24.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 88/1


RIALACHÁN (AE) 2023/675 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2023

lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta chun tuinnín gorm deisceartach a chaomhnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir don Chomhbheartas Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) , a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar chaoi a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.

(2)

Faoi Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d’fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982. Faoi Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle (5), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú a bhaineann leis an gcoinbhinsiún sin a chur chun feidhme maidir le bainistiú agus caomhnú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach, ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le caomhnú agus bainistiú acmhainní bitheolaíocha na farraige. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta níos leithne atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú agus féachann sé le rialachas domhanda na n-aigéan a neartú agus bainistiú inbhuanaithe iascaigh a chur chun cinn.

(3)

Ní fhoráiltear sa Choinbhinsiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh (“an Coinbhinsiún”), lenar bunaíodh an Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh (“CCSBT”), d’aontachas eagraíochtaí réigiúnacha eacnamaíocha comhtháthaithe amhail an tAontas Eorpach. Chun comhar a chur chun cinn i gcaomhnú agus i mbainistíocht an tuinnín ghoirm dheisceartaigh, tá an Coimisiún Méadaithe um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh (“an Coimisiún Méadaithe”) cruthaithe ag CCSBT, inar féidir leis an Aontas a bheith rannpháirteach mar chomhalta. Maidir leis na cinntí a ghlacann an Coimisiún Méadaithe, is é a bhíonn iontu, ag deireadh sheisiún CCSBT ar thuairisc an Coimisiún Méadaithe chuige, cinntí de chuid CCSBT, mura gcinneann CCSBT a mhalairt. Tá na hoibleagáidí céanna ar chomhaltaí an Choimisiúin Mhéadaithe agus atá ar chomhaltaí CCSBT, lena n-airítear cinntí CCSBT a chomhlíonadh agus ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar do CCSBT.

(4)

De bhun Cinneadh (AE) 2015/2437 ón gComhairle (6), tá an tAontas ina chomhalta den Choimisiún Méadaithe.

(5)

Glacann an Coimisiún Méadaithe bearta caomhnaithe agus bainistíochta bliantúla ar gheall a chomhaltaí, lena n-áirítear an tAontas, go ndéanfaí iad a urramú agus a chomhlíonadh go dílis.

(6)

Murab ionann in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh (“ERBInna”) eile ina bhfuil an tAontas páirteach, níl aon soitheach iascaireachta ag an Aontas a dhíríonn ar an tuinnín gorm deisceartach agus níor thuairiscigh sé ach foghabháil de thaisme den speiceas sin san am a chuaigh thart agus níor thuairiscigh siad aon fhoghabháil ó 2012. Mar sin féin, tá sé fós iomchuí cloí leis na bearta caomhnaithe agus bainistíochta ábhartha a ghlac CCSBT a bhaineann le gníomhaíochtaí agus saintréithe chabhlach an Aontais agus i ndáil le trádáil an tuinnín ghoirm dheisceartaigh.

(7)

Forluíonn limistéar dáileacháin an tuinnín ghoirm dheisceartaigh le limistéir choinbhinsiún an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir agus an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha, áiteanna ar thuairiscigh cabhlach spiléireachta an Aontais a dhíríonn ar thuinníní trópaiceacha agus ar speiceas atá cosúil le tuinníní méideanna teoranta foghabháil den tuinnín gorm deisceartach san am a chuaigh thart.

(8)

Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais na rúin ábhartha ó CCSBT arna nglacadh faoi 2020, seachas i gcás beart ar cuid de dhlí an Aontais iad cheana féin. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo ach forálacha CCSBT is infheidhme maidir leis an Aontas, ag cur san áireamh sainiúlachtaí chabhlach an Aontais, amhail easpa aon iascaireacht spriocdhírithe, nach raibh ann ach foghabhálacha de thaisme amháin san am a chuaigh thart agus nach ndearnadh aon fhoghabháil ó bhí 2012 ann agus easpa aon trasloingsithe ná tabhairt i dtír, agus an trádáil sa tuinnín gorm deisceartach. Sa chleachtas, ní spreagfar formhór na n-oibleagáidí ach amháin má bhíonn foghabhálacha de thaisme ar an tuinnín gorm deisceartach ag an Aontas, rud nár tharla ó bhí 2012 ann, agus go gcoinníonn siad na héisc sin ar bord, rud nár tuairiscíodh go dtí seo.

(9)

Chun comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (8), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (9), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Cumhdaítear roinnt beart a leagtar síos i rúin ó CCSBT sna Rialacháin sin cheana féin. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ní gá na bearta sin a chumhdach.

(10)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá seasamh an Aontais in ERBInna agus gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil lena áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go n-athbhunófar agus go gcothabhálfar leis líon na speiceas saothraithe os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, chun dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal iascaireachta agus próiseála atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus iomaíoch agus gníomhaíocht a bhaineann le hiascaireacht ar talamh, chun comhoibriú le ERBInna d’fhonn comhlíonadh beart lena gcomhraicfear iascaireacht NNN a neartú, agus chun cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia inbhuanaithe.

(11)

Chun rúin CCSBT a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bheith ag díriú ar thuinníní gorma deisceartacha, an fhaisnéis dá bhforáiltear sa Taifead ar Shoithí, na teorainneacha ama nó tréimhsí a bhaineann le tíolacadh na faisnéise sna foirmeacha um chlibeáil gabhála, coinneáil doiciméad na scéime um dhoiciméadacht ghabhála, tarchur fógraí trasloingsithe, tarchur faisnéise chuig an Rúnaíocht arna bunú ag an CCSBT (“Rúnaíocht”) a bhaineann le liosta soithí NNN agus tuarascálacha iniúchta, tarchur faisnéise a bhaineann le pointí teagmhála le haghaidh cigireachtaí calafoirt, tarchur fógraí foghabhála, tíolacadh na dtuarascálacha bliantúla agus Iarscríbhinní I go IV. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug an Maoirseoir tuairim an 20 Meán Fómhair 2021. Ba cheart caitheamh le sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialachán (AE) 2018/1725. Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart na sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhse 10 mbliana. I gcás ina bhfuil gá leis na sonraí pearsanta atá i gceist le haghaidh na hoibre leantaí ar shárú, cigireacht nó nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin, ba cheart é a bheith indéanta na sonraí sin a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná 10 bliana, ach nach faide ná 20 bliain,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arna mbunú faoin gCoinbhinsiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh atá ina gceangal ar an Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag iascaireacht i limistéar dáileacháin an tuinnín ghoirm dheisceartaigh faoin gCoinbhinsiún; agus

(b)

Ballstáit a bhíonn ag allmhairiú, ag onnmhairiú nó ag ath-onnmhairiú an tuinnín ghoirm dheisceartaigh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “SBF” tuinnín gorm deisceartach nó táirgí éisc de thionscnamh an tuinnín ghoirm dheisceartaigh;

(2)

ciallaíonn “Taifead ar Shoithí” an taifead ar shoithí arna bhunú ag CCSBT atá údaraithe chun SBF a iascach nó a fhoghabháil;

(3)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” aon soitheach a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain aige, a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, ach gan soithí coimeádán a thabhairt san áireamh;

(4)

ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh uile nó aon táirge iascaigh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile;

(5)

ciallaíonn “clib SBF” lipéad seachtrach a cheanglaítear leis an SBF iomlán ina bhfuil faisnéis maidir leis an iasc aonair;

(6)

ciallaíonn “CDS” an scéim shonrach um dhoiciméadacht ghabhála le haghaidh SBF arna bunú ag CCSBT arb é atá inti foirm um fhaireachán gabhála, foirm um chlibeáil gabhála agus foirm onnmhairiúcháin nó ath-onnmhairiúcháin;

(7)

ciallaíonn “foirm um fhaireachán gabhála” an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ina dtaifeadtar faisnéis maidir le gabháil, trasloingsiú, onnmhairiú agus allmhairiú SBF;

(8)

ciallaíonn “foirm um chlibeáil gabhála” an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ina dtaifeadtar faisnéis maidir le hiasc aonair a chlibeáiltear;

(9)

ciallaíonn “allmhairiú” SBF a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear chun críocha trasloingsithe ag calafoirt ina chríoch;

(10)

ciallaíonn “foirm onnmhairiúcháin nó ath-onnmhairiúcháin” an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ina bhfuil faisnéis ar SBF atá rianaithe cheana féin ar an bhfoirm um fhaireachán gabhála maidir le hallmhaire a dhéantar a onnmhairiú nó a ath-onnmhairiú i bpáirt nó ina iomláine;

(11)

ciallaíonn “onnmhairiú” aistriú aon SBF arna saothrú ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais chuig tríú tír;

(12)

ciallaíonn “ath-onnmhairiú” aistriú aon SBF ó chríoch an Aontais, ar SBF atá ann a allmhairíodh isteach i gcríoch an Aontais roimhe sin;

(13)

ciallaíonn “SBF iomlán” SBF nach ndearnadh filléadú ná gearradh air;

(14)

ciallaíonn “SBF próiseáilte” SBF a glanadh, ar baineadh na geolbhaigh as, ar baineadh na putóga as, a reodh chun na heití, clúidíní (plátaí geolbhaigh/cumhdaigh gheolbhaigh) agus eireaball a bhaint agus an ceann nó codanna den cheann a bhaint;

(15)

ciallaíonn “codanna SBF seachas an fheoil” an ceann, na súile, na heochraí, na putóga agus an t-eireaball;

(16)

ciallaíonn “dearbhú trasloingsithe” an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(17)

ciallaíonn “bearta caomhnaithe agus bainistíochta” na rúin agus bearta ceangailteacha eile arna nglacadh ag CCSBT;

(18)

ciallaíonn “tuarascáil achomair bhliantúil VMS” an doiciméad a leagtar amach a fhormáid i gCeangaltán A a ghabhann le CCSBT-CC/0910/06 nó in aon doiciméad a ghlacann ionad na tuarascála sin, ina soláthraítear faisnéis ábhartha VMS;

(19)

ciallaíonn “Coiste um Chomhlíonadh” fochomhlacht CCSBT a dhéanann faireachán, athbhreithniú agus measúnú ar chomhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta;

(20)

ciallaíonn “dréachtliosta de shoithí NNN” an liosta tosaigh arna chur i dtoll a chéile ag an Rúnaíocht.

