19.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/23


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/828 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2023

lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann leis an díolúine inmharthanachta le haghaidh gabhálacha sól coiteann a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus a úsáideann tráil dobharchú, in uiscí an Iarthair, roinn 7e ICES, le haghaidh 2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 ón gCoimisiún (2) , tugtar mionsonraí maidir leis an gcaoi an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gcás iascaigh ghrinnill áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023.

(2)

Is le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2290 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Rialachán (AE) 2020/2015 go deireanach.

(3)

An 25 Deireadh Fómhair 2022 chuir an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas faoi earráid a tugadh isteach i Rialachán (AE) 2020/2015 le Rialachán (AE) 2022/2290. Baineann an earráid le díolúine inmharthanachta nua le haghaidh sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe (MCRS) a ghabhann soithí atá níos lú ná 12 m ar fad i roinn 7e ICES agus a úsáideann tráil dobharchú (OTB), ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil atá níos mó ná 80 mm. Is éard atá san earráid gan méid mhogaill 80 mm i gceann an tráil a chuimsiú agus gan teorainn méide a shainiú.

(4)

D’iarr an Fhrainc ar an gCoimisiún an earráid sin a cheartú, chun go gcuimseodh an díolúine lena mbaineann méid mhogaill atá coibhéiseach le 80 mm. Mhínigh an Fhrainc go n-úsáideann soithí a bhfuil an díolúine sin de dhíth orthu raonta méideanna mogaill lena n-áirítear méid mhogaill 80 mm. Eascraíonn an mearbhall as difríocht dréachtaithe idir corp an mholta chomhpháirtigh ar a bhfuil an gníomh tarmligthe bunaithe agus an iarscríbhinn a ghabhann leis. Cé gur cuimsíodh go sainráite san iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh comhpháirteach méid mhogaill 80 mm go 99 mm, níorbh ionann ar an drochuair an dréachtú i gcorp an mholta chomhpháirtigh.

(5)

Thairis sin, sa chomhairle uaidh, rinne STECF measúnú ar an díolúine a iarradh freisin le haghaidh méid mhogaill 80 mm (agus ní hamháin méid mhogaill níos mó ná 80 mm) a bhfuil teorainn 99 mm ag gabháil leis.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine le haghaidh gabhálacha sól coiteann faoi bhun MCRS a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 m ar fad trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2023.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú chun trealaimh tráil dobharchú ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm, seachas na trealaimh sin amháin atá níos mó ná 80 mm.

(8)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2023, ós rud é go n-úsáideann soithí atá níos lú ná 12 m, a bhfuil an díolúine sin de dhíth orthu, raonta méideanna mogaill lena n-áirítear méid mhogaill 80 mm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015:

“1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo seo a leanas:

i roinn 7d ICES, laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh, maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a dhéantar trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú (cóid trealaimh: OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm, ag soithí:

a bhfuil fad uasta 10 méadar agus cumhacht innill uasta 221 kW iontu; agus

a dhéanann iascaireacht in uiscí a bhfuil doimhneacht 30 méadar nó níos lú iontu agus ar lú ná 90 nóiméad a n-agaí tarraingthe;

i roinn 7e de ICES, laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh, maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 m trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú (cód trealaimh: OTB) ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm.”

Airteagal 2

Dáta teacht i bhfeidhm agus tréimhse cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 lena sonraítear mionsonraí chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 415, 10.12.2020, lch. 22).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2290 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair le haghaidh 2023 (IO L 303, 23.11.2022, lch. 12).