|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 80/24 |
RIALACHÁN (AE) 2023/607 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Márta 2023
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh feistí leighis áirithe agus le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 168(4), pointe (c), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialacháin (AE) 2017/745 (3) agus (AE) 2017/746 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear creat nua rialála chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú a mhéid a bhaineann le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus ardleibhéal cosanta sláinte d’othair agus d’úsáideoirí mar bhonn aige. An tráth céanna, le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, leagtar síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta d’fheistí leighis agus d’fheistí leighis diagnóiseacha in vitro chun déileáil le gnáthúdair imní sábháilteachta a mhéid a bhaineann le feistí den sórt sin. Thairis sin, leis an dá Rialachán, treisítear go suntasach príomhghnéithe den chreat rialála a bhí ann roimhe sin a leagtar amach i dTreoracha 90/385/CEE (5) agus 93/42/CEE (6) ón gComhairle agus i dTreoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), amhail an mhaoirseacht a dhéantar ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, aicmiú riosca, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ceanglais maidir le fianaise chliniciúil, aireachas agus faireachas margaidh, agus tugtar isteach forálacha lena n-áirithítear trédhearcacht agus inrianaitheacht i ndáil le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro. |
|
(2) |
Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, cuireadh siar dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 bliain amháin go dtí an 26 Bealtaine 2021 le Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ach coinníodh an 26 Bealtaine 2024 mar dháta deiridh na hidirthréimhse faoinar féidir feistí áirithe, ar feistí iad a leanann de Threoir 90/385/CEE nó Treoir 93/42/CEE a chomhlíonadh, a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís go dleathach. |
|
(3) |
Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19 freisin, cuireadh síneadh cheana féin leis an idirthréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/746 le Rialachán (AE) 2022/112 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(4) |
D’ainneoin an mhéadaithe sheasta sa líon comhlachtaí dá dtugtar fógra atá á n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/745, ní leor go fóill acmhainneacht fhoriomlán na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra chun a áirithiú go ndéantar an measúnú comhréireachta ar an líon mór feistí a chumhdaítear le deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 90/385/CEE nó Treoir 93/42/CEE roimh an 26 Bealtaine 2024. Dealraíonn sé go bhfuil líon mór monaróirí ann, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, nach bhfuil ullamh a ndóthain chun a léiriú go bhfuil ceanglais Rialachán (AE) 2017/745 á gcomhlíonadh, go háirithe agus castacht na gceanglas nua sin á cur san áireamh. Dá bhrí sin, tá dóchúlacht mhór ann, maidir le go leor feistí is féidir a chur ar an margadh go dleathach i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/745, nach ndeimhneofar na feistí sin i gcomhréir leis an Rialachán sin roimh dheireadh na hidirthréimhse, rud a fhágann an riosca go mbeidh ganntanas feistí leighis san Aontas. |
|
(5) |
I bhfianaise tuarascálacha ó ghairmithe cúraim sláinte maidir leis an ngar-riosca go mbeidh ganntanas feistí ann, is gá, mar ábhar práinne, síneadh ama a chur le bailíocht deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE agus síneadh ama a chur leis an idirthréimhse ar lena linn is féidir feistí atá i gcomhréir leis na Treoracha sin a chur ar an margadh go dleathach. Ba cheart an síneadh ama a bheith fada go leor chun an t-am is gá a thabhairt do chomhlachtaí dá dtugtar fógra chun na measúnuithe comhréireachta a cheanglaítear orthu a dhéanamh. Tá sé d’aidhm ag an síneadh ama ardleibhéal cosanta sláinte poiblí a áirithiú, lena n-áirítear sábháilteacht othar agus lena seachnaítear ganntanas feistí leighis a bhfuil gá leo le haghaidh feidhmiú rianúil seirbhísí cúraim sláinte, gan na ceanglais reatha maidir le cáilíocht ná sábháilteacht a ísliú. |
|
(6) |
Ba cheart an síneadh ama a bheith faoi réir coinníollacha áirithe chun a áirithiú nach dtairbheoidh den am breise ach feistí atá sábháilte agus a bhfuil bearta áirithe déanta ag monaróirí ina leith chun aistriú i dtreo chomhlíonadh Rialachán (AE) 2017/745. |
|
(7) |
Chun aistriú comhleanúnach chuig Rialachán (AE) 2017/745 a áirithiú, ba cheart an faireachas iomchuí maidir le feistí a thairbhíonn den idirthréimhse a aistriú faoi dheireadh ón gcomhlacht dá dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú i gcomhréir le Treoir 90/385/CEE nó Treoir 93/42/CEE chuig comhlacht dá dtugtar fógra arna ainmniú faoi Rialachán (AE) 2017/745. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart don chomhlacht dá dtugtar fógra arna ainmniú faoi Rialachán (AE) 2017/745 a bheith freagrach as gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta agus gníomhaíochtaí faireachais a dhéanann an comhlacht dá dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú. |