Airteagal 4

Cosc ginearálta ar dhíriú ar SBF

Beidh cosc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bheith ag díriú ar SBF. Maidir le haon SBF a choinnítear ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais, áireofar mar fhoghabháil go heisiach é.

Airteagal 5

Taifead ar shoithí

1.   Cuirfidh gach Ballstát brataí faoi bhráid an Choimisiúin an liosta de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe aige foghabháil SBF a bheith acu agus atá le cur sa Taifead ar Shoithí. Áireofar ar an liosta sin an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach:

(a)

Uimhir Lloyds/na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO);

(b)

ainm an tsoithigh (ainm na soithí), an uimhir chláir (na huimhreacha cláir);

(c)

an t-ainm (na hainmneacha) a bhí air roimhe (más ann dó/dóibh);

(d)

an bhratach (na bratacha) a bhí air roimhe (más ann di/dóibh);

(e)

mionsonraí a scriosta ó chláir eile (más ann dóibh);

(f)

glao-chomhartha (glao-chomharthaí) idirnáisiúnta raidió (más ann dó/dóibh);

(g)

cineál an tsoithigh/na soithí, fad foriomlán agus olltonnáiste cláraithe (OTC);

(h)

ainm agus seoladh an úinéara/na n-úinéirí;

(i)

ainm agus seoladh an oibreora/na n-oibreoirí;

(j)

an trealamh a úsáidtear; agus

(k)

an tréimhse ama atá údaraithe le haghaidh na hiascaireachta SBF nó an trasloingsithe.

2.   Cuirfear toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais nach n-áirítear sa Taifead ar Shoithí SBF a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a onnmhairiú.

3.   Tabharfaidh Ballstáit le fios, agus a liosta soithí á chur isteach acu i gcomhréir le mír 1, na soithí sin a cuireadh leis den chéad uair agus iad sin a chuirtear in ionad soithí atá ar an liosta faoi láthair.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe ar a liosta soithí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

5.   I gcás ina raibh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais bainteach le hiascaireacht NNN, ní sheolfaidh Ballstát ach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1 chuig an gCoimisiún tar éis dó gealltanas leordhóthanach a fháil ó úinéir an tsoithigh lena mbaineann nach dtabharfaidh sé faoin iascaireacht sin a thuilleadh.

Airteagal 6

Clibeáil SBF

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe SBF arna fhoghabháil ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais a onnmhairiú nó a ath-onnmhairiú, ceanglófar clib SBF le gach SBF iomlán tráth an tsaothraithe. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbaintear clib de thaisme agus nach féidir í a cheangal arís, ceanglófar clib athsholáthair a luaithe agus is féidir agus in aon chás, tráth nach déanaí ná tráth an trasloingsithe nó an onnmhairithe.

2.   Ní dhéanfar SBF iomlán neamhphróiseáilte a allmhairiú, a onnmhairiú, ná a ath-onnmhairiú gan clib SBF seachas i gcás nach bhfuil an chlib ag teastáil a thuilleadh toisc gur tharla tuilleadh próiseála.

3.   Fágfar an chlib SBF gceangailte le gach iasc aonair fad is a fhanann an conablach éisc iomlán agus áireofar uirthi mí, limistéar agus modh na gabhála, agus meáchan agus fad gach SBF.

4.   Beidh uimhir chlibe réamhthaifeadta uathúil ar gach clib SBF atá inléite go héasca lena n-áireofar aitheantóir stáit brataí uathúil agus aitheantóir bliana iascaireachta agus beidh sé:

(a)

incheangailte go daingean le SBF;

(b)

neamh-in-athúsáidte;

(c)

crioscaíldíonach;

(d)

slán ó ghóchumadh nó ó mhacasamhlú;

(e)

in ann teochtaí lúide seasca céim Celsius ar a laghad, uisce sáile agus láimhseáil gharbh a sheasamh; agus

(f)

slán i gcomhair bia.

5.   Taifeadfaidh Ballstáit bhrataí dáileadh clibeanna SBF chuig na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus áiritheoidh siad go mbeidh nósanna imeachta tuairiscithe agus formáidí tuairiscithe ag na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ag oibreoirí na soithí sin, agus ag na húdaráis ábhartha a fhágfaidh gur féidir an fhaisnéis chlibeála is gá a bhailiú.

Airteagal 7

Foirm um chlibeáil gabhála

1.   I gcás ina bhfuil sé i gceist SBF arna fhoghabháil ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais a onnmhairiú nó a ath-onnmhairiú, comhlánófar foirm um chlibeáil gabhála a luaithe agus is féidir tar éis gach SBF aonair a shaothrú. Déanfar fad agus meáchan an SBF a thomhas sula reofar an SBF.

2.   I gcás nach féidir fad agus meáchan an SBF a thomhas go beacht ar bord an tsoithigh, déanfar na tomhais sin, agus déanfar an fhoirm ghaolmhar um chlibeáil gabhála lena mbaineann a chomhlánú, tráth an trasloingsithe, agus in aon chás sula ndéanfar an SBF a aistriú ina dhiaidh sin.

3.   Soláthróidh Máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais na foirmeacha comhlánaithe um chlibeáil gabhála d’údaráis na mBallstát brataí. Cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis sna foirmeacha um chlibeáil gabhála faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn ráithiúil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

Airteagal 8

Trádáil in SBF

1.   Beidh doiciméid agus clibeanna CDS, de réir mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ag gabháil le hallmhairithe, onnmhairithe agus ath-onnmhairithe uile SBF.

2.   Féadfar codanna SBF seachas an fheoil a allmhairiú, a onnmhairiú agus a ath-onnmhairiú gan foirm onnmhairiúcháin nó ath-onnmhairiúcháin, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 9

Allmhairithe SBF isteach san Aontas

1.   Beidh deimhniú gabhála i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ag gabháil le SBF a allmhairítear isteach san Aontas mar aon le foirm onnmhairiúcháin nó ath-onnmhairiúcháin, de réir mar is infheidhme.

2.   Ní ghlacfaidh Ballstáit le haon choinsíneacht SBF le haghaidh allmhairiú nach bhfuil na doiciméid agus na clibeanna CDS ina teannta.

3.   Ní ghlacfaidh Ballstáit le coinsíneachtaí iomlána nó páirteacha le haghaidh allmhairiú ina bhfuil SBF neamhchlibeáilte neamhphróiseáilte iomlán.

Airteagal 10

Onnmhairithe nó ath-onnmhairithe SBF

1.   Gan dochar do bhailíochtú na ndeimhnithe gabhála a bhaineann le honnmhairiú gabhálacha arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar bailíochtú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 é, beidh foirm onnmhairiúcháin nó ath-onnmhairiúcháin, de réir mar is infheidhme, ag gabháil le honnmhairiú nó ath-onnmhairiú SBF a dhéanann na Ballstáit.

2.   Ní bhailíochtóidh Ballstáit aon choinsíneacht SBF le haghaidh onnmhairiú nó ath-onnmhairiú nach bhfuil na doiciméid agus na clibeanna CDS is gá ag gabháil leo.

3.   Ní bhailíochtóidh na Ballstáit coinsíneachtaí iomlána nó páirteacha ina bhfuil SBF neamhchlibeáilte neamhphróiseáilte iomlán le haghaidh onnmhairiú nó ath-onnmhairiú.

Airteagal 11

Bailíochtú doiciméid CDS arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí nó ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit brataí nó an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí, fíorú ar an bhfaisnéis sna doiciméid CDS. Ní bhailíochtóidh siad aon doiciméid CDS atá neamhiomlán ná a bhfuil faisnéis mhícheart iontu.

2.   I gcás nach ionann údaráis inniúla an Bhallstáit brataí atá freagrach as bailíochtú na ndoiciméad CDS dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

3.   Tabharfaidh Ballstáit faoi fhíoruithe, lena n-áirítear iniúchtaí ar shoithí, ar thabhairt i dtír agus i gcás inar féidir ar mhargaí, a mhéid is gá chun an fhaisnéis atá sna doiciméid CDS a bhailíochtú. Na sonraí maidir leis na bearta ar tugadh fúthu lena áirithiú go gcomhlíontar an mhír seo, déanfaidh na Ballstáit iad a thuairisciú chuig an gCoimisiún.

Airteagal 12

Fíorú doiciméid CDS arna bhfáil ag Ballstáit

1.   Tabharfaidh Ballstáit faoi fhíoruithe, lena n-áirítear iniúchtaí ar shoithí, ar thabhairt i dtír agus i gcás inar féidir ar mhargaí, a mhéid is gá chun an fhaisnéis atá sna doiciméid CDS a bhailíochtú. Ní bhailíochtóidh Ballstáit doiciméid CDS atá neamhiomlán ná a bhfuil faisnéis mhícheart iontu.

2.   Gan dochar do na fíoruithe a cheanglaítear de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh 1005/2008, áiritheoidh Ballstáit go sainaithníonn a n-údaráis inniúla gach coinsíneacht SBF a allmhairítear isteach san Aontas, nó a onnmhairítear nó a ath-onnmhairítear ón Aontas, agus scrúdóidh siad doiciméid CDS le haghaidh gach coinsíneacht SBF. Féadfaidh na húdaráis inniúla scrúdú a dhéanamh freisin ar inneachar na coinsíneachta chun an fhaisnéis atá i ndoiciméid CDS agus sna doiciméid ghaolmhara a fhíorú agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad fíoruithe in éineacht leis na hoibreoirí lena mbaineann.

3.   Tuairisceoidh Ballstáit chuig an gCoimisiún sonraí maidir leis na bearta ar tugadh fúthu chun a áirithiú go gcomhlíontar míreanna 1 agus 2.

4.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, a luaithe agus is féidir, maidir le haon choinsíneacht SBF a bhfuil amhras fúithi i dtaobh na faisnéise atá in aon doiciméad CDS nó i ndoiciméid lena mbaineann, nó doiciméid CDS neamhiomlána, atá ar iarraidh nó nach bhfuil bailíochtaithe. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

Airteagal 13

Athbhreithniú agus iniúchadh ar thuarascálacha CDS

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún tuarascáil ón Rúnaíocht maidir le cur chun feidhme forálacha CDS ina bhfuil faisnéis atá le hathbhreithniú ag Ballstát, cuirfidh sé an tuarascáil sin ar aghaidh gan mhoill chuig an mBallstát ábhartha, a dhéanfaidh athbhreithniú ar an bhfaisnéis agus a dhéanfaidh iniúchadh ar aon mhírialtachtaí arna sainaithint.

