18.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 103/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/825 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Aibreán 2023

lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta arna gcur chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán)agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Na bearta atá ann cheana

(1)

I mí Dheireadh Fómhair 2020, trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 (2) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta (“SSHR”) ar de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) agus na Téaváine iad. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm idir 9,2 % agus 19 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Síne, idir 4,1 % agus 7,5 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Téaváine agus socraíodh ag 17,3 % iad le haghaidh allmhairí de thionscnamh na hIndinéise. An t-imscrúdú as ar eascair na dleachtanna sin (“an t-imscrúdú bunaidh”), tionscnaíodh i mí Lúnasa 2019 é (3).

1.2.   Iarraidh

(2)

An 17 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”), chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm agus chun allmhairí SSHR a dhéanamh arna gcur chun bealaigh ón Tuirc, cibé ar dearbhaíodh nó nár dearbhaíodh gur de thionscnamh na Tuirce iad, faoi réir clárúcháin.

(3)

Chuir an Comhlachas Eorpach Cruach — “EUROFER” (“an t-iarratasóir”) an iarraidh isteach.

(4)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón Indinéis agus ón Tuirc chuig an Aontas, athrú atá tarlaithe ó forchuireadh na bearta ar SSHR. Léirigh na sonraí a soláthraíodh san iarraidh athrú mór ar an ngréasán trádála lena n-áirítear méadú mór ar onnmhairí leac cruach dosmálta, arb iad is príomh-amhábhar chun SSHR a tháirgeadh, ón Indinéis chuig an Tuirc agus méadú mór ar onnmhairí SSHR ón Tuirc chuig an Aontas. Is cosúil gur eascair an t-athrú sin ó choinsíniú SSHR ón Tuirc chuig an Aontas, i ndiaidh oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe a rinneadh air sa Tuirc. Léiríonn an fhianaise gur thosaigh na hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe sin tráth tionscanta an imscrúdaithe frithdhumpála ar eascair na dleachtanna atá i bhfeidhm faoi láthair as, agus nach raibh cúis chuí ná údar eacnamaíoch leordhóthanach seachas forchur na dleachta leis an gcleachtas i gceist.

(5)

Thairis sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh a léirigh gur mhó luach na leac cruach dosmálta de thionscnamh na hIndinéise ná 60 % de luach iomlán chodanna SSHR, agus gur lú an luach a cuireadh leis an táirge le linn na n-oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe ná 25 % den chostas monaraithe.

(6)

Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh a léirigh go raibh an cleachtas, próiseas nó obair ag baint an bhoinn d’éifeachtaí ceartaitheacha na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí SSHR isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann a thaispeáin gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh allmhairí SSHR.

(7)

Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh a léirigh gur allmhairí ar phraghsanna dumpáilte iad na hallmhairí SSHR i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge faoi imscrúdú

(8)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, táirgí cothromrollta cruach dosmálta, bíodh siad ina gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí gearrtha san fhad iomchuí agus stiallacha cúnga), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, agus dá n-eisiatar táirgí nach bhfuil ina gcornaí agus is mó ná 10 mm ar tiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, a bhí aicmithe ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 faoi chóid CC 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12 agus de thionscnamh na hIndinéise (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(9)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, mar atá, táirge a luaitear faoi láthair faoi chóid CC 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12, ach a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (cóid TARIC 7219110010, 7219121010, 7219129010, 7219131010, 7219139010, 7219141010, 7219149010, 72192210107219229010, 7219230010, 72192400107220110010, agus 7220120010) (“an táirge faoi imscrúdú”).

(10)

Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí céanna, ag SSHR a onnmhairítear ón Indinéis go dtí an tAontas agus atá ag SSHR a choinsínítear ón Tuirc, bíodh siad de thionscnamh na Tuirce nó ná bíodh, agus dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

(11)

Tar éis an nochta, mhaígh Marcegaglia Specialties S.P.A. (“Marcegaglia”), allmhaireoir agus úsáideoir SSHR Eorpach, gur cornaí SSHR dubha a bhí ina allmhairithe SSHR ar fad ón Tuirc arna ndéanamh ó leaca na hIndinéise, nach raibh mórán margadh saor ar bith dóibh san Aontas. Rinne an chuideachta idirdhealú idir SSHR bán agus SSHR dubh laistigh den táirge lena mbaineann. Is gá go mbeadh cornaí SSHR dubha picilte agus ainnéalta sula ndéantar tuilleadh próiseála, rud a theorannaíonn a n-úsáid chuig athrollóirí go heisiach. Mhaígh Marcegaglia gurbh iadsan an t-aon athrollóir neamhspleách, comhtháite go neamhingearach san Aontas. Dá réir sin, ó tharla go raibh an táirge a allmhairíodh ón Tuirc teoranta chuig cornaí SSHR dubha, ní raibh aon iomaíocht leis na SSHRanna bána a thairg agus a dhíol táirgeoirí de chuid an Aontais ar an margadh saor.

(12)

Mheabhraigh an Coimisiún gurbh é cuspóir an imscrúdaithe sin a chinneadh cibé an raibh nó nach raibh imchéimniú ann. Ní raibh aon bhunús dlí chun raon feidhme táirge na mbeart a athbhreithniú i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin. Bunaíodh an raon feidhme táirge san imscrúdú bunaidh agus áiríodh cornaí SSHR uile laistigh de shainmhíniú an táirge. Go sonrach, san imscrúdú bunaidh thángthas ar an gconclúid go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna ag cornaí dubha agus bána, go bhfuil siad inmhalartaithe agus go dtagann siad faoi réim an raoin feidhme táirge (4). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(13)

Tar éis an nochta, mhaígh Çolakoğlu Metalurji A.Ş. (“Çolakoğlu”), táirgeoir onnmhairiúcháin Turcach, agus Rialtas na Tuirce, gur cheart don Choimisiún raon feidhme an imscrúdaithe a leathnú chun go gcuimseofaí próiseáil leaca cruach dosmálta na hIndinéise ina SSHR san Aontas.

(14)

Mar a míníodh in aithris (31), mheabhraigh an Coimisiún, cé go raibh an cleachtas sin lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe sin, thug sé an maíomh dá aire agus déanfaidh sé tuilleadh anailíse ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta ón gCoimisiún, má dheimhnítear an cleachtas sin.

1.4.   Tionscnamh

(15)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, thionscain sé an t-imscrúdú agus chuir sé allmhairí SSHR a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1310 ón gCoimisiún (5) (“an Rialachán tionscnaimh”).

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(16)

D’áitigh Çolakoğlu nach raibh bonn cirt le tionscnamh an imscrúdaithe mar gheall ar easpa fianaise leordhóthanach, agus dá bhrí sin gur cheart an t-imscrúdú a fhoirceannadh.

(17)

Mhaígh Çolakoğlu go bhfuil easpa athraithe ar an ngréasán trádála mar, in éagmais an laghdaithe ar allmhairí SSHR ón Indinéis, ná léirigh an méadú ar allmhairí SSHR ón Tuirc, ann féin, nach bhféadfadh na hallmhairí ón Indinéis a ionadú, gur ann d’athrú ar an ngréasán trádála.

(18)

D’áitigh sé freisin nár tháinig an cleachtas, próiseas nó obair a bhí ar siúl sa Tuirc faoi aon cheann de na catagóirí sa cheathrú fomhír d’Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Go háirithe, ní raibh aon fhianaise dheimhneach gur cuireadh SSHR de thionscnamh na hIndinéise chun bealaigh tríd an Tuirc go dtí an tAontas, ná fianaise d’atheagrú na bpátrún agus na gcainéal díolachán. Thairis sin, níorbh fhéidir an cleachtas, próiseas ná obair a cháiliú mar mhodhnú beag, ós rud é gur táirge iartheachtach é an táirge faoi imscrúdú agus, dá réir sin, gur táirge nach ionann é agus a ábhair ionchuir, ná mar oibríocht chóimeála, go háirithe ós rud é nach n-aicmítear an táirge faoi imscrúdú agus leaca cruach dosmálta faoi na ceannteidil taraife chéanna.

(19)

Mhaígh Çolakoğlu go raibh údar eacnamaíoch le hinfheistiú a dhéanamh in acmhainneachtaí um chruach dhosmálta a dhéanamh mar gheall ar an éileamh ar tháirgí cruach dosmálta sa Tuirc.

(20)

D’áitigh Çolakoğlu éagmais díobhála freisin agus nach raibh dochar á dhéanamh do na héifeachtaí ceartaitheacha ó tharla i) le sciar 1 % den mhargadh, ní raibh na hallmhairí Turcacha suntasach chun dochar a dhéanamh d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta agus ii) dá ndéanfaí dochar d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta, ní bheadh sé sin de thoradh allmhairí SSHR ón Tuirc ach mar gheall ar allmhairí SSHR ón Indinéis, a lean ar aghaidh tar éis do na bearta a fhorchur, agus SSHR arna phróiseáil ag táirgeoirí an Aontais ó leaca cruach arna n-iompórtáil ón Indinéis.

(21)

Ina theannta sin, d’áitigh Çolakoğlu go mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais na bearta a leathnú chun an Tuirc chumhdach, de bhrí go mbeadh méadú eile ar phraghsanna dá thoradh, a mbeadh tionchar diúltach aige ar úsáideoirí deiridh agus ar thomhaltóirí i ndeireadh na dála.

(22)

Ar deireadh, mhaígh Çolakoğlu go ndearna táirgeoirí de chuid an Aontais na hoibríochtaí céanna, is é sin próiseáil leac cruach dosmálta na hIndinéise ina SSHR san Aontas, fiú ag méid níos mó ná na hoibríochtaí atá ag tarlú sa Tuirc. Dá bhrí sin, d’iarr sé deireadh a chur leis an imscrúdú nó, de rogha air sin, raon feidhme an imscrúdaithe a leathnú chun go gcuimseofaí próiseáil leaca cruach dosmálta na hIndinéise ina SSHR san Aontas.

(23)

Fuarthas barúlacha den chineál céanna ó Marcegaglia agus ó Rialtas Phoblacht na Tuirce.

(24)

Ina theannta sin, mhaígh Marcegaglia gurbh ionann allmhairiú leac cruach dosmálta ón Indinéis chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu sa Tuirc agus oibríocht a raibh údar eacnamaíoch leis dírithe ar a fhoinsí soláthair a éagsúlú.

(25)

Mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tharla athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón Indinéis agus ón Tuirc chuig an Aontas ó cuireadh tús leis an imscrúdú bunaidh agus ó forchuireadh na bearta. Go sonrach, bhí sonraí san iarraidh a léirigh athrú ar an ngréasán trádála lena mbaineann méadú mór ar onnmhairí leac cruach dosmálta, arb iad is príomh-amhábhar chun SSHR a tháirgeadh, ón Indinéis chuig an Tuirc agus méadú mór ar onnmhairí SSHR ón Tuirc chuig an Aontas.

(26)

Maidir leis an gcleachtas, próiseas nó obair a tharlaíonn sa Tuirc, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh gur ann d’oibríochtaí cóimeála/críochnaithe, ceann de na cleachtais a luaitear go sonrach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, sa Tuirc, agus go raibh na hoibríochtaí sin bunaithe ar úsáid a bhaint as leaca cruach dosmálta, an príomhábhar ionchuir, ón Indinéis. Tá an t-aicmiú taraife agus an táirge atá faoi imscrúdú agus a phríomhábhair ionchuir le hábhar, ná an t-athrú orthu sin, neamhábhartha chun a chinneadh cibé an bhfuil imchéimniú i gceist le hoibríocht chóimeála/chríochnaithe nó nach bhfuil.

(27)

Ina theannta sin, soláthraíodh fianaise leordhóthanach leis an iarraidh freisin maidir le heaspa léir an bhoinn chirt eacnamaíoch seachas forchur na ndleachtanna, go háirithe mar go raibh méadú ar chastacht na n-oibríochtaí lóistíochta agus táillí seirbhíse dá thoradh. Rinneadh anailís bhreise ar na maímh a rinne Çolakoğlu agus Marcegaglia le linn an imscrúdaithe agus téitear i ngleic leo i roinn 2.4 thíos.

(28)

Mheas an Coimisiún gur tugadh fianaise leordhóthanach san iarraidh freisin a thug le fios go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar SSHR ó thaobh cainníochta agus praghsanna de, mar gheall ar na cleachtais sin. Go háirithe, tugadh fianaise leordhóthanach san iarraidh go ndearnadh allmhairí SSHR ag praghsanna bhun an phraghais neamh-dhíobhálaigh a suíodh san imscrúdú bunaidh. Rinneadh anailís bhreise ar an maíomh sin, lena n-áirítear argóintí a bhaineann le sciar na n-allmhairí Turcach, le linn an imscrúdaithe.

(29)

A mhéid a bhaineann le maíomh leasa an Aontais, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil leas an Aontais ina bhreithniú le haghaidh tionscnamh faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán.

(30)

Mar gheall ar an méid thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh nach raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh chun go mbeadh údar leis an imscrúdú a thionscnamh.

(31)

A mhéid a bhaineann le barúlacha Çolakoğlu go bhféadfaí allmhairí leaca na hIndinéise isteach san Aontas a phróiseáil ina SSHR laistigh den Aontas, thug an Coimisiún dá aire go raibh an cleachtas sin lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe seo. Go deimhin, teorannaíodh sa Rialachán bunaidh an t-imscrúdú chuig allmhairí SSHR isteach san Aontas ón Tuirc agus na hoibríochtaí próiseála a tharlaíonn sa Tuirc. Ach, thug an Coimisiún dá aire an maíomh a sholáthair Çolakoğlu, agus déanfaidh sé tuilleadh anailíse lena fháil amach an bhféadfadh allmhairí leaca cruach dosmálta ón Indinéis isteach san Aontas a bheith ina ngné de chleachtais imchéimnithe shonracha. Thosaigh an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar allmhairí leaca cruach dosmálta ón Indinéis chuig an Aontas agus, de réir Eurostat, stop na hallmhairí sin i mí Dheireadh Fómhair 2022.

1.6.   Cearta cosanta

(32)

Tar éis an nochta, mhaígh Çolakoğlu gur sháraigh an Coimisiún a cheart cosanta de bhun Airteagal 6(7) den bhun-Rialachán, Airteagal 296 CFAE chomh maith lena cheart ar riarachán fónta i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ós rud é nár thug sé aird ar roinnt mhaith de na hargóintí a cuireadh isteach le linn an imscrúdaithe. Go háirithe, mheas Çolakoğlu gur sáraíodh a cheart ar riarachán fónta mar gheall nár leathnaigh an Coimisiún raon feidhme an imscrúdaithe chun leaca cruach dosmálta ón Indinéis a allmhairítear go díreach isteach san Aontas a áireamh.

(33)

Mheabhraigh an Coimisiún gur nocht sé, an 30 Eanáir 2023, leis na páirtithe leasmhara na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a mbonn sin a raibh a chonclúidí beartaithe. Tugadh 15 lá do na páirtithe ar fad chun barúil a thabhairt. Breithníodh na hargóintí ar fad a rinne Çolakoğlu agus páirtithe leasmhara eile, ach ní chiallaíonn sé sin go raibh gá freagra a thabhairt go sonrach ar gach argóint a cuireadh isteach sa doiciméad nochta (6). Is gá go dtabharfadh an Coimisiún údar maith leis agus é a mhíniú go mion ina thorthaí agus a chonclúidí, mar a rinne sé sa doiciméad nochta. Tar éis an nochta, chuir Çolakoğlu barúlacha isteach agus bronnadh éisteacht orthu. Rinne an Coimisiún breith ar na barúlacha ar fad a rinneadh, mar a shonraítear thíos. I ndáil leis na hallmhairí leaca cruach dosmálta ón Indinéis isteach san Aontas, mheabhraigh an Coimisiún gur mhínigh sé i gceart sa nochtadh, mar a shonraítear in aithris (31) thuas, na cúiseanna ar tháinig an cleachtas líomhnaithe sin lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe atá i gceist. Freisin, i gcontrárthacht leis an méid a mhaígh Çolakoğlu, níos fheidhmigh an Coimisiún aon discréid mar nár cheadaigh an Rialachán bunaidh dó ach imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais teacht timpeall fhéideartha eile a tharlaíonn lasmuigh den Aontas Eorpach, go háirithe sa Tuirc. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur léiríodh meas iomlán ar chearta cosanta Çolakoğlu agus dhiúltaigh siad don mhaíomh.

1.7.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse tuairiscithe

(34)

Leis an tréimhse imscrúdúcháin cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (“an tréimhse imscrúdúcháin” nó “IP”). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar an ngréasán trádála tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (“an tréimhse tuairiscithe” nó “RP”) chun scrúdú a dhéanamh chun fáil amach an raibh allmhairí ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de agus arbh ann don dumpáil.

1.8.   Imscrúdú

(35)

Chuir an Coimisiún údaráis na hIndinéise agus na Tuirce ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin arbh eol sna tíortha sin, tionscal an Aontais agus an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc.

(36)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Tuirce go dtí an tAontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó comhlachas ionadaíochta a sholáthar dó, ar táirgeoirí agus comhlachais iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirtíocht san imscrúdú i dteannta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce, a bhí sainaitheanta san iarraidh ag an iarratasóir.

(37)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála do na táirgeoirí/na honnmhaireoirí sa Tuirc, mar aon le ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí/na n-onnmhaireoirí san Indinéis, agus le haghaidh allmhaireoirí san Aontas.

(38)

Chuir cúig chuideachta arna mbunú sa Tuirc foirmeacha éilimh ar dhíolúine isteach. Ba iad sin:

Saritas Celik San.ve tic. A.S. (“Saritas”)

Üças Paslanmaz Çelik iç ve tic. A.S. (“UCAS”)

AST Turkey Metal Sanayi ve tic. A.S.. (“AST”)

Poyraz Paslanmaz Sanayi ve diş ticaret Limited Sirk (“Poyraz”)

Çolakoğlu Metalurji A.Ş. (“Çolakoğlu”),

(39)

Ina theannta sin, chuir allmhaireoir agus úsáideoir de chuid an Aontais, Marcegaglia, freagra ceistneora isteach.

