24.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 59/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/409 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Samhain 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh, agus aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ón 16 Iúil 2022 ar aghaidh. |
(2) |
I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, maidir le leasachán neamhorgánach macrachothaitheach soladach aonábhair arb é cailciam an t-aon mhacrachothaitheach a bhfuil sé dearbhaithe é a bheith ann, tá ar a laghad 12 % de réir maise cailciam le bheith ann a shloinntear mar ocsaíd chailciam. |
(3) |
Le Rialachán (AE) 2020/1666 ón gCoimisiún (3) leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 trí chailciam crágach d’aigéad imínidéshucsanach (Ca-IDHA) a thabhairt isteach mar chineál nua leasachán CE. Is é 9 % ocsaíd chailciam an íoschainníocht cothaitheach sa leasachán sin. |
(4) |
Is leasachán é CA-IDHA a sholáthraíonn an macrachothaitheach cailciam do phlandaí. Agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha lena n-áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, fuarthas amach go bhfuil leasacháin CE den chineál sin éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de. Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun an fhorbairt theicniúil a tharlaíonn tar éis a ghlactha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair a ísliú ó 12 % go 9 %. Dá n-ísleofaí an íoschainníocht ocsaíde cailciam, thabharfaí isteach an cineál sin leasacháin i raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú agus, ar an gcaoi sin, d’éascófaí a shaorghluaiseacht sa mhargadh aonair. Tá an t-oiriúnú sin nasctha le critéir éifeachtúlachta agranamaíche na leasachán, agus ní laghdaítear leis na caighdeáin arda maidir le sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid II, in PFC 1(C)(I)(a)(i), pointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
“(e) |
9 % de réir maise d’ocsaíd chailciam iomlán (CaO),”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.