24.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 59/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/410 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór don Aontas a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar shláine agus ar fheidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir (AE) 2015/849 gur cheart don Choimisiún tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir le Frithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AML/CFT), ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (2), sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu.

(3)

I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, an líon ard idirbheart trasteorann chuig an Aontas agus ón Aontas, mar aon le leibhéal oscailteachta an mhargaidh, is bagairt ar chóras airgeadais an Aontais í aon bhagairt AML/CFT ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe Ráitis Phoiblí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.

(5)

Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán (AE) 2016/1675, rinne FATF a liosta de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu” a thabhairt cothrom le dáta go mór. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí an Mhárta 2022, chuir FATF Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha lena liosta agus scrios sé an tSiombáib óna liosta. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí an Mheithimh 2022, chuir FATF Giobráltar lena liosta. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir FATF Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Mósaimbíc agus an Tansáin lena liosta agus scrios sé Nicearagua agus an Phacastáin óna liosta. Rinne an Coimisiún measúnú ar na hathruithe sin go léir i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(6)

I mí Feabhra 2022, rinne Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais don Mheánoirthear agus don Afraic Thuaidh chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Ó shin i leith, léirigh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha dul chun cinn dearfach, lena n-áirítear trí acmhainní breise a chur ar fáil don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) chun anailís AFA a neartú agus trí fhaisnéis airgeadais a chur ar fáil d’Údaráis Forfheidhmithe Dlí agus do na hIonchúisitheoirí Poiblí chun bagairtí ardriosca sciúrtha airgid a chomhrac. Ba cheart d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha leanúint de bheith ag obair chun a phlean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) méadú leanúnach a léiriú, trí chás-staidéir agus staidreamh, ar iarrataí ar Chúnamh Frithpháirteach Dlí amach chun cuidiú le himscrúdú ar an Maoiniú Sceimhlitheoireachta (TF), ar an Sciúradh Airgid (ML), agus ar phreideacáidí ardriosca a éascú; (2) comhthuiscint ar rioscaí ML/TF idir na hearnálacha agus na hinstitiúidí éagsúla DNFBP a fheabhsú agus a chothabháil; (3) méadú a léiriú ar an líon agus ar an gcáilíocht tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a chomhdaíonn institiúidí airgeadais agus Gnólachtaí agus Gairmeacha Neamhairgeadais Ainmnithe (DNFBPanna); (4) tuiscint níos mionsonraithe a áirithiú ar an riosca go mbainfí mí-úsáid as daoine dlítheanacha agus, i gcás inarb infheidhme, socruithe dlíthiúla, i gcás ML/TF; (5) a léiriú go mbaintear úsáid níos mó as faisnéis airgeadais chun bagairtí ardriosca sciúrtha airgid a shaothrú; agus méadú leanúnach a léiriú ar imscrúduithe agus ionchúisimh éifeachtacha ar chineálacha éagsúla cásanna sciúrtha airgid atá comhsheasmhach le próifíl riosca Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha; agus (6) imghabháil smachtbhannaí a shainaithint agus a chomhrac go réamhghníomhach, lena n-áirítear trí thuiscint níos fearr a léiriú ar imghabháil smachtbhannaí san earnáil phríobháideach. D’ainneoin an tiomantais sin agus an dul chun cinn sin, níor tugadh aghaidh go hiomlán fós ar na hábhair imní as ar eascair liostú Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ag FATF. Dá bhrí sin, ba cheart Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a mheas a bheith ina thír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(7)