2.   Comhoibreoidh an Ballstát agus glacfaidh sé na céimeanna uile is gá chun iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna maidir le cur chun feidhme CDS agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le toradh aon ghníomhaíochta den sórt sin.

3.   Comhoibreoidh Ballstáit chun a áirithiú nach doiciméid bhrionnaithe iad doiciméid CDS nó nach bhfuil bréagaisnéis iontu.

Airteagal 14

Taifid ar dhoiciméid CDS

1.   Coinneoidh na Ballstáit gach doiciméad bunaidh CDS a gheobhaidh siad, nó cóipeanna leictreonacha scanta de na doiciméid bhunaidh, ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad nó níos faide má cheanglaítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta.

2.   Coinneoidh Ballstáit cóip d’aon doiciméad CDS arna eisiúint acu ar feadh tréimhse 3 bliana nó níos faide má cheanglaítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta.

3.   Déanfar cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, seachas an fhoirm um chlibeáil gabhála, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gan mhoill agus ar a dhéanaí roimh dheireadh na ráithe ina dhiaidh sin tar éis an dáta a eisíodh nó a fuarthas iad. Tarchuirfidh an Coimisiún na doiciméid sin chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

Airteagal 15

Calafoirt trasloingsithe

1.   Is i gcalafort a dhéanfar gach trasloingsiú SBF.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit bhrataí calafoirt trasloingsithe SBF le haghaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus déanfaidh siad cumarsáid leis na Stáit chalafoirt ainmnithe chun an fhaisnéis is gá a roinnt chun faireachán éifeachtach a dhéanamh.

Airteagal 16

Fógra trasloingsithe

1.   Sula ndéanfar trasloingsiú, ní mór do mháistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil baint aige le trasloingsiú SBF an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údaráis Stát an chalafoirt, 48 uair an chloig ar a laghad roimh ré nó de réir mar a shonraíonn údaráis Stát an chalafoirt nó, má tá an t-am chuig an gcalafort níos giorra ná 48 uair an chloig, láithreach tar éis dheireadh na n-oibríochtaí iascaireachta:

(a)

ainm an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais agus a uimhir sa Taifead ar Shoithí;

(b)

an táirge SBF agus na cainníochtaí atá le trasloingsiú;

(c)

dáta agus suíomh an trasloingsithe;

(d)

limistéar nó folimistéar FAO na bhfoghabhálacha SBF.

2.   Tráth an trasloingsithe, cuirfidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais na nithe seo a leanas in iúl dá Bhallstát brataí:

(a)

ainm, uimhir chlárúcháin agus bratach an tsoithigh iompair glactha, agus a uimhir sa Taifead ar Shoithí;

(b)

na táirgí SBF agus na méideanna arna dtrasloingsiú;

(c)

dáta agus suíomh an trasloingsithe;

(d)

cód alfa-3 an limistéir nó an fholimistéir FAO na ngabhálacha SBF.

Airteagal 17

Dearbhú trasloingsithe

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais atá páirteach i dtrasloingsiú SBF dearbhú trasloingsithe a chomhlánú agus tarchuirfidh sé chuig a Bhallstát brataí é, mar aon le huimhir an tsoithigh sin de chuid an Aontais sa Taifead ar Shoithí.

2.   De mhaolú ar Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfear an dearbhú trasloingsithe chuig an mBallstát brataí 15 lá ar a dhéanaí tar éis an trasloingsithe.

Airteagal 18

Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarratas ó chomhalta nó ó neamhchomhalta comhair den Choimisiún Méadaithe chun sonraí VMS a sholáthar maidir le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais i ndáil le teagmhas ina bhfuil amhras gur sháraigh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais bearta caomhnaithe agus bainistíochta, cuirfidh an Coimisiún na sonraí VMS sin ar aghaidh gan mhoill chuig an mBallstát ábhartha.

2.   Déanfaidh Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais iniúchadh ar an teagmhas agus cuirfidh sé sonraí an iniúchta ar fáil don Choimisiún, agus tarchuirfidh an Coimisiún torthaí an iniúchta, gan mhoill, chuig an gcomhalta nó an neamhchomhalta comhair den Choimisiún Méadaithe a d’iarr na sonraí VMS.

3.   Soláthróidh soithí Bhallstáit bhrataí a choinnigh foghabháil SBF ar bord i mbliain ar leith an Tuarascáil achoimre bhliantúil VMS le haghaidh na bliana sin don Choimisiún 6 seachtaine roimh chruinniú an Choiste um Chomhlíonadh. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

Airteagal 19

Dréachtliosta de shoithí NNN

1.   I gcás ina dtabharfaidh an Rúnaíocht fógra don Choimisiún go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais curtha san áireamh aici ar an dréachtliosta de shoithí NNN, tarchuirfidh an Coimisiún an fógra sin, lena n-áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile arna soláthar ag an Rúnaíocht, chuig an mBallstát brataí agus iarrfaidh sé ar an mBallstát brataí barúlacha maidir leis an bhfaisnéis sin a chur isteach 8 seachtaine ar a laghad roimh chruinniú an Choiste um Chomhlíonadh. Scrúdóidh an Coimisiún aon bharúlacha a chuir an Ballstát brataí isteach agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an Rúnaíocht iad 6 seachtaine ar a laghad roimh chruinniú an Choiste um Chomhlíonadh.

2.   A luaithe a bheidh fógra faighte acu ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis an Bhallstáit brataí úinéir an tsoithigh iascaireachta sin de chuid an Aontais ar an eolas go bhfuil an soitheach curtha san áireamh sa dréachtliosta de shoithí NNN agus faoi na hiarmhairtí atá ag baint le háireamh féideartha an tsoithigh sin ar an liosta de shoithí NNN arna ghlacadh ag CCSBT.

Airteagal 20

Sárú a d’fhéadfadh a bheith ann

1.   Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ón Rúnaíocht a bhaineann le sárú ar an gCoinbhinsiún nó ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta a d’fhéadfadh a bheith déanta ag Ballstát nó soithí iascaireachta de chuid an Aontais, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.   Déanfaidh an Ballstát fionnachtana aon imscrúdú a dhéantar i ndáil leis an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann agus aon bheart atá déanta chun aghaidh a thabhairt air, a sholáthar don Choimisiún 8 seachtaine ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh.

Airteagal 21

Pointí teagmhála agus tuarascálacha cigireachta calafoirt

1.   Ainmneoidh na Ballstáit chalafoirt pointe teagmhála chun tuarascálacha cigireachta calafoirt a fháil ó chomhaltaí CCSBT.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athruithe ar an bpointe teagmhála ainmnithe 21 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an Rúnaíocht 14 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin.

3.   Má fhaigheann an pointe teagmhála atá ainmnithe ag Ballstát tuarascáil chigireachta ó Chomhalta CCSBT, ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise go bhfuil sárú déanta ag soitheach iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aige ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta, imscrúdóidh an Ballstát brataí an sárú líomhnaithe gan mhoill agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin, agus faoi aon bheart forfheidhmithe a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an Rúnaíocht ar an eolas laistigh de 3 mhí ón bhfógra a fháil ón mBallstát.

4.   Cuirfidh an Ballstát brataí tuarascáil stádais ar fáil don Choimisiún maidir leis an imscrúdú laistigh de 6 mhí tar éis dó an tuarascáil chigireachta a fháil. Más rud é nach féidir leis an mBallstát sin tuarascáil stádais a sholáthar in am, déanfaidh sé, roimh dheireadh na tréimhse 6 mhí sin, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cúiseanna leis sin agus faoin dáta a dtíolacfar an tuarascáil stádais. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile maidir le stádas an imscrúdaithe, nó maidir leis an moill leis an imscrúdú, a tharchur chuig an Rúnaíocht gan mhoill.

Airteagal 22

Tuairisciú míosúil ar fhoghabhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit bhrataí ar choinnigh a soithí faoi bhratach foghabháil SBF ar bord, fógra don Choimisiún an 15ú lá de gach mí faoi shonraí maidir leis an bhfoghabháil don mhí roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh 1224/2009. Áireofar sna sonraí faoina dtabharfar fógra freisin sonraí faoi aon aischur lena n-áirítear cé acu a bhí an fhoghabháil aischurtha beo nó marbh agus líon iomlán carnach na foghabhála SBF don bhliain. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná an lá deiridh de gach mí.

Airteagal 23

Tuairisciú bliantúil

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin 6 seachtaine ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh:

(a)

sonraí maidir leis na fíoruithe ar tugadh fúthu i gcomhréir le hAirteagal 12 chun an fhaisnéis atá i ndoiciméid CDS a bhailíochtú;

(b)

cainníochtaí agus céatadáin SBF a trasloingsíodh sa chalafort i rith an tséasúir iascaireachta roimhe sin agus an liosta soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a thrasloingsigh sa chalafort i rith an tséasúir iascaireachta roimhe sin.

Tabharfaidh na Ballstáit bhrataí ar choinnigh a soithí faoi bhratach SBF ar bord fógra don Choimisiún ar a dhéanaí 6 seachtaine roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh faoi shonraí maidir leis an bhfoghabháil bhliantúil don bhliain i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear aon aischur agus faisnéis faoi cé acu a bhí an fhoghabháil aischurtha beo nó marbh, agus Tuarascáil achoimre bhliantúil VMS.

Airteagal 24

Rúndacht agus cosaint sonraí

1.   I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcaithfear ar bhonn rúnda leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig an Rúnaíocht agus a gheofar uaithi.

2.   Maidir le bailiú, aistriú, stóráil nó próiseáil aon sonraí ar shlí eile a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, beidh sé i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

Ní stórálfar sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Rialachán seo ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana, ach amháin má tá gá leis na sonraí pearsanta sin chun gur féidir obair leantach a dhéanamh maidir le sárú, cigireacht, nó nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin. Sna cásanna sin, féadfar sonraí pearsanta a stóráil ar feadh suas le 20 bliain. Má choinnítear sonraí pearsanta ar feadh tréimhse is faide ná sin déanfar iad a anaithnidiú.

