2.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 30/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/216 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2023

lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach íseal-riosca Trichoderma atroviride AGR2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Aibreán 2018, fuair an Fhrainc iarratas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Agrolor ar fhormheas na substainte gníomhaí Trichoderma atroviride AGR2.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin, an 5 Meitheamh 2018 thug an Fhrainc, ina cáil mar Bhallstát rapporteur, fógra do na hiarratasóirí, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

An 23 Meitheamh 2020, tar éis measúnú a dhéanamh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an Ballstát rapporteur dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis.

(4)

De bhun Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás.

(6)

An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapporteur, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é i bhformáid dréacht-tuarascála maidir le measúnú a tugadh cothrom le dáta.

(7)

Conclúid an Údaráis (2) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride AGR2 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás an chonclúid sin a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 20 Eanáir 2022. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal.

(8)

An 14 Iúil 2022 chuir an Coimisiún tuarascáil maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AGR2 agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha i leith na tuarascála maidir le hathbhreithniú a chur isteach. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(10)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, ar úsáid í a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach íseal-riosca é Trichoderma atroviride AGR2 de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní miocrorgánach arb údar imní é Trichoderma atroviride AGR2 agus comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 5.2., a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Dá bhrí sin, is iomchuí Trichoderma atroviride AGR2 a fhormheas mar shubstaint ghníomhach íseal-riosca.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá coinníollacha áirithe a chur san áireamh.

(14)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 22(2) de, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí

Formheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride AGR2, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I í, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride tréithchineál AGR2: EFSA Journal [Iris EFSA], 2022;20(3):7199 DOI: 10.2903/j.efsa.2022.7199. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Trichoderma atroviride AGR2

ní bhaineann le hábhar

Is é cion ainmniúil Trichoderma atroviride AGR2 sa táirge agus san ullmhóid theicniúil: Íoschion: 5 x 1011 CFU/kg

Cion ainmniúil: 1 x 1012 CFU/kg

Uaschion: 1 x 1013 CFU/kg Gan aon eisíontas ábhartha

22 Feabhra 2023

21 Feabhra 2038

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AGR2, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear é ar bhonn tráchtála a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear tréithriú iomlán meitibilítí tánaisteacha ábhartha,

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go meastar gur íogróirí féideartha iad miocrorgánaigh iontu féin. D’fhéadfaí a mholadh go n-úsáidfí TCP/TCR chun teagmháil dheirmeach agus ionanálaithe a laghdú.


(1)  Leis an tuarascáil maidir le hathbhreithniú soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

“42

Trichoderma atroviride AGR2

ní bhaineann le hábhar

Is é cion ainmniúil Trichoderma atroviride AGR2 sa táirge agus san ullmhóid theicniúil: Íoschion: 5 x 1011 CFU/kg

Cion ainmniúil: 1 x 1012 CFU/kg

Uaschion: 1 x 1013 CFU/kg Gan aon eisíontas ábhartha

22 Feabhra 2023

21 Feabhra 2038

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AGR2, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear é ar bhonn tráchtála a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear tréithriú iomlán meitibilítí tánaisteacha ábhartha,

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go meastar gur íogróirí féideartha iad miocrorgánaigh iontu féin. D’fhéadfaí a mholadh go n-úsáidfí TCP/TCR chun teagmháil dheirmeach agus ionanálaithe a laghdú.”


(1)  Leis an tuarascáil maidir le hathbhreithniú soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.