|
13.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 100/99 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/254 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le rialacha teicniúla áirithe maidir le bainistiú cuótaí rátaí taraife
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 35 an 7 Feabhra 2023 )
Ar leathanach 6 in Airteagal 2, an tríú mír, pointe (a):
in ionad:
|
“(a) |
Beidh feidhm ag Airteagal 1(2), pointí (3)(b)(i) agus (ii), agus (3)(c)(i) agus (ii), agus pointe (6) den Iarscríbhinn ón gcéad lá den tréimhse 90 lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an gcéad tréimhse iarratais a osclaíodh tar éis na tréimhse sin;”, |
léitear:
|
“(a) |
Beidh feidhm ag Airteagal 1(2), pointí (3)(b)(i) agus (ii), agus (3)(c)(i) agus (ii), agus pointe (6) den Iarscríbhinn ón gcéad lá tar éis na tréimhse 90 lá a thagann i ndiaidh fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an gcéad tréimhse iarratais a osclaíodh tar éis na tréimhse sin;”. |