15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/29 |
RIALACHÁN (AE) 2023/334 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Feabhra 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a), Airteagal 18(1)(b) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás clóitiainídine agus tiaimeatocsam leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’) athbhreithniú ar na MRLanna sin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2) agus mhol sé MRLanna a fuarthas a bheith sábháilte do thomhaltóirí. Le Rialachán (AE) 2016/156 ón gCoimisiún (3) cuireadh na MRLanna sin isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Bhí roinnt de na MRLanna sin bunaithe ar uasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) agus cuireadh isteach iad cheana féin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 trí leasuithe a rinneadh roimhe sin (4). |
(2) |
An 11 Iúil 2015 (5) ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius (CAC) tacar nua CXLanna le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam. Ós rud é gur mheas an tÚdarás go raibh siad sábháilte do thomhaltóirí san Aontas (6), cuireadh isteach iad i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le Rialachán (AE) Uimh. 2017/671 ón gCoimisiún (7). |
(3) |
Cuireadh clóitiainídin agus tiaimeatocsam isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (8) an 1 Lúnasa 2006 agus an 1 Feabhra 2007, faoi seach, agus dá bhrí sin, roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Leis na measúnuithe riosca is déanaí (10) ,) ( (11) le haghaidh beach a rinne an tÚdarás faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le nochtadh do na substaintí sin fuarthas, mar gheall ar a n-airíonna intreacha, go mbaineann rioscaí do-ghlactha do bheacha de dheasca clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer, nó nach bhféadfaí na rioscaí sin a chur as an áireamh ar bhonn na sonraí atá ar fáil. Dá bhrí sin, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/784 (12) agus 2018/785 ón gCoimisiún (13) cuireadh srian le formheas clóitiainídine agus tiaimeatocsam, faoi seach, chun nach n-úsáidfear iad ach i dtithe gloine buana, agus ceanglaíodh leo go bhfanfadh na barra i gceist i dteach gloine buan ar feadh a saolré iomláine. |
(4) |
Tar éis ghlacadh na srianta sin, tarraingíodh siar gach iarratas ar fhormheas na substaintí gníomhacha clóitiainídin agus tiaimeatocsam a athnuachan. Dá bhrí sin, chuaigh formheas clóitiainídine in éag an 31 Eanáir 2019 agus chuaigh formheas tiaimeatocsam in éag an 30 Aibreán 2019. |
(5) |
Ar bhonn mheasúnú riosca an Údaráis le haghaidh beach agus ar bhonn gach faisnéise ábhartha atá ar fáil, níl aon fhianaise ann faoi láthair a ligfeadh go measfaí go raibh aon úsáid a mbainfí as clóitiainídin ná as tiaimeatocsam amuigh faoin aer sábháilte do bheacha. Mar sin féin, féadfaidh táirgeoirí na substaintí, tráth ar bith, breis faisnéise a chur isteach, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ar faisnéis í a léiríonn sábháilteacht do bheacha i leith clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer. Dá gcuirfí isteach an fhaisnéis sin, dhéanfaí athbhreithniú uirthi laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Go dtí seo, níor cuireadh isteach aon fhaisnéis den sórt sin. |
(6) |
Tá baint dhíreach ag éifeachtaí díobhálacha clóitiainídine agus tiaimeatocsam ar bheacha le hairíonna intreacha na substaintí sin. Dá bhrí sin, ní dócha gur san Aontas amháin a bhfuil na rioscaí ann le haghaidh beach de dheasca úsáid na substaintí sin amuigh faoin aer. |
(7) |
