22.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/54


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/661 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na critéir chomhchoiteanna chun breithniú ar thoirmeasc ar oibriú a chur chun feidhme nó deireadh a chur leis ar leibhéal an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 3(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 maidir le liosta Aontais d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú sna críocha a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

(2)

Tá bunú liosta an Aontais d’aeriompróirí bunaithe ar chritéir chomhchoiteanna chun toirmeasc ar oibriú a fhorchur ar aeriompróir arna tharraingt suas ar leibhéal an Aontais. Leagtar amach na critéir chomhchoiteanna sin san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(3)

Le measúnú ar Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a rinne an Coimisiún, sainaithníodh roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar chur chun feidhme an Rialacháin sin chun forbairtí eolaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Le blianta beaga anuas, tacaíodh le bainistiú aershábháilteachta le dul chun cinn teicniúil nua lenar féidir fianaise infhíoraithe a thomhas toisc go mbaineann sé leis an measúnú ar chumais oibreoirí tríú tír agus le faisnéis a thagann ó chigireachtaí rampa chun na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chomhlíonadh. Ina theannta sin, agus eolas eolaíoch á bhailiú, trí ghníomhaíochtaí taighde Ghníomhaireacht Sábháilteachta an Aontais Eorpaigh, cuirtear feabhas ar a cumas meastóireacht a dhéanamh ar chóras bainistíochta sábháilteachta oibreora. Dá bhrí sin, is gá an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a leasú chun na forbairtí sin a chur san áireamh.

(4)

Sna critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, liostaítear na heilimintí atá le cur san áireamh agus cur i bhfeidhm toirmisc (nó cur i bhfeidhm srianta oibríochtúla) á bhreithniú. I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, tá an liosta Aontais le tabhairt cothrom le dáta chun aeriompróir a bhaint de nuair a réitítear na heasnaimh shábháilteachta agus nuair nach bhfuil aon chúis eile ann an t-aeriompróir a choinneáil ar liosta den chineál sin, ar bhonn na gcritéar comhchoiteann. Ar mhaithe le trédhearcacht, is gá na heilimintí is gá le haghaidh an mheasúnaithe a liostú mura gcomhlíontar a thuilleadh na critéir choiteanna, ar sainaithníodh na heasnaimh shábháilteachta mar thoradh ar neamhurraim a thabhairt dóibh.

(5)

Féadtar roinnt feabhsuithe a bhaint amach trí leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 maidir le critéir chomhchoiteanna a úsáidtear chun breithniú ar thoirmeasc ar oibriú a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais [nó deireadh a chur leis],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Critéir chomhchoiteanna atá le breithnniú chun toirmeasc ar oibriú a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais

Déanfar cinntí faoi ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais de réir thuillteanais gach cáis aonair. De réir thuillteanais gach cáis, féadfaidh iompróir nó na hiompróirí ar fad atá deimhnithe sa Stát céanna a bheith incháilithe do ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

A.   

Nuair a bheifear á chinneadh cé acu ba cheart toirmeasc iomlán nó toirmeasc i bpáirt a chur ar aeriompróir nó ar na haeriompróirí ar fad atá deimhnithe sa stát céanna, déanfar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh ag an aeriompróir, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

1.

Fianaise dheimhnithe d’easnaimh thromchúiseacha sábháilteachta ar thaobh aeriompróra:

(a)

tuarascálacha lena léirítear easnaimh thromchúiseacha sábháilteachta, nó mainneachtain leanúnach an iompróra i leith dul i ngleic leis na heasnaimh arna sainaithint trí na cigireachtaí rampa a rinneadh faoi chlár Chigireacht Rampaí an Aontais Eorpaigh (1) a cuireadh in iúl cheana don iompróir;

(b)

easnaimh a shainaithnítear faoi chuimsiú na bhforálacha maidir le bailiú faisnéise i bhFochuid RAMP d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (2);

(c)

toirmeasc ar oibriú a chuireann tríú tír i bhfeidhm ar iompróir mar gheall ar easnaimh ar cruthaíodh go bhfuil siad ann agus a bhaineann le caighdeáin sábháilteachta ábhartha;

(d)

faisnéis a bhfuil bunús tugtha léi maidir le timpiste nó a bhaineann le timpiste thromchúiseach lena léirítear easnaimh fhollasacha shistéamacha sábháilteachta;

(e)

faisnéis a bhailítear trí phróiseas Údaraithe na nOibreoirí Tríú Tír, cibé acu a dhéanann Gníomhaireacht Sábháilteachta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faireachán tosaigh nó faireachán leanúnach, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht maidir le hiarratas a dhiúltú faoi phointe ART.200(e)(1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (3) nó maidir le húdarú faoi phointe ART.235 a chur ar fionraí nó a chúlghairm, ar chúiseanna sábháilteachta.

