26.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 24/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/170 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Eanáir 2023

lena mbunaítear an teimpléad le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí don chlárthréimhse 2021-2027, de bhun Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (1), agus go háiritheAirteagal 30(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Chistí Gnóthaí Baile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), in éineacht le Rialacháin (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus (AE) 2021/1148 (4) agus Rialachán (AE) 2021/1149 (“Rialacháin Ciste- shonracha”), lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí agus an Ciste Slándála Inmheánaí faoi seach, creat le haghaidh cistithe ón Aontas a rannchuidíonn le forbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

(2)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1060, agus go háirithe Airteagal 41(7) de, ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach cláir i gcomhréir leis na Rialacháin Ciste-shonracha.

(3)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an tuairiscithe bhliantúil agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don Choimisiún comhsheasmhach agus inchomparáide, leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1149 an gá atá le teimpléad a bhunú le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

(4)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá Éire rannpháirteach i Rialachán (AE) 2021/1149, agus tá an Rialachán sin ina cheangal ar Éirinn. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal ar Éirinn.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i Rialachán (AE) 2021/1149 agus níl an Rialachán sin ina cheangal ar an Danmhairg. Dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(6)

D’fhonn ligean do na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras agus d’fhonn a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur chun feidhme na gclár, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo an teimpléad le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/1149.

Tá an teimpléad leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 251, 15.7.2021, lch. 94.

(2)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.

(3)   IO L 251, 15.7.2021, lch. 1.

(4)   IO L 251, 15.7.2021, lch. 48.


IARSCRÍBHINN

Teimpléad le haghaidh na Tuarascála Bliantúla ar Fheidhmíocht ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/1149

AITHEANTAS

CCI

 

Teideal

 

Leagan

 

An bhliain chuntasaíochta

 

An dáta a d’fhormheas an coiste faireacháin an tuarascáil

 

1.   FEIDHMÍOCHT

1.1.   Dul chun cinn ar an gcur chun feidhme — Airteagal 30(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1149

I gcás gach cuspóra ar leith, tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí don bhliain chuntasaíochta, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh. Tagraíonn sé seo do na sonraí carnacha a cuireadh ar fáil faoin 31 Iúil den bhliain roimh an mbliain a gcuirtear an tuarascáil isteach.

Laistigh de gach cuspóir sonrach, b’fhearr go mbeadh an fhaisnéis faoin dul chun cinn bunaithe ar na bearta cur chun feidhme, ar ghníomhaíochtaí táscacha agus ar thorthaí inmhianaithe a shainaithnítear sa chlár.

Ina theannta sin, tabhair tuairisc ar aon chéim a glacadh agus ar ghníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme na comhpháirtíochta de réir Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 000 carachtar

1.2.   Saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht — Airteagal 30(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1149

I gcás gach sainchuspóra, tabhair tuairisc ar ar aon saincheist a bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht an chláir le linn na bliana cuntasaíochta agus ar aon ghníomh a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu.

Nuair is féidir agus nuair is ábhartha, moltar duit idirdhealú a dhéanamh idir saincheisteanna a bhaineann le:

tearcthuairisciú ar éachtaí (1);

socrú spriocanna (2);

moilleanna nós imeachta agus acmhainn riaracháin (3);

athruithe comhthéacsúla (4);

dearadh agus/nó cur chun feidhme na n-oibríochtaí (5); agus

aon ábhar eile.

Tabhair tuairisc ar aon athrú ar straitéis nó ar chuspóirí náisiúnta, nó ar aon fhachtóir a bhféadfadh athruithe a bheith mar thoradh orthu sa todhchaí, chomh maith leis na modhnuithe ar na spriocanna a mheastar de réir na modheolaíochta chun an creat feidhmíochta a bhunú, modhnuithe atá ann de bharr na n-athruithe sin.

Cuir san áireamh faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe a thabharfaidh an Coimisiún maidir le himeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus atá nasctha le cur chun feidhme an chiste.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 000 carachtar

1.3.   Bearta maolaithe sonracha

Más ábhartha, tabhair tuairisc go hachomair ar an gcaoi ar chuidigh gníomhaíochtaí an chláir le maolú a dhéanamh ar éifeachtaí aon athrú comhthéacsúil ábhartha agus tobann ar eascair bagairtí slándála gan choinne as. Nuair is féidir, déan tagairt do mhéid na n-acmhainní a ath-imscartar chun na críche sin, agus do na haschuir agus na torthaí gaolmhara a baineadh amach.

Tabhair aird ar leith ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na bagairtí slándála gan choinne a mhaolú agus a bhféadfaí nach mbeadh a ngnóthachtáil gafa go hiomlán ag na comhtháscairí aschuir agus toraidh.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

1.4.   Tacaíochta oibriúcháin, 16(3) de Rialachán (AE) 2021/1149

Má úsáideadh tacaíocht oibriúcháin le linn na bliana cuntasaíochta, tabhair tuairisc ar an gcaoi ar chuidigh sé le cuspóirí an chiste a bhaint amach (6).

Má bhíonn costas iomlán carnach incháilithe na tacaíochta oibriúcháin le haghaidh na n-oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta níos mó ná 20 % de leithdháileadh iomlán an chláir ag deireadh na bliana cuntasaíochta, mínigh na cúiseanna. Ina theannta sin, má tá riosca ann go sárófar an tairseach faoi dheireadh na clárthréimhse, tabhair tuairisc ar na bearta atá beartaithe chun é a mhaolú.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

1.5.   Gníomhartha sonracha (7)

Tabhair tuairisc ar phríomhéachtaí aon ghníomh sonrach a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta, agus ar an gcaoi a rannchuidigh siad le cuspóirí an chláir a bhaint amach agus le breisluach an Aontais a ghiniúint (8).

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar tháinig na gníomhartha aonair chun cinn, ó thaobh nósanna imeachta de (9) agus go hoibríochtúil (10) agus tarraing aird ar aon saincheist a dhéanann difear dá bhfeidhmíocht, go háirithe aon riosca tearc-chaiteachais.

Más ábhartha, déan an t-eolas seo a bhriseadh síos go leibhéal an tionscadail. Má táthar ag súil le haon imeacht ón bpleanáil bhunaidh, mínigh na cúiseanna leis seo, tabhair tuairisc ar aon ghníomh maolaithe a rinneadh, agus tabhair an t-amchlár athbhreithnithe.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

Cuir isteach sa Tábla thíos sonraí na ngníomhartha sonracha náisiúnta go léir a cuireadh chun feidhme sa chlár. Ba cheart go mbeadh an tuairisciú ar ghníomhartha sonracha trasnáisiúnta comhsheasmhach leis an rogha tuairiscithe arna roghnú (11).

Cuspóir Sonrach

Ainm/uimhir thagartha an ghnímh

Tairbhí

Tréimhse Chur chun Feidhme

Costais incháilithe (12)

Caiteachas incháilithe (13)

Dul chun cinn maidir leis na táscairí coiteanna agus/nó táscairí clár-shonracha ábhartha (14)

Aschur

Toradh

 

 

 

 

 

 

 

 

1.6.   Comhlíonadh le hAirteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2021/1149

Tuairiscigh an mhéid carnach iomlán den chaiteachas tabhaithe agus íoctha ar threalamh, ar mhodhanna iompair nó ar thógáil saoráidí a bhaineann le slándáil de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2021/1149, de réir na sonraí atá le stóráil go leictreonach i gcomhréir le réimse 142, Iarscríbhinn XVII de Rialachán (AE) 2021/1060.

Cuir isteach an méid anseo

Deimhnigh nach bhfuil costas iomlán carnach incháilithe na n-oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta do threalamh, modhanna iompair nó tógáil saoráidí a bhaineann le slándáil de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2021/1149 níos mó ná 35 % den leithdháileadh iomlán den chlár faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, nó mínigh na cúiseanna leis sin. Ina theannta sin, má tá riosca ann go sárófar an tairseach faoi dheireadh na clárthréimhse, tabhair tuairisc ar na bearta atá beartaithe chun é a mhaolú, nó ar na cúiseanna cuí-réasúnaithe chun an tairseach a shárú.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 3 000 carachtar

1.7.   In 2024 amháin: Leanúint de thionscadail — Airteagal 34(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/1149

Tuairiscigh ar aon tionscadail ar leanadh ar aghaidh tar éis an 1 Eanáir 2021 a roghnaíodh agus ar cuireadh tús leo faoi Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

2.   COMHLÁNTACHT

2.1.   Comhlántacht le cistí eile de chuid an Aontais — Airteagal 30(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc ar an gcomhlántacht agus, más ábhartha, ar na sineirgí idir na gníomhartha a fhaigheann tacaíocht ón gciste agus an tacaíocht a sholáthraíonn cistí eile de chuid an Aontais i réimse na slándála, mar shampla:

an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF), lena n-áirítear an Ionstraim um Bainistiú Teorann agus Víosaí (BMVI) agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim;

na cistí comhtháthaithe, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE);

an chuid taighde slándála de Fís Eorpach;

an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas;

an clár don Eoraip Dhigiteach;

an Clár InvestEU;

an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil;

stoc-charn rescEU;

an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) — an Eoraip Dhomhanda; agus

an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

Tabhair aird ar leith ar:

comhlántacht le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais maidir le gníomhartha a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, lena leagtar béim ar na gnéithe atá comhsheasmhach le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta bheartas seachtrach an Aontais; agus

sásraí cumasúcháin a úsáid, amhail socruithe eagraíochtúla agus nós imeachta a chuidíonn le comhlántacht a bhaint amach, agus, más ábhartha, sineirgí, agus le haon ghníomh a dhéantar chun iad a fheabhsú i rith na bliana cuntasaíochta.

