11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 98/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/741 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Aibreán 2023

maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí ocsaimil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/16/CE ón gCoimisiún (2) áirítear ocsaimil mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí ocsaimil, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Deireadh Fómhair 2023.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na hIodáile, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí ocsaimil a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 15 Deireadh Fómhair 2019.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil go poiblí. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 30 Márta 2022, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh ocsaimil na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Sa chonclúid uaidh, d’aithin an tÚdarás roinnt ábhair imní. Go háirithe, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil ardriosca ann go sárófar, leis na húsáidí ionadaíocha uile a measúnaíodh, leibhéal na neamhchosanta atá inghlactha ag an oibreoir le haghaidh oibreoirí fiú nuair a úsáidtear trealamh cosanta pearsanta.

(10)

Thairis sin, tugadh le fios sa réamh-mheasúnú ar ghéar-riosca cothútháin i gcás tomhaltóirí gur sáraíodh go mór an ghéardháileog thagartha le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha uile maidir leis na barra inite uile. Ina theannta sin, tugadh le fios sa mheasúnú riosca do thomhaltóirí a rinneadh le huisce óil gur sháraigh an uasiontógáil laethúil theoiriciúil ón meitibilít screamhuisce IN-D2708 an iontógáil laethúil inghlactha do dhaoine fásta, do leanaí agus do naíonáin sna húsáidí ionadaíocha uile agus gur sháraigh an uasiontógáil laethúil theoiriciúil ón meitibilít screamhuisce IN-A2213 an iontógáil laethúil inghlactha do naíonáin sna húsáidí ionadaíocha uile.

(11)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le hocsaimil a fhormheas agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 13 Deireadh Fómhair 2022 agus an 8 Nollaig 2022, faoi seach.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana.

(13)

D’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh.

(14)

Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí ocsaimil a athnuachan.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(16)

Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil ocsaimil a tharraingt siar.

(17)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil ocsaimil, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, an 30 Meán Fómhair 2023.

(18)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/116 ón gCoimisiún (7), cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na hocsaimile go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse formheasa in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(19)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach ocsaimil a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(20)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí ocsaimil a athnuachan.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 116 maidir le hocsaimil.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil ocsaimil mar shubstaint ghníomhach faoin 30 Meitheamh 2023.

Airteagal 4

Tréimhse chairde

Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 30 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2006/16/CE ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun ocsaimil a áireamh mar shubstaint ghníomhach (IO L 36, 8.2.2006, lch. 37).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26). Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20) in ionad an Rialacháin sin ach, mar sin féin, tá feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.

(6)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(5):7296.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/116 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí ocsaimil (IO L 15, 17.1.2023, lch. 15).