Tá corpas suntasach fianaise ann a léiríonn go bhfuil ról tábhachtach ag substaintí gníomhacha ar neoinicitíonóidigh iad, amhail clóitiainídin agus tiaimeatocsam, sa mheath atá tagtha ar bheacha agus ar phailneoirí eile ar fud an domhain. An tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais maidir le pailneoirí, pailniú agus táirgeadh bia, tháinig sé ar an gconclúid sa tuarascáil mheasúnaithe uaidh in 2016 (14) go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag neoinicitíonóidigh (amhail clóitiainídin agus tiaimeatocsam) ar bheacha agus ar phailneoirí eile. Tá measúnú déanta ag an Tascfhórsa um Lotnaidicídí Sistéamacha de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) ar thionchar na neoinicitíonóideach ar an bhfiadhúlra ó bhí 2012 ann. Sa Mheasúnú Comhtháite Domhanda ar Thionchar Lotnaidicídí Sistéamacha ar Bhithéagsúlacht agus Éiceachórais (WIA), rinneadh scrúdú ar 1,121 staidéar eolaíoch agus léiríonn na torthaí go bhfuil na pobail pailneoirí an-leochaileach i leith na leibhéal truaillithe le neoinicitíonóidigh atá ann cheana agus gur dócha go mbeidh tionchair dhiúltacha bhitheolaíocha agus éiceolaíocha ar scála mór agus go forleathan acu (15). Comhthacaíodh an chonclúid seo le hathbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an eolas eolaíoch atá ann cheana, athbhreithniú a léirigh go bhfuil úsáid neoinicitíonóideach ina phríomhchúis leis an meath atá ar an bpobal pailneoirí i réigiúin éagsúla den domhain (16). |
(8) |
Ó cuireadh toirmeasc ar chlóitiainídin agus ar thiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer san Aontas, chuir roinnt tíortha lasmuigh den Aontas srian freisin ar clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid chun pailneoirí, lena n-áirítear beacha, a chosaint (17) , (18) , (19). Tá tíortha eile ag déanamh athmheastóireacht faoi láthair ar a bhformheas ar na substaintí gníomhacha sin (20) , (21) , (22). |
(9) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leagtar síos forálacha a bhaineann le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus beatha de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (23). I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán deireanach sin, le dlí an bhia saothrófar cuspóir ginearálta amháin nó níos mó i dtaca le hardleibhéal cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus cosaint leasanna na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chothroma i dtrádáil an bhia, agus cosaint sláinte agus folláine ainmhithe, cosaint sláinte plandaí agus cosaint an chomhshaoil á gcur san áireamh i gcás inarb iomchuí. |
(10) |
Is ábhar imní atá ag dul i méid ar fud an domhain é go bhfuil an meath ar na pailneoirí ina bhagairt thromchúiseach ar an mbithéagsúlacht dhomhanda, ar an gcomhshaol agus ar an bhforbairt inbhuanaithe, agus ar chothabháil na táirgiúlachta talmhaíochta agus na slándála bia. De réir an Tionscnaimh Idirnáisiúnta do Chaomhnú agus d’Úsáid Inbhuanaithe Pailneoirí de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (24), tá an pailniú ar cheann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a chur chun cinn, mar aon leis an saol ar domhan go ginearálta. Bíonn go leor éiceachóras, lena n-áirítear agrai-éiceachórais agus dhá thrian de na mórbharra bia, ag brath ar phailneoirí ó thaobh cáilíochta nó táirgeachta de. Éilíonn Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) go ndéanfar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar phríomhchúiseanna an mheatha ar phailneoirí ar mhaithe le táirgeadh inbhuanaithe domhanda bia (25). Bianna amhail torthaí, glasraí, cnónna agus síolta arb iad na príomhfhoinsí de mhicreachothaithigh is gá san aiste bia chun an baol a bhaineann le roinnt galar neamhtheagmhálach i ndaoine a chosc, bíonn siad ag brath go mór ar phailniú (26) , (27). Dá bhrí sin, tá pailneoirí tábhachtach chun éagsúlacht a áirithiú san aiste bia agus chun an bhagairt ar bhithéagsúlacht sa chomhshaol domhanda a laghdú. |
(11) |
Ós rud é gur ábhar imní idirnáisiúnta é an meath ar phailneoirí, ní mór don Aontas bearta a ghlacadh chun pobail pailneoirí ar fud an domhain, lena n-áirítear beacha, a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le substaintí gníomhacha, amhail na neoinicitíonóidigh clóitiainídin agus tiaimeatocsam. Ní leor an pobal pailneoirí a chaomhnú laistigh den Aontas amháin chun an meath domhanda ar phobail pailneoirí agus a éifeachtaí ar an mbithéagsúlacht, ar tháirgeadh talmhaíochta agus ar shlándáil bia, san Aontas freisin, a aisiompú. |
