25.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 59/423


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/430 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna den Aontas agus de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2197 (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2195 (3), inar ainmníodh an Grúpa Wagner agus triúr dá chomhaltaí a bhfuil baint acu le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.

(3)

Tá imní mhór ar an Aontas fós maidir le sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine, amhail céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha maruithe seachbhreithiúnacha, arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Úcráin, an Libia, Poblacht na hAfraice Láir (PAL), Mailí agus an tSúdáin.

(4)

Agus aird á tabhairt ar ghné idirnáisiúnta agus ar thromchúis ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner, chomh maith lena thionchar díchobhsaitheach sna tíortha sin, measann an tAontas go mbaineann gníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner an bonn de chuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE iad, go háirithe an cuspóir an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo i gcomhréir le mír 2, pointe (b) den Airteagal sin.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart ochtar agus seacht n-eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/2197 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 445I, 13.12.2021, lch. 17).

(3)  Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2021/2195 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 445I, 13.12.2021, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

1.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i roinn A (‘Daoine Nádúrtha’) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

A.

Daoine nádúrtha

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“19.

Maxim SHUGALEY

ar a dtugtar freisin

Maksim SHUGALEI

Максим ШУГАЛЕЙ

(Litriú Rúisise)

Post/Poist: Uachtarán an Foundation for the Defence of National Values (FDNV)

Dáta breithe: 24.2.1966

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir pas/uimhir aitheantais:

710508436 (Pas Rúiseach)

Is é Maxim Shugaley ceann an Foundation for the Defence of National Values (FDNV) agus oibríonn sé go díreach faoi mhaoirseacht Yevgeny Prigozhin, atá ina cheann ar an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner agus baineann ról Shugaley in FDNV le feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise a stiúradh ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú an Ghrúpa Wagner a fheabhsú agus tacú lena imscaradh, chomh maith le cur isteach ceilte a dhéanamh ar son an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.

Tá baint ag Shugaley leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht agus bréagaisnéis atá ar son an Ghrúpa Wagner.

25.2.2023

20.

Aleksandr Grigorievitch MALOLETKO

Александр Григорьевич МАЛОЛЕТКО

(Litriú Rúisise)

 

Comhoibríonn Aleksandr Grigorievitch Maloletko go dlúth le Yevgeny Prigozhin. Mhol Yevgeny Prigozhin go poiblí a ghníomh mar ‘cosantóir na Máthairthíre’ agus mar Cheann an ‘Veteran’s Interests Defenders League’. Tá sé ag obair mar theagascóir don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá baint aige leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner.

25.2.2023

21.

Konstantin Alexsandrovich PIKALOV

Константин Александрович ПИКАЛОВ

(Litriú Rúisise)

Post/Poist: Duine de Cheannasaithe Ghrúpa Wagner PMC san Afraic

Dáta breithe: 23.7. 1968

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Konstantin Alexsandrovich Pikalov, códainm ‘Mazaï’ (Mazay), ar dhuine de cheannairí an Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí oibríochtúla an Ghrúpa Wagner san Afraic, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Cuirtear ina leith gurb eisean a thionscain dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha i mí Iúil 2018.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

Agus ról ceannaireachta aige laistigh den Ghrúpa Wagner, tá Pikalov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

25.2.2023

22.

Dimitri SYTII

ar a dtugtar freisin

Dimitri SYTYI

Дмитрий СЫТИЙ

(Litriú Rúisise)

Post/Poist:Stiúrthóir an Russian house of Bangui

Dáta breithe: 23.3.1989

Áit bhreithe: Minsk (Belarus)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: NA-SYTAIA/A1-TANKISTAZ KHRUSTITSKOGO 62 APT25/ZP-198217/CI St Petersburg, Cónaidhm na Rúise

Tá ról ceannaireachta ag Dimitri Sytii laistigh den Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Tá sé i gceannas ar bheartas tionchair an Ghrúpa Wagner a stiúradh in PAL. Tá sé ina cheann ar chraobh áitiúil an Russian House, géag chultúrtha aireacht eachtrach na Rúise.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannaireachta i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

25.2.2023

23.

