14.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 75/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/574 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Márta 2023

lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 27(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear in Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nach nglacfar le comhfhoirmleach chun é a chur i dtáirge cosanta plandaí i gcás ina suitear go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag a iarmhair, de dhroim úsáide i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt neamh-inghlactha aige ar an gcomhshaol, nó go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag a úsáid, de dhroim úsáide i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt neamh-inghlactha ag a úsáid ar phlandaí, ar tháirgí plandaí nó ar an gcomhshaol.

(2)

De bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ní mór comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí a áireamh in iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Bunaíodh an chéad liosta de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha le Rialachán (AE) 2021/383 (2) ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí.

(3)

D’fhéadfadh go mbeadh gá le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise eolas teicniúil agus eolaíoch nua. D’fhonn cur chun feidhme intuartha agus aonfhoirmeach Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a áirithiú, is iomchuí rialacha beachta a leagan amach maidir le sainaithint comhfhoirmleach neamh-inghlactha sna táirgí sin, ar rialacha iad a d’fhéadfaí a liostú ina dhiaidh sin i leagan cothrom le dáta den Iarscríbhinn III sin. Chun na gcríoch sin, bunaítear leis an Rialachán seo sraith de chritéir mhionsonraithe chun a chinneadh an bhféadfadh éifeachtaí dochracha nó neamh-inghlactha a bheith ag comhfhoirmleach dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ba cheart a áirithiú leis na critéir sin go gcomhlíonann comhfhoirmligh caighdeáin sábháilteachta lena gcosnaítear sláinte an duine agus an comhshaol.

(4)

Is substaintí ceimiceacha iad comhfhoirmligh ar féidir iad a úsáid chun críocha éagsúla, lena n-áirítear i dtáirgí cosanta plandaí. Déantar a monarú, a gcur ar an margadh agus a n-úsáid a rialú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“REACH”) (3). Ní mór comhfhoirmligh a chlárú faoin Rialachán sin lena n-áirítear nuair a bheartaítear iad a úsáid i dtáirgí cosanta plandaí. Is féidir iad a shainaithint mar shubstaintí arb údar an-ard imní iad i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó a bheith faoi réir srianta i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán sin.

(5)

Níor cheart glacadh le comhfhoirmleach lena chur i dtáirgí cosanta plandaí i gcás ina bhfuil sé aicmithe nó nach mór é a aicmiú mar shubstaint charcanaigineach, shó-ghineach nó thocsaineach don atáirgeadh, Catagóirí 1A nó 1B. Chun aicmiú comhchuibhithe guaise comhfhoirmleach a bhunú, féadfaidh Ballstáit nó monaróirí, allmhaireoirí nó úsáideoirí foghabhálacha tograí a thíolacadh maidir le haicmiú comhchuibhithe i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(6)

Níor cheart glacadh freisin le comhfhoirmleach lena chur i dtáirgí cosanta plandaí i gcás ina sainaithnítear é mar shubstaint arb údar an-ard imní í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ar chúiseanna nach mbaineann lena aicmiú mar shubstaint charcanaigineach, shó-ghineach nó thocsaineach don atáirgeadh, Catagóirí 1A nó 1B.

(7)

Mar sin de, más ábhar imní iad airíonna comhfhoirmleach a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe a bheith mar thoradh ar a n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh ar dtús i gcomhréir leis an dá Rialachán sin toisc go bhfuil airíonna guaise den sórt sin ábhartha freisin maidir le gach úsáid eile a bhaintear as na substaintí lena mbaineann, agus ina dhiaidh sin moltar na comhfhoirmligh a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(8)

Ina theannta sin, níor cheart go nglacfaí le comhfhoirmleach lena chur i dtáirge cosanta plandaí i gcásanna inar sainaithníodh an comhfhoirmleach mar thruailleán orgánach marthanach faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(9)

Ina theannta sin, má shainaithnítear go bhfuil réabtha inchrínigh ag comhfhoirmleach a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mura bhfuil sé formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid mar leasaitheach le linn stórála, nó má bunaíodh srianta ar bith i gcomhréir leis an Rialachán sin a dhéanann difear d’úsáidí i dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart a mheas go bhfuil a úsáid sna táirgí sin neamh-inghlactha.