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, bhí MRLanna le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam bunaithe ar Dhea-Chleachtais Talmhaíochta (GAPanna) faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán sin, inar cuireadh san áireamh, go háirithe, gnéithe maidir le héifeachtúlacht chun lotnaidí plandaí a chomhrac, agus cosaint an chomhshaoil agus na sláinte poiblí i gcomhthéacs údarú úsáid na dtáirgí cosanta plandaí ina bhfuil na substaintí sin. Rinneadh na MRLanna a d’eascair as na GAPanna sin a mheas ina dhiaidh sin agus fuarthas go raibh siad sábháilte do thomhaltóirí san Aontas. Is iomchuí anois an fhreagairt rialála a bhí ann go dtí seo a chomhlánú trí ghnéithe den chomhshaoil a chomhtháthú níos fearr inti, agus aird faoi leith á tabhairt ar cé acu an áirithítear nó nach n-áirithítear cosaint leordhóthanach don chomhshaol leis na GAPanna a úsáideadh roimhe seo mar bhonn chun MRLanna a leagan síos, de réir an eolais atá ann faoi láthair. Na GAPanna ina n-úsáidtear clóitiainídin agus tiaimeatocsam amuigh faoin aer, níl siad inghlactha i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil atá ann faoi láthair, mar gheall ar an tionchar atá acu ar bheacha. Ó tharla go bhfuil meath ar phailneoirí ar fud an domhain, is gá a áirithiú freisin nach mbeidh iarmhair a eascraíonn ó GAPanna i dtráchtearraí a allmhairítear isteach san Aontas, ar GAPanna iad atá bunaithe ar úsáidí amuigh faoin aer de chlóitiainídin agus/nó tiaimeatocsam, ionas nach n-aistreofar éifeachtaí díobhálacha ar bheacha ó tháirgeadh bia san Aontas go táirgeadh bia in áiteanna eile ar domhan a allmhaireofar isteach san Aontas ansin (28). Is iomchuí sin chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a tháirgfear nó a chaithfear san Aontas saor ó chlóitiainídin agus ó thiaimeatocsam agus nach mbeidh baint ag an táirgeadh le mortlaíocht pailneoirí. Ina fhianaise sin, CXLanna atá bunaithe ar GAPanna nach mbaineann an leibhéal iomchuí cosanta amach don Aontas, níor cheart foráil a dhéanamh maidir leo a thuilleadh mar MRLanna de bhun Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(13) |
Thairis sin, cúlghaireadh gach údarú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóitiainídin agus/nó tiaimeatocsam san Aontas. Is iomchuí, dá bhrí sin, na MRLanna comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a scriosadh, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin i gcomhar le hAirteagal 14(1)(a). |
(14) |
Dá bhrí sin, agus na tosca uile a bhaineann leis an ábhar atá á mheas i gcomhréir le hAirteagal 14(2) á gcur san áireamh, arna léamh i bhfianaise Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceanglaítear nach ‘foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh’, ba cheart na MRLanna uile atá ann faoi láthair le haghaidh clóitiainídine agus/nó tiaimeatocsam mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí an Teorainn Chinnidh (LOD). |
(15) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le LODanna a d’fhéadfaí a bhaint amach go hanailíseach le haghaidh gach táirge. Ba cheart na LODanna sin a liostú in Iarscríbhinn V i gcomhréir le hAirteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(16) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
(18) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir ar bun i ndáil leis na táirgí sin a chomhlíonann na MRLanna atá ann cheana. |
(19) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh oibreoirí i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha is lú forbairt agus i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. Is féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh oiriúnú den sórt sin ar chleachtais talmhaíochta curtha i gcrích tar éis dhá shéasúr fáis ar a laghad. |
(20) |