Airteagal 25

Cumhacht a tharmligean

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 26 i ndáil leis na réimsí seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bheith ag díriú ar SBF mar a thagraítear dó in Airteagal 4;

(b)

an fhaisnéis atá le cur ar fáil faoi Airteagal 5(1);

(c)

na teorainneacha ama nó na tréimhsí a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an fhaisnéis a thíolacadh sna foirmeacha um chlibeáil gabhála faoi Airteagal 7(3);

(ii)

doiciméid CDS a choinneáil faoi Airteagal 14(2);

(iii)

fógraí trasloingsithe a tharchur faoi Airteagal 16(1);

(iv)

tarchur faisnéise chuig an Rúnaíocht faoi Airteagal 19(1) agus Airteagal 20(1);

(v)

tarchur faisnéise a bhaineann le pointí teagmhála le haghaidh cigireachtaí calafoirt faoi Airteagal 21(2);

(vi)

fógraí foghabhála a tharchur faoi Airteagal 22; agus

(vii)

faisnéis a thíolacadh faoi Airteagal 23;

(d)

na réimsí a chumhdaítear le hIarscríbhinní I go IV.

2.   Maidir le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, beidh siad teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta i ndlí an Aontais.

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 13 Aibreán 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 151.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2023.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do dhaingniú an Chomhaontaithe a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Mara an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(6)  Cinneadh (AE) 2015/2437 ón gComhairle an 14 Nollaig 2015 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh (CCSBT) i ndáil le ballraíocht an Aontais i gCoimisiún Méadaithe an Choinbhinsiúin um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh (IO L 336, 23.12.2015, lch. 27).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail, chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM UM FHAIREACHÁN GABHÁLA

Scéim um Dhoiciméadú Gabhálacha

Uimhir an doiciméid

CM-


 

Uimhreacha Doiciméid na Foirme um Chlibeáil Gabhála

 

ROINN MAIDIR LEGABHÁIL/SAOTHRÚ- Cuir tic agus comhlánaigh an t-aon chuid amháin

Le haghaidh Iascach san Fhiántas

Ainm an tSoithigh Gabhála

Uimhir chlárúcháin

Stát brataí/Eintiteas Iascaireachta

 

 

 

 

Le haghaidh tuinnín gorm deisceartach Feirmshaothraithe (SBT)

Sraithuimhir Feirme CCSBT

Ainm na Feirme

 

 

 

 

Uimhir/uimhreacha Doiciméid na Foirme/na bhFoirmeacha Stocála Feirme lena mbaineann (FS)

 

 

Tuairisc ar éisc

Táirge F (Úr)

FR (Reoite)

Cineál: RD/GGO/GGT/DRO/DRT/FL/OT*

Mí na Gabhála/an tSaothraithe (mm/bb)

Cód Trealaimh

Limistéar Staidrimh CCSBT

Glanmheáchan (kg)

Líon Iomlán na n-Iasc iomlán (lena n-áirítear RD/GGO/GGT/DRO/DRT)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

*

Le haghaidh Eile (OT): Déan cur síos ar an gCineál Táirge

 

*

Le haghaidh Eile (OT): Sonraigh an Fachtóir Coinbhéartachta

 

 

Ainm na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme)

Seoladh na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme)

 

 

 

 

Bailíochtú an Údaráis (níl sé riachtanach i gcás onnmhairí a thrasloingsítear ar muir): Bailíochtaím go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite fíor agus ceart

SÉALA OIFIGIÚIL

Ainm agus Teideal

 

Síniú

 

Dáta

 


ROINN MAIDIR LE CEANN SCRÍBE IDIRMHEÁNACH NA dTÁIRGÍ – (le haghaidh trasloingsiú agus/nó onnmhairí amháin)– cuir tic leis an gcuid riachtanach/na codanna riachtanacha agus comhlánaigh í/iad

Trasloingsiú

Deimhniú ó Mháistir an tSoithigh Iascaireachta: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis gabhála/saothraithe, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

 

Ainm

 

Dáta

 

Síniú

 

Agus/

Ainm an tsoithigh glactha

Uimhir chlárúcháin

Stát brataí/Eintiteas Iascaireachta

 

 

 

 

 

Deimhniú ó Mháistir an tSoithigh Iascaireachta: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

 

Ainm

 

Dáta

 

Síniú

 

 

Síniú an Bhreathnóra (le haghaidh trasloingsiú ar muir amháin):

 

Ainm

 

Dáta

 

Síniú

 

Onnmhairiú

Pointe onnmhairiúcháin*

Ceann scríbe

(Stát/Eintiteas Iascaireachta)

 

Cathair

 

Stát nó Cúige

 

Stát/Eintiteas Iascaireachta

 

*

I gcás trasloingsithe ar an mórmhuir, cuir isteach Limistéar Staidrimh CCSBT seachas an Stát/Eintiteas Iascaireachta agus fág na réimsí eile folamh.

 

 

Deimhniú an Onnmhaireora: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

 

Ainm

Uimh. an Cheadúnais/Ainm na Cuideachta

Dáta

Síniú

 

 

 

 

 


 

Bailíochtú an Údaráis: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

SÉALA OIFIGIÚIL

 

Ainm agus Teideal

 

Síniú

 

 

Dáta

 

ROINN MAIDIR LE CEANN SCRÍBE DEIRIDH TÁIRGÍ – cuir tic le ceann scríbe amháin agus comhlánaigh é

Táirge Baile a thabhairt i dtír le haghaidh Díolachán Intíre

Deimhniúchán ar Dhíolachán Intíre: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim

 

Ainm

Seoladh

Dáta

Síniú

Cineál: RD/GGO/GGT/DRO/DRT/FL/OT

Meáchan (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Allmhairiú

Pointe deiridh allmhairiúcháin

Cathair

 

Stát nó Cúige

 

Stát/Eintiteas Iascaireachta

 

Deimhniú an Allmhaireora: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm

Seoladh

Dáta

Síniú

Cineál: RD/GGO/GGT/DRO/DRT/FL/OT

Meáchan (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM UM FHAIREACHÁN GABHÁLA

Bileog Treoracha

 

Tá an fhoirm seo le heisiúint ag an Stát/Eintiteas Iascaireachta a bhfuil an leithdháileadh cuótaí náisiúnta aige ar tógadh na SBT seo ina aghaidh.

Ní mór an fhoirm seo (CMF) a bheith ag gabháil le gach trasloingsiú, tabhairt i dtír táirge intíre, onnmhairiú, allmhairiú agus ath-onnmhairiú SBT, agus ní mór cóip den fhoirm seo a chur ar fáil don Stát eisiúna/Eintiteas Iascaireachta. Is é an t-aon eisceacht amháin go bhféadfar onnmhairiú/allmhairiú codanna éisc seachas an fheoil (i.e. ceann, súile, eochraí, stéig, eireabaill agus eití) a cheadú gan an doiciméad seo. Tabhair faoi deara:

Le haghaidh feirmeacha. Ní mór Foirm(eacha) Stocála Feirme a bheith táirgthe ag an Stát/Eintiteas Iascaireachta le haghaidh gach SBT ar an CMF agus ní mór uimhir dhoiciméid na Foirme (na bhFoirmeacha) Stocála Feirme sin a thaifeadadh ar an CMF.

Ní mór Foirm(eacha) um Chlibeáil Gabhála a bheith comhlánaithe le haghaidh gach SBT ar an CMF agus ní mór cóipeanna a chur ar fáil don Stát eisiúna/Eintiteas Iascaireachta. Ní mór uimhreacha doiciméid na Foirme (na bhFoirmeacha) um Chlibeáil Gabhála a thaifeadadh ar an CMF.

Má úsáidtear teanga seachas ceann de theangacha oifigiúla CCSBT (an Béarla agus an tSeapáinis) chun an fhoirm a chomhlánú, cuirtear an t-aistriúchán Béarla nó Seapáinis leis an Doiciméad. Tá 3 phríomhroinn san Fhoirm um Fhaireacháin Gabhála: (1) Gabháil/Saothrú; (2) Ceann Scríbe Idirmheánach na dTáirgí; agus (3) Ceann Scríbe Deiridh na dTáirgí. Ní mór na ranna maidir le Gabháil/Saothrú agus Ceann Scríbe Deiridh na dTáirgí a chomhlánú i gcónaí. Mar sin féin, ní gá an chuid Ceann Scríbe Idirmheánaigh na dTáirgí a chomhlánú ach amháin má tá an táirge á onnmhairiú agus/nó á thrasloingsiú.

Tá 2 phíosa breise faisnéise ar bharr na foirme agus ní mór iad a chomhlánú i gcónaí. Is iad sin:

Uimhir an Doiciméid: Cuir isteach uimhir uathúil an doiciméid a leithdháil an Stát/Eintiteas tionscnaimh iascaireachta don fhoirm seo.

Uimhreacha Doiciméid na Foirme um Chlibeáil Gabhála: Cuir isteach uimhir uathúil dhoiciméad gach Foirme um Chlibeáil Gabhála a bhaineann leis an bhfoirm seo. Mura bhfuil dóthain spáis ann chun gach uimhir dhoiciméid a chur isteach, cuir an t-eolas seo isteach ar leathanach ar leithligh agus ceangail an leathanach sin leis.

ROINN MAIDIR LE GABHÁIL/SAOTHRÚ- cuir tic agus comhlánaigh an t-aon chuid amháin

Cuir tic sa bhosca chun a shonrú cé acu a bhaineann an ghabháil leis an iascach san Fhiántas nó le SBT feirmshaothraithe.

Ní mór duit an chuid den roinn maidir le Gabháil/Saothrú a chomhfhreagraíonn don bhosca ar chuir tú tic leis a chomhlánú, agus ansin an chuid eile den roinn a chomhlánú.

Le haghaidh Iascach Fiáin – Níor cheart é sin a chomhlánú ach amháin i gcás an iascaigh san fhiántas (ná comhlánaigh é i gcás SBT feirmshaothraithe)

Ainm an tSoithigh Gabhála: Cuir isteach ainm an tsoithigh gabhála.

Uimhir Chlárúcháin: Cuir isteach Uimhir Chlárúcháin an tsoithigh gabhála.

Stát brataí/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach Stát Bratach nó Eintiteas Iascaireachta an tsoithigh ghabhála.

Le haghaidh SBT Feirmshaothraithe - Níor cheart é seo a chomhlánú ach amháin i gcás SBT feirmshaothraithe

Sraithuimhir Feirme CCSBT: Cuir isteach sraithuimhir na feirme mar atá taifeadta ar liosta CCSBT d’fheirmeacha údaraithe.