I mí an Mheithimh 2022, rinne Giobráltar gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus MONEYVAL, an Coiste Saineolaithe um Meastóireacht ar Bhearta chun an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a chomhrac ag An Chomhairle Eorpach, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Ó glacadh tuarascáil meastóireachta frithpháirtí Ghiobráltar i mí na Nollag 2019, tá dul chun cinn déanta ag Giobráltar maidir le líon suntasach de na gníomhaíochtaí a mholtar sa tuarascáil meastóireachta frithpháirtí, amhail measúnú riosca náisiúnta nua a chur i gcrích, aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla i ndáil le coimeád taifead a bhaineann le hÚinéir Tairbhiúil, ceanglais trédhearcachta a thabhairt isteach maidir le scairshealbhóirí agus stiúrthóirí ainmnitheacha, an t-aonad um fhaisnéis airgeadais a neartú, agus a bheartas imscrúdaithe sciúrtha airgid a mhionchoigeartú i gcomhréir le rioscaí. Ba cheart do Ghiobráltar obair a dhéanamh ar a phlean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh (1) a áirithiú go n-úsáidfidh údaráis mhaoirseachta d’institiúidí airgeadais neamhbhainc agus DNFBPanna raon smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha le haghaidh sáruithe AML/CFT; agus (2) a léiriú go bhfuil breithiúnais choigistíochta chríochnaitheacha á saothrú aige ar bhealach níos gníomhaí agus níos rathúla, trí imeachtaí coiriúla nó sibhialta bunaithe ar imscrúduithe airgeadais. D’ainneoin an tiomantais sin agus an dul chun cinn sin, níor tugadh aghaidh go hiomlán fós ar na hábhair imní as ar eascair liostú Ghiobráltar ag FATF. Dá bhrí sin, ba cheart Giobráltar a mheas a bheith ina dhlínse tríú tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(8)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne Poblacht Dhaonlathach an Chongó gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus leis an ‘Groupe d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique Centrale’ (GABAC), comhlacht réigiúnach ar aon stíl le FATF, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Ó glacadh tuarascáil meastóireachta frithpháirtí Poblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Dheireadh Fómhair 2020, tá dul chun cinn déanta ag Poblacht Dhaonlathach an Chongó maidir le roinnt de na gníomhaíochtaí a mholtar sa tuarascáil meastóireachta frithpháirtí, lena n-áirítear tosaíocht beartais a dhéanamh d’fháltais ó choireacht a choigistiú. Oibreoidh Poblacht Dhaonlathach an Chongó chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) bailchríoch a chur ar an Measúnú Riosca Náisiúnta maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus straitéis náisiúnta AML/CFT a ghlacadh; (2) údaráis mhaoirseachta a ainmniú le haghaidh gach earnáil DNFBP, agus plean maoirseachta rioscabhunaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme; (3) acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, agus cur lena chumas chun anailís oibríochtúil agus straitéiseach a dhéanamh; (4) cumais na n-údarás a bhfuil baint acu le himscrúdú agus ionchúiseamh sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a neartú; agus (5) cur chun feidhme éifeachtach Smachtbhannaí Maoinithe Sceimhlitheoireachta agus Airgeadais Spriocdhírithe a bhaineann le Maoiniú Leata a léiriú. D’ainneoin an tiomantais sin agus an dul chun cinn sin, níor tugadh aghaidh go hiomlán fós ar na hábhair imní as ar eascair liostú Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ag FATF. Dá bhrí sin, ba cheart Poblacht Dhaonlathach an Chongó a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(9)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne Mósaimbíc gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ESAAMLG) chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ó glacadh tuarascáil meastóireachta frithpháirtí Mhósaimbíc i mí Aibreáin 2021, tá dul chun cinn déanta ag Mósaimbíc maidir le roinnt gníomhaíochtaí a mholtar sa tuarascáil meastóireachta frithpháirtí chun a córas a fheabhsú, lena n-áirítear trína Measúnú Riosca Náisiúnta a thabhairt chun críche agus trína hiarrachtaí coigistithe sócmhainní a neartú. Oibreoidh Mósaimbíc chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) comhar agus comhordú i measc na n-údarás ábhartha a áirithiú chun straitéisí agus beartais AML/CFT rioscabhunaithe a chur chun feidhme; (2) oiliúint a thabhairt do gach Údarás Forfheidhmithe Dlí maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach chun feabhas a chur ar bhailiú fianaise nó ar urghabháil/choigistiú fáltas ó choireacht; (3) acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur ar fáil do mhaoirseoirí, plean maoirseachta rioscabhunaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme; (4) acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na húdaráis chun tús a chur le bailiú faisnéise leordhóthanaí, cruinne agus cothrom le dáta maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha; (5) acmhainní daonna an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a mhéadú chomh maith leis an bhfaisnéis airgeadais a sheoltar chuig na húdaráis a mhéadú; (6) cumas na nÚdarás Forfheidhmithe Dlí chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar chásanna ML/TF trí fhaisnéis airgeadais a úsáid a léiriú; (7) Measúnú Riosca cuimsitheach ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus tús a chur le straitéis chuimsitheach náisiúnta chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a chur i bhfeidhm; (8) feasacht a mhéadú maidir le Smachtbhannaí Maoinithe Sceimhlitheoireachta agus Airgeadais Spriocdhírithe a bhaineann le Maoiniú Leata; agus (9) an measúnú riosca ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta d’Eagraíochtaí Neamhbhrabúis a dhéanamh i gcomhréir le Caighdeáin FATF agus é a úsáid mar bhonn chun plean for-rochtana a fhorbairt. D’ainneoin an tiomantais sin agus an dul chun cinn sin, níor tugadh aghaidh go hiomlán fós ar na hábhair imní as ar eascair liostú Mhósaimbíc ag FATF. Dá bhrí sin, ba cheart Mósaimbíc a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(10)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne an Tansáin gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le ESAAMLG chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ó glacadh tuarascáil meastóireachta frithpháirtí na Tansáine i mí Aibreáin 2021, tá dul chun cinn déanta ag an Tansáin maidir le roinnt gníomhaíochtaí a mholtar sa tuarascáil meastóireachta frithpháirtí chun a córas a fheabhsú, lena n-áirítear trí chreat dlíthiúil do Smachtbhannaí Maoinithe Sceimhlitheoireachta agus Airgeadais Spriocdhírithe a fhorbairt agus trí anailís straitéiseach an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a scaipeadh. Oibreoidh an Tansáin chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) feabhas a chur ar mhaoirseacht rioscabhunaithe ar Institiúidí Airgeadais agus ar DNFBPanna, lena n-áirítear trí chigireachtaí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus trí smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm maidir le neamhchomhlíonadh; (2) cumas na n-údarás chun raon imscrúduithe agus ionchúiseamh sciúrtha airgid a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir le próifíl riosca na tíre a léiriú; (3) a léiriú go bhfuil bearta á ndéanamh ag na hÚdaráis Forfheidhmithe Dlí chun fáltais ón gcoireacht agus ionstraimeachtaí na coireachta a shainaithint, a rianú, a urghabháil agus a choigistiú; (4) Measúnú Riosca cuimsitheach ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus tús a chur le straitéis chuimsitheach náisiúnta chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a chur chun feidhme chomh maith le cumas a léiriú imscrúduithe ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus ionchúisimh a dhéanamh i gcomhréir le próifíl riosca na tíre; (5) feasacht na hearnála príobháidí agus na n-údarás inniúil a mhéadú maidir le Smachtbhannaí Maoinithe Sceimhlitheoireachta agus Airgeadais Spriocdhírithe a bhaineann le Maoiniú Leata; agus (6) an measúnú riosca ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta d’Eagraíochtaí Neamhbhrabúis a dhéanamh i gcomhréir le Caighdeáin FATF agus é a úsáid mar bhonn chun plean for-rochtana a fhorbairt. D’ainneoin an tiomantais sin agus an dul chun cinn sin, níor tugadh aghaidh go hiomlán fós ar na hábhair imní as ar eascair liostú na Tansáine ag FATF. Dá bhrí sin, ba cheart an Tansáin a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(11)

