13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 74/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/564 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2023

a mhéid a bhaineann le hinneachar agus formáid na dtaifead a choinníonn úsáideoirí gairmiúla ar tháirgí cosanta plandaí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 67(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tá úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí le taifid a choinneáil ar na táirgí sin a úsáideann siad, taifid ina bhfuil ainm an táirge, an tráth a úsáideadh an táirge agus an dáileog a úsáideadh, an limistéar a cóireáladh agus an barr ar ar úsáideadh an táirge.

(2)

Faoi Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tá ar úsáideoirí gairmiúla an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don údarás inniúil freisin arna iarraidh sin dó. Thairis sin, féadfaidh tríú páirtithe iarraidh ar na húdaráis inniúla rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus tá ar na húdaráis inniúla an rochtain sin a thabhairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais is infheidhme.

(3)

Tá sé d’aidhm ag an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”) (2), straitéis a ghlac an Coimisiún in 2020, an spleáchas ar tháirgí cosanta plandaí ceimiceacha agus ar a n-úsáid a laghdú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar taifead leordhóthanach ar úsáid táirgí cosanta plandaí, agus ar ghníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe atá bunaithe ar na taifid sin, chun go dtabharfar cuspóirí na Straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc” i gcrích.

(4)

Tá difríochtaí idir na córais náisiúnta a mhéid a bhaineann le taifid a choinníonn úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí faoi Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus cé acu an gcoinnítear nó nach gcoinnítear go leictreonach iad. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar agus formáid na dtaifead sin.

(5)

Sainítear sna rialacha sin an chaoi ina bhfuil taifead le déanamh ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus a bhaineann le húsáid táirgí cosanta plandaí (ainm an táirge a úsáidtear, an tráth a úsáidtear é, an dáileog a úsáidtear agus an limistéar agus an barr ar a n-úsáidtear é) ionas go n-áiritheofar cáilíocht leordhóthanach agus aonfhoirmeach na dtaifead a choinnítear faoin Airteagal sin ar fud an Aontais.

(6)

Ós rud é go n-úsáideann úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí mar chuid de ghníomhaíochtaí talmhaíochta den chuid is mó, agus d’fhonn ailíniú a dhéanamh leis na ceanglais atá ann cheana atá ábhartha don talmhaíocht, más féidir, ba cheart suíomh an limistéir nó na saoráide inar úsáideadh an táirge cosanta plandaí a shainaithint tríd an aonad talún faoi raon feidhme an iarratais ar chabhair gheospásúil de chuid an chórais chomhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún (3). Nuair nach féidir sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit modhanna malartacha iomchuí a sholáthar do na húsáideoirí gairmiúla chun suíomh an limistéir inar úsáideadh an táirge cosanta plandaí a shainaithint, agus, i gcás inarb ábhartha, an suíomh geospáisiúil.

(7)

D’fhonn aonfhoirmeacht a bhaint amach maidir leis na taifid, ba cheart taifead a dhéanamh ar ainmneacha na mbarr, na gcúinsí nó na n-úsáidí talún, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na cóid a úsáideann an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (“cóid EPPO”) agus ar chéimeanna fáis na bplandaí, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an monagraf BBCH (4).

(8)

Chun go seachnófar ceangal a chur ar úsáideoirí gairmiúla iliomad tacar taifead a chruthú le haghaidh na húsáide céanna chun oibleagáidí éagsúla a chomhlíonadh, is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil an fhéidearthacht ag na Ballstáit ceangal a chur ar na húsáideoirí faisnéis eile a bheith i gcomhcheangal leis na taifid a cheanglaítear faoi Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Ba cheart na taifid a choinneáil go leictreonach, toisc gurb iad modhanna leictreonacha coinneála taifead na modhanna is oiriúnaí chun gur féidir an oibleagáid maidir le taifead a choinneáil a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Leis sin áirithítear taifid níos iontaofa, éascaítear a mbailiú agus a bhfíorú do na húdaráis inniúla agus ar deireadh tacaítear le gníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe atá cruinn, éifeachtúil agus éifeachtach sna Ballstáit. Chuige sin, ba cheart na formáidí leictreonacha a úsáidtear a bheith inléite ag meaisín mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart a ndóthain ama a bheith ag úsáideoirí gairmiúla idir taifeadadh gach úsáid táirge cosanta plandaí agus aistriú na dtaifead go dtí formáid leictreonach.

(11)

Féadfaidh úsáideoir gairmiúil táirgí cosanta plandaí a úsáid faoi shocruithe conarthacha le haghaidh duine nádúrtha nó dlíthiúil eile. Sna cásanna sin, ba cheart don úsáideoir gairmiúil rochtain ar na taifid a thabhairt don duine sin nó cóip de na taifid ábhartha a thabhairt dó gan moill mhíchuí ná srianta míchuí.

