3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/450 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 20(2), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá a áirithiú go gcaitear ar bhealach cothrom le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana atá incháilithe don chúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23. Dá bhrí sin, i gcás ina mbíonn deighilt ann idir íocaíochtaí airgid thirim agus ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis amach anseo, ba cheart don leithdháileadh idir íocaíochtaí airgid thirim agus na hionstraimí sin a bheith comhionann le haghaidh na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana go léir nach mór cúiteamh a thabhairt dóibh.

(2)

De réir Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh údarás inniúil CPL a cheangal ar CPL cúiteamh a thabhairt do na comhaltaí imréitigh mar gheall ar a gcuid caillteanas trí ionstraimí a eisiúint lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL sin. Maidir le heisiúint ionstraimí den sórt sin, agus na héilimh ina dhiaidh sin ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL, níor cheart go gcuirfeadh sí i mbaol inmharthanacht an CPL agus a chumas chun freastal ar a chuid riachtanas infheistíochta, ná tarraingteacht an CPL a laghdú dá scairshealbhóirí agus dá infheisteoirí seachtracha thar thréimhse fhada. Chun an riosca sin a laghdú, is iomchuí a leagan síos nach sáróidh na héilimh bhliantúla ar na brabúis amach anseo de chuid CPL 70 % de bhrabúis bhliantúla an CPL, agus nach mairfidh ionstraimí agus éilimh den sórt sin tréimhse níos faide ná 10 mbliana.

(3)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ord ar dá réir atá an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 le híoc

1.   Maidir le CPL ar cheangail a údarás inniúil air, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23, cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, tabharfaidh sé cúiteamh do na comhaltaí imréitigh sin pari passu.

2.   Maidir le CPL ar cheangail a údarás inniúil air a chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh trí idir airgead tirim agus dáileadh ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL, bainfidh sé úsáid as an scéim leithdháilte díreach céanna le haghaidh na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana go léir le linn dó a chinneadh cé acu codanna den chúiteamh sin a leithdháilfear in airgead tirim agus i gcúiteamh neamhairgid.

3.   Déanfar aon chomhaontú aistrithe brabús a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don leibhéal brabúis a chomhtháthú i méid brabúis an CPL.

Airteagal 2

Sciar uasta de bhrabúis bhliantúla an CPL atá le úsáid i dtreo íocaíochtaí a bhaineann le hionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL

Maidir le híocaíochtaí cúitimh bliantúla atá le déanamh ag CPL de bhun ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a chuid brabús amach anseo agus a eisíodh do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéantar difear, ní sháróidh siad 70 % de bhrabúis bhliantúla an CPL sin le haghaidh gach bliana airgeadais.

Airteagal 3

Líon uasta blianta ar lena linn atá an sealbhóir i dteideal íocaíochtaí a fháil ón CPL go dtí go mbeidh an caillteanas forchúitithe

Ní mó ná 10 mbliana a bheidh an líon blianta ar lena linn a thabharfaidh ionstraim lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL teideal don sealbhóir ar íocaíochtaí a fháil ón CPL ar bhonn bliantúil go dtí go mbeidh an caillteanas forchúitithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).