3.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 67/7 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/451 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2022
lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 10(12) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Agus struchtúr caipitil agus próifíl riosca CPL á gcur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil an plean téarnaimh iomchuí chun leordhóthanacht acmhainní airgeadais an CPL a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun a áirithiú go ndéanfar an CPL a athchaipitliú go tráthúil, go ndéanfar a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú, agus chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearna chistiúcháin agus leachtachta. |
(2) |
Agus mainneachtain i bhfoirm cascáide CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil struchtúr rialacha an CPL sin maidir le mainneachtain i bhfoirm cascáide agus leithdháileadh caillteanais leordhóthanach chun na cásanna caillteanais mainneachtana uile atá beartaithe a chothú, agus an bhfuil an leithdháileadh caillteanais sin in-fhorfheidhmithe le dlí. |
(3) |
Agus castacht struchtúr eagraíochtúil CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil struchtúr úinéireachta agus socruithe rialachais an CPL sin sách soiléir agus indéanta chun indéantacht an phlean téarnaimh a dheimhniú agus chun cur chun feidhme rianúil na mbeart téarnaimh a áirithiú. |
(4) |
Agus inionadaitheacht ghníomhaíochtaí CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeartaítear le plean téarnaimh an CPL sin go bhféadfadh CPLanna eile atá údaraithe san Aontas nó CPLanna tríú tír aitheanta cuid de sheirbhísí imréitigh an CPL nó iad go léir a chur ar fáil chun an riosca go gcuirfí isteach ar sheirbhísí atá fíor-riachtanach don fhíorgheilleagar agus don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú. |
(5) |
Agus próifíl riosca CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta gnéithe gnó agus rioscaí rialachais agus dlíthiúla an CPL sin a bhreithniú chun a mheas an bhfuil an CPL sin in ann na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a dhéanamh ar bhealach tapa éifeachtúil, gan beann ar shainiúlachtaí an CPL. |
(6) |
Agus ullmhacht CPL chun aghaidh a thabhairt ar strus a chuirfeadh inmharthanacht an CPL i mbaol á cur san áireamh chun plean téarnaimh an CPL sin a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta leordhóthanacht na gcásanna agus na dtáscairí a áirítear sa phlean téarnaimh a bhreithniú i bhfianaise shainiúlachtaí an CPL sin chun inchreidteacht leibhéal ullmhachta an CPL chun aghaidh a thabhairt ar strus den sórt sin a áirithiú. |
(7) |
Agus samhail ghnó CPL á cur san áireamh chun plean téarnaimh an CPL sin a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht shainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla sa phlean téarnaimh sin agus ar an gcaoi a mbeartaítear leis an bplean téarnaimh sócmhainní nó línte gnó a dhíol chun éifeachtaí ghníomhachtú an phlean téarnaimh ar chomhaltaí imréitigh, ar a gcliaint agus ar chliaint indíreacha, agus ar shocruithe seachfhoinsithe a réamh-mheas. |
(8) |
Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar eintitis áirithe maidir le cumarsáid á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an leormhaith nósanna imeachta cumarsáide agus nochta an CPL chun faisnéis a roinnt ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir agus chun freagairtí diúltacha margaidh a bhainistiú, freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dheacrachtaí an CPL. |
(9) |
Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar chomhaltaí imréitigh á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an CPL sin meastóireacht ar chastacht a chomhaltaí imréitigh chun tionchar an phlean téarnaimh ar chliaint na gcomhaltaí imréitigh agus ar chliaint indíreacha a réamh-mheas, agus a n-oibleagáidí conarthacha in aon chás téarnaimh a bhreithniú. |
(10) |
Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar bhonneagair mhargaidh nasctha á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhféadfadh cur chun feidhme bhearta téarnaimh an CPL sin difear a dhéanamh d’oibríochtaí bonneagair nasctha chun meastóireacht chuí a dhéanamh ar thionchar an phlean réitigh ó thaobh éifeachtaí idir-inoibritheachta de. |