|
(8) |
Maidir leis an tréimhse is gá chun ligean do mhonaróirí agus comhlachtaí dá dtugtar fógra an measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/745 ar fheistí leighis a chumhdaítear le deimhniú nó dearbhú comhréireachta a eisíodh i gcomhréir le Treoir 90/385/CEE nó Treoir 93/42/CEE, ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir an acmhainneacht theoranta atá ar fáil do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus ardleibhéal sábháilteachta othar agus ardleibhéal cosanta sláinte poiblí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart fad na hidirthréimhse a bheith ag brath ar aicme riosca na bhfeistí leighis lena mbaineann, ionas gur giorra an tréimhse le haghaidh feistí a bhaineann le haicme riosca níos airde agus gur faide í le haghaidh feistí a bhaineann le haicme riosca níos ísle. |
|
(9) |
Murab ionann agus Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE, le Rialachán (AE) 2017/745, ceanglaítear ar chomhlacht dá dtugtar fógra a bheith rannpháirteach sa mheasúnú comhréireachta ar fheistí saincheaptha so-ionchlannaithe in aicme III. Mar gheall ar acmhainneacht neamhleor na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus toisc gur minic gur fiontair bheaga nó mheánmhéide iad monaróirí feistí saincheaptha nach bhfuil rochtain acu ar chomhlacht dá dtugtar fógra faoi Threoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse, ar lena linn is féidir feistí saincheaptha so-ionchlannaithe in aicme III a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís go dleathach gan deimhniú arna eisiúint ag comhlacht dá dtugtar fógra. |
|
(10) |
Le hAirteagal 120(4) de Rialachán (AE) 2017/745 agus le hAirteagal 110(4) de Rialachán (AE) 2017/746, toirmeasctar feistí a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís amach anseo, ar feistí iad a chuirtear ar an margadh faoi dheireadh na hidirthréimhse is infheidhme agus atá fós sa slabhra soláthair bliain amháin i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse sin. Chun cosc a chur ar dhiúscairt gan ghá feistí leighis sábháilte agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro sábháilte atá fós sa slabhra soláthair, rud a chuirfeadh le gar-riosca ganntanas feistí den sórt sin, ba cheart feistí den sórt sin a bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís amach anseo ar bhonn neamhtheoranta ó thaobh ama de. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar rioscaí go mbeadh ganntanas feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro ann san Aontas agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(13) |
Tá an Rialachán seo á ghlacadh mar gheall ar imthosca eisceachtúla a eascraíonn ó ghar-riosca ganntanas feistí leighis agus ón riosca a bhaineann leis sin go mbeadh géarchéim sláinte poiblí ann. Chun go mbainfear amach an éifeacht atá beartaithe le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 a leasú agus chun infhaighteacht feistí a áirithiú ar feistí iad a bhfuil a ndeimhnithe imithe in éag cheana féin nó a bhfuil a ndeimhnithe le dul in éag roimh an 26 Bealtaine 2024, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthróirí cúraim sláinte, agus ar chúiseanna comhsheasmhachta a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar an dá Rialachán, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar na cúiseanna céanna, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/745
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 122 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 123(3), pointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an 24ú fleasc:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/746
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/746 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 110, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Maidir le feistí a chuirtear ar an margadh go dleathach de bhun Threoir 98/79/CE roimh an 26 Bealtaine 2022, agus maidir le feistí a chuirtear ar an margadh go dleathach ón 26 Bealtaine 2022 de bhun mhír 3 den Airteagal seo, féadfar leanúint de na feistí sin a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís.” |
|
(2) |
in Airteagal 112, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “A mhéid a bhaineann leis na feistí dá dtagraítear in Airteagal 110(3) agus (4) den Rialachán seo, leanfaidh Treoir 98/79/CE d’fheidhm a bheith aici a mhéid is gá chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm.”. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Tuairim an 24 Eanáir 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2023.
(3) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(5) Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).
(6) Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).
(7) Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de (IO L 130, 24.4.2020, lch. 18).
(9) Rialachán (AE) 2022/112 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/746 a mhéid a bhaineann le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe agus le haghaidh chur i bhfeidhm iarchurtha na gcoinníollacha maidir le feistí inti (IO L 19, 28.1.2022, lch. 3).