Más ábhartha, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas freisin:

comhlántacht na ngníomhartha a chuirtear i gcrích ó thaobh comhar idirghníomhaireachta a neartú (17);

sineirgí i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, an chibearshlándáil, cosaint íospartach, agus cosc an radacaithe.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 6 000 carachtar

2.2.   Trealamh ilchuspóireach agus córais TFC — Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc go hachomair ar na hoibríochtaí ábhartha a bhaineann le trealamh agus córais TFC a ceannaíodh laistigh den chlár agus a úsáidtear go páirteach sa réimse comhlántach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1148 agus chun cuspóirí na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí a bhaint amach. Cuir in iúl an áit/na háiteanna inar úsáideadh an trealamh ilchuspóireach agus na córais TFC.

Maidir le trealamh, cuir faisnéis ar fáil freisin maidir leis an tréimhse inar úsáideadh é i réimsí comhlántacha na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 3 000 carachtar

I gcás córais faisnéise de chuid an Aontais a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1149 a fhreastalaíonn freisin ar chuspóirí Rialachán (AE) 2021/1148 (ilchuspóireach) nó ar ghníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi chreat dlíthiúil idir-inoibritheachta AE, (18) líon isteach an tábla thíos.

Cuspóir Sonrach

Ainm na hoibríochta

Tairbhí na hoibríochta

Cuspóir na hoibríochta

Tréimhse cur chun feidhme

Ráta cómhaoinithe

Costais incháilithe (19)

Caiteachas incháilithe (20)

 

 

 

 

 

 

 

 

3.   CUR CHUN FEIDHME ACQUIS AN AONTAIS — AIRTEAGAL 30(2), POINTE (d), DE RIALACHÁN (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc ar an gcaoi, le linn na bliana cuntasaíochta, a gcuidigh an clár le cur chun feidhme acquis ábhartha an Aontais (comhlacht dhlí an Aontais) maidir le slándáil agus malartú faisnéise ábhartha, agus le haon phlean gnímh ábhartha.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

4.   CUMARSÁID AGUS INFHEICTHEACHT — AIRTEAGAL 30(2), Pointe (e), DE RIALACHÁN (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh gníomhartha cumarsáide agus infheictheachta i gcrích le linn na bliana cuntasaíochta. Déan tagairt go háirithe d’aon dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí atá leagtha amach sa straitéis chumarsáide, arna dtomhas ag na táscairí ábhartha agus ag a gcuid spriocanna. Más ábhartha, tabhair tuairisc ar aon dea-chleachtas maidir le dul i dteagmháil leis na spriocghrúpaí agus/nó torthaí na dtionscadal a scaipeadh agus leas a bhaint astu.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

Cuir nasc chuig an tairseach suímh ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060 ar fáil, agus, más éagsúil, chuig an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán sin.

 

5.   COINNÍOLLACHA CUMASÚCHÁIN AGUS PRIONSABAIL CHOTHROMÁNACHA

5.1.   Coinníollacha Cumasúcháin — Airteagal 30(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar áirithíodh gur comhlíonadh na coinníollacha cumasúcháin is infheidhme in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/1060 agus gur cuireadh i bhfeidhm iad le linn na bliana cuntasaíochta, go háirithe maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Más ábhartha, tabhair tuairisc ar aon athrú a raibh tionchar aige ar an gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha cumasúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

5.2.   Comhlíonadh leis na prionsabail chothrománacha — Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/1060

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar chinntigh tú gur comhlíonadh na prionsabail chothrománacha a leagtar síos sa Rialachán maidir le Soláthar Coiteann le linn na bliana cuntasaíochta, go háirithe comhionannas idir fir agus mná agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn, chomh maith le hidirdhealú a sheachaint, bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

6.   TIONSCADAIL I DTRÍÚ TÍORTHA NÓ I NDÁIL LEO — AIRTEAGAL 30(2), POINTE (G), DE RIALACHÁN (AE) 2021/1149

Tabhair tuairisc ar aon ghníomh a bheidh ar siúl i dtríú tíortha nó i ndáil leo le linn na bliana cuntasaíochta agus conas a thugann siad sin breisluach don Aontas maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos ag an gciste a bhaint amach. Sonraigh ainmneacha na dtríú tíortha lena mbaineann. Más ábhartha, déan tagairt do na comhairliúcháin leis an gCoimisiún sular formheasadh an tionscadal (Airteagal 13(11) de Rialachán (AE) 2021/1149).