2.

Easpa cumais agus/nó easpa toilteanais aeriompróra i leith dul i ngleic leis na heasnaimh shábháilteachta a léirítear leis na nithe seo a leanas:

(a)

easpa trédhearcachta nó easpa teagmháil leordhóthanach nó thráthúil ón aeriompróir mar fhreagra ar fhiosrúchán ó údarás eitlíochta sibhialta de chuid Ballstáit nó ón gCoimisiún nó ón nGníomhaireacht maidir le gné shábháilteachta a oibrithe;

(b)

plean gníomhaíochta ceartaithí míchuí nó easnamhach a ullmhaíodh mar fhreagra ar easnamh tromchúiseach sábháilteachta a sainaithníodh.

3.

Easpa cumais agus/nó toilteanais na n-údarás atá freagrach as formhaoirseacht rialála i leith dul i ngleic leis na heasnaimh shábháilteachta mar a léirítear leis na nithe seo a leanas:

(a)

easpa comhoibrithe idir údarás eitlíochta sibhialta Ballstáit, an Coimisiún, nó an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla Stáit eile, i gcás inar luadh ábhair imní maidir le sábháilteacht oibríochta iompróra atá ceadúnaithe nó deimhnithe sa Stát sin;

(b)

cumas easnamhach na n-údarás inniúil a bhfuil de chúram orthu maoirseacht rialála a dhéanamh ar an iompróir i leith na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh go háirithe:

(i)

iniúchtaí agus pleananna gníomhaíochta ceartaithí lena mbaineann a cuireadh ar bun faoiChlár Uilíoch na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta nó faoi aon dlí is infheidhme de chuid an Aontais;

(ii)

cé acu a rinne Stát eile údarú oibríochta nó cead teicniúil aon aeriompróra atá faoi mhaoirseacht an Stáit sin a dhiúltú nó a aisghairm nó nach ndearna;

(iii)

nach é údarás inniúil an Stáit ina bhfuil príomháit ghnó an aeriompróra a d’eisigh an deimhniú aeriompróra;

(c)

cumas easnamhach údarás inniúil an Stáit ina bhfuil an t-aerárthaí a úsáideann an t-aeriompróir cláraithe chun maoirseacht a dhéanamh ar an aerárthaí a úsáideann an t-riompróir i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá air faoi Choinbhinsiún Chicago.

B.   

I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) den Rialachán sin, agus breithniú á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil liosta an Aontais le tabhairt cothrom le dáta chun aeriompróir a bhaint den liosta toisc gur réitíodh na heasnaimh shábháilteachta agus nach bhfuil aon chúis eile ann, ar bhonn na gcritéar comhchoiteann a liostaítear i gcuid A, an t-aeriompróir a choinneáil ar liosta an Aontais, féadfar a mheas go soláthraítear fianaise ina leith sin leis na heilimintí seo a leanas:

1.

fianaise infhíoraithe gur ceartaíodh easnaimh a sainaithníodh ar bhealach inbhuanaithe, lena léirítear go gcomhlíonann an t-aeriompróir na caighdeáin sábháilteachta ábhartha agus go gcuireann sé chun feidhme iad;

2.

athdheimhniú na n-aeriompróirí arna ndéanamh ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála na n-aeriompróirí i gcomhréir lepróiseas na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus fianaise ann go ndearnadh na gníomhaíochtaí ar fad a dhoiciméadú go cuí;

3.

fianaise infhíoraithe go gcomhlíonann na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála an aeriompróra na caighdeáin sábháilteachta ábhartha agus go gcuireann siad chun feidhme iad;

4.

cumas infhíoraithe na n-údarás atá freagrach as formhaoirseacht rialála an aeriompróra córas rialála fónta a fhorfheidhmiú;

5.

fianaise infhíoraithe go bhfuil faireachas á dhéanamh ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála an aeriompróra, lenar féidir na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a fhorfheidhmiú agus a urramú ar bhealach leordhóthanach;

6.

faisnéis a bhailítear trí phróiseas na nOibreoirí Tríú Tír, cibé acu a dhéanann an Ghníomhaireacht faireachán tosaigh nó leanúnach;

7.

faisnéis a bhailítear trí na cigireachtaí rampa.


(1)  An Clár Eorpach maidir le cigireachtaí rampa a dhéanamh ar aerárthaí a úsáideann oibreoirí tríú tír (SAFA) nó a úsáideann oibreoirí faoi mhaoirseacht rialála Ballstáit eile den Aontas (SACA).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).