(40)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, na torthaí a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

(41)

Reáchtáladh éisteacht le Marcegaglia an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(42)

Tar éis an nochta ón 30 Eanáir 2023, reáchtáladh éisteachtaí le Marcegaglia an 8 Feabhra 2023 agus le Çolakoğlu an 10 Feabhra 2023.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   Breithnithe ginearálta

(43)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha:

an raibh athrú ar an ngréasán trádála idir an Indinéis, an Tuirc agus an tAontas,

má eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó as obair nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a fhorchur,

má tá fianaise maidir le díobháil ann nó go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó thaobh phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge faoi imscrúdú de, agus

an bhfuil fianaise maidir leis an dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(44)

Líomhnaíodh san iarraidh coinsíniú an táirge lena mbaineann ón Tuirc go dtí an tAontas tar éis roinnt oibríochtaí cóimeála/críochnaithe a bheith déanta air sa Tuirc. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís go sonrach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála/chríochnaithe, nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart iad na páirteanna lena mbaineann, agus

an 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna agus ar lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

2.2.   Comhar agus stádas na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin

(45)

Mar a shonraítear in aithris (38), d’iarr cúig chuideachta arna mbunú sa Tuirc go ndéanfaí iad a dhíolmhú ó na bearta, dá ndéanfaí iad a leathnú chun an Tuirc a chumhdach.

(46)

Measadh nár tháirgeoirí onnmhairiúcháin trí cinn díobh, Saritas, UCAS agus AST. Tar éis na hanailíse ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil ina n-iarrataí faoi seach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, cé go raibh na cuideachtaí páirteach i gceannachán agus athdhíol an táirge faoi imscrúdú, níor tháirg ná níos mhonaraigh siad é. Ceannaíodh an táirge faoi imscrúdú ó eintitis eile, arb iad na táirgeoirí iarbhír iad. Ní fhéadfaí na cuideachtaí sin, dá dhroim sin, a aicmiú mar tháirgeoirí. Déantar foráil in Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán don fhéidearthacht go ndéanfadh táirgeoirí amháin iarratas ar dhíolúine ó leathnú na ndleachtanna frithdhumpála.Léiríodh é sin freisin in aithris (27) de Rialachán tionscnaimh, inar sonraíodh go sainráite nach féidir na díolúintí a dheonú ach ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sa Tuirc. Ó tharla nár suíodh gur táirgeoirí iad na cuideachtaí sin, ní raibh siad i dteideal dá bhrí sin iarratas a dhéanamh ar dhíolúine.

(47)

Maidir le Poyraz, fuair a Coimisiún freagra rí-easnamhach ina raibh mórpháirteanna den fhreagra ceistneora san fhoirm éilimh díolúine in easnamh ina n-iomláine nó neamhiomlán. Tar éis litir easnaimh, chuir an chuideachta isteach freagra ina raibh an fhaisnéis is gá fós rí-easnamhach nó in easnamh ar fad. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl don chuideachta go raibh sé i gceist aige fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán i gcás ina bhfuil cinneadh á dhéanamh maidir lena raibh nó nach raibh an chuideachta sin ina táirgeoir de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán. Ina fhreagra, mhínigh an chuideachta an chúis nár sholáthair sí faisnéis níos iomláine agus thug sí cuireadh don Choimisiún níos mó sonraí a bhailiú ag a n-áitreabh. Níor chuir an chuideachta isteach aon fhaisnéis bhreise a réitigh nó a chomhlánaigh na páirteanna easnamhacha dá freagra ceistneora.

(48)

Cibé chomh neamhiomlán, deimhníodh sa fhreagra go raibh cornaí SSHR á gceannach ag Poyraz den chuid is mó san Indinéis, agus á n-athdhíol ansin (b’fhéidir gearrtha agus méid orthu) go páirteach ar mhargadh an Aontais. Cé nach raibh an chuideachta in ann costais an chlaochlaithe, más ann dó, a sholáthar don Choimisiún, ná liostuithe díolachán mionsonraithe chuig an Aontas, is léir ón bhfreagra go raibh an táirge lena mbaineann á cheannach agus á athdhíol ag Poyraz. Sa mhéid nach bhféadfaí a mheas gur táirgeoir é Poyraz de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leo tairbhiú de dhíolúine. Dá bhrí sin, diúltaíodh don iarraidh ar dhíolúine.

(49)

Chomhoibrigh Çolakoğlu le linn an imscrúdaithe ar fad trí fhoirmeacha éilimh ar dhíolúine a chur isteach agus freagraí a sholáthar ar litreacha easnaimh a seoladh chuige. Dá thoradh sin, bhí an leibhéal comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce réasúnta ard, toisc gurbh é [88 % go 93 %] d’iomlán mhéid na n-allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe a bhí i méid onnmhairí tuairiscithe SSHR Çolakoğlu go dtí an tAontas, mar a tuairiscíodh i staitisticí allmhairiúcháin Eurostat.

(50)

Is ag áitreabh Çolakoğlu a rinne an Coimisiún cuairt fíorúcháin, de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán. D’allmhairigh Çolakoğlu beagnach a phríomhábhar ionchuir ar fad (leaca cruach dosmálta) ón Indinéis.

(51)

Chomhoibrigh allmhaireoir agus úsáideoir an Aontais freisin agus sholáthair sé faisnéis maidir le ceannach leaca cruach dosmálta na hIndinéise, an próiseáil ina dhiaidh sin sa Tuirc agus allmhairí SSHR isteach san Aontas. D’iarr Marcegaglia go gcaithfí leis mar tháirgeoir onnmhairiúcháin. Thug sé údar lena iarraidh bunaithe ar chineál a oibríochtaí ó bhí sé páirteach i gceannach leaca ón Indinéis, iad a theorolladh ina dhiaidh sin faoi chomhaontú dolaphróiseála le Çolakoğlu sa Tuirc, agus ina dhiaidh sin na cornaí (SSHR) a allmhairiú isteach san Aontas. Dá réir sin, ba é Marcegaglia úinéir na n-amhábhar (leaca) agus an táirge deiridh (SSHR) le linn na hoibríochta ar fad, a deimhníodh san imscrúdú. Ach, mar gheall gur tharla na gníomhaíochtaí táirgthe/próiseála iarbhír ag áitreabh Çolakoğlu (7) sa Tuirc, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfaí a mheas go raibh Marcegaglia ina tháirgeoir onnmhairiúcháin a bheadh i dteideal díolúine a iarradh.

2.3.   Athrú ar an ngréasán trádála

2.3.1.   Allmhairí SSHR

(52)

Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí SSHR ón Indinéis agus ón Tuirc sa tréimhse imscrúdaithe.

Tábla 1

Allmhairí SSHR go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin (i dtonnaí)

 

2018

2019

2020

2021

Tréimhse tuairiscithe

An Indinéis

44 647

81 041

3 695

105 784

128 191

innéacs (bonn = 2018)

100

182

8

237

287

 

 

 

 

 

 

An Tuirc

1 611

2 137

21 500

33 236

50 015

innéacs (bonn = 2018)

100

133

1 335

2 064

3 106

Foinse: Eurostat

(53)

Léirítear i dTábla 1 gur tháinig méadú ar mhéid allmhairí SHHR ón Tuirc isteach san Aontas ó 1 611 tonna in 2018 go 50 015 tonna sa tréimhse tuairiscithe. Tharla an méadú ba suntasaí ar mhéid na n-allmhairí idir 2019 agus 2020, tráth a iolraíodh an méid breis agus 10 n-uaire, ó 2 137 dtonna in 2019 go 21 500 tonna in 2020. Tharla an méadú sin i gcomhthráth le tionscnamh an imscrúdúcháin bunaidh, i mí Lúnasa 2019, agus le forchur beart críochnaitheach i mí Dheireadh Fómhair 2020. Ó 2020 i leith leanadh go tréan den mhéadú ar mhéid na n-allmhairí ón Tuirc agus sroicheadh 50 015 tonna le linn na tréimhse tuairiscithe. Go foriomlán, méadaíodh méid na n-allmhairí ón Tuirc níos mó ná faoi 30 le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(54)

An tráth céanna, tháinig méadú ar allmhairí SSHR ón Indinéis ó 44 647 dtonna in 2018 go 128 191 tonna sa tréimhse tuairiscithe. Tháinig méadú 82 % ar mhéid na n-allmhairí ó 2018 go 2019. Ó 2018 go 2020, le linn an imscrúdúcháin bunaidh, tháinig laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí SSHR ón Indinéis. In 2020 laghdaíodh méid na n-allmhairí go dtí níos lú ná aon fhichiú amháin den mhéid a bhí ann in 2019. Ó 2021 go dtí an tréimhse tuairiscithe tháinig feabhas ar mhéid na n-allmhairí SSHR ón Indinéis agus thosaigh siad ag méadú arís (breis agus 50 %) i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2019. Go foriomlán, ba bheag nár méadaíodh méid na n-allmhairí SSHR ón Indinéis isteach san Aontas faoi thrí le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach ba lú suntasacht an mhéadaithe sin, i dtéarmaí coibhneasta, ná méadú na n-allmhairí ón Tuirc.