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 6 000 carachtar

7.   ACHOIMRE — AIRTEAGAL 30(2) DE RIALACHÁN (AE) 2021/1149

Tabhair achoimre ar ailt 1 go 6, a aistreofar agus a chuirfear ar fáil don phobal.

Ar a laghad, ní mór go gcumhdófaí san achoimre na pointí go léir atá liostaithe in Airteagal 30(2), agus b’fhearr go mbeadh sé struchtúrtha timpeall orthu.

Spreagtar úsáid a bhaint as pointí urchair, téacs trom nó ceannteidil faisnéiseach, ionas gur féidir le geallsealbhóirí leasmhara príomh-éachtaí an chláir agus na príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar a fheidhmíocht a shainaithint go héasca.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 500 carachtar


(1)  Tagraíonn sé seo don chás ina bhfuil bearna idir an spriocráta gnóthachtála ainmniúil arna thomhas ag na táscairí agus an dul chun cinn iarbhír maidir leis an gcur chun feidhme. Mar shampla, d’fhéadfadh tearcthuairisciú a dhéanamh ar aschuir agus ar thorthaí mar gheall ar shaincheisteanna le forbairt an chórais TF, oibríochtaí leanúnacha nach bhfuil aschur agus torthaí tuairiscithe fós ina leith, saincheisteanna le bailiú sonraí as a dtagann tuairisciú mall nó neamhiomlán, srl.

(2)  Tagraíonn sé seo do chás nach bhfuil an ráta gnóthachtála sprice ísle de bharr dul chun cinn mall ach go bhfuil sé ann de bharr socrú sprice mícheart nó neamhréadúil. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis ceachtanna a foghlaimíodh maidir le modheolaíocht a bhunú chun spriocanna a shocrú — amhail toimhdí míchearta nó neamhiomlána nó saincheisteanna leis na luachanna tagarmharcála a roghnaíodh — agus aon athrú atá beartaithe uirthi.

(3)  Mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta tairisceana, saincheisteanna le nósanna imeachta iniúchta, saincheisteanna a bhaineann le heaspa acmhainní ar leibhéal an údaráis bhainistíochta, moill gan choinne maidir le glacadh an chláir, srl.

(4)  D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo, mar shampla, tosca socheacnamaíocha nó polaitiúla, athruithe ar an gcomhthéacs rialála, srl.

(5)  Mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le raon feidhme na gníomhaíochta (e.g. critéir incháilitheachta), ús íseal ó thairbhithe nó ó rannpháirtithe, aon imeacht i gcur chun feidhme na gníomhaíochta srl.

(6)  Más ábhartha chun na críche sin, déan tagairt do na moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta, amhail: (i) sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh an Choiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um mheastóireacht agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27), agus Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1); nó (ii) sásraí eile rialaithe cáilíochta agus meastóireachta, de réir mar is infheidhme.

(7)  I gcás gníomhartha sonracha de chineál trasnáisiúnta, braitheann raon feidhme na roinne ar dháileadh na ról agus na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit ceannais agus na Ballstáit rannpháirteacha eile, chomh maith le rogha an mhodha tuairiscithe. Tugtar tuairisc air seo i nóta ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 - Gníomhartha sonracha trasnáisiúnta faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI), agus an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF). — Socruithe idir comhpháirtithe (Ares (2022)1060102).

(8)  Sainmhínítear breisluach an Aontais mar thorthaí a ghiniúint thar an méid a bheadh bainte amach ag Ballstáit ag gníomhú dóibh féin.

(9)  Mar shampla, maidir le gníomhaíochtaí soláthair nó le haon bheart ullmhúcháin eile a glacadh.

(10)  Mar shampla, i dtéarmaí táirgí insoláthartha, aschuir, torthaí srl.

(11)  Mar atá leagtha amach i nóta ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 (Ares (2022)1060102).

(12)  Costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí roghnaithe, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(13)  Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú ag na tairbhithe don údarás bainistíochta, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(14)  Más ionann gníomhaíochtaí sonracha agus breisiú ar oibríochtaí roimhe seo agus nach bhfuil aon socrú tiomanta faireacháin ann, tuairiscigh an t-aschur agus na torthaí pro-rata.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(17)  Ar nós comhar ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le comhar ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás inniúil laistigh de gach Ballstát.

(18)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(19)  Costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí roghnaithe, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(20)  Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú ag na tairbhithe don údarás bainistíochta, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.