(11) |
Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar mhargaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu á chur san áireamh, lena n-áirítear ionaid trádála, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta aon nasc atá ag an CPL sin le hionaid trádála a bhreithniú chun réamh-mheas a dhéanamh ar aon tionchar ábhartha a bheidh ag na bearta téarnaimh ar chumas ionaid trádála idirbhearta a phróiseáil nó praghsanna a bhunú. |
(12) |
Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart téarnaimh ar eintitis a bhfuil naisc ábhartha acu leis an CPL sin, le comhaltaí imréitigh agus le BMAnna chun aon riosca tadhlachta a d’fhéadfadh eascairt as gníomhachtú an phlean téarnaimh a bhreithniú. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh freisin ar oiriúnacht na ndreasachtaí a thugtar isteach leis an bplean téarnaimh chun a áirithiú gur dócha go mbainfidh na bearta téarnaimh agus na huirlisí leithdháilte caillteanais barrfheabhas ar an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann, agus go ndéanfar costais a leithdháileadh go cothrom agus go comhréireach ar scairshealbhóirí an CPL sin, ar chomhaltaí imréitigh agus a gcliaint. |
(13) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(14) |
D’fhorbair ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe i gcomhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach. Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Measúnú ar struchtúr caipitil agus riosca airgeadais CPL
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i leith struchtúr caipitil agus riosca airgeadais an CPL sin, breithneoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta na tosca uile seo a leanas:
(a) |
an bhfuil aon neamhréireacht idir struchtúr caipitil an CPL agus na bearta téarnaimh atá ceaptha chun athchaipitliú tráthúil an CPL a áirithiú i gcás ina dtiteann a leibhéal caipitil faoin tairseach fógartha nó faoi na ceanglais chaipitil; |
(b) |
an gcuirtear san áireamh go cuí sa phlean téarnaimh méid breise na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23; |
(c) |
agus na cineálacha táirgí a imréitítear á gcur san áireamh, an bhfuil na bearta sa phlean téarnaimh dea-dheartha, indéanta, inchreidte agus oiriúnach don CPL chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(d) |
an ndéantar na bearta sa phlean téarnaimh a thástáil go cuí chun leithdháileadh agus praghas-aimsiú a cheadú; |
(e) |
an bhfuil na bearta sa phlean téarnaimh agus na huirlisí dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) iontaofa go leordhóthanach agus ar fáil go pras i gcás teagmhais téarnaimh neamhghnácha agus teagmhais téarnaimh ar fud an chórais araon; |
(f) |
an leagtar amach sa phlean téarnaimh socruithe chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cistiúcháin agus bearnaí sealadacha leachtachta araon, agus an sonraítear ann na socruithe leachtachta atá ar fáil don CPL; |
(g) |
an gcuirtear an tsamhail chorrlaigh agus na próisis chorrlaigh san áireamh sna bearta sa phlean téarnaimh, chomh maith leis an gcreat comhthaobhachta, lena n-áirítear liosta de chomhthaobhacht a ghlactar léi agus caolchorrlaigh comhthaobhachta laistigh den CPL, agus go háirithe na nithe uile seo a leanas:
|
(h) |
an mbeartaítear leis an bplean téarnaimh saoráidí seasmhacha bainc ceannais a úsáid agus an sainaithnítear go soiléir na sócmhainní a mbeadh coinne leis go gcáileodh siad mar chomhthaobhacht faoi théarmaí shaoráid an bhainc ceannais. |
Airteagal 2
Measúnú ar mhainneachtain i bhfoirm cascáide CPL
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i leith mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an sonraítear an mhainneachtain i bhfoirm cascáide agus bealaí éagsúla iomadaithe caillteanais go soiléir agus an ndéantar iarmhairtí aon chaillteanais a shamhaltú i gcomhréir leis na rialacha lena leithdháiltear na caillteanais sin, lena n-áirítear socruithe idir an CPL agus a chomhaltaí imréitigh agus creat bainistíochta riosca foriomlán an CPL, amhail leabhar rialacha CPLanna; |
(b) |
an ndearnadh measúnú ar rioscaí dlíthiúla ábhartha agus ar tugadh aghaidh orthu chun in-fhorfheidhmitheacht na cascáide a áirithiú, lena n-áirítear maidir le comhaltaí imréitigh a bhfuil sainchónaí orthu i ndlínsí tríú tír. |
