|
13.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/2 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/314 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe riosca áirithe maidir le malartú comhthaobhachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 11(15) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún (2) sonraítear, i measc nithe eile, na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear leibhéil agus cineál na comhthaobhachta mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a cheanglaítear ar chontrapháirtithe airgeadais a bheith acu le haghaidh malartú comhthaobhachta, i ndáil lena gconarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 36(2), pointe (a), agus Airteagal 37(3), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 do dháta iarchurtha maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas corrlaigh déthaobhach le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach agus a dtugtar i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas. Bhí gá leis an dáta cur i bhfeidhm iarchurtha sin chun a áirithiú nach raibh na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin faoi réir na gceanglas corrlaigh déthaobhach sular glacadh gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
|
(3) |
Go dtí seo, glacadh ocht ngníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Mar sin féin, tá iarrachtaí á ndéanamh fós chun anailís a dhéanamh ar aon dlínse ábhartha eile tríú tír a bhféadfadh údar a bheith le haon ghníomh cur chun feidhme den sórt sin ina leith. Dá gcuirfí i bhfeidhm láithreach na ceanglais éarlaise dhéthaobhacha le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach agus a thugtar i gcrích idir contrapháirtithe ar cuid den ghrúpa céanna iad agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas gan gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ghlacadh, bheadh tionchair eacnamaíocha dhíobhálacha aige sin ar chontrapháirtithe an Aontais, áfach. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na gceanglas éarlaise déthaobhach le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach laistigh de ghrúpa a chur siar tuilleadh. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha) faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(6) |
Tá na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ina gcoigeartuithe teoranta ar an gcreat rialála atá ann faoi láthair. I bhfianaise raon feidhme teoranta na leasuithe sin agus a phráinní atá an t-ábhar, bheadh sé an-díréireach do ÚMEanna comhairliúcháin phoiblí oscailte nó anailísí poiblí a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo. Mar sin féin, d’iarr na ÚMEanna tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(7) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 36(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(2) |
in Airteagal 37(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 340, 15.12.2016, lch. 9).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).