(12)

Tá an Rialachán seo gan dochar d’úsáid na sonraí atá sna taifid chun críoch eile lasmuigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta. Má chuirtear taifid leictreonacha chomhchuibhithe ar fáil, d’fhéadfaí úsáid na faisnéise le haghaidh cuspóirí dlisteanacha eile a éascú, agus ar an gcaoi sin dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus an t-ualach ar úsáideoirí gairmiúla agus ar údaráis phoiblí a laghdú.

(13)

D’fhonn deis a thabhairt d’úsáideoirí gairmiúla iad féin a ullmhú chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart tréimhse réasúnta a thabhairt dóibh sula dtiocfaidh na ceanglais a bhaineann leis i bhfeidhm.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Inneachar na dtaifead

1.   Soláthróidh úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (“na taifid”) an fhaisnéis mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   I gcás nach féidir suíomh limistéir ná saoráide inar úsáideadh táirge cosanta plandaí a shainaithint tríd an aonad talún faoi raon feidhme an iarratais ar chabhair gheospásúil de chuid an chórais chomhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173, nó i gcás, de bhun mhír 1, nach gceanglaítear an méid sin i leith cineál úsáide, soláthróidh na Ballstáit modhanna malartacha aitheantais do na húsáideoirí gairmiúla. Leis na modhanna aitheantais sin beifear in ann suíomh an limistéir, an aonaid, nó na saoráide inar úsáideadh an táirge cosanta plandaí a shainaithint, agus, i gcás inarb ábhartha, a shuíomh geospáisiúil a shainaithint freisin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil do na húsáideoirí gairmiúla gnáthainmneacha barr, cúinsí nó úsáidí talún a chomhfhreagraíonn do chóid EPPO agus na gnáthainmneacha ar chéimeanna fáis barr, i gcomhréir leis an monagraf BBCH chun taifead a dhéanamh ar úsáid táirgí cosanta plandaí.

4.   Tá na forálacha san Airteagal seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit ceangal a chur ar úsáideoirí gairmiúla faisnéis eile a chur sna taifid lasmuigh de raon feidhme Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 2

Formáid na dtaifead

Coinneoidh úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí na taifid go leictreonach agus úsáid á baint acu as formáid meaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(13) de Threoir (AE) 2019/1024.

Airteagal 3

Uainiú an taifeadta agus an aistrithe go dtí formáid leictreonach

Déanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil taifead ar gach úsáid táirge cosanta plandaí gan moill mhíchuí.

I gcás nach gcruthaítear na taifid san fhormáid leictreonach fhorordaithe sa chéad áit, aistreofar iad go dtí formáid den sórt sin tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta a úsáideadh an táirge cosanta plandaí. Maidir le húsáidí táirgí cosanta plandaí ar a gcríocha, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí níos giorra le haghaidh an aistrithe go dtí an fhormáid leictreonach fhorordaithe.

Maidir le húsáidí táirgí cosanta plandaí ar a gcríocha roimh an 1 Eanáir 2030, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí is faide ná na tréimhsí a leagtar amach sa dara mír, tréimhsí ina n-aistreofar na taifid go dtí an fhormáid leictreonach fhorordaithe, ar choinníoll go mbeidh na taifead uile ar fáil san fhormáid leictreonach fhorordaithe roimh an 31 Eanáir den bhliain i ndiaidh na bliana inar úsáideadh an táirge cosanta plandaí.

Airteagal 4

Faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla agus do dhaoine nádúrtha nó dlíthiúla eile

Nuair a iarann an t-údarás inniúil air, de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, faisnéis atá sna taifid a sholáthar, cuirfidh an t-úsáideoir gairmiúil an fhaisnéis ar fáil gan moill mhíchuí.

Nuair a iarann an t-údarás inniúil go sainráite faisnéis atá sna taifid a cruthaíodh i ndáil le húsáidí táirgí cosanta plandaí san fhormáid leictreonach fhorordaithe mar a leagtar amach in Airteagal 2 sula mbeidh an tréimhse ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3, an dara agus an tríú mír, imithe in éag, cuirfidh an t-úsáideoir gairmiúil an fhaisnéis ar fáil san fhormáid leictreonach fhorordaithe roimh dhul in éag na tréimhse sin nó laistigh de 10 lá oibre, cibé acu is túisce.

Úsáideoirí gairmiúla a ghníomhaíonn faoi shocruithe conarthacha le haghaidh duine nádúrtha nó dlíthiúil eile, tabharfaidh siad rochtain ar na taifid don duine conarthach sin nó tabharfaidh siad cóip de na taifid dó gan moill mhíchuí ná gan srian míchuí.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381 final).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (IO L 183, 8.7.2022, lch. 23).