2.3.2.   Méideanna allmhairí de leaca cruach dosmálta ón Indinéis chuig an Tuirc

(55)

Léirítear i dTábla 2 thíos an fhorbairt a tháinig ar mhéid na n-allmhairí de leaca cruach dosmálta ón Indinéis chuig an Tuirc, ar bhonn staidreamh allmhairiúcháin na Tuirce ó bhunachar sonraí Global Trade Atlas (GTA) (8).

Tábla 2

Allmhairí leac cruach dosmálta ón Indinéis go dtí an Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin (i dtonnaí)

 

2018

2019

2020

2021

Tréimhse tuairiscithe

An Indinéis

0

6 368

14 172

60 684

40 513

innéacs (bonn = 2019)

0

100

223

953

636

Foinse: GTA

(56)

Is iad leaca cruach dosmálta an príomhábhar ionchuir chun earraí SSHR a tháirgeadh. Déantar tuilleadh próiseála ar an ábhar ionchuir sin ansin, is é sin teorolladh, chun SSHR a tháirgeadh. Léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil don Choimisiúin gur ó leaca cruach dosmálta a táirgeadh earraí SSHR a onnmhairíodh go dtí an tAontas ón Tuirc.

(57)

Léirítear i dTábla 2 gur tháinig méadú substaintiúil ar na hallmhairí leac cruach dosmálta ón Indinéis go dtí an Tuirc ó nialas in 2018 go 40 513 thonna sa tréimhse tuairiscithe. Ba ionann na hallmhairí as an Indinéis agus tuairim is 99,9 % de mhéid iomlán na n-allmhairí leac cruach dosmálta go dtí an Tuirc gach bliain ó 2019 go dtí an tréimhse tuairiscithe. Thairis sin, tharla an méadú suntasach ar allmhairí leac cruach dosmálta ón Indinéis go dtí an Tuirc i gcomhthráth freisin le tús soláthar Çolakoğlu dá chustaiméir de chuid an Aontais (Marcegaglia) is é sin ó 2019 i leith, rud a raibh tomhaltas méadaithe leac cruach dosmálta sa Tuirc le haghaidh tháirgeadh earraí SSHR mar thoradh air. Ina theannta sin, shuigh an Coimisiún gur ag áitreabh Çolakoğlu a shroich iomlán na leac cruach dosmálta ón Indinéis isteach sa Tuirc.

(58)

Léiríodh leis an méadú suntasach a tháinig ar mhéideanna na n-allmhairí cruach dosmálta ón Indinéis go dtí an Tuirc go raibh éileamh méadaitheach ar ábhair ionchuir den sórt sin sa Tuirc, rud arb fhéidir é a mhíniú, cuid mhaith, leis an méadú ar tháirgeadh agus ar onnmhairí SSHR ón Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe. Comhthacaíodh leis sin freisin leis an bhfaisnéis a sholáthair Çolakoğlu.

(59)

Tar éis an nochta, mhaígh Çolakoğlu nár athraíodh an gréasán trádála, ós rud é gur méadaíodh allmhairí ón Indinéis agus nár cuireadh allmhairí SSHR ón Tuirc in ionad allmhairí SSHR ón Indinéis. Mhaígh Çolakoğlu freisin, ó tharla nárbh ann d’ionadú allmhairí, nár chloígh an Coimisiún leis an gcleachtas is gnách leis nuair a shuigh sé go raibh athrú tagtha ar an ngréasán trádála.

(60)

Thug an Coimisiún dá aire nach gceanglaítear, faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán, go ndéanfaí ionadú iomlán ar allmhairí ón tír atá faoi réir beart le hallmhairí ó fhoinsí eile chun athrú ar an ngréasán trádála a shuí. Chomh maith leis sin, níor chlaon conclúid an Choimisiúin faoin athrú ar an ngréasán trádála ón gcleachtas is gnách leis an gCoimisiún, ós rud é gur suíodh, i gcásanna roimhe sin freisin, gur ann d’athrú ar an ngréasán trádála, d’ainneoin méadú a bheith tagtha ar allmhairí ón tír a bhí faoi réir bearta frithdhumpála (9).

2.3.3.   Conclúid maidir leis an athrú ar an ngréasán trádála

(61)

Cé nár cuireadh allmhairí SSHR ón Tuirc in ionad allmhairí ón Indinéis, áit ar tharla méadú freisin, suíodh san imscrúdú gur rinneadh próiseáil bhreise sa Tuirc ar mhéideanna suntasacha leac cruach dosmálta, arna n-allmhairiú ón Indinéis, lena n-allmhairiú go dtí an tAontas níos déanaí. De réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, b’ionann an t-athrú ar an ngréasán trádála idir an Tuirc agus an tAontas, mar aon leis an méadú suntasach ar onnmhairí leac cruach dosmálta ón Indinéis isteach sa Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin, mar a léirítear i dTábla 2, agus an méadú ar onnmhairí SSHR ón Tuirc chuig an Aontas, mar a fheictear i dTábla 1.

2.4.   Cleachtas, próiseas nó obair nach ann do chúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach ina leith seachas an dleacht frithdhumpála a fhorchur

(62)

Nochtadh san imscrúdú gur ann do chomhaontú dola idir Marcegaglia agus Çolakoğlu faoinar cheannaigh Marcegaglia leaca cruach dosmálta ón Indinéis, faoinar sheol seisean chuig an Tuirc iad chun go ndéanfaí Çolakoğlu iad a phróiseáil a thuilleadh chun SSHR a dhéanamh díobh, le go n-allmhaireodh Marcegaglia isteach san Aontas ag pointe níos déanaí iad. Rinneadh an comhaontú dola sin a chaibidliú ag deireadh 2018, sular cuireadh tús leis an imscrúdú bunaidh.

(63)

Taispeántar i dTábla 3 éabhlóid na n-onnmhairí SSHR ó Çolakoğlu go dtí an tAontas, a tháinig faoin gcomhaontú dola le Marcegaglia.

Tábla 3

Onnmhairí SSHR ó Çolakoğlu go dtí an tAontas (i dtonnaí)

 

2018

2019

2020

2021

RP

Onnmhairí SSHR ó Çolakoğlu go dtí an tAontas

0

5 –10

10 000 –15 000

25 000 –30 000

40 000 –50 000

Foinse: sonraí cuideachtaí arna bhfíorú

(64)

Léirítear i dTábla 3 gur tháinig méadú substaintiúil ar onnmhairí Çolakoğlu, ó nialas in 2018 go breis agus 40 000 tonna sa tréimhse tuairiscithe.

(65)

Nochtadh san imscrúdú freisin gur faoin gcomhaontú dola le Marcegaglia a rinneadh beagnach iomlán na n-onnmhairí ó Çolakoğlu go dtí an tAontas. Ar an gcaoi chéanna, rinne Çolakoğlu beagnach iomlán na leac a allmhairíodh ón Indinéis isteach sa Tuirc a chlaochlú go dtí SSHR tuilleadh faoin gcomhaontú dola a bunaíodh idir an dá chuideachta.

(66)

Cé go bhféadfadh sé go raibh cúiseanna eile leis an scéim a bhunú, seachas na bearta a bhí i bhfeidhm, i.e. chun slándáil soláthair a áirithiú do Marcegaglia, agus soláthar a dhéanamh don mhargadh cruach dosmálta sa Tuirc, léirítear go tréan trí bhíthin gnéithe eile go raibh nasc le forchur na ndleachtanna i gceist:

Níor tháinig an comhaontú dola i réim go hiomlán sular cuireadh tús leis an imscrúdú bunaidh, cé go raibh an chaibidlíocht ina leith déanta sular cuireadh tús leis an imscrúdú bunaidh.

Níor méadaíodh an cleachtas faoin gcomhaontú dola go substaintiúil go dtí tar éis thús an imscrúdúcháin bunaidh agus méadaíodh go suntasach é tar éis fhorchur na mbeart críochnaitheach.

(67)

Thug an Coimisiún dá aire gur bunaíodh an comhaontú dola d’fhonn soláthar a dhéanamh do mhargadh an Aontais agus ní do mhargadh baile na Tuirce. I ndáiríre, dhíol Çolakoğlu níos lú ná 2 % de SSHR, arna dtáirgeadh ó leaca a allmhairíodh ón Indinéis, ar mhargadh baile na Tuirce.