Mikhail Sergeyevich POTEPKIN

Михаил Сергеевич ПОТЕПКИН

(Litriú Rúisise)

Post(poist): Stiúrthóir ar Meroe Gold

Dáta breithe: 19.9.1981 nó 29.9.1981

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir an phas: 651697952 (pas Rúiseach)

Seoladh: An tSúdáin

Cuideachtaí comhlachaithe:

Megaline; Concord; IT-Debugger

Tá Mikhail Potepkin ina stiúrthóir ar Meroe Gold, eintiteas cumhdaigh do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin le M-Invest, máthairchuideachta Meroe. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe le míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Potepkin leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn freisin sé leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.

25.2.2023

24.

Alexander Alexandrovich IVANOV

Александр Александрович ИВАНОВ

(Litriú Rúisise)

Post/Poist: Ionadaí theagascóirí de chuid Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir

Dáta breithe: 14.6.1960

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir

Is é Alexander Ivanov urlabhraí an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá sé ina cheann ar ‘Officers Union for International Security’ de chuid na Rúise freisin, a chuir teagascóirí míleata na Rúise chuig PAL. Is amhais Ghrúpa Wagner iad na teagascóirí sin.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

Ina phost mar ionadaí oifigiúil ar theagascóirí míleata na Rúise, tá baint aige leis na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

25.2.2023

25.

Vitalii Viktorovitch PERFILEV

Виталий Викторович ПЕРФИЛЬЕВ

(Litriú Rúisise)

Dáta breithe: 11.9.1983

Áit bhreithe: Novossibirsk USSR (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Seoladh: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)

Inscne: fireann

Uimhir an phas: NR 75 2987491

An dáta seachadta; 30.3.2016

Dáta éaga: 30.3.2026

Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) é Perfilev. Tá sé ina phearsa lárnach i nGrúpa Wagner in PAL.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

25.2.2023

26.

Andrei Sergeevich MANDEL

Андрей Сергеевич МАНДЕЛЬ

(Litriú Rúisise)

Dáta breithe: 2.3.1990

Áit bhreithe: an Ghearmáin

Inscne: fireann

Uimhir an phas: 753615660

Tá Andrei Mandel ina cheann ar M-Invest, eintiteas cumhdaigh d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin lena fhochuideachta, Meroe Gold. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Mandel leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

25.2.2023”

2.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach i roinn B (‘Daoine Dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

B.

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

 

Ainm (Traslitriú isteach i script na Laidine)

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘6.

Lobaye Invest SARLU

 

Áit chláraithe: Bangui (Central African Republic)

Dáta clárúcháin: 24.10.2017

Cláruimhir: M 354838 D 0001 (Uimhir ‘NIF’, Uimhir aitheantais chánach)

Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

Faisnéis eile: Branch of M-Finans

Is cuideachta phríobháideach é Lobaye Invest SARLU atá cláraithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), fochuideachta de chuid na cuideachta Rúisigh M-Finans, arna rialú ag Yevgeny Prigozhin. Tá sé á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Oibríonn Lobaye Invest mianaigh óir agus diamant in PAL. Tá sé bainteach le hoibríochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Maoiníonn sé chomh maith eagraíochtaí éagsúla meán, amhail an stáisiún raidió Lengo Songo, stáisiún raidió a dhéanann feachtais bhréagaisnéise agus a chuireann láithreacht an Ghrúpa Wagner in PAL chun cinn.

Tá baint ag Lobaye Invest leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Lobaye Invest freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL.

25.2.2023

7.

DIAMVILLE

 

Dáta clárúcháin: 28.3.2019

Cláruimhir: cá/BG2019B519

Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

Faisnéis eile: daoine agus eintitis chomhlachaithe Yevgeny Prigozhin, Grúpa Wagner, Dimitri Sytii, Valery Zakharov, Perfilev, Svetlana Troitskaya, Lobaye Invest

Is cuideachta scáileáin é Diamville a úsáideann an Grúpa Wagner atá i láthair i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) chun diamaint a thrádáil go neamhdhleathach. Tá dlúthbhaint aige le príomhghníomhaithe uile an Ghrúpa Wagner in PAL, amhail Yevgeny Prigozhin, agus Dimitri Sytii. Tá bhaint ag Diamsville leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL.

