13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/315 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a mhéid a bhaineann leis an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh cineálacha áirithe conarthaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205 (2), (AE) 2016/592 (3) agus (AE) 2016/1178 (4) ón gCoimisiún sonraítear, i measc nithe eile, na dátaí óna mbeidh éifeacht ag na hoibleagáidí imréitigh le haghaidh conarthaí a bhaineann le haicmí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin Tharmligthe sin. In Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, pointe (a) de na Rialacháin Tharmligthe sin tá dátaí iarchurtha chur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas. Bhí gá leis na dátaí iarchurtha cur chun feidhme sin chun a áirithiú nach raibh na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin faoi réir na hoibleagáide imréitigh sular glacadh gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(2)

Go dtí seo, níor glacadh aon ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil leis an oibleagáid imréitigh. Maidir le cur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas gan an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ghlacadh, bheadh tionchar díobhálach eacnamaíoch ag an gcur i bhfeidhm sin ar chontrapháírtithe an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar laistigh de ghrúpa le contrapháirtí tríú tír a chur siar tuilleadh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a leasú dá réir.

(4)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Is coigeartuithe teoranta ar an gcreat rialála atá ann cheana iad na leasuithe ar Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178. I bhfianaise raon feidhme teoranta na leasuithe sin agus a phráinní atá an cás, bheadh sé thar a bheith díréireach do ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte nó anailísí poiblí a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo. Mar sin féin d’iarr ESMA comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus chuaigh sé i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(6)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 314, 1.12.2015, lch. 13).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592 ón gCoimisiún an 1 Márta 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 103, 19.4.2016, lch. 5).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 195, 20.7.2016, lch. 3).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).