(68)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar mhaíomh Marcegaglia gur bunaíodh an comhaontú dola chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, toisc gur méadaíodh an t-éileamh go suntasach agus nach raibh an tionsclaíocht san Aontais in ann freagairt dó. Maidir leis sin suíodh nár cuireadh tús le méideanna suntasacha oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Tuirc go dtí tar éis tús a bheith curtha leis an imscrúdú bunaidh in aghaidh na hIndinéise. Ní hamháin gur bhain an comhaontú le soláthar ón Tuirc a áirithiú, ach, mar gheall ar an mbaint le cúrsaí dola, gur díríodh go sonrach ann ar an soláthar sin a bhunú ar leaca cruach dosmálta ón Indinéis – an tír a bhí faoi bhearta. Thairis sin, ba é táirgeoir Indinéiseach na leac cruach dosmálta an soláthróir SSHR freisin. De ghnáth, ní bhogann duine aon chéim amháin suas i slabhra luacha an tsoláthróra chomhtháite cheartingearaigh dá chuid ar mhaithe le slándáil soláthair. Ach amháin, ar ndóigh, i gcás gurb ionann an bhagairt a dtugtar aghaidh uirthi agus bearta ionchasacha lena ndéanfaí difear don chéim níos ísle sa slabhra luacha sin – sa chás seo an dleacht frithdhumpála ar allmhairí SSHR ón Indinéis.

(69)

Tar éis an nochta, mhaígh Marcegaglia agus Çolakoğlu nach raibh a ngaol gnó ag brath ar an dleacht frithdhumpála in aghaidh allmhairí SSHR ón Indinéis a bheith ann. D’áitigh an dá chuideachta gur roimh thús an imscrúdaithe bunaidh a rinneadh an comhaontú idir Marcegaglia agus Çolakoğlu a chaibidliú, agus go raibh gaol gnó idir an dá chuideachta le fada an lá, ar cuireadh tús leis breis agus 10 mbliana ó shin. Ba chuid de chomhaontú níos leithne é an comhaontú dola dá gcuid, a ndéanfadh Çolakoğlu táirgí cruach dosmálta a phróiseáil dá réir mar aon le táirgí cruach carbóin.

(70)

Thug an Coimisiún dá aire, cé gur chuir sé faoi chaibidil go raibh gaol gnó idir Marcegaglia agus Çolakoğlu le breis agus 10 mbliana agus go raibh sé líomhnaithe go raibh an comhaontú dola eatarthu mar chuid de chomhaontú níos leithne, mar a luaitear in aithris (66) thuas freisin, nár tháinig bun iomlán ar an gcleachtas atá faoi réir an imscrúdaithe seo i.e. an cleachtas leaca cruach dosmálta ón Indinéis a phróiseáil ina SSHR sa Tuirc, ar allmhairíodh go dtí an tAontas ina dhiaidh sin iad sular cuireadh tús leis an imscrúdú bunaidh. Méadaíodh an cleachtas tar éis thús an imscrúdaithe bunaidh agus méadaíodh go suntasach arís é tar éis fhorchur na mbeart críochnaitheach. Is é sin le rá gur tharla tús an chleachtais i gceist, d’ainneoin an ghaoil fhadtéarmaigh, i gcomhthráth le tús an imscrúdúcháin bunaidh agus forchur na mbeart dá éis, agus níor tháinig bun ar an gcleachtas ag aon chéim níos luaithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(71)

Mhaígh Çolakoğlu go raibh bonn cirt eacnamaíoch nasctha le héileamh a bhí ann ar SSHR ón Tuirc, san Aontas Eorpach agus sa Tuirc araon. Mar gheall ar an éileamh sin, bheadh bonn cirt le hinfheistíochtaí a rinneadh roimh thús an imscrúdaithe bunaidh, a raibh sé i gceist leo táirgeadh SSHR sa Tuirc a fhorbairt.

(72)

Thug an Coimisiún dá aire ag an tús, maidir leis an gcleachtas ar cinneadh ina leith go raibh sé ag sárú na ndleachtanna frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, nárbh ionann é agus táirgeadh SSHR sa Tuirc dá réir sin. Maidir leis an gcleachtas ar suíodh gur sárú é, is éard a bhí i gceist leis leaca cruach dosmálta a allmhairiú ón Indinéis isteach sa Tuirc, iad a rolladh chun SSHR a dhéanamh díobh agus iad a dhíol ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, cibé an raibh bonn cirt eacnamaíoch leis na hinfheistíochtaí i bhforbairt na hinniúlachta nó nach raibh, ba chuma ó thaobh chinneadh an Choimisiúin de gur ann d’imchéimniú. Thairis sin, thug an Coimisiún da aire, cé gur fhorbair Çolakoğlu an inniúlacht chun a chuid leac cruach dosmálta féin a tháirgeadh sa Tuirc, bhí an táirgeadh sin an-teoranta. I ndáiríre, mar a chuirtear in iúl in aithris (91) thíos, ba ionann, sa tréimhse tuairiscithe, leaca de thionscnamh na Tuirce agus níos lú ná 0,5 % de na leaca a d’úsáid Çolakoğlu chun SSHR a onnmhairíodh go dtí an tAontas a tháirgeadh. Dá bhrí sin, gan beann ar cibé an raibh cúiseanna leis na hinfheistíochtaí a rinne Çolakoğlu i saoráidí táirgthe cruach seachas na bearta a shárú nó nach raibh, níor úsáideadh na hinfheistíochtaí i gceist chun SSHR a sholáthar don Aontas ar táirgeadh é ó leaca de thionscnamh na Tuirce toisc go raibh beagnach iomlán na n-onnmhairithe ó Çolakoğlu bunaithe ar SSHR a táirgeadh ó leaca ón Indinéis le linn na tréimhse tuairiscithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(73)

Tar éis an nochta, mhaígh Marcegaglia go raibh bonn cirt eacnamaíoch ann de bharr na samhla gnó dá chuid, a bhí bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar éagsúlú na bhfoinsí soláthair agus, ar an dara dul síos, ar an ngá a bhí le solúbthacht chun plé le hinfhaighteacht SSHR sa mhargadh ag brath ar luaineacht an éilimh sa mhargadh ar tháirgí iartheachtacha. Ós rud é go raibh teorainn le hinfhaighteacht SSHR dubh ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear ó allmhairí ó thríú tíortha, líomhnaíodh go raibh bonn cirt le straitéis Marcegaglia leaca cruach dosmálta a cheannach ón Indinéis lena bpróiseáil ina SSHR dubh trí chomhaontuithe dola. Thairis sin, d’áitigh Marcegaglia nár thug an Coimisiún aghaidh ar an bhfíoras go bhfuil an inniúlacht is mó leac cruach dosmálta ar domhan ag an Indinéis agus go bhfuil sí toilteanach, neamhchosúil le tíortha eile, na cainníochtaí leac atá de dhíth ar Marcegaglia agus an cháilíocht atá de dhíth uirthi a sholáthar. Líomhnaítear go ndíríonn tíortha eile ar SSHR nó go mbíonn an-éileamh acu ar tháirgí iartheachtacha.

(74)

Thug an Coimisiún dá aire, agus an tsamhail ghnó a dtugtar tuairisc uirthi thuas á meas aige, nach ndearnadh neamhbhailí na háitimh a leagtar amach thuas in aithrisí (65) go (67) de bharr an mhaímh sin. Chomh maith leis sin, ní raibh SSHR ón Indinéis ar fáil ar mhargadh an Aontais tar éis íocaíocht na ndleachtanna frithdhumpála, rud a léiríodh leis an méadú a tháinig ar allmhairí ón Indinéis. Ina theannta sin, níorbh ann d’aon fhianaise nach ndéanfaí difear leis an luaineacht a líomhnaíodh i leith infhaighteacht táirgí iartheachtacha ach amháin d’infhaighteacht SSHR, ach ní d’infhaighteacht a ionchuir réamhtheachtaigh is gaire, na leaca cruach dosmálta, rud ba chúis le flúirse na leac ón Indinéis agus ganntanas SSHR ón Indinéis. Thairis sin, ní raibh aon fhianaise taobh thiar den líomhain nach raibh na tíortha eile uile, ach amháin an Indinéis, in ann cainníochtaí leordhóthanacha de leaca ardcháilíochta a sholáthar do Marcegaglia nó nach raibh siad toilteanach sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(75)

Tar éis an nochta, d’áitigh Marcegaglia gur deimhníodh, leis na hinfheistíochtaí suntasacha a rinne Marcegaglia le déanaí, go raibh bonn cirt eacnamaíoch leis an gcomhaontú dola le Çolakoğlu. I mí Eanáir 2023 fuair Marcegaglia muileann cruach sa Ríocht Aontaithe. Mhaígh Marcegaglia gurb é an gá a bhí le héadáil an ghléasra chun leaca cruach dosmálta a tháirgeadh ná an gá le foinse dhílis iontaofa agus sheasmhach de sholáthar SSHR a dhaingniú. Ós rud é, áfach, go dtáirgtear leaca cruach dosmálta sa mhuileann a fuair sé, ach nach bhfuil saoráidí teorollta ann, d’áitigh Marcegaglia go mbeadh comhpháirtíocht le gléasra eile de dhíth air amach anseo chun na leaca cruach dosmálta arna dtáirgeadh sa Ríocht Aontaithe a phróiseáil ina SSHR, bíodh an comhpháirtí sin laistigh den Aontas nó taobh amuigh de. Maidir leis sin, tá sé cruthaithe ag Çolakoğlu gur comhpháirtí iontaofa agus éifeachtúil é arbh fhéidir é a úsáid chun leaca arna dtáirgeadh sa Ríocht Aontaithe a phróiseáil ina SSHR freisin. Ina theannta sin, chuir Marcegaglia in iúl nach mbeifí ag súil le hallmhairí breise leac SSHR ón Indinéis amach anseo toisc go mbeadh sé féin in ann a éileamh ar leaca cruach dosmálta a chomhlíonadh roimh i bhfad trí bhíthin leaca a tháirgeadh sa Ríocht Aontaithe.