Airteagal 3
Measúnú ar struchtúr eagraíochtúil CPL
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le leibhéal castachta an struchtúir eagraíochtúil trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an bhféadfadh struchtúr úinéireachta an CPL difear a dhéanamh don phlean téarnaimh; |
(b) |
an chaoi a léirítear struchtúr úinéireachta an CPL i struchtúir dreasachta nó i bpróisis chinnteoireachta an CPL; |
(c) |
an chaoi a d’fhéadfadh ceanglais ar úinéirí faoin bplean téarnaimh difear a dhéanamh don phlean téarnaimh, lena n-áirítear i gcás inar cuid den phlean téarnaimh iad comhaontuithe conarthacha maidir le tacaíocht ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas, agus measúnú a dhéanamh go háirithe ar an méid seo a leanas:
|
(d) |
an ndéantar measúnú leordhóthanach ar naisc an CPL le haon eintiteas den ghrúpa céanna chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh aon riosca tadhlachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás ina mbeadh aon chuideachta grúpa faoi réir srianta airgeadais nó ar mainneachtain, agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na naisc sin ar infheidhmeacht na mbeart sa phlean téarnaimh; |
(e) |
an bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta lena rialaítear formheas an phlean téarnaimh agus sainaithint na ndaoine san eagraíocht atá freagrach as an bplean téarnaimh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme oiriúnach, soiléir agus indéanta; |
(f) |
an bhfuil an plean téarnaimh comhsheasmhach le struchtúr rialachais chorparáidigh an CPL agus le próisis chinnteoireachta agus rialachas inmheánach an CPL; |
(g) |
an bhféadfadh castacht eagrúchán inmheánach an CPL a bheith ina bhac ar ghníomhaíochtaí tráthúla nó an dócha go bhfeidhmeoidh próisis go héifeachtúil le slabhraí soiléire cinnteoireachta agus freagrachtaí atá sainithe go soiléir; |
(h) |
an bhfuil an plean téarnaimh soiléir agus infheidhmithe i nósanna imeachta agus i bpleananna gníomhaíochta, lena n-áirítear nósanna imeachta le haghaidh próisis chinnteoireachta, bileoga mionsonraithe teagmhála ó aon duine is ábhartha do phróiseas an phlean téarnaimh, cumais chianrochtana agus inrochtaineacht do chinnteoirí, agus an bhfuil nósanna imeachta sa phlean téarnaimh chun rochtain a fháil ar dhaoine tábhachtacha ar an láthair agus lasmuigh de araon; |
(i) |
an gcuirtear an plean téarnaimh san áireamh go héifeachtach, i gcás inar gá, i rialacha oibríochta an CPL; |
(j) |
an bhfuil rialacha agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag an CPL chun a phlean téarnaimh a thástáil lena chomhaltaí imréitigh ar bhonn rialta, agus i gcás inar féidir, chun a gcliaint agus a gcuid cliant indíreach a shainaithint. |
Airteagal 4
Measúnú ar inionadaitheacht ghníomhaíochtaí CPL
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le hinionadaitheacht ghníomhaíochtaí an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn CPLanna eile atá údaraithe nó aitheanta faoi Airteagal 14 nó Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cuid de na seirbhísí imréitigh nó na seirbhísí imréitigh uile a sholáthraíonn an CPL; |
(b) |
a mhéid a chuirtear sonraí ar fáil sa phlean téarnaimh, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis atá ar fáil don CPL, maidir leis an gcaoi ar sainaithníodh seirbhísí imréitigh a sholáthraíonn CPL eile agus maidir le cé acu seirbhísí imréitigh bunaithe nó seirbhísí imréitigh nuabhunaithe iad na seirbhísí sainaitheanta sin a sholáthraíonn CPLanna eile; |
(c) |
i gcás ina mbeartaítear sa phlean téarnaimh inaistritheacht idirbheart nó aistriú gníomhaíochtaí neamhchriticiúla, go páirteach nó go hiomlán, chuig soláthraí seirbhíse eile, agus:
|
Airteagal 5
Measúnú ar phróifíl riosca CPL
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le próifíl riosca an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an gcuimsítear agus an soláthraítear bearta iomchuí i bplean téarnaimh an CPL ar an iomlán chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla riosca, agus ar theaglamaí inchreidte díobh sin, a bhféadfadh úsáid na n-uirlisí téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c)(iv) a bheith ag teastáil ina leith; |
(b) |