(10)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht, maidir leis na srianta sonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006, is iomchuí a ráthú go mbeidh feidhm freisin ag srianta den sórt sin maidir leis na substaintí sin go léir a d’fhéadfaí a úsáid, nó a úsáidtear faoi láthair, mar chomhfhoirmligh i dtáirgí cosanta plandaí.

(11)

Ar deireadh, chun comhleanúnachas a choinneáil leis na critéir fhormheasa le haghaidh substaintí gníomhacha, teorantóirí agus sineirgígh, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag na critéir le haghaidh substaintí gníomhacha a fhormheas a bhaineann le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe agus an comhshaol, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag na critéir eile maidir le neamhghlacadh comhfhoirmleach.

(12)

Is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun comhfhoirmligh a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ba cheart go sonrófaí an fhaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na Ballstáit chun na gcríoch sin. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le linn na meastóireachta, ba cheart don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú teicniúil a dhéanamh, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát agus tar éis don Bhallstát sin tuarascáil ábhartha a thíolacadh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh bheith le comhlíonadh na gcritéar, mar a bhunaítear sa Rialachán seo iad, ag comhfhoirmleach i gcásanna nach bhfuil aon ghníomhaíocht faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais tionscanta nó curtha i gcrích ag an mBallstát a thugann fógra. Is gá a shoiléiriú gur cheart go mbeadh an tÚdarás i dteideal faisnéis ábhartha a éileamh ó na Ballstáit eile agus, i gcás inarb iomchuí, ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.

(13)

De bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhfhoirmligh aon tráth. Agus sin á dhéanamh, féadfaidh sé freisin faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a chur san áireamh. Meastar, dá bhrí sin, gur gá nós imeachta a bhunú lena gceadófar do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhfhoirmligh atá liostaithe cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a bhféadfadh gá a bheith ann iad a scriosadh as an Iarscríbhinn sin nó faoi aon choinníollacha a bhunaítear san Iarscríbhinn sin maidir le comhfhoirmligh a bhféadfadh gá a bheith ann iad a leasú.

(14)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit toirmeasc nó srian sealadach a chur ar chur i bhfeidhm comhfhoirmligh laistigh dá gcríoch ar bhonn Airteagal 81(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo rialacha mionsonraithe agus critéir chun comhfhoirmligh a shainaithint nach bhfuil le glacadh lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí (“comhfhoirmligh neamh-inghlactha”).

Tá feidhm aige maidir le hiarratais ar údarú táirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear chun iad a leasú nó a athnuachan, ar iarratais iad a tíolacadh an 3 Aibreán 2023 .

Airteagal 2

Critéir chun comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint

Leagtar amach san Iarscríbhinn na critéir chun comhfhoirmligh a shainaithint a mheastar go bhfuil siad neamh-inghlactha lena gcur i dtáirge cosanta plandaí.

Airteagal 3

Comhfhoirmligh a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúthu

1.   Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar údarú táirgí cosanta plandaí, fíoróidh na Ballstáit an bhféadfaí comhfhoirmligh atá i dtáirgí cosanta plandaí a mheas mar chomhfhoirmligh neamh-inghlactha bunaithe ar na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

2.   Chun críocha an fhíoraithe dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh an Ballstát measúnú neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach i sainchomhad iarratais ar údarú táirge cosanta plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis a cuireadh isteach i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

3.   Tar éis an fhíoraithe dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas i gcás ina measann sé:

(a)

go bhféadfadh an comhfhoirmleach a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i dtáirge cosanta plandaí ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh agus gur comhfhoirmleach neamh-inghlactha é dá bhrí sin;

(b)

gur cheart, i bhfianaise eolas eolaíoch agus teicniúil nua, an iontráil maidir le comhfhoirmleach ar an liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a leasú; nó

(c)

gur cheart, i bhfianaise eolas eolaíoch agus teicniúil nua, an iontráil maidir le comhfhoirmleach ar an liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a scriosadh.

Airteagal 4

Ábhar na tuarascála maidir leis an gcomhfhoirmleach

1.   Beidh tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach ag gabháil le fógra de bhun Airteagal 3(3).

2.   Is é a bheidh sa tuarascáil sin:

(a)

céannacht cheimiceach an chomhfhoirmligh:

(1)

i gcás substainte mar a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(2)

i gcás ullmhóide mar a shonraítear do mheascáin in Airteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(b)

na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a mheasann an Ballstát a thugann fógra gur comhlíonadh iad;

(c)

i gcás inarb iomchuí, aon choinníollacha sonracha úsáide atá le socrú don chomhfhoirmleach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

3.   I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointe 1 go pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go bhfuil sé liostaithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (i.e. uimhir innéacs nó an uimhir CAS).