(76)

Mheas an Coimisiún go bhféadfadh athrú teacht ar fhoinsí soláthair leac cruach dosmálta go luath amach anseo mar gheall ar an méid a thit amach le déanaí. Tharla an éadáil i mí Eanáir 2023, áfach, i.e. tar éis na tréimhse tuairiscithe, agus níor bhain aon ráthaíocht léi faoi cé acu a thiocfadh nó nach dtiocfadh deireadh leis an gcleachtas imchéimniúcháin a suíodh nó cathain a thiocfadh deireadh leis.

(77)

Maidir leis an líomhain go dtiocfaidh athrú ar chúinsí amach anseo, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh Marcegaglia nó Çolakoğlu a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán, bliain amháin tar éis leathnú na mbeart, ar an mbeart frith-imchéimniúcháin, i gcás ina mbeadh an t-athrú de chineál leantach. Ar ndóigh, d’fhéadfaí athrú den sórt sin a nascadh le ceannach leac cruach dosmálta a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe a chur in ionad ceannach leac cruach dosmálta ón Indinéis, ar choinníoll gur féidir a thaispeáint go mbeadh athrú den sórt sin de chineál leantach.

(78)

I bhfianaise na ngnéithe sin uile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúis chaoi ná bonn cirt leordhóthanach ann i ndáil le haon ní seachas an dleacht a fhorchur, le haghaidh na hoibríochta críochnaithe a rinne Çolakoğlu. Tharla an t-athrú ar an ngréasán trádála mar gheall ar an bhfíoras gur thosaigh an oibríocht tar éis tús a bheith curtha leis an imscrúdú bunaidh agus gur tháinig méadú substaintiúil uirthi ina dhiaidh sin.

2.5.   Tús a chur le hoibríochtaí nó méadú mór orthu

(79)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(2)(a) den bhun-Rialachán frithdhumpála go mbeidh tús curtha leis an oibríocht chóimeála nó chríochnaithe nó méadú mór a bheith tagtha uirthi, ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe, agus gur ón tír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála iad na páirteanna ábhartha go príomha.

(80)

Mar a dtugtar tuairisc air sin i Roinn 2.4 thuas, mhéadaigh Çolakoğlu a dhíolachán onnmhairithe go substaintiúil le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus allmhairíodh beagnach iomlán cheannacháin an phríomhábhair ionchuir, leaca cruach dosmálta, ón Indinéis.

(81)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur tháinig méadú mór ar an oibríocht chóimeála nó chríochnaithe ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú bunaidh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(a) den bhun-Rialachán.

2.6.   Luach na bpáirteanna agus an breisluach

(82)

Sonraítear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann sé le hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe, gur coinníoll eile chun an t-imchéimniú a shuíomh is ea gur 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna ó na tíortha atá faoi réir beart agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta é breisluach na bpáirteanna a thugtar isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

(83)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Çolakoğlu a mhaíomh nach dtagann an cleachtas, próiseas ná obair faoi réir bhrí Airteagail 13(1) agus 13(2) den bhun-Rialachán ós rud é go bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú, SSHR, neamhchosúil lena ábhar ionchuir, leaca cruach dosmálta. Aicmítear leaca faoi cheannteidil taraife atá neamhchosúil le ceannteidil SSHR toisc go mbíonn na hoibríochtaí próiseála substaintiúil agus go dtugtar tionscnamh neamh-fhabhrach Turcach do SSHR leo. Chomh maith leis sin, d’áitigh Çolakoğlu nár thángthas ar aon chomhaontú ar leibhéal na hEagraíochta Domhanda Trádála ó thaobh an imchéimnithe de, cé gurb í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a rialaíonn na rialacha i ndáil le tionscnamh. Dá bhrí sin, le cinneadh go leathnófar na bearta atá ann cheana chun allmhairí SSHR ón Tuirc a chumhdach, bhainfí an bonn de sheasamh an Aontais mar thathantóir treorach i gcóineasú na trádála domhanda. Ina theannta sin thagair Çolakoğlu do chás Steel Wire Ropes and Cables (India) (10), a raibh an bharúil ina leith ag an gCoimisiún go raibh na rialacha i ndáil le tionscnamh neamhfhabhrach ábhartha ó thaobh cinneadh a dhéanamh cé acu a bhí feidhm ag na dleachtanna frithdhumpála nó nach raibh.

(84)

Mheas an Coimisiún nach mbaineann aicmiú taraife agus tionscnamh an táirge atá faoi imscrúdú agus a phríomhábhair ionchuir le hábhar, ná an t-athrú orthu sin, chun a chinneadh cibé an bhfuil imchéimniú i gceist le hoibríocht cóimeála/chríochnaithe nó nach bhfuil. Is é Airteagal 13 den bhun-Rialachán an bunús dlí le haghaidh imscrúdú frith-chéimnithe, agus ní reachtaíocht custaim maidir le tionscnamh. Ar ndóigh, mhaígh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gurb é an t-aon chuspóir le Rialachán lena leathnaítear dleacht frithdhumpála éifeachtacht na dleachta sin a áirithiú agus cosc a chur ar imchéimniú na dleachta sin (11). Chun measúnú a dhéanamh ar imchéimniú a d’fhéadfadh a bheith ann a dtugtar tuairisc air in aithris (82), rinne an Coimisiún anailís, dá bhrí sin, ar cibé ar comhlíonadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán nó nár comhlíonadh iad. Rinne sé anailís go háirithe ar cibé arb ionann agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna nó nárbh ionann agus cibé ar lú ná 25 % de na costais mhonaraíochta é breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe nó nár lú. Chomh maith leis sin, cé gur admhaigh Comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála gur ann d’fhadhb imchéimniú na mbeart frithdhumpála (12), ní ann d’aon riail aonfhoirmeach ar leibhéal na hEagraíochta Domhanda Trádála lena ndéanfaí rialacha an Aontais maidir leis sin neamhréireach. Ar deireadh, níor bhain an Cinneadh ón gCoimisiún a dtagair Çolakoğlu dó le cur i bhfeidhm Airteagal 13 dá réir sin, ach le bailiú dleachtanna frithdhumpála i gcás neamh-chomhlíontacht le téarmaí gnóthais. Thairis sin, rinneadh soiléiriú leis an gcásdlí ar úsáid “ó” seachas “de thionscnamh” in Airteagal 13 den bhun-Rialachán go dtugtar le fios gur “roghnaigh an tAontas Eorpach d’aon toil go bhfanfadh sé amach ó rialacha tionscnaimh faoin reachtaíocht custaim agus, dá bhrí sin, go bhfuil brí féinrialaitheach agus leithleach leis an gcoincheap “ó” […] nach bhfuil comhionann leis an gcoincheap “tionscnamh” faoin reachtaíocht custaim” (13). Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

2.6.1.   Luach na bpáirteanna

(85)

Is iad leaca cruach dosmálta an príomhábhar ionchuir chun SSHR a tháirgeadh. Allmhairíodh beagnach 100 % de na leaca cruach dosmálta a phróiseáil Çolakoğlu ón Indinéis. Rinneadh na leaca cruach dosmálta sin a phróiseáil tuilleadh trí phróiseas teorollta a rinneadh, arb oibríocht chríochnaithe sa Tuirc í. De réir na faisnéise a chuir Çolakoğlu isteach agus a d’fhíoraigh sí, b’ionann na leaca cruach dosmálta agus beagnach 100 % de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

(86)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Çolakoğlu a mhaíomh nach ionann SSHR a mhonarú as leaca cruach dosmálta agus “páirteanna á gcóimeáil ag oibríocht chóimeála” de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, ós rud é nach mbíonn ach páirt amháin i dtáirgeadh SSHR. D’áitigh sí freisin go mba cheart tagairtí do “bailchríoch a chur ar oibríochtaí” in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán a léamh i gcomhthéacs an breisluach a chuirtear leo i ndiaidh don chóimeáil a bheith críochnaithe. Dá bhrí sin, agus ós rud é nach raibh na hoibríochtaí a rinne Çolakoğlu cáilithe mar oibríocht chóimeála, níor comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 13(2)(a) agus 13(2)(b) den bhun-Rialachán, de réir Çolakoğlu.

(87)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. An cleachtas ar a dtugtar tuairisc in aithris (82), rinneadh é a mheas mar oibríocht chríochnaithe a tháinig faoi choincheap na n-oibríochtaí cóimeála faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, dá dtagraítear in aithris (44) freisin. Ina theannta sin, measadh eilimintí eile, mar a mhínítear thíos.