maidir leis an riosca go n-eascródh suaitheadh as an CPL agus as eintitis eile agus soláthraithe seirbhísí eile ar a bhfuil an CPL neamhchosanta araon, lena n-áirítear imréiteach, infheistíocht, cumhdach agus íocaíochtaí, an ndéantar measúnú air agus an maolaítear é sa phlean téarnaimh; |
(c) |
an gcuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh cineál, méid agus castacht ghnó an CPL agus an chaoi a léirítear na gnéithe sin sna bearta arna moladh ag an CPL; |
(d) |
an féidir leis an CPL an plean téarnaimh a chur i bhfeidhm go neamhspleách gan cur isteach ó eintitis eile sa ghrúpa corparáideach céanna agus, i gcás inar féidir, an sainaithnítear go soiléir aon éifeacht iarmharta ar ghrúpeintitis eile agus ar idirthuilleamaíochtaí airgeadais; |
(e) |
an gcuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh rioscaí comhshaoil agus an riosca cibirionsaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meath suntasach ar staid airgeadais an CPL agus aon riosca eile arna sainaithint i gcleachtaí tástála struis arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inarb ábhartha don phlean téarnaimh; |
(f) |
an ndearnadh measúnú ar na rioscaí dlíthiúla sa phlean téarnaimh, agus go háirithe an bhfuil gach beart sa phlean téarnaimh dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe; |
(g) |
an bhfuil na socruithe, na comhaontuithe agus na conarthaí, lena n-áirítear rialacha oibríochta an CPL agus na comhaontuithe le soláthraithe seirbhíse, soiléir, dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe agus inghníomhaithe chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le dúshláin dhlíthiúla agus cásanna dlí a bhainistiú agus a íoslaghdú; |
(h) |
ar bailíodh tuairimí dlíthiúla, i gcás inar gá, chun fianaise a thabhairt ar bhailíocht dhlíthiúil agus ar in-fhorfheidhmitheacht na mbeart agus na gcomhaontuithe téarnaimh, go háirithe i gcás ina bhfuil contrapháirtí sa chomhaontú lonnaithe i dtríú tír; |
(i) |
i gcás inar chinn bord an CPL gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus plean téarnaimh an CPL á fhormheas aige, an leormhaith an chúis a chuir an CPL ar fáil do chomhaltaí an choiste riosca agus dá údarás inniúil araon i gcomhréir le hAirteagal 9(18) de Rialachán (AE) 2021/23. |
2. Chun críoch mhír 1, pointe (a), áireofar, ag brath ar an CPL, rioscaí oibríocháin, creidmheasa, leachtachta, gnó ginearálta, cumhdaigh, socraíochta, infheistíochta, margaidh, sistéamacha, comhshaoil agus aeráide ar na cineálacha riosca atá le breithniú.
3. Chun críoch mhír 1, pointe (c), féadfar na gnéithe dá dtagraítear sa phointe sin a mheasúnú sa phlean téarnaimh trí na gnéithe uile seo a leanas de ghnó CPL a bhreithniú:
(a) |
cineál na n-ionstraimí airgeadais arna n-imréiteach nó atá le himréiteach ag an CPL; |
(b) |
na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach nó atá le himréiteach ag an CPL atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
(c) |
na meánluachanna arna n-imréiteach ag an CPL thar bhliain amháin, de réir an chineáil táirge agus de réir airgeadra i ndearbhthéarmaí, chomh maith le téarmaí coibhneasta le caipiteal an CPL, ar leibhéal gach comhalta imréitigh agus, i gcás inar féidir, gach cliaint; |
(d) |
an ndéantar na hidirbhearta arna n-imréiteach ag an CPL ar ionad trádála san Aontas, ar ionad trádála i dtríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó thar an gcuntar; |
(e) |
na Ballstáit ina soláthraíonn an CPL seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann eile an CPL nó ina bhfuil sé beartaithe aige iad a sholáthar. |
Airteagal 6
Measúnú ar phróifíl riosca an CPL i ndáil le hullmhacht an CPL
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil leis an amlíne, na cásanna agus na táscairí atá sa phlean téarnaimh. Agus an measúnú sin á dhéanamh acu, breithneoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta na tosca uile seo a leanas:
(a) |
Maidir le cur i bhfeidhm beartaithe agus straitéis deartha an phlean téarnaimh:
|
(b) |
an sainaithnítear na himthosca ina ndéanfar bearta sa phlean téarnaimh i gcreat na dtáscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a áirítear sa phlean téarnaimh. |
Airteagal 7
Measúnú ar phróifíl riosca an CPL i ndáil leis an tsamhail ghnó
