6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/51


RIALACHÁN (AE) 2023/465 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil arsanaice i mbianna áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia, lena n-áirítear arsanaic neamhorgánach i réimse earraí bia.

(2)

Is miotalóideach uileláithreach í an arsanaic a mbíonn tiúchan íseal di ann i gcarraigeacha, in ithir agus in screamhuisce nádúrtha. Ina theannta sin, chuir gníomhaíochtaí antrapaigineacha le hardú na leibhéal arsanaice sa chomhshaol trí astaíochtaí tionsclaíocha (mianadóireacht, bruithniú miotal neamhfheiriúil agus dó breoslaí iontaise) agus trí arsanaic a úsáid i leasacháin, i leasaithigh adhmaid, i lotnaidicídí nó i luibhicídí. Cé gur féidir teagmháil dheirmeach nó ionanálaithe a dhéanamh le harsanaic, is iad bia agus uisce óil na príomhbhealaigh a ndéantar teagmháil léi.

(3)

An 12 Deireadh Fómhair 2009, ghlac Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (“Painéal CONTAM”) tuairim maidir le harsanaic i mbia (3). Sa tuairim sin, tháinig Painéal CONTAM ar an gconclúid nárbh iomchuí a thuilleadh an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe shealadach (PTWI) 15 μg/kg meáchan coirp a leag an Comhchoiste Saineolaithe maidir le Breiseáin i mBia (“JECFA”) síos, ós rud é gur léirigh sonraí gur cúis ailse scamhóg, ailse an lamhnáin fuail agus ailse chraicinn í an arsanaic, agus gur tuairiscíodh réimse éifeachtaí díobhálacha ar theagmhálacha níos ísle ná na teagmhálacha a ndearna JECFA athbhreithniú orthu.

(4)

Shainaithin Painéal CONTAM raon luachanna le haghaidh “íosteorainn mhuiníne na dáileoige tagarmhairc” (BMDL01) idir 0,3 agus 8 μg/kg meáchan coirp in aghaidh an lae le haghaidh ailsí na scamhóige, an chraicinn agus an lamhnáin fuail, agus le haghaidh loit dheirmeacha. Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig Painéal CONTAM ar an gconclúid, maidir leis na teagmhálacha cothúcháin le harsanaic a mheastar le haghaidh tomhaltóirí ar an meán nó ar an ardleibhéal san Eoraip, go bhfuil na teagmhálacha sin laistigh den raon luachanna BMDL01 a sainaithníodh, agus dá bhrí sin nach féidir a chur as an áireamh go bhfuil riosca ann do roinnt tomhaltóirí.

(5)

Sa tuairim eolaíoch sainaithníodh tomhaltóirí móra ríse san Eoraip, lena n-áirítear grúpaí eitneacha áirithe agus leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, mar na daoine is mó atá faoi réir teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach. Maidir leis an teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach i leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, lena n-áirítear i mbianna rísbhunaithe, measadh go raibh sí tuairim is dhá nó trí oiread na teagmhála i ndaoine fásta.

(6)

Sa tuairim eolaíoch uaidh in 2014 (4) maidir leis an teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach sa daonra Eorpach, shainaithin an tÚdarás táirgí gránbhunaithe mar an phríomhfhoinse teagmhála, agus táirgí ríse, bainne, agus déiríochta mar fhoinsí tábhachtacha. Mar sin féin, bhí neamhchinnteacht shonrach sa mheasúnú ar theagmháil de dheasca ilchineálacht na sonraí maidir le caitheamh bia, le tiontúchán na harsanaice iomláine go harsanaic neamhorgánach agus leis an gcaoi ar caitheadh le sonraí a ndearnadh cinsireacht ar chlé orthu.

(7)

I bhfianaise na faisnéise sin, le Rialachán (AE) 2015/1006 ón gCoimisiún (5) leagadh síos uasleibhéil le haghaidh arsanaic neamhorgánach i rís agus i dtáirgí rísbhunaithe amháin agus i gcomhréir le Moladh (AE) 2015/1381 ón gCoimisiún (6), iarradh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar arsanaic a bheith ann i mbianna i rith na mblianta 2016, 2017 agus 2018, tríd an gcion arsanaice neamhorgánaí agus iomláine a chinneadh más féidir, agus trí chion speiceas ábhartha eile arsanaice a chinneadh más féidir, i réimse leathan bianna.

