|
29.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 91/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/689 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis an síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (2), meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/378 ón gCoimisiún (4), cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram go dtí an 30 Aibreán 2023. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1260 ón gCoimisiún (5) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí piridibein go dtí an 30 Aibreán 2023. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (6), a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir leis na substaintí gníomhacha sin de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (7), agus dhearbhaigh an Ballstát is rapóirtéir lena mbaineann iad a bheith inghlactha. |
|
(5) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha Beauveria bassiana tréithchineálacha ATCC 74040 agus GHA, malaitian agus piridibein, níl an measúnú riosca de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 a rinne na Ballstáit is rapóirtéirí tugtha chun críche go fóill. |
|
(6) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha Trichoderma asperellum (T. Harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T25 agus TV1, Trichoderma atroviride (T. Harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (T. Viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, d’iarr an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 844/2012. Cuireadh isteach í faoin spriocdháta a leagadh síos, an 14 Iúil 2022, agus beidh am breise ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh uirthi agus chun an chonclúid ghaolmhar a fháil ó mheasúnóirí riosca agus chun an cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
|
(7) |
Maidir leis an tsubstaint ghníomhach riomsulfúrón, chun críocha measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (8), agus i gcomhréir le hAirteagal 14(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, ní mór do EFSA, i gcomhairle leis na Ballstáit, a chinneadh an bhfuil gá le faisnéis bhreise. Maidir leis na substaintí gníomhacha clóidineafop agus feinpiorocsamáit, an spriocdháta chun faisnéis bhreise a chur isteach ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún, agus i gcomhréir le hAirteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, leagadh síos é le haghaidh an 17 Samhain 2023 agus an 4 Bealtaine 2024 faoi seach. Maidir leis na substaintí gníomhacha ciopróidinil, déchlórpróp-P, foiseitil, meapainipirim, meitrifeanón, pirimeacarb, pirimeiteanail, spionasad, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, tá am breise ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh air agus chun an chonclúid ghaolmhar a fháil ó mheasúnóirí riosca chomh maith leis an gcinneadh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
|
(8) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, Bacillus thuringiensis fospeiceas Aizawai tréithchineálacha ABTS-1857 agus GC-91, Bacillus thuringiensis fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) tréithchineál AM65-52, Bacillus thuringiensis fospeiceas Kurstaki tréithchineálacha ABTS 351, PB 54, SA 11, SA12 agus EG 2348 agus Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), tá a chonclúid curtha isteach ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 agus tá na tuarascálacha athnuachana faoi seach chomh maith leis na dréachtrialacháin lena ndéantar formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan curtha faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Mar sin féin, ní raibh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha in ann a thuairim a thabhairt go fóill maidir le haon cheann de na dréacht-Rialacháin lena ndéantar formheasanna na substaintí gníomhacha thuasluaite a athnuachan. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, is dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a bhformheasanna faoi seach in éag an 30 Aibreán 2023, agus ní hiad na hiarratasóirí faoi seach is cúis leis an moill sna nósanna imeachta athnuachana. |
|
(10) |
Ós rud é nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí faoi seach ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta cinnteoireachta rialála maidir leis na hiarratais faoi seach ar fhormheas a athnuachan. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
I gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le leagan síos ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(4) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/378 an 4 Márta ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 72, 7.3.2022, lch. 2).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1260 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha piridibein, cuinmeireac agus foisfíd (IO L 238, 21.9.2018, lch. 30).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20)
(8) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33)
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, Sioram, cuirtear “15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 90, Meapainipirim, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 123, Clóidineafop, cuirtear “an 15 Nollaig 2025” in ionad an dáta; |
|
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 124, Pirimeacarb, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(5) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 125, Riomsulfúrón, cuirtear “an 15 Lúnasa 2025” in ionad an dáta; |
|
(6) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 127, Tríthiaconasól, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(7) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 130, Ciopróidínil, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(8) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 131, Foiseitil, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(9) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 132, Tríneicseapac, cuirtear “an 15 Nollaig 2024” in ionad an dáta; |
|
(10) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 133, Déchlórpróp-P, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(11) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 134, Meatconasól, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(12) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 135, Pirimeiteanail, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(13) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 136, Tríchlóipir, cuirtear “an 15 Nollaig 2024” in ionad an dáta; |
|
(14) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 137, Meitrifeanón, cuirtear “an 15 Nollaig 2024” in ionad an dáta; |
|
(15) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 138, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, cuirtear “an 15 Lúnasa 2024” in ionad an dáta; |
|
(16) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 139, Spionasad, cuirtear “an 15 Márta 2025” in ionad an dáta; |
|
(17) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 193, fospeiceas aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, cuirtear “an 15 Lúnasa 2024” in ionad an dáta; |
|
(18) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 194, fospeiceas israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, cuirtear “an 15 Lúnasa 2024” in ionad an dáta; |
|
(19) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 195, fospeiceas kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA 12 agus tréithchineál EG 2348, cuirtear “an 15 Lúnasa 2024” in ionad an dáta; |
|
(20) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 197, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, cuirtear “an 30 Meán Fómhair 2025” in ionad an dáta; |
|
(21) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 198, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cuirtear “an 15 Lúnasa 2024” in ionad an dáta; |
|
(22) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 204, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, cuirtear “an 15 Aibreán 2025” in ionad an dáta; |
|
(23) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 206, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, cuirtear “an 15 Aibreán 2025” in ionad an dáta; |
|
(24) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 207, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, cuirtear “an 15 Aibreán 2025” in ionad an dáta; |
|
(25) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 208, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, cuirtear “an 15 Aibreán 2025” in ionad an dáta; |
|
(26) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 213, Feinpiorocsamáit, cuirtear “an 15 Meitheamh 2026” in ionad an dáta; |
|
(27) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 300, Malaitian, cuirtear “an 31 Iúil 2026” in ionad an dáta; |
|
(28) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 313, Piridibein, cuirtear “an 31 Iúil 2026” in ionad an dáta. |