(88)

Ní shainmhínítear leis an mbun-Rialachán na téarmaí “oibríocht chóimeála” ná “oibríocht chríochnaithe”. Mar sin féin, an bealach a cumadh Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, tá sé i bhfabhar léirmhíniú ar an téarma “oibríocht chóimeála” mar, de réir Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán frithdhumpála, léirmhíniú a bhfuil sé i gceist leis “oibríocht chríochnaithe” a chuimsiú go sainráite freisin. Rud a leanann as sin is ea go bhfuil sé i gceist le “hoibríocht chóimeála” de réir bhrí Airteagal 13(2) go gcumhdófaí léi ní hamháin oibríochtaí lena gcuimsítear páirteanna de ní comhchodach a chóimeáil, ach oibríochtaí a bhféadfadh próiseáil bhreise a bheith i gceist leo i.e. bailchríoch a chur ar tháirge.

(89)

Mar a luaitear in aithris (84), is é cuspóir na n-imscrúduithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán go n-áiritheofar éifeachtacht na ndleachtanna frithdhumpála agus go gcoiscfear imchéimniú na ndleachtanna sin. Dá dhroim sin, is é cuspóir Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála go gcuimseofar na cleachtais, próisis nó oibreacha lena n-úsáidtear páirteanna ar páirteanna ón tír iad go príomha atá faoi réir na mbeart agus lena ndéantar na páirteanna sin a chóimeáil nó a chríochnú trí luach teoranta a chur leo.

(90)

Tar éis an nochta, mhaígh Çolakoğlu nár tháinig SSHR a táirgeadh leis na leaca de thionscnamh na Tuirce faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, níor cheart baint a bheith ag leathnú na mbeart le SSHR a táirgeadh le leaca de thionscnamh na Tuirce ach le leaca SSHR a táirgeadh san Indinéis amháin. Mhaígh Çolakoğlu freisin gur féidir le húdaráis chustaim náisiúnta tionscnamh a sheiceáil ós rud é gur ann do bhealach inmharthana agus praiticiúil chun a fhíorú gur de thionscnamh na Tuirce é an SSHR. Go sonrach, má fhaightear Deimhniú EUR.1, lena ndeonaítear tionscnamh fabhrach, ba cheart go soláthrófaí urrús leis lena ngabhfaí ráthaíochtaí leordhóthanacha gur ó leaca de thionscnamh na Tuirce a próiseáladh an SSHR lenar bhain sé.

(91)

Foráiltear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán maidir le leathnú na ndleachtanna chun allmhairí an táirge chomhchosúil ó thríú tíortha a chumhdach má chomhlíontar na coinníollacha. De bhun Airteagal 13(4) is féidir díolúintí ó leathnú na mbeart a dheonú do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann, ar táirgeoirí iad a cinneadh ina leith nach bhfuil siad ag gabhail do chleachtais imchéimnithe. San anailís dá chuid, bhí ceanglas ar an gCoimisiún na díolacháin uile leis an Aontas den táirge faoi imscrúdú, arna ndéanamh ag an táirgeoir onnmhairiúcháin i gceist, a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a monaraíodh as leaca de thionscnamh na Tuirce, agus ní hamháin díolacháin an táirge a monaraíodh as leaca ón Indinéis. Maidir leis sin, deimhníodh leis an imscrúdú gur onnmhairigh Çolakoğlu SSHR go dtí an tAontas ar monaraíodh as leaca ón Indinéis den chuid is mó é. Go sonrach, suíodh leis an imscrúdú, maidir le SSHR a d’onnmhairigh Çolakoğlu go dtí an tAontas le linn na tréimhse tuairiscithe, nárbh ionann agus [20 – 200] tonna as [40 000 – 50 000] tonna SSHR a táirgeadh le leaca de thionscnamh na Tuirce, méid arbh ionann é ar a leibhéal uasta agus 0,5 % de na páirteanna. Dá réir sin, b’ionann na páirteanna agus na leaca cruach dosmálta a allmhairíodh ón Indinéis le linn na tréimhse tuairiscithe agus breis agus 99,5 % de na páirteanna uile a úsáideadh i dtáirgeadh iomlán SSHR. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(92)

Tar éis an nochta, d’áitigh Çolakoğlu gur sáraíodh cearta na cosanta dá cuid, go háirithe Airteagal 6(7) den bhun-Rialachán agus Airteagal 296 CFAE toisc gur bhain a iarraidh bunaidh ar dhíolúine ní hamháin le SSHR a táirgeadh le leaca ón Indinéis ach, go leithleach, freisin le SSHR a táirgeadh le leaca de thionscnamh na Tuirce. De réir Çolakoğlu, níor tugadh aghaidh ar an ngné sin sa nochtadh.

(93)

Mar a cuireadh in iúl in aithris (85) thuas, faoi Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, baineann an leathnú le hallmhairí an táirge chomhchosúil ó thríú tíortha agus le hAirteagal 13(4) foráiltear maidir le díolúintí le haghaidh “[t]áirgeoirí […] nach bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe”. Luaigh an Coimisiún sa doiciméad nochta gur chuir sé na leaca uile a phróiseáil Çolakoğlu san áireamh chun an critéar 60 % a mheasúnú, agus gur ón Indinéis a allmhairíodh beagnach 100 % de na leaca cruach dosmálta a phróiseáil Çolakoğlu. Dá réir sin, b’ionann na leaca sin agus beagnach 100 % de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Bunaithe ar an measúnú sin, cinneadh go raibh Çolakoğlu ag gabháil do chleachtais imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin nárbh fhéidir díolúine a dheonú dó de bhun na forála sin. Ina theannta sin, tar éis an nochta, in aithris (91) thuas, dheimhnigh an Coimisiún nach mór SSHR a táirgeadh ó leaca de thionscnamh na Tuirce a chur san áireamh san anailís dá chuid agus nárbh fhéidir é a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Dá thoradh sin, mheas an Coimisiún gur urramaíodh cearta cosanta Çolakoğlu ina n-iomláine agus dhiúltaigh sé an maíomh.

(94)

Ba é conclúid an Choimisiúin dá bhrí sin gur comhlíonadh an critéar 60 % a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

2.6.2.   Breisluach

(95)

Cinneadh gur lú an meán-bhreisluach a suíodh le linn na tréimhse tuairiscithe ná 5 %, is é sin i bhfad níos lú ná an tairseach 25 % a leagtar síos le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur lú an luach atá curtha leis an páirteanna a tógadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, ná 25 % den chostas monaraíochta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán lena fhágáil go bhfuil imchéimniú i gceist leis na hoibríochtaí sin.

2.7.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála

(96)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí an táirge faoi imscrúdú, ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(97)

Bunaithe ar shonraí fíoraithe Çolakoğlu agus Marcegaglia a cuireadh isteach, d’onnmhairigh Çolakoğlu 40 000 – 50 000 tonna le linn na tréimhse tuairiscithe. An tráth céanna, ba é meastachán an iarratasóra maidir le tomhaltas na gceart díola san Aontas gurb ionann é agus tuairim agus 1 200 000 tonna le haghaidh na tréimhse tuairiscithe. Dá bhrí sin, b’ionann an sciar den mhargadh do na hallmhairí ón Tuirc agus thart ar 4 % de thomhaltas na gceart díola san Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe agus breis agus 3 % de thomhaltas na gceart díola san Aontas a suíodh sa tréimhse imscrúdaithe bunaidh. Ina theannta sin, mar a shuigh an Coimisiún, bhí inniúlacht bhreise shubstainteach i muileann teorollta Çolakoğlu, d’fhéadfadh an chuideachta a méideanna onnmhairiúcháin a mhéadú go mór sa todhchaí.

(98)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach, mar a suíodh san imscrúdú bunaidh é, agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin (costas, árachas agus last-táille) a cinneadh ar bhonn staidreamh Eurostat, arna gcoigeartú go cuí chun costais iar-imréitigh a áireamh. Bhain an Coimisiún úsáid as staidreamh Eurostat ós rud é go raibh na hidirbhearta idir Çolakoğlu agus Marcegaglia bunaithe ar chomhaontú dola, arb ionann iad, mar sin, agus táille ar sheirbhís nár léiríodh praghas margaidh inti. Léiríodh leis an gcomparáid sin idir praghsanna gur díoladh na hallmhairí ó Çolakoğlu ar phraghas a bhí breis agus 13 % ní b’ísle ná praghsanna an Aontais.

(99)

Tar éis an nochta mhaígh Marcegaglia, Çolakoğlu agus Rialtas Phoblacht na Tuirce nach raibh aon éifeacht cheartaitheach ag na bearta, arbh ann dóibh cheana, maidir le hallmhairí ón Indinéis lena bhféadfaí, ós rud é gur méadaíodh na hallmhairí ón Indinéis, dochar a dhéanamh dóibh mar gheall ar allmhairí ón Tuirc, a bhí i bhfad níos lú i ndearbhthéarmaí.

(100)

Mhaígh Çolakoğlu freisin, dá mba rud é go raibh dochar á dhéanamh do na héifeachtaí ceartaitheacha mar gheall ar aon allmhaire, nach iad allmhairí SSHR ón Tuirc a bheadh i gceist, ach na hallmhairí leac ar líomhnaíodh ina leith go raibh siad á bpróiseáil ina SSHR san Aontas i bhfianaise na méideanna i bhfad níos airde atá ann.

