíonadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus a shainítear sna Cinntí Cur Chun Feidhme seo a leanas:
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1872; |
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1908; |
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1982; |
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2100; |
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2186; |
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2310. |