Chun freastal ar riachtanais na trádála idirnáisiúnta, féadfar iarratais ar lamháltais allmhairiúcháin le haghaidh clóitiainídine nó tiaimeatocsam a chur isteach de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus ba cheart faisnéis ábhartha a sholáthar leo chun a léiriú go bhfuil na GAPanna atá i bhfeidhm maidir le húsáidí sonracha na substaintí gníomhacha sábháilte do phailneoirí. Dá gcuirfí isteach an fhaisnéis sin, dhéanfaí measúnú cás ar chás uirthi laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I gcomhthéacs an mheasúnaithe ar iarraidh ar lamháltas allmhairiúcháin, má chuireann iarratasóir fianaise eolaíoch ar fáil nach mbeidh tionchar díobhálach ag úsáid na neoinicitíonóideach sin ar phailneoirí, má chomhlíontar na ceanglais uile, d’fhéadfadh an Coimisiún lamháltas allmhairiúcháin a leagan síos. |
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcónaí mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas roimh an 7 Márta 2026.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 7 Márta 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2014. Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels (MRLs) for clothianidin and thiamethoxam according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás clóitiainídine agus tiaimeatocsam de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(12):3918, 120 lch. doi:10.2903/j.efsa.2014.3918.
(3) Rialachán (AE) 2016/156 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2016 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh boscailide, clóitiainídine, tiaimeatocsam, foilpéid agus tolclófos-meitile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe, IO L 31, 6.2.2016, lch. 1.
(4) Rialachán (AE) 441/2012 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2012 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh défheineasáite, défheintrine, boscailide, cadúsafos, clórantrainileapróil, clóratailinile, clóitiainídine, ciopróconasóil, deiltemheitrine, díceamba, défeanaconasóil, déineacap, eatocsasóil, feinpiorocsamáite, fluibeindé-aimíde, fluidhé-ocsainile, gliofosáite, meatalacsaile-M, meiptildéineacap, nóvalúrón, tiaimeatocsam agus trí-asafos i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 135, 25.5.2012, lch. 4).
(5) Clár comhpháirteach FAO/EDS um chaighdeáin bhia, an Coimisiún Codex Alimentarius. Foscríbhinní III agus IV. An tOchtú Seisiún is Tríocha. An Ghinéiv, an Eilvéis, an 6-11 Iúil 2015.
(6) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Scientific support for preparing an EU position in the 47th Session of the Codex Committee on Pesticide Residues (CCPR) [Tacaíocht eolaíoch chun seasamh ón Aontas Eorpach a ullmhú don 47ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(7):4208, 178 lch. doi: 10.2903/j.efsa.2015.4208.
(7) Rialachán (AE) 2017/671 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 97, 8.4.2017, lch. 9 ).
(8) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(10) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Peer review of the pesticide risk assessment for bees for the active substance clothianidin considering the uses as seed treatments and granules [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca le haghaidh beach maidir leis an substaint ghníomhach clóitiainídin i leith na n-úsáidí mar chóireálacha síl agus mar ghráiníní]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(2):5177.
(11) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Peer review of the pesticide risk assessment for bees for the active substance clothianidin considering the uses as seed treatments and granules [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca le haghaidh beach maidir leis an substaint ghníomhach tiaimeatocsam i leith na n-úsáidí mar chóireálacha síl agus mar ghráiníní]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(2):5179.
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/784 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí clóitiainídin (IO L 132, 30.5.2018, lch. 35).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/785 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí tiaimeatocsam (IO L 132, 30.5.2018, lch. 40).