(8)

Sa tuarascáil eolaíoch uaidh in 2021 (7), rinne an tÚdarás measúnú ar an teagmháil chothúcháin ainsealach le harsanaic neamhorgánach, agus na sonraí minicíochta is déanaí maidir le harsanaic i mbia á gcúr san áireamh aige. Tháinig sé ar an gconclúid gurbh iad rís, táirgí rísbhunaithe, gráin agus táirgí gránbhunaithe nach bhfuil rís iontu agus uisce óil na príomhfhoinsí arsanaice maidir le teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach ar fud na n-aicmí aoise éagsúla. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil earraí bia faoi leith a cheaptar don aos óg (e.g. bia gránachbhunaithe do naíonáin agus leanaí óga agus brioscaí agus roscaí do leanaí, bainne foirmle do leanaí, bainne leantach, bianna chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus leanaí óga agus bainne foirmle do leanaí óga, bianna do naíonáin agus súnna torthaí) ina bhfoinse ábhartha maidir leis an teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach sa ghrúpa daonra sin.

(9)

An mheánteagmháil atá ann cheana agus an teagmháil den 95ú peircintíl le harsanaic i mbia, tá siad fós laistigh den raon luachanna BMDL01 a sainaithníodh sa tuairim eolaíoch ó 2009 ó Phainéal CONTAM. Dá bhrí sin is iomchuí uasleibhéil nua a leagan síos le haghaidh tráchtearraí ar foinse teagmhála le harsanaic iad agus na huasleibhéil atá ann cheana a laghdú, ar bhonn na sonraí minicíochta i gcás inarb indéanta.

(10)

Sa Codex Alimentarius leagtar síos uasleibhéal 0,5 mg/kg le haghaidh arsanaic iomlán i salann (8). Is iomchuí an t-uasleibhéal céanna a leagan síos i reachtaíocht an Aontais.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir.

(12)

Agus seilfré fhada earraí áirithe bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo á cur san áireamh, ba cheart a cheadú d’earraí bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fanacht ar an margadh.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na hearraí bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta ar fearr roimhe nó an dáta éagtha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific Opinion on Arsenic in Food [Tuairim Eolaíoch maidir le hArsanaic i mBia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2009; 7(10):1351, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2009.1351.

(4)  Scientific report of EFSA on the dietary exposure to inorganic arsenic in the European population [Tuarascáil eolaíoch ó EFSA maidir le teagmháil chothúcháin le harsanaic neamhorgánach sa daonra Eorpach] EFSA Journal [Iris EFSA] 2014; 12(3): 3597, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2014.3597.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1006 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil arsanaice neamhorgánaí in earraí bia (IO L 161, 26.6.2015, lch. 14).

(6)  Commission Recommendation (EU) 2015/1381 of 10 August 2015 on the monitoring of arsenic in food [Moladh (AE) 2015/1381 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2015 maidir le faireachán ar arsanaic i mbia] (IO L 213, 12.8.2015, lch. 9).

(7)  Scientific report of EFSA on the chronic dietary exposure to inorganic arsenic [Tuairim eolaíoch ó EFSA maidir leis an teagmháil chothúcháin ainsealach le harsanaic] EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 19(1): 6380, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2021.6380.

(8)  Caighdeán Ginearálta Codex le haghaidh na nÉilleán agus na Tocsaine i mBianna agus i mBeatha – GSCTFF (CODEX STAN 193-1995).


IARSCRÍBHINN

I Roinn 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoroinn 3.5 Arsanaic (neamhorgánach):

Earraí bia (1)

Uasleibhéil (mg/kg fliuchmheáchan)

“3.5

Arsanaic (arsanaic neamhorgánach i gcás 3.5.1 go 3.5.4 agus an cion iomlán arsanaice i gcás 3.5.5) (50)

 

3.5.1

Gránaigh agus táirgí gránachbhunaithe (51)

 

3.5.1.1

Rís mhuilleáilte neamh-chnagbhruite (í snasta nó bán)

0,15

3.5.1.2

Rís chnagbhruite agus scilligthe

0,25

3.5.1.3

Plúr ríse

0,25

3.5.1.4

Vaiféil ríse, sliseoga ríse, craicir ríse, cístí ríse, calóga ríse agus brioscáin ríse

0,30

3.5.1.5

Rís a bhfuil sé beartaithe í a úsáid i dtáirgeadh bia do naíonáin agus do leanaí óga (3)

0,10

3.5.1.6

Deochanna rísbhunaithe neamhalcólacha

0,030

3.5.2

Bainne foirmle do naíonáin(3) (29), bainne foirmle leantach do naíonáin(3) (29), bianna chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga(3) (29) agus bainne foirmle do leanaí óga (29) (57).

 

3.5.2.1

-a mhargaítear mar phúdar

0,020

3.5.2.2

-a mhargaítear mar leacht

0,010

3.5.3

Bianna do naíonáin(3),(29)

0,020

3.5.4

Sútha torthaí, sútha tiubhaithe torthaí i ndiaidh a n-athdhéanta agus neachtair torthaí (14)

0,020

3.5.5

Salann

0,50 ”