(4)  Meier, Uwe, eagarthóir. Growth stages of mono- and dicotyledonous plants. BBCH Monograph. Quedlinburg 2018. Open Agrar Repositorium. doi: 10.5073/20180906-074619 ISBN: 978-3-95547-071-5.

(5)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).


IARSCRÍBHINN

Faisnéis atá le cur sna taifid dá bhforáiltear in Airteagal 1

An cineál úsáide

An táirge cosanta plandaí a úsáidtear

Tráth na húsáide

An dáileog a úsáidtear (1)

Suíomh nó aitheantas an limistéir nó an aonaid chóireáilte (2)

Méid an limistéir nó an aonaid chóireáilte (3)

Barr nó cúinse/úsáid talún

Cóireáil dromchlaí (amhail goirt talmhaíochta, limistéir thaitneamhachta, iarnróid, limistéir gan bharra nó tithe gloine seachas na tithe gloine dá dtagraítear sa chéad ró eile)

Ainm agus uimhir údaraithe an táirge

An dáta, agus i gcás inarb ábhartha, an uair a thosaíonn sé (4)

Méid i gcileagraim/lítir den táirge cosanta plandaí a úsáidtear in aghaidh an heicteáir

Más ann dó, an t-aonad talún faoi raon feidhme an iarratais ar chabhair gheospásúil de chuid an chórais chomhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173.

I gcás nach féidir an limistéar a aithint faoi raon feidhme an iarratais ar chabhair gheospásúil thuasluaite, an modh aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

An líon heicteár cóireáilte

Ainmneacha na mbarr, cúinsí/úsáidí talún i gcomhréir leis na cóid EPPO (5), i gcás inarb infheidhme agus an chéim fháis i gcomhréir le monagraf BBCH (6), i gcás inarb ábhartha (7)

Cóireáil spásanna dúnta nó cóireáil i spásanna dúnta (amhail ceo-chóireáil nó spraeáil saoráidí stórála, seomraí folmha stórála grán nó tithe gloine buana mar a shainmhínítear in Airteagal 3(27) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009)

Ainm agus uimhir údaraithe an táirge

An dáta

Méid i gcileagraim/lítir den táirge cosanta plandaí a úsáidtear in aghaidh an mhéadair chiúbaigh nó in aghaidh an mhéadair chearnaigh

An uimhir stórais/tí gloine agus an modh aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Toirt i méadair chiúbacha nó achar dromchla (8) i méadair chearnacha na saoráide cóireáilte

Ainmneacha na mbarr, cúinsí i gcomhréir leis na cóid EPPO, i gcás inarb infheidhme agus an chéim fháis i gcomhréir leis an monagraf BBCH, i gcás inarb ábhartha

Cóireáil síolta nó ábhair atáirgthe plandaí (amhail prátaí síl)

Ainm agus uimhir údaraithe an táirge

An dáta

An méid i gcileagraim/lítir den táirge cosanta plandaí a úsáideadh in aghaidh an chileagraim, an tona nó an lín síolta (9)

An modh aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

An méid a chóireáiltear i gcileagraim, i dtonaí nó i líon síolta

Ainmneacha na mbarr i gcomhréir le cóid EPPO, i gcás inarb infheidhme agus an bhaiscuimhir, i gcás inarb infheidhme


(1)  Is féidir coigeartú a dhéanamh ar na haonaid a úsáidtear chun na méideanna a thaifeadadh, i gcás inarb iomchuí.

(2)  Cuir an iúl cén codán den aonad nó den limistéar a chóireáiltear, más iomchuí.

(3)  Is féidir coigeartú a dhéanamh ar na haonaid a úsáidtear chun an t-achar agus an toirt a thaifeadadh, i gcás inarb iomchuí.

(4)  e.g. nuair a shriantar úsáid an táirge cosanta plandaí do thráthanna sonracha den lá nó nuair a bhaineann tráth na húsáide le hábhar i gcomhthéacs na húsáide ar leith sin.

(5)  https://gd.eppo.int/

(6)  Meier, Uwe, eagarthóir. Growth stages of mono- and dicotyledonous plants. BBCH Monograph. Quedlinburg 2018. Open Agrar Repositorium. doi: 10.5073/20180906-074619 ISBN: 978-3-95547-071-5.

(7)  e.g. nuair a shriantar úsáid an táirge cosanta plandaí do chéimeanna fáis ar leith nó nuair a bhaineann an chéim fáis le hábhar i gcomhthéacs na húsáide ar leith sin.

(8)  I gcás saoráidí ilshrathacha, ba cheart taifead a dhéanamh ar an achar iomlán a chóireáiltear.

(9)  Is féidir coigeartú a dhéanamh ar na haonaid a úsáidtear chun na méideanna a chóireáiltear a thaifeadadh, i gcás inarb iomchuí.