9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 39/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/267 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2023

lena n-údaraítear cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus atá curtha ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. Ar bhonn an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c), den Rialachán sin, meastar gur bia núíosach bia traidisiúnta ó thríú tír.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 28 Márta 2019, chuir an chuideachta DOMENICODELUCIA SPA (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin go raibh rún aici cnónna Canarium ovatum Engl. a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Chuir an t-iarratasóir iarraidh isteach i leith cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. lena dtomhailt sa riocht sin ag an bpobal i gcoitinne.

(4)

Comhlíonann an fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Go sonrach, sna sonraí a chuir an t-iarratasóir i láthair, léiríodh go bhfuil stair úsáid an bhia shláin ag cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. sna hOileáin Fhilipíneacha.

(5)

De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 13 Nollaig 2021 chuir an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

(6)

Maidir leis an mbia lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor cuireadh aon agóid chuí-réasúnaithe i ndáil le sábháilteacht faoi bhráid an Choimisiúin ó na Ballstáit ná ón Údarás laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

An 13 Bealtaine 2022, d’fhoilsigh an tÚdarás an Tuarascáil theicniúil uaidh maidir le fógra a thabhairt faoi cnónna Canarium ovatum Engl. mar bhia traidisiúnta ó thríú tír (3). Sa tuarascáil sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach cúis imní sábháilteachta iad na sonraí atá ar fáil maidir le comhdhéanamh cnónna Canarium ovatum Engl. ná maidir le stair na húsáide a iarrtar ina leith.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar bhia traidisiúnta ó thríú tír, agus liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(9)

Sa tuarascáil uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin, ar bhonn na fianaise teoranta a foilsíodh maidir le hailléirge bhia a bhaineann le cnónna Canarium ovatum Engl., gur féidir coinne a bheith le frithghníomhuithe ailléirgeacha tar éis cnónna Canarium ovatum Engl. a thomhailt. Go sonrach, léiríodh i staidéir gur ann do thrasimoibríocht in vitro i leith cnónna Canarium ovatum Engl. le caisiú agus gallchnó. Maidir le bianna atá ann a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha, tá sé tábhachtach go dtabharfaí faisnéis ina leith go soiléir, chun go mbeidh na tomhaltóirí in ann roghanna feasacha a dhéanamh atá sábháilte dóibh. Dá bhrí sin, maidir le cnónna Canarium ovatum Engl. a chuirtear ar fáil don tomhaltóir, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(10)

Ba cheart cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. a chur mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Cuirfear cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)   EFSA Supporting Publications [Foilseacháin Tacaíochta EFSA] 2022:EN-7314.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

“Cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl.

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é “cnónna Canarium ovatum” agus/nó “cnónna pili” agus/nó “cnónna pili (Canarium ovatum)” an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl., beidh ráiteas á rá go bhféadfadh na cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl. a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le caisiú agus gallchnó. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar nó, in éagmais liosta comhábhar, díreach taobh le hainm an bhia.”

 

Níl sé sonraithe

 

(2)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

“Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Cnónna triomaithe Canarium ovatum Engl.

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é atá sa bhia traidisiúnta na cnónna triomaithe neamhrósta Canarium ovatum Engl. (fine: Burseraceae) ar a dtugtar cnónna Pili de ghnáth. Ní fhaightear cnónna Pili ach amháin ó phlandaí Canarium ovatum Engl. de na cineálacha Laysa, Magnaye, M. Orolfo, Lanuza agus Magayon, agus is féidir iad a chur ar an margadh leis an mblaosc nó gan í. Is í eithne an chnó an chuid inite de.

Raon tipiciúil an chomhdhéanaimh:

 

Saill: 57-73 %

 

Próitéin: 11-15 %

 

Uisce: 1-5 %

 

Carbaihiodráití: 8-16,5 %

 

Luaith: 2,8-3,4 %

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Múscáin agus giostaí: ≤ 100 CFU/g

 

Áireamh coilíneachtaí iomlán ag 30 °C: ≤ 10 000 CFU/g

 

Baictéir dhrólannacha: ≤ 100 CFU/g

 

Escherichia coli: ≤ 10 CFU/g

 

Staphylococcus aureus: Gan bheith ann in 25 g

 

Salmonella spp.: Gan bheith ann in 25 g

 

Listeria monocytogenes: Gan bheith ann in 25 g

 

Anaeróib a dhí-ocsaídíonn an tsuilfít: ≤ 10 CFU/g

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta”