4.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 32/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/251 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 833/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh 833/2014 ón gComhairle (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, agus Airteagal 7a go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. |
(2) |
Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle. (2) |
(3) |
Le Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle (3) tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna gcomhaontú ag an gComhghuaillíocht Caidhpeanna Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Ba cheart, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a theorannú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú ag an am céanna. |
(4) |
Le Cinneadh (CBES) 2022/2369 ón gComhairle (4) an 3 Nollaig 2022 tugadh isteach caidhp phraghais ina Iarscríbhinn XI, is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, a sholáthar. |
(5) |
An 4 Feabhra 2023 le Cinneadh (CBES) 2023/252 ón gComhairle (5) leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES chun dhá chaidhp phraghais bhreise ar tháirgí peitriliam a thabhairt isteach ina Iarscríbhinn XI, ceann amháin le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear agus amhola ar lascaine (“amhola ar lascaine”) agus an dara ceann le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear agus amhola ar biseach (“ola phréimhe go hamhola”), is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá táirgí peitriliam ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, a sholáthar. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(2) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259 I, 6.10.2022, lch.122).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/2369 ón gComhairle an 3 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíochobhsú staid na hÚcráine (IO L 311 I, 3.12.2022, lch. 8).
(5) Cinneadh (CBES) 2023/252 ón gComhairle an 4 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 32 I, 4.2.2023, lch. 11).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
scriostar an téacs seo a leanas: “[tábla le cóid AC na dtáirgí agus praghsanna comhfhreagracha mar a chomhaontaigh Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais]” |
(2) |
cuirtear an fotheideal seo a leanas leis an tábla: “Praghas ar amhola” |
(3) |
cuirtear an fotheideal agus an tábla seo a leanas léi: “Praghsanna ar tháirgí peitriliam
|