I gcás nach bhfuil comhfhoirmleach san áireamh sa liosta atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ach go measann an Ballstát a thugann fógra gur cheart é a aicmiú do na haicmí guaise dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don togra maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe a chuir an Ballstát nó monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach isteach de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“ECHA”).

4.   I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach an critéar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021.

5.   I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go bhfuil sé san áireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha ar an liosta sin.

I gcás nach bhfuil comhfhoirmleach san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach go measann an Ballstát a thugann fógra gur cheart é a aicmiú mar shubstaint dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don sainchomhad dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

6.   I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointí 6 go 8 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don tuairim a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

7.   I gcás ina bhfuil comhfhoirmleach san áireamh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus go bhfuil an srian ábhartha maidir le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

I gcás nach n-áirítear úsáid comhfhoirmligh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ach go measann an Ballstát a thugann fógra go bhfuil riosca ann do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air i gcomhréir le hAirteagal 69(1) nó (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don sainchomhad dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a cuireadh faoi bhráid ECHA i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

8.   I gcás ina measann an Ballstát a thugann fógra go gcomhlíonann an tsubstaint faoina dtugtar fógra ina leith an critéar a leagtar amach i bpointe 10 den Iarscríbhinn, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach conclúidí an mheasúnaithe a rinneadh de bhun Airteagal 3(2).

9.   I gcásanna ina n-áirítear sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach faisnéis atá rúnda i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó leis na forálacha ábhartha maidir le rúndacht sna rialachán dá dtagraítear i míreanna 2 go 8, tíolacfaidh na Ballstáit a thugann fógra leagan rúnda agus neamhrúnda den tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach.

Airteagal 5

Foilseachán

Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach a chur ar fáil don phobal i bhformáid leictreonach.

Airteagal 6

Glao ar fhaisnéis

1.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), iarrfaidh an tÚdarás ar na Ballstáit go léir a thuairisciú cibé acu an bhfuil aon táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra údaraithe acu.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), cuirfidh an Ballstát a thugann fógra – le tacaíocht ó na Ballstáit eile nuair is gá – de cheangal ar shealbhóirí údaruithe táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra an fhaisnéis agus na staidéir go léir maidir leis an gcomhfhoirmleach faoina dtugtar fógra a chur faoi bhráid an Údaráis.

Cuirfidh sealbhóirí na n-údaruithe sin an fhaisnéis agus na staidéir isteach faoi dheireadh na tréimhse a leagtar amach i mír 4.

Beidh feidhm ag Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir leis an bhfaisnéis agus maidir leis na staidéir a cuireadh isteach.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8) agus i gcás ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith cláraithe i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, féadfaidh an Ballstát a thugann fógra nó ECHA, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a iarraidh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), ceadóidh an tÚdarás go ceann tréimhse 120 lá tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir leis an gcomhfhoirmleach de bhun Airteagal 5 barúlacha nó sonraí a bhaineann leis an tuarascáil sin a thíolacadh. Cuirfidh sé na barúlacha nó na sonraí a gheofar a chur ar fáil don phobal gan moill mhíchuí. Féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar ECHA rannchuidiú leis an nglao ar shonraí.

Airteagal 7

Measúnú arna dhéanamh ag an Údarás

1.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), déanfaidh an tÚdarás, tar éis dó fógra a fháil de bhun Airteagal 3(3), measúnú ar bhealach neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, chun a fhíorú an measfar nó nach measfar an comhfhoirmleach mar chomhfhoirmleach neamh-inghlactha lena chur i dtáirge cosanta plandaí.

2.   Eiseoidh an tÚdarás torthaí a chuid oibre ar an measúnú teicniúil arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 agus tabharfaidh sé cothrom le dáta an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 6(4).

Arna iarraidh sin don Údarás, soláthróidh an Ballstát a thugann fógra cúnamh eolaíoch chun an measúnú teicniúil agus an tuarascáil cothrom le dáta maidir leis an gcomhfhoirmleach a ullmhú.