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le riosca oibriúcháin shamhail ghnó an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an bhfuil feidhmeanna criticiúla an CPL sainaitheanta go cuí; |
(b) |
an bhfuil na socruithe ullmhúcháin chun díol sócmhainní nó línte gnó a éascú, mar a bheartaítear sa phlean téarnaimh, oiriúnach don CPL, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(c) |
i gcás ina n-imréitíonn an CPL roinnt táirgí, ar mheas an CPL go bhféadfaí díol a dheighilt idir táirgí, agus ar sainaithníodh aon bhaic a d’fhéadfadh eascairt as deighilt den sórt sin nó ar sainaithníodh aon éifeacht eile ar an bplean téarnaimh le díol deighilte den sórt sin; |
(d) |
an ndearnadh measúnú sa phlean téarnaimh ar líon agus ar thábhacht na nasc éagsúil le heintitis, lena n-áirítear soláthraithe leachtachta, bainc socraíochta, ardáin, taisceánaigh, gníomhairí infheistíochta, bainc nó soláthraithe seirbhíse agus ar an tionchar atá ag naisc den sórt sin ar na bearta téarnaimh agus ar éifeachtacht an phlean téarnaimh; |
(e) |
an ndearnadh measúnú ar thabhacht nó ábharthacht gach naisc, lena n-áirítear i dtéarmaí méideanna a imréitíodh agus na neamhchosaintí airgeadais faoi na socruithe sin; |
(f) |
an ndearnadh measúnú leordhóthanach ar aon socrú seachfhoinsithe lena gcumhdaítear cuid de chroíghnó an CPL agus ar mhaolaíodh aon rioscaí sainaitheanta; |
(g) |
an chaoi a ndearnadh measúnú ar in-fhorfheidhmitheacht dlí an phlean téarnaimh i gcoinne soláthraithe seirbhíse socruithe seachfhoinsithe dá dtagraítear i bpointe (f) agus an ndearnadh measúnú sásúil ar aon chás nach mbeadh soláthraí na socruithe seachfhoinsithe sin in ann a oibleagáidí faoi na socruithe seachfhoinsithe a chomhlíonadh agus an chaoi a maolaíodh na rioscaí sin sa phlean téarnaimh. |
Airteagal 8
Measúnú ar an tionchar foriomlán ar eintitis áirithe i ndáil le plean cumarsáide agus nochta CPL
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le plean cumarsáide agus nochta an CPL sin tríd an tionchar foriomlán a bheadh ag cur chun feidhme an phlean téarnaimh ar na heintitis nó ar na margaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/23 a bhreithniú, agus go háirithe trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an gcomhlíonann plean cumarsáide agus nochta an CPL Roinn A, pointe (3), den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/23, agus go háirithe, maidir le plean cumarsáide agus nochta an CPL:
|
(b) |
an bhfuil nósanna imeachta soiléire i bplean cumarsáide agus nochta an CPL maidir le conas agus cathain faisnéis a chomhroinnt le heintitis éagsúla, agus tuairisc shoiléir á tabhairt ar an gcaoi ar cuireadh ceanglais dhlíthiúla agus ceanglais cheangailteacha eile san áireamh sna nósanna imeachta sin. |
Airteagal 9
Measúnú ar thionchar foriomlán phlean téarnaimh CPL ar chomhaltaí imréitigh, ar a gcliaint agus ar chliaint indíreacha
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht an phlean téarnaimh i ndáil lena thionchar foriomlán ar chomhaltaí imréitigh an CPL agus, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don CPL, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha, lena n-áirítear i gcás inar ainmníodh na cliaint agus na cliaint indíreacha sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIIanna), trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an léiriú ceart é an plean téarnaimh ar chastacht chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
|
(b) |
ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh an tionchar foriomlán ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don CPL, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha, ag aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar na seirbhísí imréitigh a solathraíonn an CPL, lena n-áirítear tionchair fhéideartha ar rochtain ar imréiteach agus éifeachtaí eile a eascraíonn as rialacha oibríochta an CPL; |
(c) |
ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta comhaontaithe atá le déanamh faoin bplean téarnaimh ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb ábhartha, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha; |
(d) |