Ainm na Feirme: Cuir isteach Ainm na Feirme.

Uimhir dhoiciméid/uimhreacha doiciméid na Foirme (na bhFoirmeacha) Stocála Feirme lena mbaineann (FS): Cuir isteach uimhir dhoiciméid uathúil gach Foirme Stocála Feirme a bhaineann leis an bhfoirm seo. Ba cheart Uimhir/Uimhreacha Foirme Stocála Feirme a bhaineann leis an bhfoirm seo a bheith le haghaidh iasc a stocáiltear sa séasúr iascaireachta céanna. Mura bhfuil dóthain spáis ann chun gach uimhir dhoiciméid a chur isteach, cuir an t-eolas seo isteach ar leathanach ar leithligh agus ceangail an leathanach sin leis.

Tuairisc ar Éisc

Ní mór gach SBT a thuairiscítear sa chuid seo a sheoladh chuig Cinn Scríbe Deiridh na dTáirgí. Ní cheadaítear lastais scoilte, mar sin má tá SBT le dul chuig dhá cheann scríbe éagsúla nó níos mó, ní mór Foirm um fhaireachán gabhála ar leith a chomhlánú don ghabháil a sheoltar chuig gach ceann scríbe.

Ní mór tuairisc a thabhairt, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis seo a leanas ar lastas SBT, go dtí an leibhéal cruinnis is airde.

NÓTA: Tabharfar tuairisc ar chineál amháin táirge ar líne amháin

Táirge: Cuir isteach an cineál táirge atá á sheoladh mar tháirge (ÚR (F)) nó mar tháirge (REOITE (FR)).

Cineál: Cuir isteach an cód cineáil ón tábla thíos is dlúithe a mheaitseálann leis an gcineál SBT. Le haghaidh OT, déan cur síos ar an gcineál táirge, agus sonraigh an fachtóir coinbhéartachta.

CÓD

AINM

TUAIRISC

RD

Babhta

SBT Gan aon phróiseáil

GGO

Geolbhaithe agus stéig bainte – eireaball fós air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh agus don stéig a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus eití droma, peilbheacha agus anasacha

GGT

Geolbhaithe agus stéig bainte – Eite eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, don stéig agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRO

Cóirithe – eireaball air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus don cheann a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRT

Cóirithe – eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, do na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach), don cheann agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

FL

Filléad

Próiseáilte níos mó ná DRT, agus an chabhail gearrtha ina filléid

OT

Eile

Ceann ar bith de na roghanna thuas

Mí na Gabhála/an tSaothraithe (mm/bb): Cuir isteach mí agus bliain saothraithe an tuinnín ghoirm dheisceartaigh; i gcás iasc feirmshaothraithe, baineann sé seo le mí an mharaithe, ní mí an tsaothraithe tosaigh.

Cód trealaimh: Sainaithin an cineál trealaimh a úsáideadh chun an tuinnín gorm deisceartach a ghabháil agus an liosta thíos á úsáid; Maidir le CINEÁL EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál trealaimh. I gcás éisc fheirmshaothraithe, scríobh “FEIRM”.

CÓD TREALAIMH

AN CINEÁL TREALAIMH

BB

Bád baoite

GEOLBHACH

Eangach gheolbhaí

LÁMH

Dorú láimhe

HARP

Harpún

LL

Spiléir

MWT

Trál meánuisce

PS

Peaslíon saighne

RR

Slat agus spól

SPHL

Dorú láimhe spóirt

SPOR

Iascaigh spóirt neamhaicmithe

SURF

Iascaigh dhromchla neamhaicmithe

TL

Líne faoi aire

TRAP

Gaiste

TROL

Dorú trálála

UNCL

Modh neamhshonraithe

OT

Cineál Eile

Limistéar Staidrimh CCSBT: Cuir isteach an limistéar inar gabhadh an tuinnín gorm deisceartach trí úsáid a bhaint as príomhlimistéir staidrimh CCSBT (1 go 10 agus 14 go 15) nó as limistéir eile de limistéir staidrimh CCSBT (11 go 13) i gcás nach bhfuil aon phríomhlimistéar comhfhreagrach ann. I gcás éisc fheirmshaothraithe, ní gá an colún seo a líonadh isteach. Tá léarscáil a thaispeánann na limistéir staitistiúla ar fáil ar leathanach 8 de na treoracha seo.

Glanmheáchan (kg): Cuir isteach glanmheáchan an táirge i gcileagraim. I gcás SBT feirmshaothraithe, is é sin an meáchan tráth an tsaothraithe ar an bhfeirm (seachas an uair a gabhadh ar dtús é).

Líon iomlán na n-iasc iomlán (lena n-áirítear RD, GGO, GGT, DRO, DRT): Cuir isteach líon na n-iasc is iomlán fós. Is iasc iomlán é i gcónaí gan beann ar é a bheith glanta, na geolbhaigh a bheith bainte as, an stéig a bheith bainte as, é a bheith reoite, na heití a bheith bainte, na operculae (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus an t-eireaball a bheith bainte agus an ceann nó codanna den cheann a bheith bainte. Ní mheastar iasc a bheith iomlán a thuilleadh má rinneadh próisis amhail filléadú nó luanú air.

Le haghaidh Eile (OT) Déan tuairisc ar an gcineál táirge: Más de chineál Táirge Eile (OT) an táirge, déan cur síos air.

Le haghaidh Eile (OT) Sonraigh an Fachtóir Coinbhéartachta: Más de Chineál Táirge Eile (OT) an táirge sonraigh an Fachtóir Coinbhéartachta atá le húsáid chun an meáchan seo a thiontú ina choibhéis meáchain iomláin.

Ainm na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme): Cuir isteach ainm na bunaíochta a phróiseáil an tuinnín gorm deisceartach (más infheidhme).

Seoladh na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme): Cuir isteach seoladh na bunaíochta a phróiseáil an tuinnín gorm deisceartach (más infheidhme).

Bailíochtú

Bailíochtú an Údaráis (níl sé riachtanach i gcás onnmhairí a thrasloingsítear ar muir): Murab onnmhairiú é seo atá á thrasloingsiú ar muir, cuir isteach ainm agus teideal iomlán an oifigigh (1)a shínigh an doiciméad, mar aon le síniú an oifigigh, dáta (ll/mm/bbbb) agus séala oifigiúil. Le haghaidh SBT a thrasloingsítear ar muir agus a thugtar i dtír go hintíre ina dhiaidh sin, ba cheart bailíochtú a dhéanamh ag an bpointe tabhairt i dtír intíre (i.e. tar éis an trasloingsithe).

ROINN MAIDIR LE CEANN SCRÍBE IDIRMHEÁNACH NA dTÁIRGÍ – le haghaidh trasloingsiú agus/nó onnmhairí amháin – cuir tic leis an gcuid riachtanach/na codanna riachtanacha agus chomhlánaigh í/iad

Ní gá an roinn seo a chomhlánú ach amháin má tá an táirge á onnmhairiú agus/nó á thrasloingsiú.

Cuir tic sa bhosca chun a shonrú cé acu atá an táirge á thrasloingsiú nó á onnmhairiú. Más trasloingsiú agus onnmhairiú araon atá i gceist, cuir tic sa dá bhosca.

Ní mór duit ansin na codanna den roinn maidir le ceann scríbe idirmheánach an táirge a chomhlánú a chomhfhreagraíonn don bhosca/do na boscaí ar chuir tú tic ann/iontu.

Trasloingsiú

Deimhniú ó mháistir an tsoithigh iascaireachta: I gcás gach trasloingsithe, comhlánóidh máistir an tsoithigh iascaireachta an roinn seo, le hainm iomlán agus síniú an mháistir agus an dáta (ll/mm/bbbb) chun a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis faoin ngabháil/saothrú taifeadta i gceart ar an bhfoirm.

Ba cheart do mháistir an tsoithigh atá ag glacadh an tuinnín ghoirm dheisceartaigh an chéad chuid eile a chomhlánú.

Ainm an tsoithigh glactha: Iontráil ainm an tsoithigh glactha.

Uimhir chlárúcháin: cuir isteach uimhir chlárúcháin an tsoithigh glactha.

Stát brataí/Eintiteas iascaireachta: Cuir isteach stát brataí nó eintiteas iascaireachta an tsoithigh glactha.

Deimhniú ó mháistir an tsoithigh glactha: Comhlánóidh máistir an tsoithigh iascaireachta an roinn seo, le hainm iomlán agus síniú an mháistir agus an dáta (ll/mm/bbbb) chun a dheimhniú go bhfuil na héisc a aistríodh go dtí an soitheach glactha taifeadta i gceart ar an bhfoirm.

Síniú an bhreathnóra (le haghaidh trasloingsiú ar muir amháin): Má chumhdaítear trasloingsiú le Rún CCSBT maidir le Clár a Bhunú le haghaidh Trasloingsiú Soithí Iascaireachta Mórscála (i.e. trasloingsiú ar muir), ní mór ainm iomlán agus síniú an bhreathnóra agus an dáta (ll/mm/bbbb) a chur isteach. Má bhí aon neamhréitigh idir an trasloingsiú a breathnaíodh agus an fhaisnéis a taifeadadh ar an bhFoirm um Fhaireacháin Gabhála, ba cheart na neamhréitigh sin a dhoiciméadú i dtuarascáil trasloingsithe an bhreathnóra.

Onnmhairiú

Pointe onnmhairiúcháin

Cathair: Cuir isteach an Chathair Onnmhairiúcháin.

Stát nó Cúige: Cuir isteach an Stát nó an Cúige Onnmhairiúcháin.

Stát/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach an Stát/Eintiteas Iascaireachta. I gcás trasloingsiú ar an mórmhuir, cuir isteach an Limistéar Staidrimh CCSBT ina ndearnadh an trasloingsiú agus fág réimsí eile folamh.

Ceann scríbe

Stát/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach sa Stát/Eintiteas Iascaireachta a bhfuil an tuinnín gorm deisceartach á onnmhairiú chuige.