3.   I gcás inarb iomchuí, eagróidh an tÚdarás comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ón mBallstát a thugann fógra agus, i gcás inarb ábhartha, saineolaithe ó na Ballstáit eile. Sa chás sin, cuirfear síneadh 1 mhí amháin leis an tréimhse dá bhforáiltear i mír 2.

4.   Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir lena dhréacht-mheasúnú teicniúil agus díreoidh sé ar aon bharúlacha a gheofar sula nglacfar é.

5.   Bunóidh an tÚdarás formáid an doiciméid ina dtabharfar tuairisc ar thorthaí a chuid oibre, lena n-áireofar ranna a bhaineann leis an nós imeachta meastóireachta agus airíonna an chomhfhoirmligh lena mbaineann.

6.   I gcás inar gá, i ndoiciméad an Údaráis lena dtuairiscítear torthaí a chuid oibre sonrófar ar cheart coinníollacha sonracha úsáide a shocrú don chomhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 8

An comhfhoirmleach a chur san áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009

1.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3), Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6) nó Airteagal 4(7), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí ón bhfógra arna thíolacadh ag an mBallstát, agus an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach á cur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(3), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí ó ghlacadh na tuairime ábhartha ag an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid ECHA.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(5), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis fhoilsiú an liosta cothrom le dáta lena n-áirítear an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 59(10) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(7), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm an leasaithe ar Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

5.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis an doiciméad ina dtuairiscítear torthaí a chuid oibre agus an tuarascáil cothrom le dáta maidir leis an gcomhfhoirmleach a fháil ón Údarás.

6.   Glacfaidh an Coimisiún Rialachán ar bhonn Airteagal 27(2) agus, i gcás inar gá, Airteagal 78(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena bhforálfar:

(a)

go bhfuil comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, faoi réir coinníollacha agus srianta, i gcás inarb iomchuí;

(b)

nach bhfuil comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

(c)

go ndearnadh leasú ar an iontráil maidir le comhfhoirmleach atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

(d)

go ndearnadh an iontráil maidir le comhfhoirmleach atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a scriosadh.

Airteagal 9

Leasuithe ar liostaí náisiúnta de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha

Gan dochar d’Airteagal 81(2), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, na Ballstáit a bhfuil liostaí de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí glactha acu trí bhíthin forálacha náisiúnta, déanfaidh siad na liostaí sin a leasú i gcomhréir le haon Rialachán a ghlacfar faoi Airteagal 8.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/383 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí (IO L 74, 4.3.2021, lch. 7).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Critéir chun comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint

(1)   

Aicmítear an comhfhoirmleach mar shó-ghineach catagóir 1A nó catagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)   

Aicmítear an comhfhoirmleach mar charcanaigineach catagóir 1A nó catagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(3)   

Aicmítear an comhfhoirmleach mar shubstaint thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(4)   

Tá an comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021.

(5)   

Tá an comhfhoirmleach ar áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (liosta na substaintí féideartha) mar gheall ar a chéannacht:

(a)

mar shubstaint imchoimeádach, inbhithbhailitheach agus thocsaineach i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (d), den Rialachán sin;

(b)

mar shubstaint an-imchoimeádach agus an-inbhithbhailitheach i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (e), den Rialachán sin; nó

(c)

mar shubstaint arb údar an-ard imní í i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin mar gheall ar na hairíonna réabtha inchrínigh atá aici.

(6)   

Sainaithnítear an comhfhoirmleach mar shubstaint a bhfuil airíonna réabtha inchrínigh aici i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)   

Glacadh cinneadh gan an comhfhoirmleach a fhormheas mar shubstaint ghníomhach le haghaidh táirgí bithicídeacha de chineál 6 faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(8)   

Glacadh cinneadh an comhfhoirmleach a fhormheas mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le srianta a bhaineann lena úsáid mar chomhfhoirmleach i dtáirgí cosanta plandaí.

(9)   

Tá úsáid substainte mar chomhfhoirmleach i dtáirgí cosanta plandaí san áireamh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, mar úsáid atá srianta i dtaca le táirgí cosanta plandaí.

(10)   

Ní thagann an comhfhoirmleach faoi aon cheann de phointí 1 go 9, ach, ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide agus do dhea-chleachtas maidir le cosaint plandaí, ní chomhlíonann sé ceann de na critéir maidir le substaintí gníomhacha a fhormheas dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, nuair a úsáidtear é mar chomhfhoirmleach i dtáirge cosanta plandaí.