30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/186 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. I bhfianaise faisnéis nua agus iarrataí nua a fuair an Coimisiún ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an liosta sin.

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.”, iarraidh a ndearna an Coimisiún a scrúdú uirthi, chun a aitheantas do chatagóir táirgí A maidir leis an bPoblacht Dhoiminiceach, Guatamala agus an tSalvadóir a tharraingt siar de bharr easpa oibreoirí.

(3)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “EKO-CONTROL SK s.r.o.”, iarraidh a ndearna an Coimisiún scrúdú uirthi, chun a aitheantas maidir leis na tíortha uile a bhfuil sé aitheanta ina leith a tharraingt siar.

(4)

Níor sholáthair “LETIS S.A.” ina thuarascáil bhliantúil, ná tar éis iarrataí ina dhiaidh sin, faisnéis nuashonraithe maidir leis an tuarascáil mheasúnaithe arna heisiúint ag a chomhlacht creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (3) maidir le táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte agus algaí a bhfuil sé aitheanta ina leith.

(5)

Thairis sin, níor chuir “LETIS S.A.” gach faisnéis a bhaineann lena shainchomhad teicniúil in iúl don Choimisiún.

(6)

Chomh maith leis sin, ní dhearna “LETIS S.A.” bearta ceartaitheacha leormhaithe mar fhreagairt ar chásanna neamhchomhlíonta agus sáruithe maidir leis na rialacha i dtaca le táirgeadh orgánach a bhreathnaigh an Coimisiún. Áirítear an méid seo a leanas ar an neamhchomhlíonadh agus na sáruithe a breathnaíodh: (i) roinnt fógraí OFIS a bhaineann leis an gcomhlacht rialaithe sin; agus (ii) imscrúduithe leantacha neamhleora a rinne “LETIS S.A.” maidir leis na fógraí OFIS sin.

(7)

Ar deireadh, tar éis an iniúchta ar “LETIS S.A.” a rinne an Coimisiún in 2021, níor léirigh “LETIS S.A.” gur chuir sé bearta rialaithe éifeachtacha agus treisithe chun feidhme ná go ndearna sé na gníomhaíochtaí ceartaitheacha ba ghá chun na heasnaimh a shainaithin an Coimisiún a réiteach. Fágann sé sin go bhfuil baol ann go gcuirfí tomhaltóirí amú maidir le fíorchineál na dtáirgí arna ndeimhniú ag “LETIS S.A.”.

(8)

Ar gach ceann de na ceithre chúis a leagtar amach in aithrisí (4)-(7) thuas, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (d)(ii), (iii), (v) agus (vii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (4), ba cheart “LETIS S.A.” a tharraingt siar ón liosta údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(9)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).

(3)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

san iontráil le haghaidh “Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.”, in ionad phointe 3 cuirtear an méid seo a leanas:

“3.

Na códuimhreacha, na tríú tíortha agus na catagóirí táirgí lena mbaineann:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

CO-BIO-104

An Cholóim

x

x

DO-BIO-104

An Phoblacht Dhoiminiceach

GT-BIO-104

Guatamala

MX-BIO-104

Meicsiceo

x

x

x

SV-BIO-104

An tSalvadóir

—”

(2)

scriostar an iontráil le haghaidh “EKO-CONTROL SK s.r.o.”;

(3)

scriostar an iontráil le haghaidh “LETIS S.A.”;