Deimhniú ón Onnmhaireoir: Ní mór ainm agus síniú an Onnmhaireora (2) a thabhairt agus an dáta (ll/mm/bbbb) agus uimhir cheadúnais an onnmhaireora nó ainm chuideachta an onnmhaireora chun an fhaisnéis a tugadh maidir leis an lastas onnmhairiúcháin a dheimhniú (i.e. go bhfuil sé taifeadta i gceart san fhoirm a bhfuil á onnmhairiú). Mura bhfuil uimhir cheadúnais nó ainm cuideachta onnmhaireora ag an onnmhaireoir, ba cheart dóibh a n-ainm féin a scríobh sa réimse seo.

Bailíochtú an Údaráis: Cuir isteach ainm agus teideal iomlán an Oifigigh (1) a shínigh an doiciméad, mar aon le síniú an oifigigh, an dáta (ll/mm/bbbb) agus an séala oifigiúil.

ROINN MAIDIR LE CEANN SCRÍBE DEIRIDH NA dTÁIRGÍ – cuir tic leis an aon Cheann Scríbe amháin agus comhlánaigh é

Cuir tic sa bhosca chun a shonrú cé acu atá sé i gceist an táirge a thabhairt i dtír mar tháirge intíre sa cheann scríbe deiridh nó é a allmhairiú.

Ní mór duit ansin na codanna den roinn maidir le ceann scríbe deiridh na dtáirgí a chomhlánú a chomhfhreagraíonn don bhosca inar chuir tú tic.

Táirge intíre a thabhairt i dtír le haghaidh díolachán intíre

Deimhniú ar dhíolachán intíre: Ní mór don duine tosaigh nó don chuideachta tosaigh a fhaigheann tuinníní gorma deisceartacha ó shoitheach intíre chun críche díolacháin intíre, ainm agus seoladh an duine nó na cuideachta agus an dáta (ll/mm/bbbb) a tugadh na tuinníní gorma deisceartacha i dtír/a fuarthas, síniú, (3) cineál agus meáchan (kg) thabhairt i dtír intíre iomlán na dtuinníní gorma deisceartacha a sholáthar.

Allmhairiú

Pointe Deiridh Allmhairiúcháin

Cathair: Cuir isteach an Chathair Allmhairiúcháin.

Stát nó Cúige: Cuir isteach an Stát nó an Cúige Allmhairiúcháin.

Stát/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach an Stát/Eintiteas Iascaireachta Allmhairiúcháin Deiridh.

Deimhniú ó Allmhaireoir: ní mór don duine nó an chuideachta a allmhairíonn tuinníní gorma deisceartacha ainm agus seoladh an duine nó na cuideachta a thabhairt agus an dáta (ll/mm/bbbb) a allmhairíodh na tuinníní gorma deisceartacha, síniú (3), cineál, agus meáchan (kg). I gcás táirge úr agus fuaraithe, féadfar síniú duine ó chuideachta imréitigh custaim a chur in ionad shíniú an allmhaireora i gcás ina mbeidh an t-údarás don síniú sin creidiúnaithe i gceart ag an allmhaireoir.

LÉARSCÁIL DE LIMISTÉIR STAIDRIMH CCSBT

Image 1


(1)  Ní mór don oifigeach a bheith fostaithe nó tarmligthe ag údarás inniúil an chomhalta, nó an neamhchomhalta comhair a d’eisigh an Fhoirm um Fhaireachán Gabhála. Déanfaidh an comhalta nó an neamhchomhalta comhair a úsáideann eintiteas tarmligthe cóip dheimhnithe den tarmligean sin a chur faoi bhráid an Rúnaí Feidhmiúcháin.

(2)  Ní mór don duine aonair a dheimhníonn stádas mar “onnmhaireoir” a bheith ina údarás cuí arna fhormheas ag an gcuideachta onnmhairiúcháin chun an dearbhú sin a dhéanamh thar ceann na cuideachta, ach ní ceadmhach gurb é an duine aonair céanna an t-údarás a bhailíochtaíonn an t-onnmhairiú.

(3)  Tá liosta cineálacha ar fáil sa roinn “Tuairisc ar Éisc”.


IARSCRÍBHINN II

An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM UM CHLIBEÁIL GABHÁLA

Scéim Doiciméadúcháin Gabhála

Uimhir an Doiciméid

T-

Saothrú san fhiántas NÓ Feirmshaothraithe (ná cuir tic ach le haon cheann amháin)

Uimhir Dhoiciméid na Foirme um Fhaireachán Gabhála lena mbaineann

 


ROINN MAIDIR LE GABHÁIL

Ainm an tSoithigh Iascaireachta (nó na Feirme)

Uimhir Chlárúcháin an tSoithigh (nó Sraithuimhir na Feirme CCSBT)

Stát Brataí/Eintiteas Iascaireachta

 

 

 

Faisnéis maidir le foirm nó foirmeacha eile Gabhála (e.g. Gaiste)

 

Faisnéis Chlibeála

Uimhir chlibe CCSBT

Cineál:

RD/GGO/GGT/DRO/DRT

Meáchan

(kg)

Fad go gabhal an eireabaill

(cm)

Cód trealaimh (más infheidhme)

Limistéar staidrimh gabhála CCSBT (más infheidhme)

Mí an tsaothraithe

(mm/bb)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Deimhniú: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm

Síniú

Dáta

Teideal

 

 

 

 


An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM UM CHLIBEÁIL GABHÁLA

Bileog Treoracha

 

Tá an fhoirm seo le heisiúint ag an Stát/Eintiteas Iascaireachta a bhfuil an leithdháileadh cuótaí náisiúnta aige ar tógadh na SBT seo ina aghaidh.

Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar fáil don stát eisiúna/eintiteas iascaireachta agus an Fhoirm um Fhaireachán Gabhála lena mbaineann á comhlánú.

Má úsáidtear teanga seachas ceann de theangacha oifigiúla CCSBT (an Béarla agus an tSeapáinis) chun an fhoirm a chomhlánú, cuirtear an t-aistriúchán Béarla nó Seapáinis leis an Doiciméad.

Cuirfear Foirmeacha um Chlibeáil Gabhála comhlánaithe ar fáil don stát brataí/eintiteas iascaireachta, a sholáthróidh an fhaisnéis san Fhoirm um Chlibeáil Gabhála do Rúnaí Feidhmiúcháin CCSBT i bhformáid leictreonach ar bhonn ráithiúil.

Tá príomhroinn amháin (1) Gabháil san Fhoirm um Chlibeáil Gabhála.

Tá 3 phíosa breise faisnéise ar bharr na foirme agus ní mór iad a chomhlánú i gcónaí. Is iad:

Uimhir an Doiciméid: Cuir isteach uimhir uathúil an doiciméid a leithdháil an stát/eintiteas iascaireachta tionscnaimh don fhoirm seo.

Saothrú san Fhiántas nó Feirmshaothraithe: Ná cuir tic ach le haon bhosca amháin chun a shonrú cé acu a bhaineann an fhaisnéis seo le Gabháil san Fhiántas nó le Feirmshaothrú.

Uimhir dhoiciméid na Foirme um Fhaireachán Gabhála lena mbaineann: Cuir isteach uimhir uathúil dhoiciméid gach Foirme um Fhaireachán Gabhála a bhaineann leis an bhfoirm seo.

ROINN MAIDIR LE GABHÁIL

Ainm an tSoithigh Iascaireachta (nó na Feirme): Maidir le tuinníní gorma deisceartacha feirme, cuir isteach ainm na feirme ar ar saothraíodh iad. Le haghaidh tuinníní gorma deisceartacha eile cuir isteach ainm an tsoithigh gabhála.

Uimhir Chlárúcháin an tSoithigh (nó Sraithuimhir na Feirme CCSBT): Cuir isteach Uimhir Chlárúcháin an tSoithigh Gabhála (nó Sraithuimhir Feirme CCSBT ó Thaifead Feirmeacha Údaraithe CCSBT).

Stát Brataí/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach Stát Brataí nó Eintiteas Iascaireachta an tSoithigh Gabhála nó na Feirme.

Faisnéis faoi Fhoirmeacha Eile Gabhála: Cuir isteach aon fhaisnéis ábhartha maidir leis an bhfoirm ghabhála (e.g. gaiste).

Faisnéis Chlibeála

Ní mór an Fhaisnéis Chlibeála do gach iasc a thaifeadadh.

NÓTA: Tabharfar tuairisc ar thuinnín gorm deisceartach clibeáilte amháin ar líne amháin.

Uimhir Chlibe CCSBT: Cuir isteach uimhir uathúil chlibe na clibe a cuireadh isteach san iasc.

Cineál: Cuir isteach an cód cineáil ón tábla thíos a mheaitseálann níos dlúithe an cineál SBT.

CÓD

AINM

TUAIRISC

RD

Babhta

SBT Gan aon phróiseáil

GGO

Geolbhaithe agus stéig bainte – Eireaball fós air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh agus don stéig a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/clúdaigh na ngeolbhach) agus na heití droma, peilbheacha agus anasacha

GGT

Geolbhaithe agus stéig bainte – Eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, don stéig agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/clúdaigh na ngeolbhach) agus na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRO

Cóirithe – eireaball fós air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, do na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus don cheann a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRT

Cóirithe – eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, do na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach), don cheann agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

Meáchan (kg): Cuir isteach meáchan (kg) an éisc.

Fad go Gabhal an Eireabaill (cm): Cuir isteach fad go gabhal eireabaill an éisc, arna shlánú go dtí an ceintiméadar iomlán is gaire.

I gcásanna inar féidir SBT a thomhas tráth an mharaithe: déan fad líne dírí chothrománaí (seachas cuartha) an éisc a thomhas ón mbéal iata go gabhal an eireabaill sula ndéanfar é a reo agus an t-eireaball a bhaint de mar a léirítear sa léaráid thíos.

I gcásanna nach féidir an fad a thomhas díreach tar éis am an mharaithe, ach ina dtomhaistear é nuair a thugtar i dtír é, agus tar éis an t-eireaball a bhaint agus sula ndéantar é a reo: Déan fad líne dírí cothrománaí (nach bhfuil cuartha thar chorp) an éisc ón mbéal iata suas go dtí an pointe ónar baineadh an t-eireaball a thomhas, agus ansin cuir fachtóir coinbhéartachta iomchuí i bhfeidhm ar thomhas an fhaid sin chun é a thiontú go tomhas an fhaid go gabhal an eireabaill.