(14) IPBES (2016). The assessment report of the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services on pollinators, pollination and food production. S.G. Potts, V. L. Imperatriz-Fonseca, agus H. T. Ngo (eagarthóirí). Rúnaíocht an Ardáin Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, Bonn, an Ghearmáin. 552 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.3402856.
(15) An Tascfhórsa um Lotnaidicídí Sistéamacha de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN), an Choimisiúin um Marthanas Speiceas (SSC) agus an Choimisiúin um Bainistiú Eiceachóras (CEM). Worldwide Integrated Assessment. Tiomsachán d’ailt maidir le taighde ar eolaíocht an chomhshaoil agus ar thruailliú ó irisí eolaíocha a rinneadh athbhreithniú piaraí orthu, imleabhar 22, eagrán 1, Eanáir 2015.
(16) Neonic Insecticides and Invertebrate Species Endangerment, Pierre Mineau. Module in Earth Systems and Environmental Sciences. 2021.
https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/B9780128211397001264.
(17) Gníomhaireacht Rialála Health Canada maidir le Bainistiú Lotnaidí. Re-evaluation Decision RVD2019-05, Clothianidin and Its Associated End-use Products: Pollinator Re-evaluation. Pest Management Regulatory Agency an 11 Aibreán 2019 ISSN: 1925-0886.
(18) Gníomhaireacht Rialála Health Canada maidir le Bainistiú Lotnaidí. Re-evaluation Decision RVD2019-04,. Thiamethoxam and Its Associated End-use Products: Pollinator Re-evaluation. Pest Management Regulatory Agency an 11 Aibreán 2019 ISSN: 1925-0886.
(19) Ministerio de Ganadería, Agricultura y Pesca de Paraguay. Resolución N° 503/019 DGSA Modificación de etiquetas para los Productos Fitosanitarios a base de los ingredientes activos Clotianidina, Imidacloprid, Tiametoxan y Clorpirifos. Nollaig 2019.
(20) Údarás na hAstráile maidir le Lotnaidicídí agus Táirgí Íocshláinte Tréidliachta. Reconsideration of Neonicotinoid Approvals and Registrations. Commonwealth of Australia Gazette Uimh. APVMA 23, Samhain 2019. https://apvma.gov.au/sites/default/files/apvma_gazette_23_19_november_2019.pdf.
(21) Údarás na Nua Shéalainne um Chaomhnú an Chomhshaoil. Application to decide whether there are grounds for reassessment of the neonicotinoids clothianidin, thiamethoxam, imidacloprid, thiacloprid, and acetamiprid (APP203949). Nollaig 2019. https://www.epa.govt.nz/assets/FileAPI/hsno-ar/APP203949/APP203949_Final_Neonicotinoids_Decision_16-12-2019.pdf.
(22) Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil. Proposed Interim Registration Review Decision Cás-Uimhreacha 7620 agus 7614. Uimhreacha Duillín EPA-HQ-OPP-2011-0865 agus EPA-HQ-OPP-2011-0581. Eanáir 2020.
(23) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia. IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(24) https://www.cbd.int/doc/decisions/cop-14/cop-14-dec-06-en.pdf.
(25) FAO. 2019. The State of the World’s Biodiversity for Food and Agriculture, J. Bélanger & D. Pilling (eagarthóirí). Measúnuithe ón gCoimisiún de chuid FAO maidir le hAcmhainní Géiniteacha do Bhia agus don Talmhaíocht. An Róimh. 572 lch. https://www.fao.org/3/CA3129EN/CA3129EN.pdf.
(26) Effects of decreases of animal pollinators on human nutrition and global health: a modelling analysis. MR Smith, GM Singh, D Mozaffarian, SS Myers. The Lancet 386, Eagrán 10007; 2015. doi: 10.1016/S0140-6736(15)61085-6.
(27) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. COM (2021) 44. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=COM%3A2021%3A44%3AFIN.
(28) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol]. COM (2020) 381. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0381.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II scriostar na colúin le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam. |
(2) |
in Iarscríbhinn V cuirtear isteach na colúin le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(*) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I”