(101)

Mheabhraigh an Coimisiún dó, cé go raibh méid na n-allmhairí leac ón Indinéis isteach san Aontas níos mó ar ndóigh, ná méid allmhairí SSHR ón Tuirc, níor athraíodh leis sin, áfach, an cinneadh a rinneadh de bharr an imscrúdaithe go raibh dochar á dhéanamh d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart mar gheall ar allmhairí SSHR ón Tuirc, is é sin gurab ionann na hallmhairí sin agus breis agus 4 % den tomhaltas iomlán san Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe agus gur díoladh iad ag praghsanna a bhí 13 % ní ba lú ná praghsanna an Aontais. Ina theannta sin, níor tugadh le fios, cé gur leanadh le hallmhairí SSHR ón Indinéis, go raibh na bearta bunaidh neamhéifeachtúil. Ar ndóigh, níorbh é cuspóir na mbeart allmhairí a bhaint, ach an iomaíocht a dhéanamh níos cothroime. Leanadh le hallmhairí SSHR ón Indinéis isteach sa Aontas agus méadaíodh iad fiú, ach tá siad faoi réir dleachta a bhfuil sé i gceist léi éifeacht dumpála díobhálaí a bhaint.

(102)

Maidir leis na hallmhairí leac ón Indinéis isteach san Aontas, thug an Coimisiún dá aire gur chuma, ó thaobh an chinnidh maidir leis an gcás i dtrácht, faoi cibé arb ann do thosca eile lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’éifeacht cheartaitheach na mbeart nó nach ann dóibh. Ina theannta sin, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán anailís a dhéanamh ar thosca eile, más ann dóibh, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh tuilleadh d’éifeacht cheartaitheach na dleachta.

(103)

Tar éis an nochta, mhaígh Marcegaglia, i bhfianaise a mhargaidh theoranta, nach ndearnadh dochar le hallmhairí SSHR dubha ón Tuirc d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm in aghaidh allmhairí SSHR de chuid na hIndinéise.

(104)

Mar a luaitear in aithris (12), thug an Coimisiún dá aire san imscrúdú bunaidh gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil na saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha bunúsacha céanna ag cornaí dubha agus bána, go bhfuil siad san iomaíocht in aghaidh a chéile agus go dtagann siad faoi raon feidhme an táirge. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(105)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh dochar déanta do na bearta atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de leis na hallmhairí ón Tuirc atá faoi réir an imscrúdaithe sin.

2.8.   Fianaise maidir le dumpáil

(106)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú freisin féachaint an ann d’fhianaise maidir le dumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil.

(107)

Chuige sin, rinne an Coimisiún comparáid idir na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón Tuirc, bunaithe ar staidreamh Eurojust, agus na gnáth-luachanna a suíodh le linn an imscrúdaithe bunaidh, arna gcoigeartú mar gheall ar phraghas breise chornaí SSHR san Indinéis mar a thuairiscítear i mbunachair sonraí phoiblí (14). Léiríodh leis an gcomparáid idir gnáth-luachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin gur onnmhairíodh SSHR ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse tuairiscithe.

3.   BEARTA

(108)

Ar bhonn na gcinntí thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur imchéimníodh an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí SSHR de thionscnamh na hIndinéise le hallmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a choinsínigh Çolakoğlu ón Tuirc.

(109)

I bhfianaise leibhéal an chomhair a bheith ard, ós rud é gurab ionann na díolacháin onnmhairí thuairiscithe de chuid Çolakoğlu agus [88 % go 93 %] de na méideanna iomlána allmhairí ón Tuirc isteach san Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe, agus nár tháinig aon táirgeoir eile Turcach, de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán chun tosaigh ag iarraidh díolúine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na cinntí i leith cleachtais imchéimnithe maidir le Çolakoğlu ionadaíoch maidir leis na hallmhairí uile ón Tuirc.

(110)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí SSHR de thionscnamh na hIndinéise a leathnú chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chumhdach.

(111)

De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, ba cheart gurb é an beart a bhunaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 an beart atá le leathnú i gcás “gach cuideachta eile”, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 17,3 % é is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc.

(112)

De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart a leathnaítear maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú iad.

4.   IARRAIDH AR DHÍOLÚINE

(113)

Mar a dtugtar tuairisc air thuas, suíodh go raibh Çolakoğlu páirteach i gcleachtais imchéimnithe. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir díolúine de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán a dheonú don chuideachta sin.

(114)

Mar a luaitear i Roinn 2.2 thuas, measadh nach táirgeoirí onnmhairiúcháin iad Saritas, UCAS ná AST, agus dá bhrí sin nach bhfuil siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar dhíolúine. Ar an gcaoi chéanna, mar gheall ar an bhfreagra easnamhach uaidh, ní raibh an Coimisiún in ann a shuí cibé an raibh Poyraz ina tháirgeoir dílis nó nach raibh agus mar sin ní raibh sé incháilithe le haghaidh díolúine.

(115)

I bhfianaise a bhfuil thuas níor cheart aon cheann de na cuideachtaí a dhíolmhú ó leathnú na mbeart.

5.   NOCHTADH

(116)

An 30 Eanáir 2023, chuir an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha as ar eascair na conclúidí thuas in iúl do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúlacha a thabhairt. Fuarthas barúlacha ó Çolakoğlu, Marcegaglia agus Rialtas Phoblacht na Tuirce agus breithníodh orthu go cuí.

(117)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ar allmhairí táirgí cothrom-rollta de chruach dhosmálta, bídís i gcornaí nó ná bídís (lena n-áirítear táirgí gearrtha san fhad iomchuí agus stiallacha cúnga), gan oibriú breise déanta orthu seachas teo-rolladh agus cé is moite de tháirgí nach bhfuil i gcornaí, ar leithead 600 mm nó níos mó, agus ar tiús is mó ná 10 mm, de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine, chun go gcumhdófar allmhairí táirgí cothrom-rollta de chruach dhosmálta, bídís i gcornaí nó ná bídís (lena n-áirítear táirgí gearrtha san fhad iomchuí agus stiallacha cúnga), gan oibriú breise déanta orthu seachas teo-rolladh agus cé is moite de tháirgí nach bhfuil i gcornaí, ar leithead 600 mm nó níos mó, agus ar tiús is mó ná 10 mm, a aicmítear faoi láthair faoi chóid HS 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12, arna gcur chun bealaigh ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó bíodh (cóid TARIC 7219110010, 7219121010, 7219129010, 7219131010, 7219139010, 7219141010, 7219149010, 7219221010, 7219229010, 7219230010, 7219240010, 7220110010, agus 7220120010).

2.   Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála 17,3 % arb infheidhme í maidir le “gach cuideachta eile” san Indinéis (cód breise TARIC C999).

3.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1310.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1310, a aisghairtear leis seo.

Airteagal 3

Na hiarrataí ar dhíolúine a rinne Saritas Celik San.ve tic. A.S.,Üças Paslanmaz Çelik iç ve tic. A.S., AST Turkey Metal Sanayi ve tic. A.S., Poyraz Paslanmaz Sanayi ve diş ticaret Limited Sirk agus Çolakoğlu Metalurji A.Ş, diúltaítear do na hiarrataí sin.

Airteagal 4

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Trade

Directorate G Office:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún a údarú go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach n-imchéimníonn na bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408, ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,an 17 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26).

(3)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na hIndinéise (IO C 269 I, 12.8.2019, lch. 1).

(4)  Féach aithrisí (44) go (46) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3), arna dheimhniú in aithrisí (20)-(28) agus (31) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1310 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2022 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 maidir le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise trí allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 198, 27.7.2022, lch. 8)

(6)  Féach ar an bpointe sin breithiúnas an 5 Bealtaine 2021, Acron v An Coimisiún, T-45/19, ECLI:EU:T:2021:238, alt 95.

(7)  Maidir le conclúid chomhchosúil féach an Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2012 lenar cuireadh deireadh leis na himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairiú táirgí áirithe próitéine soighe dlúithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 168, 28.6.2012, lch. 38), aithris (79).

(8)  https://www.gtis.com/gta/

(9)  Féach, mar shampla, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (“GFF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO L 46, 25.2.2022, lch. 49), aithrisí (50)–(54).

(10)  Cinneadh 2006/38/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2005 lena leasaítear Cinneadh 1999/572/CE ón gCoimisiún ag glacadh le gealltanais arna dtairiscint i ndáil le himeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí téad agus cáblaí de shreang cruach ar de thionscnamh, inter alia, na hIndia iad (IO L 22, 26.1.2006, lch. 54), aithrisí (42)–(44).

(11)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír 96 agus an cásdlí a luaitear.

(12)  Comhaontú Maothlach Uragua, Cinneadh maidir le Frith-imchéimniú.

(13)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún/Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, AE:C:2019:717, mír 90.

(14)  Thóg an Coimisiún mar thagairtí an méadú a tháinig ar phraghsanna chornaí SSHR san Áise Thoir, de réir Metal Bulletein, ina gcumhdaítear an chuid is mó de phraghsanna SSHR ón Indinéis. Deimhníodh an méadú céanna ar phraghsanna le sonraí GTA ar allmhairí SSHR ón Indinéis feadh an domhain.