Image 2

Cód trealaimh (más infheidhme): Sainaithin, agus úsáid á baint as an liosta thíos, an cineál trealaimh a úsáideadh chun an tuinnín gorm deisceartach a ghabháil; Maidir le CINEÁL EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál trealaimh. I gcás éisc fheirmshaothraithe, scríobh “FEIRM”.

CÓD TREALAIMH

AN CINEÁL TREALAIMH

BB

Bád baoite

GEOLBHACH

Eangach gheolbhaí

LÁMH

Dorú láimhe

HARP

Harpún

LL

Spiléir

MWT

Trál meánuisce

PS

Peaslíon saighne

RR

Slat agus spól

SPHL

Dorú láimhe spóirt

SPOR

Iascaigh spóirt neamhaicmithe

SURF

Iascaigh dhromchla neamhaicmithe

TL

Líne faoi aire

TRAP

Gaiste

TROL

Dorú trálála

UNCL

Modh neamhshonraithe

OT

Cineál Eile

Limistéar Staidrimh CCSBT na Gabhála (más infheidhme): Cuir isteach an limistéar inar gabhadh an tuinnín gorm deisceartach trí úsáid a bhaint as Príomhlimistéir Staidrimh CCSBT (1 go 10 agus 14 go 15) nó as limistéir eile de limistéir staidrimh CCSBT (11 go 13) i gcás nach bhfuil aon phríomhlimistéar comhfhreagrach ann. I gcás éisc fheirmshaothraithe, ní gá an colún seo a líonadh isteach.

Mí an tsaothraithe (mm/bb): Cuir isteach mí agus bliain shaothrú an tuinnín ghoirm dheisceartaigh atá clibeáilte; i gcás iasc saothraithe, baineann sé seo le ham an mharaithe, ní am an tsaothraithe tosaigh.

Deimhniú agus Bailíochtú

Deimhniú: Ba cheart d’údarás cuí an roinn seo a chomhlánú, le hainm iomlán, síniú, dáta agus teideal an údaráis sin chun a dheimhniú go ndéantar an fhaisnéis chlibeála a thaifeadadh i gceart ar an bhfoirm.


IARSCRÍBHINN III

An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM ONNMHAIRIÚCHÁIN NÓ ATH-ONNMHAIRIÚCHÁIN TAR ÉIS AN TÁIRGE INTÍRE A THABHAIRT I dTÍR

Scéim Doiciméadúcháin Gabhála

Uimhir an Doiciméid

RE-

Ath-onnmhairiú Nó Onnmhairiú tar éis an táirge intíre a thabhairt i dtír (ná cuir tic ach le haon cheann amháin)

San fhoirm seo, áirithítear onnmhairí agus ath-onnmhairí araon sa téarma “Onnmhairiú”

Lastas Iomlán Nó Lastas Páirteach (ná cuir tic ach le haon cheann amháin)

Uimhir Foirme an Doiciméid Roimhe (Foirm um Fhaireachán Gabhála, nó Foirm Ath-Onnmhairiúcháin/Onnmhairiúcháin tar éis Táirgí Intíre a Thabhairt i dTír)

 

ROINN MAIDIR LE hONNMHAIRIÚ

Stát Onnmhairiúcháin/Eintiteas Iascaireachta

Pointe onnmhairiúcháin

Cathair

Stát nó Cúige

Stát/Eintiteas Iascaireachta

 

 

 

 

Ainm na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme)

Seoladh na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme)

 

 

Uimhreacha Doiciméid na Foirme um Chlibeáil Gabhála (más infheidhme)

 

Tuairisc ar Éisc ó Dhoiciméad CDS roimhe seo

Tuairisc ar Éisc atá á Onnmhairiú

Stát Brataí/Eintiteas Iascaireachta

Dáta an Allmhairithe/na Tabhartha i dTír roimhe seo

 

 

Táirge: F (Úr)/FR (Reoite)

Cineál: RD/GGO/

GGT/DRO/DRT/

FL/OT*

Meáchan (kg)

Líon iomlán na

n-iasc iomlán (lena n-áirítear RD/GGO/GGT/DRO/DRT)

Táirge: F (Úr)/FR (Reoite)

Cineál: RD/GGO/

GGT/DRO/DRT/

FL/OT*

Meáchan (kg)

Líon iomlán na

n-iasc iomlán (lena n-áirítear RD/GGO/GGT/DRO/DRT)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

*

Le haghaidh Eile (OT): Déan cur síos ar an gcineál táirge

 

*

Le haghaidh Eile (OT): Déan cur síos ar an gcineál táirge

 

Ceann scríbe (Stát/Eintiteas Iascaireachta)

 

 

 

Deimhniú an Onnmhaireora: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm

Síniú

Dáta

Uimh. an Cheadúnas/Ainm na Cuideachta

 

 

 

 

Bailíochtú an Údaráis: Bailíochtaím go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

SÉALA OIFIGIÚIL

Ainm agus Teideal

Síniú

 

 

Dáta

 

ROINN MAIDIR LE hALLMHAIRIÚ

Pointe Deiridh Allmhairiúcháin

Cathair

Stát nó Cúige

Stát/Eintiteas Iascaireachta

 

 

 

Deimhniú an Allmhaireora: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm

Seoladh

Síniú

Dáta

 

 

 

 

NÓTA:

Déanfaidh an eagraíocht/an duine a bhailíochtaíonn an roinn maidir le hOnnmhairiú an chóip de Dhoiciméad CDS CCSBT bunaidh a fhíorú. Ní mór cóip fhíoraithe de dhoiciméad CDS CCSBT bunaidh a bheith i gceangal leis an bhFoirm um Ath-onnmhairiú/Onnmhairiú tar éis Táirgí Intíre (RE) a Thabhairt i dTír. Nuair a dhéantar SBT a onnmhairiú, ní mór gach cóip fhíoraithe d’fhoirmeacha lena mbaineann a chur i gceangal leis seo.


An Coimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh

FOIRM ONNMHAIRIÚCHÁIN NÓ ATH-ONNMHAIRIÚCHÁIN TAR ÉIS AN TÁIRGE INTÍRE A THABHAIRT I dTÍR

Bileog treoracha

 

Ní mór an fhoirm seo a bheith ag gabháil le gach ath-onnmhairiú SBT agus gach onnmhairiú SBT a tugadh i dtír roimhe sin mar tháirge intíre, agus ní mór cóip a chur ar fáil don Stát eisiúna/Eintiteas Iascaireachta.

Ní mór Foirm REEF amháin a eisiúint le haghaidh:

Gach CMF a tugadh i dtír roimhe sin mar tháirge intíre ach atá á onnmhairiú anois, NÓ

Gach lastas REEF a allmhairíodh agus atá á ath-onnmhairiú, mar aon le cóip de na REEF(anna) agus na CMF(anna) a bhain leis roimhe seo.

Ina theannta sin, ní mór cóip den Fhoirm um Fhaireachán Gabhála lena mbaineann agus cóipeanna d’aon Fhoirmeacha um Ath-Onnmhairiú/Onnmhairiú tar éis Táirge Intíre a Thabhairt i dTír a eisíodh roimhe seo don SBT atá á onnmhairiú a bheith ag gabháil le gach foirm REEF.

Níl an fhoirm seo ag teastáil le haghaidh an “chéad” onnmhairiú den SBT áirithe má tá an SBT sin á dtabhairt i dtír chun críche onnmhairithe agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, ní gá ach Foirm um Fhaireachán Gabhála a chruthú agus a bheith ag gabháil leis an táirge.

Má úsáidtear teanga seachas ceann de theangacha oifigiúla CCSBT (an Béarla agus an tSeapáinis) chun an fhoirm a chomhlánú, cuirtear an t-aistriúchán Béarla nó Seapáinis leis an Doiciméad.

Tá 2 phríomhroinn ag an bhFoirm maidir le hAth-onnmhairiú/Onnmhairiú tar éis Táirgí Intíre a Thabhairt i dTír: (1) Onnmhairiú; agus (2) Allmhairiú.

San fhoirm seo, áirithítear onnmhairithe agus ath-onnmhairithe araon sa téarma “Onnmhairiú”.

Tá 4 phíosa breise faisnéise ar bharr na foirme agus ní mór iad a chomhlánú i gcónaí. Is iad:

Ath-onnmhairiú nó Onnmhairiú tar éis an Táirge Intíre a Thabhairt i dTír: Ná cuir tic ach le haon bhosca amháin chun a léiriú cé acu is Ath-Onnmhairiú nó Onnmhairiú tar éis an Táirge Intíre a thabhairt i dtír é seo.

Uimhir an Doiciméid: Cuir isteach uimhir uathúil an doiciméid a leithdháil an stát/eintiteas iascaireachta tionscnaimh don fhoirm seo.

Lastas Iomlán nó Lastas Páirteach: Ná cuir tic ach le haon bhosca amháin chun a shonrú cé acu a bhaineann an fhaisnéis seo le lastas iomlán nó lastas páirteach. Is é an rud is lastas iomlán lastas ina bhfuil gach SBT sa doiciméad roimhe á n-onnmhairiú.

Uimhir foirme an Doiciméid Roimhe: Cuir isteach uimhir uathúil dhoiciméid Fhoirm CDS a tháinig roimh an bhfoirm seo. (Foirm um Fhaireachán Gabhála nó Foirm Ath-Onnmhairiúcháin/Onnmhairiúcháin tar éis Táirgí Intíre a Thabhairt i dTír).

ROINN MAIDIR LE hONNMHAIRIÚ

Stát Onnmhairiúcháin/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach an stát onnmhairiúcháin/eintiteas iascaireachta.

Pointe Onnmhairiúcháin: Cuir isteach an Chathair, an Stát nó an Cúige, agus an Stát/Eintiteas Iascaireachta den phointe onnmhairiúcháin.

Ainm na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme): Cuir isteach ainm iomlán na bunaíochta próiseála (ní gá ach amháin más rud é go ndearnadh tuilleadh próiseála ó comhlánaíodh an fhoirm CDS roimhe).

Seoladh na Bunaíochta Próiseála (más infheidhme): Cuir isteach seoladh iomlán na bunaíochta próiseála (ní gá ach amháin más rud é go ndearnadh tuilleadh próiseála ó comhlánaíodh an fhoirm CDS roimhe).

