|
10.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 73/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/543 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit na meastóireachta ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035, chun críocha an nóis imeachta athnuachana
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 ón gCoimisiún (2) déantar an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha a leithdháileadh ar Bhallstát is rapóirtéir agus ar Bhallstát is comhrapóirtéir chun críocha an nóis imeachta athnuachana. Ós rud é nach bhfuil an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035 leithdháilte go fóill ar Bhallstát ná ar Bhallstát is comhrapóirtéir, is iomchuí dul ar aghaidh leis an leithdháileadh sin. |
|
(2) |
Ba cheart an leithdháileadh sin a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear cothromaíocht idir na Ballstáit maidir le dáileadh na bhfreagrachtaí agus na hoibre. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 686/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IOL 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2012 lena leithdháiltear an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha ar Bhallstáit chun críocha an nóis imeachta athnuachana (IO L 200, 27.7.2012, lch. 5).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
“CUID E
Leithdháileadh na meastóireachta ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035
|
Substaint ghníomhach |
Ballstát is rapóirtéir |
Ballstát is comhrapóirtéir |
|
1-meitilcioglapróipéin |
DE |
EL |
|
2,4-D |
DE |
EL |
|
2,4-DB |
EL |
IE |
|
ABE-IT 56 |
FR |
PT |
|
Aicéataimíprid |
DE |
ES |
|
Aicibeansólar-S-meitil |
ES |
BE |
|
Ampelomyces quisqualis tréithchineál AQ10 |
SE |
NL |
|
Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál FZB24 |
DE |
AT |
|
Bacillus subtilis tréithchineál IAB/BS03 |
ES |
AT |
|
Beauveria bassiana tréithchineál 203 |
DK |
NL |
|
Beauveria bassiana tréithchineál IMI389521 |
SE |
NL |
|
Beauveria bassiana tréithchineál PPRI 5339 |
SE |
NL |
|
Aigéad beansóch |
HU |
CZ |
|
Cairfeantrasón-eitil |
FR |
DE |
|
Carvón |
IT |
NL |
|
Ceirviosán |
ES |
DE |
|
Clonostachys rosea tréithchineál J1446 |
HU |
AT |
|
Coniothyrium minitans tréithchineál CON/M/91-08 |
AT |
EE |
|
COS-OGA |
FR |
HR |
|
Ciahalafop-búitil |
CZ |
BE |
|
Cipirmeitrin |
CZ |
DE |
|
Démheitéanaimíd-P |
BE |
DE |
|
Eatfúmasáit |
AT |
FI |
|
Feanheacsaimíd |
BE |
CZ |
|
Fosfáit fheireach |
PL |
DK |
|
Pireafosfáit fheireach |
CZ |
FR |
|
Flasasulfúrón |
ES |
PL |
|
Florasulam |
CZ |
FR |
|
Floirpiricsifein-beinsil |
FR |
IT |
|
Flúitiainil |
DE |
EL |
|
Foramsulfúrón |
FR |
SK |
|
Forclóirfeanúrón |
ES |
BE |
|
Iadasulfúrón |
BE |
FR |
|
Iopróvalacarb |
SE |
LV |
|
Isaria fumosorosea tréithchineál Apopka 97 |
NL |
AT |
|
Iseacsaflotól |
SE |
BE |
|
Lamanáirin |
EL |
FR |
|
Seinicíó-áit lavandailile |
SE |
NL |
|
Hiodraisíd mhailéach |
SI |
IT |
|
Meifeintriofluconazól |
ES |
FR |
|
Méiseasulfúrón |
PL |
SE |
|
Measaitrí-ón |
NL |
SK |
|
Meatalacsail-M |
DE |
EL |
|
Aonraíoch caolaithe VC 1 de víreas mósáice an pheipíonó |
FR |
DE |
|
Aonraíoch caolaithe VX 1 de víreas mósáice an pheipíonó |
FR |
DE |
|
Pasteuria nishizawae Pn1 |
NL |
DK |
|
Pepino mosaic víreas tréithchineál CH2 aonraíoch 1906 |
FI |
BE |
|
Peatocsaimíd |
AT |
FR |
|
Phlebiopsis gigantea tréithchineál FOC PG 410.3 |
EE |
FI |
|
Phlebiopsis gigantea tréithchineál VRA 1835 |
EE |
FI |
|
Phlebiopsis gigantea tréithchineál VRA 1984 |
EE |
FI |
|
Picilionaifin |
LT |
IT |
|
Própocsacarbasón |
SE |
BE |
|
Pireafluifein-eitil |
DE |
FR |
|
Pireadáit |
AT |
DE |
|
Pireaprocsaifein |
ES |
BE |
|
Saccharomyces cerevisiae tréithchineál LAS02 |
EL |
AT |
|
Siltiafam |
NL |
IE |
|
Hidrigincharbónáit sóidiam |
AT |
FR |
|
Sulfasulfúrón |
IE |
SE |
|
Tiaibeandasól |
NO |
ES |
|
Tifeansulfúrón-meitil |
FR |
DK |
|
Tolclófos-meitil |
FI |
SE |
|
Tríbheanúrón |
FR |
SE |
|
Trichoderma atroviride tréithchineál SC1 |
SI |
NL |
|
Trífhlocsastróibin |
HR |
DE |
|
Verticillium albo-atrum tréithchineál WCS850 |
NL |
SE |
|
Socsaimíd |
BE |
PL” |