faoi rialacha oibríochta an CPL, an gcomhaontaíonn na comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, a gcliaint agus a gcuid cliant indíreach aon oibleagáid airgeadais nó chonarthach, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi a ríomhtar méid na hoibleagáide, an gcuirtear aon uasmhéid nó uasteorainn i bhfeidhm, an suim réamhaontaithe é an méid nó an ndéanfar í a dhíorthú mar fheidhm de neamhchosaintí an chomhalta nó an chliaint agus an chaoi a n-iarrfaí na hacmhainní sin. |
Airteagal 10
Measúnú ar thionchar foriomlán plean téarnaimh CPL ar BMAnna nasctha
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil lena thionchar foriomlán ar aon bhonneagar margaidh airgeadais (BMA) atá nasctha, trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an ndéantar measúnú sa phlean téarnaimh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm ar aon CPL idir-inoibritheach agus ar aon BMA eile atá nasctha leis an CPL, trí mheasúnú a dhéanamh ar thábhacht rannpháirtíocht an CPL sna heintitis sin; |
(b) |
an dtugtar aghaidh sa phlean téarnaimh ar aon chomhaontú idir-inoibritheachta nó tras-éarlaisithe le CPLanna eile agus ar raon feidhme na socruithe sin, lena n-áirítear méideanna imréitithe agus acmhainní airgeadais a mhalartaítear mar chuid de na socruithe sin; |
(c) |
an bhféadfadh tionchar chur chun feidhme aon cheann de na bearta faoin bplean téarnaimh difear a dhéanamh do rochtain ar BMAnna eile, agus i gcás ina sainaithnítear baic nó teorainneacha, an chaoi a maolaítear iad; |
(d) |
maidir le BMAnna nasctha agus geallsealbhóirí a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a rannchuideodh le heasnaimh leachtachta a chumhdach i gcás inar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme, an raibh baint acu leis an bpróiseas maidir leis an bplean sin a tharraingt suas ar bhealach éifeachtach sásúil i gcomhréir le hAirteagal 9(16) de Rialachán (AE) 2021/23. |
Airteagal 11
Measúnú ar thionchar foriomlán phlean téarnaimh CPL ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil lena thionchar foriomlán ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu, trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an ndearnadh measúnú sa phlean téarnaimh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm ar ionaid trádála chomh maith le haon fhoinse eile trádála atá nasctha leis an CPL, lena n-áirítear measúnú ar thábhacht rannpháirtíocht an CPL sna heintitis sin agus an bagairt é an tionchar sin ar chobhsaíocht na n-eintiteas lena mbaineann; |
(b) |
an soláthraíonn an CPL, sa bhreis ar sheirbhísí imréitigh, aon ábhar eile nó aon ábhar coimhdeach nó seirbhísí suntasacha atá nasctha le himréiteach, agus an bhféadfadh tionchar a bheith ag aon bheart faoin bplean téarnaimh ar an margadh airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL air, i gcás ina gcuireann an CPL ábhar eile nó ábhar coimhdeach nó seirbhísí suntasacha den sórt sin ar fáil. |
Airteagal 12
Measúnú ar thionchar foriomlán plean téarnaimh CPL ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil leis an tionchar foriomlán ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an ndearnadh measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean téarnaimh ar na nithe seo a leanas:
|
(b) |
chun measúnú a dhéanamh ar thionchar riosca sistéamach níos leithne an phlean téarnaimh, an ndéantar torthaí na n-anailísí a dhéanann ESMA ó am go chéile a bhreithniú, agus an gcuirtear san áireamh iad sa phlean téarnaimh, i gcás inarb ábhartha don phlean téarnaimh, agus an maolaítear aon fhionnachtain nó ábhar imní ábhartha, a mhéid is féidir, sa phlean sin; |
(c) |
an ndearnadh breithniú ar naisc ábhartha le heintitis, lena n-áirítear soláthraithe leachtachta, bainc socraíochta, ardáin, taisceánaigh, gníomhairí infheistíochta, bainc nó soláthraithe seirbhíse trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an bplean téarnaimh ar oibríochtaí na n-eintiteas nasctha, agus an bhfuil na bearta atá sa phlean téarnaimh oiriúnach agus inoibrithe do na heintitis ar sainaithníodh go bhfuil naisc ábhartha acu nó an bhféadfadh tionchar diúltach ábhartha a bheith acu ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine; |
(d) |