25.2.2023

8.

Foundation for the Defence of National Values (FDNV)

Fund for the Defence of National Values (FDNV)

Foundation/organization for the Protection of National Values (FPNV)/(FZNC)

Foundation for National Values Protection

 

Áit chláraithe: Moscow (64 Zemlyanoy Val str., building 2, office 201, Moscow, Cónaidhm na Rúise)

Suíomh gréasáin: https://en.fznc.ru/

Tá baint ag The Foundation for the Defence of National Values (FDNV) leis an gceann ar an nGhrúpa Wagner Group, Yevgeny Prigozhin. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner. Stiúrann sé feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú Wagner a fheabhsú agus chun tacú lena imscaradh, agus bíonn sé rannpháirteach i gcur isteach ceilte thar ceann an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.

Tá baint ag FDNV leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht ar son an Ghrúpa Wagner, trí chur isteach polaitiúil agus tríd an mbréagaisnéis.

25.2.2023

9.

Radio Centrafricaine Lengo Sengo

 

Áit chláraithe: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir

Dáta clárúcháin: Mí na Samhna 2018

Príomhionad gnó: Galabadja

Bangui, Commune de Bangui

Galabadja, 8eme Arr.

[GPS]-> 4.4070, 18.5465

Is stáisiún raidió de chuid na hAfraice Láir é Radio Lengo Sengo a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann an Ghrúpa Wagner. Is é an cuspóir deiridh atá aige ná tuairimí an phobail a ionramháil. Reáchtálann an chuideachta feachtais bhréagaisnéise agus cuireann sí láithreacht an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Lair (PAL) chun cinn. Déanann Lobaye Invest, cuideachta phríobháideach a bhfuil baint aici le Yevgeny Prigozhin agus atá ceangailte leis an nGrúpa Wagner, a fheidhmíonn mar chlúdach dá ghníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), Radio Lengo Sengo a mhaoiniú.

Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

Tá Radio Lengo Sengo freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner in PAL agus as é a spreagadh.

25.2.2023

10.

Meroe Gold Co. Ltd.

 

Áit chláraithe: Al-jref Gharb Plot 134 Blok 1h, Khartoum, Sudan

Faisnéis eile: Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla eile

Bainteach le:

Al Sawlaj for Mining Ltd

الصولج

Aswar Multi Activities Co., Ltd

Is eintiteas cumhdaigh é Meroe Gold d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Tá dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le míleata na Súdáine, d’éirigh le leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis.

Tá baint ag Meroe Gold leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

25.2.2023

11.

M-Invest

 

Áit chlárúcháin: d. 76 korp. 4 litera A ofis N620, prospekt Obukhovskoi Oborony St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1177847044066

Príomhionad gnó: Khartoum, an tSúdáin

Faisnéis eile: Uimhir Aitheantais Chánach: 7811636632, Uimhir na hIrise Rialtais: 06513574

Is eintiteas cumhdaigh é M-Invest do ghníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Tá dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag M-Invest leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Sewa Security Services freisin leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.

25.2.2023

12.

Sewa Security Services

 

Áit chláraithe: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)

Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

Faisnéis eile: fochuideachta Lobaye Invest

Is cuideachta phríobháideach atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) í Sewa Security Services a chuireann cosaint ar fáil d’oifigigh shinsearacha rialtais PAL. Is clúdach é do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Is fochuideachta Lobaye Invest é, á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Bhí baint ag SEWA Security in éineacht leis an nGrúpa Wagner i sraith ionsaithe foréigneacha a tharla in PAL ó bhí toghcháin uachtaránachta mhí na Nollag 2020 ann. Tá baint ag Sewa Security leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe do sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

25.2.2023”