Dá bhrí sin, is é conclúid mheasúnú an Choimisiúin gur cheart Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a mheas a bheith ina ndlínsí tríú tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais AML/CFT, ar easnaimh iad atá ina mbagairtí suntasacha ar chóras airgeadais an Aontais, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(12)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha na dtíortha a liostaíodh i Rialachán (AE) 2016/1675 ach a dhíliostaigh FATF i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair 2022. Chun an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a thabhairt cothrom le dáta mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib.

(13)

Is díol sásaimh do FATF an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib maidir lena gcórais AML/CFT faoi seach a fheabhsú. Thug FATF dá aire gur bhunaigh Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib na creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a shainaithin FATF. Dá bhrí sin, níl Nicearagua, an Phacastáin ná an tSiombáib faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta AML/CFT. Ba cheart do Nicearagua leanúint de bheith ag obair le ‘Grupo de Acción Financiera de Latinoamérica’ (GAFILAT), comhlacht réigiúnach ar aon stíl le FATF, chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil a maoirseacht ar eagraíochtaí neamhbhrabúis rioscabhunaithe agus i gcomhréir le Caighdeáin FATF. Leanfaidh an Phacastáin de bheith ag obair le Grúpa na hÁise agus an Aigéin Chiúin, an Comhlacht Réigiúnach ar aon stíl le FATF, chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh. Ba cheart don tSiombáib leanúint de bheith ag obair le ESAAMLG chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil a maoirseacht ar eagraíochtaí neamhbhrabúis rioscabhunaithe agus i gcomhréir le Caighdeáin FATF.

(14)

De bharr mheasúnú an Choimisiúin ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil easnaimh straitéiseacha ag Nicearagua, ag an bPacastáin ná ag an tSiombáib a thuilleadh ina gcórais AML/CFT. Neartaigh Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib éifeachtacht a gcórais AML/CFT agus thug siad aghaidh ar easnaimh theicniúla ghaolmhara chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a shainaithin FATF.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“Uimh.

Tríú tír ardriosca (1)

1

An Afganastáin

2

Barbadós

3

Buircíne Fasó

4

An Chambóid

5

Oileáin Cayman

6

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

7

Giobráltar

8

Háítí

9

Iamáice

10

An Iordáin

11

Mailí

12

Maracó

13

Mósaimbíc

14

Maenmar

15

Panama

16

Na hOileáin Fhilipíneacha

17

An tSeineagáil

18

An tSúdáin Theas

19

An tSiria

20

An Tansáin

21

Oileán na Tríonóide agus Tobága

22

Uganda

23

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

24

Vanuatú

25

Éimin


(1)  Sin perjuicio de la posición jurídica del Reino de España con respecto a la soberanía y la jurisdicción en relación con el territorio de Gibraltar.”.