an eascraíonn neamhchosaintí leachtachta comhchruinnithe as soláthraithe leachtachta, i gcás ina ndéanann údarás inniúil an CPL maoirseacht orthu nó a mhéid atá faisnéis maidir lena neamhchosaintí leachtachta ar fáil, mar gheall ar an iliomad ról a d’fhéadfadh a bheith ag na soláthraithe leachtachta sin maidir le roinnt CPLanna, lena n-áirítear mar chomhalta imréitigh, banc íocaíochta, banc infheistíochta, taisceánach, nó soláthraí socruithe maidir le cúlstop leachtachta. |
Airteagal 13
Dreasachtaí
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le dreasachtaí iomchuí a chruthú d’úinéirí agus do chomhaltaí imréitigh an CPL sin, agus i gcás inar féidir dá gcliaint, de réir mar is ábhartha, chun rialú a dhéanamh ar an méid riosca a thabharfaidh úinéirí an CPL sin, comhaltaí imréitigh agus a gcliaint chuig an gcóras nó a thabhóidh siad ann, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí glactha riosca agus bainistíochta riosca an CPL, agus chun rannchuidiú le próiseas bainistíochta mainneachtana an CPL trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:
(a) |
an méadaíonn na dreasachtaí an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann agus an sonraítear sa phlean téarnaimh na dreasachtaí do gheallsealbhóirí éagsúla, agus samplaí á dtabhairt, i gcás inarb ábhartha, den chaoi a bhféadfaí rannchuidithe deonacha nó roghnacha, sa bhreis ar na ranníocaíochtaí a comhaontaíodh faoi rialacha oibríochta an CPL, a spreagadh tráth géarchéime; |
(b) |
an gcruthaíonn glaonna ar acmhainní, ranníocaíochtaí nó leithdháiltí costas a bhaineann leis an bplean téarnaimh dreasachtaí iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh, dá gcliaint, agus dá gcuid chliant indíreach a mhéid atá faisnéis ar fáil faoi na cliaint dhíreacha agus indíreacha sin, do scairshealbhóirí agus d’eintitis eile laistigh den ghrúpa céanna, gníomhú ar bhealach lena n-íoslaghdaítear na rioscaí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann; |
(c) |
an ndreasaíonn struchtúr an phróisis bainistithe mainneachtana rannpháirtíocht i mbainistiú mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant trí úsáid a bhaint as uirlisí téarnaimh agus trí na hacmhainní atá le cur ar fáil don CPL i dtéarnaimh, lena n-áirítear pionóis i gcás nach soláthraítear acmhainní tiomanta, i gcás ina gcomhaontaítear sin, lena n-áirítear pearsanra atá ar iasacht a sholáthar chun cuidiú leis an mbainistiú téarnaimh nó chun dul i mbun tairiscint iomaíoch i gceant; |
(d) |
Maidir leis na socruithe agus na bearta le haghaidh ceantanna suíomhanna comhaltaí mainnithe, an ndéanann siad comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a dhreasú chun tairiscintí iomaíocha a dhéanamh agus an bhfuil siad dea-eagraithe agus an gcruthaíonn na socruithe agus na bearta sin na dreasachtaí atá beartaithe sa phlean téarnaimh; |
(e) |
an gcruthaítear dreasacht iomchuí leis an nasc idir gníomhaíochtaí na gcomhaltaí imréitigh agus na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an bplean téarnaimh chun an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann a mhéadú, lena n-áirítear an bhfuil na caillteanais nó an uasteorainn ar chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann comhréireach le méadrach maidir le gníomhaíocht an chomhalta, bunaithe ar chorrlach athrúcháin, corrlach tosaigh, ranníocaíochtaí ciste mainneachtana nó méadrachtaí eile atá bunaithe ar rioscaí agus ar ghníomhaíochtaí; |
(f) |
maidir le sásraí na CPLanna chun ról a thabhairt do BMAnna nasctha agus do gheallsealbhóirí, a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a rannchuideodh le heasnaimh leachtachta a chumhdach i gcás inar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme, sa phróiseas chun an plean téarnaimh a tharraingt suas agus sa phlé ábhartha maidir le bainistiú riosca, an bhfuil siad dea-eagraithe agus an gcruthaíonn siad dreasachtaí oiriúnacha chun an chothromaíocht idir leasanna BMAnna nasctha agus geallsealbhóirí a áirithiú; |
(g) |
an ndéanann rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh, agus b’fhéidir a gcliant, nó eintitis eile atá nasctha leis an CPL i soláthar seirbhísí, chun aghaidh a thabhairt ar mhaolú na gcaillteanas i gcás téarnaimh, na dreasachtaí cearta a chruthú chun seirbhísí oiriúnacha a chur ar fáil don CPL, lena n-áirítear gníomhú mar chontrapháirtí athcheannaigh agus leachtacht a sholáthar. |
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).