|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/181 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Meitheamh 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir tacaíochta náisiúnta in earnáil na fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 53 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 63(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Fraincise, Gréigise, Laitvise, Máltaise, Seicise, Slóivéinise agus Ungáirisede Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 (3) ón gCoimisiún tá earráidí in Airteagal 53(2), an chéad fhomhír, a mhéid a bhaineann le mionathraithe ar oibríochtaí tairbhithe agus incháilitheacht aon chuid den oibríocht agus a cuspóirí foriomlána. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba ceart na leaganacha Bulgáirise, Fraincise, Gréigise, Laitvise, Máltaise, Seicise, Slóivéinise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta san earnáil fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).