Uimhir/uimhreacha Doiciméid na Foirme um Chlibeáil Gabhála (más infheidhme): Cuir isteach uimhir dhoiciméad aon Fhoirm um Chlibeáil Gabhála a bhaineann leis an bhfoirm seo. Fothacar a bheidh ann de na Foirmeacha um Chlibeáil Gabhála a taifeadadh ar an gcáipéis CDS roimhe. Ba cheart a áirithiú leis an bhfothacar na Foirmeacha um Chlibeáil Gabhála do gach SBT iomlán (lena n-áirítear RD, GG, DR srl) atá á n-onnmhairiú ar an bhfoirm seo. Mura bhfuil SBT iomlán á onnmhairiú, is féidir an chuid seo a fhágáil folamh.

Tuairisc ar Éisc ó Dhoiciméad CDS roimhe seo

Ní mór cur síos a dhéanamh sa roinn seo ar gach SBT ón gcáipéis CDS roimhe seo.

Stát Brataí/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach an stát brataí/eintiteas iascaireachta gabhála/saothraithe bunaidh.

Dáta an Allmhairithe/na Tabhartha i dTír roimhe seo: Cuir isteach dáta (ll/mm/bbbb) an allmhairithe nó na tabhartha i dtír ón doiciméad CDS roimhe seo.

NÓTA: Ní thabharfar tuairisc ach ar chineál táirge amháin ar gach líne

Táirge: Cuir isteach an táirge mar tháirge (ÚR (F)) nó mar tháirge (REOITE (FR)).

Cineál: Cuir isteach an cód cineáil ón tábla thíos is dlúithe a mheaitseálann an cineál SBT. Maidir le OT, déan cur síos ar an gcineál táirge, agus sonraigh an fachtóir coinbhéartachta.

CÓD

AINM

TUAIRISC

RD

Spóla

SBT Gan aon phróiseáil

GGO

Geolbhaithe agus stéig bainte – Eireaball fós air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh agus don stéig a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/clúdaigh na ngeolbhach) agus na heití droma, peilbheacha agus anasacha

GGT

Geolbhaithe agus stéig bainte – Eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, don stéig agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na operculae (plátaí/clúdaigh na ngeolbhach) agus na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRO

Cóirithe – Eireaball fós air

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, do na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus don cheann a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

DRT

Cóirithe – Eireaball bainte

Próiseáilte tar éis do na geolbhaigh, do na operculae stéige (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach), don cheann agus don eireaball a bheith bainte. D’fhéadfadh sé gur baineadh nó nár baineadh na heití droma, peilbheacha agus anasacha

FL

Filléad

Próiseáilte níos mó ná DRT, agus an chabhail gearrtha ina filléid

OT

Eile

Ceann ar bith de na roghanna thuas

Meáchan (kg): Cuir isteach meáchan (kg) an éisc.

Líon iomlán na n-iasc iomlán (lena n-áirítear RD, GGO, GGT, DRO, DRT): Cuir isteach líon na n-iasc is iomlán fós. Is iasc iomlán é i gcónaí gan beann ar é a bheith glanta, na geolbhaigh a bheith bainte as, an stéig a bheith bainte as, é a bheith reoite, na heití a bheith bainte, na operculae (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus an t-eireaball a bheith bainte agus an ceann nó codanna den cheann a bheith bainte. Ní mheastar iasc a bheith iomlán a thuilleadh má rinneadh próisis amhail filléadú nó luanú air.

Eile: Déan cur síos ar an gcineál táirge (más é Eile an cineál).

Tuairisc ar Éisc atá á Onnmhairiú

Ní mór tuairisc a thabhairt, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis seo a leanas ar an onnmhairiú seo ar SBT, go dtí an leibhéal cruinnis is airde.

NÓTA: Ní thabharfar tuairisc ach ar chineál táirge amháin ar gach líne.

Táirge: Cuir isteach an táirge atá á onnmhairiú mar tháirge (ÚR (F)) nó mar tháirge (REOITE (FR).

Cineál: Cuir isteach an cód cineáil ón tábla de “Cineálacha” sa roinn roimhe de na treoracha seo is dlúithe a mheaitseálann an cineál SBT. Maidir le OT, déan cur síos ar an gcineál táirge, agus sonraigh an fachtóir coinbhéartachta.

Meáchan (kg): Cuir isteach meáchan (kg) an éisc atá á onnmhairiú.

Líon Iomlán na nIasc Iomlán (lena n-áirítear RD, GGO, GGT, DRO, DRT): Cuir isteach líon na n-iasc is iomlán fós. Is iasc iomlán é i gcónaí gan beann ar é a bheith glanta, na geolbhaigh a bheith bainte as, an stéig a bheith bainte as, é a bheith reoite, na heití a bheith bainte, na operculae (plátaí/cumhdaigh na ngeolbhach) agus an t-eireaball a bheith bainte agus an ceann nó codanna den cheann a bheith bainte. Ní mheastar iasc a bheith iomlán a thuilleadh má rinneadh próisis amhail filléadú nó luanú air.

Eile: Déan cur síos ar an gcineál táirge (más é Eile an cineál).

Ceann Scríbe (Stát/Eintiteas Iascaireachta): Cuir isteach sa stát/eintiteas iascaireachta a bhfuil an tuinnín gorm deisceartach á onnmhairiú chuige.

Deimhniú agus Bailíochtú

Deimhniú an Onnmhaireora: Ní mór ainm agus síniú an Onnmhaireora (1) a thabhairt agus an dáta (ll/mm/bbbb) agus uimhir cheadúnais an onnmhaireora nó ainm chuideachta an onnmhaireora chun an fhaisnéis a tugadh maidir leis an lastas onnmhairiúcháin a dheimhniú (i.e. go bhfuil sé taifeadta i gceart san fhoirm a bhfuil á onnmhairiú). Mura bhfuil uimhir cheadúnais nó ainm cuideachta onnmhaireora ag an onnmhaireoir, ba cheart dóibh a n-ainm féin a scríobh sa réimse sin.

Bailíochtú an Údaráis: Cuir isteach ainm agus teideal iomlán an oifigigh (2) a shínigh an doiciméad, mar aon le síniú an oifigigh, an dáta (ll/mm/bbbb) agus an séala oifigiúil.

ROINN MAIDIR LE hALLMHAIRIÚ

Pointe Deiridh Allmhairiúcháin

Cathair: Cuir isteach an Chathair Allmhairiúcháin.

Stát nó Cúige: Cuir isteach an Stát nó an Cúige Allmhairiúcháin.

Stát/Eintiteas Iascaireachta: Cuir isteach an stát/eintiteas iascaireachta allmhairiúcháin deiridh.

Deimhniú

Deimhniú ón Allmhaireoir: Ní mór don duine nó an chuideachta a allmhairíonn tuinníní gorma deisceartacha ainm, seoladh agus síniú an duine nó na cuideachta a thabhairt agus an dáta (ll/mm/bbbb) a allmhairíodh na tuinníní gorma deisceartacha. I gcás táirge úr agus fuaraithe, féadfar síniú duine ó chuideachta imréitigh custaim a chur in ionad shíniú an allmhaireora i gcás ina mbeidh an t-údarás don síniú sin creidiúnaithe i gceart ag an allmhaireoir.


(1)  Ní mór don duine aonair a dheimhníonn stádas mar “onnmhaireoir” a bheith ina údarás cuí atá ceadaithe ag an gcuideachta onnmhairiúcháin chun an dearbhú sin a dhéanamh thar ceann na cuideachta, ach ní ceadmhach gurb é an duine aonair céanna an t-údarás a bhailíochtaíonn an t-onnmhairiú.

(2)  Ní mór don oifigeach a bheith fostaithe nó tarmligthe ag údarás inniúil an stáit/an eintitis iascaireachta a d’onnmhairigh an SBF atá ar an doiciméad. Déanfaidh an comhalta nó an neamhchomhalta comhair nó stát/eintiteas iascaireachta eile a chomhoibríonn i CDS agus a úsáideann eintiteas tarmligthe cóip dheimhnithe den tarmligean sin a chur faoi bhráid an Rúnaí Feidhmiúcháin.


IARSCRÍBHINN IV

DEARBHÚ TRASLOINGSITHE CCSBT

Soitheach iompair

Soitheach iascaireachta

Ainm an tSoithigh agus a Chomhartha Aitheantais Raidió:

Bratach:

Uimhir Cheadúnais an Stáit Bhrataí/an Eintitis Iascaireachta:

Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil:

Cláruimhir CCSBT, má tá sí ar fáil:

Ainm an tsoithigh agus a Chomhartha Aitheantais Raidió:

Bratach:

Uimhir Cheadúnais an Stáit Bhrataí/an Eintitis Iascaireachta:

Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil:

Cláruimhir CCSBT, má tá sí ar fáil:


 

Uair

 

Bliain

Ainm an Ghníomhaire:

Ainm Mháistir an tSoithigh Iascaireachta:

Ainm Mháistir an Iompróra:

Imeacht

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Filleadh

 

 

 

 

 

 

 

Ó (Ainm an chalafoirt):

Síniú:

Síniú:

Síniú:

Trasloingsiú

 

 

 

 

 

 

 

Go (Ainm an chalafoirt):

Tabhair le fios an meáchan i gcileagraim nó an t-aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an meáchan a tugadh i dtír i gcileagraim den aonad sin: |___ | cileagram

SUÍOMH AN TRASLOINGSITHE

Speiceas

An calafort

 

An mhuir

 

 

 

 

Cineál táirge

 

 

 

 

 

RD1

GGO1 (kg)

GGT1 (kg)

DRO1 (kg)

DRT1 (kg)

Filléadaithe1

Eile1 (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Má dhéantar trasloingsiú ar muir, Ainm agus Síniú an Bhreathnóra CCSBT:

1.

Ba cheart an cineál táirge a shonrú mar Spóla (RD), Geolbhaithe agus stéig bainte — eireaball fós air (GGO), Geolbhaithe agus stéig bainte — eireaball bainte, (GGT), Cóirithe — eireaball fós air (DRO), Cóirithe — eireaball bainte (DRT), Filléad (FL), nó Eile (OT).

Má líontar amach Dearbhú Trasloingsithe (DT) ICCAT, IOTC nó WCPFC, déan meáchan an SBT (kg) a thaifeadadh i gcomparáid leis an gcineál táirge is dlúithe a mheaitseálann cineál táirge SBT iomchuí de chuid CCSBT SBT (mar a liostaítear thuas).